An Bhruiséil,13.1.2023

COM(2023) 11 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme clár beachadóireachta


Clár

1.RÉAMHRÁ

2.MODHEOLAÍOCHT

3.FORBHREATHNÚ AR EARNÁIL BEACHADÓIREACHTA AN AONTAIS EORPAIGH

3.1Táirgeadh agus praghsanna

3.2Trádáil

4.CLÁIR BHEACHADÓIREACHTA NÁISIÚNTA A CHUR CHUN FEIDHME

4.1Bunús dlí

4.2Cuspóirí agus bearta

4.3Buiséad an Aontais le haghaidh cláir bheachadóireachta náisiúnta agus ráta úsáide

4.4Leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais in aghaidh an Bhallstáit

4.5Caiteachas arna thabhú de réir an chineáil birt

5.MODHANNA A ÚSÁIDTEAR CHUN LÍON NA gCOIRCEOG BEACH A CHINNEADH

6.BEACHADÓIREACHT I bPLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT TAR ÉIS 2022

7.CONCLÚID

1.    RÉAMHRÁ

I gcomparáid le hearnálacha talmhaíochta eile, is tábhachtaí earnáil na beachadóireachta ná mar a thabharfadh a beagmhéid le fios. Cuireann sí ar bhealach sárluachmhar le barra, torthaí agus flóra eile a phailniú, chomh maith le mil agus táirgí beachadóireachta eile a sholáthar. Tá roinnt uirlisí ag Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) chun tacú le hearnáil na beachadóireachta, lena náirítear na cláir bheachadóireachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 1 (CEM).

Faoi Airteagal 225(a) de CEM, ní mór don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 3 bliana maidir leis na bearta a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta mar a leagtar amach in Airteagail 55, 56 agus 57. Ní mór na forbairtí is déanaí i ndáil le córais sainaitheanta coirceog beach a áireamh sa tuarascáil freisin. Comhlíonann an tuarascáil seo ceanglas Airteagal 225(a).

Cumhdaítear sa tuarascáil cur chun feidhme na gclár náisiúnta beachadóireachta le haghaidh 2020-2022, a tarraingíodh suas le haghaidh na mblianta beachadóireachta 2020-2022, a bhí i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2022, agus ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith faoin 15 Márta 2019. Rinneadh na cláir sin a mhodhnú ina dhiaidh sin in 2021 chun síneadh a chur leo go dtí an 31 Nollaig 2022 mar a cheanglaítear le hAirteagal 55(1) de CEM agus arna leasú leis an rialachán idirthréimhseach 2 . Leis an modhnú, méadaíodh leithdháileadh buiséadach bliantúil an Aontais freisin ó EUR 40 milliún go EUR 60 milliún 3 in 2021. Ceadaítear le síneadh sin na gclár aistriú rianúil ó na hidirghabhálacha atá ann faoi láthair go dtí na hidirghabhálacha amach anseo a áirítear i bpleananna straitéiseacha CBT. Ní chumhdaítear leis an tuarascáil an cur chun feidhme le linn na bliana beachadóireachta fadaithe ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. Is ag deireadh 2023 amháin is féidir an tuarascáil iomlán ar chur chun feidhme le linn na bliana fadaithe a ullmhú, ós rud é go mbeidh íocaíochtaí á ndéanamh le tairbhithe fós go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023.

Is é seo an t‑ochtú tuarascáil atá eisithe ag an gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na gclár beachadóireachta. Ní chumhdaítear sa tuarascáil gach gné den bheachaireacht ach dírítear inti ar chláir bheachadóireachta a chur chun feidhme. Mar sin féin, soláthraítear léi forbhreathnú gearr ar earnáil na beachadóireachta san Aontas Eorpach, mar aon le faisnéis faoi thacaíocht an Aontais d’earnáil na beachadóireachta faoi phleananna straitéiseacha CBT amach anseo.

Tá tacaíocht dhíreach á soláthar ag an Aontas d’earnáil na beachaireachta ó bhí 1997 ann 4 . Tugann an tacaíocht sin rogha do na Ballstáit cláir náisiúnta a tharraingt suas dá nearnáil beachadóireachta. Is é is cuspóir do na cláir sin feabhas a chur ar na dálaí ginearálta maidir le táirgí beachadóireachta a tháirgeadh agus a mhargú: mil, glóthach ríoga, pailin, gliú beach agus céir bheach.

Déanann an tAontas Eorpach na cláir bheachadóireachta a chómhaoiniú ag ráta 50 % agus maireann siad ar feadh 3 bliana. Is cláir dheonacha atá iontu ach roghnaigh na Ballstáit uile iad a thabhairt isteach, rud a léiríonn spéis mhór na mBallstát agus riachtanais na hearnála araon. Ó 2023 ar aghaidh, beidh tacaíocht fós á fáil ag an earnáil faoi idirghabhálacha beachadóireachta éigeantacha atá ina gcuid de phleananna straitéiseacha CBT a formheasadh le déanaí. Féadfaidh na Ballstáit an ráta cómhaoinithe a mhéadú freisin ó íosmhéid 50 % go huasmhéid 70 %.

2.    MODHEOLAÍOCHT

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar na foinsí faisnéise seo a leanas:

-Faisnéis faoina dtugann na Ballstáit fógra faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún maidir le cabhair in earnáil na beachadóireachta 5 , lena náirítear líon na gcoirceog beach ina gcríocha.

-Faisnéis faoina dtugann na Ballstáit fógra faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún maidir le cabhair in earnáil na beachadóireachta 6 , lena náirítear na tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán sin. Áirítear sna tuarascálacha bliantúla sin achoimre ar an gcaiteachas a tabhaíodh in euro le linn na bliana beachadóireachta, arna miondealú de réir birt, agus ar na torthaí bunaithe ar tháscairí feidhmíochta le haghaidh gach birt a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, níl na táscairí sin comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais agus níor úsáideadh iad chun teacht ar chonclúidí i gcomhthéacs na tuarascála seo.

-Sonraí maidir le táirgeadh meala agus trádáil idirnáisiúnta na meala ó Eurostat 7 , ó Chomhthrádáil na Náisiún Aontaithe 8 agus ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) na Náisiún Aontaithe 9 .

Tá figiúirí mionsonraithe agus táblaí achoimre maidir le margadh na meala agus maidir leis na cláir bheachadóireachta náisiúnta ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa an Choimisiúin 10 .

3.    FORBHREATHNÚ AR EARNÁIL BEACHADÓIREACHTA AN AONTAIS EORPAIGH

3.1    Táirgeadh agus praghsanna

Cumhdaítear 2017 agus 2018 leis na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le táirgeadh agus praghsanna san Aontas, sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit in 2019 faoina gcláir bheachadóireachta náisiúnta le haghaidh 2020-2022. Ba cheart do na Ballstáit sonraí margaidh comhchosúla a thuairisciú le haghaidh 2021 agus 2022 in 2023 11 .

Táirgeadh

Na sonraí faoinar tugadh fógra in 2019 faoi chláir 2020-2022 le haghaidh 2018, léirítear iontu go raibh thart ar 17.3 milliún coirceog san Aontas agus iad á mbainistiú ag 615 058 mbeachaire. Ó shin i leith, tá méadú tagtha ar líon na gcoirceog beach go dtí 18.9 milliún in 2020 agus 20 milliún in 2021. Léiríonn sonraí is déanaí 2018 maidir le beachairí go bhfuil méadú substaintiúil tagtha ar líon na mbeachairí ó bhí 2016 ann, tráth a tuairiscíodh 568 194 bheachaire le haghaidh chláir 2017-2019. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil aon mhodh comhchuibhithe ann chun beachairí a shainmhíniú ná chun líon na mbeachairí a mheas, agus mar sin, aon athrú ar an líon sin, ní gá gur léiriú é ar threocht ghinearálta san earnáil.

Ós rud é go mbaineann na figiúirí táirgeachta deireanacha arna dtuairisciú ag na Ballstáit le 2018, agus gur soláthraíodh na figiúirí sin sa tuarascáil roimhe seo an 17 Nollaig 2019 12 , baintear leas sa tuarascáil seo as sonraí ó FAO. De réir na sonraí sin, tháirg an tAontas Eorpach 217 864 thona meala in 2020, rud a fhágann gurb é an tAontas an dara táirgeoir meala is mó ar domhan, tar éis na Síne, a tháirg 458 100 tona an bhliain sin. Ó bhí 2018 ann, tá laghdú ó 258 610 tona, laghdú thart ar 16 %, tagtha ar tháirgeacht an Aontais. Ní tháirgeann an tAontas mil leordhóthanach chun freastal ar an éileamh. In 2020, bhí neamhthuilleamaíocht meala thart ar 60 % aige 13 , i.e. thart ar an leibhéal céanna a bhí ann in 2018. Ba í an Úcráin an príomhsholáthróir meala allmhairithe in 2020 (31 % de na hallmhairí), agus an tSín ina dhiaidh sin (21 % de na hallmhairí).

Praghsanna

De réir na sonraí is déanaí atá ar fáil le haghaidh 2018 arna dtuairisciú ag na Ballstáit, ba é EUR 6.46/kg meánphraghas an Aontais ar mhil ilbhláthanna ag an láithreán táirgthe agus ba é EUR 3.79/kg a mheánphraghas ar dhíolachán ar an mórchóir ag mórdhíoltóirí. Is mór idir na Ballstáit ó thaobh praghsanna meala de, ag brath ar cháilíocht agus ar dhíolphointe na meala. Ar éigean atá athrú tagtha ar an meánphraghas i gcomparáid leis na figiúirí a soláthraíodh roimhe seo le haghaidh 2015. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar an meánchostas táirgthe ó EUR 3.21/kg in 2015 go dtí EUR 3.90/kg in 2018, rud a fhágann go bhféadfadh corrlach brabúis níos lú a bheith ann in aghaidh an kg meala a tháirgtear. Ós rud é nach ndéanann na Ballstáit méideanna na meala a dhíoltar ar an mórchóir agus ar an láithreán táirgthe a thuairisciú, is deacair an corrlach brabúis atá ann le haghaidh táirgeoirí dá bharr a ríomh.

3.2    Trádáil 14

Allmhairí

Níl ag an Aontas Eorpach ach neamhthuilleamaíocht meala thart ar 60 %. In 2021, d’allmhairigh an tAontas 173 403 thona meala ar luach iomlán EUR 406.1 milliún. Is é an tAontas an dara hiompórtálaí meala is mó ar domhan tar éis Mheiriceá Thuaidh, agus is í an Úcráin a phríomhsholáthróir. Ó bhí 2019 ann, tá méadú tagtha ar allmhairí an Aontais ón Úcráin ó 44 523 thona in 2019 go 53 777 dtona in 2021. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú ar allmhairí ón tSín, an dara soláthróir is mó atá ag an Aontas, ó 45 108 dtona go 48 109 dtona, agus tháinig laghdú ar allmhairí ó na soláthróirí sa tríú agus sa cheathrú háit, an Airgintín agus Meicsiceo, ó 21 269 dtona agus 18 205 thona in 2019, go 14 396 agus 15 486 thona in 2021, faoi seach.

De ghnáth, is saoire mil a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad ná mil a tháirgtear san Aontas, agus in 2021, ba é EUR 2.34/kg an meánphraghas allmhairiúcháin.

Onnmhairí

Is ísle i bhfad méid onnmhairí an Aontais ná méid na n‑allmhairí. In 2021, d’onnmhairigh an tAontas 25 421 thona meala ar luach iomlán EUR 146.4 milliún, figiúr a léiríonn thart ar 15 % d’allmhairí an Aontais de réir méid. Is iad an Ríocht Aontaithe, an Eilvéis, an Araib Shádach, SAM agus an tSeapáin na príomh-mhargaí le haghaidh mhil an Aontais. In 2021, ba é EUR 5.76/kg an meánphraghas onnmhairiúcháin.

Fíor 1: Meánphraghsanna na meala a allmhairítear chuig an Aontas agus a onnmhairítear ón Aontas

4.CLÁIR BHEACHADÓIREACHTA NÁISIÚNTA A CHUR CHUN FEIDHME

4.1    Bunús dlí

Is iad Airteagail 55 go 57 de CEM an bunús dlí do chláir bheachadóireachta náisiúnta 2020-2022, arna bhforlíonadh leis na Rialacháin seo a leanas:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/580 15 ón gCoimisiún agus

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/166 16 ón gCoimisiún.

Formheasadh na cláir le haghaidh na mblianta beachadóireachta 2020-2022 agus maoiniú na gclár sin trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/974 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 17 . Leasaíodh na cláir sin in 2021 chun síneadh a chur leo go dtí deireadh 2022 agus chun an buiséad bliantúil a mhéadú ó EUR 40 milliún go EUR 60 milliún (arb é ranníocaíocht an Aontais é). Formheasadh na cláir leasaithe le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/974 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 18 .

4.2    Cuspóirí agus bearta

Is é is príomhchuspóir do na cláir sin feabhas a chur ar na coinníollacha ginearálta maidir le táirgí beachadóireachta a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas. Le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta in 2013, rinneadh athruithe ar na cláir, athruithe arb é ab aidhm dóibh bearta incháilithe a chur in oiriúint do riachtanais na hearnála agus leithdháileadh bhuiséad an Aontais a fheabhsú trí fheabhas a chur ar na modhanna a úsáideann na Ballstáit chun líon na gcoirceog beach ar a gcríocha a mheas. Na bearta incháilithe le haghaidh chláir 2020-2022, eascraíonn siad as na bearta céanna a bhí ar fáil le haghaidh chláir 2017-2019, agus déantar cur síos orthu thíos.

(a) Cúnamh teicniúil do bheachairí agus do ghrúpaí beachairí. Baineann na Ballstáit úsáid as an mbeart seo chun oiliúint a chistiú, cúrsaí a eagrú agus bróisiúir oideachasúla a phriontáil, chomh maith le trealamh teicniúil a cheannach chun mil a tháirgeadh agus a chur faoi phróiseáil phríomhúil agus chun tacaíocht shonrach a sholáthar do bheachairí óga.

(b) Ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac, go háirithe an varróis. Leathnaíodh raon feidhme an bhirt seo cheana féin sa chlár roimhe seo chun go rachfaí i ngleic le hionróirí coirceog beach agus galair eile sna coirceoga beach, chomh maith leis an varróis, ionróirí amhail an chornfhoiche Áiseach (Vespa velutina) agus an Chiaróg Choirceoige Bheag (Aethina tumida). Mar sin féin, díríonn formhór na gclár fós ar an varróis a chomhrac trí thacú le gníomhaíochtaí chun an t‑ualach seadánach a laghdú agus trí bheachairí a chur ar an eolas faoin ngá leis an varroa mite a chomhrac agus faoi na modhanna chun é sin a dhéanamh.

(c) Cuíchóiriú buailteachais. Tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun cabhrú le bainistiú buailteachais, amhail obair ar shainaithint coirceog agus frámaí, clár buailteachais a bhainistiú, agus infheistíocht a dhéanamh in ábhar agus i dtrealamh chun buailteachas agus mapáil cineálacha bláthanna a éascú.

(d) Bearta chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachadóireachta chun cuidiú le beachairí a gcuid táirgí a chur ar an margadh agus cur le luach na dtáirgí sin. Le raon feidhme an bhirt seo (cé go núsáidtear é go príomha chun anailísí ar airíonna fisiceimiceacha na meala a chistiú), cumhdaítear freisin táirgí beachadóireachta eile 19 amhail glóthach ríoga, pailin, gliú beach nó céir bheach. Cuireann an fhaisnéis seo ar a gcumas do na beachairí a dtáirgí a mhargú níos fearr agus luach a dtáirgí a mhéadú.

(e) Bearta le tacú le hathstocáil coirceog beach. Cuireann an beart cúnamh ar fáil chun caillteanais beach a chumhdach, rud a sheachnaíonn titim sa táirgeadh. Úsáidtear an cistiú go príomha chun coilíneachtaí beach, cráinbheacha nó coirceoga nua a cheannach agus chun táirgeadh na gcráinbheach a chur chun cinn, go háirithe pórtha dúchasacha.

(f) Comhoibriú le comhlachtaí speisialaithe maidir le cur chun feidhme na gclár taighde feidhmeach i réimse na beachadóireachta agus na dtáirgí beachadóireachta. Cuireann sé sin ar a gcumas do na Ballstáit tionscadail shonracha taighde a chistiú arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an mbeachaireacht, ar tháirgeadh nó ar cháilíocht na meala, agus torthaí na dtionscadal sin a scaipeadh.

(g) Faireachán ar an margadh. Tacaíonn sé sin le faireachán ar an margadh a dhéanamh maidir le táirgí agus praghsanna na beachadóireachta chun cuidiú le feabhas a chur ar na coinníollacha táirgthe agus chun tacú le straitéisí náisiúnta maidir le faireachán ar an margadh.

(h) Cur le cáilíocht na dtáirgí chun an leas is mó is féidir a bhaint as na táirgí atá ar an margadh. Cistítear leis seo gníomhaíochtaí tacaíochta chun leas a bhaint as acmhainneacht margaidh na meala agus táirgí beachadóireachta eile.

4.3    Buiséad an Aontais le haghaidh cláir bheachadóireachta náisiúnta agus ráta úsáide

Na cistí a leithdháil an tAontas ar earnáil na beachadóireachta, tháinig méadú orthu ó EUR 36 mhilliún in aghaidh na bliana le haghaidh chláir bheachadóireachta 2017-2019 go dtí EUR 40 milliún 20 in aghaidh na bliana faoi chláir 2020-2022. Leasaíodh iad sin in 2021 chun síneadh a chur lena saolré agus chun an leithdháileadh buiséadach a mhéadú go dtí EUR 60 milliún ó 2021 ar aghaidh.

Tá ranníocaíocht an Aontais le cláir bheachadóireachta ag teacht le 50 % den chaiteachas a dhéanann na Ballstáit. I gcás na mblianta beachadóireachta 2020-2022, bhí cistiú EUR 318.9 milliún 21 ar fáil do chláir bheachadóireachta náisiúnta san Aontas, 48 % níos mó ná an cistiú a bhí ar fáil don tréimhse 2017-2019. Ranníocaíocht ón Aontas is ea leath den chistiú sin, agus cómhaoiniú na mBallstát is ea an leath eile.

Cé nár baineadh úsáid iomlán as an gcistiú, bhí an ráta ionsúcháin sách ard in 2019 agus in 2020 fós, ach thit sé go substaintiúil in 2021. Míniú ar an laghdú sin ar an ráta úsáide in 2021 is ea an méadú substaintiúil ar an leithdháileadh buiséadach agus an leasú ar na cláir chun na cistí sin a ionsú, leasú a rinneadh beagán déanach ós rud é gur tugadh fógra fúthu i mí an Mhárta 2021 agus gur formheasadh iad i mí an Mheithimh 2021. Cé gur cuireadh na hathruithe a bhí ar na bacáin ar a súile do na Ballstáit in 2020, agus cé gur spreagadh iad leis na cistí a ghlacadh a oiread agus ab fhéidir in 2021, bhí deacrachtaí ag roinnt Ballstát na cistí méadaithe a ionsú, go háirithe na Ballstáit a fuair cistiú i bhfad níos airde ná mar a fuair siad in 2019. I ndáiríre, cé go raibh ráta ionsúcháin 80 % nó níos mó ag 21 Bhallstát in 2020, agus cé nach raibh ach 6 Bhallstát a bhain ráta níos lú ná 80 % amach, ní raibh ach 11 Bhallstát a raibh ráta ionsúcháin 80 % nó níos mó acu in 2021, agus bhain 16 Bhallstát ráta níos lú ná 80 % amach. I dTábla 1 déantar achoimre ar ráta cistiúcháin agus cur i gcrích an Aontais maidir le cláir bheachadóireachta 2020-2022 agus i mbliain bheachadóireachta 2019 (bliain nach raibh sonraí ar fáil ina leith tráth a foilsíodh an tuarascáil dheireanach an 17 Nollaig 2019).

Tábla 1: Ráta cistiúcháin agus cur i gcrích an Aontais maidir le cláir bheachadóireachta

Cistí Aontais a bhí ar fáil le haghaidh na mblianta seo a leanas:

bliain bheachadóireachta 2019

cláir 2017-2019

bliain bheachadóireachta 2020

cláir 2020-2022

bliain bheachadóireachta 2021

cláir 2020-2022

bliain bheachadóireachta

2022

cláir 2020-2022

bliain airgeadais 2023 i gcás

idirghabhálacha beachadóireachta faoi Phleananna Straitéiseacha CBT Eanáir – Deireadh Fómhair 2023

in EUR

36 000 000

39 441 410 22

60 000 000

60 000 000

60 000 000 23

Méid na gcistí Aontais arna n‑úsáid ag na Ballstáit in EUR*

33 757 308

35 947 262

46 772 973

Tabharfar fógra fúthu faoin 31 Nollaig 2023

Tabharfar fógra fúthu faoin 15 Meitheamh 2024

Ráta cur i gcrích

94 %

91 %

78 %

*Foinse: Tuarascálacha Cur Chun Feidhme Bliantúla na mBallstát arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/1368.

4.4    Leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais in aghaidh an Bhallstáit

Na rialacha maidir le leithdháileadh ranníocaíochtaí an Aontais ar na cláir bheachadóireachta a ríomh mar a leagtar síos iad in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún, tá siad bunaithe ar chion na gcoirceog beach ar thug gach Ballstát atá rannpháirteach sa chlár fógra fúthu, mar aon le ranníocaíocht íosta socraithe ón Aontas de EUR 25 000 in aghaidh an chláir. Mar sin féin, má iarrann Ballstát níos lú ná a theidlíocht ar bhonn an chion coirceog beach atá aige, féadfar an chuid eile den chistiú Aontais a dháileadh ar Bhallstáit eile a iarrann níos mó ná a sciar teoiriciúil den chistiú.

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/1366, an leithdháileadh de chistí Aontais le haghaidh na gclár beachadóireachta 2020-2022 ar tugadh fógra ina leith in 2019, bhí sé bunaithe ar líon na gcoirceog beach a chuir na Ballstáit in iúl in 2017 agus 2018. Ó 2021 ar aghaidh, leithdháileadh ranníocaíochtaí méadaithe an Aontais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT (Rialachán (AE) 2021/2115) 24 . Ríomhadh na leithdháiltí sin ar bhonn líon na gcoirceog beach a chuir na Ballstáit in iúl in 2013 ina gcláir bheachadóireachta le haghaidh 2014-2016, arna gcoigeartú leis na hiarratais ar chistiú sa chlárthréimhse 2017-2019 25 .

Fíor 2: Leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh bhlianta beachadóireachta 2020-2022

Foinse: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/974 ón gCoimisiún (le haghaidh 2020) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2021/974 ón gCoimisiún (le haghaidh 2021 agus 2022).

4.5    Caiteachas arna thabhú de réir an chineáil birt

Faoi Airteagal 10 de Rialachán 2015/1368, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a sholáthar faoin 15 Márta gach bliain lena gcumhdófar an bhliain bheachadóireachta roimhe sin. In 2021 agus 2022 tugadh fógra faoin gcéad dá thuarascáil bhliantúla, a chomhfhreagraíonn do na blianta beachadóireachta 2020 26 agus 2021 27 , faoi seach. Taispeántar sa phíchairt thíos (Fíor 3)an miondealú ar chaiteachas de réir an chineáil birt le haghaidh bhliain bheachadóireachta 2021. Chun comparáid a éascú, tugtar miondealú ar chaiteachas de réir an chineáil birt le haghaidh bhliain bheachadóireachta 2020 i bhFíor 4, rud a léiríonn go raibh cosúlacht eatarthu maidir leis an dáileadh foriomlán, arna thomhas mar chéatadán.

In 2021, bhain 54 % den chistiú a bhí ar fáil le dhá bheart (cúnamh teicniúil agus ionróirí coirceog beach a chomhrac). In 2020, ar aon dul le blianta roimhe sin, bhí ráta na mbeart sin i dteannta a chéile gar do 60 %. Is léiriú é sin ar an ngá leanúnach le scileanna beachairí a uasghrádú agus le hinfheistíocht a dhéanamh i dtrealamh beachaireachta, rud a dtugtar tacaíocht dó faoi bheart A (cúnamh teicniúil) agus i gcleachtais bheachaireachta chun galair agus ionróirí sna coirceoga beach a chomhrac, rud a dtugtar tacaíocht dó faoi bheart B (ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac).

Ar aon dul le blianta roimhe sin, an chéad dá bheart eile is mó a raibh tóir orthu ná cuíchóiriú buailteachais agus athstocáil coirceog beach, bearta lenar bhain 40 % den chaiteachas iomlán sna Ballstáit trí chéile in 2021 agus 34 % in 2020. I roinnt Ballstát, is cleachtas ríthábhachtach beachaireachta é an buailteachas, a bhfuil gá leis chun riachtanais chothaitheacha na mbeach meala a chumhdach le linn an tséasúir beachaireachta ina iomláine agus chun seirbhísí pailnithe a sholáthar.

Ó thaobh tacaíochta de, tháinig taighde feidhmeach agus anailís ar an mil sa 5ú háit agus sa 6ú háit, agus fuair siad 2.7 % agus 2.4 %, faoi seach, den chistiú a bhí ar fáil in 2021.

Na bearta chun tacú le feabhsú táirgí agus faireachán ar an margadh, a tugadh isteach den chéad uair i gclár 2017-2019, fuair siad níos lú ná 2 % den chistiú i dteannta a chéile, in 2020 agus in 2021 araon.

Fíor 3: Caiteachas mar chéatadán in aghaidh an bhirt le linn na bliana beachadóireachta 2021 

Foinse: Tuarascáil bhliantúil na mBallstát ar chur chun feidhme 2021.

Fíor 4: Caiteachas mar chéatadán in aghaidh an bhirt le linn na bliana beachadóireachta 2020

Foinse: Tuarascáil bhliantúil na mBallstát ar chur chun feidhme 2020.

5.    MODHANNA A ÚSÁIDTEAR CHUN LÍON NA gCOIRCEOG BEACH A CHINNEADH

Faoi Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún, ó 2017 ar aghaidh, ní mór do na Ballstáit a bhfuil cláir bheachadóireachta á dtíolacadh acu fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain faoi líon na gcoirceog beach ina gcríoch atá réidh le geimhriú. Thairis sin, ceanglaíodh ar na Ballstáit faoi Airteagal 2 den Rialachán sin modh iontaofa a bheith acu chun an líon sin a chinneadh, modh ar ghá tuairisc a thabhairt air ina gcláir bheachadóireachta. Glacadh an Rialachán Tarmligthe sin in 2015, agus é bunaithe ar an gcumhachtú a deonaíodh faoi Airteagal 56(1)(b) de CEM, agus leag sé síos an bonn chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileadh ar chláir bheachadóireachta na mBallstát, ar bhonn líon na gcoirceog beach.

Sonraíodh leis freisin sainmhíniú an téarma ‘coirceog beach’, mar atá, ‘… an t‑aonad ina mbíonn coilíneacht beach meala a úsáidtear chun mil, táirgí beachaireachta eile nó ábhar pórúcháin beach meala a tháirgeadh agus ina mbíonn na heilimintí uile is gá chun go mairfidh sí’.

Cé nach ar líon na gcoirceog beach faoinar tugadh fógra a bheidh an cistiú bliantúil do na Ballstáit bunaithe a thuilleadh i bpleananna straitéiseacha CBT, is tábhachtach fós a bheith ar an eolas faoi líon na gcoirceog beach sna Ballstáit. Tá gá leis an bhfaisnéis sin chun gur féidir forbairtí san earnáil a leanúint, chun tionchar na tacaíochta a mheas agus chun na saoránaigh Eorpacha a choinneáil ar an eolas. Faoi phleananna CBT a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le hAirteagail 36 go 38 de Rialachán (AE) 2022/126 28 , ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisc a chur san áireamh ina bplean straitéiseach maidir le modh iontaofa chun líon na gcoirceog beach atá réidh le geimhriú a ríomh agus fógra a thabhairt faoin 15 Meitheamh gach bliain maidir le líon na gcoirceog beach. Na modhanna ríofa sin arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoi chláir 2020-2022 agus faoi na pleananna straitéiseacha araon, is beag athrú atá tagtha orthu ó bhí na chéad mhodhanna tuairiscithe i gcláir bheachadóireachta 2017-2019 ann, modhanna a bhfuil cur síos orthu sa tuarascáil roimhe seo an 17 Nollaig 2019.

Ós rud é nach raibh aon riail chomhchuibhithe ann lenar rialaíodh na gnéithe sin sular cuireadh an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm, ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir líon na gcoirceog beach ar tugadh fógra fúthu sular cuireadh i bhfeidhm é in 2017 agus líon na gcoirceog beach ar tugadh fógra fúthu tar éis an 15 Márta 2017. Mar sin féin, léiríonn an treocht stairiúil fhadtéarmach go bhfuil méadú bliain ar bhliain tagtha ar líon na gcoirceog beach san Aontas Eorpach, faoi mar a léirítear i bhFíor 5. Tá an treocht dhearfach sin feiceálach i ngach Ballstát nach mór.

Fíor 5: Forbairt líon na gcoirceog beach san Aontas Eorpach i mílte

Foinse: Fógra bliantúil na mBallstát faoi líon na gcoirceog beach atá réidh le geimhriú ina gcríoch féin.

6.    BEACHADÓIREACHT I bPLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT TAR ÉIS 2022

Ó 2023 ar aghaidh, deonófar tacaíocht d’earnáil na beachadóireachta trí idirghabhálacha beachadóireachta a áirítear i bpleananna straitéiseacha náisiúnta CBT. Cé go raibh sé mar rogha ag na Ballstáit faoi CEM cláir bheachadóireachta a chur chun feidhme, beidh na cláir sin éigeantach ó 2023 ar aghaidh. Mar thoradh ar an mbeachadóireacht a chur san áireamh i bpleananna CBT, méadófar infheictheacht na hearnála agus áiritheofar go gcuirfear a rannchuidiú le cuspóirí foriomlána an chomhbheartais talmhaíochta san áireamh.

Beidh an cistiú le haghaidh idirghabhálacha beachadóireachta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT, gan athrú ó 2023 go 2025, agus é fós ar luach EUR 60 milliún in aghaidh na bliana airgeadais. An buiséad le haghaidh 2023, freastalóidh sé ar na hidirghabhálacha beachadóireachta a chuirtear chun feidhme faoi na pleananna straitéiseacha (agus a íoctar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023) agus ar na bearta beachadóireachta a cuireadh chun feidhme ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 faoi na cláir bheachadóireachta atá ann faoi láthair (agus a íocfar le linn na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023). Ar an gcaoi chéanna, na himchlúdaigh airgeadais le haghaidh na mblianta airgeadais breise, cumhdóidh siad caiteachas ar na hidirghabhálacha beachadóireachta a chuirtear chun feidhme faoi na Pleananna Straitéiseacha, chomh maith le haon chaiteachas iarmharach a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na mbeart beachadóireachta a chuirtear chun feidhme faoi na cláir bheachadóireachta atá ann faoi láthair. Go deimhin, bainfidh roinnt Ballstát úsáid as leithdháileadh airgeadais 2023 chun na bearta a cuireadh chun feidhme le linn na 5 mhí dheireanacha de 2022 a íoc, mar a chuirtear in iúl ina bPleananna Straitéiseacha. Athrú eile a tugadh isteach sna Pleananna Straitéiseacha, cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit a ráta cómhaoinithe a mhéadú ón ráta éigeantach 50 % go dtí 70 % chun a mbuiséad a fheabhsú a thuilleadh. Roghnaigh trí Bhallstát (BG, IT agus LU) é sin a dhéanamh; bainfidh na Ballstáit eile leas fós as an ráta cómhaoinithe íosta éigeantach de 50 %.

Agus a n‑idirghabhálacha beachadóireachta ó 2023-2027 á mbunú acu faoin bplean straitéiseach, ní mór do na Ballstáit ceann amháin ar a laghad de chuspóirí sonracha CBT a shaothrú (Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115).

Ar aon dul leis na cláir reatha, soláthrófar tacaíocht don bheachadóireacht trí roinnt idirghabhálacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhar le hionadaithe eagraíochtaí i réimse na beachaireachta. Is féidir leis na Ballstáit roghnú as seacht gcineál idirghabhála in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2115, a liostaítear thíos, a thugtar anonn ó bhearta roimhe seo faoi Rialachán CEM agus a leathnaíonn a thuilleadh raon feidhme na tacaíochta atá á cur ar fáil. Seo thíos na cineálacha idirghabhála:

a) seirbhísí comhairleacha, cúnamh teicniúil, oiliúint, faisnéis agus malartú dea-chleachtas, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí líonrú, le haghaidh beachairí agus grúpaí beachairí;

b) infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, mar aon le gníomhaíochtaí eile, lena n‑áirítear iad seo a leanas:

I)ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach, go háirithe an varróis, a chomhrac;

II)damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus forbairt agus úsáid cleachtais bhainistithe atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide a chur chun cinn;

III)coirceoga beach san Aontas a athstocáil, lena náirítear pórú beach;

IV)buailteachas a chuíchóiriú;

c) gníomhaíochtaí chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachaireachta, caillteanais beach nó titim ina dtáirgiúlacht, agus ar shubstaintí a d’fhéadfadh a bheith tocsaineach do bheacha;

d) gníomhaíochtaí chun líon reatha na gcoirceog beach san Aontas a chaomhnú nó a mhéadú, lena n‑áirítear pórú beach;

e) comhar le comhlachtaí speisialaithe maidir le cláir thaighde a chur chun feidhme i réimse na beachaireachta agus na dtáirgí beachaireachta;

f) gníomhaíochtaí cur chun cinn, cumarsáide agus margaíochta, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar an margadh agus gníomhaíochtaí atá dírithe go háirithe ar chur le feasacht tomhaltóirí ar cháilíocht na dtáirgí beachaireachta;

g) gníomhaíochtaí chun cáilíocht táirgí a fheabhsú.

7.    CONCLÚID

An tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’earnáil na beachadóireachta, aithníonn gach duine san Aontas í, idir institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, agus an pobal i gcoitinne. Cé gur bonn deonach a bhí leo, tá cláir bheachadóireachta á reáchtáil ag na Ballstáit uile le blianta beaga anuas i ndlúthchomhar leis an earnáil agus lena hionadaithe. Mar thoradh ar an tacaíocht bheachadóireachta a áireamh i bpleananna straitéiseacha CBT mar ghné éigeantach le haghaidh na mBallstát uile, cuirtear i dtreis a thuilleadh a thábhachtaí atá an earnáil agus aithnítear rannchuidiú na hearnála le cuspóirí sonracha CBT, go háirithe maidir leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú agus gnáthóga a chaomhnú. Aithnítear leis sin freisin an tacaíocht luachmhar a sholáthraítear trí na cláir sin maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an mbeachaireacht, dúshláin atá ag méadú, agus iad níos measa fós mar gheall ar an athrú aeráide.

Tá méadú tagtha ar raon na mbeart le himeacht na mblianta, go háirithe leis na cineálacha idirghabhála is déanaí a tugadh isteach sa Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT. Leis na hidirghabhálacha sin, leathnaítear agus feabhsaítear na bearta roimhe seo, agus soláthraítear leo raon feidhme níos leithne maidir le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh freastal ar riachtanais na hearnála sna Ballstáit trí chéile. Lena hais sin, mar thoradh ar an méadú suntasach ar an gcistiú ó bhí 2021 ann agus an deis a tugadh do na Ballstáit chun a gcómhaoiniú náisiúnta a mhéadú, ba cheart go soláthrófaí na hacmhainní is gá don earnáil chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta, agus ag an am céanna freastal ar riachtanais éagsúla a beachairí ar fud an Aontais. Dea-thuar is ea an méid sin go mbeidh ardráta fós ann sna Ballstáit trí chéile maidir le glacadh na gcistí atá ar fáil.

Comhartha maith ar thionchar dearfach na gclár sin ar an earnáil is ea líon na gcoirceog beach, a bhfuil méadú ag teacht air fós bliain i ndiaidh bliana. Mar sin féin, ní hé go ngabhann méadú ar an táirgeadh leis sin i gcónaí, ós rud é go mbraitheann sé sin go mór ar dhálaí aeráide, i measc tosca eile. Ina theannta sin, bíonn brabúsacht fhoriomlán na hearnála ag brath ar phraghas cothrom a bheith á íoc le beachairí as a dtáirgí. Ní mór an méadú atá tagtha ar mheánphraghsanna na meala san Aontas le himeacht na mblianta, ach tá na costais táirgthe ag ardú fós, agus tá na praghsanna allmhairithe ag laghdú. Is gá do chách a neart a chur le chéile chun na dúshláin iomadúla a shárú. Cuireann sé sin i bhfios gur gá leanúint de thacaíocht a sholáthar don earnáil, go háirithe i bhfianaise ról sárluachmhar na mbeach maidir leis an talmhaíocht agus an comhshaol.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2)

 Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 IO L 437, 28.12.2020, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11 . Áirítear leis an méid iomlán dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil i ndáil leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta méadú go EUR 60 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh cláir bheachadóireachta.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1221/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le bearta a chur i bhfeidhm chun táirgeadh agus margú meala a fheabhsú, IO L 173, 1.7.97, lch. 1.
(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair in earnáil na beachadóireachta, IO L 211, 8.8.2015, lgh. 3-6.

(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachadóireachta, IO L 211, 8.8.2015, lgh. 9-16.
(7)   https://ec.europa.eu/eurostat .
(8)   https://comtrade.un.org/ .
(9)   http://www.fao.org/home/en/ .
(10)

  https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/animals-and-animal-products/animal-products/honey_en

(11) I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE2022/1475 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus a mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta IO L 232, 7.9.2022, lch. 8.
(12)   COM_COM(2019)0635_EN.pdf (europa.eu)
(13) Ráta neamhthuilleamaíochta = táirgeadh an Aontais/(táirgeadh+allmhairí-onnmhairí).
(14) Foinse na sonraí trádála: Eurostat Comext, https://trade.ec.europa.eu/tradehelp/statistics
(15)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/580 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 a mhéid a bhaineann leis an mbonn leis an ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh in earnáil na beachaireachta, IO L 124, 12.4.2021, lch. 1.

(16)

 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/166 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis na cláir náisiúnta in earnáil na beachaireachta, IO L 48, 11.2.2021, lch. 1.

(17)

 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/974 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 lena bhformheastar na cláir náisiúnta chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 4177) IO L 157, 14.6.2019, lch. 28.

(18)

 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/974 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena bhformheastar na cláir náisiúnta chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 4021) IO L 215, 17.6.2021, lch. 37.

(19) Liostaítear na táirgí beachadóireachta a chumhdaítear leis na cláir bheachadóireachta i gCuid XXII d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus is é atá iontu mil, glóthach ríoga, gliú beach, pailin agus céir bheach.
(20) Ranníocaíocht iomlán an Aontais le haghaidh AE28, an Ríocht Aontaithe san áireamh.
(21) Méid iomlán le haghaidh AE27, gan an Ríocht Aontaithe san áireamh.
(22) Ranníocaíocht an Aontais le haghaidh AE27 gan an Ríocht Aontaithe san áireamh.
(23) Féadfar an buiséad don bhliain airgeadais 2023 a úsáid freisin chun bearta a íoc arna gcur chun feidhme ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, mar a mhínítear i roinn 6.
(24)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013,  IO L 435 6.12.2021, lch. 1.
(25) Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/580 ón gCoimisiún.
(26) Tráthchlár an 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2020.
(27) Tráthchlár an 1 Lúnasa 2020 go dtí an 31 Iúil 2021.
(28) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT don tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin chomh maith le rialacha maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán 1 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC), IO L 20, 31.1.2022, lch. 52.