|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/9 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11116 – HEDIN / DELTA AUTO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 218/06)
1.
An 14 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Hedin Automotive Oy (‘Hedin’, an Fhionlainn), a bhaineann le Hedin Mobility Group AB (an tSualainn), |
|
— |
Delta Auto Oy (‘Delta Auto’, an Fhionlainn). |
Gheobhaidh Hedin rialú aonair ar Delta Auto de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Hedin gníomhach i miondíol gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus athláimhe, i soláthar seirbhísí deisithe agus cothabhála agus i miondíol páirteanna spártha trealaimh bhunaidh san Fhionlainn, |
|
— |
Tá Delta Auto gníomhach i miondíol gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus athláimhe, i soláthar seirbhísí deisithe agus cothabhála agus i miondíol páirteanna spártha trealaimh bhunaidh san Fhionlainn. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11116 – HEDIN / DELTA AUTO
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).