An Bhruiséil,27.2.2024

COM(2024) 101 final

2024/0054(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leanúint de bhearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, cuireadh isteach d’aon turas ar shreabhadh an gháis ón Rúis go dtí an tAontas mar iarracht d’aon ghnó fuinneamh a úsáid mar arm polaitiúil. Bhraith an tAontas ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 45 % dá sholáthairtí gás in 2021. Ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tháinig laghdú leanúnach ar an sciar sin. In 2023, d’allmhairigh an tAontas thart ar 25 bhilliún méadar ciúbach (bcm) de ghás ón Rúis trí phíblínte. Is ón Rúis a tháinig 15 % d’iomlán allmhairí gáis an Aontais (píblíne agus GNL) in 2023. Mar gheall ar an suaitheadh soláthair agus an doichte a bhí ann ar an margadh ó mhí Feabhra 2022, ghníomhaigh 12 Bhallstát an chéad nó an dara leibhéal géarchéime de bhun aicmiú coiteann an Aontais Eorpaigh, mar a fhoráiltear leis an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938.

Bhí tionchar suntasach ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar phraghas agus luaineacht an gháis agus an leictreachais, ar bhoilsciú, agus ar chobhsaíocht ghinearálta airgeadais agus mhaicreacnamaíoch an Aontais, chomh maith le dea-bhail eacnamaíoch a chuid saoránach. Bhí praghas mórdhíola 2022 níos mó ná cúig huaire níos airde ar an meán ná mar a bhí sé roimh an ngéarchéim a tharla mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus mhéadaigh sé fiú os cionn EUR 300/MWh ag buaic na géarchéime i samhradh 2022. Ó bhí mí Feabhra 2022 ann, bhí leibhéil na bpraghsanna níos airde ná mar a bhí sa tréimhse roimh an ngéarchéim, agus bhí luaineacht láidir praghsanna ann i gcónaí. Rinneadh dochar d’iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, go háirithe tionscail dianfhuinnimh, nuair a bhí ar shaoránaigh dul i ngleic le cumhacht ceannaigh laghdaithe.

Sa chomhthéacs sin, mhol an Coimisiún an 20 Iúil 2022 Rialachán ón gComhairle maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh ar ghás, a ghlac an Chomhairle mar Rialachán (AE) 2022/1369 an 5 Lúnasa 2022. Ó glacadh Rialachán (AE) 2022/1369, tá sé curtha chun feidhme ag na Ballstáit trí bhearta a ghlacadh chun a n‑éileamh ar ghás féin a laghdú faoi 15 %.

Le Rialachán (AE) 2022/1369 déantar foráil maidir le laghdú deonach 15 % ar an éileamh ar thomhaltas gáis ar fud an Aontais. Sonraítear ann freisin, más rud é nach leor bearta deonacha maidir le laghdú ar éileamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh ganntanas tromchúiseach soláthair ann, nó arna iarraidh sin do chúig údarás inniúla nó níos mó de chuid na mBallstát a bhfuil foláirimh náisiúnta fógartha acu, go bhféadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Leis an bhfoláireamh sin ón Aontas, sprioc éigeantach a bheadh sa sprioc maidir le laghdú 15 % ar éileamh agus bheadh sé ina líontán sábhála i gcás géarchéime.

Ó glacadh Rialachán (AE) 2022/1369, rinne an tAontas an t‑éileamh ar ghás a laghdú faoi 18 % cheana féin ar bhonn deonach idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Nollag 2023 (ca. 101 bcm coigilte). Mar gheall ar an ngá leanúnach atá ann leanúint den éileamh ar ghás a laghdú chun slándáil an tsoláthair a áirithiú agus luaineacht praghsanna a shrianadh, chuir an Chomhairle síneadh bliana leis an Rialachán go dtí an 31 Márta 2024. Mar a léiríodh i dtuarascáil COM(2024) 88 ón gCoimisiún, ba iad na hiarrachtaí laghdaithe éilimh a chuir le gás píblíne na Rúise a bhí ar iarraidh a ionadú ar an mbealach is mó, agus sábháladh ca. 65 bcm gáis in 2023.

Ní mór do na Ballstáit leanúint de bheith ullamh do ghanntanas tromchúiseach gáis a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhealach comhordaithe agus de mheon na dlúthpháirtíochta. D’ainneoin na mbeart a rinneadh, tá géardheacrachtaí fós ann maidir leis an soláthar fuinnimh, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don staid ghinearálta maidir le slándáil fuinnimh, mura bhfanann an t‑éileamh faoi bhun leibhéal sábháilte. Tá na margaí gáis domhanda fós docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tamaill toisc nach bhfuil sé beartaithe ach acmhainneacht leachtaithe GNL nua an-teoranta a bheith oibríochtúil ar fud an domhain roimh 2026.

Áirítear ar rioscaí breise meathlú breise ar bhagairtí geopholaitiúla a dhéanann difear do réigiúin soláthair, éileamh ar GNL san Áise a d’fhéadfadh a athphreabadh, rud a d’fhéadfadh infhaighteacht gháis ar an margadh domhanda a laghdú, dálaí aimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach agus a cheangal go mbainfí leas níos mó as giniúint cumhachta gásadhainte agus go mbeadh suaitheadh soláthair gáis eile ann, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do líonadh saoráidí stórála gáis faoi thalamh a theastaíonn le haghaidh geimhreadh sábháilte in 2024-2025.

Thairis sin, áirítear i dtuarascáil COM(2024) 88 ón gCoimisiún roinnt cásanna, ina leagtar béim, i gcás suaitheadh ón Rúis, ar an ngá atá le laghdú leanúnach ar éileamh chun líonadh stórála agus slándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh 2024-2025. Cás tábhachtach le cur san áireamh is ea suaitheadh iomlán i soláthar na Rúise, i measc nithe eile, mar gheall ar dheireadh an chomhaontaithe idirthurais reatha tríd an Úcráin faoin 31 Nollaig 2024 agus an teannas geopholaitiúil a d’fhéadfadh a bheith ag dul in olcas. De réir na gcásanna sin, dá dtiocfadh an t‑éileamh ar ais go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim i gcás suaitheadh ón Rúis (i.e. gan aon laghdú leanúnach ar éileamh), d’fhéadfaí an méid atá stóráilte a laghdú cheana féin chomh luath le mí Feabhra 2025. D’fhágfadh sé sin go mbeadh an tAontas gan na méideanna is gá chun soláthar a dhéanamh do thomhaltóirí le linn an chuid eile de gheimhreadh 2024-2025. Ina theannta sin, chuirfeadh an tAontas tús le séasúr líonta stórála 2025-2026 ar leibhéil níos ísle ná mar a bhí ann riamh, rud a chiallaíonn go mbeadh slándáil an tsoláthair le haghaidh 2025-2026 i mbaol chomh maith. D’aithin an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) ina Ionchas Soláthair Geimhridh freisin na rioscaí do shlándáil an tsoláthair i gcás suaitheadh iomlán ón Rúis. Tháinig ENTSOG ar an gconclúid, cé go bhfuil feabhas tagtha ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair san Aontas, go bhféadfadh gá a bheith le bearta breise chun leordhóthanacht an tsoláthair gáis agus an éilimh ar ghás a chinntiú i gcás suaitheadh iomlán ón Rúis. D’aithin Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) freisin ina tuairim maidir le hIonchas Soláthair Geimhridh ENTSOG, go bhféadfadh ganntanas soláthair a bheith mar thoradh ar theacht chun cinn rioscaí, agus gur cheart leanúint den fhorairdeall maidir le staid shlándáil an tsoláthair agus maidir le cur chun feidhme an laghdaithe ar an éileamh ar ghás.

Chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ullamh do gheimhreadh 2024-2025 agus chun a ráthú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an sprioc líonta stórála 90 % an 1 Samhain 2024, tá sé ríthábhachtach i gcónaí go ndéanfar an méid atá stóráilte a bhainistiú go cúramach agus ba cheart é a bheith ar leibhéal sách ard i rith an gheimhridh. In 2023-2024, amhail in 2022-2023, bhí an laghdú ar éileamh fíor-riachtanach chun leibhéil stórála leordhóthanacha a choinneáil ag deireadh an gheimhridh agus chun an tsolúbthacht is gá a sholáthar sa samhradh ionas go bhféadfaí an sprioc stórála 90 % a bhaint amach, agus praghsanna á gcoinneáil ar leibhéil níos ísle agus luaineacht á srianadh ag an am céanna. Bhí ról ríthábhachtach ag na bearta maidir le laghdú ar éileamh chun an sprioc stórála a bhaint amach cheana féin i mí Lúnasa, i bhfad roimh sprioc mhí na Samhna. Dá bhrí sin, thosaigh rannpháirtithe sa mhargadh Eorpach ag stóráil gáis san Úcráin i dtreo dheireadh an tsamhraidh in 2023.

Dá bhrí sin, i bhfianaise na rioscaí maidir le soláthar na Rúise, timpeallacht na bagartha geopholaitiúla atá ag dul in olcas faoi láthair, na dálaí aimsire agus forbairtí sa mhargadh gáis domhanda, tá sé beartaithe a mholadh do na Ballstáit leanúint dá mbearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh, tar éis dhul in éag thréimhse Rialachán (AE) 2022/1369. Cé go bhfuil leibhéal éagsúil neamhchosanta ag na Ballstáit ar shuaitheadh soláthair, dhéanfadh aon ghanntanas soláthair gáis dochar do gheilleagair na mBallstát uile. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Sábháil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’ ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022, tá sé níos inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de do shaoránaigh agus d’earnáil tionsclaíochta na mBallstát uile, de mheon na dlúthpháirtíochta, leanúint den éileamh a laghdú ar bhealach réamhghníomhach agus comhréireach seachas aghaidh a thabhairt ar chiorrúcháin neamhchomhordaithe tráth níos déanaí. Le coigiltis réamhghníomhacha, chomhordaithe agus dheonacha, dá bhrí sin, laghdaítear an baol go mbeadh tionchar diúltach ag ganntanais gháis ar iomaíochas na dtionscal.

Dá bhrí sin, sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe maidir le bearta comhordaithe leanúnacha maidir le laghdú ar éileamh, moltar go leanfadh na Ballstáit de laghdú 15 % a chur ar a n‑éileamh i gcomparáid leis an tréimhse thagartha ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaítear leis an ionstraim atá beartaithe tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais atá ann cheana, lena n‑áirithítear gur féidir le saoránaigh tairbhiú de sholáthairtí gáis slána agus go gcosnaítear custaiméirí in aghaidh mórshuaitheadh soláthair. Cuirtear chun cinn léi freisin an cuspóir maidir le soláthar gáis nádúrtha a éagsúlú.

Sreabhann sé go loighciúil ó thionscnaimh atá ann cheana, amhail ‘REPowerEU’, an togra le haghaidh ‘Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis’ agus an tionscnamh ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706. Tá na forálacha comhlántach le reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh inmheánach agus slándáil an tsoláthair, go háirithe Rialachán (AE) 2017/1938. Forlíontar leis freisin Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa. Tá sásraí dlúthpháirtíochta i bhfeidhm, lena n‑áirithítear go n‑oibríonn na Ballstáit i gcomhar thar theorainneacha chun a áirithiú go soláthraítear fuinneamh do na custaiméirí sin i réigiún is mó a bhfuil gá acu leis, i gcás suaitheadh soláthair.

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, leag an tAontas Plean REPowerEU amach, plean arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar amach in REPowerEU plean chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, fuinneamh a choigilt agus dlús a chur leis an aistriú glas. Tá an tionscnamh atá beartaithe comhsheasmhach go hiomlán leis na spriocanna a leagtar amach in REPowerEU. Dá bhrí sin, tá an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle comhlántach leis na forálacha atá ann cheana agus leis na tionscnaimh a rinneadh le déanaí san earnáil fuinnimh, lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis, lena gcuidítear leis an margadh a chobhsú agus na praghsanna a choinneáil faoi smacht, agus lena rannchuidítear le fuinneamh a shábháil.

Sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’, arna glacadh an 20 Iúil 2022, leagtar amach na huirlisí atá ar fáil don Aontas cheana féin chun laghdú comhordaithe ar an éileamh a bhaint amach, agus na bearta eile is gá a dhéanamh ionas go mbeidh an tAontas réidh le haghaidh suaitheadh iomlán nó suaitheadh páirteach. Sa tionscnamh atá beartaithe, tugtar freagairt ar na rioscaí méadaithe atá ann mar thoradh ar chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus tá sé go hiomlán comhlántach leis na rialacha atá ann cheana maidir le slándáil an tsoláthair.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

. Tá an togra seo ar Mholadh ón gComhairle comhsheasmhach le tionscnaimh eile arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar athléimneacht fuinnimh an Aontais agus ullmhú do chásanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann agus tá sé go hiomlán comhoiriúnach le rialacha iomaíochta agus margaidh, ós rud é go bhfuil margaí fuinnimh trasteorann feidhmiúla ríthábhachtach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcás ina mbeidh ganntanais soláthair ann. Agus laghduithe níos comhordaithe ar éileamh á moladh, tá sé sin i gcomhréir freisin le spriocanna Chomhaontú Glas an Choimisiúin agus le cuspóirí ‘Oiriúnach do 55’ an Choimisiúin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

An Moladh lena rannchuidítear le slándáil an tsoláthair fuinnimh, tá sé le glacadh ar bhonn Airteagal 194(2) CFAE in éineacht le hAirteagal 292 CFAE. Le hAirteagal 292 soláthraítear an bunús dlí don Chomhairle chun moltaí a ghlacadh bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Ní bheartaítear leis an tionscnamh aon leathnú a dhéanamh ar chumhacht rialála an Aontais ná ar ghealltanais cheangailteacha ar na Ballstáit. Is iad na Ballstáit a chinnfidh, bunaithe ar a n‑imthosca náisiúnta, conas a chuirfidh siad an moladh seo ón gComhairle chun feidhme. I réimse an fhuinnimh, tá inniúlacht chomhroinnte ag an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 4(2)(i) CFAE.

Le Rialachán (AE) 2022/1369, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706, bunaíodh na rialacha maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás agus socraíodh sprioc laghdaithe éilimh 15 %, bunaithe ar Airteagal 122(1) CFAE. Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 2022/1369 in éag an 31 Márta 2024.

Moltar sa Mholadh seo ón gComhairle atá beartaithe go leanfaidh na Ballstáit dá n‑iarrachtaí an t‑éileamh ar ghás a laghdú, de mheon céanna na dlúthpháirtíochta a léiríodh agus Rialachán (AE) 2022/1369 á chur chun feidhme acu.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Na bearta a bhfuil sé beartaithe leanúint díobh faoin tionscnamh reatha, tá siad i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Mar gheall ar an scála agus an éifeacht mhór a bhain leis na ciorruithe méadaithe a rinne an Rúis ar an soláthar gáis, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ó na Ballstáit. Tá gá le cur chuige comhordaithe leanúnach trí laghdú uile-Aontais ar an éileamh, de mheon na dlúthpháirtíochta, chun laghdú a dhéanamh ar riosca an mhórshuaite a d’fhéadfadh a bheith ann le linn gheimhreadh 2024-2025, tráth a bheidh an tomhaltas gáis níos airde agus tráth a bheidh ar na Ballstáit brath, suas go pointe, ar an ngás a stóráiltear le linn an tséasúir líonta gáis.

Ós rud é gur géarchéim í an ghéarchéim sa soláthar gáis, chomh maith lena héifeachtaí trasteorann, nach bhfacthas a leithéid riamh, agus i bhfianaise leibhéal comhtháthaithe mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais, tá údar fós le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit astu féin aghaidh a thabhairt go leormhaith agus go héifeachtach, ná ar bhealach comhordaithe, ar an mbaol go mbeidh deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha ann mar thoradh ar arduithe ar phraghsanna agus ar shuaitheadh mór sa soláthar. Is le gníomhaíocht ón Aontas, agus í á spreagadh ag meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, agus leis sin amháin, is féidir a áirithiú nach mbeidh díobháil mharthanach ann do shaoránaigh agus don gheilleagar mar gheall ar shuaitheadh sa soláthar.

De bharr fairsinge agus éifeachtaí an bhirt, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, agus dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tá an idirghabháil beartais comhréireach le gné agus nádúr na bhfadhbanna a sainaithníodh agus le gnóthú na gcuspóirí a leagadh amach.

I bhfianaise na staide geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh agus an bhagairt atá ann go fóill do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, is léir go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach. Meastar go bhfuil na bearta atá beartaithe lena moladh comhréireach agus go gcuireann siad, a mhéid is féidir, leis na cineálacha cur chuige atá ann cheana, amhail na leibhéil ghéarchéime agus na pleananna éigeandála atá ann cheana arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938 agus forálacha Rialachán (AE) 2022/1369 a rachaidh in éag an 31 Márta 2024.

Leis an togra seo, leagtar síos an toradh deiridh mholtar a bhaint amach, i bhfoirm sprioc dheonach laghdaithe ar ghás le haghaidh na mBallstát, agus neamhspleáchas iomlán á thabhairt san am céanna do na Ballstáit an bealach is éifeachtaí a roghnú chun an sprioc dheonach sin a bhaint amach de réir a sainiúlachtaí náisiúnta agus na mbeart dá bhforáiltear cheana sna pleananna éigeandála náisiúnta.

An rogha ionstraime

Chun na cuspóirí dá dtagraítear thuas a bhaint amach, déantar foráil le CFAE go nglacfaidh an Chomhairle Moltaí, go háirithe in Airteagal 292 de in éineacht le hAirteagal 194(2) CFAE, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Is ionstraim iomchuí é Moladh ón gComhairle sa chás seo, ós rud é go moltar ann leanúint den laghdú comhordaithe ar éileamh a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1369, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706, agus á aithint, mar sin féin, nach bhfuil gá a thuilleadh le laghdú ar an éileamh atá ceangailteach ó thaobh dlí faoi láthair. Mar ghníomh dlíthiúil, cé gur de chineál neamhcheangailteach é, léirítear i moladh ón gComhairle tiomantas na mBallstát do na bearta a áirítear agus a soláthraítear bonn láidir polaitiúil le haghaidh le haghaidh comhair sna réimsí sin, agus inniúlachtaí na mBallstát a urramú go hiomlán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar íogaireacht pholaitiúil an togra agus ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh go tráthúil sula rachaidh Rialachán (AE) 2022/1369 in éag faoin 31 Márta 2024, ní fhéadfaí comhairliúchán sonrach a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, cuireadh san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh trí Rialachán (AE) 2022/1369 a chur i bhfeidhm agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán sin trí Thuarascáil COM(2023) 173 agus Tuarascáil COM(2024) 88. Rinneadh malartuithe tráthrialta leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1369, ó tháinig sé i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2022, i measc nithe eile.

Cearta bunúsacha

Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Leis na bearta faoin ionstraim seo, ní dhéanfar difear do chearta na gcustaiméirí a aicmítear mar chustaiméirí faoi chosaint faoi Rialachán (AE) 2017/1938, lena n‑áirítear na custaiméirí teaghlaigh uile. Leis an ionstraim seo, cuirfear ar ár gcumas na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a laghdú, ar rioscaí iad a mbeadh impleachtaí móra acu don gheilleagar agus don tsochaí murach sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl gá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh an togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra seo ar Mholadh beartaithe ón gComhairle, tá sé beartaithe na nithe seo a leanas a mholadh:

·Leanúint de bhearta leanúnacha ó na Ballstáit maidir le laghdú ar éileamh chun laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás a bhaint amach i gcomparáid leis na blianta tagartha Aibreán 2017 — Márta 2022 go dtí go ndéanfar codanna de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 a thrasuí faoin 11 Deireadh Fómhair 2025.

·Na Ballstáit a spreagadh leanúint dá dtuairisciú reatha do Eurostat ar an laghdú ar an éileamh ar ghás, lena náirítear miondealú de réir earnála.

2024/0054 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leanúint de bhearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de, i gcomhar le hAirteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle leanúint de na bearta leanúnacha chun éileamh a laghdú ag na Ballstáit chun laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás a bhaint amach i gcomparáid leis na blianta tagartha Aibreán 2017 — Márta 2022. Tá sé de chuspóir aige freisin na Ballstáit a spreagadh chun leanúint dá dtuairisciú reatha do Eurostat ar an éileamh ar ghás, lena náirítear miondealú de réir earnála.

(2)Glacadh Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle ( 2 ) i bhfianaise na géarchéime soláthair gáis a tharla mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is é is aidhm dó laghdú deonach agus más gá, laghdú sainordaitheach, a chur ar éileamh an Aontais ar ghás, líonadh stóras a éascú agus ullmhúchán níos fearr a áirithiú le haghaidh aon suaite eile soláthair. Glacadh é i bhfianaise an ghéarghá atá ann go ngníomhódh an tAontas trí bhíthin bearta sealadacha de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát.

(3)De bhun Rialachán (AE) 2022/1369, bhí na Ballstáit lena ndícheall a dhéanamh laghdú 15 % a chur ar a dtomhaltas gáis, ar dtús sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023, agus, tar éis síneadh a chur lena chur i bhfeidhm le Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle 3 , sa tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024. I gcás nach leor na bearta deonacha maidir le laghdú ar éileamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh ganntanas tromchúiseach soláthair ann, tugadh de chumhacht don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt, lena spreagfaí oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh. Ghlac na Ballstáit bearta chun a néileamh féin ar ghás a laghdú de mheon dlúthpháirtíochta as ar tháinig laghduithe éifeachtacha de níos mó ná 15 % ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais ó mhí Lúnasa 2022 go mí na Nollag 2023.

(4)De bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/1369, ní mór don Choimisiún athbhreithniú nua a dhéanamh ar an Rialachán sin faoin 1 Márta 2024, i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid na Comhairle. Chuir an Coimisiún príomhthorthaí a athbhreithnithe i láthair ina Thuarascáil COM(2024) 88.

(5)I dTuarascáil COM(2024) 88 ón gCoimisiún, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair fós íogair, cé gur tháinig feabhas ar staid shlándáil an tsoláthair gáis a bhuí le hinfheistíochtaí spriocdhírithe agus roinnt beart, lena náirítear laghdú ar éileamh le Rialachán (AE) 2022/1369. Tá an margadh gáis domhanda fós docht agus ní mheastar go dtiocfaidh feabhsuithe suntasacha ar acmhainneachtaí leachtaithe domhanda roimh 2025-2027, agus tá rioscaí eile ar an taobh thíos fós ann a d’fhéadfadh meath a chur ar staid reatha shlándáil an tsoláthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur chuir an laghdú ar éileamh go mór le deireadh a chur de réir a chéile le thart ar 65 bhilliún méadar ciúbach (bcm) de ghás ón Rúis in 2023, go príomha in earnálacha na dteaghlach agus na tionsclaíochta. In 2023, bhí an laghdú ar éileamh ríthábhachtach chun teacht chuig deireadh an gheimhridh agus leibhéil stórála leordhóthanacha ann agus chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt sa samhradh chun an oibleagáid stórála 90 % a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  4 a bhaint amach.

(6)Leis na heachtraí a tharla le déanaí de luaineacht mhór praghsanna lena náirítear le linn shamhradh agus fhómhar 2023, nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain, de bharr imeachtaí amhail an stailc i saoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) na hAstráile agus suaitheadh Balticconnector, léirítear go bhfuil na margaí fós leochaileach agus soghabhálach i leith turraingí measartha beag fiú maidir leis an éileamh agus an soláthar. Faoi na dálaí sin, d’fhéadfadh an imní go mbeadh an soláthar gáis nádúrtha gann a bheith ina cúis le freagairtí diúltacha sistéamacha ar fud an Aontais, rud a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar phraghsanna fuinnimh. Thairis sin, tá laghdú suntasach tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí foriomlána gáis don Aontas i gcomparáid leis na dálaí a bhí ann roimh an ngéarchéim, mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne ón Rúis le bliain anuas. Fuair an tAontas thart ar 25 bcm de ghás ón Rúis trí phíblínte agus ar an iomlán, ní raibh i soláthairtí ón Rúis ach 15 % d’allmhairí iomlána an Aontais (píblíne agus GNL) in 2023, i gcomparáid le 45 % in 2021.

(7)I bhfianaise na cothromaíochta doichte atá fós ann idir an soláthar agus an téileamh, d’fhéadfadh mórthionchar a bheith ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar phraghsanna gáis agus leictreachais agus d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do gheilleagar an Aontais, trí chur isteach ar a iomaíochas, agus tionchar diúltach a imirt ar shaoránaigh na hEorpa. Chuige sin, moltar do na Ballstáit uile laghdú comhordaithe leanúnach a dhéanamh ar an éileamh de mheon dlúthpháirtíochta, inter alia, chun na hacmhainneachtaí stórála a athlíonadh ar bhealach éifeachtúil agus leis an suaitheadh is lú is féidir ar an margadh, rud a chuireann le slándáil an tsoláthair gáis roimh gheimhreadh 2024-2025. Le coigiltis réamhghníomhacha, chomhordaithe agus dheonacha, laghdaítear an baol go mbeadh tionchar diúltach ag ganntanais gháis ar iomaíochas na dtionscal.

(8)Ó tháinig Rialachán (AE) 2022/1369 i bhfeidhm, tá feabhas suntasach tagtha ar leibhéal na hullmhachta sa mhargadh gáis agus ar shlándáil soláthair an Aontais. Mar sin féin, tá rioscaí fós ann do shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais ós rud é go bhfuil an staid dhomhanda ar an margadh gáis fós docht agus tá praghsanna fós níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim. Tá sé sin níos measa fós mar gheall ar luaineacht sa mhargadh a eascraíonn inter alia as cúinsí geopholaitiúla diana, rud a léirítear, i measc nithe eile, leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear agus sa Mhuir Rua. Mar gheall ar an suaitheadh soláthair agus an doichte a bhí ann ar an margadh le míonna anuas, tá 12 Bhallstát fós ar an gcéad nó ar an dara leibhéal géarchéime de bhun aicmiú coiteann an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938.

(9)Na deacrachtaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le riosca na slándála soláthair, déantar níos measa iad le roinnt rioscaí breise, lena náirítear deireadh a chur leis an gcomhaontú atá ann faoi láthair maidir le hidirthuras gáis tríd an Úcráin faoin 31 Nollaig 2024, trína ndearnadh thart ar 14 bcm a iompar in 2023. I measc rioscaí eile, tá teacht aniar a d’fhéadfadh a tharlú in éileamh GNL na hÁise lena laghdófaí infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda, geimhreadh fuar 2024-2025 a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le méadú suas le 30 bcm ar an éileamh ar ghás, teagmhais adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don stóráil hidreachumhachta agus don táirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, agus an méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte. Eascraíonn rioscaí breise as suaitheadh breise ar bhonneagair chriticiúla, amhail an méid a tharla le gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022 nó an suaitheadh i bpíblíne Balticconnector i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus as meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, amhail an Úcráin agus an Meánoirthear.

(10)Tá na margaí gáis domhanda fós docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tréimhse áirithe ama. Mar a thug an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) dá haire ina Tuarascáil Mheántéarmach maidir le Gás 2023 5 , níor tháinig ach méadú beag ar an soláthar GNL domhanda in 2022 (4 %) agus in 2023 (3 %). In Ionchas Fuinnimh Domhanda 2023 ó IEA 6 , measann sé go mbeidh drochbhail fós ar chothromaíochtaí margaidh amach anseo go dtí go dtiocfaidh na hacmhainneachtaí nua GNL ar líne sa tréimhse 2025-2027 mar atá beartaithe.

(11)Le Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 agus Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 a glacadh le déanaí, cuideofar le spriocanna dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach agus leis an éileamh a laghdú go struchtúrach go luath amach anseo, i gcomhréir le Athbhreithniú Domhanda COP28 9 ina naithnítear an gá atá le haistriú ó bhreoslaí iontaise sna córais fuinnimh ar bhealach cóir, eagraithe agus cothrom. Cé nach mbeidh na bearta a ghlacfaidh na Ballstáit chun na Treoracha sin a thrasuí i bhfeidhm go fóill, den chuid is mó, le linn chur i bhfeidhm an Mholta seo, cuirfidh siad leis an éileamh ar ghás a laghdú sna blianta i ndiaidh an trasuite. Ós rud é nach gá bearta tábhachtacha na dtreoracha thuasluaite a thrasuí ach i mí na Bealtaine 2025, is iomchuí a mholadh go ndéanfar an téileamh ar ghás a laghdú le haghaidh na hidirthréimhse go dtí an trasuí sin.

(12)Leis an laghdú ar éileamh arna dhéanamh ag na Ballstáit, is féidir rannchuidiú go háirithe le saoráidí stórála faoi thalamh a líonadh, chun leibhéil leordhóthanacha shlándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh gheimhreadh 2024-2025 agus chun buanú ganntanais líonta stórála a sheachaint go dtí geimhreadh 2025-2026. Má leanfar den éileamh ar ghás a laghdú, cuideofar freisin leis an mbrú anuas ar phraghsanna a choinneáil ar bun, chun tairbhe do thomhaltóirí an Aontais agus don iomaíochas tionsclaíoch.

(13)Níor cheart go ndéanfadh difear leis an moladh maidir le gás a choigilt don ghá atá ann cloí le cuspóirí dícharbónaithe na mBallstát. Leis an Moladh seo, dá bhrí sin, níor cheart na Ballstáit a dhídhreasú chun leanúint de bheith ag aistriú ó ghual go gás le haghaidh e.g. giniúint leictreachais i gcás ina gcuideoidh sé sin leis na Ballstáit a gcuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach, mar a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

(14)Aithnítear imthosca sonracha náisiúnta le forálacha an Mholta seo maidir le laghdú ar éileamh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an sprioc mholta maidir le laghdú ar éileamh a theorannú go sealadach i gcás imthosca sonracha náisiúnta den chineál sin, inter alia. i gcás ina mbeidh Ballstát ag dul i ngleic le géarchéim leictreachais, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). D’fhéadfaí a áireamh i gcás den sórt sin teorainn a bheidh comhréireach le méadú suntasach ar úsáid gáis chun cumhacht a ghiniúint, rud is gá chun i bhfad níos mó leictreachais a onnmhairiú chuig Ballstát comharsanachta, de bharr imthosca eisceachtúla, amhail hidreachumhacht íseal nó infhaighteacht íseal núicléach sa Bhallstát lena mbaineann, nó sa Bhallstát comharsanachta a nonnmhairítear i bhfad níos mó leictreachais chuige.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

(1)Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chás deacrachtaí maidir leis an soláthar gáis, d’fhonn slándáil soláthair gáis an Aontais a chosaint, trí chomhordú feabhsaithe, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar laghdú ar an éileamh náisiúnta ar ghás.

(2)Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh laghdú 15 % ar a laghad a chur ar a dtomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreáin 2024 go dtí an 31 Márta 2025 (an ‘tréimhse laghdaithe’) i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa ‘tréimhse thagartha’ ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

(3)Chun tomhaltas gáis a laghdú i ngach Ballstát le linn na ‘tréimhse laghdaithe’, ba cheart an téileamh ar ghás a bheith 15 % níos ísle i gcomparáid lena thomhaltas gáis tagartha. Ciallaíonn ‘tomhaltas gáis tagartha’ toirt meántomhaltais gáis Ballstáit le linn na tréimhse tagartha. I gcás na mBallstát inar tháinig méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha, ní chiallaíonn ‘tomhaltas gáis tagartha’ ach toirt an tomhaltais gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022.

(4)Níl an Moladh seo dírithe ar Bhallstát nach bhfuil a chóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír i gcás ina ndéanfar é a dhíshioncrónú ó chóras an tríú tír sin fad a cheanglaítear seirbhís córais cumhachta leithlisithe nó seirbhísí eile leis an oibreoir córais tarchurtha cumhachta a bheith ann chun oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.

(5)Níl an Moladh seo dírithe ar Bhallstát fad nach mbeidh an Ballstát sin idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon Bhallstáit eile.

(6)Ba cheart an rogha a bheith ag Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc maidir le laghdú ar éileamh de bhun phointe 3 a ríomh de réir toirt an gháis atá cothrom leis an difríocht idir a sprioc idirmheánach le haghaidh an 1 Lúnasa 2022 a leagtar síos in Iarscríbhinn 1a a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1032 agus toirt iarbhír an gháis stóráilte an 1 Lúnasa 2022, má chomhlíonann sé an sprioc idirmheánach ar an dáta sin.

(7)Ba cheart an rogha a bheith ag Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc maidir le laghdú ar éileamh de bhun phointe 3 a ríomh de réir toirt an gháis a thomhlaítear le linn na tréimhse tagartha mar amhábhar. Ciallaíonn ‘amhábhar’ ‘úsáid neamhfhuinnimh gáis nádúrtha’ dá dtagraítear i ríomhanna cothromaíochtaí fuinnimh ón gCoimisiún (Eurostat).

(8)Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc maidir le laghdú ar an éileamh de bhun phointe 3 a choigeartú freisin de réir mhéid an tomhaltais gáis mhéadaithe a eascraíonn ón aistriú ó ghual go gás a úsáidtear le haghaidh téamh ceantair, más méadú 8 % ar a laghad é sin sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Márta 2024 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha agus a mhéid atá an méadú sin inchurtha go díreach i leith an aistrithe.

(9)Ba cheart an rogha a bheith ag Ballstát teorainn 8 bpointe céatadáin a chur leis an sprioc maidir le héileamh a laghdú, más rud é gur lú ná 50 % a idirnasc le Ballstáit eile i dtéarmaí acmhainneacht dhocht theicniúil onnmhairiúcháin, i gcomparáid lena ídiú bliantúil gáis in 2021, agus go ndearnadh an acmhainneacht ar idirnascairí le Ballstáit eile a úsáid i ndáiríre chun gás a iompar ar leibhéal 90 % ar a laghad ar feadh na míosa roimhe sin, mura féidir leis an mBallstát a thaispeáint nach raibh aon éileamh ann agus gur uasmhéadaíodh an acmhainneacht, agus go bhfuil a chuid saoráidí GNL intíre réidh, ó thaobh na tráchtála de agus go teicniúil, chun gás a atreorú chuig Ballstáit eile suas leis na toirteanna a theastaíonn ón margadh.

(10)Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann teorainn shealadach a chur le haon sprioc maidir le laghdú ar éileamh i gcás géarchéim leictreachais chun an riosca don soláthar leictreachais a mhaolú, go háirithe mura bhfuil roghanna eacnamaíocha eile ann chun an gás atá riachtanach chun leictreachas a tháirgeadh a athsholáthar gan slándáil an tsoláthair a chur go mór i mbaol. Sa chás sin, moltar don Bhallstát na cúiseanna leis an teorannú a chur in iúl.

(11)Ba cheart na bearta a roghnaíonn na Ballstáit chun an téileamh a laghdú a bheith sainithe go soiléir, agus go mbeidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe.

(12)Agus bearta á ndéanamh acu a dhéanann difear do chustaiméirí, seachas custaiméirí faoi chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 5, de Rialachán (AE) 2017/1938, moltar do na Ballstáit critéir oibiachtúla thrédhearcacha a leanúint lena gcuirfear san áireamh a dtábhacht eacnamaíoch mar aon leis na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;

(b)na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na nearnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;

(c)an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;

(d)na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas.

(13)Nuair a bheidh cinneadh déanta ag na Ballstáit maidir le bearta chun gás a choigilt, moltar dóibh breithniú a dhéanamh ar bhearta chun gás a thomhlaítear san earnáil leictreachais a laghdú, bearta chun athrú breosla a spreagadh sa tionscal, feachtais múscailte feasachta náisiúnta, agus oibleagáidí spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú, chun athrú go breoslaí eile a chur chun cinn agus tomhaltas tionscail a laghdú agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le bearta maidir le laghdú ar éileamh.

(14)Moltar do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le bearta nua maidir le laghdú ar éileamh nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún go fóill de bhun Rialachán (AE) 2022/1369.

(15)Moltar do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a gcríoch agus moltar do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar a dtomhaltas gáis (i dteirigiúil, TJ) don Choimisiún trí Eurostat gach 2 mhí ar a laghad agus tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin.

(16)Moltar go náireofaí sa tuairisciú do Eurostat miondealú ar an tomhaltas gáis in aghaidh na hearnála, lena náirítear an tomhaltas sna hearnálacha seo a leanas:

(a)ionchur gáis le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa;

(b)tomhaltas gáis i dtionscal;

(c)tomhaltas gáis teaghlach agus seirbhísí.

(17)Chun críoch an mholta sa phointe seo, ba cheart a mheas gur ábhartha na sainmhínithe agus na coinbhinsiúin staidrimh a bunaíodh i Rialachán (CE) 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

(18)Is díol sásaimh é go dtacaíonn an Coimisiún le cur chun feidhme an mholta seo trí faireachán a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a bhaintear amach in aghaidh na hearnála agus ar na bearta a dhéantar maidir le laghdú ar éileamh, in éineacht leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1369/oj ).
(3)    Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle an 30 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe éilimh le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú (IO L 93, 31.3.2023, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2023/706/oj ).
(4)    Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj ).
(5)

    Tuarascáil Mheántéarmach maidir le Gás 2023 – Anailís – IEA.

(6)

    Ionchas ar Fhuinneamh Domhanda 2023 – Anailís — IEA.

(7)    Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj ).
(8)    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, (IO L 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj ).
(9)    Athbhreithniú Domhanda UNFCCC , https://unfccc.int/sites/default/files/resource/cma2023_L17_adv.pdf
(10)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj ).
(11)    Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena naisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1099/oj ).