9.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/15 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 304/08)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉID AONAIR
“Pla de Bages”
PDO-ES-A1557-AM06
Dáta teachtaireachta: 21.6.2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Laghdú ar an neart alcóil le haghaidh fíonta rosé áirithe
Tuairisc:
Tá an t-íosneart alcóil a cheanglaítear le haghaidh fíonta rosé a dhéantar trí úsáid a bhaint as fíonchaora de chineálacha Mandó agus Picapoll Negro á laghdú ó 12.5 % de réir toirte go 11.5 % de réir toirte.
Luadh freisin nuair atá cineálacha á meascadh le haghaidh rosé, go mbeidh an neart alcóil is infheidhme ag brath ar chion an dá chineáil.
Baineann an leasú seo le pointe 2 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is cineálacha iad Picapoll Negra agus Mandó a rinneadh a athbheochan (ó bhí 2014 agus 2016 ann, faoi seach) sa limistéar ina ndéantar STFC “Pla de Bages” agus áirítear iad leis an tsonraíocht táirge.
Mar gheall ar shaintréithe na bhfíonchaor sin, mar aon le roinnt cineálacha Vitis vinifera eile, tá sé deacair neart alcóil ard a bhaint amach. Measadh go bhfuil sé iomchuí íosneart alcóil fíonta rosé a dhéantar as fíonchaora Mandó agus Picapoll Negro a laghdú ó 12.5o go 11.5o alcól.
2. Leasú ar an tuairisc orgánaileipteach
Tuairisc:
Bogadh cuid den téacs ina dtugtar tuairisc ar na fíonta agus cuireadh tábla ina hionad ina leagtar amach na saintréithe orgánaileipteacha.
Baineann an leasú seo le pointe 2.1 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is í an chúis leis an leasú sin go bhfuil an tsonraíocht táirge ag éirí níos teicniúla agus go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sé chomh soiléir agus cuspóireach agus is féidir chun léamh agus léirmhíniú a éascú.
3. Athaicmiú cineálacha
Tuairisc:
Athrú ar dháileadh cineálacha údaraithe agus molta. Tá na cineálacha mar a chéile, leis an difríocht gur athraíodh Chardonnay, Merlot agus Cabernet Sauvignon ó “molta” go “údaraithe”. Athraíodh an cineál Mandó/Garró ó “údaraithe” go “molta”, áfach.
Baineann an leasú seo le roinn 6 den tsonraíocht táirge agus ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin mar ní chomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is é an rún atá leis na hathruithe beartaithe sin liosta cineálacha a eagrú chun na cineálacha sin a mheastar a bheith áitiúil agus níos oiriúnaithe don limistéar a léiriú mar chineálacha “molta” i gcomhréir leis an gcur chuige straitéiseach arna ghlacadh ag an STFC.
4. Feabhsuithe ar fhoclaíocht an naisc
Tuairisc:
Cuireadh feabhas freisin ar fhoclaíocht na catagóire “fíon”.
Baineann an leasú seo le pointe 7 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8.1 den doiciméad aonair.
Ós rud é nach bhfuil i gceist leis ach feabhsúchán seachas athrú ar fhoclaíocht an naisc, is leasú caighdeánach é toisc nach gcomhlíontar leis aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúiseanna:
Is í an chúis leis an leasú sin go bhfuil an tsonraíocht táirge ag éirí níos teicniúla agus go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sé chomh soiléir agus cuspóireach agus is féidir chun léamh agus léirmhíniú a éascú.
I bhfianaise a bhfuil thuas, athscríobhadh saintréithe sainiúla an táirge sa chuid maidir leis an Nasc.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainmneacha
Pla de Bages
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
1. |
Fíon |
3. |
Fíon licéir |
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
8. |
Fíon leathshúilíneach |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíonta geala agus rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
GEAL: Idir dath buí éadrom agus dorcha (órga) air. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Is iondúil go mbíonn siad éadrom.
ROSÉ: Dath dearg idir bándearg éadrom agus/nó dath craicinn oinniúin agus caordhearg air. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Is iondúil go mbíonn siad éadrom.
* |
Is é an t-íosneart alcóil sealbhaithe le haghaidh fíonta rosé a dhéantar as Sumoll, Ull de Llebre, Garró/Mandó agus Picapoll Negro amháin 11,5 % de réir toirte agus 12,5 % de réir toirte le haghaidh cineálacha eile. I gcás fíonta ina bhfuil cumaisc a dhéantar as cineálacha a bhfuil luachanna íosnirt alcóil difriúla iontu, beidh luach íosta an chumaisc comhréireach go díreach le híosneart alcóil gach ceann de na cineálacha agus le céatadán na gcineálacha sin sa chumasc. |
* |
Fíonta a aosaítear níos faide ná 1 bhliain amháin agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid le linn na bliana céanna, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 0,9 g/l a bheith iontu. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
11 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
11,67 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
180 |
2. Fíon dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Dath dearg le fordhathanna athraitheacha idir corcairghorm agus ócar ag brath ar na próisis táirgthe agus aosaithe. Cuma shoiléir gan aon mhoirtiúlacht. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe, féadfaidh dea-bholaithe adhmaid a bheith air de bharr aosaithe. Athraitheach ag brath ar na próisis táirgthe agus aosaithe. Idir éadrom agus úr agus níos struchtúrtha agus comhdhlúite.
* |
Is é 11,5 % de réir toirte an neart alcóil iarbhír íosta i gcás fíonta a dhéantar as fíonchaora Sumoll, Ull de Llebre, Picapoll Negro agus Garró/Mandó, agus as na fíonchaora sin amháin. |
* |
Fíonta a aosaítear níos faide ná 1 bhliain amháin agus fíonta a tháirgtear i mbairillí adhmaid le linn na bliana céanna, cibé acu trí choipeadh agus/nó trí aosú, ní mór uas-aigéadacht luaineach 1,1 g/l a bheith iontu. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
12,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
3. Fíon leathshúilíneach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Mar a thuairiscítear thuas, i gcomhréir leis an dath ábhartha. Tá boilgeoga ann. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe a bheith air de bharr aosaithe. Fíonta úra mar thoradh ar láithreacht dé-ocsaíd charbóin, lena méadaítear freisin mothú struchtúrtha agus iomláine sa bhéal.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
10,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
4. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Mar a thuairiscítear thuas, i gcomhréir leis an dath ábhartha. Tá boilgeoga ann. Tá dea-bholaithe torthaíocha air. I gcásanna áirithe féadfaidh dea-bholaithe a bheith air de bharr aosaithe. Fíonta úra mar thoradh ar láithreacht dé-ocsaíd charbóin, lena méadaítear freisin mothú struchtúrtha agus iomláine sa bhéal.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
10,5 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
185 |
5. Fíonta licéir
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Buí, ómra, órga, dearg, rósta. Láithreacht dea-bholaithe torthaí úra nó torthaí aibí ag brath ar na próisis táirgthe/ aosaithe. Olartha agus marthanach.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
15 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
180 |
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
Ní mór cleachtais saothraithe thraidisiúnta a úsáid chun na cáilíochtaí is fearr a bhaint amach. Leis na cleachtais fíonsaothraithe uile, ní mór an comhshaol agus cothromaíocht fhiseolaíoch na bhfíniúnacha a urramú. Ní mór saineolas agranamaíoch a úsáid chun fíonchaora a fháil sa riocht is fearr is féidir le haghaidh na fíonóireachta
Ní mór an fhíniúin a threorú i gcomhréir le cleachtais agus modhanna fíonsaothraithe a bhfuil glacadh ginearálta leo.
Na fíonchaora a bhaintear, ní mór iad a iompar chomh tapa is féidir agus leas á bhaint as modhanna lena n-áirithítear go gcoimeádtar cáilíocht na bhfíonchaor.
2.
Ní mór na fíonchaora a bhaint go han-chúramach. Fíonta a chumhdaítear leis an STFC, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin as fíonchaora sláintiúla atá aibí a ndóthain chun fíonta a bhfuil neart alcóil nádúrtha 9.5 % de réir toirte ar a laghad iontu i gcás fíonta geala agus neart alcóil nádúrtha 11 % de réir toirte i gcás fíonta dearga. Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 9.5 % de réir toirte ar a laghad a bheith i bhfíonta leathshúilíneacha nó i bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar trí úsáid a bhaint as na fíonchaora.
5.2. Uastáirgeacht
1. |
10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
2. |
70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
3. |
9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
4. |
63 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, táirgtear iad sna bardais a leanas:
|
Aguilar de Segarra |
|
Artés |
|
Avinyó |
|
Balsareny |
|
Calders |
|
Callús |
|
Cardona |
|
Castellbell i el Vilar |
|
Castellfollit del Boix |
|
Castellgalí |
|
Castellnou de Bages |
|
El Pont de Vilomara i Rocafort |
|
L’Estany |
|
Fonollosa |
|
Gaià |
|
Manresa |
|
Marganell |
|
Moià |
|
Monistrol de Calders |
|
Monistrol de Monserrat |
|
Mura |
|
Navarcles |
|
Navàs |
|
Rajadell |
|
Sallent |
|
Sant Feliu Sasserra |
|
Sant Fruitós de Bages |
|
Sant Joan de Vilatorrada |
|
Sant Mateu de Bages |
|
Sant Salvador de Guardiola |
|
Sant Vicenç de Castellet |
|
Santpedor |
|
Santa Maria d’Oló |
|
Suria |
|
Talamanca |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
PICAPOLL BLANCO |
|
SUMOLL TINTO |
|
TEMPRANILLO – ULL DE LLEBRE |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Fíon
Maidir leis na dálaí talmhaíochta agus aeráide a shainítear le haghaidh an cheantair, is dálaí iad a bhfuil a dteochtaí agus a leibhéal báistí an-difriúil le teochtaí agus leibhéal báistí na gceantar máguaird. Buntáiste freisin is ea an mheán-airde sa cheantar le haghaidh fíonta STFC “Pla de Bages”. Mar gheall ar an bhfad ón bhfarraige agus an bhacainn réamhchósta, tá an aeráid inár STFC leath bealaigh idir aeráid Mheánmhara agus aeráid intíre ilchríochach.
Mar gheall ar thionchar suntasach na bPiréiní, is iondúil go mbíonn dea-bholaithe na bhfíonta bána (go háirithe na fíonta geala sin a dhéantar as cineál Picapoll) ar thaobh níos úire na dtuairiscí le haghaidh gach cineál. Tá an aeráid sin fabhrach freisin do tháirgeadh fíonta éadroma, a bhfuil croí aigéadach maith acu. Baintear amach toirt níos iomláine sa bhéal trí bhíthin cleachtais fíonóireachta amhail aosú ar na moirt nó aosú i mbairillí.
Mar thoradh ar na foraoisí flúirseacha sa cheantar, atá mórthimpeall ar fhormhór na bhfíniúnacha, agus ar an líon mór luibheanna aramatacha a fhásann ar fud cheantar Bages, tá terroir an-sainiúil aige, terroir a bhfuil tionchar láidir sonrach aige ar na táirgí fíona uile a bhfuil STFC “Pla de Bages” orthu. Tá dea-bholaithe príomha na bhfíonta lán le bolaithe na luibheanna sin. Tá maróis, labhandar agus tím ar roinnt samplaí.
Tá an aeráid fhuar fabhrach d’aibiú mall san fhómhar, lena n-éascaítear dath maith i ngach cineál. Mar sin féin, ba cheart láithreacht cineálacha dúchasacha amhail Mandó, Sumoll agus Picapoll Negro a chur i dtábhacht, toisc go bhféadfar dath níos ísle a bheith acu de réir a sainmhínithe.
Tá an phróifíl aramatach sainiúil toisc go bhfuil an-mheas ar airíonna tipiciúla fhormhór na gcineálacha sa limistéar. Toisc gur limistéar é ina n-éiríonn fíonchaora aibí níos déanaí ná mar is gnách sa stát, is iondúil go gcoimeádtar na dea-bholaithe príomha. Ós rud é go bhfuil go leor foraoisí mórthimpeall ar na fíonghoirt sa réigiún, bíonn blasanna balsamacha ag roinnt de na fíonta dearga, rud a chuireann leis an mothú úr.
8.2. Fíon leathshúilíneach
Na barúlacha a tugadh sa roinn roimhe seo maidir le fíonta, tá feidhm acu anseo freisin.
8.3. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
Tá traidisiún fada ag ceantar Bages maidir le fíonta súilíneacha a dhéanamh. Cumhdaítear bardas Artés le STFC “Cava” ós rud é go bhfuil fíonta den chineál sin á dtáirgeadh ann ó rinneadh na chéad turgnaimh go luath san fhichiú haois. I bhfocail eile, bhí sé ina cheannródaí i dtaca le táirgeadh fíonta súilíneacha.
8.4. Fíon licéir
Is rífhada fíonta licéir a bheith á dtáirgeadh i gceantar Bages. Fíon rancio, mistela agus fíon milis nádúrtha, is deochanna iad a bhí coitianta i dtithe an cheantair le blianta fada. An teaglaim de mhodh táirgthe traidisiúnta agus cineálacha fíniúna an cheantair, ar nithe iad atá faoi thionchar ag na dálaí agra-aeráide dá dtagraítear thuas, tugtar saintréithe orgánaileipteacha áirithe do na fíonta sin leo.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
Fíonta a bhfuil an STFC “Pla de Bages” orthu, ní mór iad a phacáistiú sa limistéar a shonraítear sna rialacháin lena rialaítear an STFC. Rinne an Bord Rialála an cinneadh sin toisc go measann sé, i bhfianaise an limistéir bhig a chumhdaítear leis an STFC, go bhféadfaí tionchar diúltach a bheith ag aon chur isteach seachtrach ar an gcáilíocht toisc go rachadh sé thar smacht an Bhoird agus go bhféadfaí dochar a dhéanamh do na caighdeáin sheanbhunaithe leis. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://incavi.gencat.cat/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/DO-Pla-de-Bages-Crtl-canvis-v-gener2022.pdf