29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/38

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 288/06)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Verdicchio dei Castelli di Jesi”

PDO-IT-A0482-AM04

Dáta na teachtaireachta: 6.5.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Pacáistiú - coimeádáin agus toilleadh

Tuairisc: maidir le pacáistiú fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi, féadfar coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Cúiseanna: is éard atá ann rogha pacáistithe eile le haghaidh fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi, mar atá é a chur i gcoimeádáin a dhéantar as ábhar seachas gloine, ar rogha é a theastaigh ó tháirgeoirí tar éis measúnuithe teicniúla agus tráchtála a dhéanamh go cúramach.

Baineann an leasú le hAirteagal 8 den tsonraíocht agus le Roinn 9 den doiciméad aonair.

2.   Tagairt don chomhlacht cigireachta - athrú seolta

Tuairisc: athraíodh seoladh Valoritalia società per la certificazione delle qualità e delle produzioni vitivinicole italiane S.r.l. ó Via Piave 24, 00187 an Róimh go Via Venti Settembre 98/G, 00187 an Róimh.

Cúiseanna: aistríodh an oifig chláraithe de chomhlacht cigireachta shonrúchán Verdicchio dei Castelli di Jesi.

Baineann an leasú le hAirteagal 10 den tsonraíocht ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Sonrúchán nó sonrúcháin

Verdicchio dei Castelli di Jesi

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar na fíonta

1.   Verdicchio dei Castelli di Jesi

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC); boladh séimh atá ina shaintréith d’almóinní; mar aon le blas tirim comhchuí a dtagann iarbhlas taitneamhach leath-shearbh sna sála air.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath gealbhuí éadrom ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico (STFC); boladh séimh ar leith; mar aon le blas tirim comhchuí a dtagann iarbhlas taitneamhach leath-shearbh sna sála air.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico Superiore

4.   Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn dath ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito (STFC) atá idir gealbhuí gléineach agus ómra; boladh séimh ar leith; mar aon le blas comhchuí bog ar leith atá idir leath-mhilis agus milis.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

4,00 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

25

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Verdicchio dei Castelli di Jesi spumante

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Bíonn cúr mín a mhaireann i bhfad ar fhíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi spumante (STFC); dath gealbhuí de dhéine éagsúil, uaireanta le himireacha bánghlasa; boladh séimh ar leith atá mín leathan casta, mar aon le blas a théann ó extra-brut go tirim agus atá úr mín comhchuí.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

4,50 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéis in aghaidh an lítir)

Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Táirgeacht uasta:

1.

Verdicchio dei Castelli di Jesi

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

3.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Classico Superiore

11 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

4.

Verdicchio dei Castelli di Jesi Passito

14 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Tá an limistéar táirgthe atá oiriúnach chun fíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC) a tháirgeadh suite i gcúigí Ancona agus Macerata.

Is cuid d’abhantrach geografach abhainn Esino é an limistéar sainithe, is é sin le rá i gcríocha 22 bhardas intíre de chuid chúige Ancona agus 2 bhardas intíre de chuid chúige Macerata.

7.   Cineál fíonchaoire

Verdicchio bianco B. - Verdicchio

8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

Verdicchio dei Castelli di Jesi

Tá fíniúna á saothrú agus fíon á tháirgeadh i gcríoch fhíon Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC) ón ré ársa ar aghaidh.

Ar an gcuma chéanna, tá fréamhacha ársa doiciméadaithe ag táirgeadh fíona shúilínigh agus tá passito á shaothrú leis na céadta freisin.

An tionchar a bhí ag tosca daonna i gcaitheamh na gcéadta, bhí sé lárnach sa rogha a rinneadh an cineál fíniúna Verdicchio a shaothrú sa cheantar, i bhforbairt na modhanna traenála fíniúna agus sna cleachtais fíoneolaíocha. Is é an caidreamh idir tosca nádúrtha (oragrafaíocht, an aeráid agus anailís ithreach) agus na tosca daonna is cúis leis na saintréithe cáilíochta agus orgánaileipteacha faoi leith atá ag fíonta Verdicchio dei Castelli di Jesi (STFC), ar saintréithe iad nach féidir a atáirgeadh áit ar bith eile.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Biain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór bliain táirgthe na bhfíonchaor a léiriú ar lipéadú fhíonta “Verdicchio dei Castelli di Jesi”, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico Superiore, “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Passito, agus “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Spumante Riserva (STFC).

Pacáistiú, coimeádáin agus toirmisc ar chórais áirithe séalaithe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll eile:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”, is ceadmhach freisin coimeádáin mhalartacha a úsáid a dhéantar as ábhar seachas gloine, mar atá pocáin fíona de phoileitiléin nó de phoileistear ilsrathach atá iata i mbosca atá déanta de chairtchlár nó d’aon ábhar dolúbtha eile, nach mbeidh a n-íostoilleadh níos lú ná an méid a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico, ní féidir é a scaoileadh lena thomhailt ach amháin i gcoimeádáin ghloine nach mó a dtoilleadh ná 5 lítear.

I gcás an chineáil fíona “Verdicchio dei Castelli di Jesi”Classico Superiore, ní féidir é a scaoileadh lena thomhailt ach amháin i gcoimeádáin ghloine nach mó a dtoilleadh ná 3 lítear; i gcás na gcineálacha fíona sin, tá cosc ar dhúntáin in-stróicthe agus caipíní.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18115

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.