An Bhruiséil,4.12.2023

COM(2023) 756 final

2023/0440(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála i ndáil le roinnt cinntí a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (Comhaontú WTO)

Is é is aidhm don Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) na cuspóirí a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú a bhaint amach. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

Is páirtí é an tAontas Eorpach (AE) sa Chomhaontú. 1  Is páirtithe iad gach ceann de na 27 mBallstát sa Chomhaontú freisin. Féadfaidh EDT cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gComhaontú EDT.

2.2.Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála

Is í an Chomhdháil Aireachta an comhlacht cinnteoireachta is airde in EDT agus tagann sí le chéile gach dhá bhliain ar a laghad. De réir dlí agus cleachtais, déantar cinntí trí chomhdhearcadh.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Chomhdháil Aireachta in Abú Daibí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an 26-29 Feabhra 2024.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil Aireachta EDT

An 29 Feabhra 2024, d’fhéadfadh an 12ú Comhdháil Aireachta EDT (‘MC13’) roinnt cinntí maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh:

1.Athchóiriú ar réiteach díospóidí

2.Fóirdheontais iascaigh

3.Slándáil bia

4.Feabhas ar thrédhearcacht san earnáil talmhaíochta

5.Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia

6.Tacaíocht intíre don earnáil talmhaíochta

7.Srianta ar onnmhairiú san earnáil talmhaíochta:

8.Iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta

9.Rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta

10.Sásra coimirce speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta

11.An cadás

12.Tarscaoileadh TRIPS

13.Ionramháil speisialta agus dhifreálach

14.Togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - bearta tacaíochta i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (Iarscríbhinn 2)

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfaí a bhaint amach in EDT, comhdhearcadh maidir leis an gComhdháil Aireachta na gníomhartha beartaithe a ghlacadh.

Cé nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh Comhaltaí EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh faoi na gníomhartha atá beartaithe, nó a mhéid a bheidh siad in ann teacht air, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais ag MC13 a shocrú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE. 2  

Seasamh an Aontais chun tacú le síneadh a chur leis an moratóir ar dhleachtanna custaim ar thras-seoltaí leictreonacha agus leis an moratóir ar na gearáin sin dá bhforáiltear faoi Airteagal XXIII, fomhíreanna 1(b) agus 1(c) de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (gearáin i gcás nach bhfuil sárú ann agus gearáin staide), ní mór a mheabhrú nach n‑áireofar an seasamh sin sa togra toisc go bhforálann Cinneadh (AE) 2015/2236 ón gComhairle an 27 Samhain 2015 gur féidir é sin a dhéanamh ar feadh tréimhse éiginnte.

Cuimsíonn an togra atá ann faoi láthair na saincheisteanna seo a leanas ar féidir cinntí a dhéanamh ina leith:

·Athchóiriú ar réiteach díospóidí: Ag MC12 sa Ghinéiv i mí an Mheithimh 2022, gheall Comhaltaí EDT plé a dhéanamh dfhonn córas um réiteach díospóidí lánfheidhmiúil agus dea-fheidhmiúil a bheith ann a mbeidh rochtain ag na Comhaltaí uile air faoi 2024. Tá an plé sin ar siúl, agus tá an tAontas ag iarraidh athchóiriú fóinteach a dhéanamh ar an gcóras um réiteach díospóidí chun aghaidh a thabhairt ar leasanna na gComhaltaí agus, an tráth céanna, a bhunghnéithe a chaomhnú lena dtugtar tacaíocht don chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Fóirdheontais iascaigh: Tá an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ag féachaint le teacht ar chomhaontú iltaobhach maidir le forálacha breise lena mbainfí amach comhaontú cuimsitheach maidir le fóirdheontais iascaigh i gcomhréir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na Náisiún Aontaithe (SFI 14.6) a chomhaontaigh na Cinn Stáit in 2015. Le Cinneadh Aireachta EDT an 17 Meitheamh 2022 (WT/MIN(22)/33), glacadh an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh agus, an tráth céanna, iarradh comhaontú cuimsitheach a bhaint amach maidir le fóirdheontais iascaigh. Tá an chaibidlíocht faoi fhorálacha breise ar siúl faoi láthair agus ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Slándáil bia: Tá gá le gníomhaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le slándáil bia, a chuaigh chun donais ar fad de dheasca iarmhairtí fogha gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, i gcomhthéacs dhúshláin dhomhanda an chomhshaoil. Meastar go mbeidh slándáil bia ina gné thábhachtach de thorthaí CA13. Thairis sin, dfhormhuinigh na hAirí ag MC12 Dearbhú maidir leis an bhFreagairt Éigeandála ar Neamhshlándáil an tSoláthair Bia (WT/MIN(22)/28, WT/L/1139) inar tugadh treoir don Choiste um Thalmhaíocht tabhairt faoi chlár oibre tiomnaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an gCinneadh maidir le Bearta a Bhaineann le hÉifeachtaí Diúltacha a dfhéadfadh a bheith ag an gClár um Athchóiriú ar na Tíortha is Lú Forbairt (LDCanna) agus maidir le Tíortha atá i mBéal Forbartha is Glanallmhaireoirí Bia (NFIDCanna) (Cinneadh Marrakech), ar bhealaí chun an Cinneadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos oibríochtúla. An tráth céanna, tugadh treoir do na Comhaltaí machnamh a dhéanamh ar riachtanais TLFanna agus NFIDCanna chun a nathléimneacht a mhéadú mar fhreagairt ar éagobhsaíocht ghéar bia, lena náirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as solúbthachtaí chun a dtáirgeadh talmhaíochta a threisiú agus chun feabhas a chur ar a slándáil bia intíre de réir mar is gá i gcás éigeandála. Leag na Comhaltaí i gcomhar le chéile amlíne síos ag deireadh mhí na Samhna 2023 chun clár oibre a thabhairt i gcrích agus teacht ar roinnt moltaí coiteanna. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Feabhas ar thrédhearcacht san earnáil talmhaíochta: Creideann an tAontas go bhféadfadh a aighneacht (RD/AG/110) maidir le huirlisí níos fearr chun faisnéis faoi bheartais san earnáil talmhaíochta a chomhroinnt a bheith mar bhonn do chinneadh ag MC13. Áirítear san aighneacht sin smaointe nithiúla le haghaidh feabhsuithe trédhearcachta i réimse na srianta ar onnmhairiú agus i réimse na hiomaíochta onnmhairiúcháin. Dfhéadfadh feabhsuithe trédhearcachta a bheith ina gcuid de réiteach cuimsitheach ar na fadhbanna atá roimh mhargaí bia agus talmhaíochta sa lá atá inniu ann agus, an tráth céanna, a bheith ina gcuid den réiteach ar na dúshláin leanúnacha a bhaineann le slándáil bia. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin. 

·Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia: Is é is aidhm don chaibidlíocht réiteach buan a chomhaontú a chomhlíonfaidh an sprioc a leagadh amach i gCinneadh Aireachta Bali an 7 Nollaig 2013 maidir le Stocshealbhaíocht Phoiblí chun críocha na Slándála Bia (WT/MIN(13)/38-WT/L/913), arna léirmhíniú ag an gCinneadh ón gComhairle Ghinearálta an 27 Samhain 2014 ina dhiaidh sin (WT/L/939). Athdhearbhaíodh an sprioc sin i gCinneadh Aireachta Nairobi an 19 Nollaig 2015 (WT/MIN(15)/44-WT/L/979). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe sa réimse sin.

·Tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta: An chaibidlíocht maidir le tacaíocht intíre a dhéanann saobhadh ar an trádáil, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT um an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de shainordú Chlár Oibre Doha um Fhorbairt ( DDA) mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe sa réimse sin.

·Srianta ar onnmhairiú san earnáil talmhaíochta: Léiríodh leis an gcaibidlíocht maidir le srianta ar onnmhairiú sa talmhaíocht go dtacaíonn cuid mhór de Chomhaltaí EDT le trédhearcacht agus intuarthacht fheabhsaithe na dtoirmeasc agus na srianta ar onnmhairiú, chomh maith le feabhas a chur ar na disciplíní ábhartha. I bhfianaise a thábhachtaí atá an tsaincheist sin, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le tograí le haghaidh Cinneadh Aireachta ar an ábhar sin, ar rud é a dfhéadfadh a bheith ina eilimint thábhachtach de chuid toraidh slándála bia ag MC13. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta: Is gá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar dhisciplíní araon san iomaíocht onnmhairiúcháin. seans áirithe ann go ndéanfar dul chun cinn ó thaobh feabhsuithe trédhearcachta de in MC13. Go deimhin, chuir an tAontas roinnt smaointe ina leith sin ina aighneacht (RD/AG/110) maidir le huirlisí níos fearr chun faisnéis faoi bheartais san earnáil talmhaíochta a chomhroinnt. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta: Dearbhaíodh leis an bplé ar an gcaibidlíocht maidir le rochtain chuimsitheach ar an margadh san earnáil talmhaíochta nach bhfuil fonn rómhór ná deis cheart ann chun an chaibidlíocht maidir le laghdú taraifí a atosú in EDT go luath. Tá rochtain ar an margadh fós ina cuid den chothromaíocht i ndáil le réimsí eile, go háirithe tacaíocht intíre. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Sásra coimirce speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta: Leanadh den phlé maidir leis an Sásra Coimirce Speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta de bhun na dtograí atá molta agus de bhun Chinneadh Aireachta Nairobi (WT/MIN(15)/43 – WT/L/978). Tá sainleas ag an Aontas Eorpach a áirithiú nach ndéanfar SSM a chaibidliú mar ghné neamhspleách ach go mbeidh sé mar chuid den chaibidlíocht níos leithne maidir le rochtain ar an margadh. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·An cadás: Leanadh leis an bplé maidir leis an gcadás sa chreat a bunaíodh i míreanna 5, 6 agus 7 de Chinneadh Aireachta Bali maidir leis an gCadás (WT/MIN(13)/41 - WT/L/916 ) agus i mír 14 de Chinneadh Aireachta Nairobi maidir leis an gCadás (WT/MIN(15)/46 - WT/L/981). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

·Tarscaoileadh TRIPS: Tá an chaibidlíocht sin ina cuid den phlé atá ar siúl faoi láthair in EDT maidir leis an gcaoi ar féidir leis an gcóras trádála feabhas a chur ar rochtain ar vacsaíní leighis, teiripic agus diagnóisic COVID-19 ar fud an domhain. Ghlac MC12 an Cinneadh Aireachta maidir leis an deis do Chomhaltaí EDT incháilithe údarú a thabhairt dá monaróirí le vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh gan toiliú ó úinéirí paitinne. Le raon feidhme táirgí Chinneadh TRIPS, cumhdaítear vacsaíní COVID-19 chomh maith leis na comhábhair agus na próisis is gá chun iad a mhonarú. Tráth a glacadh Cinneadh TRIPS, ní raibh aon chomhdhearcadh i measc Chomhaltaí EDT chun diagnóisic agus teiripic COVID-19 a chumhdach freisin. Mar chuid den chomhréiteach, sonraítear i gCinneadh TRIPS go ndéanfaidh na Comhaltaí cinneadh, tráth nach déanaí ná sé mhí ó dháta Chinneadh TRIPS, maidir lena shíneadh chun táirgeadh agus soláthar diagnóisic agus teiripic COVID-19 a chumhdach. Dainneoin an phlé a bhí ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag 2022, níor thángthas ar aon chomhdhearcadh i measc Chomhaltaí EDT. Daontaigh Comhairle Ghinearálta EDT i mí na Nollag 2022 le leanúint den phlé ach gan cinneadh a dhéanamh maidir leis an spriocdháta chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche. Tá coinne leis go ndéanfar an cinneadh maidir le raon feidhme Chinneadh TRIPS a leathnú chun diagnóisic agus teiripic COVID-19 a chumhdach ag MC13.

I bhfianaise a thábhachtaí atá an tsaincheist sin, ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfadh a bheith ann san Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le glacadh an ghnímh atá beartaithe ag MC13. An tráth céanna, ba cheart toradh an phlé i measc Chomhaltaí EDT cothromaíocht cheart a bhaint amach idir aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus dreasachtaí le haghaidh nuálaíochta i réimse na sláinte a choinneáil ar bun.

·Ionramháil speisialta agus dhifreálach (SDT): Caibidlíocht maidir le forálacha SDT lena náirítear i gcomhthéacs an phlé ar roinnt tograí ó G-90 (Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin) maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) agus bacainní teicniúla ar an trádáil (TBT) agus tograí le haghaidh solúbthacht beartais ón nGrúpa Afracach i réimsí amhail fóirdheontais, bearta infheistíochta a bhaineann le trádáil (TRIMS) agus aistriú teicneolaíochta laistigh de ghnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (TRIPS), dfhéadfadh toradh aireachta ag MC13 teacht as an gcaibidlíocht sin, mar shampla trí fhorálacha atá ann cheana a shoiléiriú nó trí SDT breise a dheonú do Thíortha is Lú Forbairt (LDCanna) agus do thíortha áirithe atá i mbéal forbartha. I bhfianaise chomh héagsúil agus atá na seasaimh sa chaibidlíocht, measann an tAontas go bhféadfadh toradh a bheith air sin go mbeadh na hábhair sin ina gcuid de chlár oibre i ndiaidh MC13 nó torthaí eile nach dtabharfaí le tuiscint leo go nathrófaí comhaontuithe EDT.

·Togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - bearta tacaíochta i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (Iarscríbhinn 2): Tá caibidlíocht fós ar siúl maidir le tograí ó Ghrúpa LDCanna, a liostaítear in Iarscríbhinn 2, maidir leis na bearta tacaíochta seo a leanas ar mhaithe le haistriú níos réidhe do chomhaltaí EDT atá á nathaicmiú as catagóir LDCanna: i) forálacha SDT i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha EDT a shíneadh go ceann tréimhse iomchuí; ii) na comhaontuithe agus na cinntí sonraithe sin a dhíolmhú ó ghníomhaíochtaí faoi shásra EDT um réiteach díospóidí ar feadh tréimhse ama iomchuí; agus iii) rochtain leanúnach a áirithiú ar gach cúnamh teicniúil a bhaineann go sonrach le LDCanna agus ar gach clár agus saoráid um fhothú acmhainneachta a chuirtear ar fáil faoi chóras EDT ar feadh tréimhse ama iomchuí. Má tá gá le toradh aireachta, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith. Le toradh den sórt sin, dfhéadfaí forálacha áirithe LDCanna a shíneadh chuig tíortha a athaicmíodh le déanaí ar feadh tréimhse theoranta ama.

Ó tharla go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl faoi láthair maidir le gach gné a luaitear thuas, measann an Coimisiún go ndéanfaidh an Chomhairle a chinneadh maidir le seasamh an Aontais i leith thoradh na caibidlíochta a luaithe a bheidh soiléireacht ann ó thaobh an staid a bhaineann leis na téacsanna ábhartha le linn na Comhdhála Aireachta féin.

Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair. Ullmhaíodh cinntí comhchosúla le haghaidh Comhdhálacha Aireachta EDT a tharla roimhe seo, lena n‑áirítear an 12ú Comhdháil Aireachta EDT in 2022, arb é an ceann is deireanaí a reáchtáladh.

4.An bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a dfhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhdháil Aireachta EDT, arna bhunú le comhaontú, eadhon Comhaontú EDT, a bhfuil sé d’údarás aige, de réir Airteagal IV:1 de Chomhaontú EDT, cinntí a dhéanamh maidir le haon ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na comhaontuithe trádála iltaobhacha, lena n‑áirítear cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.

Na gníomhartha atá beartaithe a luaitear thuas, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhféadfaidís difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí an Aontais de bhua an dlí idirnáisiúnta.

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad a dhéanann creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus ar ina leith atáthar ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

2023/0440 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 4 a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (Comhaontú EDT), agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)De bun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, féadfaidh Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) cinntí a ghlacadh de chomhdhearcadh.

(3)Féadfaidh Comhdháil EDT, le linn a 13ú cruinniú an 26-29 Feabhra 2024, cinntí a ghlacadh maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí, fóirdheontais iascaigh, an trádáil agus slándáil bia, feabhsuithe trédhearcachta san earnáil talmhaíochta:, stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia, tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta, srianta ar onnmhairiú san earnáil talmhaíochta, iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta, sásra coimirce speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta, cadás, tarscaoileadh TRIPS, ionramháil speisialta agus dhifreálach, togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - Iarscríbhinn 2.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.

(5)Bhí plé ann maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí de bhun ghealltanas na gComhaltaí ag MC12 plé a sheoladh dfhonn córas lánfheidhmiúil agus dea-fheidhmiúil um réiteach díospóidí a bheith inrochtana do na Comhaltaí uile faoi 2024. (WT/MIN(22)/W/16) Tá an plé sin ar siúl, agus tá an tAontas ag iarraidh athchóiriú fóinteach a dhéanamh ar an gcóras um réiteach díospóidí chun aghaidh a thabhairt ar leasanna na gComhaltaí agus, an tráth céanna, a bhunghnéithe a chaomhnú lena dtugtar tacaíocht don chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(6)Tá an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ag iarraidh teacht ar chomhaontú iltaobhach maidir le forálacha breise lena mbainfí amach comhaontú cuimsitheach i ndáil le fóirdheontais iascaigh i gcomhréir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 na Náisiún Aontaithe (SFI 14.6) a chomhaontaigh na Cinn Stáit in 2015. Le Cinneadh Aireachta EDT an 17 Meitheamh 2022 (WT/MIN(22)/33), glacadh an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh agus, an tráth céanna, iarradh comhaontú cuimsitheach a bhaint amach maidir le fóirdheontais iascaigh. Tá an chaibidlíocht faoi fhorálacha breise ar siúl faoi láthair agus ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(7)Tá gá le gníomhaíocht EDT mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le slándáil bia, a chuaigh chun donais ar fad de dheasca iarmhairtí fhogha gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, i gcomhthéacs dhúshláin dhomhanda an chomhshaoil, an athraithe aeráide agus na dtubaistí nádúrtha gaolmhara, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe. Meastar go mbeidh slándáil bia ina gné thábhachtach de thorthaí CA13. Thairis sin, dfhormhuinigh na hAirí ag MC12 Dearbhú maidir leis an bhFreagairt Éigeandála ar Neamhshlándáil an tSoláthair Bia (WT/MIN(22)/28, WT/L/1139) inar tugadh treoir don Choiste um Thalmhaíocht tabhairt faoi chlár oibre tiomnaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an gCinneadh maidir le Bearta a Bhaineann le hÉifeachtaí Diúltacha a dfhéadfadh a bheith ag an gClár um Athchóiriú ar na Tíortha is Lú Forbairt (LDCanna) agus maidir le Tíortha atá i mBéal Forbartha is Glanallmhaireoirí Bia (NFIDCanna) (Cinneadh Marrakech), ar bhealaí chun an Cinneadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos oibríochtúla. An tráth céanna, tugadh treoir do na Comhaltaí machnamh a dhéanamh ar riachtanais TLFanna agus NFIDCanna chun a nathléimneacht a mhéadú mar fhreagairt ar éagobhsaíocht ghéar bia, lena náirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as solúbthachtaí chun a dtáirgeadh talmhaíochta a threisiú agus chun feabhas a chur ar a slándáil bia intíre de réir mar is gá i gcás éigeandála. Leag na Comhaltaí i gcomhar le chéile amlíne síos ag deireadh mhí na Samhna 2023 chun clár oibre a thabhairt i gcrích agus teacht ar roinnt moltaí coiteanna. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(8)Is bunús le cinneadh ag MC13 é aighneacht an Aontais (RD/AG/110) maidir le huirlisí níos fearr chun faisnéis faoi bheartais san earnáil talmhaíochta a chomhroinnt. Áirítear san aighneacht sin smaointe nithiúla le haghaidh feabhsuithe trédhearcachta i réimsí na srianta ar onnmhairiú agus na hiomaíochta onnmhairiúcháin. Dfhéadfadh feabhsuithe trédhearcachta a bheith ina gcuid de réiteach cuimsitheach ar na fadhbanna atá roimh mhargaí bia agus talmhaíochta sa lá atá inniu ann agus, an tráth céanna, a bheith ina gcuid den réiteach ar na dúshláin leanúnacha a bhaineann le slándáil bia. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(9)Is é is aidhm don chaibidlíocht maidir le stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia réiteach buan a chomhaontú a chomhlíonfaidh an sprioc a leagadh amach i gCinneadh Aireachta Bali an 7 Nollaig 2013 maidir le Stocshealbhaíocht Phoiblí chun críocha na Slándála Bia (WT/MIN(13)/38-WT/L/913), arna léirmhíniú ag an gCinneadh ón gComhairle Ghinearálta an 27 Samhain 2014 ina dhiaidh sin (WT/L/939). Athdhearbhaíodh an sprioc sin i gCinneadh Aireachta Nairobi an 19 Nollaig 2015 (WT/MIN(15)/44-WT/L/979). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(10)An chaibidlíocht maidir le tacaíocht intíre a dhéanann saobhadh ar an trádáil, tá sí leabaithe in Airteagal 20 de Chomhaontú EDT um an Talmhaíocht agus tá sí ina cuid de Chlár Oibre Doha um Fhorbairt ( DDA) mar a leagtar amach i nDearbhú Aireachta Doha an 14 Samhain 2001 (WT/MIN(01)/DEC/1). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(11)Léiríodh leis an gcaibidlíocht maidir le srianta ar onnmhairiú sa earnáil talmhaíochta go dtacaíonn cuid mhór de Comhaltaí EDT le trédhearcacht agus intuarthacht fheabhsaithe na dtoirmeasc agus na srianta ar onnmhairiú, chomh maith le feabhas a chur ar na disciplíní ábhartha. I bhfianaise a thábhachtaí atá an tsaincheist sin, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le tograí le haghaidh Cinneadh Aireachta ar an ábhar sin, ar rud é a dfhéadfadh a bheith ina eilimint thábhachtach de chuid phacáiste slándála bia ag MC13. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(12)Is gá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar dhisciplíní araon san iomaíocht onnmhairiúcháin. Tá seans áirithe ann go ndéanfar dul chun cinn ó thaobh feabhsuithe trédhearcachta de in MC13. Go deimhin, chuir an tAontas roinnt smaointe san áireamh ina aighneacht (RD/AG/110) maidir le huirlisí níos fearr chun faisnéis faoi bheartais san earnáil talmhaíochta a chomhroinnt. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(13)Dearbhaíodh leis an bplé ar an gcaibidlíocht maidir le rochtain chuimsitheach ar an margadh san earnáil talmhaíochta nach bhfuil deis rómhór cheart ann chun an chaibidlíocht maidir le laghdú taraifí a atosú in EDT go luath. Tá rochtain ar an margadh fós ina cuid den chothromaíocht i ndáil le réimsí eile, go háirithe tacaíocht intíre. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(14)Leanadh den phlé maidir leis an Sásra Coimirce Speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta de bhun na dtograí atá molta agus de bhun Chinneadh Aireachta Nairobi (WT/MIN(15)/43 – WT/L/978). Tá sainleas ag an Aontas Eorpach a áirithiú nach ndéanfar SSM a chaibidliú mar ghné neamhspleách ach go mbeidh sé mar chuid den chaibidlíocht níos leithne maidir le rochtain ar an margadh. Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin.

(15)Leanadh leis an bplé maidir leis an gcadás sa chreat a bunaíodh i míreanna 5, 6 agus 7 de Chinneadh Aireachta Bali maidir leis an gCadás (WT/MIN(13)/41 - WT/L/916 ) agus i mír 14 de Chinneadh Aireachta Nairobi maidir leis an gCadás (WT/MIN(15)/46 - WT/L/981). Ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe sa réimse sin.

(16)Tá an chaibidlíocht sin ina cuid den phlé atá ar siúl faoi láthair in EDT maidir leis an gcaoi ar féidir leis an gcóras trádála feabhas a chur ar rochtain ar vacsaíní leighis, teiripic agus diagnóisic COVID-19 ar fud an domhain. Ghlac MC12 an Cinneadh Aireachta maidir leis an deis do Chomhaltaí incháilithe EDT údarú a thabhairt dá monaróirí le vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh gan toiliú ó úinéirí paitinne. Le raon feidhme táirgí Chinneadh TRIPS, cumhdaítear vacsaíní COVID-19 chomh maith leis na comhábhair agus na próisis is gá chun iad a mhonarú. Tráth a glacadh Cinneadh TRIPS, ní raibh aon chomhdhearcadh i measc Chomhaltaí EDT chun diagnóisic agus teiripic COVID-19 a chumhdach freisin. Mar chuid den chomhréiteach, sonraítear i gCinneadh TRIPS go ndéanfaidh na Comhaltaí cinneadh, tráth nach déanaí ná sé mhí ó dháta Chinneadh TRIPS, maidir lena shíneadh chun táirgeadh agus soláthar diagnóisic agus teiripeach COVID-19 a chumhdach. Dainneoin an phlé a bhí ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag 2022, níor thángthas ar aon chomhdhearcadh i measc Chomhaltaí EDT. Chomhaontaigh Comhairle Ghinearálta EDT i mí na Nollag 2022 leanúint den phlé ach gan cinneadh a dhéanamh maidir leis an spriocdháta chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche. Tá seans áirithe ann go ndéanfar an cinneadh ag MC13 maidir le raon feidhme Chinneadh TRIPS a leathnú chun diagnóisic agus teiripic COVID-19. I bhfianaise a thábhachtaí atá an tsaincheist sin, ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a dfhéadfadh a bheith ann san Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le glacadh an ghnímh atá beartaithe ag MC13. An tráth céanna, ba cheart toradh an phlé i measc Chomhaltaí EDT cothromaíocht cheart a bhaint amach idir aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus dreasachtaí le haghaidh nuálaíochta i réimse na sláinte a choinneáil ar bun.

(17)Caibidlíocht maidir le forálacha SDT lena náirítear i gcomhthéacs an phlé ar roinnt tograí ó G-90 (Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin) maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) agus bacainní teicniúla ar an trádáil (TBT) agus tograí le haghaidh solúbthacht beartais ón nGrúpa Afracach i réimsí amhail fóirdheontais, bearta infheistíochta a bhaineann le trádáil (TRIMS) agus aistriú teicneolaíochta laistigh de ghnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (TRIPS), dfhéadfadh toradh aireachta ag MC13 teacht as an gcaibidlíocht sin, mar shampla trí fhorálacha atá ann cheana a shoiléiriú nó trí SDT breise a dheonú do Thíortha is Lú Forbairt (LDCanna) agus do thíortha áirithe atá i mbéal forbartha. I bhfianaise chomh héagsúil agus atá na seasaimh sa chaibidlíocht, measann an tAontas go bhféadfadh toradh a bheith air sin go mbeadh na hábhair sin ina gcuid de chlár oibre i ndiaidh MC13 nó torthaí eile nach dtabharfaí le tuiscint leo go nathrófaí comhaontuithe EDT.

(18)Tá caibidlíocht fós ar siúl maidir le tograí ó Ghrúpa LDCanna, a liostaítear in Iarscríbhinn 2, maidir leis na bearta tacaíochta seo a leanas ar mhaithe le haistriú níos réidhe do chomhaltaí EDT atá á nathaicmiú as catagóir LDCanna: i) forálacha SDT i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonracha EDT a shíneadh go ceann tréimhse iomchuí; ii) na comhaontuithe agus na cinntí sonraithe sin a dhíolmhú ó ghníomhaíochtaí faoi shásra EDT um réiteach díospóidí ar feadh tréimhse ama iomchuí; agus iii) rochtain leanúnach a áirithiú ar gach cúnamh teicniúil a bhaineann go sonrach le LDCanna agus ar gach clár agus saoráid um fhothú acmhainneachta a chuirtear ar fáil faoi chóras EDT ar feadh tréimhse ama iomchuí. Má tá gá le toradh aireachta, ba cheart don Aontas tacú le toradh comhaontaithe ina leith sin. Le toradh den sórt sin, dfhéadfaí forálacha áirithe LDCanna a shíneadh chuig tíortha a athaicmíodh le déanaí ar feadh tréimhse theoranta ama,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála, is éard a bheidh ann:

Páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh ar thángthas air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinntí a ghlacadh maidir le hathchóiriú ar réiteach díospóidí, fóirdheontais iascaigh, slándáil bia, feabhsuithe trédhearcachta san earnáil talmhaíochta:, stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha na slándála bia, tacaíocht intíre san earnáil talmhaíochta, srianta ar onnmhairiú san earnáil talmhaíochta, iomaíocht onnmhairiúcháin san earnáil talmhaíochta, rochtain ar an margadh san earnáil talmhaíochta, sásra coimirce speisialta (SSM) san earnáil talmhaíochta, cadás, tarscaoileadh TRIPS, ionramháil speisialta agus dhifreálach, togra le haghaidh na tíortha is lú forbairt a athaicmiú - ‘bearta tacaíochta’ i roinnt comhaontuithe agus cinntí sonraithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘Iarscríbhinn 2’).

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh  94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, na gcomhaontuithe a baineadh amach i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994), a mhéid a bhaineann leis na hábhair laistigh dá inniúlacht féin, IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.
(2)    Dá mba rud é, in aghaidh an mhéid a bhfuil coinne leis, go ndéanfaí an comhdhearcadh a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú idirnáisiúnta lena leasófaí Comhaontú EDT nó i gcomhaontú idirnáisiúnta iltaobhach i measc roinnt Chomhaltaí EDT, dhéanfadh an Coimisiún na tograí ba ghá, i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE tar éis ghlacadh na dtéacsanna agus a n-oscailte le haghaidh glactha ag MC13 nó ag Comhaltaí EDT lena mbaineann le linn MC13.
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.