AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.3.2025
COM(2025) 88 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Bunscileanna
Plean Gníomhaíochta um Bunscileanna
1. Cén fáth ar gá dúinn gníomhú
Tosaíonn iomaíochas agus comhtháthú sóisialta na hEorpa le bunscileanna láidre. Tá bunscileanna mar bhonn agus mar thaca ag inniúlachtaí eile, amhail an chruthaitheacht agus an smaointeoireacht chriticiúil, chomh maith le foghlaim, uas-sciliú agus athsciliú sa bhreis i measc daoine fásta. Tá siad ríthábhachtach don nuálaíocht, chun eolas nua a ghiniúint agus chun é a chur in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú. Inniúlacht i scileanna léitheoireachta, uimhearthachta agus eolaíochta, agus i scileanna digiteacha agus saoránachta chomh maith , tá an inniúlacht sin ríthábhachtach chun go dtiocfadh forbairt ar dhuine mar dhuine aonair, chun dul i ngleic le castachtaí an tsaoil laethúil agus le margadh fostaíochta atá ag athrú go tapa agus chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, sa saol daonlathach agus sa gheilleagar. Tá bunscileanna ina mbunchloch maidir le daoine aonair a bheith ina saoránaigh neamhspleácha atá níos eolaí agus ullmhaithe, rannpháirteach agus gníomhach, rud a rannchuidíonn lenár ndaonlathas agus bunluachanna a chosaint i gcomhthéacs deighilt pholaitiúil atá ag dul i méid, muinín in institiúidí atá ag creimeadh agus ionramháil mhéadaithe ar fhaisnéis. Ní caillteanas don duine aonair amháin atá i gceist leis na scileanna sin a chailliúint, ach caillteanas dár sochaithe Eorpacha.
Tá an iomarca tíortha san Aontas ag dul i ngleic le leibhéil laghdaithe bunscileanna i measc daltaí le blianta fada anuas. Bíonn duine as gach triúr atá 15 bliana d’aois ag streachailt an mhatamaitic a thuiscint agus a chur i bhfeidhm i gcásanna sa saol mór agus i dtimpeallachtaí foghlama, agus teipeann ar dhuine as gach ceathrar téacsanna bunúsacha a thuiscint nó eolas simplí eolaíoch a chur i bhfeidhm. I gcomparáid le Ceanada, leis an tSeapáin, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe, tá ráta feidhmíochta níos ísle ag an Aontas sa léitheoireacht agus san eolaíocht, agus tá sé ar an dara ráta is ísle sa mhatamaitic, rud atá ina bhagairt thromchúiseach ar chumas nuálaíochta agus ar iomaíochas fadtéarmach an Aontais. Tosaíonn fadhbanna go luath, agus an iomarca daltaí bunscoile ag streachailt, agus gan mórán ag baint barr feabhais amach sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Ní éiríonn go maith le 43 % ar a laghad de dhaltaí i ngrád a hocht maidir le bunscileanna digiteacha agus léiríonn formhór na dtíortha meath nó feabhas ar bith i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. I gcomparáid leis an leibhéal domhanda, tá an tAontas go mór chun deiridh ar na geilleagair is fearr feidhmíocht san Áise. Thairis sin, tháinig laghdú ar an eolas sibhialta atá ag daltaí san ochtú grád i roinnt tíortha san Aontas ó 2016 go 2022.
Is cúis imní iad na bunscileanna neamhleora sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus i measc daoine fásta chomh maith. Tá an bhearna idir mic léinn an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus iad siúd san oideachas meánscoile ginearálta le sonrú sa mhatamaitic agus sa léitheoireacht. Cuireann sé sin leis an nganntanas leanúnach céimithe cáilithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i ngairmeacha áirithe ETIM. Bíonn duine fásta as gach cúigear in aois oibre san Aontas ag streachailt leis an léitheoireacht agus leis an scríbhneoireacht, agus tá an bhearna sna bunscileanna idir na daoine fásta is measa atá ag cruthú agus na daoine fásta is fearr atá ag cruthú tar éis leathnú laistigh de thíortha. Cé go dteastaíonn bunscileanna digiteacha ar a laghad le haghaidh 90 % de na poist uile, níl an leibhéal scileanna digiteacha sin nó leibhéal níos airde ná sin ach ag 56 % de dhaonra fásta an Aontais – rud atá i bhfad faoi bhun sprioc 80 % do 2030.
Ní mór do na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh i scileanna bunúsacha. In 2024, ghlac an Chomhairle, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, moltaí tírshonracha do 15 Bhallstát de chuid an Aontais chun leibhéil na mbunscileanna a fheabhsú. Freagraítear sa Phlean Gníomhaíochta seo ar an laghdú atá ag teacht ar fheidhmíocht i mbunscileanna i measc daltaí agus foghlaimeoirí fásta agus ar na héilimh go gcuirfí béim níos mó ar bhunscileanna i dtuarascálacha Draghi agus Letta, ina gcuirtear i dtábhacht an gá atá le díriú ar na céimeanna uile den oideachas agus ar na glúnta uile, agus freisin i gcomhthéacs lucht saothair atá ag laghdú mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha.
Is príomhthionscnamh de chuid Aontas na Scileanna é an plean agus comhlánaíonn sé an Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM. Moltar ann céimeanna nithiúla gearrthéarmacha agus meántéarmacha don Aontas agus do na Ballstáit chun réitigh a chur ar fáil chun bunscileanna a fheabhsú agus barr feabhais a chur chun cinn, ó na luathbhlianta go dtí an t‑oideachas scoile agus an fhoghlaim aosach.
2. An tacar bunscileanna
|
Litearthacht
|
An cumas tuiscint, úsáid, meastóireacht, machnamh ó bhéal agus i scríbhinn a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ábhair amhairc, fuaime agus dhigiteacha thar dhisciplíní agus comhthéacsanna.
|
|
Matamaitic
|
An cumas réasúnaíocht a dhéanamh go matamaiticiúil agus an mhatamaitic a fhoirmliú, a úsáid agus a léirmhíniú chun fadhbanna a réiteach i gcásanna sa domhan mór agus breithiúnais agus cinntí a bhfuil bunús maith leo a dhéanamh bunaithe ar shonraí.
|
|
Eolaíocht
|
An cumas dul i ngleic le saincheisteanna agus smaointe a bhaineann leis an eolaíocht mar dhuine aonair machnamhach. Chuige sin, tá gá le scileanna amhail feiniméin a mhíniú go heolaíoch, fiosrúcháin eolaíocha a mheas agus a dhearadh, agus sonraí agus fianaise a léirmhíniú.
|
|
Digiteach
|
Rannpháirtíocht mhuiníneach, chriticiúil agus fhreagrach le teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh foghlama, oibre agus rannpháirtíochta sa tsochaí. Áirítear leis sin litearthacht faisnéise, cumarsáid, litearthacht sna meáin, cruthú ábhair dhigitigh, sábháilteacht ar líne agus folláine dhigiteach.
|
|
Saoránacht
|
An cumas gníomhú go freagrach agus páirt iomlán a ghlacadh sa saol sibhialta, bunaithe ar thuiscint ar struchtúir shóisialta, eacnamaíocha, dhlíthiúla agus pholaitiúla. Is éard atá i gceist leis sin tuiscint agus meastóireacht ar choincheapa, institiúidí agus próisis shibhialta agus dhaonlathacha, lena n‑áirítear an daonlathas, litearthacht sna meáin, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus urraim do dhaoine eile agus saoirse cainte.
|
Foinse: ECFE: PISA 2022 Assessment and Analytical Framework, PISA 2018 Assessment and Analytical Framework agus PISA 2015 Assessment and Analytical Framework (don litearthacht, don mhatamaitic agus don eolaíocht); Moladh 2018 ón gComhairle maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (don réimse digiteach agus don tsaoránacht); IEA (2023), International Computer and Information Literacy Study (don réimse digiteach); IEA (2022), International Civic and Citizenship Education Study (don tsaoránacht).
Is iad na bunscileanna bunchloch na bpríomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Is éard atá i gceist le leibhéil fhoriomlána na mbunscileanna a ardú barrfheidhmíocht a mhéadú, agus a áirithiú go bhfágfaidh gach foghlaimeoir, lena n‑áirítear iad siúd faoi mhíchumas agus ó chúlra faoi mhíbhuntáiste, an scoil agus bunscileanna leordhóthanacha acu agus go sroichfidh daoine fásta leibhéal leordhóthanach inniúlachta.
Tá an litearthacht ina bunchloch don fhoghlaim ar fad. Cinneann luathfhorbairt teanga cumas léitheoireachta sa todhchaí go mór, ach tosaíonn níos mó agus níos mó leanaí ar scoil le hinniúlacht theoranta ina dteanga dhúchais nó i dteanga na scolaíochta. Tá an léitheoireacht ag aistriú ó théacsanna traidisiúnta fada atá bunaithe ar pháipéar go dtí ábhar digiteach giorraithe, rud a laghdaíonn réimse aire an léitheora. Ní mór do chórais oideachais machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag meáin éagsúla ar fhorbairt na litearthachta, agus ag an am céanna, rannpháirtíocht le téacsanna níos casta a chur chun cinn go gníomhach chun an litearthacht a chothú.
Tá scileanna matamaitice fíor-riachtanach don saol laethúil inár ndomhan ina bhfuil an t‑uafás teicneolaíochta. Tá siad ina mbunús le smaointeoireacht loighciúil agus theibí. Na scileanna sin, lena n‑áirítear an litearthacht airgeadais, cuireann siad ar a gcumas do dhaoine aonair cinntí eolacha a dhéanamh bunaithe ar shonraí, agus cuidíonn siad leo cur chuige tomhaiste a fhorbairt maidir le riosca a ghlacadh agus saoránaigh a chumhachtú cinntí airgeadais eolacha a dhéanamh ar feadh an tsaoil, chomh maith le feabhas a chur ar a n‑ionchais sa mhargadh saothair. D’fhéadfadh glacadh íseal maidir le staidéir agus gairmeacha ETIM a bheith mar thoradh ar dhrochinniúlacht. Mar thoradh ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht, sa taighde oideachais agus i riachtanais na sochaí, tá níos mó béime á leagan ar chumais réitithe fadhbanna agus ar scileanna smaointeoireachta criticiúla na bhfoghlaimeoirí, rud a spreagann iad chun coincheapa matamaiticiúla a thuiscint agus a chur i bhfeidhm, seachas díreach foirmlí a chur de ghlanmheabhair. Leis an méadú atá ag teacht ar úsáid uirlisí digiteacha sa mhatamaitic, leagtar béim ar an nasc méadaitheach idir an litearthacht mhatamaiticiúil agus an litearthacht dhigiteach.
Tá scileanna eolaíochta fíor-riachtanach don smaointeoireacht chriticiúil agus do réiteach fadhbanna agus is iad an bhunchloch iad d’oideachas agus gairmeacha ETIM níos fearr. Nuair a dhéantar smaointeoireacht agus cumais eolaíochta a fhorbairt go luath, éascaítear dul chun cinn níos déanaí sna réimsí straitéiseacha seo. Tá gá le litearthacht eolaíochta láidir freisin chun go n‑éireoidh leis an aistriú glas. Ina theannta sin, i ré na hionramhála ar fhaisnéis atá ag síormhéadú, tá sé ríthábhachtach do dhaoine aonair scileanna láidre eolaíochta a fhorbairt chun meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis, fíric a scaradh ón bhficsean agus conclúidí fianaisebhunaithe a tharraingt. Ba cheart forbairtí teicneolaíocha a léiriú san oideachas eolaíochta, chomh maith le béim a leagan ar idirdhisciplíneacht, ar smaointeoireacht chriticiúil agus ar réiteach fadhbanna trí fhoghlaim bunaithe ar fhiosrú agus ar dhúshláin sa saol mór.
Coincheap níos leithne de bhunscileanna
Tá sé fíor-riachtanacha an tacar bunscileanna a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ár sochaithe agus ár ngeilleagar atá ag athrú go tapa. De réir mar a théann an teicneolaíocht i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar an saol agus ar an obair, tá sé ríthábhachtach an tosaíocht chéanna a thabhairt do scileanna digiteacha agus a thugtar do scileanna eile. An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach scileanna saoránachta a chothú go luath chun luachanna daonlathacha a neartú agus a chaomhnú.
Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach sa tsochaí nua-aimseartha agus sa saol laethúil. Tá ról lárnach acu freisin maidir le hardscileanna ETIM níos mó a fhorbairt, ar scileanna iad atá ríthábhachtach don iomaíochas, agus tá litearthacht sna meáin ríthábhachtach don tsaoránacht ghníomhach eolasach. Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le scileanna i réimsí amhail an chibirfheasacht, an intleacht shaorga, an mheaisínfhoghlaim agus mórshonraí. Ina theannta sin, tá an chianobair agus an chianfhoghlaim tar éis ionchais a ardú maidir le hinniúlacht in uirlisí comhair dhigitigh, lena n‑áirítear cumarsáid éifeachtach agus shábháilte ar líne.
Tá scileanna saoránachta agus eolas sibhialta fíor-riachtanach chun rannpháirtíocht ghníomhach i sochaithe daonlathacha a chothú ach níl siad forbartha go cothrom i ngach áit. Mar gheall ar dhul chun cinn tapa teicneolaíoch mar aon le polarú atá ag dul i méid agus scaipeadh na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise, tá sé níos tábhachtaí ná riamh scileanna saoránachta a chothú go luath. Léiríonn mic léinn ar mná iad eolas sibhialta níos airde go seasta ná fir, agus bíonn scór i bhfad níos fearr ag mic léinn ó chúlraí a bhfuil stádas socheacnamaíoch níos airde acu. Trí mhachnamh neamhspleách a dhéanamh, próisis dhaonlathacha a thuiscint, urraim a thabhairt don éagsúlacht agus a bheith ar an eolas faoin inbhuanaitheacht, tugtar de chumhacht do dhaoine páirt iomlán a ghlacadh sa saol sibhialta agus sóisialta agus a gcearta agus a bhfreagrachtaí a fheidhmiú.
3. Réimsí fócais chun forbairt bunscileanna a fheabhsú
Tá gá le hiarrachtaí práinneacha chun dul i ngleic leis an meath scanrúil i bhforbairt bunscileanna. Tá an tAontas ag bogadh níos faide óna sprioc maidir le níos lú ná 15 % de dhaoine 15 bliana d’aois nach bhfuil ag éirí go maith leo ó thaobh bunscileanna de. Tá sé ríthábhachtach díriú ar na tosca criticiúla a spreagann an meath agus ar uirlisí láidre beartais chun athrú fóinteach agus feabhsú tapa a áirithiú.
Is é an cúlra socheacnamaíoch an réamhtháscaire is láidre i gcónaí ar fheidhmíocht an mhic léinn. Tá tearcghnóthachtáil sa litearthacht, sa mhatamaitic agus sna heolaíochtaí thar a bheith ard i measc mic léinn faoi mhíbhuntáiste (e.g. 48 % sa mhatamaitic), agus tá an bhearna shocheacnamaíoch ag leathnú i gcónaí, i scileanna digiteacha freisin. Tá mic léinn a mbaineann cúlra imirceach leo nó atá faoi mhíchumas an-leochaileach. I roinnt mhaith tíortha san Aontas, rinne paindéim COVID-19 rudaí níos measa ó thaobh neamhionannas oideachasúil de agus chuir sí isteach go mór ar fholláine na mac léinn, rud a dhéanann difear díreach dá spreagadh agus dá gcumas foghlama. Tá gá le hiarrachtaí breise chun bunscileanna a neartú agus cothromas agus folláine a chur chun cinn trí athdhéanamh grád a choinneáil chomh híseal agus is féidir, moill a chur ar rianú curaclaim agus grúpáil cumais a theorannú.
Tá tionchar diúltach ag géarghanntanais múinteoirí agus oiliúnóirí, go háirithe in ábhair ETIM, ar thorthaí foghlama. Tá an lucht saothair teagaisc ag dul in aois, de réir mar a théann níos lú múinteoirí isteach sa ghairm. Tá an ghairm neamhtharraingteach i bhformhór tíortha san Aontas agus ar fud críocha faoi mhíbhuntáiste. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta beartais chun feabhas a chur ar oiliúint múinteoirí, chun tarraingteacht na gairme a ardú agus chun a áirithiú go bhfaighidh múinteoirí nua an tacaíocht a theastaíonn uathu, lena n‑áirítear chun aghaidh a thabhairt ar thearcghnóthachtáil.
Tá baol mór ann do rath na mac léinn, go háirithe i measc mac léinn faoi mhíbhuntáiste, mar gheall ar an laghdú ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí le blianta beaga anuas. Léiríonn PISA go bhfuil timpeallachtaí tacúla baile ríthábhachtach chun dearcthaí dearfacha na mac léinn i leith na scoile a chothú. Tá feidhmíocht níos fearr feicthe ag córais oideachais a choinnigh nó a mhéadaigh rannpháirtíocht tuismitheoirí, e.g. tuismitheoirí a phléigh dul chun cinn a linbh le múinteoir ar a dtionscnamh féin, go háirithe sa mhatamaitic.
Tá ábhar seachráin digiteach ag teacht chun cinn mar bhagairt mhór ar fheidhmíocht acadúil. Is ábhar imní ar leith é tionchar forleathan na meán sóisialta: is minic a tharraingíonn gléasanna digiteacha aird thart ar 30 % de mhic léinn i dtíortha ECFE le linn ceachtanna matamaitice, rud a théann i bhfeidhm go mór ar fheidhmíocht acadúil agus ar fholláine araon. Cé gur féidir feabhas a chur ar fheidhmíocht an mhic léinn trí theicneolaíocht a chomhtháthú go héifeachtach trí úsáid mheasartha a bhaint as acmhainní digiteacha chun críoch foghlama, d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag ró-úsáid agus ba cheart ábhar seachráin digiteach a íoslaghdú.
Is minic a thagann tosaíocht d’fhorbairt bunscileanna salach ar churaclaim ró-ualaithe. I roinnt mhaith córas, leathnaíodh curaclaim go rialta mar fhreagairt ar éilimh shochaíocha nua, rud a fhágann go ndéantar faillí ar bhunscileanna. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir leithead an churaclaim agus díriú ar bhunscileanna chun torthaí oideachais a fheabhsú.
Tá tionchar ag difríochtaí idir na hinscní ar thorthaí foghlama. Éiríonn níos fearr le cailíní ná buachaillí sa léitheoireacht agus is dóichí ná a mhalairt go n‑éireoidh níos fearr leo i dtíortha uile an Aontais. Is iondúil go n‑éiríonn níos fearr leis na buachaillí sa mhatamaitic, áfach. Is féidir ról nach beag a bheith ag ionchais shochaíocha agus steiréitíopaí inscne, rud a fhágann go mbíonn difríochtaí idir na hinscní ann maidir le hionchais ghairme agus go n‑imrítear tionchar ar dhearcthaí ábharshonracha, ar spreagadh agus ar fheidhmíocht acadúil. Ina theannta sin, is féidir le stíleanna teagaisc agus timpeallachtaí seomra ranga dul i bhfeidhm ar bhuachaillí agus ar chailíní ar bhealach difriúil, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le cineálacha cur chuige teagaisc atá íogair ó thaobh inscne de.
Tá éagsúlacht mhór idir rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige ardcháilíochta ar fud na dtíortha agus laistigh díobh. Tá iarmhairtí móra aonair agus sochaíocha aige sin, go háirithe do leanaí faoi mhíbhuntáiste. Tá ganntanais foirne, forbairt ghairmiúil neamhleor agus drochdhálaí oibre fós ina ndúshláin phráinneacha, go háirithe i gcríocha faoi mhíbhuntáiste. Tá an ceathrú cuid de chórais oideachais na hEorpa fós gan curaclam náisiúnta le haghaidh obair oideolaíoch le leanaí óga. Tá taithí luath ríthábhachtach, go háirithe chun scileanna sochmhothúchánacha a fhorbairt, ar scileanna iad atá riachtanach don athléimneacht, don fholláine, don spreagadh, do thorthaí foghlama agus don chumas foghlama ar feadh an tsaoil. Tá deacrachtaí sochmhothúchánacha i measc leanaí á gcur in iúl níos mó ná riamh, áfach, agus tá fadhbanna airde agus drochrialú ríge ag cur isteach níos mó agus níos mó ar ullmhacht na scoile.
Sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, tá tionchar diúltach ag ganntanais acmhainní agus teorainneacha curaclaim ar fhorbairt bunscileanna. Is minic a roghnaíonn mic léinn tearcfheidhmíochta cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ina bhfuil curaclaim a thugann tús áite do scileanna gairme thar bhunscileanna, nó cuirtear sa treo sin iad. Is minic a bhíonn níos lú acmhainní ag scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna, lena n‑áirítear maoiniú, múinteoirí cáilithe agus acmhainní teicneolaíochta agus ní bhíonn siad dírithe ar bhearnaí i mbunscileanna a leigheas.
Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le bunscileanna do dhaoine fásta, ní mór na grúpaí ‘is deacra teagmháil a dhéanamh leo’ a bhaint amach go rathúil, ar grúpaí iad atá i mbaol mór eisiaimh. Bhí drochthaithí ag go leor de na daoine fásta sin ar fhoghlaim sa scoil, rud a d’fhág ‘éifeacht scáfar’, nó bíonn míbhuntáistí iomadúla rompu. Le leibhéal íseal rannpháirtíochta daoine fásta atá ar bheagán cáilíochtaí, faoi mhíbhuntáiste agus dífhostaithe i ngníomhaíochtaí foghlama, leagtar béim ar an ngá atá le beartais dhea-cheaptha chun tacú leo siúd is mó atá i mbaol eisiaimh ón margadh saothair. Is minic a ghlacann beartais rathúla cur chuige iomlánaíoch, lena dtugtar le chéile seirbhísí ildisciplíneacha chun tacú le daoine, lena n‑áirítear tithíocht, sláinte, seirbhísí fostaíochta agus tacaíocht do thuismitheoirí nó do chúramóirí
.
4. Dul i ngleic leis na bunchúiseanna
Tá gá le hiarrachtaí práinneacha chun tacú leis an 18 milliún dalta nach n‑éiríonn go maith leo agus leis an 47.7 milliún duine fásta ar bheagán cáilíochtaí (idir 25-64 bliana d’aois) san Aontas. Go dtí seo, thacaigh treoraíocht bheartais, deiseanna comhair, cistiú agus tacaíocht theicniúil go comhsheasmhach leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar cháilíocht agus cothromas na gcóras oideachais agus oiliúna agus bunscileanna a chur chun cinn. Rinneadh roinnt dul chun cinn mar thoradh ar an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Uas-Scilithe, ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar bhealach níos éifeachtaí. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile, soláthraíodh creat beartais le haghaidh gníomhaíochta. Cuirtear i dtábhacht ann cineálacha cur chuige uilescoile, tacaíocht spriocdhírithe, timpeallachtaí foghlama tacúla agus an fholláine ar scoil. Mar sin féin, ní mór níos mó a dhéanamh, ag díriú ar thrí phríomhréimse:
I.Teagasc agus foghlaim bunscileanna a threisiú.
II.Tacaíocht a thabhairt d’oideoirí.
III.timpeallachtaí tacaíochta a chumasú.
4.1. Príomhghníomhaíocht: Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú.
Is é is aidhm don Scéim Tacaíochta um Bunscileanna aghaidh a thabhairt ar easnaimh maidir le bunscileanna i measc leanaí. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus réigiúin chun an chonair cheart a shainmhíniú le chéile ionas gur féidir le gach leanbh leibhéal leormhaith bunscileanna a bhaint amach faoi dheireadh na scolaíochta éigeantaí. Leis an Scéim Tacaíochta, mholfaí creat de bhearta éifeachtacha, lena ndíreofaí ar luath-idirghabháil agus ar thacaíocht aonair shaincheaptha, ón scoil go dtí an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh.
Chun an Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú, díreofar ar bhearta cruthaithe, agus iad á gcur in oiriúint don staid agus do na riachtanais thírshonracha. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:
·Sásraí sainaitheanta luatha agus faireachán rialta ar an leibhéal náisiúnta, áitiúil agus scoile, lena n‑áirítear measúnú aonair ar bhunscileanna agus tairiscintí cúrsaí oiriúnacha feabhais, go háirithe ag príomhaistrithe i ngairmoideachas dalta, lena n‑áirítear agus é ag aistriú chuig cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna.
·Pleananna feabhsúcháin bunscileanna a fhorbairt ar leibhéal na scoile, lena n‑áirítear am foghlama breise agus tacaíocht phearsantaithe, le cláir teagaisc agus mheantóireachta.
·An litearthacht bhunúsach agus an teagasc i scileanna digiteacha a phríomhshruthú in oideachas tosaigh múinteoirí i ngach ábhar.
·Deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí sa scoil agus sa ghairmoideachas, agus béim á leagan ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus/nó atá faoi mhíchumas; sainróil a chruthú, amhail idirghabhálaithe scoile agus oifigigh idirchaidrimh scoile baile chun comhar idir scoileanna, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus an pobal a neartú.
·Cláir chun tacú le tuismitheoirí foghlaim a leanaí a chur chun cinn agus a spreagadh, arna bhforbairt i gcomhar le hearnálacha eile, amhail sláinte, imirce agus cosaint leanaí.
·Comhpháirtíochtaí agus comhar idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, gníomhaireachtaí oideachais, gairmithe, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile chun nochtadh struchtúrtha agus fíorshaoil a thabhairt do chur chun feidhme éagsúil na mbunscileanna.
|
Gníomhaíocht an Choimisiúin chun Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit
·Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú in 2026.
·Treoirlínte a tharraingt suas do lucht ceaptha beartas in 2025 mar chéim ullmhúcháin don Scéim Tacaíochta Bunscileanna.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·A dhearbhú gur spéis leo oibriú leis an gCoimisiún maidir leis an Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú trí úsáid a bhaint as an gcistiú atá ar fáil ón Aontas.
·Spriocanna náisiúnta a leagan síos do ghnóthachtáil íseal agus don fheidhmíocht is fearr lena ndírítear ar dhaltaí faoi mhíbhuntáiste.
|
4.2 Borradh a chur faoi theagasc agus foghlaim bunscileanna
Trí bhorradh a chur faoi theagasc agus foghlaim bunscileanna, cuirfear feabhas ar rath, ar thorthaí oideachais agus ar fholláine na bhfoghlaimeoirí. Tá sé fíor-riachtanach foghlaim ó scoileanna agus ó chleachtais a bhfuil feabhas maith curtha acu ar bhunscileanna agus ar thorthaí oideachais do scoileanna eile a bhfuil dúshláin rompu ó thaobh feidhmíocht íseal de. Le cineálacha cur chuige nuálacha, tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as IS chun cuidiú, go háirithe le conairí pearsantaithe foghlama agus measúnaithe a dhearadh. Is féidir leis seo dul chun tairbhe dóibh siúd nach n‑éiríonn go maith leo agus iad siúd is fearr araon. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar scileanna láidre litearthachta a fhorbairt a bhfuil dlúthbhaint acu le hinniúlacht i mbunscileanna eile agus atá ina mbunús don fhoghlaim ar fad. Tá sé ríthábhachtach cuidiú le gach foghlaimeoir scileanna litearthachta a fhorbairt, lena n‑áirítear iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus imirceach agus iad siúd atá faoi mhíchumas.
Tá sé dúshlánach daoine fásta a spreagadh chun foghlama de bharr drogaill agus deiseanna teoranta. Is dúshlán an-ghéar é sin a mhéid a bhaineann le bunscileanna a uasghrádú tar éis drochthaithí ar an oideachas tosaigh. Mar sin féin, mar gheall ar luas tapa an athraithe agus toisc go gcaithfidh daoine thart ar cheithre scór bliain sa mhargadh saothair tar éis na scolaíochta foirmiúla, tá sé práinneach bealaí a aimsiú chun teacht ar na grúpaí sin. Mar a leagtar amach in Aontas na Scileanna, tá cur i bhfeidhm na gcuntas foghlama aonair fíor-riachtanach le haghaidh uas-sciliú agus athsciliú daoine fásta, lena n‑áirítear le haghaidh daoine ar bheagán oiliúna. Is é is aidhm don chuntas foghlama aonair a bheith ina theidlíocht uilíoch do na daoine fásta uile, gan beann ar stádas fostaíochta.
|
Gníomhaíocht an Choimisiúin chun teagasc agus foghlaim bunscileanna a threisiú
·Na chéad Chomhghuaillíochtaí Scoileanna Eorpacha a phíolótú trí chlár Erasmus+ in 2026. Cuirfidh sé sin borradh faoin gcomhar straitéiseach Eorpach san oideachas scoile, a fheidhmeoidh mar bhinsí tástála le haghaidh modhanna teagaisc, curaclaim agus creataí inniúlachta nuálacha, go háirithe le haghaidh bunscileanna. Tacóidh na comhghuaillíochtaí le scoileanna rannpháirteacha a bheith ina n‑eagraíochtaí foghlama le haghaidh teagasc éifeachtach bunscileanna, lena n‑áirítear i gcomhar le húdaráis áitiúla.
·Treoirlínte a fhorbairt maidir le forbairt curaclaim in oideachas agus i gcúram na luath-óige, lena dtacaítear le bunscileanna a shealbhú go luath agus lena n‑éascaítear luathbhrath agus luath-idirghabháil moilleanna forbartha.
·Treoirlínte agus dea-chleachtais a fhorbairt maidir leis an measúnú ar scileanna digiteacha san oideachas a chur chun cinn in 2026 chun cuidiú le comparáid a dhéanamh idir caighdeáin na measúnuithe ar scileanna digiteacha i scoileanna ar fud an Aontais.
·Cineálacha cur chuige nuálacha a phíolótú le haghaidh conairí foghlama pearsantaithe i bhforbairt bunscileanna trí chórais intleachta saorga (IS) a úsáid, ag cur le turgnaimh bheartais Erasmus+ 2026, chun tacú le foghlaimeoirí barrfheidhmíochta agus tearcghnóthachtála.
·An Creat Inniúlachta Digití (DigComp) a thabhairt cothrom le dáta in 2025, agus teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga ilchuspóireach á gcur san áireamh, chun tacú le foghlaimeoirí bunscileanna digiteacha agus ardscileanna digiteacha a fhorbairt.
·Treoirlínte a fhorbairt maidir le scileanna bunúsacha sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a fheabhsú trí na nithe seo a leanas: (i) scileanna litearthachta, uimhearthachta, digiteacha agus saoránachta a chomhtháthú i gcuraclaim an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna; (ii) modhanna teagaisc éifeachtacha a úsáid amhail réiteach fadhbanna agus foghlaim chásbhunaithe; (iii) bearta iomchuí measúnaithe agus dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme.
·Sraith straitéisí a chruthú do bhunscileanna, lena n‑áirítear bunscileanna digiteacha, i bprintíseachtaí in 2026 chun treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil do scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna agus d’fhostóirí chun bunscileanna a chomhtháthú ina gcláir phrintíseachta.
|
4.3. Tacaíocht a thabhairt d’oideoirí
Tá oideoirí agus ceannairí scoile ar na leibhéil uile ríthábhachtach chun feabhas a chur ar bhunscileanna. Tá sé ríthábhachtach an teagasc a dhéanamh níos tarraingtí agus dul i ngleic le géarghanntanais chun leibhéil na mbunscileanna a ardú. I bhfianaise an phríomhróil atá ag forbairt na luathbhlianta don fhoghlaim agus don rath ar scoil, ní mór oiliúint a chur ar oideoirí in oideachas agus i gcúram na luath-óige chun tacú le cumarsáid ó bhéal agus le foghlaim shochmhothúchánach leanaí chun bunscileanna a chruthú. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag múinteoirí ar gach leibhéal ar oideachas tosaigh múinteoirí atá bunaithe ar thaighde agus ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach atá saincheaptha do bhunscileanna agus a chothaítear le himeacht ama. Tá infheistíocht i gcóitseáil agus meantóireacht do mhúinteoirí, go háirithe nuair a théann siad isteach sa ghairm, éifeachtach chun a gcleachtas teagaisc a fheabhsú. Ina theannta sin, ní mór do cheannairí scoile iarrachtaí breise a dhéanamh chun an litearthacht agus an t‑oideachas digiteach a chomhtháthú i ngach ábhar.
|
Gníomhaíocht an Choimisiúin chun tacú le hoideoirí
·Clár Oibre an Aontais Eorpaigh le haghaidh Múinteoirí agus Oiliúnóirí a leagan amach in 2026. Díreoidh sé ar dhálaí oibre, oiliúint agus ionchais ghairme oideoirí a fheabhsú, lena n‑áirítear in oideachas agus cúram na luath-óige. Beidh sé d’aidhm aige deireadh a chur leis an bhfáinne fí a bhaineann le tarraingteacht agus inbhuanaitheacht íseal gairmeacha, as ar eascair go háirithe ganntanas múinteoirí ETIM agus laghdú ar bhunscileanna.
·In 2025, pobal nua cleachtais a bhunú d’Acadamh Múinteoirí Erasmus+ — na comhpháirtíochtaí Eorpacha idir institiúidí oideachais múinteoirí agus soláthraithe oiliúna — ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile. Leis an ngníomhaíocht, cothófar comhar i measc 43 Acadamh Múinteoirí Erasmus+ chun eolas ábhartha infheidhme a shainaithint agus a scaipeadh agus chun cleachtais nuálacha a chomhroinnt chun oiliúint ardcháilíochta múinteoirí a mhéadú, lena n‑áirítear maidir le bunscileanna.
·Córas meantóireachta a phíolótú do mhúinteoirí luathghairme i ngach ábhar faoi 2026 chun forbairt bunscileanna a chomhtháthú go héifeachtach ina gcleachtais teagaisc.
·Scáthfhoghlaim a chur chun cinn do lucht ceaptha beartas oideachais trí Erasmus+ in 2026, rud a mhéadóidh a soghluaisteacht foghlama, lena n‑áirítear chuig tíortha a bhfuil scóir arda acu i dtástálacha measúnaithe idirnáisiúnta.
·Pobail ar líne an Aontais a leathnú d’oideoirí (an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile, lena n‑áirítear ríomhnascadh) in 2025, a shroicheann 400 000 000 rannpháirtí, lena gcuirtear deiseanna foghlama gairmiúla níos fearr, uirlisí fianaisebhunaithe, ábhar agus acmhainní ar fáil maidir le teagasc agus measúnú éifeachtach bunscileanna. Ábhar ardcháilíochta a chur ar fáil d’oideoirí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine óga, lena n‑áirítear ábhar a bhaineann leis an gcibearshlándáil, tríd an tionscnamh maidir le hIdirlíon níos fearr do Leanaí.
·Ábhar foghlama ardcháilíochta maidir le scileanna digiteacha a chur chun cinn trí mhúinteoirí a bhíonn ag cleachtadh trí ghníomhaíochtaí Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, lena ndírítear ar 100,000 gníomhaíocht in aghaidh na bliana.
|
4.4. Timpeallachtaí tacúla a chumasú
Tá ról lárnach ag tuismitheoirí, ag teaghlaigh agus ag an bpobal i gcoitinne, lena n‑áirítear fostóirí, maidir le bunscileanna leanaí, daoine óga agus daoine fásta a fhorbairt. Is iad na tuismitheoirí agus teaghlaigh na chéad oideoirí atá ag an leanbh, ag tabhairt isteach teanga, uimhreacha agus noirm shóisialta trí idirghníomhaíochtaí laethúla, ag múnlú forbairt chognaíoch agus mhothúchánach leanaí agus ag cothú nósanna le haghaidh tuilleadh foghlama. Trí pháirt a thabhairt don phobal i gcoitinne (lena n‑áirítear eagraíochtaí don óige, leabharlanna, músaeim, eagraíochtaí cultúrtha agus spóirt, clubanna agus cuideachtaí iarscoile), leathnaítear an fhoghlaim a thuilleadh trí fhoghlaim ó thaithí, úsáidí san fhíorshaol, breathnóireacht ar eiseamláirí agus rochtain ar acmhainní a chur ar fáil. Tá an rannpháirtíocht ilpháirtithe leasmhara sin ríthábhachtach go háirithe i bhfianaise an naisc leanúnaigh idir an cúlra socheacnamaíoch agus torthaí oideachais. Sa Phlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú, i gcreat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach agus sa Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, is tosaíocht é an comhar láidir idir páirtithe leasmhara a chur chun cinn chun tacú leis an gcuimsiú.
Tá cineálacha cur chuige breise ríthábhachtach chun daoine fásta a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama, go háirithe i dtimpeallachtaí eolacha iontaofa (amhail leabharlanna agus ionaid phobail, chultúrtha, spóirt, sláinte agus cuimsithe shóisialta). Is féidir ról tábhachtach a bheith ag an ionad oibre agus ag na seirbhísí poiblí fostaíochta freisin, lena n‑áirítear gairmthreoir shaincheaptha. Tá sé ríthábhachtach bonneagar poiblí leordhóthanach — ionaid, trealamh agus pearsanra iomchuí — a áirithiú chun borradh a chur faoi thionscnaimh áitiúla lena gcruthaítear níos mó deiseanna foghlama maidir le riachtanais daoine fásta ar bheagán oiliúna trí chomhpháirtíochtaí éagsúla.
|
Gníomhaíocht an Choimisiúin chun timpeallachtaí tacúla a chumasú
·Saorálaithe a fhostú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach in 2026 le haghaidh gníomhaíochtaí meantóireachta agus teagaisc do leanaí agus do dhaoine fásta nach bhfuil ag éirí go maith leo mar chuid den snáithe ‘Foirne Saorálaíochta i Réimsí Ardtosaíochta’. Earcóidh an clár grúpa éagsúil oibrithe deonacha chun cúnamh agus spreagadh a thabhairt do leanaí ina bhforbairt acadúil agus shóisialta agus dlúthpháirtíocht idirghlúine á cur chun cinn ag an am céanna trí thaithí na saorálaithe agus na leanaí a ndéanann siad meantóireacht orthu a shaibhriú.
· Comhghuaillíocht litearthachta de chuid an Aontais a sheoladh in 2026, ina mbeidh rialtais, gnólachtaí agus leabharlanna rannpháirteach, chun pobal a chruthú maidir leis an litearthacht, feasacht a mhúscailt faoin ngéarchéim litearthachta agus daoine óga, go háirithe buachaillí, a spreagadh chun léamh mar chaitheamh aimsire.
·Gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú do na Ballstáit maidir le spásanna nuálacha foghlama pobail chun cabhrú le bunscileanna daoine fásta a fhorbairt.
|
5. Conas is féidir linn é a chur i gcrích
Athdhearbhaítear sa Phlean Gníomhaíochta tiomantas agus uaillmhian an Aontais tacú le hoideachas ardcháilíochta do chách. Ag cur leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Uas-Scilithe, ar an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus ar an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile, is é is aidhm dó tacú leis na Ballstáit dlús a chur le hathchóirithe agus dul chun cinn mór a spreagadh i mbunscileanna daoine óga agus daoine fásta chun céim chlaochlaitheach chun cinn a dhéanamh.
Déanfar comhordú i measc na mBallstát a neartú a thuilleadh, lena n‑áirítear trí bhéim bhreise a chur ar bhunscileanna san obair leantach a dhéanfaidh an Seimeastar Eorpach ar athchóirithe oideachais agus scileanna, trí spriocanna straitéiseacha maidir le bunscileanna a leagan síos agus faireachán a dhéanamh orthu ar leibhéal an Aontais agus tríd an bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna a bheidh ann amach anseo.
Déanfar cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh a chomhtháthú i struchtúir rialachais Aontas na Scileanna. De réir mar is ábhartha, cuirfear san áireamh ann moltaí an Bhoird um an Deacáid Dhigiteach maidir le bunscileanna digiteacha, chomh maith le moltaí comhlachtaí ábhartha eile. Faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, leanfaidh sé de leas a bhaint as Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Erasmus+, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, InvestEU agus Fís Eorpach. Leanfaidh cistiú ón Aontas amach anseo de bheith ag tacú le hinfheistíochtaí san oideachas agus i scileanna ar leibhéal an Aontais. Dea-chleachtais, tionscadail phíolótacha agus ceachtanna a foghlaimíodh ar leibhéal an Aontais a ghiaráil, in éineacht le comhordú feabhsaithe le tosaíochtaí beartais Eorpacha, déanfar breisluach na n‑infheistíochtaí in earnálacha atá ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa a uasmhéadú.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar na comhpháirtithe sóisialta an Plean Gníomhaíochta um Bunscileanna a fhormhuiniú agus tacú agus rannchuidiú go gníomhach chun na tionscnaimh atá ann a bhaint amach.