2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 79/8


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023

(2023/C 79/02)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023 (1),

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach an bhliain 2023 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na Scileanna, agus go dtacaíonn sé le cuspóirí foriomlána an togra mar ionchur tráthúil agus luachmhar chun athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus chríochach a neartú, lena n-áirítear tar éis ghéarchéim COVID-19 agus i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, agus chun na riachtanais nua scileanna a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach;

2.

á mholadh go mbeadh dlúthbhaint ag daoine óga agus ag eagraíochtaí don óige i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus i measúnú Bhliain Eorpach na Scileanna, mar oidhreacht de Bhliain Eorpach na hÓige agus de mheon phríomhshruthú na hóige;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach athrú ó bhonn a dhéanamh ar mheon agus ar iompar na ngeallsealbhóirí uile toisc gur deacair treochtaí mhargadh an tsaothair amach anseo a thuar agus luas na n-athruithe is gá ina dhiaidh sin san oideachas agus san oiliúint a réamh-mheas. Sa chomhthéacs sin, tá CnaR ag dréim leis gur deis a bheidh i mBliain Eorpach na Scileanna chun éiceachóras bríomhar agus cruthaitheach a chruthú, i gcomhar le gach leibhéal rialachais, inar féidir le daoine, agus go háirithe daoine óga, freagairtí oideachais agus oiliúna a phlé agus a chomhdhearadh, arb é is aidhm dóibh cabhrú leis an aistriú sin;

4.

á chur chun suntais gur cheart an deis a thapú le linn Bhliain Eorpach na Scileanna chun infheistíocht a dhéanamh i mbeartas scileanna a sheasfaidh an aimsir. Chuige sin, tá gá le hathrú ó bhonn maidir le tacair scileanna go háirithe leis an ngné dhigitithe den saol gairmiúil, rud atá ag dul i méid; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, gur gá na scileanna iomchuí a spreagadh agus a chur chun cinn don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus scileanna agus fios gnó seanbhunaithe á gcaomhnú san am céanna;

5.

ag súil leis go gcuirfidh Bliain Eorpach na Scileanna borradh faoi chur chun feidhme Chlár Oibre Scileanna don Eoraip 2021 agus go mbeidh sí ina cloch mhíle chun príomhspriocanna an Aontais atá leagtha síos i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach (is é sin go mbeidh 60 % ar a laghad de dhaoine fásta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oiliúna gach bliain, agus go mbainfear ráta fostaíochta 78 % ar a laghad amach faoi 2030), agus go gcumasófar agus go dtacófar le mná agus daoine óga dul isteach i margadh an tsaothair den chéad uair nó an athuair; á chur in iúl go bhfuil sé ag súil, ar an gcaoi chéanna, trí dhreasachtaí a thabhairt do dhaoine aonair chun a scileanna, agus a bhuí leis sin a n-infhostaitheacht, a fheabhsú, go rannchuideoidh Bliain Eorpach na Scileanna freisin leis an tríú príomhsprioc de Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, is é sin, laghdú 15 mhilliún ar a laghad ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta;

6.

ag dréim leis go rannchuideoidh cur chun feidhme Bhliain Eorpach na Scileanna le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghabhann leis a bhaint amach;

7.

ag dréim leis gurb í Bliain Eorpach na Scileanna is siocair le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcríocha éagsúla an Aontais maidir le forálacha sonracha Next Generation EU faoina thionscnamh suaitheanta “Athsciliú agus uas-sciliú”, agus go ndéanfar na córais oideachais agus oiliúna a oiriúnú chun tacú le scileanna digiteacha agus leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint ag gach aois;

8.

á chur i bhfios gur tugadh buillí suntasacha do réimsí an oideachais, na fostaíochta, na meabhairshláinte agus an ioncaim indiúscartha de dheasca ghéarchéim COVID-19 agus iarmhairtí an chogaidh leanúnaigh san Úcráin; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcuirfear bearta chun cinn mar chuid de Bhliain Eorpach na Scileanna chun an dífhostaíocht a chomhrac, lena n-áirítear an dífhostaíocht fhadtéarmach agus an tearcfhostaíocht, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna tábhachtacha is mó is cás do na daoine óga sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, agus ar scileanna a sheasfaidh an aimsir;

9.

á chur i bhfios go bhféadfadh an mheantóireacht feidhmiú mar uirlis luachmhar ó thaobh bearnaí oiliúna agus scileanna a laghdú, chomh maith le rátaí dífhostaíochta, agus go príomha éagothromaíochtaí sóisialta a laghdú, agus an dlúthpháirtíocht idirghlúine á cothú ag an am céanna; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí creat meantóireachta Eorpach a fhorbairt;

10.

á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhb na nganntanas scileanna, lena n-áirítear do phobail iargúlta nó pobail atá tearc i ndaonra, trí uas-sciliú agus athsciliú, foghlaim ar feadh an tsaoil, oideachas digiteach, oiliúint agus trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua; den tuairim go mbeadh athléimneacht shóisialta níos fearr agus infhostaitheacht ar feadh an tsaoil ann, agus go mbeadh lucht saothair cumhachtaithe ann a chuirfeadh go fóinteach leis an aistriú glas dá gcuirfí bunscileanna idirdhisciplíneacha atá comhlántach le scileanna glasa agus scileanna saoil eile san áireamh i ngach clár a bhaineann leis an oiliúint, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint;

11.

ag tabhairt rabhaidh freisin gur gá infheistíochtaí a dhéanamh i bhfothú acmhainneachta daoine atá fostaithe san earnáil phoiblí chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach;

12.

á mheabhrú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus ó thaobh an rialachais il-leibhéil de, go bhfuil príomhfhreagrachtaí maidir le beartais oideachais agus oiliúna ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhformhór na mBallstát, agus go bhfuil ról straitéiseach acu i réimsí na mbeartas fostaíochta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gurb iad na cathracha agus na réigiúin an leibhéal rialachais inar láidre na naisc oibríochtúla idir institiúidí oideachais agus oiliúna agus margadh an tsaothair agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a mhaoiniú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh ina leith;

13.

á chur i dtábhacht, anuas ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, gur cheart gníomhaithe eile, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach agus comhlachtaí sa tríú hearnáil a rannpháirtiú i mbearta a chur i gcrích chun a áirithiú go ndéanfar daoine a lánpháirtiú nó a ath-lánpháirtiú i margadh an tsaothair; den tuairim gur cheart do na scileanna agus na córais oiliúna a bheith ag teacht níos fearr le hinniúlachtaí ó ghlúin go glúin, agus riachtanais mhargadh an tsaothair ag athrú chomh tapa agus atá;

14.

á iarraidh go ndéanfar bearta iomchuí chun na hinniúlachtaí a fhoghlaimítear tríd an oideachas neamhfhoirmiúil agus tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil a aithint tuilleadh, agus chun a áirithiú gur féidir na hinniúlachtaí sin a bhailíochtú agus iad ag dul isteach i gconairí foirmiúla oideachais nó san fhostaíocht den chéad uair nó an athuair, agus chomh maith leis sin chun scileanna trasnaí atá oiriúnach do chineál athraitheach na fostaíochta a spreagadh, agus chun scileanna teanga a chur chun cinn;

15.

á thabhairt dá aire go bhfuil éagsúlacht mhór ann ar fud an Aontais i dtaca le glacadh scileanna agus bearta athscilithe, rud a fhágann go mbíonn bearnaí scileanna agus mímheaitseáil scileanna ó réigiún go chéile san Eoraip; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i ndáil leis an méid sin, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na gníomhaithe ábhartha uile a rannpháirtiú níos mó, ós rud é nach ann do chur chuige éifeachtach amháin a oireann do chách;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirphlé buan idir na comhpháirtithe Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun riachtanais shonracha áitiúla agus réigiúnacha maidir le scileanna a shainaithint; ag athdhearbhú an éilimh uaidh ar fhócas níos críochaí agus faireachán agus measúnú á dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Bhliain Eorpach na Scileanna;

17.

ag aithint an mhórthionchair a d’fhéadfadh a bheith ag Beartas Comhtháthaithe an Aontais ar scileanna, go háirithe trí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), rud a chuidíonn le réimsí straitéiseacha gníomhaíochta a shainaithint agus a neartú, an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, cabhrú le gach saoránach a n-acmhainneacht a bhaint amach agus a n-ionchais ghairmiúla a chomhlíonadh, agus ar an iomlán tionchar dearfach fadtéarmach ar iomaíochas an Aontais a áirithiú;

18.

den tuairim gur cheart cuspóir breise a bheith ag Bliain Eorpach na Scileanna chun oidhreacht fhadmharthanach na Bliana sin a áirithiú agus mar aitheantas ar chineál trasearnála an bheartais scileanna, is é sin imirce daoine oilte a íoslaghdú agus inimirce daoine oilte a bharrfheabhsú chun rannchuidiú le comhtháthú críochach níos fearr a chothú; á thabhairt chun cuimhne, ar an gcaoi chéanna, gur gá bealaí breise a chruthú chun lucht oibre a mhealladh ó thríú tíortha chun folúntais a líonadh in earnálacha a bhfuil cúnamh de dhíth orthu, dála cúraim sláinte, chomh maith le daoine a mhealladh a bhfuil tallan acu agus scileanna a bhfuil géarghá leo, rud atá riachtanach chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tábhacht a leagtar ar an gcuimsitheacht agus aithníonn sé nach féidir cuspóirí Bhliain Eorpach na Scileanna a chomhlíonadh ach amháin trí riachtanais agus mianta na ndaoine uile, dá éagsúla ó chéile iad uaireanta, a chur san áireamh. Áirítear leis sin na réigiúin thuaithe, na réigiúin fhorimeallacha agus na réigiúin lagfhorbartha, agus é á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár;

20.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra maidir le cruinnithe de chomhordaitheoirí náisiúnta a chur ar bun chun reáchtáil Bhliain Eorpach na Scileanna a eagrú, agus a áirithiú san am céanna go mbeidh cead cainte ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca le ceapadh, cur chun feidhme agus measúnú na Bliana; á mholadh go gcuirfí CnaR san áireamh, mar bhreathnóir, i gcruinnithe na gcomhordaitheoirí náisiúnta;

21.

á chur i bhfáth gur cheart rochtain a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar dheiseanna cistiúcháin an Aontais atá dírithe ar thacú le tionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha um scileanna le linn 2023 agus ina dhiaidh sin;

22.

á iarraidh go gcuirfí fiontraithe agus daoine féinfhostaithe san áireamh i dtionscnaimh uas-scilithe agus athscilithe, ós rud é go bhfuil ról suntasach acu maidir le borradh a chur faoin nuálaíocht, poist a chruthú agus rannchuidiú leis an bhfás inbhuanaithe;

23.

ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha comhoibriú go dlúth le forais oideachais agus leis an earnáil tionsclaíochta chun cabhrú le riachtanais áitiúla agus réigiúnacha mhargadh an tsaothair a shainaithint agus chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt orthu, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar dheiseanna daoine óga scileanna a fháil a mbeidh poist chuibhiúla a sheasfaidh an aimsir mar thoradh orthu;

24.

á thabhairt chun suntais go raibh tionchar díréireach ag na hathruithe ar shaol na hoibre a tharla de dheasca na paindéime, an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar mhná go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart gné an chomhionannais inscne a áireamh sa dá aistriú sin, scileanna a sheasfaidh an aimsir a chur chun cinn agus rochtain ar scileanna digiteacha a bheith ina dlúthchuid d’iarrachtaí uile na foghlama ar feadh an tsaoil. Chomh maith leis sin, ní mór gné na hinscne a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt ar an laofacht inscne a mhéid a bhaineann le cláir oiliúna a cheapadh agus a chur chun feidhme;

25.

ag dréim leis go gcuideoidh Bliain Eorpach na Scileanna le dlús a chur le Limistéar Eorpach Oideachais a thabhairt chun críche d’fhonn oideachas ardcháilíochta a ráthú do chách. Ba cheart don Aontas comhar a mhéadú idir córais oideachais agus oiliúna agus curaclaim éagsúla, bunaithe ar riachtanais na saoránach, agus ar riachtanais mhargadh an tsaothair;

26.

á iarraidh go dtabharfar aird chuí ar scileanna saoránachta le linn Bhliain Eorpach na Scileanna trí mheán oideachas sibhialta iomchuí d’fhonn daoine de gach aois a chumhachtú chun leanúint de bheith ina saoránaigh ghníomhacha nó chun tosú de bheith ina saoránaigh ghníomhacha, chun páirt iomlán a ghlacadh sa saol daonlathach agus bheith athléimneach i leith na bréagaisnéise, na fuathchainte agus ionramháil na meán, ar líne agus san fhíorshaol araon;

27.

á chur chun suntais a phráinní atá sé gníomhaíochtaí athchóirithe a dhéanamh chun an gairmoideachas, an ghairmoiliúint agus printíseachtaí a chur in oiriúint do na dúshláin a bheidh ann amach anseo, mar atá luaite sa togra maidir le Bliain Eorpach na Scileanna. Ní mór éiceachórais réigiúnacha agus na hionaid ilfhreastail atá ann cheana a spreagadh chun rochtain ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint ar ardchaighdeán a fheabhsú. Trí na héiceachórais sin a fheabhsú, is féidir leanúnachas riachtanach na dtionscnamh beartais rathúil a áirithiú agus naisc níos fearr a chruthú leis an tacaíocht airgeadais atá ar fáil tríd an gclár CSE+;

28.

á thabhairt chun suntais gur cheart an t-oideachas, an oiliúint, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus gur cheart iad a bhunú ar scileanna atá dírithe ar an todhchaí. Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cuidiú le córais faireacháin agus sásraí a bhaineann le réamh-mheas agus meaitseáil scileanna a bhunú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; den tuairim, ina leith sin, go mbeidh an oiliúint leanúnach agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint athléimneach ach iad a chomhtháthú i straitéisí eacnamaíocha, tionsclaíocha agus nuálaíochta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an téarnamh inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, chomh maith leis an speisialtóireacht chliste;

29.

á chur i bhfios go láidir, agus aird á tabhairt ar a phráinní atá sé feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh faoi chuimsiú an aistrithe ghlais agus na géarchéime fuinnimh atá ag teacht chun cinn, go bhfuil géarghá le díriú ar athsciliú agus uas-sciliú an lucht oibre atá ann cheana agus atá gníomhach san earnáil tógála;

30.

á thabhairt le fios go mbeidh tionchar mór ag an aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha agus digitithe ar éiceachórais réigiúnacha mótarfheithiclí agus ar struchtúir shocheacnamaíocha; á chur i bhfios go láidir, dá chomhartha sin, nach beag an tionchar a bheidh ag dícharbónú an iompair de bhóthar ar an lucht oibre speisialaithe i dtionscail na ngluaisteán agus an tsoláthair, rud a bhfuil uas-sciliú agus athoiliúint phráinneach 2,4 milliún oibrí faoi 2030 ag teastáil ina leith. Dá bhrí sin, molann sé go mbeadh creat Eorpach ann chun na hathruithe san earnáil sin a réamh-mheas agus a bhainistiú chun aistriú cóir agus cothrom a ráthú do na réigiúin ina bhfuil tionscail mótarfheithiclí agus soláthair. Ní mór pleananna don chlaochlú réigiúnach a mhionsaothrú i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

31.

á thabhairt dá aire, in ainneoin éileamh méadaitheach ar TFC agus ar ghairmithe cibearshlándála mar thoradh ar dhigitiú agus uathoibriú na hearnála iarnróid a mhéadú, nach mór aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbearna shuntasach scileanna atá ann faoi láthair agus ar na riachtanais athraitheacha scileanna trí, inter alia, scéimeanna struchtúrtha oiliúna san earnáil iarnróid agus oideachas a chur chun cinn i ngairmeacha a bhaineann le hiarnród;

32.

á mheabhrú gur féidir leis na hIonaid Barr Feabhais Gairme infheistíocht sa ghnó áitiúil a spreagadh trí éiceachórais scileanna a chruthú. Tacaíonn siad leis an téarnamh inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, mar aon leis an nuálaíocht réigiúnach agus nuálaíocht teicneolaíochta do FBManna; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach sna hIonaid Barr Feabhais Gairme mar iolraitheoirí ar na héiceachórais sin;

33.

á chur i dtábhacht go bhfuil solúbthacht mhéadaithe de dhíth ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, mar fhreagairt ar na hathruithe tapa sa tsochaí agus i saol na hoibre, chun dlús a chur le digiteáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, chun cur chuige foghlama nua-aimseartha agus nuálacha a chur chun cinn agus chun tuilleadh infheistíochtaí a chothú i scileanna agus in inniúlachtaí múinteoirí agus oiliúnóirí; á chur chun suntais, i bhfianaise an bheartais fhoriomláin scileanna ar an leibhéal Eorpach, a thábhachtaí atá sé níos mó infheistíochta a dhéanamh ar uas-sciliú, ar athsciliú agus ar oiliúint go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19 lenar cuireadh dlús as cuimse ní hamháin leis an aistriú digiteach san oideachas ach leis na hathruithe ar phatrúin oibre freisin;

34.

á chur in iúl go bhfuil súil aige go nglacfar an Cinneadh maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023 go pras ionas go bhféadfar gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm go céimneach ó thús 2023;

35.

á chur in iúl go bhfuil sé tiomanta, i bhfianaise an mhéid thuas, go gcuideoidh sé le haidhmeanna Bhliain Eorpach na Scileanna a bhaint amach, lena n-áirítear trí Phlean Gníomhaíochta CnaR atá tiomanta don Bhliain a chur chun feidhme;

36.

ag treorú dá Uachtarán an Rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Sualainne agus Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COM(2022) 526 final.