22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 85/7


Fógra le tabhairt ar aird ag daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/241 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/236 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 85 I/05)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na daoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/241 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/236 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a bheidh faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Meitheamh 2022, ag an seoladh seo a leanas:

Council of the European Union

General Secretariat

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  IO L 40, 21.2.2022, lch. 23.

(3)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(4)  IO L 40, 21.2.2022, lch. 3.