29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/36


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dícharbónú thionscal na hEorpa agus ról na nuálaíochta agus na digiteála maidir leis sin a thiomáint chun cinn

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 349/07)

Rapóirtéir:

Andrés BARCELÓ DELGADO

Comhrapóirtéir:

Monika SITÁROVÁ

Iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir an 8 Nollaig 2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Cinneadh ón mBiúró

13.12.2022

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

22.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

12.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

185/3/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE go mór nach mór dícharbónú thionscal an Aontais a cheangal le digiteáil fheabhsaithe.

1.2.

Tá an nuálaíocht ríthábhachtach má táthar chun tionscal an Aontais a dhícharbónú go hiomlán, ós rud é go bhfuil neart teicneolaíochtaí fós á bhforbairt.

1.3.

Ní féidir leis an Aontas an dícharbónú a bhaint amach gan rannpháirtíocht láidir ó oibrithe ná idirphlé sóisialta. Ní mór cláir athscilithe agus uas-scilithe a bheith mar mhórthosaíocht d’fhonn na spriocanna a bhaint amach. Ní mór ról a bheith ag an idirphlé sóisialta agus ag rannpháirtíocht na n-ionadaithe oibrithe i gcláir athscilithe agus uas-scilithe, agus do na cláir sin a bheith ina réamhriachtanas le go mbeidh rath ar theicneolaíochtaí nua agus modhanna oibre nua.

1.4.

Ní mór don Aontas na teicneolaíochtaí a shainaithint a bhfuil tacaíocht shonrach ag teastáil uathu chun gníomhaíochtaí monaraíochta a fhorbairt, agus bearta breise a mholadh.

1.5.

Ní mór teicnící gabhála, úsáide agus stórála carbóin a fhorbairt chun astaíochtaí a bhfuil sé deacair srian a chur leo a laghdú i dtionscail amhail tionscal na stroighne agus na scaglanna; d’fhéadfadh an carbón féin a úsáid mar amhábhar le haghaidh leictribhreoslaí.

1.6.

Dúshlán tromchúiseach don Aontas agus dá thionscal is ea an Gníomh um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) de chuid na Stát Aontaithe. An togra ón gCoimisiún maidir le tionscal glan-nialasachta, d’fhéadfadh sé a bheith ina fhreagairt éifeachtach ar an mbagairt atá ann go ndéanfaí go leor gníomhaíochtaí tionsclaíocha a athlonnú ón Aontas chuig tríú tíortha. Níor cheart neamhaird a thabhairt ar choinníollacht shóisialta an Ghnímh um Laghdú Boilscithe i dtograí an Aontais.

1.7.

Teastaíonn tacaíocht phoiblí ó ghnólachtaí tionsclaíocha i gcaitheamh an phróisis dícharbónaithe (e.g. an tairseach de minimis a mhéadú, athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais chánach), ach ní mór dóibh cloí le prionsabail an mhargaidh aonair freisin.

1.8.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur údar spreagtha, i dtéarmaí feidhmíocht thionsclaíoch a fheabhsú, iad na samplaí atá ann faoi láthair de leathchúplaí digiteacha sa tionsclaíocht, mar a tugadh le fios i dtuairim CCMI/206.

1.9.

Tá CESE ag tathant ar na húdaráis Eorpacha agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na próisis cheadaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha. Déantar infheistíochtaí nua a dhíspreagadh leis an nós imeachta fada atá ann faoi láthair chun ceadanna a fháil agus leis an rómhaorlathas iomarcach.

1.10.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh maidir le Banc Hidrigine agus tá súil aige go gcuideoidh sé le teicneolaíocht hidrigine a chur in úsáid, go háirithe i dtionscail ar deacair iad a mhaolú.

1.11.

Ní mór an bonneagar atá ann faoi láthair a chothabháil i gceart chun próisis thionsclaíocha nua a fhorbairt. Ní mór cláir shonracha maidir le bonneagar a fhorbairt chun tacú le dícharbónú tionsclaíoch.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

D’iarr Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar CESE tústuairim a tharraingt suas maidir le dícharbónú thionscal na hEorpa agus an ról atá le himirt ag an digiteáil agus an nuálaíocht sa phróiseas sin.

2.2.

D’eisigh CESE tuairim féintionscnaimh roimhe seo maidir le teicneolaíochtaí dícharbónaithe inar díríodh ar earnálacha tionsclaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (1).

2.3.

Rinne an tsochaí Eorpach an cinneadh riachtanach agus radacach dícharbónú iomlán a bhaint amach faoi 2050. Beidh an tionchar is mó aige sin ar an tionsclaíocht agus beidh sé an-deacair do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe dul in oiriúint don dícharbónú.

2.4.

Rinne roinnt tionscal infheistíochtaí móra le blianta beaga anuas agus beidh orthu athruithe atá níos radacaí fós a dhéanamh chun an sprioc ghlan-nialasach a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór do shochaí na hEorpa tacú leis na tionscail sin agus iad ag aistriú ó bhreoslaí iontaise chuig táirgeadh aeráidneodrach.

2.5.

Ní mór teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin a ionchorprú i roinnt gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar deacair iad a mhaolú. D’fhéadfaí astaíochtaí CO2 a úsáid sa todhchaí chun earraí ard-bhreisluacha a tháirgeadh.

2.6.

Tá sé thar a bheith dúshlánach don Aontas a sprioc maidir le 40 % dá fhuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, mar gheall ar a mhéid a bhraitheann sé ar thríú tíortha chun roinnt teicneolaíochtaí glana a sholáthar. Maidir le teicneolaíocht ghlan, tá an Eoraip ag brath go príomha ar allmhairí; ag an am céanna, ní mór don Aontas dlús mór a chur le cur in úsáid na teicneolaíochta glaine chun cuspóirí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach. Ní mór don Aontas na teicneolaíochtaí a shainaithint a bhfuil tacaíocht shonrach ag teastáil uathu chun gníomhaíochtaí monaraíochta a fhorbairt, agus bearta breise a mholadh.

2.7.

Tá tionscal na hEorpa faoi bhrú leanúnach ón iomaíocht idirnáisiúnta agus teastaíonn freagairt thapa, forbairt leanúnach agus oiriúnú gnólachtaí ina leith ionas go leanfaidh sé de bheith brabúsach earraí a tháirgeadh san Aontas. Is gné thábhachtach é sin sa táirgeadh nua-aimseartha cheana féin, ach féadfaidh gnólachtaí monaraíochta feabhsuithe ollmhóra san éifeachtúlacht a sheachadadh trí theicneolaíochtaí nua. Ar an mbealach sin, beidh siad in ann deiseanna iomlán nua a thapú chun táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó a fhorbairt.

2.8.

Is réamhriachtanas é an t-aistriú digiteach, a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, chun an sprioc maidir le dícharbónú a bhaint amach.

2.9.

Ní féidir aon sprioc a bhaint amach gan daoine a bheith rannpháirteach. Tá lucht saothair na hEorpa an-oilte maidir leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair, ach ní mór athoiliúint a chur air chun an deis a thapú úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí nua a fhorbrófar agus a chuirfear in úsáid go luath.

2.10.

Faoin bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a bhfuil glacadh coitianta leis, ní mór aird ar leith a thabhairt ar na pobail áitiúla ina bhfuil saoráidí tionsclaíocha bunaithe, i bhfianaise na n-athruithe a tharlóidh sna blianta amach romhainn agus an tionchar a bheidh ag na hathruithe sin, sa ghearrthéarma, ar fhostaíocht sna limistéir lena mbaineann.

3.   Tírdhreach nua san Aontas agus in áiteanna eile

3.1.

Idir an dá linn, ní mór don Aontas Eorpach aghaidh a tabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann le cur i bhfeidhm an Ghnímh um Laghdú Boilscithe de chuid na Stát Aontaithe (2), rud a d’fhéadfadh a bheith mar spreagadh maidir le sciar mór de shlabhra luacha tionsclaíoch na hEorpa a athlonnú chuig na Stáit Aontaithe, go háirithe na tionscail sin a bhaineann le teicneolaíochtaí in-athnuaite agus ísealcharbóin. Is éard atá sa Ghníomh um Laghdú Boilscithe meascán de dheontais, dreasachtaí cánach agus ráthaíochtaí iasachta, agus dálaí sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla ag gabháil leo. Is creidmheasanna cánach corparáide, dar luach USD 216 bhilliún a bheag nó a mhór, atá i bhformhór na reachtaíochta.

3.2.

Tá creidmheasanna cánach le haghaidh táirgeadh ar fáil do thionscadail gaoithe agus gréine freisin. Na gnólachtaí sin ar mian leo rochtain a fháil ar na creidmheasanna táirgthe sin, ní mór dóibh ceanglais maidir le hábhar intíre a chomhlíonadh, is iad sin nach mór an t-iarann, an chruach agus na tairgí monaraithe a úsáidtear i saoráidí giniúna cumhachta a bheith táirgthe sna Stáit Aontaithe. Ní mór gach próiseas monaraithe iarainn agus cruaiche tarlú sna Stáit Aontaithe, agus meastar go dtáirgtear táirgí monaraithe go hintíre má bhaineann céatadán tairsí de chostais monaraíochta iomlána táirgí le próisis mianadóireachta, táirgthe nó monaraíochta atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Tá an tairseach sin socraithe ag 40 % agus méadófar í go 55 % in 2026.

3.3.

Mhol an Coimisiún reachtaíocht nua chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hiomaíocht ó na Stáit Aontaithe agus ón tSín don Aontas Eorpach. Tá tuairim á dréachtú ag CESE maidir leis an ábhar sin.

3.4.

Aithníonn CESE go bhfuiltear ag dul sa treo ceart leis an togra. Mar sin féin, is ar éigean a bhfuil sé leordhóthanach chun an sprioc uaillmhianach a bhaint amach agus chun na feabhsuithe is gá ar an bpróiseas reachtaíochta a dhéanamh.

3.5.

Tá an bhearna idir praghsanna gáis san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe an-mhór ar fad, fiú in ainneoin an laghdaithe a tháinig ar phraghsanna san Eoraip le déanaí. I ndáil le soláthar agus praghsanna gáis nadúrtha, tá an cur chuige céanna, is é sin, cur chuige atá bunaithe ar dheischostais, á úsáid ag roinnt soláthraithe. Cé go bhfuil an tAontas beagnach saor ón spleáchas a bhí aige ar ghás ón Rúis, ní mór dó sa lá atá inniu ann dul i ngleic le creat praghsanna gáis agus leictreachais atá níos costasaí fiú. Baineann sé sin an bonn d’iomaíochas thionscal an Aontais agus de chur in úsáid an leictrithe san Aontas.

3.6.

Tiocfaidh méadú ar an éileamh ar leictreachas i ngeall ar an bpróiseas dícharbónaithe; tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach teicneolaíocht atá aeráidneodrach lena dtabharfar tús áite do sholáthar cumhachta inacmhainne saor ó charbón agus do shlándáil fuinnimh.

3.7.

Tá ar ghnólachtaí Eorpacha deimhnithe carbóin a cheannach faoi chreat CTA. Tá an praghas atá ar dheimhnithe carbóin os cionn EUR 80, agus tá an préimhphraghas atá ar spotphraghsanna leictreachais thart ar EUR 40, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar na costais ar dheimhnithe carbóin. Cé is moite de roinnt eisceachtaí, ní ghearrann na príomhchomhpháirtithe trádála atá ag an Aontas an cineál praghais sin ar charbón. Mar sin, beidh sé deacair do thionscal an Aontais dul san iomaíocht i margaí idirnáisiúnta sa todhchaí, fiú leis an gcosaint a chuireann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ar fáil don mhargadh aonair.

3.8.

Tá soláthar fuinnimh dhícharbónaithe inacmhainne ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha nua a fhorbairt san Eoraip. Maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, beidh an tionchar a bheidh aige ar phraghsanna fuinnimh teoranta sa ghearrthéarma, agus is ábhar éiginnteachta fós é an tionchar fadtéarmach a bhaineann leis. An uaillmhian chun an Eoraip a dhéanamh níos neamhspleáiche ar fhuinneamh allmhairithe agus cosanta ar bhealach níos fearr ar luaineacht sa mhargadh domhanda, ní féidir an uaillmhian sin a bhaint amach thar oíche. Mar sin féin, teastaíonn réitigh láithreacha ón tionscal chun dul i ngleic le praghsanna fuinnimh atá fós níos airde san Eoraip i gcomparáid le neart áiteanna eile ar domhan. Ní éireoidh le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ach amháin má dhéanann an tAontas a bheartas fuinnimh a athchóiriú ag an am céanna, go háirithe le Treoir athbhreithnithe maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais ionas nach gcaillfear aon am i soláthar a dheimhniú le haghaidh leictreachas inacmhainne ísealcharbóin a chomhfhreagraíonn don ghá méadaithe ar leictriú.

3.9.

Is cosúil go bhfuil an tAontas gafa idir dhá chur chuige éagsúla. Tá sé ag iarraidh teacht le chéile leis na Stáit Aontaithe agus lorg tionsclaíochta láidir a choinneáil san Eoraip, agus, ag an am céanna, cloígh le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, rialacha a thagann salach uaireanta ar an gcur chuige Meiriceánach.

3.10.

Dúshlán eile atá roimh an Aontas is ea margadh aonair an Aontais a choinneáil ar bun. Mar a luaigh an Coimisiún, díríodh an tsolúbthacht maidir le státchabhair ar dhá Bhallstát ina bhfuil níos mó ná 70 % den imréiteach iomlán a sholáthraigh an Coimisiún faoin eisceacht idirthréimhseach (i gcomhthéacs COVID-19 agus chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine).

3.11.

Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit iarracht a dhéanamh gan státchabhair iomarcach a chur ar fáil do ghnólachtaí d’fhonn an margadh aonair, rud atá ina bhunchloch den Aontas, a chosaint. Mar sin féin, d’fhonn digiteáil na FBManna a chumasú agus an nuálaíocht a chur chun cinn, d’fhéadfaí an tairseach de minimis a mhéadú mar is beag a chuireann sé sin isteach ar an iomaíocht. Ní mór an taithí a fuarthas ón mol nuálaíochta digití (3) a scaipeadh ar fud an Aontais.

4.   Ról na nuálaíochta

4.1.

Tá an nuálaíocht ríthábhachtach chun an tAontas a chumhachtú leis na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach agus ní mór níos mó teicneolaíochtaí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a chur ar an margadh. Is é ról na nuálaíochta laistigh de chuideachtaí an uirlis is tábhachtaí chun teicneolaíochtaí nua agus glasa atá inmharthana go teicniúil agus go heacnamaíoch a chur in úsáid.

4.2.

Ar an taobh eile, ní mór rannchuidiú le húsáid na dteicneolaíochtaí glasa nua a mhéadú trí mhargadh cóir a spreagadh le haghaidh fíorearraí glasa atá iontaofa, agus an soláthar poiblí a úsáid mar an bpríomhspreagadh chuige sin.

4.3.

Tá easpa amhábhar san Eoraip, ach leis an rialachán atá beartaithe maidir le hamhábhair chriticiúla, cuirfear chun cinn amhábhair athchursáilte le haghaidh an tionscail a tháirgeadh go hintíre. Is é an príomhbhuntáiste iomaíoch atá ag tionscal an Aontais a inniúlacht theicneolaíoch agus a lucht saothair ardoilte, rudaí a chuireann ar a chumas a bheith ina cheannaire ar na margaí domhanda.

4.4.

Cruthaíonn tríú tíortha dúshlán don bhuntáiste iomaíoch sin, mar is é an t-aon uirlis chun ceannaireacht a choinneáil an nuálaíocht a chosaint, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an comhshaol, daoine agus nuálaíocht a chosaint agus dlús a chur le húdaruithe rialála, ní hamháin i réimsí speisialta mar a mholtar sa togra ón gCoimisiún, ach i réimsí eile freisin. Tá samplaí scannalacha ann de mhoilleanna gan údar maidir le himréiteach a sholáthar chun saoráidí tionsclaíocha nua a fhorbairt.

4.5.

Is iad FBManna cnámh droma mhonaraíocht na hEorpa agus d’fhonn dlús a chur leis an dícharbónú, ní mór aird a leith a thabhairt orthu trí chláir shonracha chun nuálaíocht agus digiteáil éifeachtach a chur chun cinn.

4.6.

Ós rud é go mbeidh infheistíochtaí ollmhóra ag teastáil don dícharbónú, tá CESE á mholadh go n-úsáidfeadh institiúidí an Aontais cistí ón gCiste um Aistriú Cóir agus ó NextGenerationEU chun tacaíocht iomchuí a chur ar fáil don phróiseas dícharbónaithe.

4.7.

Ní leor an bonneagar atá ann faoi láthair chun na hathruithe is gá a dhéanamh ar an tionscal agus ar an tsochaí. Áitíonn CESE ar na húdaráis phoiblí clár a sheoladh chun an bonneagar is gá chun na teicneolaíochtaí nua chur in úsáid go rianúil a chothabháil agus a fheabhsú.

4.8.

Is cosúil gurb í hidrigin an rogha is fearr chun tionscail a bhfuil sé deacair srian a chur leo agus nach bhfuil incháilithe do leictriú iomlán a dhícharbónú. An tionscnamh ón Aontas le déanaí maidir le Banc Hidrigine Eorpach, chuideodh sé leis an teicneolaíocht sin a chur in úsáid i gceart i dtéarmaí cainníochta agus praghais. Tá roinnt taithí ag réigiúin ar an nuálaíocht le hidrigin, agus an taithí sin an-úsáideach, ós rud é go dtugtar gnólachtaí móra, ionaid taighde, ollscoileanna agus FBManna le chéile léi.

5.   Ról na digiteála

5.1.

Leis an digiteáil agus an nuálaíocht, rannchuidítear go mór le dícharbónú thionscal na hEorpa. Go deimhin, i gcás na tionsclaíochta, áit a dtagann an teicneolaíocht dhigiteach agus táirgeadh fisiciúil le chéile, d’fhéadfaí í a mheas mar phríomhghníomhaí sa chlaochlú digiteach agus i ndícharbónú tionsclaíoch, ós rud é go roghnaítear sa tionsclaíocht nuachóiriú a dhéanamh ar phróisis thionsclaíocha, ar tháirgí agus ar shamhlacha gnó, agus go mbíonn tionchar dearfach aige sin ar an táirgiúlacht.

5.2.

Cruthaítear deiseanna le haghaidh gnólachtaí monaraíochta le teicneolaíochtaí amhail braiteoirí, cumarsáid idir meaisín, anailís sonraí agus róbataic. Tríd an táirgeadh a bharrfheabhsú agus a uathoibriú, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua é a chur ar chumas gnólachtaí Eorpacha dul in iomaíocht le tíortha ina mbíonn na costais táirgthe níos ísle de ghnáth.

5.3.

Rinneadh uathoibriú mór ar a lán earnálacha cheana féin agus bíonn tionchar breise ag teicneolaíochtaí digiteacha air sin, mar shampla róbataic chliste ag céim na cóimeála, ríomhairí rialaithe próisis in earnáil na gceimiceán, agus priontáil 3T chun comhpháirteanna agus páirteanna spártha a tháirgeadh. Is dócha go mbeidh tionchar níos suaití ag an dara rabharta den chlaochlú digiteach, arb iad an intleacht shaorga, idirlíon tionsclaíoch na rudaí nithiúla agus mórshonraí is cúis leis. D’fhéadfadh sé go mbeadh éagothromaíochtaí idir cuideachtaí agus idir réigiúin an Aontais mar thoradh air.

5.4.

Le cúnamh ó theicneolaíocht braiteoirí, féadfar faireachán a dhéanamh ar an táirgeadh agus é a bharrfheabhsú, mar shampla trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar úsáid trealaimh táirgthe, ionchur fuinnimh, an gá atá le hamhábhair agus páirteanna spártha, cáilíocht táirgí agus astaíochtaí. Trí anailís a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear, féadfaidh gnólachtaí léargas a fháil ar cad iad na próisis a oibríonn chomh héifeachtach agus is féidir agus cad iad na próisis a d’fhéadfaí a fheabhsú, chomh maith le léargas a fháil ar an lorg aeráide.

5.5.

Baineann féidearthachtaí iontacha leis an digiteáil chun tionchar an tionscail ar an aeráid a laghdú, ach ní mór an digiteáil agus láimhseáil sonraí a chur san áireamh freisin nuair atáthar ag caint faoin aeráid.

6.   Athsciliú agus uas-sciliú

6.1.

Ní mór breathnú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach mar dheis chun poist ardcháilíochta a chruthú agus a chur chun cinn, agus, ag an am céanna, chun éagsúlacht a mhealladh chuig an tionscal, go háirithe trí thallann na mban a lorg, dearcadh oscailte i leith oibrithe oilte ó thríú tíortha a chur chun cinn agus dianiarracht a dhéanamh an tionscal a dhéanamh tarraingteach do dhaoine óga.

6.2.

Chuir an Coimisiún Eorpach catalóg leathan de thionscnaimh i láthair faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip, lena n-áiritear an Comhshocrú um Scileanna agus Bliain Eorpach na Scileanna 2023. Déanfar comhpháirtíochtaí scileanna a chruthú nó a leathnú. Bunófar acadaimh um an tionscal glan-nialasachta chun tacú le cláir uas-scilithe agus athscilithe i dtionscail atá straitéiseach don aistriú glas. Ba cheart acmhainní airgeadais breise a sholáthar trí státchabhair agus trí thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun tacú le cuspóirí a bhaineann le scileanna. Tá EUR 64,8 billiún geallta cheana féin faoi bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU chun tacú leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip. Tá gealladh faoi roinnt tionscadal atá ann faoi láthair faoi scáth Erasmus+, amhail an clár Eorpach maidir le scileanna cruach (ESSA) (4).

6.3.

Tá an t-idirphlé sóisialta ríthábhachtach chun na teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid i gceart agus chun cuidiú leis an tsochaí agus le hoibrithe glacadh leis na hathruithe a dhéanfar ar na próisis oibre sa todhchaí.

6.4.

Mar sin féin, d’fhonn leas iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha sa táirgeadh, tá sé tábhachtach nach ndíreofar ar an teicneolaíocht amháin, ach go mbreathnófar ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí ina n-iomláine. Tá gá le straitéis dhigiteach agus pleananna gníomhaíochta ionas go mbeifear in ann an digiteáil a bhainistiú.

6.5.

Is é an dúshlán atá ann a chinntiú go mbeidh níos mó dul chun cinn sóisialta mar thoradh ar an aistriú digiteach agus nach bhfágfar aon duine ar lár. Ní mór d’oibrithe a bheith in ann iarmhairtí forbairtí teicneolaíochta nua a réamh agus tionchar a imirt ar chinntí fostóirí trí cheart rannpháirtíochta feabhsaithe. Ní mór na hiarmhairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a phlé agus réitigh a ndéanfar caibidlíocht orthu ag gach uile leibhéal, (leibhéal na ngnólachtaí, na n-earnálacha agus an leibhéal náisiúnta agus Eorpach), a bheith mar thoradh ar an bplé sin.

6.6.

Ní mór lucht saothair an Aontais a athsciliú agus a uas-sciliú go cuí ionas go mbeidh na scileanna is gá aige chun máistreacht a fháil ar riachtanais nua fostaíochta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar scileanna reatha, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta, chun a fhiosrú an mbeidh na scileanna sin ábhartha d’fhorbairtí amach anseo.

6.7.

Níl aon amhras go rannchuideofar le cur in úsáid agus glacadh níos fearr teicneolaíochtaí agus go n-íoslaghdófar costais shóisialta trí idirphlé sóisialta bríomhar agus éifeachtach a choinneáil ar bun.

An Bhruiséil, 12 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Ról na dteicneolaíochtaí bainte carbóin i ndícharbónú thionscail na hEorpa (tuairim féintionscnaimh)(IO C 486, 21.12.2022, lch 53.).

(2)   Inflation Reduction Act 2022.

(3)  https://european-digital-innovation-hubs.ec.europa.eu/

(4)  https://www.estep.eu/essa/