AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.10.2023
COM(2023) 653 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil AE 2023 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide
{SWD(2023) 338 final} - {SWD(2023) 339 final}
1TREOCHTAÍ ASTAÍOCHTA AGUS DUL CHUN CINN MAIDIR LE GNÍOMHÚ AR SON NA hAERÁIDE
Astaíochtaí gás ceaptha teasa agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais
I mí an Mhárta 2023 dheimhnigh an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go bhfuil an téamh domhanda, arb iad astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) antrapaigineacha is cúis leis, ag cur le minicíocht agus déine adhaimsire agus teagmhas foircneach aeráide, agus go bhfuil drochthionchair fhorleathana dá dheasca sin ar dhaoine agus ar an dúlra ar fud an domhain. Dá airde gach incrimint téimh is ea is déine a bheidh na tionchair, agus tá gá le gníomhaíocht dhomhanda phráinneach ar son na haeráide chun teorainn a chur leis an téamh domhanda agus oiriúnú dá thionchair. Is gá astaíochtaí GCT domhanda a ísliú 43 % faoi 2030 agus 84 % faoi 2050 faoi bhun leibhéil 2019, agus ní mór astaíochtaí CO2 glan‑nialasacha domhanda a bhaint amach go luath sna 2050í má táimid chun teorainn 1,5 oC a chur leis an ardú teochta gan dul thairis nó gan dul ach méid teoranta thairis. Is iomaí comhthairbhe a bhaineann le hastaíochtaí GCT a laghdú, lena n‑áirítear le haghaidh cáilíocht aeir, sláinte, na bithéagsúlachta agus na slándála fuinnimh.
Tá an Eoraip ag dul i dteocht dhá oiread níos mó ná an meán domhanda ó bhí na 1980idí ann, agus tá tionchair fhorleathana aige sin ar bhonn eacnamaíoch agus éiceachórais an réigiúin.
Tionchair thubaisteacha a bhaineann leis an aeráid a bheith ag dul i dteocht, tharla tuilleadh díobh in 2022 agus tá teagmhais adhaimsire ag teacht chun bheith níos coitianta i gcónaí. De thoradh tonnta teasa i ndeireadh an earraigh agus sa samhradh, ina bhfacthas na teochtaí ab airde riamh i roinnt mhaith áiteanna, bhí an líon ba mhó laethanta riamh ann lenar bhain strus teirmeach an‑ard, agus bhí 61 000 bás farasbairr ar fud na hEorpa dá dheasca.
Tar éis dálaí teo tirime san earrach agus sa samhradh, a spreag triomach ar fud an chuid is mó den Eoraip, agus a thiomáin roinnt falscaí móra, tháinig frasaíocht throm agus tuilte troma san fhómhar, rud ba chúis leis na scórtha básanna. Ar an iomlán, ba é samhradh 2022 an samhradh ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip. Taifeadadh na teochtaí ab airde riamh arís in 2023, rud a dheimhníonn an luas thar na bearta atá faoin athrú aeráide. Ba í mí Iúil an mhí ba theo a taifeadadh riamh agus teochtaí domhanda 1,5 oC ní ba theo ná an meánteocht réamhthionsclaíoch. Na teochtaí atá ag ardú agus minicíocht mhéadaitheach teagmhas adhaimsire, chuir siad le roinnt falscaí agus, faoi dheireadh mhí Iúil 2023, rinneadh difear do níos mó ná 182 000 heicteár ar fud an Aontais, rud atá 40 % níos mó ná meánfhigiúr 2003-2022, agus bhí codanna den Eoraip buailte ag tuilte gan fasach.
Tháinig an treocht mhéadaitheach a bhí in astaíochtaí domhanda roimh an bpaindéim ar ais in 2022, a bhain 53,8 billiún tona de choibhéis CO2 (CO2‑eq) amach, i bhfad níos mó ná astaíochtaí 2019. Léiríonn réamhshonraí JRC gur tháinig ardú 1,4 % ar astaíochtaí GCT domhanda in 2022 i gcomparáid le leibhéil 2021, in aghaidh mhéadú 3,4 % ar olltáirgeacht intíre (OTI) dhomhanda i gcaitheamh na tréimhse céanna, de réir mar a lean an geilleagar domhanda de bheith ag téarnamh tar éis na paindéime. Ba é an t‑iompar an príomhrud a spreag astaíochtaí méadaithe GCT (+ 4,7 %, nó 361 MtCO2‑eq), cé go raibh sé sin fós faoi bhun an leibhéil roimh an bpaindéim, agus an táirgeadh breosla (+ 2,6 %, nó 157 MtCO2‑eq) agus an chumhacht (+ 0,9 %, nó 136 MtCO2‑eq) ina dhiaidh sin. I measc na n‑astaírí móra, bhí na méaduithe ba mhó san Indinéis (+ 10 %, nó 113 MtCO2‑eq) agus san India (+ 5 %, nó 189 MtCO2‑eq), agus bhí méadú teoranta sa tSín (+ 0,3 %, nó 52 MtCO2‑eq).
San Aontas, léiríonn réamhshonraí le haghaidh 2022 gur tháinig laghdú 2,4 % ar astaíochtaí GCT iomlána (gan úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht ná eitlíocht idirnáisiúnta a áireamh) i gcomparáid le 2021, rud a leanann den treocht laghdaitheach 30 bliain, agus gur tháinig méadú 3,5 % ar OTI an Aontais in 2022 (Fíor 1.a). Tháinig laghdú 0,2 % ar astaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) agus laghdú 2,9 % ar astaíochtaí nach dtagann faoin gcóras.
Fíor 1: Astaíochtaí GCT an Aontais (gan úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a áireamh) agus de réir earnála
|
Fíor 1.a
|
Fíor 1.b
|
|
|
|
Tá an measúnú ar threochtaí astaíochta GCT níos casta i ngeall ar theagmhais eisceachtúla le 3 nó 4 bliana anuas, agus tá tionchar ag na teagmhais sin fós ar astaíochtaí 2022. Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta, déantar measúnú sa tuarascáil seo ar an athrú ar astaíochtaí ó bhliain go bliain agus cuirtear i gcomparáid leis an leibhéal roimh an bpaindéim iad. De thoradh na dianghlasála agus srianta le linn COVID‑19, tháinig laghdú 8 % ar astaíochtaí GCT in 2020, ar laghdú gan fasach ach sealadach a bhí ann. Rinne an téarnamh eacnamaíoch difear ar bhealaí éagsúla do réigiúin agus earnálacha éagsúla in 2021. I gcás roinnt earnálacha, amhail an earnáil iompair agus astaíochtaí a bhain le taisteal, níor théarnaigh siad go hiomlán go dtí 2022. Leanadh in 2022 den ghéarchéim fuinnimh a thosaigh in 2021, a rinne fogha na Rúise faoin Úcráin níos measa, agus chuaigh praghsanna fuinnimh, go háirithe praghsanna breosla, níos airde ná riamh dá deasca. Ina theannta sin, mar thoradh ar an leibhéal táirgthe cumhachta núicléiche a bheith laghdaithe agus an leibhéal íseal táirgthe hidreachumhachta, tá méadú tagtha ar úsáid guail agus ligníte le haghaidh giniúint cumhachta, ar mó í ná an leibhéal a taifeadadh in 2021. Spreag na praghsanna arda fuinnimh gníomhaíocht chun éileamh ar fhuinneamh tionsclaíoch agus teaghlaigh araon a laghdú freisin.
Léirítear na hathruithe sin le hastaíochtaí an Aontais de réir earnála (Fíor 1.b). Tá coinne leis go méadóidh astaíochtaí i bhfuinneamh agus iompar in 2022, cé go bhfanfaidh siad faoi bhun leibhéil 2019 roimh an bpaindéim, agus tá coinne le laghduithe móra ar astaíochtaí i bhfoirgnimh agus sa tionscal, go príomha i ngeall ar an méadú leanúnach ar phraghsanna fuinnimh. D’ainneoin an laghdaithe bhig in 2022, tá astaíochtaí sa talmhaíocht mórán mar an gcéanna leis an leibhéal a bhí ann 10 mbliana ó shin.
Is cosúil go dtugtar le fios le réamhshonraí 2022 maidir le glan‑aistrithe GCT ó earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (LULUCF) go bhfuil briseadh sa treocht laghdaitheach a bhí ann le déanaí, agus go bhfuil coinne le méadú 6 % ar linnte carbóin i gcomparáid le 2021, cé go mbíonn neasfhardail astaíochtaí faoi réir athbhreithnithe móra i gcónaí. Dá thoradh sin, tháinig laghdú 3,0 % ar ghlanastaíochtaí GCT iomlána (lena n‑áirítear LULUCF) in 2022 ar bhonn bliantúil, ar laghdú 32,5 % é i gcomparáid le leibhéal 1990.
San Aontas, tháinig méadú nach beag ar astaíochtaí fíoraithe ó oibreoirí aerárthaí, ar méadú 75 % i gcomparáid le 2021 é, de réir mar a bhíonn an tionscal ag téarnamh ó na leibhéil ghníomhaíochta an‑íseal a bhí ann le linn phaindéim COVID‑19.
I dtreo chuspóir na haeráidneodrachta
I dteannta measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i mbeartas aeráide faoin Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide
, déantar measúnú leis an tuarascáil seo, den chéad uair i mbliana, ar dhul chun cinn faoin Dlí Aeráide Eorpach,
lena n‑áirítear an dul chun cinn comhchoiteann a rinne na Ballstáit i dtreo sprioc an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Breathnaítear ar an dul chun cinn maidir le roinnt gnéithe agus ó roinnt foinsí léi agus cuirtear san áireamh inti an chastacht is gné dhílis den líon mór conairí is féidir a leanúint chun geilleagar glan‑nialasach athléimneach a bhaint amach.
Ar an iomlán, léiríonn réamhshonraí 2022 go bhfuil laghdú seasta ag teacht ar ghlanastaíochtaí GCT intíre an Aontais (i.e. lena n‑áirítear LULUCF agus gan iompar idirnáisiúnta a áireamh), i gcomhréir leis an gconair líneach chun go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais i dtaca le laghdú GCT (i.e. -55 %) agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050. Is gá géarú ar luas an laghdaithe astaíochtaí, áfach, chun go mbeidh sé beagnach trí oiread níos mó ná an meánlaghdú bliantúil a baineadh amach le 10 mbliana anuas (féach Fíor 2.a). I gcoibhneas le hiarrachtaí maolaithe roimhe seo, is i bhfoirgnimh agus iompar atá gá leis na laghduithe is mó ar astaíochtaí, mar a bhfuil luas an dícharbónaithe mall nó ag dul sa treo eile fiú. An tráth céanna, tá sé fíor‑riachtanach go ndéanfar gníomhaíocht in earnáil LULUCF chun borradh mór a chur faoi aistrithe dé‑ocsaíde carbóin. Cé gur cosúil go bhfuil sé indéanta go mbainfear amach na laghduithe astaíochtaí a bhfuil gá leo sa talmhaíocht, i bhfianaise an dul chun cinn le 30 bliain anuas, is ábhar imní é an easpa dul chun cinn substaintiúil a rinneadh le blianta beaga anuas, rud a éilíonn athrú ar chur chuige (Fíor 3.b).
Cé gur mór iad, níl laghduithe astaíochtaí den sórt sin gan fasach. Sa 2 bhliain roimh an bpaindéim, bhí laghdú 120 milliún tona de choibhéis CO2 ar an meán gach bliain ar astaíochtaí, i ngeall ar dhul chun cinn san éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in‑athnuaite fuinnimh a bheith á gcur in úsáid go tapa. Laghdaigh gach gníomhaí san Aontas, lena n‑áirítear an tionscal dianfhuinnimh, a n‑éileamh ar fhuinneamh in 2022 i gcomparáid le leibhéil roimh an bpaindéim, agus bhí an coigilteas gáis ní ba mhó ná 18 % i gcomparáid leis na 5 bliana roimhe sin.
Fíor 2: Glanastaíochtaí agus spriocanna GCT an Aontais agus réamh‑mheastacháin chomhiomlánaithe GCT na mBallstát
|
Fíor 2.a
|
Fíor 2.b
|
|
|
|
De thoradh na géarchéime fuinnimh, spreagadh móiminteam nach bhfacthas a leithéid riamh i leith fuinneamh in‑athnuaite. Suiteáladh thart ar 60 GW de shuiteálacha fuinnimh gaoithe agus gréine san Aontas in 2022, an méid ba mhó riamh, agus bhain an margadh teaschaidéal buaicphointe nua amach, óir díoladh thart ar 3 mhilliún aonad díobh (+ 37 %). D’ainneoin cúlú eacnamaíoch leanúnach i margaí gluaisteán agus costais mhonaraíochta níos airde, bhain an sciar d’fheithiclí leictreacha a díoladh san Eoraip 21,6 % amach in 2022, agus tháinig borradh is mó ná 50 % i gcomparáid le 2021 ar infhaighteacht luchtairí atá inrochtana don phobal.
Tá gníomhaíocht na mBallstát fíor‑riachtanach chun an cúrsa sin a choinneáil, áfach. Nuashonraigh na Ballstáit a réamh‑mheastacháin an 15 Márta 2023 agus rinne siad machnamh den chéad uair ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na gcuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach ina bPleananna comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) tosaigh. PNFAnna atá ann cheana, léiríonn siad spriocanna san am a chuaigh thart, sular mhéadaigh an tAontas a uaillmhian aeráide faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Cuireann an measúnú seo freisin leis an bpróiseas tábhachtach lena nuashonraíonn na Ballstáit PNFAnna comhtháite, rud atá ar siúl anois.
Fíor 3: Astaíochtaí agus aistrithe GCT an Aontais de réir earnála, treochtaí san am a chuaigh thart agus laghduithe a cheanglaítear
|
Fíor 3.a
|
Fíor 3.b
|
|
|
|
Fíor 4: An líon beartas agus beart aonair (gné an dícharbónaithe) de réir earnála dá ndéantar difear agus coigiltis astaíochtaí thuairiscithe chomhiomlánaithe lena bhfuil coinne agus glan‑aistrithe dé‑ocsaíde carbóin méadaithe
|
Fíor 4.a
|
Fíor 4.b
|
|
|
|
Is iad na hearnálacha a bhfuil an líon is mó beart acu iompar (23 %), ídiú fuinnimh (22 %) agus soláthar fuinnimh (21 %), rud a léiríonn go páirteach na dúshláin atá roimh na hearnálacha agus a dtosaíochtaí (Fíor 4.a). Faisnéis maidir leis na coigiltis astaíochtaí (ex‑ante) lena bhfuil coinne ó na bearta sin, tá sí tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn lena bhfuil coinne ó na bearta arna bpleanáil agus arna gcur chun feidhme. Ar an drochuair, níor thuairiscigh ach 18 mBallstát laghduithe ex‑ante cainníochtúla ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad agus le haghaidh aon bheart amháin ar a laghad in 2023. Tá sé sin níos ísle ná 2021, rud a fhágann go bhfuil sé deacair go maith an measúnú comhiomlánaithe a dhéanamh (Fíor 4.b). Cuireann sé sin i dtábhacht arís gur gá do na Ballstáit dlús a chur le gníomhaíocht chun measúnú níos córasaí, ex ante agus ex post araon, a dhéanamh ar éifeachtaí beartas arna gcur chun feidhme.
Mar chonclúid, cé go leanann laghdú de bheith ag teacht ar astaíochtaí GCT, mar a léirítear leis na sonraí is déanaí, agus cé go bhfuil tuar dóchais ann go bhfuil gníomhaíocht á déanamh ar an talamh, is cosúil go bhfuil an dul chun cinn i dtreo chuspóirí aeráide an Aontais neamh‑leordhóthanach. Is i réimsí inarb amhlaidh na nithe seo a leanas is mó a bhfuil gá le gníomhaíocht:
·tá laghduithe móra astaíochtaí fós ag teastáil (foirgnimh, iompar),
·tá an dul chun cinn le déanaí rómhall (talmhaíocht),
·níl na figiúirí ag dul sa treo ceart (úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht).
Léiríonn an measúnú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit géarú go mór ar luas an athraithe chun go mbeifear ar chonair níos sábháilte – níos cinnte – i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Ní mór an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a ghlacadh go hiomlán agus gach cuid de a chur chun feidhme go mear. Tá gá le faireachán níos mionsonraithe chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le tosca cumasúcháin a spreagann astaíochtaí sna hearnálacha éagsúla sa chaoi go gcuirfear i dtábhacht níos fearr cé na réimsí ina bhfuil dul chun cinn in easnamh nó tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil.
Dul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide san Aontas
Leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ cuirtear an tAontas ar an gconair chun a spriocanna aeráide a bhaint amach ar bhealach cóir costéifeachtach iomaíoch. Ghlac comhreachtóirí formhór na bpríomhthograí sa phacáiste
agus tá beartais an Aontais ailínithe anois le sprioc 2030 nuashonraithe agus a shocraítear sa Dlí Aeráide Eorpach. Tríd an reachtaíocht nua a chur chun feidhme faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’
, cuirfear ar a gcumas don Aontas agus dá Bhallstáit glanastaíochtaí GCT a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030
(féach Caibidil 1 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’).
Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, déantar an leibhéal uaillmhéine sa chóras atá ann cheana a mhéadú ó laghdú astaíochtaí 43 % go 62 % faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2005, agus an córas a leathnú chun go mbeidh feidhm aige freisin maidir le muiriompar idirnáisiúnta. Beidh feidhm freisin ag córas praghsála carbóin ar leithligh maidir le dóchán breosla in earnáil an iompair ar bóthar, in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnálacha astaírí beaga
(CTA2) a mbeidh sprioc laghdaithe astaíochtaí 42 % acu i gcomparáid le 2005 ar fud na n‑earnálacha a chumhdaítear. Leis an Rialachán leasaithe maidir le Comhroinnt Díchill, i gcás na n‑earnálacha a chumhdaítear leis, rinneadh sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT ar leibhéal an Aontais a mhéadú ó 29 % go 40 % faoi 2030, i gcomparáid le 2005, a léirítear i spriocanna 2030 nuashonraithe le haghaidh gach Ballstáit. Le Rialachán nua LULUCF, socraítear cuspóir foriomlán ar leibhéal an Aontais go ndéanfar glan‑aistrithe 310 Mt de choibhéis CO2 in earnáil LULUCF in 2030.
Chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, chruthaigh an tAontas ciste nua, an Ciste Aeráide Sóisialta, chun gabháil le CTA2 nua, lena dtabharfar aghaidh ar thionchair na praghsála carbóin in earnálacha nua agus tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha, do mhicrifhiontair agus d’úsáideoirí iompair. In éineacht leis an gCiste um Aistriú Cóir lena dtugtar tacaíocht do na críocha is mó a ndéanann an t‑aistriú difear dóibh (féach Caibidil 6), áiritheoidh siad nach bhfágfar duine ar bith ar gcúl. Déantar cumhachtú tomhaltóirí fuinnimh a fheabhsú freisin leis na tionscnaimh reachtacha is déanaí a bhaineann leis an margadh leictreachais. Faoin nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta (NZIA), tacóidh an Coimisiún le bunú acadamh speisialaithe le haghaidh uas‑sciliú agus athsciliú.
Rinne an Coimisiún tograí breise in 2022 agus 2023 chun dlús a chur leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Tháinig na reachtóirí ar chomhaontú sealadach, mar shampla, i ndáil leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le gáis ceaptha teasa fluairínithe (F‑gháis) lena ndéanfar tuilleadh laghdaithe ar na hastaíochtaí ó na gáis ceaptha teasa sin atá thar a bheith láidir. Bheartaigh an Coimisiún spriocanna laghdaithe astaíochtaí níos uaillmhéine d’fheithiclí tromshaothair. Chuir an Coimisiún plean REPowerEU ar aghaidh freisin ina bhfuil bearta sonracha chun spleáchas fuinnimh an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, agus chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí ghníomhaíochtaí nua, agus forbairt á déanamh an tráth céanna ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Chun iomaíochas thionscal glan‑nialasachta na hEorpa a fheabhsú agus borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe faoi theicneolaíochtaí glasa, chuir an Coimisiún Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais ar aghaidh. Le Caibidil 2 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’, cuirtear forbhreathnú i láthair ar an mbeartas a glacadh le déanaí a rannchuidíonn le beartais ar leibhéal an Aontais a ailíniú le cuspóirí aeráide.
I mí na Samhna 2021 thug an Coimisiún a ionstraimí Rialála Níos Fearr nuashonraithe chun a áirithiú go mbeidh beartais nua de chuid an Aontais i gcomhréir le spriocanna aeráide. Gach beart de chuid an Aontais atá beartaithe, ba cheart measúnú a dhéanamh orthu ó thaobh a gcomhsheasmhachta le cuspóirí aeráide - cuspóir na haeráidneodrachta agus an cuspóir go n‑áiritheofar dul chun cinn san oiriúnú don athrú aeráide - mar chuid den phróiseas measúnaithe tionchair, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach (an tseiceáil comhsheasmhachta aeráide). Is maith an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na seiceála sin. Ó bhí tús 2022 ann, as measc na 27 measúnú tionchair a measadh a bheith ábhartha don mheasúnú seo (as measc na 57 measúnú tionchair a ndearna an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála scrúdú orthu
), cinneadh go ndearna 20 ceann measúnú leormhaith ar chomhsheasmhacht an tionscnaimh leis na cuspóirí aeráide, agus nach ndearna 7 gcinn de na measúnuithe tionchair measúnú leormhaith ar ghnéithe aeráide. Beagnach 75 % de chásanna ábhartha atá ansin agus léiríonn sé gur ceanglas nua é. Dá mbeadh níos mó taithí ann le cur chun feidhme na seiceála comhsheasmhachta aeráide, d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chomhlíonadh an cheanglais nua measúnaithe tionchair sin.
Cé gur maith an dul chun cinn atá déanta chun a áirithiú go gcuireann beartais an Aontais an tAontas ar a chonair i dtreo geilleagar glan‑nialasachta, is ábhair imní iad na treochtaí astaíochtaí in earnáil an iompair le déanaí agus an luas an‑mhall faoin laghdú astaíochtaí sa talmhaíocht, chomh maith le meath ar an linn charbóin (féach Caibidlí 3 agus 4). D’ainneoin dul chun cinn sa mhaoiniú glas ó fhoinsí príobháideacha, tá gá le hinfheistíocht bhreise nach beag chun an t‑aistriú glas a mhaoiniú. Tá gníomhaíocht ag teastáil lena aghaidh sin, go háirithe chun maoiniú a atreorú chun aistriú earnálacha ‘donna’ a chumasú (féach Caibidil 6).
Mar a cheanglaítear leis an Dlí Aeráide Eorpach, foilseoidh an Coimisiún teachtaireacht maidir le sprioc aeráide an Aontais do 2040 go luath in 2024, lena leagfar amach conair ó sprioc idirmheánach 2030 a comhaontaíodh cheana féin i dtreo astaíochtaí glan‑nialasacha faoi 2050. Leis sin, soláthrófar an fhaisnéis is gá chun a áirithiú go mbeidh bearta agus infheistíochtaí le haghaidh spriocanna 2030 an Aontais a chur chun feidhme ailínithe go maith leis na conairí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Soláthróidh sprioc 2040 intuarthacht agus coimeádfaidh sí an dul chun cinn ar an mbóthar ceart i dtreo na haeráidneodrachta.
Tá an t‑athrú aeráide ag imirt tionchair cheana féin ar an dúlra agus ar dhaoine ar bhealach níos déine, níos minice agus thar limistéar geografach níos fairsinge ná a ceapadh roimhe seo a bheadh.
Tá dul chun cinn á dhéanamh sa mheasúnú ar rioscaí aeráide. In earrach 2024, i dteachtaireacht maidir le bainistiú rioscaí aeráide an Aontais, freagróidh an Coimisiún don fhianaise a sholáthraítear i dtuarascáil eolaíoch Mheasúnachta ar Riosca Aeráide na hEorpa maidir leis an bhforbairt atá ag teacht ar rioscaí aeráide agus leis an ngá atá le tuilleadh gníomhaíochta. I gcomhthreo leis sin, tá gníomhaíocht fhadréimseach á déanamh chun na gnéithe eile de straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú 2021 a chur chun feidhme (féach Caibidil 5).
Dul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide i mBallstáit an Aontais
Sna chéad chaibidlí eile den tuarascáil, déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i réimsí beartais sonracha. Leis an roinn seo, tugtar forbhreathnú ar threochtaí astaíochtaí GCT i dtreo cuspóirí maolaithe ar an athrú aeráide, lena n‑áirítear cuspóir an Aontais go mbainfear an aeráidneodracht amach faoi 2050, agus forbraítear an anailís mhionsonraithe a sholáthraítear i gCaibidil 5 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’.
Le 30 bliain anuas, tá laghdú nach beag déanta ag an Aontas ar a astaíochtaí GCT, ar éirigh leis níos mó a bhaint amach ná a bhí sa ghealltanas a rinne sé in 2020 faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) ná ina sprioc faoi dhara tréimhse gealltanais Phrótacal Kyoto in 2013-2020 (KP2). Tháinig laghdú 34 % ar astaíochtaí GCT iomlána faoi UNFCCC (gan LULUCF a áireamh ach lena n‑áirítear an eitlíocht idirnáisiúnta) in AE-27 + an Ríocht Aontaithe i gcomparáid le 1990. Sin laghdú 1,94 billiún tona CO2-eq faoi 2020. (Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Caibidil 4 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’).
Le blianta beaga anuas, áfach, ní mar a chéile an dul chun cinn atá déanta ar fud na mBallstát. Idir 2015 agus 2022 bhí glanastaíochtaí GCT ag dul i méid sa Laitvia, san Fhionlainn agus sa Liotuáin agus, go méid níos lú, sa Chipir, sa Pholainn, i Málta, san Eastóin agus in Éirinn. Laghdaíodh astaíochtaí GCT sa tSeicia, san Iodáil, san Ungáir, sa Chróit, sa Fhrainc agus sa Danmhairg, ach ba go mall féin é. Tá cúiseanna éagsúla leis sin ag na tíortha éagsúla. San Fhionlainn, sa Laitvia agus san Eastóin, baineann an treocht aníos ar astaíochtaí leis an laghdú géar a tháinig ar acmhainneacht na hearnála úsáide talún, athraithe ar úsáid talún agus foraoiseachta feidhmiú mar linn charbóin, agus i gcás na Liotuáine cuireann iompar agus foirgnimh leis an méadú ar astaíochtaí freisin. Tháinig méadú ar astaíochtaí iompair san Ungáir, i Málta agus sa Pholainn, agus lean astaíochtaí talmhaíochta de bheith ag dul i méid in Éirinn.
Ó bhí 2005 ann, bhí treocht shoiléir anuas ar astaíochtaí GCT per capita agus ar dhéine GCT OTI i ngach Ballstát seachas an Laitvia (Fíor 5). Mar thoradh ar an dul chun cinn níos tapa atá déanta ag tíortha a bhfuil cóimheasa astaithe níos airde acu, is mór an cóineasú i dtreo mheánfhigiúr an Aontais atá ann. Mar sin féin, idir 2015 agus 2022, is cosúil gur tháinig an treocht cóineasaithe anuas chun stad i bhformhór na mBallstát.
Fíor 5: Déine GCT OTI agus astaíochtaí GCT per capita de réir na mBallstát
Faisnéis a chuireann na Ballstáit isteach maidir leis an tionchar a bhfuil coinne lena bheith ag beartais atá i bhfeidhm faoi láthair agus ag beartais bhreise ar astaíochtaí GCT, is féidir í a úsáid chun léargas a fháil ar an dul chun cinn atá siad a dhéanamh, nó lena bhfuil coinne, i dtreo chuspóirí aeráide an Aontais. Faoi 2030, bunaithe ar réamh‑mheastacháin GCT a chuir na Ballstáit isteach i mí an Mhárta 2023, tá coinne ag sé Bhallstát (an Pholainn, Éire, an Eastóin, an tSeicia, Lucsamburg agus an Laitvia) leis go mbeidh astaíochtaí per capita i bhfad níos airde ná 5 thona CO2-eq, arb é meánmhéid GCT per capita san Aontas é atá i gcomhréir den chuid is mó le sprioc -55 % an Aontais. Maidir le cuspóir na haeráidneodrachta, tá an réamh‑mheastachán á dhéanamh ag na Ballstáit uile ach amháin an Fhionlainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an tSualainn go mbeidh glanastaíochtaí GCT móra ann in 2050 fiú agus na beartais atá i bhfeidhm faoi láthair agus beartais bhreise á gcur san áireamh (féach Tábla 6, i gCaibidil 5 den doiciméad inmheánach oibre – Faisnéis theicniúil’), d’ainneoin go bhfuil sprioc aeráidneodrachta faoi 2050, nó níos túisce ná sin, dearbhaithe acu uile nach mór.
Tá conairí tábhachtach freisin. Le Fíor 6 cuirtear astaíochtaí réamh‑mheasta idir 2022 agus 2050 i gcás gach Ballstáit i gcomparáid le conair thagarmhairc, arb é atá inti airmheán na seacht gconair aeráidneodrachta is bonn leis an gcomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide maidir le huaillmhian 2040.
Rinneadh astaíochtaí na conaire airmheánaí ar leibhéal an Aontais a leithdháileadh ansin ar fud na mBallstát de réir sciar na tíre d’astaíochtaí an Aontais sa chás beartais lárnach a úsáidtear le haghaidh thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Fíor 6: Taraimsiú astaíochtaí GCT réamh‑mheasta in aghaidh conair tháscach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 (in % d’astaíochtaí tagarmhairc, astaíochtaí iomlána gan LULUCF a áireamh)
Léiríonn Fíor 6 difríochtaí móra idir na Ballstáit ó thaobh dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta. Agus bearta atá ann cheana á gcur san áireamh (le bearta, na barraí buí), idir 2022 agus 2050, tá coinne ag an tSlóvaic, ag an bPolainn agus ag Málta leis go n‑astóidh siad dhá oiread níos mó astaíochtaí ná mar atá sa chonair thagarmhairc i dtreo na haeráidneodrachta. Réamh‑mheasann 15 Bhallstát eile go mbeidh a n‑astaíochtaí carnacha níos mó ná 50 % níos airde ná an tagarmharc aeráidneodrachta gan beartais bhreise. Agus tionchar beart beartais breise á chur san áireamh (le bearta breise, na barraí gorma), tagann laghdú ar an taraimsiú, ach tá bearnaí móra fós ann (os cionn 50 %) i gcás na Slóvaice, na Polainne, na Cróite, na Rómáine agus na Bulgáire.
Bíonn torthaí comhchosúla ann agus conair líneach á glacadh mar thagarmharc táscach. Sa chás sin, faightear an taraimsiú is mó i gcás Mhálta, na hIodáile, na Gréige, na hOstaire agus na hUngáire faoin gcás le bearta agus i gcás na Polainne, na Rómáine, na Bulgáire agus na Cróite faoi chásanna le bearta agus le bearta breise araon (féach Tábla 6, Caibidil 5 den doiciméad inmheánach oibre – Faisnéis theicniúil’).
Léiríonn na hanailísí sin atá bunaithe ar réamh‑mheastacháin astaíochtaí GCT na mBallstát leibhéil éagsúla uaillmhéine agus cur chun feidhme, ach léiríonn siad freisin iomláine agus cáilíocht na sonraí a chuirtear isteach. Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023, níos mó ná mí tar éis an sprioc‑ama oifigiúil, níor chuir ach 20 Ballstát a réamh‑mheastacháin isteach tríd an ríomhardán. Réamh‑mheastacháin a chuirtear isteach go déanach, déanann siad dochar do phróiseas an rialaithe cáilíochta agus na mbeart leantach maidir le réamh‑mheastacháin a chuirtear isteach an athuair. Ina theannta sin, cé nach rud éigeantach é, níor chuir naoi mBallstát réamh‑mheastacháin isteach le bearta breise, agus líonadh na bearnaí sin le réamh‑mheastacháin ar úsáideadh cás ‘na mbeart atá ann cheana’ lena n‑aghaidh, agus i gcás réamh‑mheastacháin na Beilge nach raibh faisnéis níos faide amach ná 2030 iontu, úsáideadh réamh‑mheastachán GCT 2021. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit feabhas a chur ar a réamh‑mheastacháin astaíochtaí agus tacú le hacmhainneacht agus uirlisí anailíse. Tugann réamh‑mheastachán treoir thábhachtach i dtaca leis an dícharbónú, agus tá siad tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta agus chun tacú le dearadh agus cinntí beartais fónta.
In 2023 thuairiscigh na Ballstáit uile go ndearnadh dul chun cinn maidir le beartais agus bearta. Cé gur tháinig méadú ar an líon beart, tá difríochtaí móra idir na Ballstáit fós ó thaobh an lín beart a tuairiscíodh. Thuairiscigh an Bheilg, an Spáinn, Lucsamburg agus an Fhrainc an líon is mó beart, agus thuairiscigh an Bhulgáir, an Ostair, an Ghréig agus Málta an líon is lú (Fíor 7).
I gcomparáid leis an mbeart roimhe seo maidir le tuairisciú (2021), tháinig an méadú is mó ar bhearta tuairiscithe sa Chipir agus i Lucsamburg, agus sa Spáinn, sa Phortaingéil, san Fhionlainn, san Iodáil agus san Eastóin ina ndiaidh sin. Thuairiscigh an Bhulgáir, an Ostair agus Málta laghdú mór. An tráth céanna, is cosúil gur cinn nua iad níos mó ná leath na mbeart a thuairiscigh an Liotuáin, an Eastóin, an Chróit, Éire agus an Bhulgáir (atá i bhfeidhm ó 2022 nó níos déanaí). I dtéarmaí na n‑earnálacha dá ndéantar difear (Fíor 7.b), ba cheart aird a thabhairt ar an sciar réasúnta ard de bheartais agus bearta a dhéanann difear d’earnálacha na talmhaíochta agus LULUCF sa Laitvia agus san Fhionlainn, i bhfianaise treochtaí atá ann le déanaí sna hearnálacha sin, cé gur beag iad na coigiltis astaíochtaí tuairiscithe lena bhfuil coinne.
Fíor 7: An líon beartas agus beart aonair a thuairiscigh na Ballstáit: stádas a gcur chun feidhme agus earnálacha dá ndéantar difear
|
Fíor 7.a
|
Fíor 7.b
|
|
|
|
2CÓRAS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ AN AONTAIS
Bunchloch de ghníomhú an Aontais ar son na haeráide is ea Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE). Cumhdaítear leis thart ar 36 % d’astaíochtaí GCT iomlána an Aontais, ó ghiniúint leictreachais agus teasa, ón tionscal monaraíochta agus ón eitlíocht laistigh den Eoraip. Trí chaidhp ar astaíochtaí iomlána a leagan síos, áirithíonn an córas go dtiocfaidh laghdú ar na hastaíochtaí sin le himeacht ama. Laistigh den chaidhp, déantar lamháltais a dháileadh go príomha trí cheantáil, rud a chruinníonn ioncam le haghaidh bhuiséid na mBallstát chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an aistriú fuinnimh. Leis an bpraghas lamháltais arna chinneadh ag an margadh, dreasaíonn CTA laghdú astaíochtaí costéifeachtach.
Faoi 2022 bhí CTA AE ina chuidiú le hastaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa agus ó shuiteálacha tionsclaíocha a bhrú síos 37,3 % i gcomparáid le leibhéil 2005. Is í earnáil an fhuinnimh is mó a spreag an laghdú astaíochtaí sin - is é sin aistriú ó ghual chuig gás agus méadú ar chur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Mar sin féin, tá na treochtaí astaíochta is déanaí in CTA AE ina léiriú freisin ar thionchair phaindéim COVID‑19 agus na géarchéime fuinnimh (féach Treochtaí Astaíochtaí).
I gcomhthreo leis sin, chruinnigh CTA AE níos mó ná EUR 152 bhilliún in ioncam ceantála a d’úsáid na Ballstáit go príomha chun tacú le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, éifeachtúlachta fuinnimh agus iompair ísealastaíochtaí. Tar éis na géarchéime fuinnimh, d’úsáid na Ballstáit a gcuid ioncaim CTA chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha ar thomhaltóirí agus tionscail.
Leis an athbhreithniú ar CTA AE faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, cuideofar le hastaíochtaí a laghdú níos tapa agus ar fud níos mó earnálacha. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit sa Chomhairle an chaidhp ar astaíochtaí a dhéanamh níos doichte agus an córas a leathnú chuig astaíochtaí ó mhuiriompar (féach Gníomhaíocht san eitlíocht agus sa mhuiriompar). Cuideoidh laghdú ar leithdháiltí saor in aisce chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí ar fud an tionscail monaraíochta agus na heitlíochta. An tráth céanna, déantar níos mó acmhainní a ghiaráil chun tacú leis an dícharbónú in earnálacha CTA. Leis an athbhreithniú, geallann na Ballstáit go n‑úsáidfidh siad ioncam CTA ina iomláine (nó a choibhéis) chun gníomhú ar son na haeráide, le haghaidh an aistrithe fuinnimh agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha a bhaineann leis an bpraghsáil carbóin, agus méadaítear freisin méideanna na gCistí don Nuálaíocht agus don Nuachóiriú (féach Caibidil 2 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’ chun tuilleadh mionsonraí a fháil).
Tháinig an t‑athbhreithniú ar CTA AE i bhfeidhm an 5 Meitheamh 2023 agus beidh an chuid is mó de na hathruithe i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Táthar ag obair ar an reachtaíocht cur chun feidhme. Tá tuilleadh mionsonraí maidir le feidhmiú CTA AE in 2022 ar fáil i dTuarascáil 2023 ar an Margadh Carbóin.
Treochtaí astaíochta
Tháinig laghdú 0,2 % ar astaíochtaí foriomlána faoi raon feidhme CTA AE in 2022 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Léirítear leis sin laghdú beag ar astaíochtaí ó shuiteálacha cumhachta agus tionscail agus athbhorradh leanúnach faoi astaíochtaí eitlíochta tar éis phaindéim COVID‑19. I gcomparáid leis an am roimh COVID‑19, áfach, lean astaíochtaí orthu ag dul i laghad. Bhí astaíochtaí thart ar 8 % ní b’ísle in 2022 ná a bhí in 2019.
Lean téarnamh eacnamaíoch an Aontais in 2022, agus d’fhás OTI 3,5 %. Fiú agus sin amhlaidh, tháinig laghdú beag 1,8 % ar astaíochtaí ó earnáil an fhuinnimh agus ón monaraíocht i gcomparáid le 2021. Tá sé sin i ngeall go páirteach ar an ngéarchéim fuinnimh agus a tionchair. Ar thaobh amháin, srianadh an soláthar gáis nádúrtha agus bhí praghsanna gáis nádúrtha ní b’airde ina gcúis le méadú ar úsáid guail le haghaidh giniúint cumhachta. Os a choinne sin, chuir an ghéarchéim fuinnimh le méadú ar bhoilsciú agus le laghdú ar éileamh tionsclaíoch.
Giniúint leictreachais agus teasa – méadú beag ar astaíochtaí
Tháinig méadú 2,4 % in 2022 ar astaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa i gcomparáid le 2021. Cé gur tháinig laghdú ar éileamh leictreachais agus teasa i ngeall ar phraghsanna fuinnimh ní b’airde agus aimsir ní ba chineálta, tháinig méadú ar astaíochtaí earnálacha i ngeall ar aistriú ó ghás ar ais chuig gual le haghaidh giniúint fuinnimh. Is é an rud ba chúis leis an aistriú praghsanna arda ar ghás nádúrtha, agus triomaigh i roinnt mhaith codanna den Aontas a laghdaigh an t‑aschur cumhachta núicléiche agus hidreachumhachta.
An tionscal – laghdú ar ghlanastaíochtaí
Tháinig laghdú 6,5 % ar astaíochtaí sa tionscal monaraíochta in 2022 i gcomparáid le 2021. Agus praghsanna fuinnimh ní b’airde ann agus aschur laghdaithe dá ndroim, rinne earnálacha amhail earnáil na stroighne, earnáil an iarrainn agus na cruach agus earnáil na gceimiceán laghdú mór astaíochtaí a thuairisciú in 2022. An tráth céanna, tháinig méadú ar astaíochtaí sna hearnálacha táirgthe ola agus gáis, de réir mar a mhéadaigh scaglanna a n‑aschur chun brabús a dhéanamh ar phraghsanna méadaithe breosla iontaise.
Eitlíocht – athbhorradh leanúnach faoi astaíochtaí
San Aontas, tháinig méadú mór ar astaíochtaí fíoraithe ó oibreoirí aerárthaí, ar méadú 75 % é i gcomparáid le 2021. Léiríonn sé sin go bhfuil athbhorradh leanúnach faoin aerthrácht tar éis phaindéim COVID‑19, ach tá sé fós beagnach 27 % níos ísle ná mar a bhí in 2019.
Fíor8: Astaíochtaí CTA fíoraithe 2005-2022, réamh‑mheastacháin na mBallstát le bearta 2021-2030, céimeanna caidhpe CTA 2, 3 agus 4, agus barrachas carntha de lamháltais CTA 2008-2021 lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann), an Iorua agus an Íoslainn NB: coigeartaigh i leith chéim chaidhpe 4.
Ioncam arna chruinniú ag CTA AE
Gineann CTA AE ioncam substaintiúil ó lamháltais a dhíol, rud is féidir a úsáid chun gníomhú ar son na haeráide (féach Caibidil 6).
De réir mar a mhéadaigh an praghas carbóin le linn 2022, tháinig méadú freisin ar ioncam ceantála CTA, arbh é a bhí ann thart ar EUR 38,8 billiún san iomlán, 7,7 billiún níos mó ná in 2021 (Fíor 9). As an EUR 38,8 billiún sin, chuaigh EUR 29,7 billiún chuig na 27 mBallstát. Thuairiscigh siad gur chun críoch aeráide agus fuinnimh a caitheadh 76 % d’ioncam ar an meán in 2022, mar an gcéanna le figiúr 2021 agus i gcomhréir le meánfhigiúr 75 % i gcaitheamh thréimhse 2013-2020. Cuirtear thart ar 25 % d’ioncam na mBallstát in áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha aeráide agus fuinnimh, chuaigh 27 % isteach i gcistí tiomnaithe comhshaoil agus 48 % chuig buiséid náisiúnta. Tá tuilleadh faisnéise le fáil sa doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’.
Fíor 9: Ioncam ceantála arna fháil ag na Ballstáit agus úsáid thuairiscithe (2013‑2022)
Ó bhí 2021 ann, tá roinnt Ballstát ag úsáid cuid dá gcuid ioncam ceantála chun tionchar sóisialta na géarchéime fuinnimh a mhaolú.
Gníomhaíocht san eitlíocht agus sa mhuiriompar
Muiriompar
Is astaíre substaintiúil CO2 é an muiriompar, lena ngintear thart ar 3-4 % d’astaíochtaí CO2 iomlána an Aontais. In 2022 tháinig méadú 7 % ar astaíochtaí, mar a bailíodh faoin Rialachán maidir le Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú iad, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, de réir mar a théarnaigh an earnáil ó shleabhcadh eacnamaíoch phaindéim COVID‑19. I mí na Bealtaine 2023, mar chuid den Treoir athbhreithnithe maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, leasaíodh Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí chun a raon feidhme a leathnú chun astaíochtaí neamh‑CO2 (CH4 agus N2O) chomh maith le cineálacha agus méideanna nua loinge a chumhdach. Dá bhrí sin, le CTA AE cumhdófar astaíochtaí CO2 ó longa móra a stadann ag calafoirt de chuid an Aontais ó 2024 ar aghaidh agus astaíochtaí neamh‑CO2 ó 2026 ar aghaidh. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’éirigh leis an Aontas tacú le méadú uaillmhéine straitéis 2018 na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta um laghdú gás ceaptha teasa. Leis an straitéis athbhreithnithe, a comhaontaíodh i mí Iúil 2023, socraítear an sprioc go mbeidh astaíochtaí ó longa glan‑nialasach ‘faoi nó thart ar, i.e. gar do, 2050’ agus seicphointí táscacha arb é is aidhm dóibh astaíochtaí GCT ó longa a laghdú 20 % ar a laghad - ag féachaint le 30 % a bhaint amach - in 2030 agus 70 % ar a laghad - ag féachaint le 80 % a bhaint amach - in 2040, agus an dá cheann sin i gcomparáid le leibhéil 2008.
Eitlíocht
Tionchar foriomlán aeráide na heitlíochta, tá sé idir dhá oiread agus ceithre oiread níos airde faoi láthair ná éifeacht a hastaíochtaí CO2 san am a chuaigh thart agus na hastaíochtaí sin amháin, óir baineann 66 % de thionchar aeráide na heitlíochta le hastaíochtaí neamh‑CO2. Ní dhéanann na Ballstáit aon fhaireachán go fóill ar astaíochtaí eitlíochta neamh‑CO2. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, leis an Treoir athbhreithnithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais cuirfear de chúram ar oibreoirí aerárthaí faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí neamh‑CO2 in aghaidh na heitilte ar bhonn bliantúil agus iad a thuairisciú. Faoin 31 Nollaig 2027, bunaithe ar thorthaí chur i bhfeidhm chreat MRV um éifeachtaí eitlíochta neamh‑CO2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach isteach chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí neamh‑CO2 trí raon feidhme CTA a leathnú chun iad a áireamh ann.
Margadh carbóin cothromaithe de chuid an Aontais
Ó bhí 2019 ann, tá CTA AE ag feidhmiú in éineacht le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, lena dtugtar aghaidh ar an mbarrachas stairiúil lamháltas atá carntha sa chóras agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht mhargadh carbóin an Aontais in aghaidh rúscadh éilimh. Bunaithe ar an líon iomlán lamháltas i gcúrsaíocht gach bliain, déanann an Cúlchiste lamháltais a tharraingt siar nó a scaoileadh, agus dá réir sin a soláthar a bhainistiú le haghaidh ceantanna amach anseo. Cuidíonn sé sin le comhartha praghais láidir a choinneáil ar bun i CTA, chun laghdú astaíochtaí a dhreasú agus a chur san áireamh i meastóireacht infheistíochta.
An barrachas lamháltas a bhí in CTA AE in 2022, bhí sé beagán os cionn 1,1 billiún lamháltas. Leis sin, leanann an Cúlchiste de bheith ag tarraingt lamháltas siar ó mhargadh carbóin an Aontais in 2023. Lamháltais os cionn tairseach áirithe arna sealbhú sa Chúlchiste, ní bheidh siad bailí ó 2023 ar aghaidh. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfar iad a scaoileadh chun an mhargaidh a thuilleadh. An 1 Eanáir 2023 tháinig beagán os cionn 2,5 billiún lamháltas de bheith neamhbhailí. Is mó an méid sin ná na creidmheasanna idirnáisiúnta uile a úsáideadh le haghaidh comhlíonadh in CTA AE go dtí seo. A bhuí le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh agus le forbhreathnú beartais aeráide fadtéarmach uaillmhianach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhan an comhartha praghais in CTA AE láidir in 2022 gan ach tréimhse ghearr luaineachta margaidh i mí an Mhárta ann, arbh é fogha na Rúise faoin Úcráin a spreag í.
3ASTAÍOCHTAÍ MAIDIR LE COMHROINNT DÍCHILL
Leis an rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, cumhdaítear astaíochtaí GCT ó iompar intíre (gan astaíochtaí CO2 ón eitlíocht a áireamh), foirgnimh, talmhaíocht, tionscal beag agus dramhaíl. Baineann siad sin le thart ar 60 % d’astaíochtaí intíre an Aontais. Leis an reachtaíocht maidir le Comhroinnt Díchill, socraítear spriocanna náisiúnta ceangailteacha chun astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha sin i gcomparáid le leibhéil 2005, faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (ESD) le haghaidh thréimhse 2013-2020 agus faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR) le haghaidh thréimhse 2021-2030.
Bunaithe ar shonraí neasluacha, bhí astaíochtaí ó na hearnálacha comhroinnte díchill 3 % ní b’ísle in 2022 ná mar a bhí in 2021. Tháinig sin sna sála ar an athbhorradh faoi astaíochtaí in 2021, tar éis na paindéime. Bhí an laghdú ar astaíochtaí mar thoradh go háirithe ar earnáil na bhfoirgneamh inar léiríodh laghdú ní ba mhó ná 9 % ar astaíochtaí i gcomparáid le 2021. Ba sa tionscal beag a léiríodh an dara laghdú astaíochtaí ba mhó, ar laghdú beagnach 6 % é i gcomparáid le 2021. Is í earnáil an iompair an earnáil is mó faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, ar léi a bhaineann níos mó ná aon trian de na hastaíochtaí iomlána maidir le comhroinnt díchill, agus is í an t‑aon earnáil inar méadaíodh astaíochtaí, níos mó ná 2 % ó 2021 go 2022.
Fíor 10: Astaíochtaí in earnálacha a chumhdaítear le reachtaíocht comhroinnte díchill 2005-2030 agus leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, AE-27
Torthaí an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill 2013-2020
Chomhlíon na Ballstáit uile a n‑oibleagáidí comhroinnte díchill faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill gach bliain i dtréimhse 2013 go 2020. D’éirigh leis an Aontas laghdú astaíochtaí breis agus sé phointe céatadáin ní ba mhó ná sprioc 2020 a bhaint amach. Astaíochtaí AE-27 a chumhdaítear le ESD, bhí siad 16,3 % ní b’ísle in 2020 ná mar a bhí 2005. I gcomparáid le 2015, bhí astaíochtaí AE-27 7,2 % ní b’ísle in 2020. Ba í 2020 an bhliain deiridh a cumhdaíodh le ESD. Níorbh fhéidir leis na Ballstáit AEAnna a thabhairt ar aghaidh (a bhancáil) lena n‑úsáid i mblianta amach anseo faoi ESR.
Mar sin féin, in 2020, sháraigh astaíochtaí ó cheithre Bhallstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí (AEAnna).
D’úsáid an Chipir AEAnna barrachais ó bhlianta roimhe seo (an bhancáil) chun a hastaíochtaí iomarcacha a chumhdach. Chumhdaigh Málta agus an Ghearmáin a n‑astaíochtaí iomarcacha trí AEAnna a cheannach. Cheannaigh Málta ón mBulgáir iad agus cheannaigh an Ghearmáin ó thrí thír éagsúla iad (an Bhulgáir, an tSeicia agus an Ungáir). D’úsáid Éire creidmheasanna idirnáisiúnta ón Sásra Glanfhorbraíochta agus cheannaigh AEAnna ón tSlóvaic chun a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi ESD.
Fíor 11: Athrú ar astaíochtaí ESD idir 2013 agus 2020, in aghaidh leithdháiltí bliantúla astaíochtaí 2020
Dul chun cinn faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill 2021-2030
I mí Aibreáin 2023, leasaíodh ESR chun uaillmhian níos airde a bhaint amach faoi 2030. Leis sin méadaíodh sprioc uile‑Aontais ESR maidir le hastaíochtaí a laghdú ó 29 % (i gcás AE-27) go dtí 40 % faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. Rinneadh sprioc fhoriomlán ESR a aistriú ina spriocanna náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí GCT faoi 2030 agus ina dteorainneacha astaíochtaí GCT níos uaillmhéine do 2023-2030. Leis an leasú freisin athraíodh roinnt de na solúbthachtaí atá ar fáil do na Ballstáit chun a dteorainneacha agus a spriocanna astaíochtaí GCT bliantúla a chomhlíonadh agus neartaíodh forálacha eile (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Caibidil 2 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’). Cuireann an Íoslainn agus an Iorua an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun feidhme freisin, ach ní chuirtear ach na Ballstáit thíos san áireamh sa treocht in astaíochtaí (réamh‑mheasta).
D’fhan astaíochtaí uile‑Aontais in earnálacha ESR 3,3 % faoi bhun na teorann astaíochtaí comhiomlánaithe in 2021, agus sáraíodh astaíochtaí AEAnna i gcúig Bhallstát. Bunaithe ar shonraí neasluacha, meastar go bhfuil astaíochtaí uile‑Aontais ESR 2 % faoi bhun na teorann astaíochtaí comhiomlánaithe in 2022. In 2022, nine Member States are expected to generate emissions that exceed their AEAs. Ní chinnfear astaíochtaí deiridh ESR le haghaidh 2021 agus 2022 go dtí go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach in 2027, nuair a tharlóidh an timthriall comhlíontachta le haghaidh gach ceann de bhlianta 2021 go 2025. Is féidir leis na Ballstáit na solúbthachtaí atá ar fáil faoi ESR a úsáid ansin chun a dteorainneacha astaíochta bliantúla a chomhlíonadh. Mar sin féin, is féidir na réamh‑mheastacháin astaíochtaí a chuir na Ballstáit isteach i mí an Mhárta 2023 a úsáid ag an gcéim seo chun léargas a fháil ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna ESR. Léiríonn réamh‑mheastacháin chomhiomlánaithe go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh laghdú 32 % ar astaíochtaí uile‑Aontais ESR in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 lena n‑áirítear bearta atá beartaithe (féach Fíor 12). Tá sé sin níos lú ná sprioc uile‑Aontais ESR chun astaíochtaí a laghdú 40 % in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005.
Bunaithe ar na réamh‑mheastacháin astaíochtaí is déanaí ó na Ballstáit, rinne an Coimisiún measúnú freisin ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a dteorainneacha astaíochta bliantúla i gcaitheamh thréimhse 2021-2030, agus na solúbthachtaí atá ar fáil faoi ESR á gcur san áireamh. Bunaithe ar an toimhde go n‑úsáidfeadh na Ballstáit AEAnna a sábháladh ó bhlianta roimhe seo (an bhancáil) agus/nó solúbthacht CTA atá ann cheana chun astaíochtaí iomarcacha ESR a chumhdach, bheadh astaíochtaí iomarcacha fós ag 19 mBallstát in 1 bhliain amháin ar a laghad i gcaitheamh thréimhse 2021-2030. Tá astaíochtaí iomarcacha ag ocht mBallstát cheana féin sa chéad tréimhse chomhlíontachta (2021 go 2025), rud a bhfuil dúshlán níos mó ag baint leis mar tá níos lú ama fágtha chun beartais bhreise a fhorbairt chun astaíochtaí a bhrú síos. Go sonrach, bheadh astaíochtaí iomarcacha cheana féin ag an gCipir, an Iodáil agus an Rómáin i dtréimhse 2021-2023, agus go pointe níos lú ag an gCróit.
Faoi Airteagal 9(2) de ESR, déantar aon dochar (i.e., astaíochtaí iomarcacha) faoi Rialachán LULUCF i dtréimhse 2021 go 2025 a asbhaint go huathoibríoch ó AEAnna na mBallstát sa chéad tréimhse chomhlíontachta faoi ESR. Bunaithe ar shonraí atá ar fáil maidir le hastaíochtaí measta LULUCF le haghaidh 2021-2025, is ábhar imní iad na treochtaí sa tSeicia, san Eastóin, san Fhionlainn, sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa tSlóivéin (féach Caibidil 4). Má dheimhnítear na treochtaí sin in LULUCF, d’fheadfadh sé go mbeadh sé dúshlánach ag na tíortha sin a spriocanna LULUCF a bhaint amach agus a spriocanna ESR a bhaint amach freisin sa chéad tréimhse chomhlíontachta.
Chun a dteorainneacha astaíochta ESR a chomhlíonadh, is féidir le roinnt Ballstát na méideanna solúbthachta CTA atá acu a mhéadú. Ballstáit a n‑éiríonn go maith leo faoi Rialachán LULUCF, is féidir leo an róghnóthachtáil sin, suas le méid teoranta, a úsáid chun aon astaíocht iomarcach in ESR a chumhdach. Is féidir leis na Ballstáit AEAnna a aistriú eatarthu féin freisin chun astaíochtaí a mheaitseáil le AEAnna eile. Bunaithe ar réamh‑mheastacháin reatha, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeidh ach méid teoranta AEAnna ar fáil lena gceannach.
Mar chonclúid, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag an gcéim seo agus an bhearna shubstaintiúil a chuirtear i dtábhacht san anailís thuas á cur san áireamh, moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta breise chun a n‑astaíochtaí a laghdú faoi ESR, go háirithe mar chuid den phróiseas leanúnach chun PNFA a nuashonrú. Tá uaillmhian níos airde beartaithe ag roinnt Ballstát ina ndréacht‑PNFAnna i leith astaíochtaí a chumhdaítear le ESR. Dá bhrí sin, beidh forbhreathnú níos iomláine ar fáil i measúnú an Choimisiúin ar dhréacht‑PNFAnna nuashonraithe atá dlite faoi dheireadh na bliana seo. Tar éis do na Ballstáit PNFAnna críochnaitheacha nuashonraithe a chur isteach, fillfidh an Coimisiún ar mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag na Ballstáit. D’fhéadfadh dul chun cinn neamh‑leordhóthanach an gá le plean gníomhaíochta ceartaithí a spreagadh faoi Airteagal 8 de ESR.
Fíor 12: Bearna idir spriocanna ESR 2030 agus astaíochtaí GCT réamh‑mheasta
Treochtaí astaíochta de réir an chineáil gáis faoin reachtaíocht maidir le Comhroinnt Díchill
Is astaíochtaí CO2 iad thart ar dhá thrian de na hastaíochtaí iomlána ó na hearnálacha comhroinnte díchill agus is astaíochtaí neamh‑CO2 iad an trian atá fágtha. Áirítear ar gháis ceaptha teasa neamh‑CO2 meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), agus gáis fhluairínithe (NF3, HFCanna, PFCanna, SF6, HFCanna). Cé go gcumhdaítear formhór na n‑astaíochtaí in earnáil an fhuinnimh le CTA AE, tagann astaíochtaí meatáin san earnáil sin faoi réim ESR. Astaítear na gáis neamh‑CO2 sin ó raon earnálacha agus próiseas, agus is airde i bhfad an poitéinseal téimh dhomhanda a bhaineann leosan ná le CO2, idir na deicheanna agus na deicheanna míle céim níos airde ag brath ar an ngás. Dá thoradh sin, tá tionchar tábhachtach ag astaíochtaí neamh‑CO2 ar an athrú aeráide agus is príomhfhoinsí laghduithe ionchasacha astaíochtaí iad i roinnt earnálacha. Trí mhaolú a dhéanamh ar astaíochtaí neamh‑CO2 is féidir méaduithe teochta domhanda a laghdú go tapa. Tá sé tábhachtach freisin astaíochtaí neamh‑CO2 a laghdú chun ár spriocanna faoi ESR a bhaint amach. Is ó earnáil na talmhaíochta a thagann thart ar leath na n‑astaíochtaí neamh‑CO2. Tháinig laghdú ar astaíochtaí neamh‑CO2 i ngach earnáil ó 2005 go 2021, ach rinneadh na laghduithe ba mhó in earnáil an fhuinnimh neamh‑CTA (‘fuinneamh eile’) agus in earnáil na dramhaíola. I gcaitheamh na tréimhse céanna, d’fhan astaíochtaí neamh‑CO2 ón talmhaíocht agus ó fhoirgnimh réasúnta cobhsaí. Rinneadh formhór na laghduithe ar astaíochtaí ocsaíde nítriúla ón tionscal neamh‑CTA agus ó earnáil na dramhaíola, agus ar astaíochtaí meatáin ó earnáil na dramhaíola, agus d’fhan an leibhéal astaíochtaí F‑ghás réasúnta cobhsaí. Is é is aidhm do Straitéis an Aontais um Meatán astaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh, agus in earnálacha na talmhaíochta agus na dramhaíola, agus tacú dá réir le baint amach spriocanna ESR.
Fíor 13: Astaíochtaí neamh‑CO2 faoi ESR in 2005 agus 2021, de réir earnála agus de réir an chineáil gáis.
F‑gháis
An éifeacht téimh dhomhanda atá ag gáis fhluairínithe (‘F‑gháis’), tá sí suas le 25 000 uair níos airde ná éifeacht CO2. Is astaíochtaí F‑gháis iad 2,5 % d’astaíochtaí GCT iomlána an Aontais. Is iad hidreafluaracarbóin (HFCanna) na F‑gháis is tábhachtaí. Tá rialáil réasúnta éifeachtach déanta ar F‑gháis ar leibhéal an Aontais. Tar éis 2014, rinneadh treocht chun méaduithe ar astaíochtaí F‑ghás, ar treocht é a mhair 10 mbliana, a aisiompú i ngeall ar an Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe (Rialachán (AE) Uimh. 517/2014). Tháinig laghdú beagán ní ba mhó ná 20 % ar astaíochtaí AE-27 ó 2014 go 2021 agus laghdú 47 % ar an soláthar gáis hidreafluaracarbóin (HFC) don mhargadh in CO2-eq idir 2015 agus 2019, go háirithe i ngeall ar iompú i dtreo roghanna malartacha cuisniúcháin atá neamhdhíobhálach don aeráid. D’éirigh le Rialachán an Aontais freisin éascú a dhéanamh don chomhaontú domhanda a rinneadh in 2016 chun HFCanna a chéimniú síos faoi Phrótacal Montréal (‘Leasú Kigali’) a meastar a choiscfidh thart ar 0,3-0,5 céim Celsius de théamh domhanda faoi 2100. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún i mí Aibreáin 2022 le haghaidh Rialachán nua maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe chun coigiltis astaíochtaí breise a bhaint amach faoi 2050; tá coinne lena ghlacadh foirmiúil faoi dheireadh 2023. Ní mór méid HFCanna a laghdú thart ar 95 % in 2030 agus 100 % in 2050 i gcomparáid le 2015. Leis na hastaíochtaí F‑gháis coigilte sin, tacófar le hiarrachtaí na mBallstát a sprioc a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill.
Beartais agus bearta náisiúnta in earnálacha an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill
Le Reachtaíocht an Aontais, tacaítear leis na Ballstáit a spriocanna a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill . Tugtar tuairisc sa chéad roinn eile ar roinnt beartas i bpríomhearnálacha an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill.
I leaganacha 2023 de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, thuairiscigh na Ballstáit beartais agus bearta atá curtha chun feidhme acu nó atá beartaithe a chur chun feidhme chun astaíochtaí GCT a laghdú agus spriocanna 2030 atá acu faoi láthair a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Thuairiscigh na Ballstáit 1 900 beart aonair a bhaineann le ESR, rud atá 10 % níos mó ná an líon sa bhabhta tuairiscithe roimhe seo.
Fíor 14: An líon beartas agus beart aonair a thuairiscigh na Ballstáit i gcás earnáil ESR
Treochtaí astaíochta agus beartais i bpríomhearnálacha
Foirgnimh
Tá 40 % den fhuinneamh a ídítear agus 36 % d’astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha a bhaineann le fuinneamh san Aontas ag baint le foirgnimh. Téamh, fuarú agus uisce te atá in 80 % den fhuinneamh a ídíonn teaghlaigh. Chun sprioc laghdaithe astaíochtaí 55 % a bhaint amach, ba cheart don Aontas astaíochtaí GCT foirgneamh a laghdú 60 %, a n‑ídiú fuinnimh deiridh a laghdú 14 % agus ídiú fuinnimh le haghaidh téimh agus fuarú a laghdú 18 % faoi 2030
. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus leis an mBeartas Comhtháthaithe, leithdháiltear cion mór cistí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh (féach Caibidil 6).
Leis an Tuarascáil ar athchóiriú an stoic náisiúnta foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe agus ar fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, soláthraítear an chéad mheasúnú ar chur chun feidhme agus dul chun cinn Straitéisí Athchóirithe Fadtéarmacha (LTRSanna) náisiúnta 2020, bunaithe ar leaganacha 2023 de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn. Léirítear léi nach i gcónaí a bhíonn leibhéal uaillmhéine LTRSanna i gcomhréir leis an aeráidneodracht in 2050, agus breathnaíodh roinnt dul chun cinn i dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, e.g., i dtreo spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT i roinnt mhaith tíortha, ach gan leasuithe uaillmhéine. Cuirtear i dtábhacht inti freisin an gá atá le feabhas a chur ar an rianú ar fhorbairt an stoic foirgneamh sna Ballstáit agus le cuíchóiriú agus comhchuibhiú táscairí agus sainmhínithe.
Is é is aidhm don athbhreithniú atá beartaithe ar an
Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh
straitéisí athchóirithe fadtéarmacha (a athainmníodh mar phleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh) a fheabhsú le treochlár soiléir le haghaidh stoc foirgneamh thar a bheith fuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoi 2050 (cf. Caibidil 2 den doiciméad inmheánach oibre – Faisnéis theicniúil’).
Talmhaíocht
Tá thart ar aon deichiú d’astaíochtaí GCT foriomlána an Aontais ina n‑astaíochtaí talmhaíochta, a dtagann thart ar dhá thrian díobh sin ó bheostoc. Ó bhí 2005 ann, tá astaíochtaí tar éis éirí marbhánta - léiríonn sonraí fardail go raibh laghdú mall bliantúil 0,7 MtCO2-eq ann idir 2005 agus 2021. Léiríonn réamh‑mheastacháin GCT is déanaí ó na Ballstáit nach dtiocfaidh athrú faoi 2030 ar luas an laghdaithe astaíochtaí faoi na bearta atá ann cheana (‑1 % i gcomparáid le 2021, nó meánlaghdú bliantúil 0,6 MtCO2-eq). Agus bearta breise ann, áfach, léiríonn astaíochtaí réamh‑mheasta comhiomlánaithe ón talmhaíocht go dtiocfaidh laghdú suntasach faoi 2030 (5 %, nó meánlaghdú bliantúil 2,2 MtCO2-eq). Is soiléir go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun bearta maolaithe a chur chun feidhme in earnáil na talmhaíochta (Fíor 15.a).
Fíor 15: Astaíochtaí GCT in earnáil na talmhaíochta (AE, 2005-2021) agus beartais agus bearta 2023 arna dtuairisciú le haghaidh earnáil na talmhaíochta (de réir cuspóirí)
|
Fíor 15.a
|
Fíor 15.b
|
Iompar
Tá níos mó ná aon chúigiú d’astaíochtaí GCT intíre foriomlána an Aontais ina n‑astaíochtaí iompair, a dtagann an tromlach mór díobh ón iompar ar bóthar (thart ar 95 %, nó 75 % agus breoslaí iompair idirnáisiúnta á gcur san áireamh). Níor tháinig ach laghdú beag ar astaíochtaí ó bhí 2005 ann. Léiríonn sonraí fardail go raibh laghdú bliantúil 4 MtCO2-eq ann idir 2005 agus 2021, agus is soiléir nach luas leordhóthanach é sin chun sprioc 2030 an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach san anailís ón gCoimisiún.
Gineann gluaisteáin agus veaineanna níos mó ná 70 % de na hastaíochtaí CO2 uile a thagann ón iompar ar bóthar san Aontas. Caighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin agus veaineanna nua agus le haghaidh feithiclí tromshaothair, is príomhspreagthaí iad sin chun astaíochtaí GCT ón iompar ar bóthar a laghdú. De réir sonraí faireacháin sealadacha le haghaidh feithiclí atá cláraithe san Aontas, san Íoslainn agus san Iorua in 2022, lean meánastaíochtaí CO2 bunaithe ar an nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí éadroma (WLTP) ó ghluaisteáin nua agus veaineanna nua de bheith ag laghdú, go 108,2 g CO2/km ó 114,1 g CO2/km in 2021 i gcás gluaisteán agus go 185,3 g CO2/km ó 193,3 g CO2/km in 2021 i gcás veaineanna. Leis sin, leantar den treocht géar anuas in astaíochtaí CO2, arna spreagadh ag na spriocanna níos déine atá infheidhme ó bhí 2020 ann. Faoi 2022 tháinig laghdú 27 % agus 9 % ar astaíochtaí ó ghluaisteáin agus veaineanna nua, faoi seach, i gcomparáid le leibhéil 2019 (Fíor 16). Tá an laghdú géar i ngeall ar an mborradh a tháinig faoin sciar feithiclí astaíochtaí nialasacha a cláraíodh. Ní raibh aon astú sceite ag 13,4 % de ghluaisteáin nua ná ag 5,9 % de veaineanna nua in 2022 (suas ó 2,2 % agus 1,4 %, faoi seach, in 2019). Leis na caighdeáin CO2 athbhreithnithe a glacadh le déanaí, ceanglaítear tuilleadh laghdaithe ar astaíochtaí. Ó 2030 ar aghaidh, agus i gcomparáid le bunlíne 2021, is gá astaíochtaí a laghdú 55 % i gcás gluaisteáin nua agus 50 % i gcás veaineanna nua. Ba cheart gach gluaisteán agus veain nua a bheith ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha faoi 2035.
Fíor 16: Meánastaíochtaí CO2 (poncanna) agus spriocanna (línte) le haghaidh fhlít uile an Aontais i gcás gluaisteáin nua (ar chlé) agus veaineanna nua (ar dheis).
|
Fíor 16.a Gluaisteáin nua
|
Fíor 16.b Veaineanna nua
|
Gineann feithiclí tromshaothair (HDV), amhail leoraithe, busanna agus cóistí, beagnach 30 % de na hastaíochtaí CO2 uile ón iompar ar bóthar. Le reachtaíocht atá ann cheana, ceanglaítear ar mhonaróirí astaíochtaí ó leoraithe áirithe a laghdú 15 % faoi 2025 agus 30 % faoi 2030 i gcomparáid le 2019. In 2023 bheartaigh an Coimisiún caighdeáin CO2 athbhreithnithe le haghaidh HDC, lena ndéantar na caighdeáin atá ann cheana níos doichte fós agus lena leathnaítear an raon feidhme chuig leoraithe, busanna, cóistí agus leantóirí níos lú. Leis an Rialachán atá beartaithe, ceanglaítear astaíochtaí CO2 a laghdú 45 % ó 2030, 65 % ó 2035 agus 90 % ó 2040 ar aghaidh i gcomparáid le bunlíne 2019. Socraítear leis freisin sprioc astaíochtaí nialasacha 100 % le haghaidh busanna uirbeacha nua ó 2030.
Leis an Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla rannchuidítear freisin le hastaíochtaí iompair a laghdú; ceanglaítear leis go ndéanfar déine astaíochtaí GCT saolré breoslaí a laghdú 6 % faoi 2020 i gcomparáid le leibhéil 2010. Meándéine astaíochtaí GCT breoslaí a soláthraíodh in 2021, bhí sí 5,5 % ní b’ísle ná in 2010. Tá an‑éagsúlacht idir na Ballstáit ó thaobh an dul chun cinn atá déanta ag soláthróirí breosla an Aontais (Fíor 17).
Fíor 17: Laghduithe ar dhéine astaíochtaí GCT breoslaí a bhain soláthróirí breosla an Aontais amach in AE-27, 2010-2020 agus 2010-2021 (Foinse: EEA)
4ÚSÁID TALÚN, ATHRÚ AR ÚSÁID TALÚN AGUS FORAOISEACHT
Tá ról tábhachtach ag earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (LULUCF) chun sprioc aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach. San Aontas, ionsúitear níos mó GCT in earnáil LULUCF ná a astaítear uaithi, rud a bhaineann méideanna móra carbóin den atmaisféar. Leis an earnáil, soláthraítear bithábhair freisin a úsáidtear in ionad ábhar ar mór a lorg breosla iontaise nó carbóin, rud atá chomh tábhachtach céanna san aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Mar sin féin, is ábhar imní a thapa atá laghdú tagtha ar aistrithe dé‑ocsaíde carbóin le blianta beaga anuas.
Is é is cúis leis an treocht sin go príomha laghdú ar aistrithe a bhaineann le foraoisí, arb é méadú ar lománaíocht an príomhrud a spreag é. Go méid níos lú, is é is cúis leis freisin ceapadh carbóin laghdaithe i bhforaoisí atá ag dul in aois i mBallstáit áirithe, i ngeall ar rátaí fáis níos ísle. An tionchar a imríonn an t‑athrú aeráide féin, tá sé sin ag dul i méid freisin. An méadú ar a mhinice a bhíonn suaití amhail gaothstoitheadh, ráigeanna feithidí agus fungais, dóiteáin foraoisí, agus triomaigh ag tarlú agus ar a thromchúisí atá siad, tá dochar á dhéanamh aige sin don ról atá ag foraoisí mar linn charbóin agus, i gcásanna áirithe, tá siad iompaithe go sealadach ina bhfoinsí carbóin dá dheasca. Tá roinnt mhaith tásca ann nach rud siúráilte in aon chor é stóinseacht linnte carbóin na hEorpa amach anseo de dheasca an athraithe aeráide. Chuir an moilliú ar leathadh an limistéir foraoise leis an laghdú ar aistrithe freisin, ach ní raibh tionchar chomh mór céanna aige. Ar leibhéal an Aontais, is príomhfhoinsí astaíochtaí LULUCF iad talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh agus lonnaíochtaí, agus gineann ithreacha orgánacha bainistithe leibhéal astaíochtaí fíor‑ard.
Ról níos mó ag earnáil LULUCF chun tacú le gníomhú ar son na haeráide
Le Rialachán athbhreithnithe LULUCF
leagtar amach conas a rannchuidíonn na foinsí astaíochtaí agus aistrithe in earnáil na húsáide talún le spriocanna aeráide an Aontais, agus an sprioc ann go mbainfear -310 milliún tona coibhéise CO2 d’aistrithe dé‑ocsaíde carbóin talamhbhunaithe amach faoi 2030.
Chun é sin a bhaint amach, leithdháiltear spriocanna ar na Ballstáit bunaithe ar an limistéar iomlán talún bainistithe ar a gcríoch. Le sprioc 2030 gach Ballstáit, ceanglaítear orthu a n‑uaillmhian aeráide le haghaidh a mbeartas úsáide talún a mhéadú.
Socraítear dhá thréimhse chomhlíontachta leis an rialachán athbhreithnithe:
·Ó 2021 go 2025: tá an measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát bunaithe ar thagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí úsáide talún, amhail Leibhéil Tagartha Foraoise le haghaidh bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí. Ar fud na gcatagóirí talún uile, is gá do Bhallstát an gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach a chomhlíonadh, i.e. ní mór suim na gcreidmheasanna nó na ndochar a ghintear i gcatagóirí talún aonair a bheith nialasach ar a laghad. Mura gcomhlíontar an gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach agus má tá glandochar ag Ballstát, beidh sé in ann roinnt solúbthachtaí a úsáid chun an glandochar a chúiteamh (e.g. trí chreidmheasanna a cheannach ó Bhallstáit eile). Má bhíonn glandochar ón gcéad tréimhse chomhlíontachta fós ann, fiú agus gach solúbthacht úsáidte, aistreofar an glandochar sin chuig cuntas ESR an Bhallstáit.
·Ó 2026 go 2030: ní mór do gach Ballstát sprioc náisiúnta cheangailteach a chomhlíonadh in 2030 bunaithe ar shuim na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe tuairiscithe i ngach catagóir talún. Ní hinfheidhme tagarmharcanna le haghaidh catagóirí talún aonair a thuilleadh. Cruthófar ‘buiséad glan‑aistrithe’ le haghaidh thréimhse 2026-2029 chun feidhmíocht gach Ballstáit a sheiceáil. Tabharfar aon dochar sa tréimhse sin ar aghaidh chuig an measúnú comhlíontachta deiridh le haghaidh sprioc 2030.
Measúnú ar dhul chun cinn in earnáil LULUCF
Bhain linn charbóin an Aontais glan‑aistriú -230 Mt CO2-eq amach in 2021. Maireann an treocht atá ann le blianta beaga anuas, agus leanann méid na linne carbóin de bheith ag dul i laghad, cé go meastar, bunaithe ar shonraí neasluacha, gur méadaíodh an linn go -244 Mt CO2-eq in 2022.
Agus na rialacha cuntasaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le LULUCF - a bhfuil a raon feidhme teoranta - atá infheidhme maidir le tréimhse 2021 go 2025, ba chreidmheas beag ar cuntas -14 Mt CO2-eq a bhí san iarmhéid sealadach ‘ar cuntas’ le haghaidh 2021 agus úsáid á baint as fardal GCT a cuireadh isteach le haghaidh 2023. Dá réir sin, comhlíonann an tAontas ina iomláine an gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach don chéad bhliain de thréimhse chomhlíontachta 2021-2025. Bunaithe ar mheastacháin ina n‑úsáidtear sonraí neasluacha, bheadh creidmheas beag ar cuntas ann in 2022 freisin.
Mar sin féin, bunaithe ar bhliain aonair den tréimhse chomhlíontachta, agus gan na solúbthachtaí eile atá ar fáil do na Ballstáit ag deireadh na tréimhse comhlíontachta a áireamh, léiríodh go raibh dochair chuntasaíochta ionchasacha ag naoi mBallstát, agus go raibh an dochar ba mhó ag an bhFrainc, ag an bhFionlainn agus ag an tSeicia. Bhí creidmheasanna cuntasaíochta ionchasacha ag 18 mBallstát agus bhí an glanmhéid creidmheasa ba mhó san Aontas ag an Spáinn, ag an nGearmáin agus ag an Iodáil.
Bunaithe ar shonraí neasluacha le haghaidh 2022, agus rialacha cuntasaíochta arna gcur i bhfeidhm, bhí creidmheasanna ionchasacha ag 16 Bhallstát agus léiríodh go raibh dochair ionchasacha ag 10 mBallstát. Laghdú ar dhochar a bhí ag an tSeicia agus ag an bhFionlainn agus d’aistrigh an Liotuáin ó chreidmheas a bheith aici go dochar a bheith aici. Méadú ar chreidmheasanna atá ag an Iodáil agus an Rómáin. Chuir cúig Bhallstát sonraí fardail 2021 isteach mar shonraí neasluacha le haghaidh 2022 (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Caibidil 9 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Faisnéis theicniúil’).
I gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe, rinne na Ballstáit creidmheas nó dochar iomlán réamh‑mheasta LULUCF ar cuntas a thuairisciú le haghaidh thréimhse 2021 go 2025. Uaidh sin, thuairiscigh 16 Bhallstát réamh‑mheastacháin le bearta agus thuairiscigh 10 mBallstát réamh‑mheastacháin le bearta breise. Tar éis ríomhanna, léirítear go bhfuil ag roinnt Ballstát astaíochtaí ar cuntas dochair in aghaidh na bliana i ngach ceann de bhlianta 2021-2025. Tá ábhar imní ann dá dheasca sin ós teoranta an méid ama atá ann chun beartais a fhorbairt agus bearta a chur chun feidhme chun an treocht a aisiompú.
Réamh‑mheastacháin ar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe, arna soláthar ag na Ballstáit i mí an Mhárta 2023, rinneadh measúnú orthu i ndáil le dul chun cinn LULUCF i dtreo spriocanna 2030. Léiríonn réamh‑mheastacháin le bearta atá ann faoi láthair go mbeidh -239 Mt CO2-eq de ghlan‑aistrithe iomlána ann do 2030 agus -260 Mt CO2-eq de ghlan‑aistrithe iomlána ann le bearta breise, rud a fhágann bearna de thart ar 50-70 Mt CO2-eq ann sula gcomhlíonfar sprioc 2030. Ciallaíonn sé sin, de réir réamh‑mheastachán, nach bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun sprioc -310 Mt CO2-eq de ghlan‑aistrithe a bhaint amach faoi 2030.
Fíor 18: Astaíochtaí agus aistrithe earnála talún san Aontas, de réir catagóir príomhúsáide talún.
Mar chonclúid, bunaithe ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis theoranta atá ar fáil faoi láthair, moltar do na Ballstáit tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar conas uaillmhian agus gníomhaíocht ar a gcríoch a mhéadú i gcomhthéacs an phróisis leanúnaigh chun PNFA a nuashonrú. Tar éis PNFAnna críochnaitheacha nuashonraithe a chur isteach in 2024, fillfidh an Coimisiún ar mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag na Ballstáit. D’fhéadfadh dul chun cinn neamh‑leordhóthanach an gá le plean gníomhaíochta ceartaithí a spreagadh faoi Airteagal 13(d) de Rialachán LULUCF.
Gníomhaíocht chun dlús a chur le faireachán talún
An togra le haghaidh treoir maidir le faireachán agus athléimneacht ithreach agus Rialachán athbhreithnithe LULUCF, treiseoidh siad a chéile: ceapann ithreacha sláintiúla níos mó carbóin agus cuireann cuspóirí LULUCF bainistiú inbhuanaithe ithreacha chun cinn. Le Rialachán LULUCF, ceanglaítear ar na Ballstáit uile córais a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar stoic charbóin na hithreach, inter alia,.
Le faireachán talún agus ithreach níos fearr, cuideofar le gníomhaíocht a spriocdhíriú ar bhearta lena mbaineann na tairbhí is mó don aeráid. Tá fardail GCT na mBallstát mar bhonn taca faoin ngníomhú ar son na haeráide agus bíonn siad á bhforbairt go leanúnach. Tá coinne le hathríomhanna bunaithe ar shonraí agus modhanna níos fearr mar fhreagairt ar cheanglais nua maidir le cáilíocht staidrimh i Rialachán athbhreithnithe LULUCF. Fardail fheabhsaithe gás ceaptha teasa, bunaithe ar shonraí gníomhaíochta agus fachtóirí astaíochta/aistrithe comhchuibhithe beachtaithe, beidh siad ríthábhachtach chun gníomhaíocht a éascú. Sonraí a bheidh níos fearr, níos tráthúla agus mapáilte, cuideoidh siad le rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn náisiúnta agus ar dhul chun cinn comhchoiteann an Aontais i dtreo cuspóirí aeráide, agus treoróidh siad gníomhaíocht chruinn agus bearta breise a bhfuil bonn eolais fúthu. Le blianta anuas, tá dul chun cinn déanta ag na Ballstáit maidir lena dtuairisciú fardail. Is amhlaidh sin, mar shampla, ina gcumhdach ar linnte carbóin agus i gcáilíocht na sonraí agus na faisnéise modheolaíochta a chuirtear isteach. Soláthraíonn ardteicneolaíochtaí, amhail iad siúd atá ar fáil faoi chláir an Aontais, léarscáileanna digiteacha a nuashonraítear le breathnuithe satailíte agus breathnuithe ar an talamh atá thar a bheith ábhartha. Tá céimeanna nua á ndéanamh chun sonraí ó sheirbhísí satailíte Copernicus agus tacair sonraí amhail iad siúd a úsáidtear le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) a chomhtháthú.
Tionscnaimh ghaolmhara sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht
Is gá do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar ról na hearnála úsáide talún agus a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) á nuashonrú acu le haghaidh thréimhse 2021-2030. Is ríthábhachtach go nuashonraítear iad chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit dul chun cinn a rianú in aghaidh na spriocanna agus chun é a chur ar a chumas don Aontas uaillmhian mhéadaithe a áirithiú. Ní mór do na Ballstáit freisin measúnú a dhéanamh faoin 16 Samhain 2023 ar cé acu atá nó nach bhfuil a
bpleananna straitéiseacha CBT
i gcomhréir leis na spriocanna nua faoi Rialachán athbhreithnithe LULUCF agus ESR agus a bpleananna a leasú de réir mar is gá.
Rochtain ar chistiú agus ar dhreasachtaí
Tá roinnt mhaith sásraí cistiúcháin agus dreasachtaí ar fáil nó á bhforbairt chun aistrithe dé‑ocsaíde carbóin a spreagadh, trí bhíthin foinsí poiblí nó foinsí de chuid na hearnála príobháidí. Soláthraíonn an tAontas cistiú faoi CBT, cláir eile de chuid an Aontais amhail LIFE, Fís Eorpach (go háirithe an Misean Ithreach) agus cistí an Bheartais Chomhtháthaithe. In 2023 ghlac an Coimisiún treoraíocht maidir le deiseanna cistithe ón Aontas le haghaidh ithreacha sláintiúla. Is féidir leis na Ballstáit tacú le glacadh cleachtas bainistithe inbhuanaithe freisin faoi rialacha maidir leis an státchabhair, a athbhreithníodh agus lena dtugtar caoi do sholáthar éicisheirbhísí foraoise amhail rialú na haeráide agus athchóiriú na bithéagsúlachta. Leis an treoraíocht ón gCoimisiún maidir le scéimeanna íocaíochta as éicisheirbhísí foraoise, soláthraítear tuilleadh faisnéise do ghníomhaithe. Cumhdaítear le CBT agus Státchabhair cistiú le haghaidh infheistíochtaí agus beart amhail oiliúint, comhairle nó comhar a chuidíonn le huasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtaí. Tionscnaimh phríobháideacha atá nasctha le margaí carbóin deonacha nó le meascán de roghanna cistithe éagsúla, is féidir leo cur in úsáid na feirmeoireachta carbóin ar mhórscála a fhorlíonadh agus a chur chun cinn a thuilleadh.
Chun a áirithiú go ndéanfar aistrithe dé‑ocsaíde carbóin ardcháilíochta a bheidh deimhnithe ag an Aontas, bheartaigh an Coimisiún creat rialála de chuid an Aontais um aistrithe dé‑ocsaíde carbóin a dheimhniú lena soláthraítear bosca uirlisí do na Ballstáit chun aistrithe dé‑ocsaíde carbóin a mhéadú. Cuideoidh an creat deimhniúcháin lena áirithiú go sainaithneofar ar bhealach trédhearcach, trí mhodheolaíochtaí caighdeánaithe, réitigh feirmeoireachta carbóin agus thionsclaíocha a bhaineann CO2 den atmaisféar agus a stórálann go fadtéarmach é. Is féidir freisin go gcuideoidh deimhnithe aistrithe dé‑ocsaíde carbóin le heagraíochtaí tacú le maímh inchreidte maidir le haistriú dé‑ocsaíde carbóin agus ionchais páirtithe leasmhara a chomhlíonadh, is é sin nár cheart aistrithe dé‑ocsaíde carbóin a úsáid le haghaidh glas‑snasú, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus leis an treoir atá beartaithe maidir le maíomhanna glasa. Chun obair a dhéanfar faoin tionscnamh sin amach anseo a éascú, bhunaigh an Coimisiún grúpa saineolaithe um aistriú dé‑ocsaíde carbóin.
5ATHLÉIMNEACHT IN AGHAIDH AN ATHRAITHE AERÁIDE
Ní beag iad na caillteanais ó thubaistí aimsire agus aeráide. Meastar go raibh na tonnta teasa i samhradh 2022 ina gcúis le farasbarr breis agus 61 000 bás san Eoraip.
Bhí maidhmeanna tuile foircneacha i samhradh 2021 ina gcúis le EUR 46 bhilliún de dhamáiste eacnamaíoch.
Leanfaidh rioscaí aeráide de bheith ag dul i ndéine, agus measann IPCC go bhfuil an tréimhse atá fágtha chun na hiarmhairtí is measa a sheachaint ‘gearr agus ag teacht chun deiridh go tapa’.
Tá oibleagáid ar an Aontas faoin Dlí Aeráide Eorpach a áirithiú go ndéantar dul chun cinn leanúnach i bhforbairt a acmhainneachta oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide, borradh a chur faoina athléimneacht agus laghdú a dhéanamh ar an leochaileacht i leith an athraithe aeráide. Sa chéad roinn eile, déantar measúnú ardleibhéil ar an dul chun cinn sin ar leibhéal bheartas an Aontais. Déantar measúnú ina dhiaidh sin ar an dul chun cinn comhchoiteann atá déanta ag na Ballstáit uile. Tá tuilleadh faisnéise le fáil i gCaibidlí 7 agus 10 den doiciméad inmheánach oibre – ‘Tuarascáil ar chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide’ a ghabhann leis an tuarascáil seo. Tá tuarascáil ar leithligh ann freisin maidir le cur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú.
Cur chun Feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú
Rinne an tAontas an straitéis atá aige um an oiriúnú a nuashonrú in 2021. Tá 49 ngníomhaíocht sa straitéis a bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún ina leith, agus iad scaipthe ar fud ceithre chuspóir: oiriúnú don athrú aeráide ar bhealach níos cliste, níos sistéamaí, níos tapa agus níos idirnáisiúnta. Dearadh na gníomhaíochtaí chun réimse mór beartas a chumhdach agus is minic is gá bearta a sheicheamhú go cúramach lena n‑aghaidh.
Chun feabhas a chur ar eolas agus bainistíocht a dhéanamh ar neamhchinnteacht, tá inneachar agus comhpháirtithe na Faireachlainne Eorpaí Aeráide agus Sláinte
leathnaithe ag an gCoimisiún, in éineacht le EEA, chun cuidiú leis an athléimneacht in aghaidh thionchair an athraithe aeráide ar shláinte an duine a fhorbairt. D’fhoilsigh sé glaonna nua ar thionscadail faoi Fhís Eorpach chun deireadh a chur le bearnaí eolais maidir le tionchair aeráide agus maidir leis an athléimneacht agus tá an Mol Sonraí Riosca á fhorbairt aige.
Tá an Coimisiún ag obair chun inneachar agus tionchar an ardáin um malartú eolais Aeráide-ADAPT a leathnú.
Tá an Measúnú Eorpach ar Riosca Aeráide, arb é an chéad cheann riamh é, le foilsiú in earrach 2024. Leis an Idirphlé maidir leis an Athléimneacht Aeráide
, tugadh le chéile lucht ceaptha beartas, árachóirí, bainisteoirí riosca, tomhaltóirí, comhlachais chathrach agus páirtithe leasmhara eile chun gníomhaíochtaí féideartha a phlé agus a shainaithint, maidir le hárachas agus infheistíocht san oiriúnú a chuideoidh chun an bhearna cosanta aeráide a laghdú.
Cuireann an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach úsáid inbhuanaithe fionnuisce chun cinn trí eolas a sholáthar. Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas uisce, d’fhéadfaí sé oiread níos mó uisce a athúsáid ná a athúsáidtear faoi láthair, arna éascú ag an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce a tháinig i bhfeidhm in 2023.
Tá dlús curtha ag an gCoimisiún le gníomhaíocht um an oiriúnú a chomhtháthú go córasach i straitéisí agus pleananna earnálacha, agus treoirlínte nuashonraithe ann maidir le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe na mBallstát chomh maith le tacaíocht chomhlántach ó Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an Choimisiúin, lena n‑áirítear faoina thionscadal suaitheanta do 2023 maidir leis an oiriúnú. D’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht theicniúil maidir le haeráid‑díonadh tionscadal bonneagair in 2021 agus treoraíocht theicniúil maidir le hathléimneacht aeráide foirgneamh a fheabhsú in 2023. Tá feidhm ag an aeráid‑dhíonadh maidir le bonneagar agus foirgnimh arna gcistiú ag buiséad an Aontais. Leanann an Comhshocrú Aeráide Eorpach,
ar ardán páirtithe leasmhara é arna sheoladh ag an gCoimisiún chun saoránaigh a chumhachtú gníomhú ar son cúrsaí aeráide agus moltaí a dhéanamh ina leith, leanann sé de bheith ag reáchtáil gníomhaíochtaí oiriúnúcháin agus maolaithe. Thug an tSaoráid Tacaíochta Beartais faoi Chúnant na Méaraí rannpháirt do bhreis agus míle duine le bliain go leith anuas, lena n‑áirítear 350 bardas, i gceardlanna náisiúnta, agus d’fhorbair ocht gcathair malartuithe idir piaraí maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus cuireadh 37 mbeart oiriúnúcháin chun feidhme.
Is maith an dul chun cinn atá déanta ar chur chun feidhme Mhisean an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide,
atá ceaptha dlús a chur le gníomhaíocht oiriúnúcháin nuálach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Tá Cairt an Mhisin sínithe ag níos mó ná 300 réigiún agus pobal, lena gcumhdaítear thart ar 40 % den Aontas, agus gealltanas tugtha acu oibriú le chéile chun dlús a chur lena gclaochlú chun athléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide; tá an Pobal Cleachtais um an Oiriúnú beo, agus tá saoráid tacaíochta teicniúla an Mhisin i mbun oibriúcháin.
Tá saincheist na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide i bhfad níos feiceálaí anois ar fud bheartais an Aontais ná a bhí cúpla bliain ó shin. Rinneadh iarrachtaí tacú le cuspóirí oiriúnúcháin i dtograí reachtacha nárbh iad a bpríomhchuspóirí an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide (ná rioscaí a idirghníomhaíonn le tionchair aeráide). Sa togra le haghaidh leasú ar an Treoir Réime Bhuiséadach, mar shampla, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch, áirítear ceanglais tuairiscithe ar na Ballstáit maidir le rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide agus ó dhliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí agus leis an aeráid.
Ar an gcaoi chéanna, san athbhreithniú beartaithe ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh áiríodh bearta chun dul i ngleic le forsceitheadh ó chórais séarachais de dheasca maidhmeanna tuile, ar dócha go dtiocfaidh siad chun bheith níos déine agus go dtarlóidh siad níos minice ar fud na hEorpa i ngeall ar an athrú aeráide. Ní mór leanúint den chur chun feidhme, trí fhorbairt a dhéanamh ar bhearta ar cuireadh tús leo faoin straitéis um an oiriúnú. Ceanglaíonn an Coimisiún anois freisin seiceáil a dhéanamh ina mheasúnuithe tionchair féin ar chomhlíontacht le cuspóirí oiriúnúcháin (féach Caibidil 1 chun measúnú ar an tseiceáil chomhlíontachta a fháil), rud ba cheart a dhéanamh ar bhealach córasach, lena gcumhdófar cuspóirí laghdaithe astaíochtaí agus oiriúnúcháin araon.
Measúnú ar an dul chun cinn comhchoiteann atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an oiriúnú
Le hAirteagal 6.1b den Dlí Aeráide Eorpach, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhchoiteann atá déanta ag na Ballstáit uile maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Déantar measúnú den chéad uair sa roinn seo ar an dul chun cinn a thuairiscigh siad agus atá déanta acu chun acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.
Tuairiscíonn na Ballstáit gurb iad na guaiseacha aeráide is measa san Eoraip faoi láthair tonnta teasa, triomaigh, tuilte, báisteach throm agus falscaí. Luann siad gurb iad na guaiseacha aeráide ainsealacha is minice a bhíonn ann an teocht atá ag athrú, patrúin bháistí atá ag athrú, ardú ar leibhéal na mara agus an inathraitheacht hidreolaíoch. Tá coinne acu leis gurb iad na guaiseacha a bhreathnaítear faoi láthair na guaiseacha céanna a bheidh ann amach anseo, cé is moite den ghanntanas uisce, a bhfuil coinne ag seacht dtír leis mar phríomhghuais bhreise amach anseo.
Tuairiscítear gurb iad na réimsí is mó a ndéanann bagairtí aeráide san Eoraip difear dóibh an tsláinte, an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an bhithéagsúlacht, fuinneamh agus bainistiú uisce.
Tá measúnuithe riosca aeráide déanta ag na Ballstáit uile nach mór, nuashonraíodh 14 cinn de na measúnuithe sin le déanaí agus tá na cinn eile sceidealaithe lena nuashonrú go luath.
Tá straitéisí náisiúnta oiriúnaithe agus/nó pleananna oiriúnaithe náisiúnta um an athrú aeráide i bhfeidhm ag na Ballstáit uile. Rinneadh cuid mhór de na straitéisí agus na pleananna sin a athnuachan le déanaí, sin nó tá athbhreithniú á dhéanamh orthu agus athnuafar iad i gcaitheamh na mblianta le teacht. Glacadh tuilleadh pleananna oiriúnaithe náisiúnta um an athrú aeráide ar pleananna earnálacha iad. Tá éagsúlacht sa tírdhreach beartais. Ar thaobh amháin, is ann do leanúnachas i dtosaíochtaí fadtéarmacha, ailíniú méadaitheach le creataí Eorpacha, ionstraimí reachtacha atá ag dul i bhforbairt, agus aistrithe incriminteacha i bhfócas an bheartais. Os a choinne sin, tá dúshláin, bearnaí agus bacainní ann ó thaobh rialachas a dhéanamh ar ghníomhaíocht oiriúnúcháin.
Rinneadh struchtúir agus sásraí rialachais náisiúnta agus fonáisiúnta le haghaidh comhtháthú beartais cothrománach agus comhordú (ingearach) il‑leibhéil a fhorbairt agus tá siad sin i bhfeidhm den chuid is mó anois. Tá an‑éagsúlacht idir sainorduithe agus gnéithe oibriúcháin na struchtúr sin. Tuairiscíonn ocht mBallstát gur leabaigh siad gnéithe dá gcórais beartais oiriúnúcháin i gcreataí dlíthiúla ceangailteacha. Baineann formhór na mBallstát úsáid as cineálacha boga rialachais ingearaigh agus chothrománaigh nó as cineálacha atá bunaithe ar chomhar.
Tá dul chun cinn maidir le comhar idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta san oiriúnú don athrú aeráide déanta ag dhá thrian de na Ballstáit. Ceartas agus cothromas sóisialta a chur san áireamh i mbearta oiriúnúcháin, is rud é sin atá ag an luathchéim go fóill i roinnt mhaith tíortha, rud a chuireann i dtábhacht gur príomhréimse é le spriocdhíriú air amach anseo chun dul i ngleic le tionchair neamhréireacha an athraithe aeráide ar ghrúpaí leochaileacha. Rinne dhá thrian de na Ballstáit dul chun cinn i rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a bhaineann le beartas oiriúnúcháin.
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag na Ballstáit freisin i gcur chun feidhme beart oiriúnúcháin, lena n‑áirítear an t‑oiriúnú a phríomhshruthú i mbeartais agus pleananna earnálacha. Ní beag an dul chun cinn atá déanta acu maidir le tionchair an athraithe aeráide a chomhtháthú i gcreataí náisiúnta um bainistiú riosca tubaistí agus sa phleanáil earnálach. Is dúshlán roimh roinnt mhaith Ballstát fós é measúnú a dhéanamh ar chostais an oiriúnaithe, agus is minic nach ndéantar ach go páirteach é. Is minic gur in easnamh i bpleananna oiriúnaithe náisiúnta um an athrú aeráide agus i straitéisí náisiúnta oiriúnaithe atá buiséid nó sruthanna maoinithe tiomnaithe lena gcur chun feidhme, agus níl an buiséad a theastaíonn chun gníomhaíocht oiriúnúcháin a mhaoiniú ag an gcuid is mó de thíortha.
Thuairiscigh leath na mBallstát gur tháinig méadú ar ghníomhaíochtaí faireacháin, tuairiscithe agus meastóireachta ó bhí 2021 ann, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
6INFHEISTÍOCHTAÍ A AILÍNIÚ LEIS AN AERÁIDNEODRACHT
Riachtanais agus treochtaí infheistíochta san Aontas
Beidh gá le méideanna móra maoinithe chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh le haghaidh an aistrithe chuig an aeráidneodracht faoi 2050. Meastar le hanailísí ón gCoimisiún go mbeidh EUR 477 mbilliún d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí bhreise in aghaidh na bliana idir 2021 agus 2030 ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais,agus go mbeidh infheistíocht bhreise mheasta suas le EUR 35 bhilliún in aghaidh na bliana idir 2022 agus 2027 ag teastáil chun cuspóirí ER a bhaint amach. Idir an dá linn, beidh gá le hinfheistíocht de thart ar EUR 92 bhilliún, arna carnadh i gcaitheamh thréimhse 2023-2030, chun borradh a chur faoi acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan‑nialasachta straitéiseacha, mar a leagtar amach sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta (NZIA), i gcomparáid le EUR 52 bhilliún i gcás status quo. Chun na bearnaí infheistíochta a laghdú i gcás cuspóirí comhshaoil eile (geilleagar ciorclach, truailliú, uisce, bithéagsúlacht) le haghaidh an aistrithe ghlais, meastar go mbeidh gá le EUR 110 billiún in aghaidh na bliana idir 2021-2030,106 in éineacht le comhthairbhí gníomhaithe ar son na haeráide (e.g. aistriú dé‑ocsaíde carbóin, stóráil carbóin). Cé nár cheart na figiúirí sin a shuimiú ó tharla nach mar a chéile raon feidhme, tráthchlár ná modh meastacháin dóibh, tugtar le fios leo a mhéad atá an dúshlán.
Léiríonn sonraí gur thosaigh margaí airgeadais ag cumasú an aistrithe le blianta beaga anuas freisin, rud atá ina fhorbairt thábhachtach i bhfianaise na dteorainneacha ar mhaoiniú poiblí. Is é is cúis leis sin feasacht mhéadaitheach ar na tionchair airgeadais a bhaineann le rioscaí fisiceacha an athraithe aeráide agus rioscaí aistrithe chomh maith le creat beartais airgeadais inbhuanaithe a bhfuil forbairt á déanamh go tapa air agus éileamh infheisteoirí ar infheistíochtaí atá inbhuanaithe i ndáiríre a bheith ag méadú.
Faireachán a dhéanamh ar ailíniú airgeadais leis an aistriú chuig an aeráidneodracht
Tá sé fós dúshlánach faireachán a dhéanamh ar threochtaí infheistíochta sa mhaoiniú don aeráid agus i réimsí eile den mhaoiniú glas, go háirithe i ngeall ar bhearnaí sonraí agus caighdeánú teoranta ar chatagóirí sonraí. Nochtaí a shainordaítear faoi chreat rialála an Aontais maidir le hairgeadas inbhuanaithe, tá coinne leis go n‑éascóidh siad an faireachán nuair a chuirfear chun feidhme iad. Is féidir sraith táscairí a úsáid cheana féin chun tomhas a dhéanamh ar stoic agus sreafaí airgeadais atá fabhrach do chuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach.
Tá fáil ar shonraí atá láidir go leordhóthanach maidir le margaí bannaí glasa, a bhfuil borradh mór tagtha fúthu le blianta beaga anuas. Eisiúintí carnacha bannaí atá ailínithe le Prionsabail na mBannaí Glasa, ar prionsabail de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta Margaí Caipitil (ICMA) iad, is rídhócha go mbeidh níos mó ná EUR 1 trilliún díobh ann in 2023 (féach Fíor 19).
Fíor 19: Eisiúint Bannaí Glasa san Aontas arna n‑ailíniú le prionsabail ICMA um bannaí glasa (méideanna)
Léirítear an méadú sin ar dhearbheisiúintí bannaí glasa sa sciar den mhargadh bannaí comhfhreagrach atá ag bannaí glasa (féach Fíor 20). I gcás eisitheoirí ón Aontas agus nach ón Aontas iad, d’fhan an sciar in AE-27 ní b’ísle ná 1 % go dtí 2013, ach tháinig méadú nach beag air ó shin, rud atá níos suntasaí fós ó 2016 ar aghaidh, de dhroim fás láidir sa deighleog ghlas. Bannaí glasa a bhí in 16 % de na bannaí nua‑eisithe uile in AE-27 in 2022, ach ní raibh siad ach in 2 % den eisiúint fhoriomlán i margaí nach margaí de chuid an Aontais iad, rud a dheimhníonn an ról ceannaireachta atá ag an Eoraip i margadh an chaipitil fiachais inbhuanaithe.
Fíor 20: An Sciar de Bhannaí Glasa san Eisiúint Nua Iomlán i gcás Mhargaí an Aontais agus margaí nach de chuid an Aontais iad (go dtí an 30 Meitheamh 2023)
Tháinig bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht chun cinn in 2019 mar ionstraim airgeadais nua, rud a dhreasaíonn an t‑aistriú le spriocanna inbhuanaitheachta conarthacha. Tá a nglacadh teoranta go fóill i gcomparáid le bannaí glasa, a shroich a mbuaicphointe EUR 51.8 billiún in 2021, ó tharla go bhfuil an cineál nua sócmhainní sin á fhorbairt le déanaí.
Mar sin féin, is ábhar imní fós é ‘glaise’ bannaí glasa agus bannaí atá nasctha leis an inbhuanaitheacht i ngeall ar riosca an ghlas‑snasaithe d’ainneoin caighdeáin agus prionsabail a bheith tagtha chun cinn lena gceanglaítear deimhniúchán tríú páirtí agus tuairisciú leordhóthanach. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil go luath in 2023 maidir le Caighdeán deonach an Aontais um Bannaí Glasa, a bheidh ag brath ar Thacsanomaíocht an Aontais agus ar athbhreithneoirí neamhspleácha chun ráthaíochtaí ar ardleibhéal muiníne a sholáthar go bhfuil maoiniú a chruinnítear i gcomhréir leis an gcaighdeán sin ‘glas’ i ndáiríre.
Cé go ndéantar trádáil phoiblí ar bhannaí, i margadh na n‑iasachtaí, déantar iasachtaí bunaithe ar fhaisnéis phríobháideach de ghnáth. Níor tugadh prionsabail chódaithe isteach i margadh na n‑iasachtaí go dtí le déanaí chun gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a éascú agus chun tacú léi. Tugtar bannaí glasa mar lipéad ar gach iasacht a leanann prionsabail na mbannaí glasa, ar prionsabail ICMA iad.
Tá méideanna na n‑iasachtaí glasa ag dul i méid go seasta san Aontas ó bhí 2016 ann, agus shroich siad beagnach EUR 60 billiún in 2022 (féach Fíor 21, thíos).
Fíor 21: Eisiúint Bannaí Glasa san Aontas go Bliantúil (go dtí an 30 Meitheamh 2023)
I gcás cistí infheistíochta, caitheadh solas ar mhaímh inbhuanaitheachta airgeadaithe le teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI). Ó bhí 2022 ann, ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a nochtadh maidir lena dtáirgí airgeadais a bhfuil tairbhí airbheartaithe Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais acu. Le Fíor 22 thíos, i gcás sócmhainní iomlána faoi bhainistíocht le haghaidh táirgí a bhfuil saintréithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais acu agus táirgí a bhfuil cuspóir inbhuanaitheachta acu, léirítear gur níos mó ná leath an mhargaidh a bhí iontu ar feadh tamaill sular bhain siad cobhsaíocht amach ag thart ar 50 % de gach sócmhainn faoi bhainistíocht.
Fíor 22: Sócmhainní faoi Bhainistíocht de réir Aicmiú RNAI
Ní i gcónaí a bhí aicmithe bunaithe ar RNAI ina dtomhas iontaofa ar inbhuanaitheacht cistí, áfach, ós mór an tsaoirse a thugtar do rannpháirtithe sa mhargadh leis an Rialachán seo an inbhuanaitheacht a shainmhíniú. Cé gur féidir a mheas gur cistí inbhuanaithe iad cistí a rianaíonn Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide an Aontais nó Tagarmharcanna atá Ailínithe le Comhaontú Pháras, tá táirgí eile fós neamhchosanta go mór ar earnáil an bhreosla iontaise.
Fíor 23: Caipitliú mhargadh an Aontais de réir glaise, 2021
Is féidir an maoiniú glas a thomhas freisin trí chaipitliú margaidh ghlais (infheistíochtaí cothromais) cuideachtaí a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas, lena sainmhínítear gnólachtaí glasa mar sciar an 10ú peircintíl is ísle díobh i gcás leibhéil agus déine astaíochtaí GCT iomlána (raon feidhme 1 agus raon feidhme 2) araon. Baineann sciar an‑bheag de chaipitlithe margaidh foriomlána le cuideachtaí glasa (féach Fíor 23, le haghaidh 2021).
Is í Tacsanomaíocht AE an caighdeán óir chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha glasa a shainiú, agus is bunchloch de chreat Airgeadais Inbhuanaithe an Aontais í. Leis na nochtaí sainordaitheacha atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht, ar nochtaí iad maidir le CapEx, OpEx agus ioncam cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD), beifear in ann cainníochtú iontaofa a dhéanamh ar an airgeadas atá ailínithe le conair i dtreo na glan‑nialasachta faoi 2050 (agus cuspóirí comhshaoil eile). Agus an chéad tuairisciú ar ailíniú leis an tacsanomaíocht arna shainordú le haghaidh 2023, beifear in ann tús a chur le comhiomlánú na sonraí sin ó 2024 ar aghaidh.
Saincheisteanna aeráide a chomhtháthú i mbeartas an mhargaidh airgeadais
Tá an maoiniú glas ag dul i méid agus bhí an creat rialála um airgeadas inbhuanaithe atá i bhfeidhm ag an Aontas ó bhí 2018 ann ríthábhachtach chun treo nua a thabhairt do shreafaí caipitil phríobháidigh, ach tá an leibhéal maoinithe ghlais fós i bhfad ó na leibhéil is gá chun an t‑aistriú i dtreo geilleagar a bheidh aeráidneodrach agus athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide a mhaoiniú. Is gá don bheartas maoiniú le haghaidh aistriú earnálacha ‘donna’ a athdhíriú i dtreo earnálacha ‘glasa’, agus gaibhnithe a dhéanann dochar do spriocanna fadtéarmacha a sheachaint. Le Moladh 2023 ón gCoimisiún maidir le Maoiniú um Aistriú, leagtar amach conas is féidir úsáid a bhaint as an mbosca uirlisí atá ag an Aontas cheana agus soláthraítear túsphointe le haghaidh na n‑athbhreithnithe atá ar na bacáin ar bheartais margaidh airgeadais atá ann cheana, lena n‑áirítear beartais nua a shainaithint chun creat cuimsitheach a áirithiú a chuirfidh ar a chumas don Aontas a spriocanna aeráide a bhaint amach. An gealltanas a thug an Coimisiún ina Straitéis Nua maidir le hAirgeadas Inbhuanaithe 2021 go ndéanfaidh sé a cur chun feidhme a thuairisciú faoi dheireadh 2023, is deis a bheidh ann measúnú a dhéanamh ar riachtanais a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu as seo amach.
Cistiú ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais
Tá an Ciste don Nuálaíocht ar cheann de na príomhionstraimí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun réitigh a thabhairt chun an mhargaidh chun an geilleagar Eorpach a dhícharbónú, lena dtacaítear lena aistriú chuig an aeráidneodracht agus lena gcothaítear a iomaíochas an tráth céanna. Is í príomhionstraim na hEorpa í chun dlús a chur le straitéis tionsclaíochta glaise an Aontais agus cuspóirí comhtháthaithe a chaomhnú an tráth céanna. Tar éis an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, is amhlaidh a bheidh na nithe seo a leanas maidir leis an gCiste don Nuálaíocht:
1)tiocfaidh méadú ar lamháltas astaíochtaí ó 450 milliún go thart ar 530 milliún;
2)Beidh raon feidhme níos mó aici i dtéarmaí earnálacha (muiriompar, eitlíocht, foirgnimh, iompar ar bóthar), méid deontais (lena dtabharfar isteach catagóir tionscadal meánscála a bhfuil EUR 20 milliún go EUR 100 milliún de chostais infheistíochta iomlána acu) agus i dtéarmaí an leibhéil nuálaíochta, lena mbeifear in ann tacú le huas‑sciliú teicneolaíochtaí nuálacha;
3)beifear in ann sásraí maoinithe nua a thabhairt isteach, agus roghnófar tionscadail trí cheantanna (imthairiscint iomaíoch) agus tacófar leo trí chonarthaí préimhe seasta, conarthaí difríochta nó conarthaí difríochta carbóin.
Lean an Ciste don Nuálaíocht de bheith ag dul i méid. Tá 23 thionscadal mhórscála (costais infheistíochta iomlána is mó ná EUR 7,5 milliún) agus 46 thionscadal mhionscála (costais infheistíochta is lú ná EUR 7,5 milliún) san iomlán á gcur chun feidhme, agus is é EUR 3,1 billiún ranníocaíocht iomlán an Aontais. An infheistíocht arna slógadh ag na ranníocaíochtaí deontais sin, tá sí níos mó ná EUR 13 bhilliún (costais chaipitil chomhiomlánaithe mheasta le haghaidh na 69 dtionscadal). Tar éis fhoilsiú na dtorthaí ón tríú glao ar thionscadail mhórscála, tá a gcomhaontuithe deontais leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) á n‑ullmhú ag 41 thionscadal breise a bhfuil EUR 3,6 billiún de dheontais iomlána acu. I gcomhthreo leis sin, dámhadh cúnamh forbartha tionscadail do 43 thionscadal faoi lár 2023. Cuireadh clabhsúr leis an tríú glao ar thionscadail mhionscála i mí Mheán Fómhair 2023; Fuarthas 72 iarratas, inar iarradh EUR 289 milliún, méid atá 2,9 uair níos airde ná buiséad EUR 100 milliún an ghlao. Tá sé beartaithe glao nua ar thograí a sheoladh faoi dheireadh 2023, a mbeidh buiséad iomlán EUR 4 bhilliún aige, lena gcumhdófar tionscadail mhionscála, mheánscála agus mhórscála.
Ina theannta sin, tar éis thabhairt isteach an tsásra um imthairiscint iomaíoch sa Treoir athbhreithnithe maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, tá sé beartaithe an chéad cheant arna eagrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoin gCiste don Nuálaíocht, maidir le hidrigin inathnuaite, a sheoladh faoi dheireadh na bliana, ag a mbeidh buiséad EUR 800 milliún, chun freagairt do na tosaíochtaí a chuirtear ar aghaidh sa
Teachtaireacht maidir leis an mBanc Eorpach Hidrigine
, i
bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais
agus sa
Ghníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta
.
Leis an gCiste don Nuachóiriú tugtar tacaíocht i bhfoirm cúnaimh airgeadais, a ghintear trí CTA, do na Ballstáit ar ioncam níos ísle chun a gcórais fuinnimh a nuachóiriú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. Suas le 2030, cuirfear níos mó ná 750 milliún lamháltas ar ceant chun tacú leis na Ballstáit sin, ar méadú 110 milliún lamháltas é (arb é atá iontu thart ar EUR 60 billiún), a bhuí leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais. Sa timthriall eisíocaíochta is déanaí, rinne an tAontas EUR 2,4 billiún a leithdháileadh ar 31 thionscadal ar fud seacht gcinn de thíortha is tairbhithe. Rinneadh infheistíochtaí breise sa Rómáin (EUR 1,1 billiún), sa tSeicia (EUR 1 bhilliún), sa Bhulgáir (EUR 197 milliún), sa Pholainn (EUR 47 milliún), sa Chróit (EUR 88 milliún), sa Laitvia (EUR 5 mhilliún) agus sa Liotuáin (EUR 1 mhilliún). Tá thart ar EUR 7,5 billiún san iomlán leithdháilte anois ag an gCiste don Nuachóiriú ó bhí mí Eanáir 2021 ann, dar thairbhigh 10 mBallstát incháilithe. Faoin CTA AE athbhreithnithe, tiocfaidh an Ghréig, an Phortaingéil agus an tSlóivéin de bheith ina dtairbhithe den Chiste don Nuachóiriú freisin.
Beartais aeráide a phríomhshruthú i mbuiséad an Aontais
Is rud tábhachtach a chumasaíonn an t‑aistriú glas é buiséad an Aontais 2021-2027 – an ‘creat airgeadais ilbhliantúil’ agus ionstraim NextGenerationEU araon. Réamh‑mheastar faoi láthair go ranníocfaidh sé EUR 578 mbilliún le gníomhú ar son na haeráide sa tréimhse suas le 2027. Is é atá ansin 32.6 % de bhuiséad iomlán an Aontais agus is mó é ná an sprioc caiteachais aeráide 30 % atá aige. Mar bhonn taca faoin sprioc sin tá spriocanna caiteachais a bhaineann go sonrach le clár, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (30 %), an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (30 %), Fís Eorpach (35 %), an Ciste Comhtháthaithe (37 %), an Comhbheartas Talmhaíochta (40 %), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (60 %) agus Clár LIFE (61 %).
Tá luach suas le EUR 723,8 billiún ag Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais – atá i gcroílár NextGenerationEU, arb é ionstraim théarnaimh an Aontais é – agus cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit méadú nach beag a dhéanamh ar infheistíochtaí aeráide. Chun bheith incháilithe do dheontais (EUR 338 mbilliún) agus iasachtaí (EUR 385,8 billiún) na Saoráide, d’ullmhaigh na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta lena leagtar amach infheistíochtaí agus athchóirithe beartais a rannchuidíonn le sé chuspóir beartais na Saoráide lena n‑áirítear an t‑aistriú glas. Ní mór 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán gach plean náisiúnta a chaitheamh ar bhearta a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide (amhail tionscnaimh lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh, soghluaisteacht inbhuanaithe agus fuinneamh in‑athnuaite chun cinn). Ní mór an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh le gach beart freisin. Téann pleananna na 27 mBallstát uile níos faide ná tagarmharc 37 %, agus caitheann roinnt Ballstát i bhfad níos mó ná leath a leithdháilte ar bheartas aeráide a chistiú. Tiomnaíonn na Ballstáit uile i dteannta a chéile 40 % dá leithdháiltí ar chuspóirí aeráide (EUR 203 bhilliún)
.
Ina theannta sin, le linn 2023, bhí a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á gcomhlánú ag an Ballstáit (nó tá fós) le caibidlí nua maidir le REPowerEU, atá ina fhreagairt chomhpháirteach ar an ngéarchéim fuinnimh arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin is cúis léi. Athchóirithe agus infheistíochtaí nua nó uas‑scálaithe sna Ballstáit chun cuidiú le deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan, tabharfar tacaíocht airgeadais bhreise dóibh (EUR 20 billiún de dheontais nua, aistrithe ó chistí eile agus úsáid iasachtaí NGEU atá fágtha).
An tráth céanna, is mó a bhítear ag díriú ar thorthaí na mbeart a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Mar shampla, faoi 2022:
·Chuir 459 362 teaghlach feabhas ar a n‑aicmiú fuinnimh trí na cistí réigiúnacha;
·Rinneadh ídiú fuinnimh bliantúil a laghdú beagnach 14,2 teireavata a bhuí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
·Rinneadh 3 640 gigeavata d’fhuinneamh in‑athnuaite breise a mhaoiniú trí na cistí réigiúnacha.
InvestEU
Ba cheart 30 % ar a laghad de sprioc EUR 372 bhilliún atá ag clár InvestEU chun infheistíocht bhreise a shlógadh i gcaitheamh thréimhse 2021-27 a rannchuidiú chun cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh. Faoin ionú beartais um bonneagar inbhuanaithe, ní mór 60 % den chistiú a chaitheamh ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Infheistíochtaí atá níos mó ná EUR 10 milliún, tá siad faoi réir promhadh inbhuanaitheachta (rioscaí aeráide, comhshaoil nó sóisialta a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú). Déanfar na hinfheistíochtaí uile a dtugtar tacaíocht InvestEU dóibh a rianú ó thaobh aeráide agus comhshaoil de in aghaidh na modheolaíochta arna heisiúint ag an gCoimisiún. Seachas an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), roghnaíodh 18 n‑institiúid le dul i mbun caibidlíochta maidir le Conarthaí Ráthaíochta chun go dtiocfaidh siad chun bheith ina gComhpháirtithe Cur Chun Feidhme, agus síníodh Comhaontuithe Ráthaíochta in 2022 leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), le Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa (CEB), leis an mBanc Nordach Infheistíochta (NIB), le CDP Equity (CDPE) agus le Caisse des Dépôts (CDC). Leis na táirgí airgeadais atá beartaithe, cuideofar le haghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh rochtain a sholáthar ar thionscadail airgeadais i réimse leathan tosaíochtaí beartais, idir iompar, soghluaisteacht chliste, fuinneamh glan, nascacht dhigiteach, agus éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú an tionscail, fuinneamh in‑athnuaite, geilleagar ciorclach agus réimsí eile.
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe
Tá leithdháiltí beartaithe na mBallstát faoi chláir beartais Comhtháthaithe le haghaidh thréimhse 2021‑2027 níos mó ná spriocanna caiteachais aeráide Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) (30,0 %) agus an Chiste Chomhtháthaithe (CC) (37,0 %). Tá coinne leis go ndéanfar bearta maolaithe ar an athrú aeráide agus oiriúnúcháin don athrú aeráide a chistiú le EUR 92 bhilliún (36,3 %) den EUR 253,3 billiún de chistí CFRE agus CC a mhaoiníonn an tAontas faoin gcreat airgeadais bliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair. Ina theannta sin, tá coinne leis go ndéanfar bearta atá ábhartha don aeráid a chistiú le thart ar 29,4 % den EUR 10.2 billiún de chistí an chomhair chríochaigh Eorpaigh a mhaoiníonn an tAontas. Léiríonn Fíor 24 an cistiú atá leithdháilte ar réimsí beartais atá ábhartha don aeráid mar sciar de chaiteachas aeráide iomlán CFRE, CC agus an chomhair chríochaigh Eorpaigh.
Fíor 24: Méideanna cistí CFRE, CC agus an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chaitheann an tAontas ar an aeráid de réir réimse beartais
Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach agus Fís 2020)
Tá infheistíochtaí i dtaighde agus i nuálaíocht fíor‑riachtanach chun eolas agus réitigh a ghiniúint le haghaidh an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide. Ar an iomlán, ranníocfaidh Fís Eorpach 35 % ar a laghad dá bhuiséad EUR 95,5 billiún le cuspóirí aeráide. Faoi dheireadh 2022, cuireadh níos mó ná EUR 8,5 billiún in áirithe le haghaidh T&N a thacaíonn le gníomhú ar son na haeráide. Tá punann leathan de chomhpháirtíochtaí Eorpacha uaillmhianacha idir na hearnálacha príobháideacha agus poiblí ag slógadh acmhainní agus ag forbairt réitigh a bhfuil gá leo chun clár oibre aeráide an Aontais a bhaint amach ar fud príomhearnálacha eacnamaíocha amhail cruach, tionscail phróisis, hidrigin, ceallraí, bithgheilleagar, eitlíocht, iompar ar bóthar agus d’uisce, foirgnimh, uisce agus tuilleadh.
Ciste um Aistriú Cóir
Leis na cláir beartais comhtháthaithe a glacadh a bhaineann leis an gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) cuirtear EUR 18,5 billiún d’infheistíochtaí an Aontais ar fáil chun cuidiú leis na daoine agus na háiteanna is mó atá thíos leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. I dteannta CUAC, déanfaidh dhá cholún eile an tSásra um Aistriú Cóir EUR 28 mbilliún a shlógadh ó infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe. D’fhormheas an tAontas 67 gcinn de Phleananna Críochacha um Aistriú Cóir, lena gcumhdaítear 93 chríoch, lena n‑áirítear réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin. Tacóidh beagnach an leathchuid d’infheistíochtaí CUAC le héagsúlú an gheilleagair áitiúil, ionas nach mbeidh siad ag brath ar earnáil thruaillitheach amháin, agus cuideofar le daoine scileanna nua a fháil. Tá na chéad chinn de thionscadail CUAC á roghnú san Eastóin agus san Ísiltír.
Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+)
I gcás thréimhse 2021-2027, rinne na Ballstáit beagnach EUR 6 bhilliún nó 6 % de leithdháiltí iomlána CSE+ a chlárú le haghaidh scileanna glasa agus poist ghlasa, méid is mó go mór ná sa chlárthréimhse roimhe seo. Rinne an Fhionlainn, an Iodáil, an Bheilg, Lucsamburg agus an Danmhairg na sciartha is mó a leithdháileadh ar phoist agus scileanna glasa (idir 12 % agus 31 %) agus sciar 20 % nó os a choinne sin atá ag roinnt cláir aonair sa Bheilg, sa Danmhairg, san Iodáil, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. I dtéarmaí infheistíochtaí iarbhír, rannchuidíonn trí chlár aonair ón Iodáil, ón bPortaingéil agus ón nGréig iontu féin le 30 % de chaiteachas aeráide iomlán an Aontais ar phoist agus scileanna glasa. Ar an iomlán, rinneadh aon trian den chaiteachas aeráide a leithdháileadh ar rochtain ar bhearta fostaíochta agus gníomhachtaithe.
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Tá roinnt tionscadal maidir leis an oiriúnú, gan dochar suntasach a dhéanamh, ceadú níos tapa, éiceachórais thionsclaíocha agus scileanna á maoiniú i mbliana ag an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena ndéantar athchóiriú agus acmhainneacht araon a fhorbairt. Rinneadh tionscadal suaitheanta maidir le hullmhú an Chiste Aeráide Shóisialta agus CTA nua a fhorbairt chun cuidiú leis na Ballstáit an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme.
An clár LIFE
Is é is clár LIFE ann ionstraim chistiúcháin an Aontais le haghaidh an chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide. Dámhadh níos mó ná EUR 600 milliún in 2022 do 200 tionscadal a thacaíonn leis an gComhaontú Glas, lena n‑áirítear tionscadail a bhfuil réitigh nuálacha á bhforbairt acu agus dea‑chleachtas á chomhroinnt acu chun astaíochtaí GCT a laghdú, chun an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú agus chun rannchuidiú leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Déanfar níos mó ná EUR 600 milliún a dhámhachtain in 2023 do thionscadail a thacaíonn leis an gcomhshaol, le gníomhú ar son na haeráide agus leis an aistriú chuig fuinneamh glan, lena n‑áirítear tionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU agus Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan‑Nialasach. Tháinig an Mholdáiv agus an Mhacadóin Thuaidh isteach le bliain anuas sa liosta de thríú tíortha atá rannpháirteach i gclár LIFE, in éineacht leis an Íoslainn agus an Úcráin.
7GNÍOMHÚ IDIRNÁISIÚNTA AR SON NA hAERÁIDE
Forbhreathnú agus forbairtí
Rinneadh malartuithe idirnáisiúnta táirgiúla le bliain anuas, lena n‑áirítear an Chomhdháil Aireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide, Fóram na Mórgheilleagar ar an bhFuinneamh agus ar an Aeráid, Idirphlé Aeráide Petersburg, Cruinniú Mullaigh Aeráide na hAfraice, Idirphlé Cartagena agus 27ú Comhdháil na bPáirtithe in Sharm el-Sheik na hÉigipte.
Tá an tAontas ag éileamh go gcuirfear Clár Oibre Maolaithe uaillmhianach i bhfeidhm, agus ag díriú ar réitigh choincréiteacha a sholáthar chun an bhearna idir uaillmhian agus cur chun feidhme a dhúnadh agus dreasachtaí a chruthú chun ardleibhéal uaillmhéine a shocrú.
Is é atá á lorg ag an Aontas go mbeidh toradh uaillmhianach ar an gcéad Stocáireamh Domhanda chun an bealach a réiteach chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun dul ar an mbóthar ceart chun teorainn 1,5 céim Celsius a chur leis an téamh, agus go ndéanfar moltaí coincréiteacha maidir le gníomhaíocht mhaolúcháin uaillmhianach agus láithreach roimh 2030 agus ina dhiaidh. Tá an tAontas ag iarraidh freisin go ndéanfar gníomhaíocht ar son an oiriúnaithe don athrú aeráide agus le haghaidh modhanna cur chun feidhme agus tacaíochta, lena n‑áirítear sreafaí airgeadais domhanda a ailíniú leis na spriocanna sin.
Maidir le Caillteanas agus Damáiste, a pléadh ag 27ú Comhdháil na bPáirtithe in Sharm el-Sheikh, bunófar ciste chun cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha atá an‑leochaileach i leith éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, agus tá rannpháirt á glacadh ag an Aontas in obair an Choiste Idirthréimhsigh chun moltaí a fhorbairt maidir le hoibríochtú na socruithe cistiúcháin nua.
Tá páirt ghníomhach glactha ag an Aontas in uas‑scálú airgeadais idirnáisiúnta le haghaidh an oiriúnaithe. Is príomhdheontóirí cistiúcháin le haghaidh an oiriúnaithe iad an tAontas agus a Bhallstáit, agus ranníocann siad níos mó ná EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana leis an oiriúnú don athrú aeráide nó le gníomhaíochtaí ina bhfuil meascán den oiriúnú agus den mhaolú. Ag 27ú Comhdháil na bPáirtithe, agus ag Comhdháil idirsheisiúnach 58 in Bonn a lean í, chomhaontaigh na Páirtithe na gnéithe struchtúrtha a d’fhéadfadh a bheith ag Sprioc Dhomhanda maidir le Creat Oiriúnúcháin, lena mbreithniú agus lena nglacadh ag 28ú Comhdháil na bPáirtithe.
Tháinig an tAontas isteach i dtionscnaimh agus/nó tá tuilleadh forbartha déanta aige ar thionscnaimh amhail Oiriúnú gan Teorainneacha, Tionscnaimh Nuálaíochta agus Oiriúnúcháin na hAfraice, an Tionscnamh Idirnáisiúnta um Sceireacha Coiréil, agus Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan.
Tá an tAontas ag cuidiú le tionscnaimh iltaobhacha a chur chun cinn, lena n‑áirítear an fógra faoi ghealltanas domhanda go ndéanfar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi dhó agus fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú faoi thrí faoi 2030. Tá níos mó ná 150 rannpháirtí agus rúnaíocht thiomnaithe anois ag an nGealltanas Domhanda maidir le Meatán, 2021, a bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá i gceannas comhpháirteach air. Sholáthair an tAontas EUR 10 milliún chun tacú leis an obair agus tá maoiniú forbartha á ullmhú aige le haghaidh tionscadail cur chun feidhme. Tá tionscnamh MARS (An Córas Rabhaidh agus Freagartha um Meatán) á sheoladh ag an Aontas freisin chun tacú le hobair leanúnach sa réimse sin.
Rannpháirtíocht Iltaobhach agus Dhéthaobhach
Ní beag an dul chun cinn a rinneadh le comhpháirtithe iltaobhacha agus déthaobhacha chun a chur ina luí ar thíortha eile, go háirithe ar mhórastaírí, a n‑uaillmhian aeráide a mhéadú agus chun tacú leo déanamh amhlaidh. Neartaigh an tAontas a iarrachtaí taidhleoireachta maidir leis an gComhaontú Glas trína rannpháirtíocht le tríú tíortha agus tríú réigiúin a mhéadú.
Tar éis an Chomhghuaillíocht Ghlas a ghlacadh in éineacht leis an tSeapáin in 2021, sheol an tAontas tuilleadh comhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí glasa le Maracó (mí Dheireadh Fómhair 2022), an Iorua (mí Aibreáin 2023) agus le Poblacht na Cóiré (mí na Bealtaine 2023), creataí déthaobhacha um idirphlé agus comhar níos dlúithe maidir le gníomhú ar son na haeráide, le cosaint an chomhshaoil agus leis an aistriú chuig fuinneamh glan.
Rinneadh malartuithe tráthrialta leis na Stáit Aontaithe, lena n‑áirítear faoin nGrúpa Ardleibhéil um Gníomhú ar son na hAeráide a bunaíodh le Cruinniú Mullaigh AE-SAM 2021. Rinne an tAontas idirphlé ardleibhéil leis an tSín agus le Ceanada freisin, á chur i dtreis go bhfuil comhar um an aeráid idir astaírí móra ríthábhachtach chun comhthoil dhomhanda a fhorbairt chun an uaillmhian aeráide a mhéadú i riocht agus go mbeidh sí ailínithe le teorainn teochta 1,5 °C, agus chun a áirithiú go gcuirfear na gealltanais atá ann cheana chun feidhme.
In éineacht le comhaltaí eile den Ghrúpa Comhpháirtithe Idirnáisiúnta, rinne an tAontas Comhpháirtíocht Infheistíochta um Aistriú Fuinnimh Cóir, ar fiú níos mó ná USD 8,5 billiún í, a bhunú leis an Afraic Theas in 2021, agus síníodh trí cinn eile ó shin leis an Indinéis (2022), le Vítneam (2022) agus leis an tSeineagáil (2023), lena soláthraítear USD 20 billiún, USD 15,5 billiún agus EUR 2,5 billiún faoi seach de mhaoiniú nua poiblí agus príobháideach. Samhlaítear leis na comhpháirtíochtaí conas is féidir leis an bpobal idirnáisiúnta oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad forbairt inbhuanaithe agus chun aistriú fuinnimh cóir glan a chur chun feidhme go comhpháirteach.
Leis an Dearbhú Polaitiúil a síníodh leis an Indinéis, áirítear conair bhrostaithe i dtreo astaíochtaí ó earnáil na cumhachta a laghdú chun glan‑nialasachta faoi 2050 agus straitéis bunaithe ar leathnú foinsí in‑athnuaite fuinnimh sa chaoi go gcuimseofar le fuinneamh in‑athnuaite 34 % ar a laghad den chumhacht uile a ghintear faoi 2030, céimniú síos na giniúna leictreachais gualbhreoslaithe sreangaí agus eis‑sreangaí, agus tuilleadh gealltanas i dtaobh athchóirithe rialála agus éifeachtúlacht fuinnimh.
Leis an gcomhpháirtíocht le Vítneam, faoi cheannaireacht chomhpháirteach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ina gcáil mar chomhaltaí den Ghrúpa Comhpháirtithe Idirnáisiúnta, socraítear spriocanna nua uaillmhianacha amhail an dáta réamh‑mheasta faoina mbainfidh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a mbuaicphointe amach a thabhairt chun cinn ó 2035 go 2030, buaic‑thoilleadh guail Vítneam a theorannú go 30,2 GWT (síos ó 37 GWT atá ann faoi láthair) agus dlús a chur le glacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh sa chaoi gurb iad a bheidh in 47 % ar a laghad den ghiniúint leictreachais faoi 2030.
Leis an gComhpháirtíocht leis an tSeineagáil, féachtar le forbairt fuinnimh in‑athnuaite a neartú chomh maith le forbairt bonneagair agus teicneolaíochtaí chun dlús a chur lena chur in úsáid. Féachann an tSeineagáil leis go mbeidh sciar 40 % dá toilleadh giniúna suiteáilte ag fuinneamh in‑athnuaite faoi 2030.
Trí Global Gateway, féachann an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais le borradh a chur faoi naisc chliste ghlana shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair, agus le córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain. Idir 2021 agus 2027, déanfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit, go comhpháirteach, suas le EUR 300 billiún d’infheistíocht a shlógadh le haghaidh tionscadail inbhuanaithe ardcháilíochta, ina gcuirfear riachtanais tíortha comhpháirtíochta san áireamh agus lena n‑áiritheofar go mbeidh tairbhí fadmharthanacha ann do phobail áitiúla.
D’oibrigh an tAontas freisin le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh 123 chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 a ghlacadh ar mhaithe le hídiú fuinnimh phríomhúil agus ídiú fuinnimh deiridh a laghdú, dlús a chur le glacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus astaíochtaí GCT a laghdú chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Rinne siad comhaontú freisin maidir le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí GCT agus gníomhartha dlí atá bainteach leo a ghlacadh.
Maoiniú don Aeráid agus Comhar Idirnáisiúnta
Tá ról tábhachtach ag an maoiniú poiblí idirnáisiúnta don aeráid chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, in éineacht le maoiniú don aeráid ó fhoinsí príobháideacha.
Leanann an Coimisiún de bheith ag tacú le tíortha i mbéal forbartha trína ionstraimí maoinithe. Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – an Eoraip Dhomhanda, a bhfuil 30 % ar a laghad di le tiomnú don ghníomhú ar son na haeráide.
Leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) freisin, socraítear sprioc 18 % maidir le caiteachas ar an athrú aeráide, ar sprioc 20 % a bheidh ann faoi 2027. Cumhdaítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ sa dá rialachán. Tá EUR 4 bhilliún breise de mhaoiniú don aeráid geallta ag an gCoimisiún faoi 2027 anuas ar na spriocanna sin maidir le caiteachas ar an athrú aeráide, méid arb ionann é agus sprioc maoinithe 35 % don aeráid. Is infheistíocht gan fasach í sin atá déanta ag an Aontas chun astaíochtaí a laghdú agus chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha athléimneacht a fhorbairt in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide.
Príomhdheontóir cúnaimh forbartha agus an deontóir maoinithe don aeráid is mó ar domhan is ea an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais, ar a dtugtar i dteannta a chéile Foireann na hEorpa, a dheonaíonn thart ar aon trian den mhaoiniú poiblí domhanda don aeráid. Gheall an tAontas Eorpach agus a 27 mBallstát níos mó ná EUR 23 bhilliún de mhaoiniú don aeráid ó chistí poiblí in 2021 chun tacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha a gcuid astaíochtaí GCT a laghdú agus oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide.
Rinneadh níos mó ná 54 % de mhaoiniú foriomlán Fhoireann na hEorpa a leithdháileadh ar an oiriúnú don athrú aeráide nó ar ghníomhaíochtaí lena bhfuil baint ag an oiriúnú agus an maolú araon. Ba i bhfoirm deontas a gealladh beagnach an leathchuid den chistiú iomlán.
Tá iarrachtaí á ndéanamh chun rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i ngníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn trí ráthaíochtaí de chuid an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus tríd an meascadh.