An Bhruiséil,31.5.2024

COM(2024) 366 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le fionraíocht an tarscaoilte víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú


1.Réamhrá

Maidir le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí (nó cláir saoránachta trí infheistíocht, dá ngairtear ‘pasanna órga’ go coitianta freisin) arna reáchtáil ag tríú tíortha a bhfuil rochtain gan víosa acu ar an Aontas, tá roinnt rioscaí slándála féideartha ag baint leo don Aontas agus dá Bhallstáit. Go háirithe, is féidir na scéimeanna sin a úsáid chun teacht timpeall ar an nós imeachta rialta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú domhain ar rioscaí imirce agus slándála aonair a bhaineann leis, lena náirítear imghabháil fhéideartha na mbeart chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. 1 Tá fadhbanna ar leith ag baint leis sin toisc nach féidir na pasanna a eisítear do thairbhithe na scéimeanna den sórt sin a aithint ó ghnáthphasanna eile.  

Tá an Coimisiún ag plé leis na tíortha uile atá saor ó cheanglas víosa a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí d’fhonn rioscaí slándála a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas a chosc agus a mhaolú 2 . Ba é Vanuatú an chéad tír – agus an taon tír amháin go dtí seo – ar gníomhachtaíodh an sásra fionraíochta víosaí ina leith, bunaithe ar fhoras fionraíochta an bheartais phoiblí agus na slándála i Rialachán (AE) 2018/1806 (an ‘Rialachán Víosaí’).  3 .

Liostaítear Vanuatú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 i measc na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Tá an díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú infheidhme ó bhí an 28 Bealtaine 2015 ann, nuair a síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (‘an Comhaontú’) 4 agus nuair a cuireadh tús le feidhm a bheith aige.

Ón 25 Bealtaine 2015 i leith, tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á n‑oibriú ag Vanuatú lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa de dhíth orthu saoránacht agus pas Vanuatú a fháil go héasca, rud a chuireann ar a gcumas dóibh rochtain gan víosa a fháil ar an Aontas, rud a sheachnaíonn nós imeachta víosa Schengen. Thosaigh an Coimisiún ag imscrúdú scéimeanna saoránachta Vanuatú in 2017, ós rud é gur cúis mhór imní iad sin, lena n‑áirítear mar gheall ar theipeanna sa scagadh slándála ar iarratais.

Ar bhonn an mheasúnaithe ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis ábhartha a bailíodh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh easnaimh thromchúiseacha agus teipeanna slándála i scéimeanna Vanuatú d’infheisteoirí a d’fhéadfadh riosca a chruthú do shlándáil inmheánach an Aontais agus a Bhallstát, agus ghníomhachtaigh sé an sásra fionraíochta a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán Víosaí.

Cuireadh an fhionraíocht in iúl i dtrí chéim, mar a shonraítear thíos. Déantar cur síos mionsonraithe sa tuarascáil seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chéimeanna éagsúla an tsásra fionraíochta agus ar an idirphlé a bhí ag an gCoimisiún le Vanuatú. Cuirtear an tuarascáil isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(7) den Rialachán Víosaí.

2.Céim 1 – an sásra fionraíochta a ghníomhachtú (Airteagal 8(6)(a) den Rialachán Víosaí)

Idir 2017 agus 2021, bhí roinnt cruinnithe agus malartuithe i scríbhinn ag an gCoimisiún le húdaráis Vanuatú chun faisnéis a bhailiú faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí 5 . Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún in iúl go raibh imní mhór air agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a thabhairt isteach arís. Bhain na hábhair imní sin go háirithe leis an méid seo a leanas:

·líon ard na bpasanna arna neisiúint do náisiúnaigh a mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa chun taisteal chuig an Aontas murach sin (níos mó ná 10 000 idir 2015 agus 2021), agus ráta diúltaithe aníseal ann;

·gan aon cheanglas a bheith ar na hiarratasóirí cónaí roimhe sin i Vanuatú nó cuairt a thabhairt ar Vanuatú fiú, ós rud é go ndéanann sainghníomhaireachtaí atá lonnaithe lasmuigh de Vanuatú (e.g. in Dubai, sa Téalainn, sa Mhalaeisia, etc.) an próiseas iarratais a bhainistiú, rud a fhágann nach gá don iarratasóir aon teagmháil dhíreach a bheith aige le húdaráis Vanuatú;

·in éagmais ceanglais maidir le hagallamh fisiceach a dhéanamh, laghdaítear na deiseanna d’údaráis Vanuatú an tiarratasóir a mheasúnú go cuí nó an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas a chomhthacú, lena náirítear fírinneacht agus creidiúnacht an iarratais;

·an chaoi ar fógraíodh na scéimeanna go coitianta mar bhealach chun nós imeachta víosa Schengen sheachaint agus chun rochtain gan víosa ar an Aontas a fháil go héasca;

·an chaoi ar próiseáladh na hiarratais laistigh de sprioc-amanna anghearr, rud a d’fhág nárbh fhéidir scagadh slándála ná malartú faisnéise cuí a dhéanamh le tír thionscnaimh na niarratasóirí nó lena bpríomháit chónaithe roimhe sin, sular deonaíodh an tsaoránacht. Mar gheall air sin, bhí saoránacht deonaithe ag Vanuatú do dhaoine a bhí faoi réir imscrúdú coiriúil, lena náirítear daoine a liostaítear i mbunachair sonraí Interpol 6 ;

·an reachtaíocht scaoilte maidir le hainmneacha a athrú, ós rud é gur féidir le hiarratasóirí rathúla ar shaoránacht trí infheistíocht iarratas a dhéanamh ar athrú céannachta freisin.

Thairis sin, aicmíonn ECFE Vanuatú mar thír a d’fhéadfadh a bheith ina hardriosca do shláine an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe, rud a tharraingíonn amhras faoi ghníomhaíochtaí imghabhála cánach agus sciúrtha airgid a d’fhéadfadh a bheith ann  7

Ós rud é nár leor na mínithe a thug Vanuatú sna malartuithe thuasluaite chun na hábhair imní sin a mhaolú, chinn an Coimisiún nach bhféadfaí an riosca méadaithe don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach a bhaineann le náisiúnaigh Vanuatú a fuair an tsaoránacht faoi na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a mhaolú ach amháin tríd an díolúine víosa a chur ar fionraí.

Chuige sin, an 12 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle 8 chun an comhaontú tarscaoilte víosaí le Vanuatú a chur ar fionraí go páirteach. Ghlac an Chomhairle an cinneadh 9 an 3 Márta 2022.

San am céanna, an 27 Aibreán 2022, ghlac an Coimisiún rialachán cur chun feidhme 10 a bhfuil sé d’éifeacht aige an sásra fionraíochta a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán Víosaí a ghníomhachtú, do thréimhse thosaigh 9 mí (4 Bealtaine 2022 - 3 Feabhra 2023).

Tar éis an fhionraíocht a ghníomhachtú, agus i gcomhréir hAirteagal 8(6), an fhomhír dheireanach, den Rialachán Víosaí, chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé feabhsaithe le Vanuatú, d’fhonn réitigh iomchuí a shainaithint a d’fhéadfadh na himthosca ba chúis leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí go sealadach a leigheas.

Sa chruinniú tosaigh den idirphlé, an 12 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé toilteanach teacht ar réiteach agus, chuige sin, mhol sé cruinnithe teicniúla míosúla a thionól. Chomhaontaigh na páirtithe go gceapfadh údaráis Vanuatú pointe teagmhála agus go gcuirfeadh sé in iúl don Choimisiún é, ionas gur féidir dul ar aghaidh leis na cruinnithe teicniúla ina dhiaidh sin. Chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas faoi chinneadh Rialtas Vanuatú Tascfhórsa a bhunú chun na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a athbhreithniú. Comhaontaíodh go ndéanfadh údaráis Vanuatú tuarascáil ar dhul chun cinn arna hullmhú ag an Tascfhórsa a tharchur chuig an gCoimisiún.

Mar sin féin, níor ghlac Vanuatú páirt ar bhealach fiúntach ina dhiaidh sin. D’fhan scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí i bhfeidhm, agus ní bhfuair an Coimisiún, le linn na chéad chéime sin, aon fhaisnéis ó údaráis Vanuatú maidir le gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann arb é is aidhm dóibh na himthosca ba chúis leis an bhfionraí shealadach a leigheas.

3.Céim 2 – síneadh a chur leis an bhfionraí (Airteagal 8(6)(b) den Rialachán Víosaí)

Ós rud é go raibh na himthosca ba chúis leis an bhfionraí fós ann, ghlac an Coimisiún Rialachán tarmligthe lena gcuirtear síneadh leis an bhfionraí ar feadh tréimhse 18 mí, go dtí an 3 Lúnasa 2024 11 . San am céanna, ghlac an Chomhairle Cinneadh maidir leis an gComhaontú a chur ar fionraí go hiomlán 12 .

Le linn an dara céim sin den fhionraíocht, lean an Coimisiún den idirphlé le Vanuatú, agus tionóladh ceithre chruinniú idir mí Feabhra 2023 agus mí Aibreáin 2024, agus rinneadh roinnt malartuithe faisnéise i scríbhinn.

Tionóladh an chéad cheann de na cruinnithe sin an 15 Feabhra 2023, inar chuir an pointe teagmhála a d’ainmnigh Vanuatú le haghaidh an idirphlé fheabhsaithe, mar atá Comhairleoir Slándála Náisiúnta d’Oifig an Phríomh‑Aire, an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais agus reachtacha a chuir Vanuatú i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin: caighdeáin nua i leith nósanna imeachta chun na scéimeanna a bhainistiú, lena n‑áirítear Ceann nua ar an Oifig Saoránachta a cheapadh; laghdú agus grinnscrúdú níos fearr ar ghníomhairí príobháideacha a láimhseálann iarratais ar shaoránacht a d’fhágfadh go gcuirfí a gceadúnas gairmiúil ar ceal i gcás míchleachtais; agus dréachtleasuithe ar an Acht Saoránachta lena dtabharfaí isteach dianphróiseas scagtha nua. D’iarr an Coimisiún an tráth sin go gcuirfí mínithe mionsonraithe ar fáil dó ar na bearta sin agus ar an gcaoi a dtabharfaidís aghaidh ar na himthosca ba chúis leis an bhfionraí.

An 4 Aibreán 2023, chuir Vanuatú an tAcht Leasaithe Saoránachta, a glacadh an 21 Márta 2023, faoi bhráid an Choimisiúin. Is é an úrnuacht is mó a thugtar isteach leis an reachtaíocht nua seo athrú na n‑institiúidí agus na nósanna imeachta le haghaidh scagadh agus sheiceálacha díchill chuí na n‑iarratas. Go háirithe, cuireadh trí institiúid in ionad an Choiste Scagtha Inmheánaigh arna cheapadh ag an Príomh‑Aire a bhí ann roimhe seo: Fórsa Póilíneachta Vanuatú, an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus Seirbhísí Inimirce Vanuatú. Déanann na hinstitiúidí sin na seiceálacha, lena n‑áirítear seiceálacha ar bhunachair sonraí Interpol, agus tuairiscíonn siad d’Ard‑Rúnaí an Choimisiúin Saoránachta. Áirítear leis an bpróiseas nua sin toirmeasc uathoibríoch a chur ar iarratasóirí a gcomhfhreagraíonn a n‑ainmneacha d’amas i mbunachar sonraí Interpol, iarratais arna gcur isteach ag saoránaigh ó thíortha atá ar liosta smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a chur as an áireamh, agus síneadh a chur leis an bpróiseas grinnfhiosrúcháin ó thréimhse 14 lá go dtí 30 lá ar a mhéad. Mar sin féin, níor chuir Vanuatú aon doiciméad tionlacain isteach chun míniú a thabhairt ar na hathruithe reachtacha agus ar an gcaoi a dtabharfadh sé aghaidh ar na himthosca ba chúis leis an bhfionraí.

An 13 Iúil 2023, tionóladh an dara cruinniú den chéim sin, inar chuir an Coimisiún in iúl d’ionadaithe Vanuatú gur gá míniú mionsonraithe a fháil ar an Acht Leasaithe Saoránachta thuasluaite. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún in iúl go raibh imní air faoi na hathruithe reachtacha, go háirithe maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun na hiarratais a phróiseáil nár thug aghaidh go leordhóthanach ar na saincheisteanna a sainaithníodh mar rioscaí do shlándáil inmheánach na mBallstát, amhail an easpa malartaithe faisnéise le tíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí faoi thaifid choiriúla agus faoi áit tionscnamh na gcistí.

An 5 Nollaig 2023, tionóladh an tríú cruinniú. Rinne pointe teagmhála nua-ainmnithe, Ard‑Rúnaí Choimisiún Saoránachta Vanuatú, ionadaíocht do Vanuatú. Sa chomhthéacs sin, ba chúis aiféala don Choimisiún go raibh aga freagartha fada údaráis Vanuatú ar iarrataí an Choimisiúin ar fhaisnéis ag cur moill ar an idirphlé, agus mheabhraigh sé an spriocdháta dlíthiúil atá ag druidim linn a leagtar amach leis an nós imeachta fionraíochta, is é sin an 3 Lúnasa 2024. Dá bhrí sin, iarradh ar Vanuatú na seachtainí ina dhiaidh sin a úsáid chun an fhaisnéis agus an míniú ar na hathruithe beartais agus reachtacha a bhí in easnamh a chur ar fáil, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thabhairt i gcrích.

Tar éis an chruinnithe, seoladh liosta ceisteanna leantacha chuig Vanuatú an 15 Nollaig 2023 agus sprioc-am míosa ag gabháil leis, agus níor thug Vanuatú freagra air go dtí an 22 Márta 2024, le freagraí nár thug aghaidh go diongbháilte ar ábhair imní an Choimisiúin.

Chuir an Coimisiún Vanuatú ar an eolas freisin faoin togra nuaghlactha maidir leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta 13 , lena dtugtar isteach oibriú scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí mar fhoras fionraíochta uathrialach nua, agus faoin bpróiseas reachtach leanúnach.

Tionóladh an ceathrú cruinniú, arb é an cruinniú deireanach é, den chéim sin an 5 Aibreán 2024 idir an Coimisiún agus Ard‑Rúnaí Choimisiún Saoránachta Vanuatú. D’iarr an Coimisiún ar Vanuatú soiléiriú agus mionléiriú a dhéanamh ar na freagraí a cuireadh isteach an 22 Márta 2024 maidir leis an nós imeachta scagtha agus grinnfhiosrúcháin, neamhspleáchas na n‑institiúidí a bhfuil baint acu leis na scéimeanna, agus tionchar na fionraíochta ar iarratais ar shaoránacht in 2022 agus 2023. Níor tugadh aghaidh go leordhóthanach ar na hábhair imní atá ann faoi láthair agus níor freagraíodh roinnt neamhréireachtaí fíorasacha agus staidrimh sna sonraí a soláthraíodh don Choimisiún roimhe seo (féach pointe ii faoi ‘Céim 3’ thíos). Ag an bpointe sin, chuir ionadaithe Vanuatú in iúl don Choimisiún go raibh féidearthachtaí maidir le malartuithe ar an leibhéal teicniúil ídithe agus go mbreithneodh Vanuatú for-rochtain chuig an gCoimisiún ar an leibhéal polaitiúil.

4.Céim 3 – Measúnú deiridh agus togra ón gCoimisiún chun an díolúine ón gceanglas víosa a fhoirceannadh (Airteagal 8(7) den Rialachán Víosaí) 

Mar a leagtar amach in Airteagal 8(7) den Rialachán Víosaí, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an ghnímh tharmligthe, ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon lena mheasúnú deiridh, a bhféadfadh togra reachtach chun an Rialachán a leasú a bheith ag gabháil léi chun an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó liosta na dtíortha gan víosa chuig liosta na dtíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu.

Tíolactar an tuarascáil seo i gcomhréir leis an gceanglas sin, agus cuirtear measúnú deiridh an Choimisiúin i láthair go mion thíos.

I.Spleáchas eacnamaíoch ar na scéimeanna

Roimh an bhfionraí, bhí geilleagar Vanuatú ag brath go mór ar an ioncam a gineadh ó na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí (i.e. 33 % den ioncam iomlán in 2020 agus 2021, 14 nó 12.3 % de OTI in 2020 agus 10.2 % in 2021). Nuair a tugadh isteach fionraí an tarscaoilte víosaí, in 2022, spreagadh laghdú 27 %( 15 ) ar an ioncam a bailíodh faoi na scéimeanna, rud a d’fhág gurbh ionann na scéimeanna agus thart ar leath den mhéid a bhí i gceist leo in 2021 i dtéarmaí OTI, i.e., 5.3 % in 2022 agus 5.5 % in 2023.

II.Staitisticí: iarratais a fuarthas, pasanna a eisíodh, agus ráta diúltaithe

Léiríonn staitisticí go bhfuil líon ard iarratasóirí rathúla ann, agus formhór mór na n‑iarratasóirí ó náisiúntachtaí a mbeadh víosa ag teastáil uathu chun teacht isteach san Aontas murach sin. Léirítear i dTábla 1 thíos staitisticí a fuarthas ó údaráis Vanuatú maidir leis an tréimhse 2015 go dtí 2021.

Staitisticí 2015 - 2021

Líon iomlán na n‑iarratas a fuarthas

14 504 idir 2015 agus 2021

Líon iomlán na saoránachtaí a deonaíodh

13 489 idir 2015 agus 2021

Líon iomlán na bpasanna a eisíodh

10524 idir 2015 agus 2021

Diúltuithe/saoránacht cúlghairthe

1 015 (Ráta ~9.6 %) idir 2015 agus 2021

Iarratasóirí rathúla – na príomhnáisiúntachtaí

An tSín (6 628), an Nigéir (430), an Libia (292), an Iaráic (276),

An tSiria (276), an Rúis (247), an Liobáin (222), an Iaráin (154),

Poblacht na Cóiré (88), Éimin (74), an tSúdáin (29)

Tábla 1: Bhain staitisticí Vanuatú a tíolacadh i mí Eanáir 2022 leis an tréimhse 2015-2021

Mar sin féin, tá roinnt neamhréireachtaí sna sonraí a chuir Vanuatú faoi bhráid an Choimisiúin i gcaitheamh na mblianta.

Tá neamhréireachtaí le sonrú sna staitisticí ar líon na n‑iarratas rathúil. Léirigh sonraí a fuarthas ó Vanuatú in 2020 go raibh thart ar 4 000 iarratas i gceist le líon iomlán na n‑iarratas rathúil don tréimhse 2015 - mí Lúnasa 2020, agus léiríonn na staitisticí thuasluaite ó 2022 gur deonaíodh thart ar 13 500 saoránacht san iomlán. Ar an gcaoi chéanna, tá líon na n‑iarratas a diúltaíodh agus a cúlghaireadh a soláthraíodh in 2022 (1 015) éagsúil leis na staitisticí a bhí ann roimhe sin (a tíolacadh in 2020), inar léiríodh nach raibh i líon na n‑iarratas a diúltaíodh don tréimhse 2015 – mí Lúnasa 2020 ach iarratas amháin, agus gur cúlghaireadh 15 shaoránacht a deonaíodh ina dhiaidh sin.

A mhéid a bhaineann le staitisticí a bhaineann leis na blianta 2021-2023, chuir Vanuatú tacair éagsúla sonraí ar fáil trí huaire éagsúla. An 12 Iúil 2023, léirigh Vanuatú gurbh iad 682 iarratas an líon iomlán iarratas a fuarthas in 2022 agus gurbh iad 676 iarratas an líon iomlán iarratas a fuarthas sna chéad sé mhí de 2023. An 23 Deireadh Fómhair 2023, chuir Vanuatú sonraí ar fáil a raibh an chuma orthu gur tháinig laghdú suntasach ar líon na n‑iarratasóirí rathúla le 3 bliana anuas i gcomparáid leis na blianta roimhe sin: (144 in 2021, 127 in 2022, 130 in 2023). Mar sin féin, an 23 Márta 2024, tar éis iarraidh athdhearbhaithe an Choimisiúin staitisticí soiléire comhsheasmhacha a sholáthar, sheol Vanuatú tacar sonraí eile a bhí difriúil fós, a léirigh gur 1072 a bhí i méid iomlán na n‑iarratas a fuarthas in 2021, 875 in 2022, agus 1113 in 2023, agus 4, 5 agus 22 dhiúltú faoi seach ina measc.

Leis na neamhréireachtaí sin, ní hamháin go raibh sé deacair measúnú a dhéanamh ar na sonraí a cuireadh ar fáil agus iad agus a chur i gcomparáid lena chéile, léiríodh freisin easpa iontaofachta ginearálta i bpróiseas rialaithe inmheánaigh na scéimeanna ag údaráis inniúla Vanuatú.

III.Leasú ar an Acht Saoránachta

I mí an Mhárta 2023, thug Vanuatú leasú isteach ar a Acht Saoránachta 16 , arbh é ba aidhm dó na rioscaí arna sainaithint ag an gCoimisiún a mhaolú. Is iad seo a leanas na príomhathruithe a tugadh isteach:

-Trí institiúid a dhéanann scagadh ar na hiarratais agus ar na seiceálacha díchill chuí anois: i) Fórsa Póilíneachta Vanuatú, ii) an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) agus iii) Seirbhísí Inimirce a fhreagraíonn don ArdRúnaí agus a thagann in ionad an Choiste um Scagadh Inmheánach arna cheapadh ag an bPríomhAire 17 ;

-Diúltaítear d’iarratais ó iarratasóirí atá liostaithe ar bhunachar sonraí Interpol;

-Níor cheart go mairfeadh an nós imeachta um scagadh a dhéanfaidh na trí institiúid níos faide ná 14 lá agus, i gcás ar bith, má tá níos mó ama ag teastáil, níor cheart go mairfeadh sé níos faide ná 30 lá;

-Tugtar neamhaird ar iarratais a chuireann saoránaigh isteach ó liosta de ‘thíortha srianta’ nó de thíortha atá san áireamh faoi liostaí smachtbhannaí (neamhshonraithe) na Náisiún Aontaithe;

-Socraítear go bhfuil sprioc-am 3 mhí ann le haghaidh cinneadh ón gCoimisiún Saoránachta maidir le saoránacht a dheonú.

Tugtar aghaidh sna ranna thíos ar an tionchar a bhí ag na hathruithe sin d’fhonn na himthosca ba chúis leis an bhfionraí a leigheas.

IV.Náisiúntachtaí íogaire agus toirmiscthe

Mar a léirítear i dTábla 1, áirítear den chuid is mó ar thíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí rathúla tíortha nach mór dá náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha an Aontais á dtrasnú acu.

In 2023, thug Vanuatú athrú reachtach isteach arb é is aidhm dó srian a chur leis an bhféidearthacht atá ag náisiúnaigh roinnt tíortha iarratas a dhéanamh ar a shaoránacht. Go háirithe, leis an Acht Saoránachta leasaithe leagtar síos nár cheart don Choimisiún Saoránachta glacadh le hiarratas más cónaitheoir nó saoránach é an tiarratasóir sin de thír atá liostaithe ag an gCoimisiún Saoránachta mar thír shrianta nó mar thír atá liostaithe faoi liosta neamhshonraithe de thíortha atá faoi smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe (amhail Éimin, an tSiria, an tSúdáin, an Chóiré Thuaidh agus an Iaráin) 18 , ach amháin má léiríonn na hiarratasóirí nár chónaigh siad sa tír shrianta le 5 bliana anuas agus má sholáthraíonn siad fianaise ar bhuanchónaí thar lear. Ós rud é nach bhfuil an Rúis ná an Bhealarúis ar na liostaí sin, lean Vanuatú de ghlacadh le hiarratasóirí ón Rúis agus ón mBealarúis agus tar éis fhogha na Rúise faoin Úcráin freisin.

V.Táillí

De réir na faisnéise is déanaí a cuireadh ar fáil, tá ceithre rogha infheistíochta ar fáil i Vanuatú faoi láthair 19 . Tá scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí i measc na scéimeanna is saoire ar domhan d’infheisteoirí aonair agus do theaghlaigh (i gcás iarratasóir aonair, USD 130 000 atá sa táille). Laghdaíonn an táille in aghaidh an duine go mór de réir líon na niarratasóirí faoin iarratas céanna (USD 180 000 do lánúin phósta a bhfuil beirt leanaí acu).  20  

Le linn an idirphlé, níor léirigh Vanuatú aon rún daingean na táillí infheistíochta a mhéadú mar bhealach féideartha chun líon na saoránachtaí a dheonaítear a laghdú.

VI.Ceanglais chónaithe

Níl cónaí nó láithreacht fhisiciúil i Vanuatú riachtanach sula ndeonaítear saoránacht, fiú le linn an phróisis iarratais. I mí an Mhárta 2024, chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas faoi phléití idirinstitiúideacha leanúnacha chun ‘aghaidh a thabhairt’ ar shaincheist na gceanglas cónaithe. Mar sin féin, níor cuireadh aon fhaisnéis bhreise isteach maidir le hábhar agus amlíne na leasuithe reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

VII.An próiseas iarratais

Is í an Oifig Saoránachta a riarann an clár. Ní idirghníomhaíonn an oifig leis na hiarratasóirí ná leis an tír thionscnaimh. Cuireann infheisteoirí leasmhara a niarratais isteach trí ghníomhairí ainmnithe, atá freagrach go hiomlán as gach idirghníomhaíocht leis na hiarratasóirí. Ní mór do ghníomhairí a bheith ina saoránaigh de Vanuatú (ní féidir saoránacht a fháil trí na scéimeanna d’infheisteoirí) agus a bpríomhoifig chláraithe a bheith acu i bPort Vila, Vanuatú. Ceanglaítear orthu gan díol faoi bhun nó os cionn an phraghais shocraithe de réir an dlí, agus ní íoctar iad as na scéimeanna a mhargú. Chuir Vanuatú liosta de 71 ghníomhaire ainmnithe ar fáil don Choimisiún. I mí Aibreáin 2024, bhí liosta de 60 gníomhaire ainmnithe ar shuíomh gréasáin oifigiúil Oifig Saoránachta Vanuatú.  21  

Tá gníomhairí i gceannas freisin ar mhargaíocht agus ar chur chun cinn na scéimeanna. Tá an chuid is mó díobh, ar a suíomhanna gréasáin, ag cur scéimeanna Vanuatú chun cinn mar scéimeanna lena gceadaítear teacht isteach san Aontas gan víosa, lena gcuirtear próiseas iarratais níos tapúla ar fáil i gcomparáid le scéimeanna eile, á lua go sainráite go bhféadfaí ainm a athrú tar éis an tsaoránacht a fháil. Glacann gníomhairí páirt go páirteach i bpróiseáil iarratas. Déanann siad an chéad chéim de sheiceálacha díchill chuí ar iarratais sula gcuireann siad faoi bhráid na hoifige Saoránachta iad, rud a tharchuireann ansin iad chuig na trí institiúid le haghaidh seiceálacha imréitigh agus díchill chuí. 

VIII.Nósanna imeachta scagtha/grinnfhiosrúcháin

Tar éis na hiarratais a fháil ó na gníomhairí, seiceálann an Oifig Saoránachta doiciméid gach iarratasóra i gcoinne seicliosta sula gcuirtear faoi bhráid an chomhlachta cinnteoireachta iad (an Coimisiún Saoránachta).

Mar a luadh thuas, ghlac Vanuatú roinnt athruithe reachtacha in 2023, cé nach bhfuil cruthúnas sásúil curtha ar fáil aige go bhfuil na hathruithe sin á gcur chun feidhme agus gur leor iad chun rioscaí slándála a scéimeanna d’infheisteoirí a mhaolú. Mar a luaitear thuas, tugtar próiseas scagtha nua isteach leis na leasuithe, agus Coiste scagtha ann ina bhfuil trí institiúid: i) Fórsa Póilíneachta Vanuatú, ii) an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus iii) na Seirbhísí Inimirce, a sheiceálann, i measc nithe eile, sonraí na n‑iarratasóirí i mbunachair sonraí Interpol agus i mbunachair sonraí idirnáisiúnta eile. Cuirtear síneadh leis an bpróiseas grinnfhiosrúcháin freisin ó thréimhse 14 lá go 30 lá ar a mhéad.

Cé gur cosúil, ar thaobh amháin, go maolaítear leis an nós imeachta nua sin an riosca a bhaineann le saoránacht a dheonú do dhaoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, ar an taobh eile ní áirítear leis gnéithe riachtanacha eile chun measúnú cuí a dhéanamh ar easpa rioscaí slándála na n‑iarratasóirí. Go háirithe, níl aon bhealach leordhóthanach ann d’údaráis Vanuatú chun fírinneacht na ndoiciméad arna n‑eisiúint ag tír thionscnaimh nó chónaithe an iarratasóra a fhíorú, lena n‑áirítear doiciméid aitheantais agus taifid choiriúla, ós rud é nach malartaíonn na húdaráis sin faisnéis le tír thionscnaimh nó le tír chónaithe na n‑iarratasóirí.

Le linn an idirphlé, níor léirigh Vanuatú ach na tagairtí do na hathruithe reachtacha, gan míniú ná faisnéis leordhóthanach a chur leis maidir le hiontaofacht agus stóinseacht an phróisis scagtha sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún a mheas ar maolaíodh na rioscaí slándála a sainaithníodh tráth an chinnidh maidir le fionraí leis na hathruithe sin.

Thairis sin, murab ionann agus tríú tíortha eile a bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á n‑oibriú acu, is cosúil nach mbraitheann Vanuatú ar ghnólachtaí díchill chuí idirnáisiúnta le haghaidh scagadh céannachta, clú agus slándála. Mar gheall air sin, agus ó tharla nach bhfuil aon teagmháil ag údaráis Vanuatú le húdaráis thíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí, is beag seans go mbeidh Vanuatú in ann measúnú críochnúil a dhéanamh ar bharántúlacht agus ar fhírinneacht dhoiciméid agus fhaisnéis na n‑iarratasóirí.

IX.Athrú ainm

Roimh 2021, d’fhéadfadh daoine a fuair saoránacht Vanuatú trí chlár saoránachta d’infheisteoirí iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar athrú céannachta in Vanuatú. Le linn an idirphlé, chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur leasaíodh an reachtaíocht ábhartha in 2021, an tAcht um Chlárú Sibhialta 28 ó 2021 faoi alt 24(1A) ar choinníoll nach bhféadfadh daoine a bhfuil déshaoránacht acu athrú ainm a bheith cláraithe in Vanuatú. Mar sin féin, chuir Vanuatú in iúl don Choimisiún freisin nach bhfuil aon taifead aige ar athruithe ar na hainmneacha a cláraíodh go dtí 2019, sa tslí nárbh fhéidir leis aon fhaisnéis a sholáthar maidir le líon na ndaoine a fuair an tsaoránacht trí infheistíocht agus a d’athraigh a n‑ainm ina dhiaidh sin, ná maidir le haon tseiceáil leantach ar na daoine sin.

X.Coimisiún fiosrúcháin - athbhreithniú ar phasanna a deonaíodh faoin bpróiseas scagtha roimhe seo

I mí Feabhra 2023, bhunaigh Vanuatú Coimisiún fiosrúcháin a raibh sé de chúram air imscrúdú a dhéanamh ar aon drochghníomhartha a líomhnaítear a rinneadh le linn oibriú na scéimeanna ó bunaíodh iad. I mí Aibreáin 2024, chuir Vanuatú in iúl go raibh imscrúdú an Choimisiúin fiosrúcháin fós ar siúl agus nach bhféadfadh sé dáta soiléir a thabhairt maidir le seachadadh a thorthaí.

Thairis sin, níl aon sásra faireacháin ex post struchtúrach curtha chun feidhme ag Vanuatú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí slándála féideartha a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás breis agus 10 000 pas a eisíodh sular athraíodh an reachtaíocht agus nós imeachta a bheith ann a líomhnaítear a bheith níos stóinsithe. Cé gur chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur féidir, bunaithe ar a chásdlí, an tsaoránacht a chúlghairm i gcás ina bhfuarthas í trí chalaois nó ar bhealach a bhí in aghaidh an dlí, níor chuir sé faisnéis ar fáil maidir le cásanna iarbhír inar cúlghaireadh an tsaoránacht a fuarthas trí na scéimeanna d’infheisteoirí. Is amhlaidh i gcónaí go bhféadfadh líon na bpasanna a eisíodh faoin scéim saoránachta ó 2015 i leith, faoi na coinníollacha céanna a d’fhág go bhféadfaí pasanna a eisiúint do dhaoine aonair nár cheart an tsaoránacht a dheonú dóibh mar gheall ar a liostú Interpol agus iarratais fhalsaithe fós ina riosca nó ina bhagairt fhéideartha ar shlándáil na mBallstát.

5.Conclúid

I bhfianaise an mheasúnaithe nuashonraithe thuas, measann an Coimisiún nár sholáthair Vanuatú leigheasanna sásúla ar na himthosca ba chúis leis an díolúine víosa a chur ar fionraí. Go háirithe, mar thoradh ar cháilíocht na bhfreagraí ar iarrataí an Choimisiúin agus ar na neamhréireachtaí iomadúla sna sonraí a cuireadh ar fáil, chomh maith leis an easpa mínithe leordhóthanacha maidir leis an reachtaíocht nua agus a cur chun feidhme, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go leanfadh na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí atá á n‑oibriú ag Vanuatú de bheith ina rioscaí suntasacha do bheartas poiblí agus do shlándáil inmheánach na mBallstát dá mbeadh sealbhóirí phasanna Vanuatú in ann tosú arís ar thaisteal chuig an Aontas gan víosa.

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(7) den Rialachán Víosaí, chinn an Coimisiún leasú ar an Rialachán sin a mholadh, agus Vanuatú a aistriú ó liosta na dtíortha nach bhfuil ceanglas víosa orthu chuig liosta na dtíortha lena mbaineann ceanglas víosa 22 . Chun go mbeidh an tam is gá ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle scrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún, chuir an Coimisiún síneadh sé mhí freisin le tréimhse fionraíochta na díolúine ón gceanglas víosa, 23 go dtí an 3 Feabhra 2025.

(1)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Eanáir 2019 maidir le Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí san Aontas Eorpach (COM(2019) 12 final), lch. 23.

(2)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, an Séú Tuarascáil faoin sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí, COM(2023) 730 final.

(3)

   Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(4)

   Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lch. 48).

(5)

     Mar a mhínítear go mionsonraithe sa Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach, COM(2022) 6 final.

(6)

     Go háirithe, i mí Iúil 2019, cuireadh in iúl don Choimisiún gur deonaíodh saoránacht d’iarratasóirí faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí d’ainneoin iad a bheith liostaithe i mbunachair sonraí Interpol agus gur thíolaic roinnt iarratasóirí doiciméid bhrionnaithe (go háirithe taifid choiriúla ghlana bhrionnaithe) nár bhraith údaráis ábhartha Vanuatú.

   

(7)

    https://www.oecd.org/tax/automatic-exchange/crs‑implementation‑and‑assistance/residence-citizenship-by-investment/  

(8)

   Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú i ndáil le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (COM/2022/6 final).

(9)

   Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (IO L 69, 4.3.2022, lch. 105).

(10)

     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 129, 3.5.2022, lch. 18). 

(11)

     Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh uile Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 32, 3.2.2023, lch. 1).

(12)

     Cinneadh (AE) 2022/2198 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine (IO L 292, 11.11.2022, lch. 47).

(13)

     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta, COM/2023/642 final.

(14)

    Vanuatú: Airteagal IV 2023 Comhairliúchán‑Preaseisiúint; Tuarascáil Foirne; agus Ráiteas ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Vanuatú (imf.org) , An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Tuarascáil Tíre Uimh. 23/115, Márta 2023

(15)

    Ibid.

(16)

     Leasú uimh. 1 de 2023 ar an Acht Saoránachta (CAP 112), a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Vanuatú an 21 Márta 2023.

(17)

   Is éard a bhí sa Choiste um Scagadh Inmheánach: an tArdRúnaí mar Chathaoirleach, an tOifigeach um Chomhlíonadh oifig na Saoránachta; Stiúrthóir na Seirbhísí Inimirce, Príomhoifigeach na bPasanna, oifigeach dlí amháin ó Oifig Dlí an Stáit arna ainmniú ag an ArdAighne agus Oifigeach Póilíneachta arna ainmniú ag Coimisinéir na bPóilíní.

(18)

     De réir na staitisticí a chuir údaráis Vanuatú ar fáil don tréimhse 2016-2021, rinne náisiúnaigh ó na cúig thír shrianta iarratas ar shaoránacht Vanuatú agus fuair siad an tsaoránacht sin. An tSiria (276), an Iaráin (154), Poblacht na Cóiré (88), Éimin (74) an tSúdáin (29).

(19)

   Clár Tacaíochta Forbartha, Clár Ranníocaíochta Vanuatú, Plean Inimirce Infheistíochta Caipitil, Clár Rogha Eastáit Réadaigh.

(20)

      https://vancitizenship.gov.vu/index.php/citizenship/fees‑and‑charges  

(21)

    https://vancitizenship.gov.vu/index.php/about‑us/designated‑agents

(22)

     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú, COM(2024)365.

(23)

     Rialachán Tarmligthe (AE) .../... ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le fionraíocht shealadach na díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú, C(2024)3650.