AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.3.2023
COM(2023) 155 final
2023/0083(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 137 final} - {SWD(2023) 59 final} - {SWD(2023) 60 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
·Forais agus cuspóirí an togra
Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Treorach lena spreagtar tomhaltóirí chun earraí a cheannaíonn siad a dheisiú agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/771, Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2017/2394. Leis an togra baintear amach an tosaíocht atá ag an gCoimisiún maidir leis an aistriú glas, go sonrach an Comhaontú Glas don Eoraipagus an cuspóir atá ann maidir le tomhaltas inbhuanaithe.
Nuair a éiríonn táirgí tomhaltóirí lochtach, is minic nach bhféachann tomhaltóirí lena ndeisiú. Déanann siad iad a dhiúscairt roimh am, cé go bhféadfaí iad a dheisiú agus a úsáid níos faide. Tarlaíonn sin faoin ráthaíocht dhlíthiúil faoin Treoir maidir le Díolachán Earraí (TDE) nuair a roghnaíonn tomhaltóirí athsholáthar seachas deisiúchán, agus lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil, nuair a chuirtear tomhaltóirí ó dheisiúchán de bharr roghanna agus coinníollacha deisiúcháin fo-optamacha. Sa chomhthéacs sin, tá srian le húsáid earraí athchóirithe freisin, rud a fhágann nach bhfuil leas á bhaint as an deis atá ann d’úsáideoirí éagsúla earraí a athúsáid.
Tá méadú ag teacht ar dhramhaíl, agus tá astaíochtaí gás ceaptha teasa á nginiúint agus tá tuilleadh éilimh ar acmhainní luachmhara i dtáirgí earraí nua de bharr go ndéantar earraí indeisithe arna gceannach ag tomhaltóirí a dhiúscairt roimh am. An fhadhb a bhaineann le hearraí indeisithe a cheannaíonn tomhaltóirí a dhiúscairt roimh am, tá an fhadhb sin ann ar fud an Aontais maidir le réimse leathan de na hearraí tomhaltais. Thacaigh corradh le dhá thrian de na daoine a d’fhreagair an comhairliúchán poiblí (65–74 %) na réitigh ar leibhéal an Aontais.
Áirítear ar na hiarrataí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa glao ar cheart chun deisiúcháin, go háirithe i dTogra 5 maidir le tomhaltas, pacáistiú agus táirgeadh inbhuanaithe agus i dTogra 11 maidir le fás inbhuanaithe agus nuálaíocht. Is cuid den fhreagra ón gCoimisiún ar an nglao sin é an togra seo maidir le deisiú earraí a chur chun cinn.
Chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, féachann an Treoir seo le cur le deisiú agus athúsáid earraí lochtacha inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an cuspóir atá sa Chomhaontú Glas maidir le tomhaltas inbhuanaithe á shaothrú ag an gCoimisiún ar bhealach cuimsitheach le tionscnaimh éagsúla a théann i ngleic le gnéithe difriúla den diúscairt roimh am ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh araon.
Ar thaobh an tsoláthair, leis an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (RETI) leagtar síos an creat le haghaidh indeisitheacht táirgí ag céim an táirgthe, go sonrach, i ndáil le ceanglais maidir le dearadh táirgí agus infhaighteacht páirteanna spártha.
Ar thaobh an éilimh, leis an togra le haghaidh Treoir lena gcumhachtaítear custaiméirí le haghaidh an aistrithe ghlais (TTCCAG) déantar foráil maidir le faisnéis níos fearr faoi inmharthanacht agus indeisitheacht táirgí ag an díolphointe. Cuireann sin ar a gcumas do chustaiméirí cinntí ceannaigh inbhuanaithe a dhéanamh.
Faoin togra le haghaidh Rialachán i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí), beidh rochtain ag úsáideoirí táirgí nasctha ar shonraí a ghineann siad le linn dóibh na táirgí sin a úsáid agus beidh an ceart acu na sonraí sin a thabhairt do thríú páirtí a roghnóidh siad. Beidh rochtain den sórt sin ar shonraí ábhartha do dheisitheoirí neamhspleácha.
Má éiríonn táirge lochtach sa chéim iardhíola, soláthraíonn TDE leigheasanna do thomhaltóirí in aghaidh díoltóirí maidir le lochtanna a bhí ann tráth a seachadadh na hearraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dhliteanais de 2 bhliain ar a laghad. Faoi TDE, déanann tomhaltóirí rogha idir deisiúchán agus athsholáthar saor in aisce. Ní féidir leo an leigheas roghnaithe a iarraidh má tá sé dodhéanta nó má tá sé díréireach ó thaobh costas de i gcomparáid leis an leigheas eile.
Cuirfidh éifeacht chomhcheangailte RETI agus TCCAG feabhas ar inbhuanaitheacht táirgí agus cuirfidh sé chun cinn an ceannach inbhuanaithe. Mar sin féin, ní théann siad i ngleic leis na saincheisteanna a chuireann tomhaltóirí ón deisiúchán sa chéim iardhíola. Líonann an tionscnamh sin an bhearna sin, ag díriú ar chéim úsáide na n‑earraí a cheannaíonn tomhaltóirí. Cuireann sé chun cinn an deisiúchán mar leigheas faoi chreat dlíthiúil TDE agus soláthraíonn sé uirlisí nua do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí a chuireann chun cinn an deisiúchán lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil.
Tá na trí thionscnamh comhlántach agus gineann siad sineirgí trí chur chuige cuimsitheach a bhunú chun an chuspóir chomhchoiteann maidir le tomhaltas inbhuanaithe a bhaint amach. Tá siad ceaptha chun éifeacht charnach a bheith acu agus cumhdaíonn siad saolré iomlán táirge.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra, lena ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Rannchuidíonn an togra seo le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh trí chóras comhchuibhithe rialacha a leagan amach chun an deisiúchán a chur chun cinn laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil maidir le díol earraí tomhaltóirí a cheannaíonn tomhaltóirí agus lasmuigh di.
Le TDE comhchuibhítear na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí go hiomlán laistigh de chreat na ráthaíochta dlíthiúla i gcás easpa comhréireachta idir na hearraí agus na coinníollacha faoina bhféadfaí na leigheasanna sin a fheidhmiú. Glacadh é ar bhonn Airteagal 114 CFAE arb é is aidhm dó rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair trí dhul i ngleic le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i ndáil le díolacháin trasteorann earraí a cheannaíonn tomhaltóirí san Aontas. Leis an Treoir seo leasaítear ar bhealach spriocdhírithe an rogha idir leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair chun an deisiúchán a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, tomhaltas níos inbhuanaithe a chur chun cinn, trí leas a bhaint as an mbunús dlí céanna le hAirteagal 114 CFAE.
Lasmuigh de TDE, tá Ballstáit áirithe tar éis rialacha a thabhairt isteach maidir le deisiú agus athúsáid earraí a cheannaíonn tomhaltóirí a chur chun cinn, nó tá siad ag smaoineamh ar na rialacha sin a thabhairt isteach. De bharr nach mbíonn rialacha náisiúnta sainordaitheacha maidir le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn sa chomhthéacs conarthach ag teacht le chéile, cruthaítear bacainní nó d’fhéadfaí bacainní a chruthú ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, rud a dhéanann dochar d’idirbhearta trasteorann sa mhargadh inmheánach. Mar shampla, d’fhéadfadh costais bhreise idirbheart a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha d’fhonn teacht ar an gcomhairle dlí is gá chun a fháil amach faoi cheanglais dhlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 593/2008. D’fhéadfaí soláthraithe seirbhísí deisiúcháin a dhíspreagadh a gcuid seirbhísí a thairiscint i mBallstát amháin nó níos mó toisc go mbeadh orthu a gconarthaí deisiúcháin a oiriúnú dá réir.
Thairis sin, mar gheall ar rialacha náisiúnta éagsúla agus difríochtaí i gcleachtais mhargaidh dá dtoradh, bíonn trédhearcacht íseal ann i roghanna agus coinníollacha deisiúcháin. Leis sin, cuirfear tomhaltóirí ó rochtain a fháil ar sheirbhísí deisiúcháin, go háirithe thar theorainneacha, ós rud é, in éagmais rialacha comhchuibhithe, go bhfuil na hidirbhearta trasteorann níos casta fós ná mar atá idirbhearta i gcomhthéacs náisiúnta. Cuireann an t‑éileamh teoranta tomhaltóirí a eascraíonn as sin bac ar fhorbairt seirbhísí deisiúcháin, go háirithe thar theorainneacha. De réir mar a thagann forbairt ar theicneolaíochtaí digiteacha agus de réir mar a chuimsíonn níos mó earraí gnéithe digiteacha ar féidir rochtain chianda a fháil orthu, is dócha go bhforbróidh seirbhísí deisiúcháin go cianda agus thar theorainneacha a thuilleadh amach anseo. Leis na bacainní a dhíspreagann éileamh tomhaltóirí ar dheisiúchán go hindíreach, déantar gluaiseacht trasteorann earraí a dhíspreagadh freisin, amhail páirteanna spártha agus trealamh deisiúcháin atá riachtanach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin.
Dá bhrí sin is gá gnéithe áirithe den deisiúchán a chomhchuibhiú lasmuigh de dhliteanas reatha an díoltóra, chun feidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú maidir leis an ngaol idir tomhaltóir agus deisitheoir, chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus chun costais idirbheart a laghdú go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, arb iad na cineálacha gnólachtaí is mó atá in earnáil an deisiúcháin.
De réir Airteagal 114(3) CFAE, tá ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus don tomhaltóir mar bhonn ag an gCoimisiún. Is é is aidhm do TDE feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach an tráth céanna. Leis an Treoir seo, cuirtear isteach an cuspóir breise maidir le tomhaltas inbhuanaithe, geilleagar ciorclach agus an t‑aistriú glas a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin áirithítear ardleibhéal cosanta comhshaoil freisin
•An Choimhdeacht
Is de chineál trasteorann agus ar scála Eorpach agus ar fud an domhain atá na fadhbanna a dtéitear i ngleic leo leis an Treoir seo.
Tá rialacha áirithe maidir le díol earraí a cheannaíonn tomhaltóirí comhchuibhithe go hiomlán cheana féin in TDE. Ós rud é go n‑athraítear gné amháin de na rialacha sin leis an togra seo chun an deisiúchán a chur chun cinn laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil, ní mór an t‑athrú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
In éagmais gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is é is dóichí go mbeadh tionscnaimh náisiúnta lasmuigh de raon feidhme TDE ann agus go nglacfaí cineálacha éagsúla cur chuige chun an deisiúchán a chur chun cinn lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil i gcomhréir leis an sprioc maidir le tomhaltas níos inbhuanaithe. Cé go bhféadfadh na tionscnaimh sin tairbhí áirithe a thabhairt do thomhaltóirí agus don chomhshaol ar an leibhéal náisiúnta, chruthódh nó mhéadódh siad ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh an tráth céanna.
Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun an cuspóir foriomlán a bhaint amach, is é sin margadh inmheánach feidhmiúil ina mbeidh tomhaltas níos inbhuanaithe earraí a cheannaíonn tomhaltóirí. Is trí ghníomhaíocht an Aontais amháin is féidir an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach ar fud an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an deisiúchán agus an athúsáid a chur chun cinn i gcomhthéacs díolacháin trasteorann.
•Comhréireacht
Leis an Treoir seo, cuirtear chun cinn cur chuige cothrom lena n‑urramaítear prionsabal na comhréireachta. Chun an deisiúchán a chur chun cinn i gcomhthéacs na ráthaíochta dlíthiúla, ní leasaítear dlíthe náisiúnta ach a mhéid is gá chun an cuspóir a bhaint amach. Ní chuireann an togra seo isteach ar shocruithe seanbhunaithe náisiúnta maidir le tréimhsí dliteanais. Ní bhaineann an leasú ach le rialacha atá faoi réir comhchuibhiú iomlán cheana féin.
Lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil, tá comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais teoranta do na roghanna sin amháin, is iad sin an Fhoirm chaighdeánaithe Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán agus an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh, roghanna a bhfuil gné an mhargaidh inmheánaigh ag baint leo. I gcás ina bhfuil réiteach ar an leibhéal náisiúnta chomh héifeachtach céanna, go háirithe an t‑ardán deisiúcháin, is é sin an rogha thosaíochta. Múnlaítear dearadh an chaighdeáin Eorpaigh do sheirbhísí deisiúcháin mar ghealltanas deonach ionas nach gcuirfear isteach go forleathan ar dhlíthe náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí.
Cé go bhfuil sé d’aidhm ag forálacha na Treorach seo tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach, tá siad curtha in oiriúint do na riachtanais nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu agus is de chineál spriocdhírithe iad, agus tá siad deartha go cúramach ó thaobh raon feidhme agus déine de.
•An rogha ionstraime
Is treoir aonair an rogha ionstraime. Áirítear ann, ar thaobh amháin, leasú spriocdhírithe ar TDE i ndáil le leigheasanna faoin ráthaíocht dhlíthiúil, agus ar an taobh eile, rialacha conarthacha nua maidir leis an deisiúchán a chur chun cinn lasmuigh de dhliteanas an díoltóra faoi TDE. Tá treoir ar an ionstraim is oiriúnaí sa chás seo, ós rud é go n‑áirithítear léi an éifeacht chomhchuibhithe agus an deimhneacht dhlíthiúil is inmhianaithe, agus go gceadaítear do na Ballstáit na bearta comhchuibhithe a ionchorprú gan achrann ina ndlíthe náisiúnta.
Ina theannta sin, mar bheart neamhrialála, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún forbairt caighdeáin Eorpaigh le haghaidh seirbhísí deisiúcháin a spreagadh.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, cuireadh straitéis chomhairliúcháin fhairsing chun feidhme chun rannpháirtíocht leathan na bpáirtithe leasmhara a áirithiú i rith thimthriall beartais an togra seo. Áiríodh sa straitéis chomhairliúcháin páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear tomhaltóirí, eagraíochtaí tomhaltóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, gnólachtaí agus comhlachais ghnó, eagraíochtaí comhshaoil, saineolaithe acadúla agus údaráis náisiúnta. Rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas:
·glao ar fhianaise le haghaidh tréimhse 12 sheachtain ón 11 Eanáir 2022 go dtí an 5 Aibreán 2022, as ar eascair 325 aighneacht
·comhairliúchán poiblí ar líne le haghaidh tréimhse 12 sheachtain ón 11 Eanáir 2022 go dtí an 5 Aibreán 2022, as ar eascair 331 aighneacht
·suirbhéanna ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí, turgnaimh iompraíochta agus agallaimh spriocdhírithe i gcomhthéacs an staidéir tacaíochta ar an measúnú tionchair
·cruinnithe déthaobhacha spriocdhírithe le páirtithe leasmhara
·ceardlann leis na Ballstáit an 7 Aibreán 2022
Comhairliúchán poiblí oscailte
Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, d’aontaigh formhór na bhfreagróirí go bhfuil fadhb ann maidir leis an laghdú ar an am ina n‑úsáidtear formhór na n‑earraí a cheannaíonn tomhaltóirí. I measc na gcatagóirí páirtithe leasmhara go léir, áiríodh na nithe seo a leanas ar na cúiseanna leis an saolré laghdaithe d’earraí a cheannaíonn tomhaltóirí: bhí deacrachtaí ag tomhaltóirí táirgí a dheisiú iad féin chomh maith le míchaoithiúlacht, costais arda nó neamh‑infhaighteacht seirbhísí deisiúcháin.
D’aontaigh formhór mór na bhfreagróirí gur cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun táirgí a dheisiú seachas táirgí nua a cheannach i gcás fabhtanna, laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di, chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn. D’aontaigh formhór mór na bpáirtithe leasmhara freisin gur cuspóir tábhachtach chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn é dreasachtaí a chur ar fáil chun earraí athchóirithe a cheannach agus a úsáid. Mheas formhór na bhfreagróirí gurb é san Aontas Eorpach é an leibhéal iomchuí le haghaidh gníomhaíochta.
Mheas tromlach beag na bpáirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear formhór na saoránach den Aontas, na bpáirtithe leasmhara gnó agus na n‑údarás poiblí a d’fhreagair, go raibh an rogha chun tosaíocht a thabhairt don deisiúchán, i gcas ina mbeadh sé níos saoire ná athsholáthar, éifeachtach. Mheas formhór na n‑eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil nach raibh an beart éifeachtach.
Mheas leathchuid de na páirtithe leasmhara uile a d’fhreagair an comhairliúchán gur bearta éifeachtacha iad na gealltanais dheonacha lena gcuirtear an deisiúchán chun cinn. Mheas páirtithe leasmhara gnó go háirithe go raibh an beart sin éifeachtach, agus mheas formhór na n‑eagraíochtaí comhshaoil a thug freagra agus leath na n‑eagraíochtaí tomhaltóirí go raibh an beart neamhéifeachtach.
Maidir le hoibleagáid an táirgeora deisiúchán a dhéanamh in aghaidh praghais, mheas tromlach beag freagróirí gur cheart feidhm a bheith aige sin i gcás fabhtanna mar a eascraíonn as caitheamh agus cuimilt, agus mheas leath acu gur cheart feidhm a bheith aige i gcás ina dtarlaíonn fabhtanna tar éis don ráthaíocht dhlíthiúil dul in éag. Bhí dearcadh difriúil ag na páirtithe leasmhara gnó: ní mheasann ach mionlach gur cheart fabhtanna a eascraíonn as caitheamh agus cuimilt a chumhdach.
Glao ar fhianaise
Leagadh amach sa ghlao ar fhianaise roghanna beartais maidir leis an deisiúchán a chur chun cinn i gcóras leigheasanna TDE, maidir leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh agus maidir le gealltanais dheonacha lena gcuirtear an deisiúchán chun cinn.
Thacaigh páirtithe leasmhara ó chatagóirí éagsúla (eagraíochtaí/comhlachais ghnó, cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha) leis an rogha lena dtugtar tús áite don deisiúchán i gcás ina mbíonn sé níos saoire nó ar an gcostas céanna le hathsholáthar i gcomhthéacs na ráthaíochta dlíthiúla. Maidir leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh, chuir páirtithe leasmhara gnó i bhfios go láidir gur cheart oibleagáid den sórt sin a bheith in aghaidh praghais. Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara leis an rogha maidir le gealltanais dheonacha lena gcuirtear an deisiúchán chun cinn.
Ceardlann leis na Ballstáit
Ní raibh seasamh ag go leor Ballstát fós maidir leis na bearta a leagadh amach. Tríd is tríd, fuair na bearta lena dtugtar tús áite don deisiúchán laistigh de chóras leigheasanna TDE níos mó tacaíochta ná bearta a thugann cineálacha eile dreasachtaí do thomhaltóirí deisiúchán a roghnú (amhail síneadh a chur leis an tréimhse dhliteanais tar éis deisiúcháin). Thacaigh roinnt Ballstát leis an deisiúchán mar phríomhleigheas i gcás ina mbíonn an costas níos lú ná an costas athsholáthair nó comhionann leis.
Níor thacaigh formhór na mBallstát le hoibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha deisiúchán a dhéanamh. D’áitigh cuid acu go mbeadh oibleagáid ina hualach iomarcach agus gur dócha go méadódh sí praghas na n‑earraí a cheannaíonn na tomhaltóirí. Na Ballstáit sin a thacaigh leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh, chuir siad in iúl nár cheart méadú a theacht ar chostais deisiúcháin mar gheall ar an oibleagáid agus gur cheart don táirgeoir a bheith freagrach as deisiú, seachas an díoltóir.
Maidir leis an oibleagáid luachan le haghaidh deisiúcháin a eisiúint lasmuigh de raon feidhme TDE, ní raibh seasamh ag formhór na mBallstát. Thacaigh cuid acu le beart den sórt sin ach bhí drogall ar roinnt freagróirí.
Bailiú sonraí i gcomhthéacs an staidéir tacaíochta ar an measúnú tionchair
Is éard a bhí i gceist le bailiú sonraí i gcomhthéacs an staidéir tacaíochta ar an measúnú tionchair cleachtadh rúnsiopadóireachta, suirbhé ar thomhaltóirí ina raibh dhá thurgnamh chomhtháite tomhaltóirí, suirbhé gnó agus agallaimh le páirtithe leasmhara. Soláthraíonn siad sin sonraí chun an fhadhb a shainiú agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na roghanna beartais.
Ón gcleachtadh rúnsiopadóireachta a bhí dírithe ar mhiondíoltóirí fuarthas 600 barúil faoi thaithí tomhaltóirí agus iad ag lorg deisiúcháin laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di agus faoi chúiseanna gan iarraidh ar dhíoltóirí táirgí a dheisiú.
Is é an toradh a bhí ar an suirbhé ar thomhaltóirí agus ar na turgnaimh chomhtháite ar chásanna laistigh de TDE ná 1,000 freagra in aghaidh an Bhallstáit (10 mBallstát san áireamh) agus chuir siad ionchur ar fáil maidir le taithí tomhaltóirí nuair a bhítear ag iarraidh earraí athláimhe a dheisiú nó a cheannach. Is é an toradh a bhí ar an dara turgnamh do thomhaltóirí lena gcumhdaítear cásanna lasmuigh den tréimhse ráthaíochta dlíthiúla 800 barúil in aghaidh an Bhallstáit (10 mBallstát san áireamh) agus soláthraíodh sonraí maidir leis na bacainní ar dheisiúchán, faisnéis maidir le deisiúchán agus dóchúlacht deisiúcháin do thomhaltóirí in imthosca éagsúla.
Is é an toradh a bhí ar an suirbhé gnó a rinneadh i measc táirgeoirí, díoltóirí agus deisitheoirí 80 freagra iomlána agus 284 fhreagra pháirteacha. Chuir sé sonraí ar fáil chun anailís a dhéanamh ar an margadh deisiúcháin agus ar chleachtais mhargaidh maidir le hearraí lochtacha a dheisiú agus a athsholáthar. Ar deireadh, thug na 21 agallamh le páirtithe leasmhara léargas ar shainiú na faidhbe agus ar chleachtais mhargaidh.
•Measúnú tionchair
Tá an togra seo bunaithe ar mheasúnú tionchair. D’eisigh Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin tuairim dhiúltach den chéad uair an 30 Meán Fómhair 2022. Tar éis an chéad dréachta, rinneadh athbhreithniú suntasach ar , thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh le tuilleadh barúlacha an 24 Eanáir 2023. Mínítear in Iarscríbhinn 1 den mheasúnú tionchair an chaoi ar tugadh aghaidh ar na barúlacha ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.
Scrúdaíodh roinnt roghanna beartais maidir le dul i ngleic le diúscairt earraí roimh am a cheannaíonn tomhaltóirí laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di.
Áirítear an méid seo a leanas ar na roghanna measúnaithe chun deisiú agus athúsáid earraí a chur chun cinn laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil: tosaíocht a thabhairt don deisiúchán laistigh de chóras leigheasanna TDE i gcás ina mbeidh sé níos saoire ná athsholáthar; úsáid a bhaint as an deisiúchán mar phríomhleigheas; síneadh a chur leis an tréimhse dhliteanais i gcomhthéacs deisiúcháin; tréimhse dhliteanais na n‑earraí athchóirithe a ailíniú le hearraí nua; agus earraí athchóirithe a chur in ionad earraí lochtacha.
Áirítear an méid seo a leanas ar na roghanna measúnaithe chun deisiú agus athúsáid earraí a éascú agus a spreagadh lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil: faisnéis a sholáthar faoi dheisiúchán ag táirgeoirí agus ag comhar-ardán maidir le hearraí a dheisiú agus a athchóiriú ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais; feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar choinníollacha maidir le deisiúchán trí bhíthin gealltanais dheonacha; oibleagáid a chur ar dheisitheoirí luachan deisiúcháin a eisiúint maidir le praghas agus coinníollacha deisiúcháin; agus oibleagáid a chur ar tháirgeoirí earraí a dheisiú faoi réir ceanglais indeisitheachta faoi dhlí an Aontais nó gach táirge in aghaidh praghais.
Áirítear sa phacáiste roghanna tosaíochta roghanna ón dá bhraisle, agus leagtar béim ann ar aghaidh a thabhairt ar dheisiúchán lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil. Bíonn an sciar is mó de na lochtanna le feiceáil sa chás seo agus, dá bhrí sin, is mó is féidir cur i gcrích an deisiúcháin a mhéadú. Ar bhonn anailís ilchritéar costais is tairbhe chomh maith le measúnú cáilíochtúil ar chomhréireacht na roghanna éagsúla a breithníodh, moladh teaglaim de shé rogha beartais tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna:
–tosaíocht a thabhairt don deisiúchán i gcás ina mbíonn sé níos saoire ná athsholáthar laistigh de chreat na ráthaíochta dlíthiúla.
–ardán ar líne ar an leibhéal náisiúnta lena meaitseáltar tomhaltóirí le deisitheoirí agus lena gcuirtear earraí athchóirithe chun cinn.
–oibleagáid ar dheisitheoirí luachan a eisiúint, arna iarraidh sin, maidir le praghas agus coinníollacha deisiúcháin i bhfoirm chaighdeánaithe (an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán).
–oibleagáid ar tháirgeoirí earraí a bhfuil feidhm ag ceanglais indeisitheachta faoi dhlí an Aontais maidir leo chun deisiúchán a dhéanamh lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil in aghaidh praghais.
–oibleagáid ar tháirgeoirí eolas a thabhairt faoina n‑oibleagáid is infheidhme maidir le deisiú.
–caighdeán deonach AE i ndáil le hearraí a dheisiú go héasca (Caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin).
Leis an bpacáiste roghanna tosaíochta, méadaítear deisiú na n‑earraí a cheannaíonn tomhaltóirí laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di trí dhul i ngleic le roinnt de na cúiseanna aitheanta a bhaineann le diúscairt na n‑earraí sin roimh am.
Má thugtar tosaíocht do dheisiú thar athsholáthar laistigh de chóras leigheasanna TDE, spreagfar iompraíocht tomhaltóirí i dtreo tomhaltas inbhuanaithe agus méadófar deisiúcháin laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil ar earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí.
Anuas ar an ráthaíocht dhlíthiúil, fágfaidh bearta éagsúla go mbeidh sé níos éasca agus níos tarraingtí do thomhaltóirí deisiúchán a dhéanamh, rud a chuirfidh le deisiúcháin agus le saolré earraí tomhaltais. I ngeall ar an ardán náisiúnta um dheisiú ar líne agus ar an oibleagáid atá ar tháirgeoirí eolas a thabhairt faoina n‑oibleagáid is infheidhme maidir le seirbhísí deisiúcháin cuirfear feabhas ar thrédhearcacht na seirbhísí deisiúcháin atá ar fáil. Leis an meastachán ceangailteach maidir le praghas deisiúcháin agus coinníollacha deisiúcháin (an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán), rachfar i ngleic le hábhair imní maidir le praghsanna tomhaltóirí agus tosca míchaoithiúlachta sa phróiseas deisiúcháin trí thrédhearcacht agus intuarthacht agus beidh sé níos éasca tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile. Cuirfidh an oibleagáid deisithe tomhaltas inbhuanaithe chun cinn trí cheart a thabhairt do thomhaltóirí deisiúchán a éileamh i gcoinne an táirgeora i gcás grúpaí táirgí sonracha atá indeisithe trí dhearadh. Is forlíontán úsáideach neamhrialála leis na bearta ceangailteacha é an Caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin a chuirfidh leis an muinín atá ag tomhaltóirí as seirbhísí deisiúcháin. Le feidhm athchóirithe an ardáin náisiúnta, méadaítear an úsáid a bhaintear as earraí athchóirithe, rud a théann chun tairbhe do thaobh an éilimh agus do thaobh an tsoláthair araon.
Cuireann an pacáiste roghanna tosaíochta le fostaíocht, infheistíocht agus iomaíocht mhéadaithe in earnáil deisiúcháin an Aontais sa mhargadh inmheánach, agus téann sé chun tairbhe do thomhaltóirí an Aontais (EUR 176.5 billiún de choigilteas tomhaltóirí thar 15 bliana, is é sin EUR 25 an tomhaltóir in aghaidh na bliana) agus don chomhshaol (sábhálfar 18.4 milliún tona CO2 thar 15 bliana). Tá deis mhaith ag deisitheoirí neamhspleácha, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, tairbhe a bhaint as an bpacáiste seo. Beidh ar ghnólachtaí dul i ngleic le caillteanais mar gheall ar dhíolacháin a tharscaoiltear agus táirgeadh laghdaithe earraí nua, ach is mó coigilteas suntasach tomhaltóirí ná an costas ar ghnólachtaí. Dá bhrí sin, léiríonn caillteanais na ngnólachtaí aistriú ó ioncam gnó go leas tomhaltóirí. Is dócha freisin go n‑infheisteoidh tomhaltóirí an t‑airgead a shábhálfar sa gheilleagar foriomlán, rud a chruthóidh fás agus infheistíocht.
·Cearta bunúsacha
Tá tionchar dearfach ag an bpacáiste ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Cuireann sé chun cinn an ceart chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus chun feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil, mar a leagtar amach in Airteagal 37 den Chairt. Go háirithe, cuidíonn sé le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, dramhaíl agus úsáid acmhainní nua a laghdú trí dheisiúcháin a mhéadú laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus lasmuigh di agus ar an gcaoi sin síneadh a chur le saolré na n‑earraí a cheannaíonn tomhaltóirí. Cuireann an togra seo le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí (Airteagal 38 den Chairt) trí chearta tomhaltóirí a neartú lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil. Is mar seo a leanas a áiritheofar sin:
(a) cuirfear uirlisí ar fáil do thomhaltóirí lena bhfeabhsaítear trédhearcacht agus coinníollacha deisiúcháin.
(b) cuirfear oibleagáid ar tháirgeoirí earraí áirithe a cheannaíonn tomhaltóirí a dheisiú lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil.
Leis na bearta sin, spreagfar agus éascófar deisiúchán i gcás ina n‑éiríonn earraí lochtach agus cuirfear cosc ar thomhaltóirí earraí athsholáthair nua a cheannach gan ghá, rud a laghdóidh caiteachas tomhaltóirí.
Cé go rialaítear leis an togra seo cleachtais ghnó áirithe a bhaineann le deisiúchán i bhfianaise an chuspóra maidir le tomhaltais inbhuanaithe, cosnaíonn sé saoirse chonarthach agus cuidíonn sé leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16 den Chairt). Is é is aidhm do na forálacha faoin togra seo borradh a chur faoin margadh deisiúcháin gan ualach a chruthú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
Rannchuidíonn an togra seo freisin le lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas (Airteagal 26 den Chairt), toisc go gceanglaítear ar na Ballstáit inrochtaineacht ar an ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas freisin, rud a éascaíonn a rochtain ar sheirbhísí deisiúcháin. Ina theannta sin, féachtar leis an togra an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a áirithiú (Airteagal 47 den Chairt), go háirithe trí fhorálacha sonracha maidir le forfheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíontar an Treoir seo.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchair an tionscnaimh seo 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Ar an gcaoi sin beidh go leor ama ann chun iarratas a dhéanamh agus fianaise a bhailiú sna Ballstáit. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn bunaithe ar shraith táscairí lena gcumhdófar an pacáiste ina iomláine agus a ghnéithe aonair. Cuirfear sonraí maidir le trasuí agus cur i bhfeidhm an tionscnaimh san áireamh sa mheastóireacht freisin. Chun na críche sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara.
Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cumhachtaithe 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1: Ábhar, cuspóir agus raon feidhme
Léirítear in Airteagal 1(1) ábhar na Treorach seo, is é sin feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos lena gcuirtear deisiú earraí a cheannaíonn tomhaltóirí chun cinn. I gcomhréir le hAirteagal 114(3) CFAE, tá ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus don tomhaltóir mar bhonn ag an gCoimisiún. Agus an cuspóir céanna le TDE, is é sin feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, á shaothrú ag an Treoir seo, tá cosaint don chomhshaol mar chuspóir coimhdeach sa Treoir seo freisin. Go háirithe, trí thomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí dheisiúchán agus athúsáid, rannchuidíonn an Treoir seo le geilleagar ciorclach agus leis an aistriú glas.
Sainítear in Airteagal 1(2) raon feidhme na Treorach seo a mbeidh feidhm aige maidir le deisiú earraí a cheannaíonn tomhaltóirí i gcás lochta sna hearraí a thagann chun cinn nó a thagann chun solais lasmuigh de dhliteanas an díoltóra de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2019/771. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh sa chás nárbh ann don locht fós tráth a seachadadh na hearraí don tomhaltóir nó sa chás nach léir an easpa comhréireachta go dtí tar éis na tréimhse dliteanais. Maidir leis na lochtanna sin, tugtar isteach leis an Treoir seo roinnt forálacha, is iad sin an oibleagáid an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán (Airteagal 4) a sholáthar, an oibleagáid maidir le deisiúchán a dhéanamh (Airteagal 5), an ceanglas comhfhreagrach faisnéise (Airteagal 6) agus an t‑ardán le haghaidh deisiúcháin agus athchóirithe (Airteagal 7). Tugtar isteach leis an Treoir seo freisin athruithe ar na córais leigheasanna a bhaineann le lochtanna a thagann faoi dhliteanas na ndíoltóirí de bhun Airteagal 10 de TDE. Go háirithe, leasaítear le hAirteagal 12 den Treoir seo ar bhealach spriocdhírithe an rogha idir deisiúchán agus athsholáthar faoi TDE. I gcomhréir le TDE, tá feidhm ag Airteagal 12 maidir le conarthaí díolacháin a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus díoltóirí.
Airteagal 2: Sainmhínithe
Tugtar isteach le hAirteagal (2) an sainmhíniú ar ‘dheisitheoir’, is é sin aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann seirbhís deisiúcháin chun críoch tráchtála, lena n‑áirítear soláthraithe neamhspleácha seirbhísí deisiúcháin, táirgeoirí agus díoltóirí a thairgeann seirbhísí deisiúcháin.
In Airteagal 2(7) tá sainmhíniú ar ‘cheanglais indeisitheachta’, a bhaineann le hoibleagáid an táirgeora earraí a dheisiú a chumhdaítear leis na ceanglais indeisitheachta sin dá bhforáiltear le gníomhartha dlí an Aontais (Airteagal 5). Ba cheart go gcumhdódh ‘ceanglais indeisithe’ aon cheanglais faoi ghníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II lenar féidir táirge a dheisiú. Is ceanglais iad sin, mar shampla, maidir le díchóimeáil agus infhaighteacht páirteanna spártha is infheidhme maidir le táirgí nó comhpháirteanna sonracha táirgí, chomh maith le faisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiú.
Ina theannta sin, tagraítear in Airteagal 2 do roinnt sainmhínithe a bunaíodh cheana in TDE agus in RETI.
Airteagal 3: Leibhéal an chomhchuibhithe
I gcomhréir le TDE, leanann an Treoir seo cur chuige lán‑chomhchuibhithe, cur chuige lena leagtar síos nach féidir leis na Ballstáit forálacha a choinneáil ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta, forálacha nach bhfuil ag teacht leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.
Airteagal 4: an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán
Le hAirteagal 4(1) tugtar isteach oibleagáid ar dheisitheoirí faisnéis bhunriachtanach chaighdeánaithe maidir lena seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh cur i láthair caighdeánaithe den sórt sin ar a gcumas do thomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus comparáid a dhéanamh eatarthu go héasca. Beidh saoirse ag tomhaltóirí a chinneadh an bhfuil an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán de dhíth orthu i gcás ar leith, mar shampla i gcás inar mhaith leo forléargas a fháil ar phríomhchoinníollacha na seirbhíse deisiúcháin nó chun comparáid a dhéanamh idir seirbhísí deisiúcháin éagsúla. I gcásanna den sórt sin nuair is gá sin agus nuair a thugann sé breisluach, is féidir le tomhaltóirí an fhoirm a fháil ó dheisitheoirí arna hiarraidh sin dóibh.
Leagtar amach in Airteagal 4(2) nach mbeidh sé d’oibleagáid ar dheisitheoirí nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh de bhua Airteagal 5 an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar i gcás nach bhfuil sé i gceist acu an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar, rud a sheachnódh ualach neamhriachtanach ar na deisitheoirí.
Má thabhaíonn deisitheoirí costais is gá chun an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar, mar shampla, chun na hearraí lochtacha a iniúchadh, féadfaidh siad a iarraidh ar an tomhaltóir na costais theoranta sin a íoc (Airteagal 4(3)).
Leagtar amach in Airteagal 4(4) na príomhpharaiméadair a imríonn tionchar ar chinntí tomhaltóirí agus iad ag smaoineamh ar dheisiú. Is iad seo a leanas na paraiméadair sin, go háirithe: an praghas deisiúcháin nó, mura féidir an praghas a ríomh roimh ré, an modh ríofa agus an t‑uasphraghas, na coinníollacha deisiúcháin amhail an t‑am is gá chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha le linn am an deisiúcháin, an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh lena ndeisiú agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail baint, suiteáil agus iompar, i gcás inarb ábhartha.
Le hAirteagal 4(5), toirmisctear ar dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a athrú ar feadh 30 lá, nuair a bheidh sí curtha ar fáil. Cinntíonn sé sin go mbíonn a ndóthain ama ag tomhaltóirí tairiscintí deisiúcháin éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus go gcosnaítear iad ar choinníollacha athraitheacha. D’fhonn saoirse chonarthach deisitheoirí a chosaint, beidh sé de shaoirse ag deisitheoirí nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh de bhua Airteagal 5 cinneadh a dhéanamh maidir le conradh a thabhairt i gcrích, fiú dá mbeadh foirm curtha ar fáil acu arna hiarraidh sin don tomhaltóir. Má thugtar conradh le haghaidh deisiúchán a sholáthar i gcrích, beidh deisitheoirí faoi cheangal na faisnéise a thugtar san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, ar cuid dhílis í freisin den chonradh chun na seirbhísí deisiúcháin a sholáthar.
Leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú, beidh sé níos éasca freisin faisnéis a sholáthar faoi sheirbhísí deisiúcháin, lena n‑áirítear do mhicreadheisitheoirí, do dheisitheoirí beaga agus do dheisitheoirí meánmhéide, ós rud é go bhforáiltear in Airteagal 4(6) gur cheart a mheas go bhfuil na ceanglais chomhfhreagracha faisnéise a bhaineann le seirbhís deisiúcháin a leagtar síos i dTreoir 2011/83/AE, Treoir 2006/123/CE agus Treoir 2000/31/CE comhlíonta ag deisitheoirí.
Airteagal 5: Oibleagáid deisiúchán a dhéanamh
Tugtar isteach le hAirteagal 5 oibleagáid ar tháirgeoirí lochtanna a dheisiú lasmuigh de dhliteanas an díoltóra arna iarraidh sin do thomhaltóirí agus in aghaidh praghais.
Ó thaobh raon feidhme de, cuireann Airteagal 5(1) teorainn leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh ar earraí dá bhfuil ceanglais indeisitheachta bunaithe agus a mhéid atá ceanglais indeisitheachta bunaithe sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Áirítear ar na hearraí sin grúpaí táirgí a chumhdaítear le ceanglais indeisitheachta faoin gcreat éicidhearthóireachta, amhail meaisíní níocháin tí, miasniteoirí tí, fearais chuisniúcháin agus folúsghlantóirí. Áirithítear leis na ceanglais indeisitheachta faoi ghníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II gur féidir na táirgí faoi seach a dheisiú go teicniúil. Comhfhreagraíonn an oibleagáid deisiúchán do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, i measc nithe eile do na comhpháirteanna a chumhdaítear agus don tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag na ceanglais indeisitheachta faoi seach. Dá bhrí sin, tríd an oibleagáid a nascadh le ceanglais indeisitheachta atá ann cheana i ngníomhartha dlí an Aontais in Iarscríbhinn II, áirithítear gur féidir an oibleagáid sin a dhéanamh go praiticiúil agus go bhfuil deimhneacht dhlíthiúil ann d’oibreoirí eacnamaíocha. Leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh faoin Treoir seo, lenar féidir le tomhaltóirí deisiúchán a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear ceanglais ó thaobh an tsoláthair de maidir le hindeisitheacht, lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
De réir Airteagal 5(1), féadfaidh an táirgeoir an oibleagáid a chomhlíonadh chun é a dheisiú saor ó phraghas. I gcás ina ndéanann an táirgeoir deisiúchán in aghaidh praghais, d’fhéadfadh seirbhísí deisiúcháin den sórt sin a bheith ina bhfoinse bhreise ioncaim agus bheadh leas ag an táirgeoir teacht ar chomhaontú maidir leis an bpraghas leis an tomhaltóir chun conradh a thabhairt i gcrích. Is dócha go mbeadh an praghas inghlactha ar fad don tomhaltóir i ngeall ar an mbrú iomaíoch ó ghníomhaithe deisiúcháin eile. Féadfaidh leas a bheith ag an táirgeoir freisin an oibleagáid a chomhlíonadh saor in aisce mar chuid de ráthaíocht tráchtála maidir le marthanacht a chuid táirgí.
Níor cheart an táirgeoir a dhíolmhú ón oibleagáid deisiúchán a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil sé dodhéanta deisiúchán a dhéanamh, mar shampla, i gcás ina ndéantar damáiste do na hearraí ar bhealach a fhágann nach mbeadh sé indéanta go teicniúil deisiúchán a dhéanamh (Airteagal 5(1), abairt 2).
Le hAirteagal 5(2) rialaítear an cás ina gceannaíonn tomhaltóirí earra ó tháirgeoir tríú tír atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Tugann sé deimhneacht dhlíthiúil do tháirgeoirí tríú tíortha trína shonrú conas is féidir leo an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh agus earraí a cheannaíonn tomhaltóirí san Aontas á margú. Tugann sé deimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí freisin trína shonrú cé na hoibreoirí eacnamaíocha a bhféadfaidh siad dul i dteagmháil leo san Aontas i ndáil leis an oibleagáid atá ar tháirgeoirí ó thríú tíortha deisiúchán a dhéanamh
Chun Iarscríbhinn II a choinneáil cothrom le dáta, tugtar isteach le hAirteagal 5(4) cumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú, mar shampla trí ghrúpaí táirgí nua a chur isteach nuair a ghlacfar ceanglais indeisitheachta nua i ngníomhartha dlí an Aontais. Áiritheofar le cumhachtú an Choimisiúin le haghaidh gníomhartha tarmligthe gur féidir na ceanglais indeisitheachta ábhartha uile a bheidh ann amach anseo a chomhtháthú in Iarscríbhinn II.
Airteagal 6: Faisnéis maidir leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh
Má tá oibleagáid ar tháirgeoirí earraí a dheisiú de bhun Airteagal 5, ní mór dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin oibleagáid sin agus faisnéis a sholáthar faoi na seirbhísí deisiúcháin (Airteagal 6). Is é is aidhm don oibleagáid faisnéise a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas faoin oibleagáid deisiúchán a dhéanamh, rud a mhéadóidh an dóchúlacht go ndéanfar deisiú. Le hAirteagal 6 is féidir a bheith solúbtha maidir leis an gcaoi a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil fad is go gcuireann an táirgeoir ar fáil í ar bhealach soiléir agus sothuigthe.
Airteagal 7: Ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin agus earraí atá faoi réir athchóirithe
Tugtar isteach le hAirteagal 7 oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hardán náisiúnta amháin ar a laghad chun tomhaltóirí a mheaitseáil le deisitheoirí. Cabhróidh sé sin le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas seirbhísí deisiúcháin éagsúla agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a thabhairt dóibh deisiúchán a roghnú seachas earraí nua a cheannach. I gcás ina bhfuil ardán náisiúnta ábhartha ann cheana a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit ardáin nua a chruthú.
Leagtar amach in Airteagal 7(1) roinnt ceanglas nach mór don ardán náisiúnta a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a áireamh ar an ardán feidhmeanna cuardaigh le haghaidh earraí, suíomh seirbhísí deisiúcháin agus dálaí deisiúcháin, mar shampla, an t‑am is gá chun an deisiúchán a chur i gcrích, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, seirbhísí coimhdeacha agus caighdeáin cháilíochta do dheisitheoirí (Airteagal 7(1)(a)). Ba cheart go gcuirfeadh an t‑ardán ar a gcumas do thomhaltóirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh go díreach tríd an ardán (Airteagal 7(1)(b)) chun é a dhéanamh níos éasca dóibh í a fháil. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar an ardán cruinn, ba cheart go mbeadh deisitheoirí in ann nuashonruithe rialta a dhéanamh leis an ardán (Airteagal 7(1)(c)). Ina theannta sin, chun muinín tomhaltóirí a chothú, ba cheart go bhféadfaí, leis an ardán, lipéid speisialta a thaispeáint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais trína léiríonn deisitheoirí go gcloíonn siad le caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta a bhaineann le deisiúchán (Airteagal 7(1)(d)). Chun feasacht a chruthú, ba cheart don ardán inrochtaineacht a chumasú freisin trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach (Airteagal 7(1)(e)).
Chun athchóiriú earraí a chur chun cinn, ceanglaítear le hAirteagal 7(2) ar na Ballstáit a áirithiú go n‑áirítear ar an ardán ar líne freisin feidhm chuardaigh chun díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n‑athchóiriú a aimsiú.
Soiléirítear in Airteagal 7(3) go bhfuil clárú ar an ardán deonach le haghaidh gníomhaithe deisithe agus athchóirithe. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé a bheidh in ann rochtain a fháil ar an ardán deisiúcháin agus ar an gcaoi ar cheart rochtain a fháil air, fad is go gcaitear go cothrom le gach deisitheoir san Aontas. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann rochtain a fháil saor in aisce ar an ardán.
Airteagal 12: Leasú ar TDE
Le hAirteagal 12 déantar oiriúnú ar bhealach spriocdhírithe ar na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 13(2) TDE. Sonraítear san Airteagal sin go bhféadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiúchán agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach. Agus an prionsabal sin á choinneáil, cuireann Airteagal 12 abairt bhreise le hAirteagal 13(2) TDE chun deisiúchán thar athsholáthar a chur chun cinn, á rá gur cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisiúcháin nó níos mó. Mar thoradh air sin, ní fhéadfaidh an tomhaltóir athsholáthar a roghnú ach amháin i gcás ina mbíonn sé níos saoire ná deisiú.
2023/0083 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é an cuspóir atá le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach ag an am céanna. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é an cuspóir atá leis an Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin comhlánaíonn sí an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.
(2)Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus go háirithe chun soláthar trasteorann seirbhísí agus iomaíocht i measc deisitheoirí earraí a cheannaíonn tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach a éascú, is gá rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos lena gcuirtear chun cinn deisiú earraí a cheannaíonn tomhaltóirí laistigh de dhliteanas an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771 agus lasmuigh de. Tá rialacha déanta ag na Ballstáit cheana féin, nó tá siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach, lena gcuirtear chun cinn deisiú agus athúsáid earraí a cheannaíonn tomhaltóirí lasmuigh de dhliteanas reatha an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771. Mar gheall ar rialacha náisiúnta sainordaitheacha éagsúla sa réimse seo tá bacainní iarbhír nó féideartha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, rud a dhéanann dochar d’idirbhearta trasteorann na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá ag gníomhú ar an margadh sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na hoibreoirí sin a gcuid seirbhísí a oiriúnú chun na rialacha náisiúnta éigeantacha éagsúla a chomhlíonadh agus d’fhéadfadh costais bhreise idirbheart a bheith orthu chun an chomhairle dlí is gá a fháil maidir le ceanglais dhlí an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, nuair is infheidhme de bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus a gconarthaí maidir le soláthar seirbhísí deisiúcháin a oiriúnú dá réir. Beidh tionchar aige sin, go háirithe, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, arb iad na cineálacha gnólachtaí is mó atá in earnáil an deisiúcháin. D’fhéadfadh ilroinnt dhlíthiúil difear diúltach a dhéanamh freisin do mhuinín tomhaltóirí i ndeisiúchán trasteorann mar gheall ar éiginnteachtaí maidir le tosca atá tábhachtach don chinneadh earraí a dheisiú.
(3)Chun diúscairt roimh am earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí a laghdú agus chun tomhaltóirí a spreagadh a gcuid earraí a úsáid níos faide, is gá rialacha a leagan amach maidir le deisiú na n‑earraí sin. Ba cheart tomhaltas níos inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, ós rud é gur dócha go nginfear níos lú dramhaíola de bharr earraí a dhiúscairt, níos lú éilimh ar acmhainní, lena n‑áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol le cur in ionad earraí lochtacha, chomh maith le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cuireann an Treoir seo tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol agus, ag an am céanna, sochair a bhaint amach do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.
(4)Le Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir leis na Táirgí Inbhuanaithe Éicidhearthóireachta] leagtar síos, go háirithe, ceanglais ó thaobh an tsoláthair de lena saothraítear an cuspóir maidir le dearadh táirgí níos inbhuanaithe ag céim an táirgthe. Le Treoir (AE)... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas] leagtar síos ceanglais atá dírithe ar an éileamh lena n‑áirithítear go soláthrófar faisnéis níos fearr maidir le marthanacht agus indeisitheacht earraí ag an díolphointe, rud a chuirfeadh ar a cumas do thomhaltóirí cinntí ceannaigh inbhuanaithe a dhéanamh ar bhonn eolas maith. Comhlánaíonn an Treoir seo na ceanglais sin ó thaobh an tsoláthair agus ó thaobh an éilimh de, trí dheisiúchán agus athúsáid a chur chun cinn sa chéim iardhíola laistigh de dhliteanas an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771 agus lasmuigh de. Dá bhrí sin, saothraíonn an Treoir seo na cuspóirí, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, maidir le tomhaltas níos inbhuanaithe, geilleagar ciorclach agus an t‑aistriú glas a chur chun cinn.
(5)Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do shaoirse na mBallstát rialáil a dhéanamh ar ghnéithe de chonarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí deisiúcháin seachas na cinn atá comhchuibhithe i ndlí an Aontais.
(6)Ba cheart go gcuimseodh ceanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena n‑áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n‑áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], ach gan a bheith teoranta dóibh, chun raon leathan táirgí a chumhdach chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo in aon réimse eile de dhlí an Aontais.
(7)Chun cabhrú le tomhaltóirí seirbhísí oiriúnacha deisithe a shainaithint agus a roghnú, ba cheart faisnéis bhunriachtanach maidir le seirbhísí deisiúcháin a thabhairt do thomhaltóirí. Ba cheart príomhpharaiméadair a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí agus iad ag breithniú ar chóir earraí lochtacha a dheisiú a leagan síos leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú. Ba cheart formáid chaighdeánaithe shamplach a leagan amach sa Treoir seo. Le formáid chaighdeánaithe chun seirbhísí deisiúcháin a chur i láthair, ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca. Ba cheart go n‑éascódh formáid chaighdeánaithe den sórt sin an próiseas chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí deisiúcháin, go háirithe do mhicrifhiontair, do ghnólachtaí beaga agus do ghnólachtaí meánmhéide a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin. Chun ualaí breise a sheachaint mar gheall ar cheanglais fhorluiteacha maidir le faisnéis réamhchonarthach, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais chomhfhreagracha faisnéise a bhaineann le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais comhlíonta ag deisitheoir, i gcás inarb infheidhme, más rud é go bhfuil an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán líonta isteach i gceart agus curtha ar fáil don tomhaltóir. Ba cheart faisnéis san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882.
(8)Ba cheart saor-rogha an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh cé a dhéanfaidh a chuid earraí a dheisiú a éascú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a iarraidh ní hamháin ar an táirgeoir, ach freisin ar dhíoltóir na n‑earraí lena mbaineann nó ar na deisitheoirí neamhspleácha, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart do dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n‑iarrann an tomhaltóir an fhoirm sin agus ina bhfuil sé beartaithe ag an deisitheoir an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar nó ina bhfuil sé d’oibleagáid air í a dheisiú. Féadfaidh tomhaltóir a roghnú freisin gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh agus conradh a thabhairt i gcrích chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach arna soláthar ar mhodhanna eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)Tá cásanna ann ina dtabhaíonn deisitheoir costais is gá chun an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi phraghas atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an deisitheoir iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí le bheith in ann an fabht nó an cineál deisiúcháin is gá a chinneadh, lena n‑áirítear an gá atá le páirteanna spártha, agus an praghas deisiúcháin a mheas. Sna cásanna sin, ní féidir le deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir ach na costais is gá a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n‑iarrfaidh an tomhaltóir go soláthrófaí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Féadfaidh tomhaltóirí gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoirm sin a fháil ró‑ard.
(10)Níor cheart do dheisitheoirí na coinníollacha deisiúcháin a chuireann siad ar fáil san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a athrú, lena n‑áirítear ar an bpraghas le haghaidh deisiúcháin, ar feadh tréimhse áirithe ama. Cinntíonn an méid sin go dtabharfar dóthain ama do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir tairiscintí deisiúcháin éagsúla. D’fhonn an tsaoirse chonarthach a chosaint a mhéid is féidir do dheisitheoirí seachas táirgeoirí earraí a bhfuil feidhm ag oibleagáid deisiúchán a dhéanamh ina leith, ionas go mbeidh siad in ann cinneadh a dhéanamh maidir le conradh a thabhairt i gcrích i ndáil le seirbhísí deisiúcháin a sholáthar ar chor ar bith, ba cheart do dheisitheoirí a bheith saor i gcónaí cinneadh a dhéanamh gan an conradh sin a thabhairt i gcrích, lena n‑áirítear i gcásanna inar chuir siad an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar fáil. Má thugtar conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar i gcrích bunaithe ar an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú, ba cheart an fhaisnéis faoi choinníollacha deisiúcháin agus praghas atá san fhoirm sin a bheith ina dlúthchuid den chonradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí an deisitheora faoin gconradh sin a shainiú. Tá neamh‑chomhlíonadh na n‑oibleagáidí conarthacha sin faoi rialú an dlí náisiúnta is infheidhme.
(11)Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a seachadadh na hearraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dliteanais. Faoin Treoir sin, níl tomhaltóirí i dteideal lochtanna atá lasmuigh den oibleagáid sin a dheisiú. Mar thoradh air sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana ar shlí eile, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid earraí a dheisiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí earraí a dheisiú a bhfuil feidhm ag ceanglais indeisitheachta arna bhforchur ag gníomhartha dlí an Aontais maidir leo. Ba cheart an oibleagáid deisiúcháin sin a fhorchur, arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar tháirgeoirí na n‑earraí sin, ós rud é gurb iad seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le táirgeoirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
(12)Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a fhorchuirtear ar tháirgeoirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh‑chomhréireacht na n‑earraí le conradh díolacháin is cúis leo, féadfaidh táirgeoirí deisiúchán a sholáthar in aghaidh praghas a íocann an tomhaltóir nó deisiúchán a sholáthar saor in aisce. Agus praghas á ghearradh, ba cheart táirgeoirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n‑áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. Féadfar a chur san áireamh i bpraghas den sórt sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisithe a oibriú agus gnáthchorrlach. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisithe a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an táirgeoir agus ba cheart go leanfadh an tomhaltóir de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart go spreagfadh an gá atá le conradh den sórt sin agus an brú iomaíoch ó dheisitheoirí eile táirgeoirí a bhfuil oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh chun an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. Féadfar an oibleagáid deisithe a dhéanamh saor in aisce freisin nuair a chumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí.
(13)Féadfaidh táirgeoirí a n‑oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh trí fhochonraitheoireacht, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin ag an táirgeoir nó más féidir le deisitheoir atá suite níos gaire don tomhaltóir deisiúchán a dhéanamh, i measc nithe eile i gcás ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas.
(14)Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar dá réir ba cheart do tháirgeoirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil nó ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an táirgeoir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Mar thoradh air sin, is féidir leis an tomhaltóir deisitheoir a roghnóidh sé féin.
(15)Ba cheart go mbeadh an oibleagáid deisithe éifeachtach freisin i gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a cumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh oibreoirí eacnamaíocha malartacha ar gá dóibh oibleagáid an táirgeora deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh sna cásanna sin. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar a gcumas do tháirgeoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a n‑oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.
(16)Ionas nach gcuirfear ró‑ualach ar tháirgeoirí agus chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a n‑oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do na táirgí sin dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear d’aon cheanglais indeisitheachta. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar tháirgeoirí earraí lochtacha a dheisiú, ach áirithíonn siad go bhfuil earraí indeisithe. Is féidir ceanglais indeisitheachta den sórt sin a leagan síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Is samplaí iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí a fheabhsú. Áirithítear leis an teorannú sin ar an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir oibleagáid den sórt sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Comhfhreagraíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin maidir le comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó féadfar tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. Leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh faoin Treoir seo, lenar féidir leis an tomhaltóir deisiúchán a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos i Rialachán [maidir leis na Táirgí Inbhuanaithe Éicidhearthóireachta] lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
(17)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo liostaítear grúpaí táirgí ábhartha a chumhdaítear leis na ceanglais indeisitheachta sin faoi ghníomhartha dlí an Aontais. Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais indeisitheachta amach anseo faoi ghníomhartha dlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le grúpaí táirgí nua a chur le hIarscríbhinn II go háirithe nuair a ghlacfar ceanglais nua indeisitheachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(18)Cé go bhforchuirtear leis an Treoir seo an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh ar an táirgeoir, éascaítear léi freisin rogha seirbhísí deisiúcháin do thomhaltóirí ó dheisitheoirí eile. Ba cheart an rogha sin a éascú go háirithe tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a iarraidh ní hamháin ar an táirgeoir ach freisin ar dheisitheoirí eile amhail an díoltóir nó deisitheoirí neamhspleácha nó trí chuardach a dhéanamh tríd an ardán deisithe ar líne. Ós rud é go mbeadh ar thomhaltóirí íoc as an deisiú, is dócha go gcuirfidh siad deiseanna deisithe i gcomparáid le chéile chun na seirbhísí deisiúcháin is oiriúnaí dá gcuid riachtanas a roghnú. Dá bhrí sin, is dócha go rachaidh siad i dteagmháil le deisitheoirí neamhspleácha gar dóibh nó leis an díoltóir sula rachaidh siad i dteagmháil le táirgeoirí a d’fhéadfadh a bheith suite níos faide uathu, mar shampla, agus a bhféadfadh a bpraghas a bheith níos airde mar gheall ar chostais iompair.
(19)I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart táirgeoir a dhíolmhú ón oibleagáid deisiúchán a dhéanamh i gcás ina bhfuil deisiúchán dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil. Mar shampla, níor cheart don táirgeoir diúltú do dheisiú ar chúiseanna eacnamaíocha amháin, amhail costais na bpáirteanna spártha. Tá an critéar á úsáid cheana féin ag an dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir (AE) 2019/771 nó Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle roimhe sin faoi an bhfuil sé dodhéanta deisiúchán a dhéanamh agus an bhfuil sé á chur i bhfeidhm ag cúirteanna náisiúnta.
(20)Chun feasacht an tomhaltóra a mhéadú maidir le hinfhaighteacht deisithe agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht a bhaineann leis sin, ba cheart do tháirgeoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil an oibleagáid sin ann. Ba cheart na hearraí ábhartha a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiúchán ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiúchán ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. Tá saorchead ag an táirgeoir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh.
(21)Chun deisiúchán a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a chuardach. Féadfaidh an t‑ardán sin a bheith ann cheana nó a bheith á oibriú go príobháideach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go n‑áireofaí ar an ardán sin uirlisí comparáide atá éasca le húsáid agus neamhspleách agus a chuidíonn le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe seirbhísí deisiúcháin éagsúla agus iad a chur i gcomparáid le chéile, agus ar an gcaoi sin tomhaltóirí a dhreasú chun deisiúchán a roghnú seachas earraí nua a cheannach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an ardán sin éascú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin a chuardach sa chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an caidreamh idir gnólachtaí a chumhdach lena raon feidhme chomh maith le tionscnaimh deisithe faoi stiúir an phobail a chur san áireamh.
(22)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar an ardán ar líne ag gach oibreoir eacnamaíoch a fhéadfaidh seirbhísí deisiúcháin a sholáthar san Aontas. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cé na deisitheoirí ar féidir leo clárú ar an ardán ar líne fad is go bhfuil rochtain ar an ardán sin réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach do gach deisitheoir i gcomhréir le dlí an Aontais. Deis a thabhairt do dheisitheoirí ó Bhallstát amháin clárú ar an ardán ar líne i mBallstát eile chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar i réimsí a bhí á chuardach ag an tomhaltóir, ba cheart go dtacódh an méid sin le soláthar trasteorann seirbhísí deisiúcháin. Ba cheart é a fhágáil faoi dhiscréid na mBallstát conas ábhar a chur leis an ardán ar líne, mar shampla trí fhéinchlárú nó asbhaint ó bhunachair sonraí atá ann cheana le toiliú na ndeisitheoirí, nó ar cheart do chláraithe táille chlárúcháin a íoc lena gcumhdaítear na costais a bhaineann leis an ardán a oibriú. Chun rogha leathan seirbhísí deisiúcháin ar an ardán ar líne a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh rochtain ar an ardán ar líne teoranta do chatagóir shonrach deisitheoirí. Cé go leanfaidh ceanglais náisiúnta, mar shampla, maidir leis na cáilíochtaí gairmiúla is gá, d’fheidhm a bheith acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an t‑ardán ar líne ar oscailt do gach deisitheoir a chomhlíonann na ceanglais sin. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit freisin a chinneadh an bhféadfaidh tionscnaimh deisithe faoi stiúir an phobail, amhail caiféanna deisithe, clárú ar an ardán ar líne agus a mhéid a fhéadfaidh siad clárú, agus breithnithe sábháilteachta á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha. Ba cheart a bheith inn ann clárú ar an ardán ar líne i gcónaí arna iarraidh sin do dheisitheoirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme maidir le rochtain a fháil ar an ardán ar líne.
(23)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar an ardán ar líne ionas gur féidir leo seirbhísí deisiúcháin oiriúnacha a aimsiú dá n‑earraí lochtacha. Ba cheart an t‑ardán ar líne a bheith inrochtana freisin do thomhaltóirí leochaileacha, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú.
(24)Féadfaidh an fheidhm chuardaigh atá bunaithe ar tháirgí tagairt a dhéanamh don chineál táirge nó don bhranda. Ós rud é nach féidir le deisitheoirí a bheith ar an eolas faoin locht sonrach sula ndéantar iarraidh ar dheisiú, is leor go soláthróidh siad ar an ardán ar líne faisnéis chineálach maidir le príomhghnéithe de sheirbhísí deisiúcháin chun a chur ar a cumas do thomhaltóirí cinneadh a dhéanamh an ndéanfaidh siad an t‑earra atá i gceist a dheisiú, go háirithe an meán‑am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, an áit ina dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh lena ndeisiú agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha. Ba cheart deisitheoirí a spreagadh lena gcuid faisnéise ar an ardán ar líne a nuashonrú go rialta. Chun muinín a chothú i measc tomhaltóirí as na seirbhísí deisiúcháin atá ar fáil ar an ardán ar líne, ba cheart deisitheoirí a bheith in ann a léiriú go gcloíonn siad le caighdeáin áirithe deisithe.
(25)Chun an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ann ar an ardán ar líne do thomhaltóirí an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán ar líne. Ba cheart an fhéidearthacht sin a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an ardán ar líne. Chun feasacht a chruthú faoi ardáin náisiúnta deisithe ar líne agus chun rochtain ar na hardáin sin ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar a n‑ardáin ar líne trí leathanaigh ghréasáin náisiúnta ábhartha atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun feasacht na dtomhaltóirí ar an ardán ar líne a ardú, ba cheart do na Ballstáit tabhairt faoi chéimeanna iomchuí, mar shampla, fógraíocht a dhéanamh ar an ardán ar líne ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh.
(26)Chun tomhaltas inbhuanaithe earraí a chur chun cinn i gcásanna nach dtagann faoi dhliteanas an díoltóra, ba cheart don ardán ar líne earraí atá faoi réir athchóirithe a chur chun cinn freisin mar rogha mhalartach ar earraí a dheisiú nó earraí nua a cheannach. Chuige sin, ba cheart feidhmiúlacht a bheith ar an ardán ar líne lenar féidir le tomhaltóirí teacht ar dhíoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe nó ar ghnólachtaí a cheannaíonn earraí lochtacha chun críoch athchóirithe, go háirithe trí fheidhm chuardaigh de réir catagóir táirgí a chumasú. Ba cheart rochtain ar an ardán a bheith ag díoltóirí earraí den sórt sin atá faoi réir athchóirithe nó ag ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n‑athchóiriú bunaithe ar na prionsabail chéanna agus ar na sonraíochtaí teicniúla céanna is infheidhme maidir leis an bhfeidhmiúlacht deisithe.
(27)Ba cheart don Choimisiún forbairt caighdeáin cháilíochta Eorpaigh dheonaigh a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh agus a éascú nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín tomhaltóirí i seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiúchán, amhail an t‑am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta amhail ráthaíocht tráchtála maidir le deisiúchán, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail aistriú, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.
(28)Chun deisiúchán a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú a oiriúnú. An prionsabal a bhunaítear i dTreoir (AE) 2019/771 chun leas a bhaint as an mbreithniú an bhforchuirfeadh an leigheas a roghnaíodh costais ar an díoltóir atá díréireach i gcomparáid leis an leigheas eile, mar cheann de na critéir chun an leigheas is infheidhme a chinneadh, ba cheart an prionsabal sin a choimeád. Tá an tomhaltóir fós i dteideal deisiúchán a roghnú thar athsholáthar, mura rud é go mbeadh deisiúchán dodhéanta nó go gcuirfeadh sé costais dhíréireacha ar an díoltóir i gcomparáid le hathsholáthar. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le hathsholáthar níos airde ná na costais deisithe nó comhionann leo, ba cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí. Dá bhrí sin, níl an tomhaltóir i dteideal athsholáthar a roghnú ach amháin i gcás ina mbíonn sé níos saoire ná deisiú. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
(29)Chun gur féidir na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a fhorfheidhmiú trí bhíthin caingne ionadaíocha, is gá leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16. Maidir leis na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú ag a mBallstáit chun comhoibriú agus comhordú a dhéanamh le chéile agus leis an gCoimisiún chun comhlíonadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a fhorfheidhmiú, is gá leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17.
(30)Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí deisiúchán a dhéanamh agus faisnéis ghaolmhar faoin oibleagáid sin a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisithe agus athsholáthair.
(31)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin18, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
(32)Ní féidir leis na Ballstáit deisiú earraí a cheannaíonn tomhaltóirí a bhaint amach go leordhóthanach, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus foráil á déanamh d’ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do thomhaltóirí. Maidir le rialacha sainordaitheacha náisiúnta atá ag teacht chun cinn lena gcuirtear tomhaltas inbhuanaithe chun cinn trí lochtanna lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/771 a dheisiú, is dócha go mbeidh siad éagsúil agus go mbeidh siad ina gcúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit leasú a dhéanamh ar na rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán a bhaineann le lochtanna laistigh de dhliteanas an díoltóra a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771. De bharr fhairsinge agus éifeachtaí chuspóir na Treorach seo, is féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhchoiteanna atá comhchuibhithe go hiomlán lena gcuirtear deisiúchán chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771 agus lasmuigh de. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(33)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta agus na saoirsí bunúsacha agus féachtar lena áirithiú go n‑urramófar go hiomlán Airteagail 16, 26, 37, 38 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Rannchuidíonn sé le feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh trí thomhaltas inbhuanaithe earraí a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol de bharr earraí inmharthana a dhiúscairt roimh am a laghdú. Leis an Treoir seo áirithítear urraim iomlán d’Airteagal 38 maidir le cosaint tomhaltóirí trí fheabhas a chur ar chearta tomhaltóirí a bhaineann le lochtanna a thagann chun cinn nó a thagann chun solais lasmuigh de dhliteanas an díoltóra de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2019/771. Áirithítear leis freisin go n‑urramófar an tsaoirse chun gnó a déanamh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh trí shaoirse chonarthach a choimirciú agus trí fhorbairt seirbhísí deisiúcháin sa mhargadh inmheánach a spreagadh. Leis an Treoir seo, rannchuidítear le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú i gcomhréir le hAirteagal 26 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh trí inrochtaineacht ar an ardán ar líne a éascú do dhaoine faoi mhíchumas. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n‑urramófar go hiomlán Airteagal 47 maidir leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil trí mhodhanna éifeachtacha forfheidhmithe.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar, cuspóir agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.
2.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le deisiú earraí a cheannaíonn tomhaltóirí i gcás lochta sna hearraí a thagann chun cinn nó a thagann chun solais lasmuigh de dhliteanas an díoltóra de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2019/771.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn ‘tomhaltóir’ tomhaltóir mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/771;
2.ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n‑áirítear táirgeoirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís neamhspleách nó cleamhnaithe le táirgeoirí nó díoltóirí den sórt sin;
3.ciallaíonn ‘díoltóir’ díoltóir mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/771;
4.ciallaíonn ‘táirgeoir’ monaróir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42) de Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe];
5.ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ ionadaithe údaraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43) de Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe];
6.ciallaíonn ‘allmhaireoir’ allmhaireoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (44) de Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe];
7.ciallaíonn ‘dáileoir’ dáileoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45) de Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe];
8.ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771 seachas uisce, gás agus leictreachas;
9.ciallaíonn ‘athchóiriú’ athchóiriú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe];
10.ciallaíonn ‘ceanglais indeisitheachta’ ceanglais faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II lenar féidir táirge a dheisiú, lena n‑áirítear ceanglais maidir le feabhas a chur ar a éascaíocht díchóimeála, rochtain ar pháirteanna spártha, agus faisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán is infheidhme maidir le táirgí nó comhpháirteanna sonracha táirgí;
Airteagal 3
Leibhéal an chomhchuibhithe
Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha isteach ina ndlí náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.
Airteagal 4
an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán
1.Áiritheoidh na Ballstáit, sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal ag conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar, go ndéanfaidh an deisitheoir, arna iarraidh sin, an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach de réir bhrí Airteagal 2 (11) de Threoir (AE) 2019/771.
2.Deisitheoirí nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh de bhua Airteagal 5, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar i gcás nach bhfuil sé i gceist acu an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar.
3.Féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir na costais a thabhaíonn an deisitheoir a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar.
Gan dochar do Threoir 2011/83/AE, cuirfidh an deisitheoir an tomhaltóir ar an eolas faoi na costais dá dtagraítear sa chéad fhomhír sula n‑iarrfaidh an tomhaltóir go soláthrófaí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán.
4.Sonrófar san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis Deisiúcháin na coinníollacha deisithe seo a leanas ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe:
(a)céannacht an deisitheora;
(b)an seoladh geografach ag a bhfuil an deisitheoir bunaithe chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an deisitheora agus, má tá siad ar fáil, modhanna eile cumarsáide ar líne a chuireann ar a chumas do thomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir agus cumarsáid a dhéanamh leis go tapa agus go héifeachtúil;
(c)an t‑earra atá le deisiú;
(d) cineál an lochta agus an cineál deisithe a mholtar;
(e) an praghas nó, mura bhfuil sé réasúnach an praghas a ríomh roimh ré, an modh ina ríomhfar an praghas agus uasphraghas an deisithe;
(f) an t‑am a mheastar a bheidh ag teastáil chun an deisiúchán a chur i gcrích;
(g) infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair le linn an deisithe agus na costais a bhaineann le hathsholáthar sealadach, más ann dóibh, don tomhaltóir;
(h)an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh chun iad a dheisiú,
(i)i gcás inarb infheidhme, infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha, amhail aistriú, suiteáil agus iompar, a thairgeann an deisitheoir agus costais na seirbhísí sin, más ann dóibh, don tomhaltóir;
5.Ní athróidh an deisitheoir na coinníollacha deisithe a shonraítear san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar feadh tréimhse 30 lá féilire ón dáta a soláthraíodh an fhoirm sin don tomhaltóir, ach amháin má tá a mhalairt comhaontaithe ag an deisitheoir agus ag an tomhaltóir. Má thugtar conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar i gcrích laistigh den tréimhse 30 lá, beidh na coinníollacha deisithe a shonraítear san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ina gcuid dhílis den chonradh sin.
6.I gcás inar sholáthair an deisitheoir Foirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú atá iomlán agus cruinn don tomhaltóir, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais seo a leanas:
(a)ceanglais faisnéise maidir le príomhghnéithe na seirbhíse deisithe a leagtar síos in Airteagal 5(1) pointe (a), agus in Airteagal 6(1), pointe (a) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (j) de Threoir 2006/123/CE;
(b)ceanglais faisnéise maidir le céannacht agus faisnéis teagmhála an deisitheora a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (b), agus Airteagal (6)(1), pointí (b) agus (c), de Threoir 2011/83/AE, Airteagal 22(1), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE agus Airteagal 5(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2000/31/CE;
(c)ceanglais faisnéise maidir leis an bpraghas a leagtar síos in Airteagal 5(1) pointe (c), agus in Airteagal 6(1), pointe (e) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (i) agus (3), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE;
(d)ceanglais faisnéise maidir leis na socruithe le haghaidh na feidhmíochta agus an t‑am chun an tseirbhís deisithe a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), agus Airteagal 6(1), pointe (g), de Threoir 2011/83/AE.
Airteagal 5
Oibleagáid deisiúchán a dhéanamh
1.Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don tomhaltóir, go ndéanfaidh an táirgeoir, saor in aisce nó in aghaidh praghais nó in aghaidh cineál comaoine eile, earraí a dheisiú dá bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do cheanglais indeisitheachta i ngníomhartha dlí an Aontais mar a liostaítear in Iarscríbhinn II. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an táirgeoir na hearraí sin a dheisiú i gcás nach féidir iad a dheisiú. Féadfaidh an táirgeoir deisiúchán a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiúchán a chomhlíonadh.
2.I gcás ina bhfuil an táirgeoir a bhfuil oibleagáid air deisiúchán a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, comhlíonfaidh a ionadaí údaraithe san Aontas oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an táirgeoir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora.
3.Áiritheoidh táirgeoirí go mbeidh rochtain ag deisitheoirí neamhspleácha ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú tríd an liosta de ghníomhartha dlí an Aontais lena leagtar síos ceanglais indeisitheachta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí reachtacha.
Airteagal 6
Faisnéis maidir leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí tomhaltóirí ar an eolas faoina n‑oibleagáid deisiúchán a dhéanamh de bhun Airteagal 5 agus go soláthróidh siad faisnéis faoi na seirbhísí deisiúcháin ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe, mar shampla tríd an ardán ar líne dá dtagraítear in Airteagal 7.
Airteagal 7
Ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin agus earraí atá faoi réir athchóirithe
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardán amháin ar líne ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú. Déanfaidh an t‑ardán sin an méid seo a leanas:
(a)áireofar ann feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh seirbhísí deisiúcháin, dálaí deisithe, lena n‑áirítear an t‑am is gá chun an deisiúchán a chur i gcrích, infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisiúcháin, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n‑áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta is infheidhme;
(b)cuirfear ar a gcumas do thomhaltóirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh ar an ardán;
(c)féadfaidh deisitheoirí faisnéis agus seirbhísí teagmhála a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar an ardán;
(d)féadfaidh deisitheoirí a léiriú go gcloíonn siad leis na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta is infheidhme;
(e)inrochtaineacht a chumasú trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724.
(f)inrochtaineacht a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas
2.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑áirítear ar an ardán ar líne freisin feidhm chuardaigh de réir catagóir táirgí chun díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n‑athchóiriú a aimsiú.
3.Is ar bhonn deonach a dhéanfar clárú ar an ardán ar líne le haghaidh deisitheoirí, chomh maith le díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n‑athchóiriú. Cinnfidh na Ballstáit an rochtain ar an ardán i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh úsáid an ardáin ar líne saor in aisce do thomhaltóirí.
Airteagal 8
Forfheidhmiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo.
2.Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n‑údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí:
(a)comhlachtaí poiblí nó a n‑ionadaithe;
(b)eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu i gcosaint tomhaltóirí nó an chomhshaoil;
(c)eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.
Airteagal 9
Faisnéis do thomhaltóirí
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus faoi na modhanna chun na cearta sin a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí, lena n‑áirítear ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724.
Airteagal 10
Cineál éigeantach
1.Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, aon chomhaontú conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an tomhaltóra, cur i bhfeidhm beart náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí a eisiamh nó a n‑éifeachtaí a mhaolú nó na héifeachtaí sin a athrú, ní bheidh sé ceangailteach ar an tomhaltóir.
2.Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an deisitheoir socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.
Airteagal 11
Pionóis
1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1, faoi cheann 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 12
Leasú ar Threoir (AE) 2019/771
In Airteagal 13(2) de Threoir (AE) 2019/771, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
‘De mhaolú ar abairt 1 den mhír seo, i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisiúcháin nó níos airde, déanfaidh an díoltóir na hearraí a dheisiú chun na hearraí sin a thabhairt i gcomhréireacht.’
Airteagal 13
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach pointe 67:
‘67. Treoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an x maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L xx)’.
Airteagal 14
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, cuirtear isteach an pointe 27 seo a leanas:
‘27. Treoir (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an x maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L xx)’.
Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana [mí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát ag gníomhú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 16
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) agus (2) ná ag Airteagal 6 den Treoir seo maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar arna dtabhairt i gcrích roimh [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
2.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12 den Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích roimh [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]
Airteagal 17
Trasuí
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhfhorálacha sa dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo agus na hardáin náisiúnta ar líne maidir le deisiúchán agus earraí atá faoi réir athchóiriú a bhunaítear i gcomhréir leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 19
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán