AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.10.2024
COM(2024) 439 final
2024/0241(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh (‘Coiste’) arna bhunú faoi Airteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’). Baineann an seasamh seo leis an gCinneadh ón gCoiste lena mbunaítear Meitheal um Shlándáil an tSoláthair.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
An 1 Feabhra 2020 tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) siar as an Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’).
Leagtar amach na socruithe don tarraingt siar sa Chomhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’). Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus rinneadh foráil ann maidir le hidirthréimhse ar lena linn a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse sin an 31 Nollaig 2020.
Le linn na hidirthréimhse sin, tháinig an tAontas Eorpach, Euratom agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le Comhaontú Trádála agus Comhair, a thug an tAontas i gcrích i gCinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Ó bhí deireadh na hidirthréimhse ann, tá beartais ar leith a bhaineann le fuinneamh á reáchtáil ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe. Rinneadh comhar sa réimse sin sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú faoi Airteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022, cuireadh dlús leis an gcomhar sin, inter alia, maidir le slándáil an tsoláthair. Léiríodh go dtéann an comhar sin chun tairbhe don Aontas Eorpach.
An 16 Bealtaine 2024 ag an tríú cruinniú den Chomhairle Comhpháirtíochta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, mhol an Ríocht Aontaithe Meitheal um Shlándáil an tSoláthair a bhunú chun an comhar sa réimse sin a neartú a thuilleadh. Chuir an Coimisiún Eorpach in iúl go raibh sé oscailte don togra sin.
2.2.An Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh
Le hAirteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh.
Faoi Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh, ina réimse inniúlachta, an méid seo a leanas a dhéanamh:
·faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh agus feidhmiú cuí an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a áirithiú;
·cabhrú leis an gComhairle Comhpháirtíochta i gcomhlíonadh a cúraimí agus, go háirithe, tuairisciú don Chomhairle Comhpháirtíochta agus aon chúram a dhéanamh a shannfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta dó;
·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe, i leith na n‑ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair nó in aon chomhaontú forlíontach nó a bhfuil an Chomhairle Comhpháirtíochta tar éis a cumhachtaí a tharmligean ina leith chuig Coiste Speisialaithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 7(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
·saincheisteanna teicniúla a eascraíonn as cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó as aon chomhaontú forlíontach a phlé;
·fóram a chur ar fáil ina bhféadfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé agus a dtaithí ar an gcur chun feidhme a roinnt;
·meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh; agus
·fóram comhairliúcháin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 738(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh
Le linn an chruinnithe a bheidh aige amach anseo, tá an Coiste le cinneadh a ghlacadh maidir le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair.
Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair fónamh mar fhóram don chomhar, don mhalartú faisnéise, don phlé teicniúil agus don chomhairliúchán frithpháirteach maidir le slándáil an tsoláthair. Níl sé beartaithe go nglacfaidh an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair gníomhartha ná bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
De bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste, a mhéid a bhaineann le cinntí a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo faoin dlí idirnáisiúnta poiblí. Le bunú na Meithle nua um Shlándáil an tSoláthair ag an gCoiste faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, ceanglaítear go mbunóidh an Chomhairle seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas maidir le glacadh an Chinnidh ag an gCoiste.
A luaithe a bhunófar an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair, socróidh sí a rialacha nós imeachta mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2023/2193 ón gComhairle.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú faoi chomhaontú idirnáisiúnta, is é sin an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
An gníomh a iarrtar ar an gCoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
Leis an gcinneadh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don Chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, rud a fhágann nach bhfuil sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí á saothrú leis san am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a bheith san áireamh sa bhunús substainteach dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an chinnidh atá beartaithe leis an bhfuinneamh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(1) CFAE bunús dlí substainteach an Chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gCinneadh atá beartaithe Airteagal 194(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é gurb é cuspóir an chinnidh ón gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh Meitheal um Shlándáil an tSoláthair a bhunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, is iomchuí cinneadh an Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2024/0241 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’). Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
(2)Le hAirteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaíodh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh. Leagtar amach a inniúlachtaí in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(3)Le hAirteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh. De bhun Airteagal 9(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tabharfaidh aon Mheitheal a bhunófar, faoi mhaoirseacht Coiste, cúnamh don Choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sí obair an Choiste sin agus déanfaidh sí aon chúram a shannfaidh an Coiste sin don Mheitheal. Foráiltear le hAirteagal 9(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go socróidh aon Mheitheal a bhunófar a rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a clár oibre féin de chomhthoil.
(4)Is iomchuí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh, de bhun Airteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, Meitheal um Shlándáil an tSoláthair, chun oibriú faoina mhaoirseacht. Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair a rialacha nós imeachta a shocrú mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2023/2193 ón gComhairle agus ba cheart di tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh.
(5)Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i réimse shlándáil an tsoláthair. Ba cheart di fónamh mar fhóram don chomhar, don mhalartú faisnéise, don phlé teicniúil agus don chomhairliúchán frithpháirteach. Cé is moite dá rialacha nós imeachta féin a shocrú, níl sé beartaithe go nglacfaidh an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair gníomhartha ná bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is éard a bheidh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chruinniú den Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh, arna bhunú le hAirteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, formheas a dhéanamh ar an dréacht-Chinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh maidir le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.10.2024
COM(2024) 439 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
CEANGALTÁN
Cinneadh Uimh. x/202x
ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH
ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(l) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an x xxxx 202x
a mhéid a bhaineann le bunú na Meithle um Shlándáil an tsoláthair
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘An Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 8(4)(f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
(2)Le hAirteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh. Leagtar amach a chumhachtaí i leith saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(3)Le hAirteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh.
(4)De bhun Airteagal 9(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tabharfaidh aon Mheitheal a bhunófar, faoi mhaoirseacht Coiste, cúnamh don Choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sí obair an Choiste sin agus déanfaidh sí aon chúram a shannfaidh an Coiste sin don Mheitheal.
(5)Le hAirteagal 9 (3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair foráiltear go mbeidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe ar aon Mheitheal a bhunófar agus go ndéanfaidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe comhchathaoirleacht orthu.
(6)Foráiltear le hAirteagal 9(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go socróidh aon Mheitheal a bhunófar a rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a clár oibre féin de chomhthoil.
(7)Is iomchuí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh, de bhun Airteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, Meitheal um Shlándáil an tSoláthair, chun oibriú faoina mhaoirseacht. Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair a rialacha nós imeachta a shocrú. Ba cheart di tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Bunaítear leis seo an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair.
2. Socróidh sí a rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aici.
Airteagal 2
1. Beidh cruinniú ag an Meitheal nuair a chinnfidh na Comhchathaoirligh amhlaidh, de chomhthoil.
2. Tuairisceoidh sí go tráthrialta don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh maidir le torthaí agus conclúidí a cruinnithe.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/i/sa ..., an …
Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh
Na Comhchathaoirligh