Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair le haghaidh Rialacháin lena leasaítear an Rialachán maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí agus le haghaidh Rialacháin lena leasaítear an Rialachán maidir le ceanglais lipéadaithe fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim tí

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Bíonn an‑tóir ar thriomadóirí rothlaim i measc theaghlaigh an Aontais, go háirithe i mBallstáit na hEorpa Láir agus Thuaidh. Tá méadú ag teacht ar dhul i bhfód triomadóirí rothlaim ar an margadh agus tá coinne leis go dtiocfaidh méadú air ó 26 % de theaghlaigh an Aontais in 2020 go 35 % in 2040. D’ainneoin an chaomhnaithe fuinnimh shuntasaigh a baineadh amach le blianta anuas mar gheall ar fhorbairt agus glacadh tapa triomadóirí rothlaim éifeachtúla ar an margadh bunaithe ar theicneolaíocht teaschaidéil, leanann roinnt tomhaltóirí de shamhlacha a cheannach atá bunaithe ar theicneolaíochtaí atá imithe i léig agus nach bhfuil chomh héifeachtúil sin. Is mór an méid leictreachais a úsáideann an táirge sin fós, áfach, agus tá acmhainn mhór ann chun ídiú leictreachais agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na triomadóirí rothlaim is lú éifeachtúlacht trí cheanglais éicidhearthóireachta athbhreithnithe. Ina theannta sin, mar gheall ar ghlacadh tapa triomadóirí rothlaim teaschaidéil ar an margadh, táthar ag díriú go mór ar na trí phríomhaicme lipéadaithe fuinnimh atá ann faoi láthair (A+ go A+++), rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do thomhaltóirí idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha is mó agus is lú éifeachtúlacht den chineál táirge sin. Trí athscálú a dhéanamh ar lipéid fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, cuideofar le saoránaigh na táirgí is éifeachtúla a roghnú. I gcomhréir leis an gcreat‑rialachán maidir le lipéid fuinnimh, is gá gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi mhí Lúnasa 2023 chun an lipéad fuinnimh atá ann faoi láthair le haghaidh triomadóirí rothlaim a athscálú chun scála aonchineálach A go G a áirithiú.

Thairis sin, níl aon cheanglas sa reachtaíocht maidir le triomadóirí rothlaim faoi láthair lena rannchuidítear le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach, go háirithe maidir le marthanacht, indeisitheacht agus in‑athchúrsáilteacht. Le 15 bliana anuas, tá laghdú tagtha ar shaolré triomadóirí rothlaim ó 14 bliana go 12 bhliain. Cé nach féidir an giorrú sin ar shaolré an triomadóra rothlaim a chur i leith cúis shonrach, tá roinnt fadhbanna ann a d’fhéadfadh, i dteannta a chéile, a bheith ina gcúis le staid dífheidhmeachta a raibh coinne léi. Is gnéithe nach mór aghaidh a thabhairt orthu uile iad páirteanna spártha gan bheith ar fáil, easpa faisnéise maidir le deisiú agus cothabháil agus cáilíocht easnamhach faisnéise deireadh ré. Is é an toradh a bhíonn ar an easpa beart geilleagair chiorclaigh sin go dtagann méadú ar an ídiú fuinnimh agus go mbíonn astaíochtaí breise gás ceaptha teasa ann i gcaitheamh shaolré iomlán an táirge.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair, déanfar na nithe seo a leanas:

˗an t‑ídiú leictreachais a bhaineann le triomadóirí rothlaim tí a laghdú;

˗laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar gheall ar an laghdú ar an ídiú leictreachais agus an laghdú ar chuisneáin a d’fhéadfaí a scaoileadh san aer le linn na próiseála deireadh ré araon;

˗marthanacht triomadóirí rothlaim a mhéadú;

˗costais saolré a íoslaghdú, lena n‑áirítear táirgeadh agus athchúrsáil;

˗laghdú ar a chasta atá an Rialachán agus é a thabhairt níos mó i gcomhréir le rialacháin éicidhearthóireachta eile.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Gan ceanglais chomhchuibhithe ar fud an Aontais, d’fhéanfaí na Ballstáit a dhreasú lena gceanglais éifeachtúlachta fuinnimh tháirgeshonracha féin a leagan síos mar chuid dá mbeartais náisiúnta fuinnimh agus chomhshaoil. Dhéanfadh sé sin dochar do shaorghluaiseacht táirgí.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Rinneadh scrúdú ar na trí phríomhrogha beartais seo a leanas:

˗Rogha beartais 1 - Gnó mar is Gnách (GMG). Cás bonnlíne, nach mbíonn aon athrú ar na Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair;

˗Rogha beartais 2 (RB2) - bearta boga: athscálú a dhéanamh ar an lipéad fuinnimh, lena n‑áirítear aicme A a bheadh folamh chun nuálaíocht a chothú (de réir mar a éilítear leis an gcreat‑rialachán);

˗Rogha beartais 3 (RB3) - bearta uaillmhianacha: uasteorainn EEI a leagan síos lena gcuirfí deireadh de réir a chéile le gach triomadóir rothlaim nach mbeadh bunaithe ar an teicneolaíocht teaschaidéil.

˗Rogha beartais 4 (RB4) - bearta an gheilleagair chiorclaigh: sainordú a thabhairt maidir le páirteanna spártha criticiúla a bheith ar fáil, faisnéis a sholáthar maidir le deisiú agus cothabháil, agus faisnéis a sholáthar le haghaidh in‑athchúrsáilteacht fheabhsaithe.

Seachas na bearta a leagtar amach thuas, déantar cuimhneamh sa mheasúnú tionchair ar roinnt ceanglas chun castacht dhlíthiúil a laghdú agus comhsheasmhacht le bearta éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh eile a mhéadú, ar bearta iad nach ndearnadh an éifeacht a bhaineann leo a chainníochtú. Is iad na nithe seo a leanas a dhéantar leis na bearta sin:

- an lipéad fuinnimh a shimpliú;

- aicme astaíochtaí torainn a thabhairt isteach;

- móid ísealchumhachta a chuimsiú sa reachtaíocht maidir le triomadóirí rothlaim agus triomadóirí rothlaim a bhaint de raon feidhme an Rialacháin chothrománaigh maidir le Fuireachas ina dhiaidh sin.

An rogha thosaíochta 

Is é an rogha beartais ab fhearr RB2+RB3+RB4, arna cur i bhfeidhm in dhá idirthréimhse chun a ligean do pháirtithe leasmhara, go háirithe monaróirí, ullmhú do na ceanglais nua. An chéad idirthréimhse de 18 mí chun na bearta in RB2 agus RB4 a chur i bhfeidhm, agus an dara hidirthréimhse de 18 mí sa bhreis chun RB3 a chur i bhfeidhm. 3 bliana a bheidh i bhfad iomlán na hidirthréimhse dá bhrí sin.

Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

˗Is é an tionscal a thacaíonn le RB2;

˗Is iad ENRanna agus tromlach na mBallstát a thacaíonn le RB3. D’fhéadfadh an tionscal teacht ar chomhaontú maidir le RB3, áfach, ar choinníoll go dtabharfaí idirthréimhse chun an rogha beartais sin a chur i bhfeidhm. Glacadh leis an iarraidh sin ón tionscal, mar a mhínítear thuas.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Meastar go mbeidh na torthaí seo a leanas ann de dhroim RB2+RB3+RB4 faoi 2040 i leith cás GMG:

˗caomhnú fuinnimh carnach de 15.0 TWh faoi 2040;

˗coigiltis astaíochtaí carnacha GCT de 1.7 MT CO2eq. faoi 2040;

˗coigiltis charnacha de EUR 2.8 billiún ar chaiteachas bliantúil úsáideoirí deiridh faoi 2040;

˗Méadú ar láimhdeachas monaróirí (EUR 1.1 billiún faoi 2040)

˗Méadú ar ghlanfhostaíocht ar fud na sochaí (9 303 phost);

˗ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leordhóthanach chun coimeád suas leis an dul chun cinn teicneolaíoch;

˗gan aon tionchar mór ar FBManna, ar miondíoltóirí agus deisitheoirí iad den chuid is mó (níl aon FBM i measc monaróirí trealaimh).

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Meastar gur EUR 237 milliún in aghaidh na bliana na costais chomhlíontachta a bheidh ann in 2040. Meastar gur thart ar EUR 1 mhilliún na costais riaracháin a bhaineann leis an Deimhniú Comhréireachta a thabhairt cothrom le dáta, faisnéis EPREL a thabhairt cothrom le dáta agus an t‑athlipéadú.

Cén difear a dhéanfar do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Níl aon FBM i measc na monaróirí le haghaidh an ghrúpa táirgí sin, ar cuideachtaí móra iad uile. Is miondíoltóirí agus deisitheoirí iad na FBManna uile dá bhrí sin. Tiocfaidh méadú ar láimhdeachas déileálaithe in 2030 mar gheall ar na praghsanna níos airde a bheidh ar thriomadóirí rothlaim teaschaidéil. Mar sin féin, tiocfaidh laghdú beag ar an láimhdeachas (agus ar an bhfostaíocht) faoi 2040. Baineann sé sin le hiarmhairt na mbeart geilleagair chiorclaigh i ndáil le díolacháin níos ísle, agus tá coinne leis go gcuirfidh na bearta sin síneadh le saolré na dtriomadóirí rothlaim. Cúiteofar an laghdú ar an láimhdeachas ar thaobh díolacháin an ghnó go pointe áirithe le fás ar ghníomhaíochtaí deisiúcháin iar‑dhíola.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Níl aon tionchar measta breise ar bhuiséid náisiúnta ná ar riaracháin náisiúnta seachas an faireachas margaidh, ach is gnó mar is gnách atá i gceist leis sin.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Ní mheastar go mbeidh aon tionchar mór dearfach nó diúltach eile ann.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Le clásal athbhreithniúcháin, molfar go ndéanfaí athbhreithniú ar na Rialacháin laistigh de thart ar 5 bliana tar éis a nglactha.