29.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 247/1


FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

“Treoirleabhar gorm” 2022 um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 247/01)

CLÁR NA nÁBHAR

1.

SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ A RIALÁIL 5

1.1.

Peirspictíocht stairiúil 5

1.1.1.

An ‘Seanchur Chuige’ 6

1.1.2.

Aitheantas Frithpháirteach agus Rialachán (AE) 2019/515 maidir le hAitheantas Frithpháirteach Earraí 6

1.1.3.

An ‘Cur Chuige Nua’ agus an ‘Cur Chuige Domhanda’ 7

1.2.

An ‘Creat Reachtach Nua’ 9

1.2.1.

Nuachóiriú ar fhorálacha faireachais margaidh 10

1.2.2.

Cineál dlíthiúil ghníomhartha an Chreata Reachtaigh Nua agus na reachtaíochta maidir le Faireachas Margaidh agus a gcaidreamh le reachtaíocht eile an Aontais 11

1.2.3.

An bealach a ghabhann an córas ina chéile 12

1.3.

An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí 12

1.4.

An reachtaíocht maidir le dliteanas táirge 13

1.5.

Raon feidhme an Treoirleabhair 13

2.

CÉN UAIR ATÁ FEIDHM AG REACHTAÍOCHT CHOMHCHUIBHITHE AN AONTAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ? 15

2.1.

Cumhdach táirgí 15

2.2.

Cur ar fáil ar an margadh 19

2.3.

Cur ar an margadh 19

2.4.

Cur ar fáil agus cur ar an margadh i gcás ciandíolachán agus díolacháin ar líne 21

2.5.

Táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas 22

2.6.

Cur i seirbhís nó in úsáid (agus suiteáil) 23

2.7.

Cur i bhfeidhm comhuaineach ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais 24

2.8.

An úsáid / an mhí-úsáid atá beartaithe agus atá measartha intuartha 25

2.9.

Feidhm gheografach (Stáit CSTE LEE, Tíortha agus Críocha Thar Lear, an Tuirc) 26

2.9.1.

Ballstáit agus Tíortha agus críocha thar lear 26

2.9.2.

Stáit CSTE LEE 27

2.9.3.

Monacó, San Mairíne agus Andóra 27

2.9.4.

An Tuirc 28

2.9.5.

Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas 29

2.9.6.

Tuaisceart Éireann 30

2.10.

Idirthréimhsí i gcás rialacha nua nó athbhreithnithe ón Aontas 31

2.11.

Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh 32

2.12.

Samplaí achoimre 33

3.

NA GNÍOMHAITHE SA SLABHRA SOLÁTHÁIR TÁIRGÍ AGUS A nOIBLEAGÁIDÍ 34

3.1.

Monaróir 34

3.2.

Ionadaí údaraithe 38

3.3.

Allmhaireoir 39

3.4.

Dáileoir 41

3.5.

Soláthraithe Seirbhíse Comhlíonta 43

3.6.

An toibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 43

3.7.

Idirghabhálaithe eile: Soláthraithe seirbhíse idirghabhála faoin Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 45

3.8.

Úsáideoir deiridh 46

4.

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGE 47

4.1.

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le táirge 47

4.1.1.

Sainmhíniú ar cheanglais fhíor-riachtanacha 47

4.1.2.

Comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha: caighdeáin chomhchuibhithe 49

4.1.3.

Comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha: féidearthachtaí eile 55

4.2.

Ceanglais inrianaitheachta 56

4.2.1.

Cén fáth a bhfuil an inrianaitheacht tábhachtach? 56

4.2.2.

Forálacha inrianaitheachta 56

4.3.

Doiciméadacht theicniúil 61

4.4.

Dearbhú comhréireachta AE 62

4.5.

Ceanglais maidir le marcáil 64

4.5.1.

Marcáil CE 64

4.5.2.

Marcálacha sainordaitheacha eile 69

5.

MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA 70

5.1.

Modúil le haghaidh mheasúnú comhréireachta 70

5.1.1.

Céard is measúnú comhréireachta ann? 70

5.1.2.

Struchtúr modúlach an mheasúnaithe comhréireachta i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú 70

5.1.3.

Gníomhaithe um measúnú comhréireachta – Suíomh an mheasúnaithe comhréireachta sa slabhra soláthair 71

5.1.4.

Modúil agus a gcuid athraitheach 74

5.1.5.

Nósanna imeachta aonmhodúil agus démhodúil – Nósanna imeachta atá bunaithe ar chineál (cineálscrúdú AE) 74

5.1.6.

Modúil arna mbunú ar dhearbhú cáilíochta 75

5.1.7.

Forbhreathnú ar mhodúil 76

5.1.8.

Forbhreathnú ar nósanna imeachta 78

5.1.9.

An réasúnaíocht maidir leis na modúil iomchuí a roghnú 80

5.2.

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta 81

5.2.1.

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra 81

5.2.2.

Róil agus freagrachtaí 81

5.2.3.

Inniúlacht na gComhlachtaí faoina dtugtar Fógra 84

5.2.4.

Comhordú idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra 84

5.2.5.

Fochonraitheoireacht ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra 85

5.2.6.

Comhlachtaí intí atá creidiúnaithe 87

5.3.

Fógra 87

5.3.1.

Údaráis a thugann fógra 87

5.3.2.

An próiseas maidir le fógra a thabhairt 88

5.3.3.

Foilsiú ag an gCoimisiún – suíomh gréasáin NANDO 92

5.3.4.

Faireachán a dhéanamh ar inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra – Fionraíocht – tarraingt siar – achomharc 93

6.

CREIDIÚNÚ 94

6.1.

Cad chuige an creidiúnú? 94

6.2.

Céard is creidiúnú ann? 95

6.3.

Raon Feidhme an Chreidiúnúcháin 96

6.4.

Creidiúnú de réir Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 96

6.4.1.

Comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe 96

6.4.2.

Neamhiomaíocht agus neamhthráchtáil chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe 98

6.5.

An bonneagar creidiúnaithe Eorpach 99

6.5.1.

Scéimeanna creidiúnaithe earnálacha 99

6.5.2.

Meastóireacht phiaraí 99

6.5.3.

Toimhde na comhréireachta do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta 100

6.5.4.

Ról EA chun an cleachtas creidiúnaithe a thacú agus a chomhchuibhiú ar fud na hEorpa 100

6.6.

Creidiúnú trasteorann 100

6.7.

Creidiúnú sa chomhthéacs idirnáisiúnta 102

6.7.1.

Comhar idir comhlachtaí creidiúnaithe 102

6.7.2.

An tionchar ar chaidrimh trádála i réimse an mheasúnaithe comhréireachta idir an tAontas agus Tríú Tíortha 103

7.

FAIREACHAS MARGAIDH 104

7.1.

Cén fáth a bhfuil gá againn leis an bhfaireachas margaidh? 104

7.2.

Raon Feidhme Rialachán (AE) 2019/1020 105

7.3.

Faireachas Margaidh a Eagrú 106

7.3.1.

Bonneagair náisiúnta 107

7.3.2.

Straitéisí náisiúnta faireachais margaidh 107

7.3.3.

Faisnéis phoiblí 108

7.3.4.

Smachtbhannaí 108

7.4.

Seiceálacha ag na hÚdarás Faireachais Margaidh 109

7.4.1.

Gníomhaíochtaí faireachais margaidh 109

7.4.2.

Bearta faireachais margaidh 111

7.5.

Rialú táirgí ó thríú tíortha 113

7.5.1.

Ról na n-údarás teorann 114

7.5.2.

Prionsabail na rialuithe teorann 114

7.5.3.

Nósanna imeachta is infheidhme 114

7.6.

Comhar i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún Eorpach 116

7.6.1.

Gníomhaíocht ar fud an Aontais maidir le neamhchomhlíonadh 116

7.6.2.

An clásal coimirce a chur i bhfeidhm 117

7.6.3.

Cúnamh frithpháirteach, Comhar Riaracháin agus Líonra an Aontais um chomhlíonadh táirgí 120

7.6.4.

Córas Mear-Rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia a mbaineann riosca leo (RAPEX) 122

7.6.5.

ICSMS 123

7.6.6.

Feistí leighis: córas forairdill 125

8.

SAORGHLUAISEACHT TAIRGÍ LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH 126

8.1.

An clásal saorghluaiseachta 126

8.2.

Teorainneacha agus srianta 126

9.

GNÉITHE IDIRNÁISIÚNTA DE REACHTAÍOCHT AN AONTAIS EORPAIGH MAIDIR LE TÁIRGÍ 127

9.1.

Comhaontuithe maidir le measúnú comhréireachta agus glactha de tháirgí tionsclaíocha (ACAAnna); 127

9.2.

Comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach (MRAnna) 128

9.2.1.

Na príomhshaintréithe 128

9.2.2.

An MRA idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis. 129

9.2.3.

Na Stáit LEE-CSTE: Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach agus Comhaontuithe maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha 130

9.2.4.

Prótacal CETA maidir le measúnú comhréireachta 130

9.3.

An Comhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe 131
IARSCRÍBHINNÍ 132

Iarscríbhinn 1

- Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear sa Treoir (liosta neamhchuimsitheach) 132

Iarscríbhinn 2

– Doiciméid bhreise treoraíochta 136

Iarscríbhinn 3

- Seoltaí áisiúla gréasáin 138

Iarscríbhinn 4

- Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (modúil ó Chinneadh Uimh. 768/2008/CE) 139

Iarscríbhinn 5

- Ceisteanna Coitianta maidir le marcáil CE 150

RÉAMHRÁ

An Treoirleabhar maidir le cur chun feidhme treoracha bunaithe ar an gCur Chuige Nua agus an Cur Chuige Domhanda (an ‘Treoirleabhar Gorm’), foilsíodh é in 2000. Ó shin i leith, tháinig sé chun bheith ar cheann de na príomhdhoiciméid tagartha lena mínítear conas an reachtaíocht a chur chun feidhme bunaithe ar an gCur Chuige Nua, rud a chumhdaítear anois leis an gCreat Reachtach Nua. Tá sé de rún ag an Treoirleabhar na heilimintí éagsúla den Chreat Reachtach Nua agus d’fhaireachas margaidh a mhíniú.

Rinneadh athbhreithniú ar an ‘Treoirleabhar Gorm’ in 2014 chun forbairtí nua a chumhdach agus chun an chomhthuiscint is leithne agus is féidir a áirithiú ar chur chun feidhme an Chreata Reachtaigh Nua chun táirgí a mhargú. Rinneadh athbhreithniú agus oiriúnú breise air in 2016.

Leis an leagan nua seo den Treoirleabhar cuirtear leis na heagráin a tháinig roimhe sin, ach léirítear leis freisin athruithe a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht agus go háirithe glacadh Rialacháin nua maidir le Faireachas Margaidh (1).

FÓGRA TÁBHACHTACH

Beartaítear an Treoirleabhar seo chun rannchuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar rialacha an Aontais maidir le táirgí agus chun rannchuidiú lena gcur i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí agus níos comhleanúnaí thar earnálacha éagsúla agus ar fud an mhargaidh aonair. Dírítear an Treoirleabhar ar na Ballstáit agus ar dhaoine eile ar gá dóibh a bheith ar an eolas faoi na forálacha a dheartar chun go n-áiritheofar saorchúrsaíocht táirgí chomh maith le hardleibhéal cosanta ar fud an Aontais (e.g. comhlachais trádála agus tomhaltóirí, eagraíochtaí um chaighdeánú, monaróirí, allmhaireoirí, dáileoirí, comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus ceardchumainn). Tá sé bunaithe ar chomhairliúchán i measc na bpáirtithe leasmhara uile.

Tá sé beartaithe a bheith ina threoirdhoiciméad amháin – níl feidhm dhlíthiúil ach ag téacs ghníomh comhchuibhithe an Aontais féin. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh difríochtaí ann idir forálacha gnímh comhchuibhithe ón Aontas agus inneachar an Treoirleabhair seo, go háirithe i gcás nach féidir tuairisc iomlán a thabhairt sa Treoirleabhar seo ar fhorálacha atá beagán éagsúil sa ghníomh comhchuibhithe aonair ón Aontas. Baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis na tuairimí a nochtar sa Treoirleabhar seo ní féidir réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais. Níl an Coimisiún Eorpach ná aon duine atá ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin freagrach as aon úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá feidhm ag an Treoirleabhar seo maidir le Ballstáit an Aontais ach tá feidhm aige freisin maidir leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua mar shínitheoirí an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus maidir leis an Eilvéis agus an Tuirc chomh maith i gcásanna áirithe. Dá réir sin, tagairtí don Aontas nó don mhargadh aonair, ní mór a thuiscint gur tagairtí iad do LEE nó do mhargadh LEE.

Ós rud é gur léiriú atá sa Treoirleabhar seo ar an reachtaíocht atá ann tráth a dhréachtaithe, is féidir go mbeidh an treoraíocht a thairgtear faoi réir a modhnaithe ina dhiaidh sin.

1.   SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ A RIALÁIL

1.1.   Peirspictíocht stairiúil

Bhí cuspóirí na gcéad treoracha comhchuibhithe dírithe ar dheireadh a chur le bacainní agus ar shaorghluaiseacht earraí sa mhargadh aonair. Tá na cuspóirí sin á gcomhlánú anois le beartas cuimsitheach atá dírithe ar a áirithiú nach gcuirtear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar fáil ar an margadh, ar bhealach is gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha macánta tairbhiú de chothroime iomaíochta, agus ar an gcaoi sin cosaint éifeachtach ar thomhaltóirí an Aontais agus úsáideoirí gairmiúla agus margadh aonair iomaíoch san Aontas á gcur chun cinn an tráth céanna.

Tháinig forbairt ar bheartais agus teicnící reachtacha le linn lánpháirtíocht Eorpach an 40 bliain dheireanacha, go háirithe sa réimse a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, rud a rannchuidíonn le rath an Mhargaidh Aonair inniu.

Go stairiúil, tháinig reachtaíocht an Aontais le haghaidh earraí chun cinn trí chúig phríomhchéim:

an cur chuige traidisiúnta nó an ‘Seanchur Chuige’ maidir le téacsanna mionsonraithe ina bhfuil na ceanglais theicniúla agus riaracháin uile is gá;

an ‘Cur Chuige Nua’ a forbraíodh in 1985, lenar srianadh inneachar na reachtaíochta chuig ‘ceanglais fhíor-riachtanacha’ agus na mionsonraí teicniúla á bhfágáil faoi chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha. As sin, d’eascair forbairt beartais Eorpaigh um chaighdeánú chun tacú leis an reachtaíocht sin;

forbairt na n-ionstraimí um measúnú comhréireachta, rud ba ghá a dhéanamh de thoradh chur chun feidhme na ngníomhartha comhchuibhithe éagsúla ón Aontas, idir an Cur Chuige Nua agus an Seanchur Chuige;

an ‘Creat Reachtach Nua’ (2) a glacadh in Iúil 2008, lenar tógadh ar an gCur Chuige Nua agus lenar cuireadh an creat reachtach foriomlán i gcrích leis na heilimintí uile is gá le haghaidh measúnú comhréireachta, creidiúnú agus faireachas margaidh éifeachtach lena n-áirítear rialú ar tháirgí ó áiteanna lasmuigh den Aontas;

in 2019 glacadh Rialachán nua maidir le Faireachas Margaidh (3) agus Rialachán nua maidir le hAitheantas Frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile (4).

1.1.1.    An ‘Seanchur Chuige’

Leis an Seanchur Chuige léiríodh an bealach traidisiúnta inar tharraing údaráis náisiúnta reachtaíocht theicniúil suas, agus cuid mhór mionsonraí á dtabhairt – rud a spreagtar de ghnáth le heaspa muiníne i ndéine oibreoirí eacnamaíocha i leith saincheisteanna a bhaineann le sláinte phoiblí agus sábháilteacht. In earnálacha áirithe (e.g. méadreolaíocht dhlíthiúil) is amhlaidh a sholáthair na húdaráis phoiblí féin deimhnithe comhréireachta. Ós rud é go raibh gá le haontoilíocht sa réimse sin go dtí 1986 bhí glacadh na reachtaíochta sin an-anásta agus is minic gur cúiseanna beartais phoiblí a thugann údar le leas leanúnach a bheith á bhaint as an teicníc sin i roinnt earnálacha (e.g. reachtaíocht bhia), sin nó traidisiúin idirnáisiúnta agus/nó comhaontuithe nach féidir a athrú go haontaobhach (e.g. reachtaíocht maidir le gluaisteáin nó bia athuair).

Tháinig an chéad iarracht chun éalú ón staid sin le glacadh Threoir 83/189/CEE (5) an 28 Márta 1983 lena gcuirtear nós imeachta faisnéise ar bun idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cruthú bacainní teicniúla nua ar shaorghluaiseacht earraí a sheachaint, ar ghá tamall fada leis an méid sin a cheartú tríd an bpróiseas comhchuibhithe.

Faoin Treoir sin, tá oibleagáid ar na Ballstáit fógra faoi dhréachtrialacháin theicniúla náisiúnta a thabhairt do Ballstáit eile agus don Choimisiún (agus bhí oibleagáid ar eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú fógra a thabhairt faoi dhréachtchaighdeáin náisiúnta (6) don Choimisiún, d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus d’eagraíochtaí náisiúnta eile um chaighdeánú). Le linn tréimhse neamhghníomhaíochta, ní fhéadfar na rialacháin theicniúla a ghlacadh, rud a thugann deis freagartha don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. In éagmais freagairtí laistigh den tréimhse neamhghníomhaíochta thosaigh 3 mhí, féadfar na dréachtrialacháin theicniúla a ghlacadh ansin. Thairis sin, i gcás ina n-ardaítear agóidí, fochuirtear tréimhse 3 mhí neamhghníomhaíochta eile.

Maireann an tréimhse neamhghníomhaíochta 12 mhí má tá togra ann le haghaidh gníomh comhchuibhithe ón Aontas sa réimse atá i gceist. Mar sin féin, níl feidhm ag an tréimhse neamhghníomhaíochta i gcás ina bhfuil oibleagáid ar Bhallstát rialacháin theicniúla a thabhairt isteach go práinneach chun sláinte phoiblí nó sábháilteacht, ainmhithe nó plandaí a chosaint.

1.1.2.    Aitheantas Frithpháirteach agus Rialachán (AE) 2019/515 maidir le hAitheantas Frithpháirteach Earraí

I dteannta tionscnaimh reachtacha chun bacainní nua a chosc agus saorghluaiseacht earraí a chur chun cinn, saothraíodh freisin cur i bhfeidhm córasach phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, prionsabal a chumhdaítear i ndlí an Aontais. Tá rialacháin theicniúla náisiúnta faoi réir fhorálacha Airteagail 34 go 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (7), lena dtoirmeasctar srianta cainníochtúla nó bearta lena bhfuil éifeacht choibhéiseach. Le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe cás 120/78 (an cás ‘Cassis de Dijon’ (8)), soláthraítear na príomheilimintí le haghaidh aitheantas frithpháirteach. Is mar a leanas atá éifeacht an chásdlí sin.

Táirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin ba cheart saorchúrsaíocht a bheith acu i bprionsabal ar fud an Aontais.

In éagmais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, tá na Ballstáit faoi shaoirse reachtaíocht a dhéanamh ar a gcríoch féin faoi réir rialacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht earraí (Airt. 34 – 36 CFAE).

Bacainní ar shaorghluaiseacht earraí a thagann as difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta, ní fhéadfar glacadh leo ach más rud é:

1)

go saothraítear le riail náisiúnta an Bhallstáit cinn scríbe cuspóir leasa phoiblí dlisteanach, agus

2)

go bhfuil an beart lena sriantar nó lena séantar rochtain chomhréireach, rud a chiallaíonn go bhfuil an beart iomchuí chun an cuspóir a ghnóthú agus go bhfuil gá leis (ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a ghnóthú).

Chun cuidiú leis na prionsabail sin a chur chun feidhme, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (9). Cuireadh Rialachán (AE) 2019/515 in ionad an Rialacháin sin.

Rialachán (AE) 2019/515 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile, tá feidhm aige ón 19 Aibreán 2020. Tugtar isteach na pointí seo a leanas leis an Rialachán sin chun cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú (10):

1.

‘Dearbhú um aitheantas frithpháirteach’ de chineál saorálach, rud is féidir le gnólachtaí a úsáid chun a léiriú go bhfuil a dtáirgí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile;

2.

Nós imeachta um réiteach fadhbanna atá fabhrach do lucht gnó, bunaithe ar SOLVIT, a chuidíonn le gnólachtaí nuair a dhiúltaítear aitheantas frithpháirteach;

3.

Comhar riaracháin níos láidre chun feabhas a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh;

4.

Breis faisnéise le haghaidh gnólachtaí trí 'phointí teagmhála do tháirgí' agus an 'tairseach aonair dhigiteach'.

Mar sin féin, cé go bhfuil sé ina rannchuidiú mór le saorghluaiseacht earraí laistigh den mhargadh aonair, ní féidir na fadhbanna uile a réiteach le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus is cinnte, fiú inniu, go bhféadfaí breis comhchuibhithe a dhéanamh.

1.1.3.    An ‘Cur Chuige Nua’ agus an ‘Cur Chuige Domhanda’

Tá clú ar chás Cassis de Dijon de thoradh an róil thábhachtaigh a bhí aige chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun cinn ach bhí ról mór aige freisin i gcur chuige an Aontais i leith comhchuibhiú teicniúil a mhodhnú ar trí bhealach bhunúsacha:

trína shonrú nach bhféadfadh na Ballstáit údar a thabhairt le margú táirgí ó Bhallstáit eile a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn neamhchomhlíonadh ‘ceanglais fhíor-riachtanacha’, chuir an Chúirt tús le léiriú ar inneachar reachtaíochta comhchuibhithe sa todhchaí: ós rud é nach bhféadfaí údar a thabhairt le margú táirge a shrianadh le neamhurramú ceanglas neamhriachtanach, ní gá na ceanglais neamhriachtanacha sin a áireamh i dtéacsanna comhchuibhithe an Aontais a thuilleadh. Réitigh sé sin an bealach chuig an gCur Chuige Nua agus an machnamh a rinneadh ina dhiaidh sin ar a bhfuil i gceist le ceanglas fíor-riachtanach agus le conas é a fhoirmliú ar bhealach is gur féidir comhréireacht a léiriú;

tríd an bprionsabal sin a shonrú, is léir gur chuir an Chúirt an dualgas ar na húdaráis náisiúnta é a léiriú murar chomhlíon táirgí ceanglais fhíor-riachtanacha ach ardaíodh an cheist freisin maidir leis an modh iomchuí chun comhréireacht a léiriú ar bhealach comhréireach;

trína thabhairt dá aire go raibh oibleagáid ar na Ballstáit glacadh le táirgí ó Bhallstáit eile seachas i gcoinníollacha imscríofa, shainaithin an Chúirt prionsabal dlíthiúil ach níor sholáthair sí na modhanna chun an t-iontaobhas sna táirgí a chruthú lena bhféadfaí cuidiú leis na húdaráis glacadh le táirgí nach bhféadfaidís a dheimhniú. Mar thoradh air sin, d’eascair an gá le beartas a fhorbairt maidir le measúnú comhréireachta.

Teicníc reachtach an Chur Chuige Nua a d’fhormheas Comhairle na nAirí an 7 Bealtaine 1985 ina Rún maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeán, (11) ba í sin an beart reachtúil leantach loighciúil ar chás Cassis de Dijon. Leis an teicníc rialála sin bunaíodh na prionsabail seo a leanas:

Ba cheart comhchuibhiú reachtach a theorannú do na ceanglais fhíor-riachtanacha (ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla, más féidir) nach mór a chomhlíonadh leis na táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais má tá siad chun tairbhiú de shaorghluaiseacht laistigh den Aontas;

Na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh táirgí a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa reachtaíocht, ba cheart iad a leagan síos i gcaighdeáin chomhchuibhithe is féidir a chur i bhfeidhm i dteannta na reachtaíochta;

Táirgí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, tairbhíonn siad de thoimhde comhréireachta le ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha na reachtaíochta is infheidhme, agus, i gcásanna áirithe, féadfaidh an monaróir tairbhiú de nós imeachta simplithe um measúnú comhréireachta (i mórán cásanna Dearbhú Comhréireachta an mhonaróra, rud atá níos inghlactha ag na húdaráis phoiblí toisc gurb ann don reachtaíocht maidir le dliteanas i leith táirgí).

Leanann cur i bhfeidhm caighdeán comhchuibhithe nó caighdeán eile de bheith saorálach, agus is féidir leis an monaróir i gcónaí sonraíochtaí teicniúla eile a chur i bhfeidhm chun na ceanglais a chomhlíonadh (ach is air a bheidh an dualgas a léiriú go bhfreagraíonn na sonraíochtaí teicniúla sin riachtanais na gceanglas fíor-riachtanach, níos minice ná a mhalairt, trí phróiseas lena mbaineann comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta).

Le hoibriú reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais faoin gCur Chuige Nua, ceanglaítear caighdeáin chomhchuibhithe chun leibhéal ráthaithe cosanta a thairiscint maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhunaítear leis an reachtaíocht. Tá an méid sin ar cheann de na príomhábhair imní atá ag an gCoimisiún agus a bheartas maidir le próiseas láidir Eorpach um chaighdeánú agus bonneagar á shaothrú. Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le Caighdeánú Eorpach (12) tugtar an deis don Choimisiún a iarraidh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a tharraingt suas agus bunaítear nósanna imeachta leis chun measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchuibhithe agus agóid a dhéanamh ina n-aghaidh.

Ós rud é go n-iarrtar leis an gCur Chuige Nua go ndéanfar ceanglais fhíor-riachtanacha choiteanna sainordaitheach le reachtaíocht, níl an cur chuige sin iomchuí ach amháin i gcás inar féidir idirdhealú a dhéanamh idir ceanglais fhíor-riachtanacha agus sonraíochtaí teicniúla. Thairis sin, ós rud é go mbaineann raon feidhme na reachtaíochta sin le rioscaí, ní mór an réimse leathan táirgí a chumhdaítear a bheith sách aonfhoirmeach chun go mbeidh ceanglais fhíor-riachtanacha choiteanna infheidhme. Ní mór limistéar nó guaiseacha an táirge a bheith oiriúnach freisin do chaighdeánú.

Le prionsabail an Chur Chuige Nua leagadh síos an bonn le haghaidh caighdeánú Eorpach mar thaca le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Sainítear ról na gcaighdeán comhchuibhithe agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i dteannta reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais.

An prionsabal maidir le spleáchas ar chaighdeáin i rialacháin theicniúla, ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) é freisin. Ina Chomhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (BTT) cuireann sí úsáid caighdeán idirnáisiúnta chun cinn (13).

Le caibidliú na gcéad téacsanna comhchuibhithe ón Aontas faoin gCur Chuige nua, cuireadh i dtábhacht láithreach nach raibh ceanglas fíor-riachtanach a chinneadh ná caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt leordhóthanach chun an leibhéal iontaobhais riachtanach a chruthú idir na Ballstáit agus gur ghá beartas iomchuí cothrománach maidir le measúnú comhréireachta agus ionstraimí a fhorbairt. Rinneadh an méid sin i gcomhthráth le glacadh na dtreoracha (14).

Dá réir sin, in 1989 agus 1990 ghlac an Chomhairle Rún maidir leis an gCur Chuige Domhanda agus Cinneadh 90/683/CEE (rud a tugadh cothrom le dáta agus a ionadaíodh le Cinneadh 93/465/CEE) (15) lena leagtar síos na treoirlínte ginearálta agus nósanna imeachta mionsonraithe le haghaidh measúnú comhréireachta. Rinneadh iad a aisghairm agus a thabhairt cothrom le dáta ó shin le Treoir Uimh. 768/2008/CE an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann chun táirgí a mhargú (16).

Ba é príomhéirim na n-ionstraimí beartais sin uirlisí coiteanna a fhorbairt le haghaidh measúnú comhréireachta ar bhonn uilechoiteann (le haghaidh réimsí rialáilte agus neamhrialáilte araon).

Forbraíodh an beartas maidir le caighdeáin táirge den chéad uair chun a áirithiú go leagfaí síos sonraíochtaí teicniúla leis na caighdeáin, sonraíochtaí a bhféadfaí an chomhréireacht ina leith a léiriú. Mar sin féin, arna iarraidh sin don Choimisiún, ghlac CEN agus CENELEC sraith caighdeán EN 45000 um chinneadh inniúlacht tríú páirtithe ag a bhfuil baint le measúnú comhréireachta. Ó shin, rinneadh den tsraith sin sraith chomhchuibhithe caighdeán EN ISO/IEC 17000. Faoin reachtaíocht maidir leis an gCur Chuige Nua cuireadh sásra ar bun trínar thug údaráis náisiúnta fógra do na tríú páirtithe a d’ainmnigh siad chun measúnuithe comhréireachta a dhéanamh bunaithe ar leas a bhaint as na caighdeáin sin.

Ar bhonn dhoiciméadacht ISO/IEC, d’fhorbair an Chomhairle ina Cinntí nósanna imeachta comhdhlúite um measúnú comhréireachta agus na rialacha maidir lena roghnú agus lena n-úsáid i dtreoracha (na modúil). Leagtar amach na modúil ar bhealach chun taobhú lena roghnú ón gceann is éadroime (‘rialú inmheánach ar tháirgeadh’) le haghaidh táirgí simplí nó táirgí nach gá go bhfuil rioscaí tromchúiseacha ag baint leo, ag dul chuig an gceann is cuimsithí (dearbhú cáilíochta iomlán le scrúdú dearaidh AE), inarb amhlaidh atá na rioscaí níos déine nó atá na táirgí/na teicneolaíochtaí níos casta. Chun dul i ngleic le próisis mhonaraíochta nua-aimseartha, déantar foráil leis na modúil maidir le próisis um measúnú comhréireachta táirge agus measúnú bainistíochta cáilíochta araon, agus é á fhágáil faoin reachtóir a chinneadh cé na cinn is iomchuí i ngach earnáil, ós rud é nach gá gur éifeachtach foráil a dhéanamh maidir le deimhniúchán aonair le haghaidh gach táirge a olltáirgtear, mar shampla. Chun trédhearcacht na modúl agus a n-éifeachtacht a threisiú, arna iarraidh sin don Choimisiún, rinneadh sraith ISO 9000 de chaighdeáin maidir le dearbhú cáilíochta a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach agus a chomhtháthú sna modúil. Dá réir sin, oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann na huirlisí sin ina mbeartais bainistíochta cáilíochta shaorálacha chun a n-íomhá cháilíochta a threisiú ar an margadh, is féidir leo tairbhiú d’úsáid na n-uirlisí céanna sna hearnálacha rialáilte.

Bhí na tionscnaimh éagsúla sin uile dírithe go díreach ar an measúnú comhréireachta ar tháirgí a threisiú roimh a margú. Ina dteannta sin, d’fhorbair an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, comhar Eorpach i réimse an chreidiúnaithe chun bheith ina leibhéal rialúcháin deireanach agus treisiú a dhéanamh ar chreidiúnacht na dtríú páirtithe ag a bhfuil baint le measúnú comhréireachta ar tháirgí agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh. Lean an méid sin de bheith ina thionscnamh polaitiúil seachas reachtach, ach bhí sé éifeachtach mar sin féin chun an chéad bhonneagar Eorpach a chruthú sa réimse sin, agus chun gníomhaithe Eorpacha a chur chun tosaigh cuid mhór sa réimse sin ar an leibhéal idirnáisiúnta.

De thoradh na bhforbairtí sin glacadh thart ar 27 dtreoir ar bhonn eilimintí an Chur Chuige Nua. Tá i bhfad níos lú díobh ann ná treoracha traidisiúnta i réimse táirgí tionsclaíocha (thart ar 700), ach fágann a raon feidhme guaisbhunaithe leathan gur thairbhigh earnálacha tionsclaíocha iomlána de shaorghluaiseacht tríd an teicníc reachtach sin.

1.2.   An ‘Creat Reachtach Nua’

I dtreo dheireadh na 1990idí, thosaigh an Coimisiún ar mhachnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Chur Chuige Nua. In 2002, seoladh próiseas comhairliúcháin leathan agus an 7 Bealtaine 2003 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa lenar moladh athbhreithniú féideartha ar eilimintí áirithe den Chur Chuige Nua. As sin d’eascair Council Resolution of 10 November 2003 on the Communication of the European Commission ‘Enhancing the implementation of the New Approach Directives’ [Rún ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach ‘Cur chun feidhme na dTreoracha maidir leis an gCur Chuige Nua a fheabhsú’] (17).

Bhí comhdhearcadh soiléir agus láidir ann maidir leis an ngá le tabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú. Bhí na príomheilimintí ar ghá aird a thabhairt orthu soiléir freisin: comhleanúnachas agus comhsheasmhacht fhoriomlán, an próiseas fógartha, creidiúnú, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (modúil), marcáil CE agus faireachas margaidh (lena n-áirítear athbhreithniú ar na nósanna imeachta um chlásal coimirce).

Rialachán agus Cinneadh a bhí mar chuid den ‘phacáiste um earraí Ayral’ (18) ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad an 9 Iúil 2008 (19).

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE tugadh le chéile, sa Chreat Reachtach Nua, na heilimintí uile a cheanglaítear chun go n-oibreoidh creat rialála cuimsitheach go héifeachtach ar mhaithe le sábháilteacht táirgí tionsclaíocha agus lena gcomhlíonadh leis na ceanglais a glacadh chun leasanna poiblí éagsúla a chosaint agus le haghaidh fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair.

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 bunaíodh an bunús dlí le haghaidh creidiúnaithe agus faireachas margaidh agus comhdhlúthaíodh brí mharcáil CE, agus rinneadh folús a bhí ann cheana á líonadh dá réir sin. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE cuireadh samhail ar bun lena húsáid agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais á hullmhú agus á hathbhreithniú arb é is aidhm dó sin na hionstraimí teicniúla éagsúla a úsáidtear sa reachtaíocht chomhchuibhithe atá ann cheana ón Aontas (ní hamháin i dtreoracha an Chur Chuige Nua) a thabhairt cothrom le dáta, a chomhchuibhiú agus a chomhdhlúthú: sainmhínithe, critéir le haghaidh ainmniú agus fógairt comhlachtaí um measúnú comhréireachta, rialacha maidir leis an bpróiseas fógra, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (modúil) agus na rialacha maidir lena n-úsáid, na sásraí coimirce, oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha agus ceanglais inrianaitheachta.

Leis an gCreat Reachtach Nua cuirtear san áireamh láithreacht na n-oibreoirí eacnamaíocha uile sa slabhra soláthair – monaróirí, ionadaithe údaraithe, dáileoirí agus allmhaireoirí – agus a róil faoi seach i ndáil leis an táirge. Tá oibleagáidí soiléire ar an allmhaireoir anois i ndáil le comhlíonadh táirgí, agus i gcás ina ndéanfaidh dáileoir nó allmhaireoir táirge a mhodhnú nó a mhargú faoina ainm féin, beidh siad coibhéiseach leis an monaróir agus ní mór dóibh freagrachtaí an mhonaróra a ghabháil orthu féin i ndáil leis an táirge.

Aithnítear leis an gCreat Reachtach Nua freisin na gnéithe éagsúla de fhreagrachtaí na n-údarás náisiúnta: na húdaráis rialála, na húdaráis fógartha, iad sin a dhéanann maoirseacht ar an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, na húdaráis faireachais margaidh, na húdaráis atá freagrach as rialú táirgí ó thríú tíortha, etc., agus é á chur i dtábhacht go bhfuil na freagrachtaí ag brath ar na gníomhaíochtaí a dhéantar.

Leis an gCreat Reachtach Nua athraíodh béim reachtaíocht an Aontais i ndáil le rochtain ar an margadh. Roimhe sin, le teanga reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais díríodh ar an gcoincheap a bhaineann le ‘cur ar an margadh’ arb éard é an teanga thraidisiúnta a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, i.e. tá sí dírithe ar tháirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais. Leis an gCreat Reachtach Nua, lena n-aithnítear gurb ann do mhargadh inmheánach aonair, cuirtear an bhéim ar tháirge a chur ar fáil, rud a thugann níos mó tábhachta don mhéid a tharlaíonn tar éis táirge a chur ar fáil den chéad uair. Comhfhreagraíonn an méid sin freisin don loighic a bhaineann le forálacha fhaireachas margaidh an Aontais a chur i bhfeidhm. Le tabhairt isteach an choincheapa maidir le cur ar fáil, éascaítear rianú táirge neamhchomhlíontaigh chuig an monaróir. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndéantar measúnú ar chomhlíonadh maidir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme tráth an chur ar fáil den chéad uair.

Ba é an t-athrú ba thábhachtaí a rinneadh leis an gCreat Reachtach Nua ar thimpeallacht reachtach an Aontais tabhairt isteach beartais chuimsithigh maidir le faireachas margaidh. Leis sin athraíodh cothromaíocht fhorálacha reachtacha an Aontais go mór ó bheith dírithe go bunúsach ar shocrú ceanglas maidir le táirgí atá le comhlíonadh nuair a chuirtear táirgí ar an margadh chuig béim chomhionann ar ghnéithe forfheidhmiúcháin le linn saolré iomlán táirgí. Cuireadh Rialachán (AE) 2019/1020 in ionad na bhforálacha faireachais margaidh i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó shin arb é is aidhm dó sin feabhas a chur ar fhaireachas margaidh agus é a nuachóiriú.

1.2.1.    Nuachóiriú ar fhorálacha faireachais margaidh

Le Rialachán (AE) 2019/1020 nua maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí cuirtear feabhas ar fhaireachas margaidh agus déantar é a nuachóiriú. Beidh feidhm aige maidir le 70 rialachán agus treoir (a liostaítear ina Iarscríbhinn I) lena gcomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais ceanglais maidir le táirgí neamhbhia chun tomhaltóirí, sláinte agus sábháilteacht, an comhshaol agus leasanna poiblí eile a chosaint. Le Rialachán (AE) 2019/1020 ionadaítear forálacha faireachais margaidh Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ón 16 Iúil 2021 (féach Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2019/1020), agus cuirfear feabhas orthu leis go háirithe tríd an méid seo a leanas:

faisnéis a sholáthar agus gníomhaíochtaí a dhéanamh chun comhlíonadh a chur chun cinn;

uirlisí forfheidhmiúcháin níos éifeachtaí a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar dhíolacháin ar líne; agus

feabhas a chur ar chomhar: idir na Ballstáit, idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim, agus trí líonra an Aontais um chomhlíonadh táirgí.

Le Rialachán (AE) 2019/1020 soláthraítear freisin creat cuimsitheach le haghaidh rialuithe ar na táirgí uile (i réimsí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe) a thagann isteach i margadh an Aontais. Tá feidhm ag an gcreat sin freisin maidir le táirgí a chumhdaítear le dlí an Aontais a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach i ndáil le heagrú rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais i ndlí an Aontais (féach Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Leis an Treoirleabhar seo dírítear ar fhaireachas margaidh i ndáil le táirgí atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe agus dá bhrí sin dírítear, le haghaidh an diminsin sheachtraigh, ar rialú táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe agus a thagann isteach san Aontas.

1.2.2.    Cineál dlíthiúil ghníomhartha an Chreata Reachtaigh Nua agus na reachtaíochta maidir le Faireachas Margaidh agus a gcaidreamh le reachtaíocht eile an Aontais

1.2.2.1.   Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) 2019/1020

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 forchuirtear oibleagáidí soiléire ar na Ballstáit nach gá dóibh a fhorálacha a thrasuí (cé go mb’fhéidir go mbeidh ar roinnt díobh bearta náisiúnta a dhéanamh chun a gcreat dlíthiúil náisiúnta a oiriúnú). Tá a fhorálacha infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit, maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha uile lena mbaineann (monaróirí, dáileoirí, allmhaireoirí) agus maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus comhlachtaí creidiúnaithe. Ní hamháin go bhfuil oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha ach tá cearta díreacha acu freisin ar féidir leo iad a fhorfheidhmiú trí na cúirteanna náisiúnta in aghaidh údaráis náisiúnta agus oibreoirí eacnamaíocha eile araon maidir le neamhurramú fhorálacha an Rialacháin. Cé go leanann na forálacha maidir le creidiúnú agus marcáil CE de bheith infheidhme, aisghaireadh na forálacha maidir le faireachas margaidh i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus cuireadh Rialachán (AE) 2019/1020 ina n-ionad.

I láthair reachtaíocht eile ón Aontas, tá feidhm ag an dá Rialachán thar aon ní eile, a) ar an mbonn go bhfuil siad infheidhme go díreach i.e. ní mór d’údaráis náisiúnta agus d’oibreoirí eacnamaíocha forálacha na Rialachán sin a chur i bhfeidhm amhlaidh (tá an chuid is mó den reachtaíocht eile i dtreoracha) agus b) ar bhonn na rialach lex specialis i.e. aon uair a rialáiltear ábhar le dhá riail, is é an ceann is sonraí ba cheart a chur i bhfeidhm ar dtús.

In éagmais reachtaíocht níos sonraí maidir leis na saincheisteanna a chumhdaítear lena fhorálacha, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 an tráth céanna, agus mar chomhlánú, leis an reachtaíocht atá ann cheana. Ar an mbealach céanna, tá Rialachán (AE) 2019/1020 bunaithe ar an bprionsabal lex specialis lena bhforáiltear go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach ag a bhfuil an cuspóir céanna i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, lena rialáiltear ar bhealach níos sonraí gnéithe ar leith d’fhaireachas margaidh agus forfheidhmiú (Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1020). I gcás ina bhfuil forálacha na reachtaíochta atá ann cheana comhchosúil le forálacha an Rialacháin, is gá na forálacha comhfhreagracha a scrúdú ar bhonn aon le haon chun an ceann is sonraí a chinneadh.

I dtéarmaí ginearálta, tá forálacha maidir le creidiúnú i líon réasúnta beag téacsanna reachtacha ón Aontas, mar sin is féidir a rá go bhfuil feidhm ghinearálta ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 sa réimse sin. I réimse an fhaireachais mhargaidh (lena n-áirítear rialú ar tháirgí ó thríú tíortha) tá an staid níos casta, ós rud é gurb amhlaidh atá forálacha éagsúla i reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe ón Aontas, forálacha a bhaineann le saincheisteanna a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020 (e.g. reachtaíocht maidir le feistí leighis agus maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro lena ndéantar foráil maidir le nós imeachta faisnéise sonrach). I roinnt cásanna, tá na forálacha faireachais margaidh i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais comhlántach agus leanann forálacha Rialachán (AE) 2019/1020 de bheith infheidhme.

1.2.2.2.   Cinneadh Uimh. 768/2008/CE

Tagraítear do Chinneadh Uimh. 768/2008/EC mar chinneadh sui generis, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon seolaí aige agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé infheidhme go díreach ná go hindíreach. Gealltanas polaitiúil atá ann ar thaobh na dtrí institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún.

Ciallaíonn sin le go mbeidh feidhm ag a fhorálacha i ndlí an Aontais, ní mór tagairt a dhéanamh dóibh expressis verbis (go sainráite) i reachtaíocht sa todhchaí nó iad a chomhtháthú inti.

Is amhlaidh a gheall na trí institiúid go gcloífidís lena forálacha agus go mbainfidís leas astu ar bhealach chomh córasach agus is féidir agus reachtaíocht maidir le táirgí á tarraingt suas. Dá réir sin, tá na tograí todhchaí ábhartha le scrúdú i bhfianaise an Chinnidh agus má imítear óna inneachar, ní mór údar cuí a thabhairt leis sin.

1.2.3.    An bealach a ghabhann an córas ina chéile

Tháinig éabhlóid chéimnitheach ar theicnící reachtacha an Aontais sa réimse sin, ag dul i ngleic le saincheisteanna ceann i ndiaidh a chéile, bíodh sin i gcomhthráth uaireanta, arb é glacadh an Chreata Reachtaigh Nua an toradh air sin: ceanglais fhíor-riachtanacha nó ceanglais dhlíthiúla eile, caighdeáin táirge, caighdeáin agus rialacha le haghaidh inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus le haghaidh creidiúnaithe freisin, caighdeáin le haghaidh bainistíocht cáilíochta, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, marcáil CE, beartas creidiúnaithe agus beartas maidir le faireachas margaidh le déanaí lena n-áirítear rialú ar tháirgí ó thríú tíortha.

Córas iomlán atá sa Chreat Reachtach Nua anois lena dtugtar le chéile na heilimintí éagsúla uile nach mór déileáil leo i reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí in ionstraim reachtach chomhleanúnach, chuimsitheach is féidir a úsáid ar bhonn uilechoiteann sna hearnálacha tionsclaíocha uile, agus lasmuigh díobh fiú (le beartais chomhshaoil agus sláinte baintear leas as roinnt de na heilimintí sin freisin), aon uair a cheanglaítear reachtaíocht an Aontais.

Sa chóras sin, leis an reachtaíocht ní mór leibhéil chuspóirí cosanta poiblí na dtáirgí lena mbaineann a shocrú chomh maith leis na bun-saintréithe sábháilteachta, ba cheart na hoibleagáidí agus na ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha a shocrú léi, ní mór, i gcás inar gá, leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí tríú páirtí um measúnú comhréireachta a shocrú léi, ar comhlachtaí iad a dhéanann measúnú ar tháirgí nó córais bainistíochta cáilíochta, chomh maith leis na sásraí rialúcháin le haghaidh na gcomhlachtaí sin (fógairt agus creidiúnú), ní mór a chinneadh léi cé na próisis iomchuí um measúnú comhréireachta (modúil lena n-áirítear freisin Dearbhú Comhréireachta an mhonaróra) atá le cur i bhfeidhm, agus ar deireadh ní mór a fhorchur léi na sásraí iomchuí um faireachas margaidh (idir inmheánach agus seachtrach) chun a áirithiú go n-oibreoidh an ionstraim reachtach iomchuí ar bhealach éifeachtach agus réidh.

Tá na heilimintí éagsúla sin uile idirnasctha, oibríonn siad le chéile agus tá siad comhlántach, lena bhfoirmítear slabhra cáilíochta de chuid an Aontais (20). Tá cáilíocht an táirge ag brath ar cháilíocht na monaraíochta, a bhfuil tionchar ag cáilíocht na tástála air sin ina lán cásanna, bíodh sí déanta go hinmheánach nó ag comhlachtaí seachtracha, rud atá ag brath ar cháilíocht na bpróiseas um measúnú comhréireachta, atá ag brath ar cháilíocht na gcomhlachtaí atá ag brath ar a uain ar cháilíocht a rialuithe, atá ag brath ar cháilíocht fógartha nó creidiúnaithe; agus an córas ina iomláine ag brath ar cháilíocht an fhaireachais margaidh agus rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha.

Ba cheart déileáil leo uile ar bhealach amháin nó eile in aon phíosa reachtaíochta ón Aontas maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh. Má théann eilimint amháin ar iarraidh nó má tá sí lag, tá neart agus éifeachtacht an ‘tslabhra cáilíochta’ ina iomláine i mbaol.

1.3.   An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí

Tá Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (21) beartaithe chun sábháilteacht táirgí a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na dtáirgí tomhaltais neamhbhia uile a mhéid nach gcumhdaítear iad le reachtaíocht chomhchuibhithe earnáilsonrach an Aontais. Tá an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí ina comhlánú freisin le forálacha na reachtaíochta earnála i roinnt gnéithe. Dá bhrí sin, déantar foráil leis an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí maidir le líontán sábhála lena n-áirithítear go bhfuil na táirgí tomhaltais neamhbhia uile san Aontas sábháilte. Is é príomhfhoráil na Treorach maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí go bhfuil oibleagáid ar tháirgeoirí táirgí sábháilte, agus táirgí sábháilte amháin, a chur ar an margadh. Leis an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí déantar foráil freisin maidir le forálacha faireachais margaidh arb é is aidhm dóibh ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta tomhaltóirí a ráthú.

Leis an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí cuireadh ar bun Córas Mear-Rabhaidh an Aontais, rud a úsáidtear chun faisnéis a mhalartú go mear idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le bearta arna ndéanamh in aghaidh táirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX). Le Córas Mear-Rabhaidh an Aontais áirithítear go mbainfear na táirgí contúirteacha sainaitheanta den Mhargadh Inmheánach ina iomláine. Faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta agus de réir socruithe riaracháin a shainmhínítear sna comhaontuithe sin idir an tAontas agus tríú páirtithe, is féidir sonraí fógartha RAPEX roghnaithe a mhalartú freisin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

I gcás ina bhfuil rioscaí táirge tromchúiseacha ann maidir le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i roinnt Ballstát, déantar foráil freisin leis an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh an Coimisiún Cinntí sealadacha maidir le bearta uile-Aontais, ar a dtugtar ‘bearta éigeandála’. Faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh an Coimisiún Cinneadh foirmiúil a ghlacadh (atá bailí ar feadh 1 bhliain amháin, ach inathnuaite le haghaidh na tréimhse céanna) lena gceanglaítear ar na Ballstáit margú táirge a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis maidir le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a shrianadh nó a chosc.

An 30 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (22), chun an Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí a ionadú.

1.4.   An reachtaíocht maidir le dliteanas táirge

Leis an Treoir maidir le dliteanas táirge 85/374/CEE (23) bunaítear córas diandliteanais, i.e. dliteanas saor ó locht, le haghaidh táirgeoirí nuair a dhéanann táirge lochtach damáiste fisiceach nó ábhartha do dhuine díobhálaithe. Tá an táirgeoir faoi dhliteanas i leith damáiste a rinneadh de dheasca locht ina tháirge ar choinníoll go gcruthaíonn an duine díobhálaithe gurb ann don damáiste, an locht agus an ghaolmhaireacht chúise idir an locht agus an damáiste. Is é is aidhm don Treoir cúiteamh iomlán agus cuí a fháil le haghaidh daoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca táirge lochtach mar gheall ar an gcineál damáiste dá dtagraítear sa Treoir. Is eilimint thábhacht í an Treoir de chreat reachtaíochta an Aontais maidir le sábháilteacht táirge. Cuirtear bonn taca faoin reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirge léi trí dhreasachtaí a thabhairt do tháirgeoirí í a chomhlíonadh, agus trí dheimhneacht dhlíthiúil a thabhairt dóibh chomh maith leis sin.

Leis an Treoir maidir le dliteanas táirge ní cheanglaítear ar na Ballstáit aon reachtaíocht eile maidir le dliteanas a aisghairm. Maidir leis sin, cuireann córas na Treorach leis na rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le dliteanas. Is faoin íospartach atá sé na forais a roghnú ar ar cheart an chaingean a thabhairt.

1.5.   Raon feidhme an Treoirleabhair

Leis an Treoirleabhar seo pléitear táirgí neamhbhia agus neamhthalmhaíochta dá dtagraítear mar tháirgí tionsclaíocha nó táirgí cibé acu an bhfuil siad le húsáid ag tomhaltóirí nó ag gairmithe. An reachtaíocht maidir le táirgí lena ndéileáiltear leis na táirgí sin tagrófar di ar fud an téacs go doiléir mar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, reachtaíocht chomhchuibhithe earnála an Aontais nó gníomhartha comhchuibhithe an Aontais.

Is é atá sa Chreat Reachtach Nua sraith de dhoiciméid dhlíthiúla. Go háirithe le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE déantar foráil maidir le heilimintí a chuirtear chun feidhme go páirteach nó go hiomlán i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí agus lena ndírítear ar leasanna poiblí éagsúla. Tugtar treoraíocht sa treoirleabhar maidir le cur chun feidhme na bhforálacha agus na gcoincheap a leagtar síos sa Chreat Reachtach Nua (24) agus maidir le forálacha faireachais margaidh a chur i bhfeidhm go ginearálta chomh maith de réir Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inarb ann do chlaontaí nó forálacha táirgeshonracha, tagraítear leis an treoirleabhar do threoracha earnála, arb ann dóibh le haghaidh nach mór reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais.

Tá sé de rún ag an Treoirleabhar seo míniú mionsonraithe a thabhairt ar na heilimintí éagsúla den Chreat Reachtach Nua agus ar fhaireachas margaidh agus rannchuidiú le tuiscint fhoriomlán níos fearr a fháil ar an gcóras ionas go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme go cuí agus dá bhrí sin ionas go mbeidh sí éifeachtach chun leasanna poiblí a chosaint amhail sláinte agus sábháilteacht, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus na slándála poiblí, chomh maith le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha. Thairis sin, leis an Treoirleabhar cuirtear chun cinn spriocanna bheartas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr tríd an reachtaíocht atá ann cheana a shoiléiriú, rud a rannchuidíonn, dá réir sin, le forbairt reachtaíochta atá níos cuimsithí, níos comhleanúnaí agus níos comhréirí.

Ba cheart gach ceann de na caibidlí sin a léamh i gcomhar leis na mínithe a leagtar amach thuas, i bhfocail eile i bhfianaise an chúlra ghinearálta, agus i gcomhar le caibidlí eile, ós rud é go bhfuil siad uile idirnasctha agus nár cheart breathnú orthu go leithliseach.

Baineann an treoirleabhar seo go príomha le reachtaíocht an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:

An srian ar úsáid substaintí guaiseacha áirithe i dtrealamh leictreach agus leictreonach (Treoir 2011/65/AE)

Fearais a dhónn breoslaí gásacha (Rialachán (AE) 2016/426)

Ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh (Treoir 2009/125/CE agus na Rialacháin chur chun feidhme uile le haghaidh grúpaí táirgí sonracha a glacadh faoin Treoir Réime sin)

Árthaí brú simplí (Treoir 2014/29/AE)

Sábháilteacht bréagán (Treoir 2009/48/CE)

Trealamh leictreach atá ceaptha lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (Treoir 2014/35/AE)

Innealra (Treoir 2006/42/CE)

Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (Treoir 2014/30/AE)

Uirlisí tomhais (Treoir 2014/32/AE)

Uirlisí neamh-uathoibríocha meáite (Treoir 2014/31/AE)

Suiteálacha cábla-bhealaigh (Rialachán (AE) 2016/424)

Trealamh raidió (Treoir 2014/53/AE)

Feistí leighis (Rialachán (AE) 2017/745, lena n-ionadaítear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón 26 Bealtaine 2021)

Feistí leighis diagnóiseacha in vitro (Treoir 98/79/CE le hionadú le Rialachán (AE) 2017/746 ón 26 Bealtaine 2022)

Brú-threalamh (Treoir 2014/68/AE)

Brú-threalamh Iniompartha (Treoir 2010/35/AE)

Dáileoirí Aerasól (Treoir 75/324/CEE arna leasú)

Ardaitheoirí (Treoir 2014/33/AE)

Árthaí áineasa (Treoir 2013/53/AE)

Trealamh agus córais chosanta a bheartaítear lena n-úsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach (Treoir 2014/34/AE)

Pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta (Treoir 2014/28/AE)

Piriteicnic (Treoir 2013/29/AE)

Rialachán maidir le Lipéadú Bonn (Rialachán (AE) Uimh. 2020/740)

Trealamh cosanta pearsanta (Rialachán (AE) 2016/425)

Trealamh muirí (Treoir 2014/90/AE)

Astaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (Treoir 2000/14/CE)

Astaíochtaí ó innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (Rialachán (AE) 2016/1628)

Lipéadú fuinnimh (Rialachán (AE) 2017/1369 agus na Rialacháin tarmligthe uile le haghaidh grúpaí táirgí sonracha a glacadh faoin gCreat-Rialachán seo agus iad sin a glacadh faoi Threoir 2010/30/AE, réamhtheachtaí Rialachán 2017/1369)

Táirgí Leasacháin (Rialachán (AE) 2019/1009)

Córais aerárthaí gan foireann (dróin) (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún)

Mar sin féin, d’fhéadfadh eilimintí den Treoirleabhar seo a bheith ábhartha le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe eile an Aontais, reachtaíocht a théann thar an réimse táirgí a liostaítear thuas fiú. Is fíor an méid sin go háirithe le haghaidh sainmhínithe éagsúla sa Treoirleabhar chomh maith leis na caibidlí a bhaineann le caighdeánú, measúnú comhréireachta, creidiúnú agus faireachas margaidh i gcás ina mbraithfear ar na sainmhínithe nó na coincheapa céanna i reachtaíocht chomhchuibhithe eile an Aontais. Go háirithe, beidh caibidil 7 maidir le faireachas margaidh ábhartha le haghaidh na reachtaíochta a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020. Soláthraítear liosta níos mó den reachtaíocht lena mbaineann in Iarscríbhinn 1.

Leis an Treoirleabhar seo ní fhéachtar leis an méid seo a leanas a chumhdach:

an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (25). Treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, glacadh iad in 2018 (Treoirlínte RAPEX) (26),

reachtaíocht an Aontais maidir le mótarfheithiclí, táirgí déantúis, REACH, agus ceimiceáin eile lasmuigh den reachtaíocht a áirítear sa liosta thuas nó na gnéithe ginearálta a luaitear thuas, lena n-áirítear faireachas margaidh,

reachtaíocht bhia an Aontais lena n-áirítear sábháilteacht cheimiceach ábhar teagmhála bia.

2.   CÉN UAIR ATÁ FEIDHM AG REACHTAÍOCHT CHOMHCHUIBHITHE AN AONTAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ?

2.1.   Cumhdach táirgí

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nuair a chuirtear an táirge ar mhargadh an Aontais agus maidir le haon oibríocht ina dhiaidh sin arb é atá inti cur ar fáil go dtí go sroicheann sé an t-úsáideoir deiridh.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis na foirmeacha díola uile. Táirge a thairgtear i gcatalóg nó trí bhíthin ríomhthráchtála, ní mór reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh leis nuair atá tairiscint na catalóige nó an tsuímh gréasáin dírithe ar mhargadh an Aontais agus nuair a áirítear córas ordúcháin agus loingseoireachta ann sin.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí nuamhonaraithe ach tá feidhm aici freisin maidir le táirgí úsáidte agus athláimhe a allmhairíodh ó thríú tír nuair a thagann siad isteach i margadh an Aontais den chéad uair.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí críochnaithe mar a shainítear le raon feidhme gach reachtaíochta.

Táirge a bhí faoi réir athruithe nó ollchóirithe tábhachtacha arb é is aidhm dóibh a fheidhmíocht, a chríoch nó a chineál bunaidh a mhodhnú, féadfar a mheas gur táirge nua é. Beidh an duine a dhéanann na hathruithe mar an monaróir ansin agus beidh na hoibleagáidí comhfhreagracha air.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí a bheartaítear a chur (agus/nó a chur i seirbhís (27)) ar an margadh (28). Thairis sin, tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nuair a chuirtear an táirge ar an margadh (nó nuair a chuirtear i seirbhís é) agus maidir le haon chur ar fáil ina dhiaidh sin go dtí go sroicheann an táirge an t-úsáideoir deiridh (29) (30). Táirge atá fós sa slabhra dáilte tagann sé faoi oibleagáidí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais fad is gur táirge nua é (31). Nuair a shroicheann sé an t-úsáideoir deiridh ní mheastar gur táirge nua é a thuilleadh ná níl feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis. Tá an méid sin gan dochar don leibhéal sábháilteachta nó do chosaint leasa phoiblí eile nach mór do tháirge a thairiscint nuair a úsáidtear é mar a beartaíodh i ndáil leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas tráth a cuireadh ar an margadh é, nó le haon bheart faireachais margaidh a fhéadfar a dhéanamh i ndáil le táirgí a cuireadh ar fáil d’úsáideoir deiridh cheana agus a bhfuil riosca ag baint leo (e.g. aisghairmeacha).

Níl an t-úsáideoir deiridh ar dhuine de na hoibreoirí eacnamaíocha ar a bhfuil freagrachtaí faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i.e. aon oibríocht nó idirbheart de chuid an úsáideora deiridh lena mbaineann an táirge níl sé faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh oibríocht nó idirbheart den sórt sin faoi chóras rialála eile, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta.

Ní mór ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh leis an táirge, ceanglais a bhí i bhfeidhm tráth a cuireadh ar an margadh é (nó a cuireadh i seirbhís é).

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis na foirmeacha soláthair uile, lena n-áirítear ciandíol agus díol trí mheán leictreonach. Dá réir sin, gan beann ar an teicníc díolacháin, ní mór táirgí a bheartaítear a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Táirge a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais, a thairgtear i gcatalóg nó trí bhíthin ríomhthráchtála, ní mór reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh leis an táirge sin nuair atá tairiscint na catalóige nó an tsuímh gréasáin spriocdhírithe ar mhargadh an Aontais agus nuair a áirítear córas ordúcháin agus loingseoireachta ann sin (32). Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, meastar gur cuireadh ar fáil ar an margadh iad má tá an tairiscint spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Meastar go bhfuil tairiscint díolacháin spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn oibreoir eacnamaíoch a ghníomhaíochtaí, ar aon mhodh, ar Bhallstát. Ba cheart anailís cás ar chás a dhéanamh chun a shuí cibé acu atá nó nach bhfuil tairiscint spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. (33)

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí nuamhonaraithe ach tá feidhm aici freisin maidir le táirgí úsáidte agus athláimhe, lena n-áirítear táirgí a thagann ó ullmhú dramhaíola leictrí agus leictreonaí lena hathúsáid, a allmhairíodh ó thríú tír nuair a thagann siad isteach i margadh an Aontais den chéad uair. (34) (35). Tá feidhm aige sin maidir le táirgí úsáidte agus athláimhe fiú a allmhairíodh ó thríú tír agus a monaraíodh sular tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm.

Táirgí úsáidte agus athláimhe atá ar mhargadh an Aontais, agus a sholáthraítear do thomhaltóirí, cumhdaítear iad leis an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (Airteagal 2(a) den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí) nuair a sholáthraítear iad nó nuair a chuirtear ar fáil iad, bíodh sin á dhéanamh ionas go measfaí iad nó ná bíodh, le linn gníomhaíocht tráchtála, mura rud é go soláthraítear na táirgí athláimhe mar sheandachtaí nó mar tháirgí lena ndeisiú nó lena n-athriochtú sula n-úsáidtear iad, agus gur chuir an soláthróir an duine dá soláthraíonn sé an táirge ar an eolas go soiléir faoi sin. Faoin Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, ní mór do tháirgeoirí a áirithiú nach gcuireann siad ach táirgí sábháilte ar an margadh.

Raon feidhme an táirge i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí críochnaithe, mar a shainítear le raon feidhme gach reachtaíochta comhchuibhithe sonraí ón Aontas. Mar sin féin, athraíonn coincheap an táirge idir píosaí éagsúla de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Tagraítear do na réada a chumhdaítear le reachtaíocht, mar shampla, mar tháirgí, trealamh, gléasra, gairis, fearais, ionstraimí, ábhair, cóimeálacha, comhpháirteanna nó comhpháirteanna sábháilte, aonaid, feistis, gabhálais, córais nó innealra atá críochnaithe go páirteach. Dá réir sin, laistigh de théarmaí gnímh comhchuibhithe shonraigh ón Aontas, féadfar a mheas gur táirgí críochnaithe iad comhpháirteanna, páirteanna spártha nó fochóimeálacha agus is féidir gurb é atá i gceist lena n-úsáid deiridh an chóimeáil nó an t-ionchorprú i dtáirge críochnaithe. Más amhlaidh an cás, ní mór an reachtaíocht a chomhlíonadh is infheidhme an tráth a chuirtear táirgí den sórt sin ar mhargadh an Aontais (agus/nó a chuirtear i seirbhís iad), is é sin, nuair a sholáthraítear iad den chéad uair lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar mhargadh an Aontais. Nuair a chuirtear táirge críochnaithe lena n-ionchorpraítear táirge eile ar mhargadh an Aontais, tá an monaróir freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge iomlán an reachtaíocht is infheidhme. Is féidir le monaróir an táirge chríochnaithe sin a bheith ag brath ar mheasúnú comhréireachta an táirge chomhtháite chun Dearbhú Comhréireachta, measúnú comhréireachta agus doiciméadacht an táirge a chur le chéile.

Murab ann d’fhorálacha níos sonraí, tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis na táirgí a shainmhíníonn sé laistigh dá raon feidhme, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad á soláthar agus iad réidh le húsáid nó beartaithe lena suiteáil.

Is é an monaróir atá freagrach as a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil an táirge laistigh de raon feidhme reachtaíochta comhchuibhithe ar leith ón Aontas (36) (37).

Teaglaim de tháirgí agus páirteanna, a gcomhlíonann gach ceann díobh an reachtaíocht is infheidhme, ní táirge críochnaithe atá inti i gcónaí nach mór dó féin reachtaíocht chomhchuibhithe ar leith ón Aontas a chomhlíonadh ar an iomlán. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, teaglaim de tháirgí agus páirteanna éagsúla atá deartha nó curtha le chéile ag an duine céanna, meastar gur táirge críochnaithe amháin atá inti nach mór an reachtaíocht a chomhlíonadh amhlaidh leis. Go háirithe, tá monaróir na teaglama freagrach as táirgí oiriúnacha a roghnú chun an teaglaim a dhéanamh suas, chun an teaglaim a chur le chéile ar bhealach go gcomhlíonann sí forálacha na ndlíthe lena mbaineann, agus chun ceanglais uile na reachtaíochta a chomhlíonadh i ndáil leis an gcóimeáil, le Dearbhú Comhréireachta AE agus le marcáil CE. Fiú amháin nuair atá marcáil CE ar chomhpháirteanna nó ar pháirteanna, ní ráthaítear go huathoibríoch leis sin go bhfuil an táirge críochnaithe comhlíontach freisin. Ní mór do mhonaróirí comhpháirteanna agus páirteanna a roghnú ar bhealach ina bhfuil an táirge críochnaithe féin comhlíontach. Ní mór don mhonaróir a fhíorú ar bhonn cás ar chás cibé acu is gá nó nach gá teaglaim táirgí agus páirteanna a mheas mar tháirge críochnaithe amháin i ndáil le raon feidhme na reachtaíochta ábhartha.

Más rud é go gcuirtear dhá tháirge chríochnaithe nó níos mó ar fáil sa phacáiste céanna nach táirge críochnaithe aonair atá iontu ach atá beartaithe chun feidhmiú le chéile, ní mór don mhonaróir a mhargaíonn an teaglaim aghaidh a thabhairt ar rioscaí na dtáirgí a áirítear sa phacáiste nuair a úsáidtear in oibríocht le chéile iad.

Deisithe agus modhnuithe ar tháirgí

Tar éis iad a chur ar an margadh, is féidir go mbeidh táirgí faoi réir próisis sínte saolré. Cé go mbeartaítear le roinnt de na próisis sin an táirge a choinneáil ar bun nó a athbhunú chuig a bhail bhunaidh, tugtar le tuiscint le próisis eile go ndéantar modhnuithe substaintiúla ar an táirge.

Táirge a bhí faoi réir athruithe nó ollchóiriú tábhachtach tar éis é a chur i seirbhís, ní mór a mheas gur táirge nua é más rud é: i) go ndéantar a fheidhmíocht, a chríoch nó a chineál bunaidh a mhodhnú, gan é sin a bheith beartaithe sa mheasúnú riosca tosaigh; ii) gur athraíodh cineál na guaise nó gur méadaíodh leibhéal an riosca i ndáil le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais; agus iii) go gcuirtear an táirge ar fáil (nó go gcuirtear i seirbhís é má chumhdaítear freisin leis an reachtaíocht is infheidhme cur i seirbhís laistigh dá raon feidhme). Ní mór measúnú a dhéanamh ar an méid sin ar bhonn cás ar chás agus, go háirithe, i bhfianaise chuspóir na reachtaíochta agus chineál na dtáirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht atá i gceist.

I gcás ina measfar gur táirge nua é táirge modhnaithe (38), ní mór forálacha na reachtaíochta is infheidhme a chomhlíonadh leis an táirge sin nuair a chuirtear ar fáil é nó nuair a chuirtear i seirbhís é. Ní mór an méid sin a fhíorú tríd an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist a chur i bhfeidhm. Go háirithe, más é an chonclúid a leanann as an measúnú riosca nach mór a mheas gur táirge nua an táirge modhnaithe, ansin is gá athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an táirge mhodhnaithe leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme agus ní mór don duine a dhéanann an modhnú substaintiúil na ceanglais chéanna a chomhlíonadh le monaróir bunaidh, mar shampla ullmhú na doiciméadachta teicniúla, dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a tharraingt suas agus marcáil CE a ghreamú den táirge.

In aon chás, táirge modhnaithe a díoladh faoi ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá éagsúil leis an monaróir bunaidh, ba cheart a mheas gur táirge nua é agus go bhfuil sé faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Tá an duine a dhéanann athruithe tábhachtacha ar an táirge freagrach as a fhíorú cibé acu ba cheart nó nár cheart a mheas gur táirge nua é i ndáil le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Más gá a mheas go bhfuil an táirge nua, is é an duine sin an monaróir, agus is air a bhíonn na hoibleagáidí comhfhreagracha. Thairis sin, i gcás ina dtagtar ar an gconclúid gur táirge nua é, ní mór measúnú comhréireachta iomlán a dhéanamh ar an táirge sula gcuirtear ar fáil ar an margadh é agus ní mór ainm agus seoladh teagmhála an mhonaróra nua a léiriú ar an táirge. Mar sin féin, ní mór an doiciméadacht theicniúil a thabhairt cothrom le dáta sa mhéid go bhfuil tionchar ag an modhnú ar cheanglais na reachtaíochta is infheidhme. Ní gá tástálacha a athdhéanamh ná doiciméadacht nua a tháirgeadh i ndáil le gnéithe nach bhfuil tionchar ag an modhnú orthu. Is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athruithe nó a áirithíonn go ndéantar athruithe ar an táirge a léiriú nach gá eilimintí uile na doiciméadachta teicniúla a thabhairt cothrom le dáta. Is é an duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athruithe nó a áirithíonn go ndéantar athruithe ar an táirge a bheidh freagrach as comhréireacht an táirge mhodhnaithe agus as dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, fiú má úsáideann sé nó sí tástálacha agus doiciméadacht theicniúil atá ann cheana féin.

Táirgí a deisíodh (mar shampla tar éis lochta), gan a mheas gur táirgí nua iad, ní gá measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu athuair, cibé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an táirge bunaidh ar an margadh sular tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin. Tá feidhm aige sin fiú má onnmhairíodh an táirge go sealadach chuig tríú tír le haghaidh na n-oibríochtaí deisiúcháin. Le haghaidh táirgí áirithe, ceanglaítear ar mhonaróirí páirteanna spártha a sholáthar do thríú páirtithe eile chun na deisiúcháin a dhéanamh, agus ar feadh íostréimhse áirithe (39). Is minic a dhéantar na hoibríochtaí deisiúcháin sin trí pháirt spártha a chur in ionad ní lochtach nó caite, rud atá comhionann, nó ar a laghad comhchosúil, leis an bpáirt bhunaidh (mar shampla is féidir go ndearnadh modhnuithe de thoradh dul chun cinn teicniúil, nó tháirgeadh scortha na seanpháirte), trí chártaí, comhpháirteanna nó fochóimeálacha a mhalartú. Má mhodhnaítear feidhmíocht bhunaidh táirge (laistigh den úsáid atá beartaithe, an raon feidhmíochta agus an chothabháil a ceapadh i dtosach i gcéim an dearaidh) toisc gur fearr a fheidhmíonn na páirteanna spártha a úsáidtear lena dheisiú de thoradh dul chun cinn teicniúil, níor cheart a mheas gur táirge nua an táirge sin de réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá réir sin, eisiatar oibríochtaí cothabhála go bunúsach ó raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Mar sin féin, i gcéim dhearaidh an táirge ní mór an úsáid atá beartaithe agus an chothabháil a chur san áireamh (40).

Bogearraí

Sa lá atá inniu ann, tá bogearraí fíor-riachtanach le haghaidh feidhmiú táirgí. Faoin reachtaíocht maidir le feistí leighis agus feistí leighis in vitro, bogearraí ina gceart féin ag a bhfuil gnéithe áirithe, meastar gur feiste leighis nó feiste leighis dhiagnóiseach in vitro iad (41). Le píosaí áirithe de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais tagraítear go sainráite do na bogearraí atá comhtháite sa táirge (42).

Mar chuid den mheasúnú riosca tosaigh, tá oibleagáidí ar mhonaróir an táirge deiridh na rioscaí bogearraí atá comhtháite sa táirge sin a thuar tráth a chuirtear ar an margadh é. I gcoincheap na sábháilteachta táirge cuimsítear cosaint ar gach cineál riosca a eascraíonn as an táirge, lena n-áirítear ní hamháin rioscaí meicniúla, ceimiceacha, leictreacha ach na gnéithe sábháilteachta de chibir-rioscaí agus rioscaí a bhaineann le caillteanas nascachta gaireas.

D’fhéadfadh nuashonruithe nó deisiúcháin bogearraí a bheith inchurtha le hoibríochtaí cothabhála ar choinníoll nach modhnaítear leo táirge a cuireadh ar an margadh cheana ar bhealach go mb’fhéidir go ndéanfar difear do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme leis sin. Faoi mar atá i gceist i gcás deisiúcháin nó modhnuithe fisiceacha, ba cheart a mheas go bhfuil táirge modhnaithe go substaintiúil le hathrú bogearraí más rud é: i) go modhnaítear na feidhmeanna, an cineál nó an fheidhmíocht bhunaidh a bhí beartaithe don táirge le nuashonrú na mbogearraí agus nach ndearnadh foráil maidir leis sin sa mheasúnú riosca tosaigh; ii) gur athraíodh cineál na guaise nó gur méadaíodh leibhéal an riosca de thoradh nuashonrú na mbogearraí; agus iii) go gcuirtear an táirge ar fáil (nó gur cuireadh an táirge i seirbhís i gcás ina gcumhdófar sin le reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais).

2.2.   Cur ar fáil ar an margadh

Cuirtear táirge ar fáil ar an margadh nuair a sholáthraítear é lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce.

Tagraíonn coincheap an chur ar fáil do gach táirge aonair.

Cuirtear táirge ar fáil ar an margadh nuair a sholáthraítear é lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce (43). Áirítear le soláthar den sórt sin aon tairiscint ar dháileadh, tomhailt nó úsáid ar mhargadh an Aontais as a bhféadfadh soláthar iarbhír teacht i ndáil le táirgí a monaraíodh cheana (e.g. iarraidh ar cheannach, feachtais fógraíochta).

Ní mheastar gur cur ar fáil ar mhargadh an Aontais atá i gceist le táirge a sholáthar ach nuair a bheartaítear an táirge le haghaidh úsáid deiridh ar mhargadh an Aontais. Soláthar táirgí (cibé acu lena ndáileadh a thuilleadh, lena n-ionchorprú i dtáirge deiridh nó lena bpróiseáil nó lena scagadh a thuilleadh) arb é is aidhm dó sin an táirge deiridh a onnmhairiú lasmuigh de mhargadh an Aontais, ní mheastar gur cur ar fáil é sin. Is é a thuigtear as gníomhaíocht tráchtála earraí a sholáthar i gcomhthéacs gnó. Féadfar a mheas go ndéanann eagraíochtaí neamhbhrabúsacha gníomhaíochtaí tráchtála má oibríonn siad i gcomhthéacs den sórt sin. Ní féidir an méid sin a aithint ach ar bhonn cás ar chás agus tráthrialtacht na soláthairtí, saintréithe an táirge, rúin an tsoláthróra, etc. á gcur san áireamh. I bprionsabal, níor cheart a mheas gur i gcomhthéacs gnó a dhéantar soláthairtí ócáideacha de chuid carthanachtaí nó amaitéarach.

Le ‘úsáid’ tagraítear don chríoch atá beartaithe don táirge arna sainmhíniú ag an monaróir faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnach. De ghnáth, is é sin úsáid deiridh an táirge.

An ról lárnach atá ag coincheap an chur ar fáil i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, baineann sé sin leis na hoibleagáidí inrianaitheachta atá ar na hoibreoirí eacnamaíocha uile sa slabhra soláthair agus leis an ról gníomhach is gá a bheith acu chun a áirithiú nach mbíonn saorchúrsaíocht ach ag táirgí comhlíontacha ar mhargadh an Aontais.

Tagraíonn coincheap an chur ar fáil do gach táirge aonair, seachas do chineál táirge, agus cibé acu a monaraíodh mar aonad aonair nó i sraitheanna é.

Le cur ar fáil táirge, glacadh leis gurb ann do thairiscint nó comhaontú (i scríbhinn nó ó bhéal) idir beirt daoine dhlítheanacha nó nádúrtha nó níos mó le haghaidh aistriú úinéireachta, seilbhe nó aon chirt eile (44) maidir leis an táirge atá i gceist tar éis thitim amach chéim na monaraíochta. Ní gá go gceanglaítear tabhairt ar láimh fhisiceach an táirge leis an aistriú.

Is féidir leis an aistriú sin a bheith ar íocaíocht nó saor in aisce, agus is féidir leis a bheith bunaithe ar aon chineál ionstraime dlí. Dá réir sin, meastar gur tharla aistriú táirge, mar shampla, in imthosca díolacháin, iasachta, fruilithe (45), léasúcháin agus bronntanais. Tuigtear le haistriú úinéireachta go mbeartaítear an táirge a chur ar fáil do dhuine dlítheanach nó nádúrtha eile.

2.3.   Cur ar an margadh

Cuirtear táirge ar an margadh nuair a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais é den chéad uair. De réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ní féidir aon táirge aonair a chur ar mhargadh an Aontais ach uair amháin.

Táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh ní mór an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas a chomhlíonadh i ndáil leis na táirgí sin tráth a chuirtear ar an margadh iad.

Chun críocha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, cuirtear táirge ar an margadh nuair a chuirtear ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais é. Ba cheart don mhonaróir nó d’allmhaireoir an oibríocht sin a dhéanamh (46). Nuair a sholáthraíonn monaróir nó allmhaireoir táirge do dháileoir (47) nó úsáideoir deiridh den chéad uair, déantar an oibríocht a lipéadú i gcónaí i dtéarmaí dlíthiúla mar ‘cur ar an margadh’. Aon oibríocht ina dhiaidh sin, mar shampla, ó dháileoir chuig dáileoir nó ó dháileoir chuig úsáideoir deiridh, sainmhínítear í mar chur ar fáil.

A mhéid a bhaineann le ‘cur ar fáil’, tagraíonn coincheap an chur ar an margadh do gach táirge aonair, seachas do chineál táirge, agus cibé acu a monaraíodh mar aonad aonair nó i sraitheanna é. Dá dhroim sin, ní féidir le cur ar mhargadh an Aontais tarlú ach uair amháin le haghaidh gach táirge aonair ar fud an Aontais agus ní tharlaíonn sin i ngach Ballstát. Cé gur soláthraíodh samhail nó cineál táirge sular tháinig reachtaíocht chomhchuibhithe nua ón Aontas i bhfeidhm lena leagtar síos ceanglais shainordaitheacha nua, ní mór na ceanglais nua sin a chomhlíonadh le haonaid aonair den tsamhail nó den chineál céanna, a chuirtear ar an margadh tar éis do na ceanglais nua teacht i bhfeidhm.

Chun táirge a chur ar an margadh ní mór tairiscint nó comhaontú (i scríbhinn nó ó bhéal) a bheith ann idir beirt daoine dhlítheanacha nó nádúrtha nó níos mó maidir le haistriú úinéireachta, seilbhe nó aon chirt maoine eile i ndáil leis an táirge atá i gceist; ceanglaítear leis sin gur críochnaíodh céim na monaraíochta. D’fhéadfaí an t-aistriú sin a dhéanamh ar íocaíocht nó saor in aisce. Ní cheanglaítear leis tabhairt ar láimh fhisiceach an táirge. Uaireanta déantar táirgí a mhonarú tar éis ordú a dhéanamh. Tairiscint nó comhaontú a tugadh i gcrích sular tugadh céim na monaraíochta chun críche, ní féidir a mheas gur cur ar an margadh atá i gceist leis sin (e.g. tairiscint chun táirge a mhonarú de réir sonraíochtaí áirithe arna gcomhaontú ag na páirtithe sa chonradh, i gcás nach ndéanfar an táirge a mhonarú ná a sheachadadh ach tráth níos faide anonn).

Meastar nach gcuirtear táirge ar an margadh i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis:

déantar é a mhonarú chun críoch úsáid dhílis an duine mura gcumhdaítear i raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais táirgí a mhonaraítear chun críoch úsáid dhílis an duine (48) (49);

ceannaíonn tomhaltóir i dtríú tír é fad atá sé i láthair go fisiceach sa tír sin (50) agus tugann an tomhaltóir isteach san Aontas é chun críoch úsáid phearsanta an duine sin;

aistrítear iad ón monaróir i dtríú tír chuig ionadaí údaraithe san Aontas atá fostaithe ag an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (51);

tugadh isteach é ó thríú tír i gcríoch chustaim an Aontais faoi bhealach, cuireadh i gcriosanna saorthrádála, i dtrádstórais, i stóráil shealadach nó i nósanna imeachta custaim speisialta eile é (ligean isteach sealadach nó próiseáil isteach) (52);

déantar é a mhonarú i mBallstát d’fhonn é a onnmhairiú chuig tríú tír (áirítear leis sin comhpháirteanna arna soláthar do mhonaróir lena n-ionchorprú i dtáirge deiridh lena onnmhairiú i dtríú tír);

aistrítear é chun tástáil nó bailíochtú a dhéanamh ar aonaid réamhtháirgthe a mheastar a bheith i gcéim na monaraíochta fós;

a thaispeántar nó a oibrítear faoi choinníollacha rialaithe (53) ag aontaí trádála, taispeántais nó léirithe (54); nó

tá sé i stoic an mhonaróra (nó i stoic an ionadaí údaraithe a bhunaítear san Aontas) nó an allmhaireora, i gcás nach gcuirfear an táirge ar fáil go fóill, is é sin, nuair nach bhfuil sé á sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt ná lena úsáid, mura bhforáiltear a mhalairt i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas.

Tá cur ar an margadh ar an bpointe ama is cinntithí maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (55). Nuair a chuirtear táirgí ar fáil ar mhargadh an Aontais, ní mór an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas tráth an chur ar an margadh a chomhlíonadh leis na táirgí sin. Dá réir sin, táirgí nua a mhonaraítear san Aontas agus na táirgí uile a allmhairítear ó thríú tíortha (56) – cibé acu nua nó úsáidte – ní mór forálacha na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas a chomhlíonadh leis na táirgí sin nuair a chuirtear ar an margadh iad i.e. nuair a chuirtear ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais iad. Táirgí comhlíontacha, ach a mbeidh siad curtha ar an margadh féadfar iad a chur ar fáil ina dhiaidh sin feadh an tslabhra seachadta gan breithnithe breise, fiú i gcás athbhreithnithe ar an reachtaíocht is infheidhme nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht.

Tá oibleagáid ar na Ballstáit faoi chuimsiú faireachas margaidh a áirithiú nach mbeidh ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha ar an margadh (57). Tá táirgí úsáidte, atá ar mhargadh an Aontais, faoi réir saorghluaiseachta de réir na bprionsabal a leagtar síos le hAirteagail 34 agus 36 CFAE. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil táirgí úsáidte a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí le linn gníomhaíocht tráchtála faoi réir na Treorach maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, mura soláthraítear iad mar sheandachtaí nó táirgí atá le deisiú nó le hathriochtú sula n-úsáidtear iad, ar choinníoll gur chuir an soláthróir an duine dá soláthraíonn sé an táirge ar an eolas go soiléir faoi sin.

2.4.   Cur ar fáil agus cur ar an margadh i gcás ciandíolachán agus díolacháin ar líne

Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, meastar gur cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais iad má tá an tairiscint spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. (58). Ciallaíonn sin go gcumhachtaítear d’údaráis faireachas margaidh seiceáil a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh i ndáil leis na táirgí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 (féach caibidil 7 thíos). Meastar go bhfuil tairiscint díolacháin spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a ghníomhaíochtaí, ar aon mhodh, ar Bhallstát. An measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil suíomh gréasáin atá suite laistigh nó lasmuigh den Aontas spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh an Aontais, ní mór é a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, agus aon toisc ábhartha á cur san áireamh amhail na limistéir gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil agus a úsáidtear le haghaidh ordaithe, féidearthachtaí íocaíochta, etc. Fiú más amhlaidh atá suíomh gréasáin na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na n-idirghabhálaithe inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil an t-úsáideoir deiridh bunaithe nó ina shainchónaí, ní leor sin (59). Nuair a dhéantar foráil le comhéadan ar líne maidir le seachadadh san Aontas, nuair a ghlactar le híocaíocht ó thomhaltóirí/úsáideoirí deiridh ón Aontas leis agus nuair a úsáidtear teangacha an Aontais leis, is féidir a mheas gur roghnaigh an t-oibreoir go sainráite táirgí a sholáthar do thomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile ón Aontas. Le seachadadh fisiceach táirge chuig úsáideoirí deiridh san Aontas, ar táirge é a ordaítear ó dhíoltóir ar líne ar leith atá bunaithe lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear soláthraí seirbhíse comhlíonta, tugtar deimhniú dobhréagnaithe leis sin go gcuirtear táirge ar mhargadh an Aontais.

Is é an iarmhairt dhlíthiúil atá ann, má tá an tairiscint spriocdhírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas, táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, is gá dóibh na rialacha is infheidhme uile ón Aontas a chomhlíonadh agus is féidir go mbeidh siad faoi réir seiceálacha ó údaráis faireachais margaidh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020. An t-oibreoir eacnamaíoch a thairgeann an táirge lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, ceanglaítear air dul i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin dóibh le haghaidh faisnéis comhlíonta nó le haghaidh gníomhaíochtaí eile (60). Má dhíoltar táirgí ar líne, is úsáideach go mbeidh marcáil CE agus aon rabhadh eile a cheanglaítear de réir na reachtaíochta is infheidhme léirithe sa suíomh gréasáin sin agus sofheicthe sula ndéanann an t-úsáideoir deiridh an ceannach.

Is féidir gur bealach sonrach atá i gceist le díolachán ar líne nó ciandíol chun táirgí a chur ar fáil ach ní gá gurb é atá ann cur ar fáil an táirge den chéad uair ar mhargadh an Aontais (i.e. cur ar an margadh). Maidir le cur iarbhír na dtáirgí sin ar an margadh, is féidir go mbeidh sé éagsúil le haghaidh gach táirge aonair, ag brath ar an slabhra dáilte sonrach, mar shampla:

Leis an gciandíol nó leis an tairiscint ar líne is féidir go dtagrófar do tháirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana. Is amhlaidh an cás i gcás inar chuir monaróir an Aontais nó allmhaireoir iad ar mhargadh an Aontais cheana sular tairgeadh iad lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíola.

Táirgí áirithe a thairgtear ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíola d’úsáideoirí deiridh san Aontas, aistrítear iad ar dtús chuig soláthraithe seirbhíse comhlíonta atá lonnaithe san Aontas chun a ráthú go seachadfar iad go mear chuig úsáideoirí deiridh an Aontais. Dá réir sin, táirgí arna stóráil ag na soláthraithe seirbhíse comhlíonta agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht, meastar gur soláthraíodh iad lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar mhargadh an Aontais agus gur cuireadh ar mhargadh an Aontais iad dá réir sin. Nuair a úsáideann oibreoir ar líne soláthraí seirbhíse comhlíonta ar an mbealach sin, trí na táirgí a loingsiú chuig an ionad próiseála orduithe san Aontas, tá na táirgí i gcéim dháileacháin an tslabhra soláthair (61). Meastar gur cuireadh na táirgí sin ar an margadh tráth a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad.

Is féidir le húsáideoirí deiridh san Aontas táirgí áirithe lasmuigh den Aontas a cheannach go díreach ar líne nó trí mhodhanna ciandíolachán eile. Cé go meastar go gcuirtear na táirgí sin ar fáil san Aontas roimh aon idirbheart chun críoch seiceálacha ó údaráis faireachais margaidh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear ar an margadh iad tráth a bheidh ordú ó úsáideoir deiridh déanta agus deimhnithe le haghaidh táirge sonrach a monaraíodh cheana agus is ábhar don idirbheart agus atá réidh le loingsiú.

2.5.   Táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas

Gan beann ar a dtionscnamh, ní mór táirgí a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas má chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais iad.

Táirgí a thagann ó thíortha lasmuigh den Aontas agus a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais nó a bheartaítear le haghaidh úsáid phríobháideach nó tomhailt i gcríoch chustaim an Aontais, dearbhaítear gur le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht atá siad agus is féidir go ndéanfaidh údaráis a ainmnítear le haghaidh rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais iad a sheiceáil.

Is é bunphrionsabal reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais gan beann ar thionscnamh na dtáirgí, gur gá dóibh a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas má chuirtear ar fáil (nó má chuirtear i seirbhís (62)) iad ar mhargadh an Aontais. Táirgí a mhonaraítear san Aontas agus táirgí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad, déileáiltear mar a chéile leo.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí lasmuigh den Aontas nuair a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais iad den chéad uair; ní hamháin maidir le táirgí nuamhonaraithe ach freisin maidir le táirgí úsáidte agus athláimhe, lena n-áirítear táirgí a thagann ó ullmhú dramhaíola leictrí agus leictreonaí lena hathúsáid, ach níl feidhm aici maidir leis na táirgí sin atá ar mhargadh an Aontais cheana. Tá feidhm aici fiú maidir le táirgí úsáidte agus athláimhe a allmhairíodh ó thríú tír agus a monaraíodh sular tháinig reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i bhfeidhm.

Sular féidir leo an t-úsáideoir deiridh san Aontas a shroicheadh, cuirfear táirgí ó thíortha lasmuigh den Aontas i láthair na n-údarás custaim agus dearbhófar iad le haghaidh an nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht. Is é is cuspóir do scaoileadh i saorchúrsaíocht na foirmiúlachtaí allmhairiúcháin uile a chomhlíonadh ionas gur féidir na hearraí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, agus a bheith i saorchúrsaíocht cosúil le haon táirge a dhéantar san Aontas. Dá bhrí sin, nuair a chuirtear táirgí i láthair na n-údarás custaim agus nuair a dhearbhaítear iad le haghaidh an nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht, is féidir a mheas go ginearálta go bhfuil na hearraí á gcur ar mhargadh an Aontais; is gá dá réir sin go mbeidh na táirgí i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas. Mar sin féin, sa chleachtas, ní fhéadfaidh an scaoileadh i saorchúrsaíocht ná an cur ar an margadh tarlú an tráth céanna. Is é atá i gceist le cur ar an margadh an tráth a sholáthraítear an táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhaithe le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh. Is féidir go dtarlóidh cur ar an margadh roimh an scaoileadh i saorchúrsaíocht, mar shampla, i gcás díolacháin ar líne nó ciandíolacháin arna ndéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, fiú más féidir leis an tseiceáil fhisiceach ar chomhlíonadh na dtáirgí tarlú nuair a shroicheann siad na húdaráis chustaim san Aontas Eorpach ar a luaithe. Is féidir go dtarlóidh cur ar an margadh tar éis scaoileadh i saorchúrsaíocht freisin.

Táirgí a tháinig isteach i gcríoch an Aontais agus a gceanglaítear próiseáil bhreise a dhéanamh orthu chun bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas, ba cheart iad a chur faoin nós imeachta custaim iomchuí lena ndéantar foráil maidir leis an bpróiseáil sin (63). Ní féidir iad a dhearbhú le haghaidh saorchúrsaíochta ach tar éis a áirithiú go bhfuil siad comhlíontach.

Na húdaráis a ainmnítear le haghaidh rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais agus údaráis faireachais margaidh, tá oibleagáid orthu agus cumhacht acu, bunaithe ar anailísí riosca, táirgí a thagann ó thríú tíortha a sheiceáil agus idirghabháil a dhéanamh de réir mar is iomchuí roimh a scaoileadh i saorchúrsaíocht, gan beann ar an tráth a chuirtear iad de facto ar mhargadh an Aontais. Is é is cuspóir dó sin cosc a chur le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus dá réir sin le cur ar fáil táirgí i gcríoch an Aontais nach bhfuil i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais nó a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo maidir leis an tsláinte, an tsábháilteacht, an comhshaol nó leasanna poiblí eile (64). Mar sin féin, níor cheart scaoileadh i saorchúrsaíocht a mheas mar chruthúnas ar chomhréireacht le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, toisc nach gá go mbeadh seiceáil iomlán ar chomhlíonadh mar chuid den scaoileadh sin. Dá bhrí sin, féadfaidh táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas a bheith faoi réir seiceálacha, iarrataí agus cinntí ina dhiaidh sin arna ndéanamh ag údaráis faireachais margaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás ina bhfuil cúis ag údaráis chustaim ag an gcéad phointe iontrála chun a chreidiúint nach bhfuil táirgí a thagann ó thríú tíortha agus atá i stóráil shealadach nó curtha faoi nós imeachta custaim seachas ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas nó go bhfuil riosca ag baint leo, ceanglaítear orthu an fhaisnéis ábhartha uile a tharchur chuig oifig custaim inniúil an chinn scríbe.

Maidir le táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas, déantar foráil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le ról speisialta don allmhaireoir. Glacann an t-allmhaireoir sin oibleagáidí áirithe air féin, ar léiriú iad sin go méid áirithe ar oibleagáidí monaróirí atá bunaithe laistigh den Aontas (65).

I gcás táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas, féadfaidh ionadaí údaraithe roinnt cúraimí a dhéanamh thar ceann an mhonaróra (66). Más rud é, áfach, go soláthraíonn ionadaí údaraithe monaróra tríú tír táirge do dháileoir nó tomhaltóir laistigh den Aontas, ní ghníomhaíonn sé a thuilleadh mar ionadaí údaraithe agus sin amháin ach tagann sé chun bheith ina allmhaireoir agus tá sé faoi réir oibleagáidí allmhaireoirí. Thairis sin, chun na táirgí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chur ar mhargadh an Aontais, ní mór d’oibreoir eacnamaíoch a bheith bunaithe san Aontas agus a bheith freagrach as roinnt cúraimí i ndáil leis na táirgí sin (67).

2.6.   Cur i seirbhís nó in úsáid (agus suiteáil)

Tá tráth an chur i seirbhís ábhartha le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe ón Aontas.

Tarlaíonn cur i seirbhís tráth na chéad úsáide laistigh den Aontas de chuid an úsáideora deiridh chun na gcríoch a bhí beartaithe dó.

Tarlaíonn cur i seirbhís tráth na chéad úsáide laistigh den Aontas de chuid an úsáideora deiridh chun na gcríoch a bhí beartaithe dó (68) (69). Úsáidtear an coincheap, mar shampla, i réimse na nArdaitheoirí, an Innealra, an Trealaimh Raidió, Ionstraimí Tomhais, Feistí Leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro nó táirgí a chumhdaítear le EMC nó Treoracha ATEX, i dteannta cur ar an margadh, agus is é a thagann as sin raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a leathnú thar thráth cur ar fáil táirge.

I gcás ina gcuirfidh fostaí táirge i seirbhís lena úsáid ag a fhostaithe, meastar gur cur i seirbhís atá sa chéad úsáid.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit cur i seirbhís táirgí a chomhlíonann forálacha na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas a thoirmeasc, a shrianadh ná bac a chur air sin (70). Mar sin féin, ceadaítear do na Ballstáit forálacha náisiúnta breise maidir le cur i seirbhís, suiteáil nó úsáid táirgí a choinneáil ar bun agus a ghlacadh, i gcomhréir leis an gConradh (go háirithe Airteagail 34 agus 36 CFAE) agus faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Leis na forálacha náisiúnta sin ní fhéadfar a cheangal go ndéanfar modhnuithe ar tháirge a mhonaraítear i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas ná a chosc go gcuirfear táirgí a chomhlíonann reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar fáil sa Bhallstát sin.

Mura soláthraítear a mhalairt i reachtaíocht shonrach an Aontais, i gcás ina mbeidh táirgí curtha ar an margadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas an tráth sin, is féidir iad a chur i seirbhís freisin fiú má leasaíodh an reachtaíocht sin tar éis do na táirgí a bheith curtha ar mhargadh an Aontais agus dá bhrí sin ní chomhlíonann siad reachtaíocht nua an Aontais ina hiomláine. An gá chun comhlíonadh táirgí a léiriú tráth an chur i seirbhís, agus – más infheidhme – chun a léiriú go bhfuil siad suiteáilte go cuí, coinnithe ar bun agus úsáidte chun na críche atá beartaithe dóibh, ba cheart é a theorannú do tháirgí:

nár cuireadh ar an margadh roimh a gcur i seirbhís (mar shampla táirgí a monaraíodh le haghaidh úsáid dhílis i gcás ina bhfuil úsáid dhílis laistigh de raon feidhme na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas) ná nach féidir a úsáid ach tar éis cóimeáil, suiteáil nó ionramháil eile a bheith déanta; nó

ar féidir tionchar a bheith ag na coinníollacha díolacháin ar a gcomhlíonadh (stóráil nó iompar, mar shampla).

2.7.   Cur i bhfeidhm comhuaineach ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais

Ceanglais fhíor-riachtanacha agus ceanglais eile a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, féadfaidh forluí a bheith eatarthu nó féadfaidh siad a bheith mar chomhlánú ar a chéile, ag brath ar na guaiseacha a chumhdaítear leis na ceanglais sin a bhaineann leis an táirge atá i gceist.

Ní féidir leis an gcur ar fáil ná leis an gcur i seirbhís tarlú ach nuair a chomhlíonann an táirge forálacha na reachtaíochta um chomhchuibhiú is fheidhme ar fad de chuid an Aontais an tráth a chuirtear ar an margadh é.

I gcás ina gcumhdófar an táirge nó an cuspóir beartais céanna le dhá ghníomh comhchuibhithe ón Aontas nó níos mó, is féidir go n-eisiafar cur i bhfeidhm gníomhartha áirithe uaireanta tar éis cur chuige lena n-áirítear anailís riosca ar an táirge i bhfianaise na húsáide atá beartaithe arna sainmhíniú ag an monaróir.

Le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais cumhdaítear réimse leathan táirgí, guaiseacha agus tionchar (71), a bhfuil forluí eatarthu agus atá mar chomhlánú ar a chéile chomh maith leis sin. Dá bharr sin, is é an riail ghinearálta atá ann go mb’fhéidir gur gá píosaí éagsúla reachtaíochta a chur san áireamh le haghaidh táirge amháin, ós rud é nach féidir leis an gcur ar fáil ná leis an gcur i seirbhís tarlú ach nuair a chomhlíonann an táirge na forálacha uile is infheidhme agus nuair a bheidh an measúnú comhréireachta déanta i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme ón Aontas.

Go ginearálta guaiseacha a chumhdaítear le ceanglais gníomhartha comhchuibhithe éagsúla ón Aontas, bheadh baint acu le gnéithe éagsúla atá mar chomhlánú ar a chéile i roinnt cásanna (mar shampla leis na Treoracha a bhaineann le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach agus Brú-threalamh cumhdaítear feiniméin nach gcumhdaítear leis na Treoracha a bhaineann le Trealamh Ísealvoltais nó Innealra). Is gá, dá réir sin, na gníomhartha reachtacha éagsúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach. Dá réir sin, ní mór an táirge a dhearadh agus a mhonarú i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme ón Aontas, agus ní mór na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh air chomh maith leis sin de réir na reachtaíochta uile is infheidhme, mura bhforáiltear a mhalairt.

Le gníomhartha comhchuibhithe áirithe ón Aontas eisiatar óna raon feidhme táirgí a chumhdaítear le gníomhartha eile (72) nó ionchorpraítear leo ceanglais fhíor-riachtanacha gníomhartha eile (73) lena seachnaítear cur i bhfeidhm comhuaineach ceanglas iomarcach. I gcásanna eile, ní hamhlaidh atá agus tá feidhm fós ag prionsabal ginearálta an chur i bhfeidhm chomhuainigh i gcás ina bhfuil ceanglais ghníomhartha chomhchuibhithe an Aontais ina gcomhlánú ar a chéile.

Le dhá ghníomh chomhchuibhithe ón Aontas nó níos mó, is féidir an táirge, an ghuais nó an tionchar céanna a chumhdach. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh sé go réiteofaí an tsaincheist a bhaineann le forluí trí thosaíocht a thabhairt don ghníomh comhchuibhithe is sonraí ón Aontas (74). Chuige sin, is iondúil gur gá anailís riosca a dhéanamh ar an táirge, nó uaireanta is gá anailís a dhéanamh ar an gcríoch atá beartaithe don táirge, lena gcinntear ansin an reachtaíocht is infheidhme. Agus na guaiseacha a bhaineann le táirge á sonrú, féadfaidh an monaróir úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha is infheidhme maidir leis an táirge atá i gceist.

2.8.   An úsáid / an mhí-úsáid atá beartaithe agus atá measartha intuartha

Ní mór do na monaróirí a bheith ag teacht le leibhéal cosanta a chomhfhreagraíonn don úsáid a fhorordaíonn siad don táirge faoi na coinníollacha úsáide is féidir a thuar go réasúnta.

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i gcás ina mbainfear úsáid as táirgí a chuirtear ar fáil nó a chuirtear i seirbhís (75) ar an margadh, agus sin le haghaidh na húsáide atá beartaithe dóibh. Ciallaíonn an úsáid atá beartaithe an úsáid atá beartaithe do tháirge i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an monaróir (nó ag an allmhaireoir) a chuireann ar an margadh é, nó an ghnáthúsáid arna cinneadh le dearadh agus déantús an táirge.

Is iondúil go mbíonn táirgí réidh le húsáid, nó nach gá ach coigeartuithe a dhéanamh orthu is féidir a dhéanamh i bhfianaise na húsáide atá beartaithe dóibh. Tá táirgí ‘réidh le húsáid’ más féidir iad a úsáid mar atá beartaithe gan páirteanna breise a chur isteach. Meastar go bhfuil táirgí réidh le húsáid freisin mura gcuireann ach duine amháin na páirteanna uile óna bhfuil siad le cóimeáil iad ar an margadh, nó murar gá ach iad a ghléasadh nó a phlugáil isteach, nó má chuirtear ar an margadh iad gan na páirteanna a sholáthraítear ar leithligh go hiondúil agus a chuirtear isteach le haghaidh na húsáide atá beartaithe (e.g. cábla le haghaidh soláthar leictreach).

Ceanglaítear ar mhonaróirí a bheith ag teacht le leibhéal cosanta le haghaidh úsáideoirí na dtáirgí nó leasanna poiblí eile a chomhfhreagraíonn don úsáid a fhorordaíonn an monaróir le haghaidh an táirge san fhaisnéis táirge. Tá an méid sin ábhartha go háirithe i gcásanna ina bhfuil mí-úsáid táirge i gceist (76).

A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh, ceanglaítear ar údaráis faireachais margaidh comhréireacht táirge a sheiceáil:

i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó (arna sainmhíniú ag an monaróir) agus

faoi na coinníollacha úsáide is féidir a thuar go réasúnta (77), is é sin nuair a d’fhéadfadh an úsáid sin teacht as iompraíocht daoine atá dleathach agus intuartha go héasca.

Is é an iarmhairt atá aige sin ar na monaróirí gur gá dóibh na coinníollacha úsáide a mheas is féidir a thuar go réasúnta roimh tháirge a chur ar an margadh.

Ní mór do mhonaróirí breathnú níos faide ná a measann siad a bheith i gceist leis an úsáid atá beartaithe do tháirge agus iad a chur i suíomh gnáthúsáideora táirge ar leith agus a shamhlú cén úsáid a mheasann siad a bhainfidís as an táirge go réasúnta (78). Le haghaidh táirgí atá beartaithe le haghaidh úsáid allamuigh, ba cheart dóibh a mheas freisin conas a dhéanfar difear do shábháilteacht agus feidhmíocht an táirge le linn na húsáide agus sin le réamh-mheastacháin maidir leis na hathruithe ar dhálaí aeráide san Aontas. Ós rud é go bhfuil athrú ag teacht ar an aeráid cheana, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar thoimhdí atá as dáta agus bunaithe ar bharúlacha agus feidhmíocht stairiúil. Má théann gnáth-shaolré an táirge thar 5 bliana, is féidir gur mian le monaróirí é a ullmhú freisin do dhálaí níos foircní a bhfuil coinne leo sa mheántéarma (79).

Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfeadh údaráis faireachais margaidh san áireamh nach féidir na rioscaí uile a chosc le dearadh an táirge. Ba cheart a mheas go bhfuil maoirseacht agus cúnamh na n-úsáideoirí atá beartaithe mar chuid de na coinníollacha is féidir a thuar go réasúnta. Mar shampla, beartaítear meaisín-uirlisí gairmiúla áirithe lena n-úsáid ag oibrithe atá sciliúil agus oilte go measartha faoi mhaoirseacht a bhfostóra; ní féidir freagracht an mhonaróra a ghlacadh má thógann dáileoir nó soláthraí seirbhíse tríú páirtí na meaisín-uirlísí sin ar cíos lena n-úsáid ag tomhaltóirí neamhsciliúla agus neamhoilte.

In aon chás, níl oibleagáid ar an monaróir coinne a bheith leis nach gcuirfidh úsáideoirí coinníollacha dleathacha úsáide a tháirge san áireamh.

2.9.   Feidhm gheografach (Stáit CSTE LEE, Tíortha agus Críocha Thar Lear, an Tuirc)

Tá feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le Ballstáit an Aontais agus críocha áirithe den Aontas a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt do na socruithe a leagtar amach i gConradh Aontachais na mBallstát ábhartha.

Bunaítear an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir an tAontas agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Leis an gComhaontú leathnaítear an margadh inmheánach chuig na trí Stáit CSTE sin – ar a dtugtar Stáit CSTE LEE de ghnáth.

Is é is aidhm don Chomhaontú maidir leis an Aontas Custaim idir an tAontas agus an Tuirc saorghluaiseacht táirgí a áirithiú idir an tAontas agus an Tuirc, trí dheireadh a chur le rialuithe allmhairí ar na táirgí sin ar an teorainn idir an tAontas agus an Tuirc.

A+n Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas, leathnaíonn sé cur i bhfeidhm reachtaíocht áirithe an Aontais maidir le táirgí chuig Tuaisceart Éireann.

2.9.1.    Ballstáit agus Tíortha agus críocha thar lear

Is é is cuspóir do reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bhaineann le hearraí a ghlactar de bhun Airteagail 114 agus 115 CFAE bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh earraí. Dá dhroim sin, ní féidir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a scaradh ó fhorálacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht earraí agus ba cheart raon feidhme críochach chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bheith i gcomhthráth le raon feidhme críochach chur i bhfeidhm Airteagail 30 agus 34 go 36 CFAE.

De bhun Airteagal 355 CFAE agus i dtaca le hAirteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá feidhm ag an gConradh agus dá dhroim sin reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le Ballstáit uile an Aontais. De bhun Airteagal 355(1) CFAE, tá feidhm aige sin freisin maidir le Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, La Réunion, Mayotte, Saint-Martin, na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha. Thairis sin, tá feidhm ag an gConradh agus reachtaíocht chomhchuibhithe a bhaineann le táirgí a ghlactar ar bhonn Airteagail 114 agus 115 CFAE maidir le críocha Eorpacha áirithe a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt do na socruithe a leagtar amach sa Chonradh Aontachais ábhartha.

Mar sin féin, níl feidhm ag an méid sin maidir le hOileáin Fharó, an Ghraonlainn, Akrotiri ná Dhekelia. Níl feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le tíortha agus críocha thar lear, go háirithe: an Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha, Polainéis na Fraince, Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince, Oileáin Vailís agus Futúna, San Pierre agus Miquelon, Saint-Barthélemy, Arúba, Cúrasó, Sint Maarten, Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib (Bonaire, Saba agus Sint Eustatius).

2.9.2.    Stáit CSTE LEE

2.9.2.1.   Buneilimintí an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1994, cumhdaítear reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais a bhfuil an Treoirleabhar seo infheidhme maidir léi. Dá réir sin, reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a chumhdaítear leis an Treoirleabhar seo, tá feidhm aici freisin maidir le Stáit CSTE LEE mar a thugtar orthu: An Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

Is é is cuspóir do Chomhaontú LEE Limistéar Eorpach Eacnamaíoch atá dinimiciúil agus aonchineálach a bhunú, bunaithe ar rialacha coiteanna agus coinníollacha comhionanna iomaíochta.

Cearta a thugtar agus oibleagáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit, nó a n-eintitis phoiblí, gnóthais, nó daoine aonair i ndáil le chéile, tuigtear, de réir Chomhaontú LEE agus de bhun a ailínithe le reachtaíocht nua an Aontais trí chinneadh ón gComhchoiste, go dtugtar iad do Stáit CSTE LEE freisin ar an mbealach céanna nó go bhforchuirtear orthu ar an mbealach céanna iad. Áirithítear leis sin go bhfuil Stáit CSTE LEE, agus a n-oibreoirí eacnamaíocha, faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí céanna lena gcontrapháirteanna san Aontas. Mar shampla, na Treoracha maidir leis an gCur Chuige Nua agus reachtaíocht chomhchuibhithe eile ón Aontas, déantar iad a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar an mbealach ceannann céanna i Stáit CSTE LEE agus sna Ballstáit – cé go modhnaítear an clásal coimirce. Dá bhrí sin, an treoraíocht uile is infheidhme maidir leis na Ballstáit de réir an Treoirleabhair seo, tá feidhm aici freisin maidir le Stáit CSTE LEE.

Leasaítear Comhaontú LEE ar bhonn leanúnach trí chinntí ó Chomhchoiste LEE tar éis athruithe i reachtaíocht ábhartha an Aontais. Chun teacht ar léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar an gComhaontú agus chun iad a choinneáil ar bun, bunaíodh Cúirt de chuid CSTE agus Údarás Faireachais de chuid CSTE.

Áirithítear le Comhaontú LEE dlúthchomhar idir an Coimisiún agus riarachán Stáit CSTE LEE. Lorgaíonn an Coimisiún comhairle neamhfhoirmiúil ó shaineolaithe na Stát sin ar an mbealach céanna a lorgaíonn sé comhairle ó shaineolaithe na mBallstát. A mhéid a bhaineann leis na coistí a thugann cúnamh don Choimisiún lena obair, bunaíodh dlúthchomhar. Tagann Comhairle LEE le chéile go leathbhliantúil, agus tagann Comhchoiste Parlaiminteach LEE agus Coiste Comhairleach LEE le chéile go tráthrialta.

2.9.2.2.   An nós imeachta um chlásal coimirce

Tá Údarás Faireachais CSTE freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na fógraí maidir le clásal coimirce ó Stáit CSTE LEE. Téann an tÚdarás i gcomhairle leis na páirtithe uile lena mbaineann agus malartaíonn sé faisnéis leis an gCoimisiún maidir le himeachtaí an cháis. Tarchuireann an tÚdarás a chinneadh chuig Stáit CSTE LEE agus chuig an gCoimisiún le haghaidh gníomhaíochtaí breise. Mura leanann Stát CSTE LEE an cinneadh, is féidir leis an Údarás Faireachais nós imeachta um shárú a thionscnamh.

I gcásanna ina ndéanann Ballstát clásal coimirce a thruicearú, déantar foráil maidir le comhairliúcháin idir an Coimisiún agus an tÚdarás Faireachais. Cuireann an Coimisiún a chinneadh in iúl d’Údarás Faireachais CSTE agus seolann an t-údarás sin chuig Stáit CSTE LEE é le haghaidh gníomhaíochtaí breise. Mura leanann Stát CSTE LEE an cinneadh, is féidir leis an Údarás Faireachais nós imeachta um shárú a thionscnamh.

2.9.3.    Monacó, San Mairíne agus Andóra

Trádáil dhéthaobhach i dtáirgí idir an tAontas Eorpach agus Monacó, San Mairíne agus Andóra, éascaítear í le comhaontuithe maidir leis an aontas custaim: Tá aontas custaim ag Monacó leis an bhFrainc agus tá sé mar chuid de chríoch chustaim an Aontais; ach tá comhaontú maidir leis an aontas custaim ag San Mairíne agus Andóra araon leis an Aontas.

Mar sin féin, chun go gcuirfear ar fáil iad ar mhargadh an Aontais, ní mór táirgí ó na tíortha sin a bheith i gcomhréir le acquis an Aontais (80).

2.9.4.    An Tuirc

Bhunaigh an Tuirc agus an tAontas Eorpach Aontas Custaim in 1995 (Cinneadh 1/95 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc, 96/142/CE). Le Cinneadh an Aontais Custaim cumhdaítear trádáil i dtáirgí monaraithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte idir an Tuirc agus an tAontas, agus tá ailíniú na Tuirce le reachtaíocht uile an Aontais maidir le táirgí ag baint leis sin. Is é is aidhm don Chomhaontú saorghluaiseacht táirgí monaraithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte a áirithiú idir an tAontas agus an Tuirc, trí dheireadh a chur le rialuithe allmhairí ag an teorainn idir an tAontas agus an Tuirc ar na táirgí sin.

Le hAirteagail 5 go 7 den Chinneadh déantar foráil maidir le deireadh a chur le bearta ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach le dleachtanna custaim idir an tAontas agus an Tuirc, agus aithris á déanamh ar Airteagail 34-36 CFAE. De bhun Airteagal 66 den Chinneadh, Airteagail 5 go 7 ann, chun críocha a gcur chun feidhme agus a gcur i bhfeidhm maidir le táirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh maidir leis an Aontas Custaim, ní mór iad a léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe cás Cassis de Dijon maidir le haitheantas frithpháirteach.

Dá dhroim sin, in earnálacha ar lena n-aghaidh atá a reachtaíocht ailínithe ag an Tuirc le reachtaíocht an Aontais, ba cheart déileáil le táirge arna mhonarú go dleathach agus/nó arna mhargú sa Tuirc ar bhealach comhionann le táirge arna mhonarú go dleathach agus/nó arna mhargú san Aontas agus níor cheart é a bheith faoi réir rialuithe allmhairí. Bheadh feidhm ag an réasúnaíocht chéanna sna hearnálacha neamh-chomhchuibhithe i gcás ina mbeidh a reachtaíocht ailínithe ag an Tuirc le hAirteagail 34-36 CFAE.

Leis an gCinneadh, ceanglaítear freisin ar an Tuirc reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh maidir le táirgí agus le bonneagar cáilíochta, go háirithe maidir le ceanglais i ndáil le marcáil CE, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, faireachas margaidh, creidiúnú, caighdeánú, méadreolaíocht agus aitheantas frithpháirteach sa réimse neamh-chomhchuibhithe.

Le Cinneadh eile (Cinneadh Uimh. 2/97 ón gComhairle Comhlachais idir CE agus an Tuirc) a síníodh in 1997, leagtar síos an liosta d’ionstraimí dlí an Aontais, lena n-áirítear cuid den acquis maidir le táirgí tionsclaíocha a bhaineann le bacainní teicniúla ar an trádáil a bhaint agus na coinníollacha agus na socruithe lena rialaítear a gcur chun feidhme ag an Tuirc. Le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo áirithítear nuair a ghlac an Tuirc an reachtaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh, go mbeadh feidhm ag na rialacha agus na nósanna imeachta céanna san Aontas agus sa Tuirc le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh. Mar sin féin, cuireadh, de réir a chéile, treoracha agus rialacháin nua ón Aontas in ionad roinnt de na hionstraimí reachtacha ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

In 2019 ghlac an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc an liosta a bhaineann le táirgí de reachtaíocht theicniúil an Aontais atá le comhchuibhiú ag an Tuirc, mar a cinneadh le Treoirlíne Nós Imeachta 2014 maidir le Cur Chun Feidhme Airteagail 8 agus 9 de Chinneadh 1/95 ón gComhairle Comhlachais idir an Coimisiún Eorpach agus an Tuirc an 22 Nollaig 1995 maidir le cur chun feidhme na céime deireanaí den Aontas Custaim.

In 2006, ghlac an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc Cinneadh (1/2006), lena ndéantar foráil maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra ón Tuirc a ainmniú agus tuarascálacha tástála agus deimhnithe arna n-eisiúint ag na comhlachtaí sin a aithint sa Tuirc. Shínigh na Páirtithe ráitis á ndeimhniú go bhfuil reachtaíocht na Tuirce coibhéiseach le reachtaíocht an Aontais le haghaidh roinnt treoracha agus rialachán maidir leis an gCur Chuige Nua.

Sa réimse neamh-chomhchuibhithe, rinneadh cearta agus oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn táirgí do mhargadh an Aontais ón Tuirc a leagan síos sa teachtaireacht léiritheach ón gCoimisiún maidir le héascaíocht a dhéanamh do rochtain táirgí ar mhargaí Ballstát eile: cur i bhfeidhm praiticiúil aitheantais fhrithpháirtigh (2003/C 265/02).

Tá Gníomhaireacht Creidiúnaithe na Tuirce (TURKAK) ina comhalta de Chomhar Eorpach don Chreidiúnú (EA) agus tá roinnt comhaontuithe aitheantais fhrithpháirtigh sínithe aici le EA. Deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta ón Tuirc agus atá creidiúnaithe ag TURKAK, ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leo sin arna n-eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá bunaithe san Aontas agus creidiúnaithe ag Comhlachtaí Náisiúnta Creidiúnaithe an Aontais.

I réimse an chaighdeánaithe, dheonaigh CEN agus CENELEC araon stádas ballraíochta iomláine do Turkish Standards Institute (TSE) an 1 Eanáir 2012. Tá ballraíocht dhíreach ETSI tarraingthe ó 65 thír, lena n-áirítear an Tuirc.

2.9.5.    Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas  (81)

Ón 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina ‘tríú tír’ anois. Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (82), rinneadh foráil maidir le hidirthréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig 2020. Is féidir teacht ar fhaisnéis bhreise san Fhógra ón gCoimisiún chuig geallsealbhóirí maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus rialacha an Aontais i réimse táirgí tionsclaíocha (83)

2.9.5.1.   Forálacha idirscartha ábhartha

Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le forálacha idirscartha áirithe atá ábhartha maidir le táirgí tionsclaíocha. Go háirithe, le hAirteagal 41 den Chomhaontú um Tharraingt Siar foráiltear go bhféadfar earra atá ann cheana agus atá in-sainaitheanta go haonarach agus a chuirtear ar an margadh san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, foráiltear go bhféadfar é a chur ar fáil thairis sin ar mhargadh an Aontais nó na Ríochta Aontaithe nó a bheith i gcúrsaíocht idir an dá mhargadh sin go dtí go sroicheann sé a úsáideoir deiridh. I gcás ina ndéanfar foráil maidir leis sin i bhforálacha infheidhme dhlí an Aontais, féadfar earra den sórt sin a chur i seirbhís freisin san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe.

2.9.5.2.   Staid dhlíthiúil ó dheireadh na hidirthréimhse

Ón 1 Eanáir 2021, níl feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe. Tá na hiarmhairtí seo a leanas ag baint leis sin go háirithe:

a)   Oibreoirí eacnamaíocha:

Ní mheastar a thuilleadh go bhfuil monaróir ná allmhaireoir atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe ina oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas. Oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas a measadh, roimh dheireadh na hidirthréimhse, gur dáileoir ón Aontas é, ar dáileoir táirgí a fuarthas ón Ríocht Aontaithe é, tháinig sé chun bheith ina allmhaireoir chun críocha reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí i ndáil le táirgí a chuireann sé ar mhargadh an Aontais tar éis an 1 Eanáir 2021. Ní mór don oibreoir na hoibleagáidí níos déine is infheidhme maidir le hallmhaireoir a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann, go háirithe, le fíorú ar chomhlíonadh táirgí agus, i gcás inarb infheidhme, tásc a shonraí teagmhála ar an táirge nó ar a lipéad (84).

I réimsí táirgí áirithe, déantar foráil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le hoibreoirí eacnamaíocha áirithe ar a bhfuil cúraimí sonracha agus ar ghá dóibh a bheith bunaithe san Aontas, mar shampla ionadaithe údaraithe, a bhfuil a gceapachán ag an monaróir saorálach go ginearálta, cé is moite d’fheistí leighis (85) agus trealamh muirí (86). Ní féidir leo a bheith bunaithe sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh agus ní mór iad a bheith bunaithe san Aontas.

b)   Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra (87)

Chaill Iarchomhlachtaí faoina dTugtar Fógra ón Ríocht Aontaithe a stádas mar Chomhlachtaí faoina dTugtar Fógra ón Aontas. Dá réir sin, níl comhlachtaí na Ríochta Aontaithe in ann cúraimí measúnúcháin comhréireachta a dhéanamh a thuilleadh de bhun reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí.

Nuair a cheanglaítear leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme an fhéidearthacht a bhaineann le hidirghabháil tríú páirtí nó nuair a dhéantar foráil maidir leis, éilítear deimhniú arna sholáthar ag Comhlacht faoina dTugtar Fógra ón Aontas le haghaidh táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ón 1 Eanáir 2021.

Ní mór iarratas a bheith curtha isteach ag oibreoirí eacnamaíocha ar dheimhniú nua chuig Comhlacht faoina dTugtar Fógra ón Aontas, nó ní mór socrú a bheith déanta acu maidir le haistriú an chomhaid agus an deimhnithe chomhfhreagraigh ón gComhlacht faoina dTugtar Fógra ón Ríocht Aontaithe chuig Comhlacht faoina dTugtar Fógra ón Aontas, chun freagracht a ghlacadh as an deimhniú sin roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar bhonn socrú conarthach idir an monaróir, an Comhlacht faoina dTugtar Fógra ón Ríocht Aontaithe, agus an Comhlacht faoina dTugtar Fógra ón Aontas.

Nuair a bheidh deimhniú aistrithe, ní mór Dearbhú Comhréireachta AE (arna tharraingt suas ag an monaróir) agus an Deimhniú ón gComhlacht faoina dTugtar Fógra a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin: ní mór a lua ar na doiciméid sin go bhfuil an deimhniú faoi fhreagracht Chomhlacht faoina dTugtar Fógra de chuid an Aontais anois agus ní mór mionsonraí / uimhreacha céannachta an tSeanchomhlachta faoina dTugtar Fógra ón Ríocht Aontaithe agus an Chomhlachta nua faoina dTugtar Fógra ón Aontas a léiriú iontu.

Má tá an doiciméadacht a luaitear thuas in ord, níl aon ghá le huimhir an Chomhlachta faoina dTugtar Fógra a athrú le haghaidh táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais nó na Ríochta Aontaithe cheana nó a monaraíodh sula ndearnadh an deimhniú a aistriú agus nár cuireadh fós ar mhargadh an Aontais ná na Ríochta Aontaithe. Táirgí a monaraíodh tar éis aistriú an deimhnithe áfach, ba cheart iad a mharcáil le huimhir an Chomhlachta nua faoina dTugtar Fógra ón Aontas agus ní féidir leanúint d’uimhir an Chomhlachta faoina dTugtar Fógra ón Ríocht Aontaithe a úsáid (88).

c)   Creidiúnú (89)

Scoir Seirbhís Creidiúnaithe na Ríochta Aontaithe de bheith ina comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de réir bhrí Rialachán Uimh. 765/2008, agus chun críocha an Rialacháin sin, ó dheireadh na hidirthréimhse. Dá dhroim sin, ní mheastar a thuilleadh gur ‘creidiúnú' atá i ndeimhnithe creidiúnaithe de réir bhrí Rialachán Uimh. 765/2008 ná níl siad bailí agus ní aithnítear iad san Aontas a thuilleadh de bhun an Rialacháin sin ón 1 Eanáir 2021.

2.9.6.    Tuaisceart Éireann

Tá feidhm ag an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021 (90). Tá an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann faoi réir toiliú tréimhsiúil ó Thionól Reachtach Thuaisceart Éireann, agus síneadh á chur le tréimhse thosaigh an chur i bhfeidhm chuig 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse (91).

Áirithítear leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann go bhfuil forálacha áirithe de dhlí an Aontais infheidhme freisin maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann.

Leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann foráiltear go bhfuil feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais a chumhdaítear leis an Treoirleabhar seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann (92).

Ciallaíonn sin, a mhéid a bhaineann le dlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, nach mór tagairtí don Aontas a thuiscint mar thagairtí lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, cé gur gá tagairtí don Ríocht Aontaithe a thuiscint mar thagairtí nach dtagraítear ach don Bhreatain Mhór leo (93).

Go sonrach, ciallaíonn sé sin inter alia an méid seo a leanas:

Táirgí a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann, ní mór an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas a chomhlíonadh leo;

Táirge a monaraíodh i dTuaisceart Éireann agus a loingsíodh chuig an Aontas, ní táirge allmhairithe é chun críche lipéadúcháin agus sainaitheanta oibreoirí eacnamaíocha / daoine freagracha;

Táirge a loingsíodh ón mBreatain Mhór go dtí Tuaisceart Éireann, is táirge allmhairithe é;

Allmhaireoirí, ionadaithe údaraithe agus oibreoirí eacnamaíocha eile ar a gceanglaítear a bheith bunaithe san Aontas, féadfaidh siad a bheith bunaithe i dTuaisceart Éireann.

Deimhnithe a d’eisigh Comhlacht faoina dTugtar Fógra sa Bhreatain Mhór, níl siad bailí i dTuaisceart Éireann. Féadfaidh Comhlacht faoina dTugtar Fógra i dTuaisceart Éireann leanúint de tháirgí a dheimhniú in imthosca áirithe áfach (féach thíos).

Mar sin féin, leis an bPrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann eisiatar an fhéidearthacht seo a leanas maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann:

go mbeadh sí rannpháirteach i gcinnteoireacht agus múnlú cinntí an Aontais (94);

go ndéanfadh sí agóidí, nósanna imeachta coimirce nó eadrána a thionscnamh a mhéid a bhaineann siad le rialacháin, caighdeáin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, formheasanna agus údaruithe arna n-eisiúint nó arna ndéanamh ag Ballstáit an Aontais (95);

go ngníomhódh sí mar phríomhúdarás le haghaidh measúnuithe, scrúduithe agus údaruithe (96);

go ndéanfadh sí prionsabal na tíre tionscnaimh nó an aitheantais fhrithpháirtigh a agairt le haghaidh táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann; nó le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí a bhunaítear sa Ríocht Aontaithe (97).

Níos sonraí ná sin, ciallaíonn an pointe deireanach sin inter alia an méid seo a leanas:

Féadfaidh comhlachtaí atá bunaithe i dTuaisceart Éireann táirgí a dheimhniú, ach níl deimhnithe arna n-eisiúint ag Comhlachtaí faoina dTugtar Fógra i dTuaisceart Éireann bailí ach i dTuaisceart Éireann amháin. Os a choinne sin, níl na deimhnithe sin bailí san Aontas (98).

I gcás ina bhfuil táirge deimhnithe ag Comhlacht faoina dTugtar Fógra i dTuaisceart Éireann, ní mór an tásc ‘RA(TÉ)’ a bheith greamaithe air in aice le marcáil CE nó aon mharcáil chomhréireachta eile is infheidhme (99). Leis an marcáil shainiúil sin is féidir táirgí a shainaithint, táirgí is féidir a chur ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann, ach nach féidir iad a chur ar an margadh go dleathach san Aontas.

Sa réimse neamh-chomhchuibhithe nó le haghaidh gnéithe neamh-chomhchuibhithe, prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i mBallstát amháin maidir le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile de bhun Airteagail 34 agus 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh36, ní bheidh feidhm aige i leith earraí atá ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann. Ciallaíonn sé sin, maidir le táirge a chur ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann, nach féidir é sin a agairt nuair a chuirtear an táirge sin ar an margadh san Aontas. Mar sin féin, maidir le táirge a chur ar an margadh go dleathach i mBallstát, is féidir an méid sin a agairt nuair a chuirtear an táirge sin ar an margadh i dTuaisceart Éireann.

2.10.   Idirthréimhsí i gcás rialacha nua nó athbhreithnithe ón Aontas

I gcás reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe, féadfar breis ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú do na rialacha nua ar a dtugtar idirthréimhse agus comhfhreagairt don imeacht ama idir teacht i bhfeidhm rialach nua agus an tráth a thosaíonn sí chun bheith i bhfeidhm.

Ciallaíonn idirthréimhse go leanann na rialacha atá ann maidir le táirgí de bheith infheidhme cé gur glacadh rialacha nua cheana. Féadfaidh an reachtóir idirthréimhse a thabhairt isteach nuair atá rialacha maidir le táirgí an Aontais á n-athbhreithniú nó nuair a tháinig siad in ionad rialacha náisiúnta.

Is é is aidhm don idirthréimhse a cheadú do mhonaróirí, údaráis náisiúnta agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra dul in oiriúint de réir a chéile do na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus do na ceanglais fhíor-riachtanacha nó dhlíthiúla eile a chuirtear ar bun le píosa nua reachtaíochta nó píosa athbhreithnithe reachtaíochta, agus, dá réir sin, an riosca a bhaineann le blocáil táirgeachta a sheachaint. Thairis sin, ní mór am a thabhairt do mhonaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí chun aon cheart atá gnóthaithe acu faoi aon riail atá ann cheana, aon riail náisiúnta nó aon riail ón Aontas a fheidhmiú, mar shampla chun a stoic táirgí a monaraíodh i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana a dhíol. Ar deireadh, déantar foráil leis an idirthréimhse maidir le ham breise chun caighdeáin chomhchuibhithe a athbhreithniú agus a ghlacadh, cé nach réamhchoinníoll é sin le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a chur i bhfeidhm.

Le gach reachtaíocht chomhchuibhithe ón Aontais lena ndéantar foráil maidir le hidirthréimhse socraítear an dáta chun an córas atá i bhfeidhm a reo. Go ginearálta, is é sin an dáta a thagann an reachtaíocht i bhfeidhm, ach uaireanta is é sin an dáta a ghlactar an reachtaíocht.

Tar éis na hidirthréimhse, táirgí a mhonaraítear roimh an tréimhse sin nó lena linn, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá le haisghairm, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh a thuilleadh. Maidir le táirge a chuirtear ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart cead a thabhairt chun é a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís (100). Mar sin féin, le reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach ón Aontas, d’fhéadfaí toirmeasc a chur ar na doiciméid sin a chur ar fáil dá measfaí gur ghá sin ar chúiseanna sábháilteachta nó ar mhaithe le cuspóirí eile na reachtaíochta.

Táirgí nár cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na tréimhse trasuí, ní féidir iad a chur ar an margadh ná a chur i seirbhís ach má chomhlíonann siad forálacha na reachtaíochta nua go hiomlán (101).

De réir na rialach ginearálta, is tásc í marcáil CE go bhfuil táirgí, atá faoi réir píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin ón Aontas nó roinnt píosaí reachtaíochta den sórt sin lena ndéantar foráil maidir lena greamú, i gcomhréir le forálacha na reachtaíochtaí uile sin is infheidhme. Mar sin féin, i gcás ina gceadófar don mhonaróir le píosa amháin nó níos mó de na píosaí reachtaíochta sin, le linn idirthréimhse, a roghnú cad iad na socruithe atá le cur i bhfeidhm, ní tásc comhréireachta marcáil CE ach maidir leis na téacsanna dlíthiúla arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir. Dá dhroim sin, le linn idirthréimhse, ní gá go léirítear le marcáil CE go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na píosaí reachtaíochta uile is infheidhme lena ndéantar foráil maidir lena greamú. Faisnéis maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais arna cur i bhfeidhm ag an monaróir, ní mór a bheith ábalta teacht uirthi sa Dearbhú Comhréireachta AE (102).

2.11.   Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh

Ní gá go ndéantar foráil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le réiteach idirthréimhseach le haghaidh na faisnéise atá le háireamh i nDearbhú Comhréireachta AE nuair a chuirtear reachtaíocht nua in ionad na reachtaíochta atá ann cheana. Is amhlaidh an cás le haghaidh na dTreoracha ar a ndearnadh athbhreithniú chun bheith ailínithe le forálacha tagartha Chinneadh Uimh. 768/2008/CE (103). Níl na ceanglais fhíor-riachtanacha sa chuid is mó de na Treoracha sin modhnaithe ná ní ann d’idirthréimhse chun tagairt a dhéanamh do na sean-Treoracha ná do na Treoracha nua. Thairis sin, i gcás inarb ábhartha, le Treoracha ailínithe sonraítear go leanann deimhnithe a eisítear faoin tsean-Treoir de bheith bailí faoin Treoir nua. Sna cásanna sin, chomhlíonfadh táirgí ceanglais na seanreachtaíochta agus na reachtaíochta nua araon. Ón tráth a thagann siad i bhfeidhm, is gá an tagairt do na Treoracha nua a áireamh sa Dearbhú Comhréireachta AE chun a mheas go bhfuil na táirgí a chuirtear ar an margadh comhlíontach.

Sa chuid is mó de chásanna ní shonraítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ach íosmhéid inneachair sainordaitheach do Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh, ach glactar le faisnéise úsáideach bhreise go hiondúil. Féadfaidh monaróirí úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin agus tosú ar an struchtúr samplach nua a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na treoracha ailínithe a úsáid sula gcuirfear i bhfeidhm iad. I gcás ina gcomhlíonann táirgí ceanglais na sean-Treoracha agus na Treoracha nua araon, d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha tagairt a dhéanamh don dá Threoir i nDearbhú Comhréireachta AE (‘sean-Treoracha’ agus Treoracha ailínithe), lena léirítear na tréimhsí comhfhreagracha cur i bhfeidhm le haghaidh gach ceann de na treoracha. Mar shampla, le haghaidh táirge i raon feidhme Threoir 2014/30/AE, d’fhéadfadh an ráiteas seo a leanas a bheith i nDearbhú Comhréireachta AE:

‘Tá cuspóir an dearbhaithe ar a bhfuil tuairisc thuas i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais: Treoir 2004/108/CE (go dtí an 19 Aibreán 2016) agus Treoir 2014/30/AE (ón 20 Aibreán 2016).’

2.12.   Samplaí achoimre

Tá na samplaí a liostaítear thíos go hiomlán hipitéiseach agus ní ann dóibh ach chun saincheisteanna éagsúla a mhínítear sna ranna thuas a léiriú

1.

Meaisín x-gha a monaraíodh i SAM agus a díoladh le hospidéal san Ísiltír an 15 Márta 2019 ach nach sroichfidh údaráis custaim na hÍsiltíre go dtí an 5 Aibreán 2019. Díolann an monaróir an táirge lasmuigh den Aontas Eorpach go díreach leis an gcustaiméir san Aontas trí chiandíolacháin.

Sa chás sin, is é an dáta a chuirtear an meaisín x-gha ar an margadh an 15 Márta 2019. Is é sin an dáta a cheannaigh úsáideoir deiridh san Aontas Eorpach táirge a monaraíodh cheana ó mhonaróir lasmuigh den Aontas, a rinneadh ordú agus a glacadh leis le haghaidh táirge atá réidh le loingsiú. (Féach roinn 2.4. Cur ar fáil agus cur ar an margadh i gcás ciandíolachán agus díolacháin ar líne)

2.

Seoltar printéir a monaraíodh sa tSín chuig an Aontas chuig allmhaireoir de chuid na Spáinne an 15 Feabhra 2019 lena dháileadh a thuilleadh san Aontas agus scaoiltear i saorchúrsaíocht é san Aontas an 15 Márta 2019. Monaraítear an táirge lasmuigh den Aontas Eorpach agus cuireann allmhaireoir ar mhargadh an Aontais é. Sa chás sin, is é an 15 Márta 2019 dáta an chur ar an margadh arb é sin dáta an scaoilte i saorchúrsaíocht. (féach roinn 2.5. Táirgí a allmhairítear ó thíortha lasmuigh den Aontas)

3.

Bréagán a monaraíodh san Aontas agus a seoladh chuig brainse dáileacháin an mhonaróra an 20 Deireadh Fómhair 2019. Monaraítear an táirge san Aontas Eorpach agus cuireann an monaróir ón Aontas ar an margadh é. Fiú má bhaineann an dáileoir leis an monaróir, is é an 20 Deireadh Fómhair 2019 dáta an chur ar an margadh arb é sin an dáta a soláthraíodh an táirge den chéad uair lena dháileadh ar mhargadh an Aontais. (Féach roinn 2.3. Cur ar an margadh)

4.

Tacsaiméadar a monaraíodh san Aontas agus a díoladh le dáileoir an 10 Eanáir 2019. Tá ceanglais reachtacha nua infheidhme ón 1 Márta 2019. Suiteáiltear i dtacsaí é an 20 Márta 2019. Sa sampla sin, is é an 10 Eanáir 2019 dáta an chur ar an margadh, de réir na réasúnaíochta céanna atá sa sampla thuas. Is féidir é a chur i seirbhís fós féin d’ainneoin ceanglais nua a thagann i bhfeidhm an 1 Márta 2019 (mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht chomhchuibhithe nua an Aontais). (Féach roinn 2.6. Cur i seirbhís nó in úsáid (agus suiteáil)).

5.

Ordaíonn úsáideoir deiridh de chuid an Aontais meaisín críochnaithe an 1 Aibreán 2019 ar bhonn tairisceana/samhla i gcatalóg. Monaraítear an meaisín ina dhiaidh sin sa tSín agus loingsítear chuig an úsáideoir deiridh é an 1 Meitheamh 2019. Sroicheann sé na húdaráis chustaim an 20 Meitheamh 2019. Díolann an monaróir an táirge lasmuigh den Aontas Eorpach go díreach leis an gcustaiméir san Aontas trí chiandíolacháin. Sa sampla sin, is é an 1 Meitheamh 2019 dáta an chur ar an margadh. Is é sin an dáta atá an táirge a cheannaigh úsáideoir deiridh de chuid an Aontais ó mhonaróir lasmuigh den Aontas monaraithe cheana agus réidh le loingsiú. (Féach roinn 2.4. Cur ar fáil agus cur ar an margadh i gcás ciandíolachán agus díolacháin ar líne)

6.

Soláthraíonn monaróir ríomhairí pearsanta san Aontas cuid dá tháirgeacht PC chun go n-úsáidfeadh a fhostaithe féin iad an 1 Feabhra 2019. Soláthraítear na táirgí sin lena n-úsáid ar mhargadh an Aontais agus dá réir sin cuirtear ar an margadh iad an 1 Feabhra 2019. (Féach roinn 2.3. Cur ar an margadh)

7.

Seolann monaróir bréagán lasmuigh den Aontas 100 bréagán den tsamhail chéanna chuig soláthraí seirbhíse comhlíonta an 15 Márta 2019 agus scaoiltear i saorchúrsaíocht iad an 20 Márta 2019. Tosaíonn an monaróir ar na táirgí sin a dhíol ar a shuíomh gréasáin féin ón 1 Aibreán 2019. Monaraítear na táirgí lasmuigh den Aontas agus aistrítear go fisiceach chuig soláthraí seirbhíse comhlíonta iad lena ndáileadh ar mhargadh an Aontais. Sa sampla sin, is é an 20 Márta 2019 dáta an chur ar an margadh, arb é sin dáta an scaoilte i saorchúrsaíocht. (Féach roinn 2.4. Cur ar fáil agus cur ar an margadh i gcás ciandíolachán agus díolacháin ar líne)

3.   NA GNÍOMHAITHE SA SLABHRA SOLÁTHÁIR TÁIRGÍ AGUS A nOIBLEAGÁIDÍ

Le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais sainmhínítear an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir mar ‘oibreoirí eacnamaíocha’ (104). Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2019/1020, áirítear freisin sa chatagóir sin an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na táirgí a mhonarú, a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais.

3.1.   Monaróir

Ciallaíonn an monaróir aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú, agus a chuireann ar an margadh é faoina ainm nó faoina thrádmharc féin.

Tá an monaróir freagrach as measúnú comhréireachta an táirge agus tá sé faoi réir sraith oibleagáidí lena n-áirítear ceanglais inrianaitheachta.

Nuair a chuirtear táirge ar mhargadh an Aontais, tá freagrachtaí monaróra mar an gcéanna cibé acu atá nó nach bhfuil sé bunaithe lasmuigh den Aontas nó i mBallstát.

Ní mór don mhonaróir dul i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla atá i gceannas ar fhaireachas margaidh i gcás ina bhfuil riosca ag baint le táirge nó ina bhfuil sé neamhchomhlíontach.

Is é atá sa mhonaróir aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as táirge a dhearadh nó a mhonarú agus a chuireann ar an margadh é faoina ainm nó faoina thrádmharc féin (105). Tá dhá choinníoll charnacha sa sainmhíniú: ní mór don duine an táirge a mhonarú (nó a chur á mhonarú) agus a chur ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin. Mar sin, má mhonaraítear an táirge faoi ainm nó trádmharc duine eile, measfar gurb é an monaróir an duine sin.

Tá feidhm freisin ag freagrachtaí an mhonaróra maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann táirgí réamhdhéanta a chóimeáil, a phacáil, a phróiseáil nó a lipéadú agus a chur ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin. Thairis sin, cuirtear freagracht an mhonaróra ar aon duine a athraíonn an úsáid atá beartaithe do tháirge ar bhealach a fhágann go dtiocfaidh ceanglais éagsúla fhíor-riachtanacha nó dhlíthiúla eile chun bheith infheidhme, nó go modhnaítear nó go n-atógtar táirge go substaintiúil (agus go gcruthaítear táirge nua dá réir sin), d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, sna cásanna sin ina n-áirítear cur i seirbhís i raon feidhme na reachtaíochta comhchuibhithe is infheidhme ón Aontas maidir leis an táirge (106).

Féadfaidh an monaróir féin an táirge a dhearadh agus a mhonarú. Mar mhalairt, féadfaidh sé é a chur á dhearadh, á mhonarú, á chóimeáil, á phacáil, á phróiseáil nó á lipéadú d’fhonn é a chur ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, agus dá réir sin á chur féin i láthair mar mhonaróir (107). I gcás ina ndéanfar fochonraitheoireacht, ní mór don mhonaróir an rialú foriomlán a choinneáil ar an táirge agus a áirithiú go bhfaighidh sé an fhaisnéis uile is gá chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh de réir an ghnímh comhchuibhithe ábhartha ón Aontas. An monaróir a ligeann cuid dá ghníomhaíochtaí nó a ghníomhaíochtaí uile ar fochonradh, ní fhéadfaidh sé, in aon imthoisc, a fhreagrachtaí a scaoileadh, mar shampla, le hionadaí údaraithe, dáileoir, úsáideoir nó fochonraitheoir.

Is ar an monaróir atá an fhreagracht deiridh maidir le comhréireacht an táirge leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas, cibé acu a dhear nó nár dhear agus a mhonaraigh nó nár mhonaraigh sé féin an táirge nó a mheastar nó nach meastar gur monaróir é toisc go gcuirtear an táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin.

Dá réir sin, nuair a aistrítear táirge chuig an monaróir chun bearta breise a dhéanamh ina leith amhail cóimeáil, pacáistiú, próiseáil nó lipéadú, nuair a chuirtear an táirge ar an margadh, is air féin amháin atá an fhreagracht deiridh maidir le comhréireacht an táirge leis an reachtaíocht is infheidhme a áirithiú, agus ní mór dó a bheith in ann a leithéid a dhéanamh.

Is é an monaróir atá freagrach as an táirge a dhearadh agus a mhonarú i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha nó dhlíthiúla eile a leagtar síos le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais agus as measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta nó leis na nósanna imeachta a leagtar síos le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (108).

Tá oibleagáid ar an monaróir dearadh agus déantús an táirge a thuiscint chun bheith in ann freagracht a ghlacadh as an táirge a bheith i gcomhréir le forálacha uile reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Tá feidhm aige sin go comhionann maidir le staideanna ina ndéanann an monaróir féin an táirge a dhearadh, a mhonarú, a phacáil agus a lipéadú, agus le staideanna ina ndéanann fochonraitheoir cuid de na hoibríochtaí sin nó iad uile. Ní mór an fhaisnéis ábhartha a bheith ag an monaróir chun comhlíontacht an táirge atá ar fáil dó a léiriú.

Ina leith sin, tagann an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin chun bheith ina mhonaróir go huathoibríoch chun críocha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, glacann sé freagracht iomlán as measúnú comhréireachta (dearadh agus táirgeadh) an táirge, fiú más amhlaidh a rinne duine eile an méid sin. Thairis sin, ní mór dó a bheith i seilbh na doiciméadachta (amhail an doiciméadacht theicniúil lena n-áirítear aon tuarascáil tástála ábhartha) agus na ndeimhnithe uile is gá chun comhréireacht an táirge a léiriú, ach ní gá dóibh sin a bheith faoina ainm. Sna cásanna sin, ní mór é a bheith soiléir go léirítear leis an doiciméadacht agus leis na deimhnithe comhlíonadh an táirge shonraigh a chuirtear ar an margadh.

Le Treoir 2014/33/AE maidir le hArdaitheoirí sainmhínítear suiteálaí ardaitheora mar ‘an duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann freagracht as ardaitheoir a dhearadh, a mhonarú, a shuiteáil agus a chur ar an margadh’. Dá réir sin, is duine é an suiteálaí a ghlacann freagrachtaí a shanntar go ginearálta don mhonaróir i gcomhthéacs reachtaíocht comhchuibhithe eile ón Aontas.

Le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ní cheanglaítear ar an monaróir a bheith bunaithe san Aontas. Dá réir sin, nuair a chuirtear táirge ar mhargadh an Aontais, tá freagrachtaí monaróra mar an gcéanna cibé acu atá nó nach bhfuil sé bunaithe lasmuigh den Aontas nó i mBallstát.

Mar riail ghinearálta, le linn táirge a chur ar an margadh ní mór don mhonaróir na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áiritheofar leis an bpróiseas monaraíochta comhlíonadh na dtáirgí (109) agus go háirithe:

1.

ní mór dó an measúnú comhréireachta is infheidhme a dhéanamh nó a áirithiú go ndéanfar é, i gcomhréir leis an nós imeachta nó na nósanna imeachta a leagtar síos le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Ag brath ar an ngníomh comhchuibhithe ón Aontas, is féidir go gceanglófar ar an monaróir an táirge a chur faoi bhráid tríú páirtí (comhlacht faoina dtugtar fógra de ghnáth) chun go ndéanfar an measúnú comhréireachta, nó chun go bhformheasfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra córas cáilíochta. In aon chás, tá freagracht iomlán ar an monaróir as comhréireacht an táirge;

2.

ní mór dó an doiciméadacht theicniúil a cheanglaítear a tharraingt suas;

3.

ní mór dó an Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas;

4.

ní mór dó treoracha agus faisnéis sábháilteachta a chur ag gabháil leis an táirge (110) (111) mar a cheanglaítear leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas (112), i dteanga ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile í a thuiscint go héasca, arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann (113). Mura sonraítear a mhalairt i reachtaíocht shonrach, ní mór treoracha agus faisnéis sábháilteachta a sholáthar (114), cibé acu atá nó nach bhfuil an táirge ceaptha le haghaidh tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh. Ba cheart a áirithiú leis sin an fhaisnéis uile is gá le haghaidh úsáid shábháilte an táirge, chun é a chur ar a chumas don tomhaltóir an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a choinneáil ar bun, agus a dhiúscairt. Le treoracha maidir le cóimeáil nó suiteáil ba cheart na codanna fardail agus scileanna nó uirlisí speisialta a áireamh. Leis na treoracha maidir le hoibríocht ba cheart faisnéis a áireamh maidir le srian ar úsáid, an gá le trealamh cosanta pearsanta, cothabháil agus glantachán nó deisiúchán. Is faoin monaróir atá sé a chinneadh cén fhaisnéis ábhartha ba cheart a áireamh sna treoracha agus san fhaisnéis sábháilteachta le haghaidh táirge ar leith. Ní mór do mhonaróirí breathnú níos faide ná a measann siad a bheith i gceist leis an úsáid atá beartaithe do tháirge agus iad a chur i suíomh gnáthúsáideora táirge ar leith agus a shamhlú cén úsáid a mheasann siad a bhainfidís as an táirge go réasúnta. Thairis sin, uirlis a dearadh agus atá beartaithe lena húsáid ag gairmithe amháin, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfeadh daoine nach gairmithe iad í freisin agus ní mór an fhéidearthacht sin a chur san áireamh sa dearadh agus sna treoracha a ghabhann leis an táirge sin. Ní mór na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta a bheith soiléir, intuigthe agus inléite;

5.

na ceanglais inrianaitheachta a leanas a chomhlíonadh:

An doiciméadacht theicniúil agus Dearbhú Comhréireachta AE a choimeád ar feadh 10 mbliana tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh (115) nó ar feadh na tréimhse a shonraítear i ngníomh comhchuibhithe ábhartha an Aontais.

A áirithiú go bhfuil cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir nó gné eile ar an táirge lena gcumasaítear aitheantas an táirge.

Sonraigh na heilimintí a leanas: a (1) ainm, a trádainm cláraithe nó marc trádála cláraithe agus (2) aon seoladh poist teagmhála amháin ar an táirge (116) nó i gcás nach bhfuil sé indéanta mar gheall ar mhéid nó ar shaintréithe fisiciúla na dtáirgí (117), ar a phacáistíocht (118) agus/nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis (119) (120) (121). Ní gá go mbeadh an t-aon phointe teagmhála amháin lonnaithe sa Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.

6.

greamaigh an mharcáil chomhréireachta (marcáil CE agus i gcás inarb ábhartha marcálacha eile (122)) den táirge i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme;

7.

a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí. Athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla eile ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge, ní mór na hathruithe sin a chur san áireamh go leordhóthanach. Bíonn an cineál gníomhaíochta atá le déanamh ag an monaróir ag brath ar chineál na n-athruithe sna caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla eile, go háirithe cibé an bhfuil, nó nach bhfuil, na hathruithe sin ábhartha maidir le cumhdach na gceanglas fíor-riachtanach nó na gceanglas dlíthiúil eile agus cibé an mbaineann siad, nó nach mbaineann siad, leis an táirge atá i gceist. D’fhéadfadh gá a bheith le nuashonrú ar Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh, athrú ar dhearadh an táirge, teagmháil leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, (123) etc.;

8.

i gcás inarb ábhartha, deimhnigh an táirge agus/nó an córas cáilíochta.

Faoi ghníomhartha comhchuibhithe áirithe de chuid an Aontais, d’fhéadfaí a éileamh ar an monaróir tástáil samplála a dhéanamh ag deireadh an tslabhra táirgeachta nó ar tháirgí a margaíodh cheana, d’fhonn cosaint bhreise a sholáthar do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile (124) (125).

Déanfaidh monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas, déanfaidh siad láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil cúis ag monaróirí le creidiúint go bhfuil riosca ar shláinte, ar shábháilteacht ar an gcomhshaol nó ar aon leas poiblí eile a chosnaítear leis an reachtaíocht is infheidhme i gceist leis an táirge (126), cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh. Soláthraíonn an Coimisiún uirlis TF, an Tairseach Ghnó um Fholáireamh maidir le Sábháilteacht Táirgí, chun gnéithe praiticiúla a bhaineann leis an oibleagáid sin a éascú (127).

Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil (128), ní mór don mhonaróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a sholáthar chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Mar shampla, bheadh an dearbhú comhréireachta, an chuid ábhartha den doiciméadacht theicniúil, nó deimhnithe atá eisithe ag Comhlachtaí faoina dtugtar Fógra, san áireamh leis sin. Má chomhaontaítear é le húdaráis faireachais margaidh, féadfar an fhaisnéis a tharchur go leictreonach. Ní mór do mhonaróirí comhoibriú le húdarás náisiúnta inniúil, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le táirgí a chuir siad ar an margadh a chealú nó a mhaolú. Ní mór do mhonaróirí ar iarraidh ó údaráis faireachais margaidh oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad táirge dó a aithint. Ní mór dóibh a bheith in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an táirge a sholáthar.

Is é an réasúnacht leis sin go bhféadfaidh údaráis náisiúnta glacadh le teanga a thuigeann siad ach atá éagsúil ón teanga náisiúnta (teangaí náisiúnta). Tá an teanga roghnaithe faoi réir idirbheartaíocht leis an údarás agus d’fhéadfadh sí a bheith ina tríú teanga, má ghlacann an t-údarás leis sin.

I gcás iarraidh réasúnaithe, is leordhóthanach go soláthróidh an monaróir an chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an neamhchomhréireacht arna maíomh, agus is iomchuí maidir lena thaispeáint cé acu ar dhéileáil, nó nár dhéileáil, an monaróir leis an tsaincheist. Dá bhrí sin, ba cheart aon iarraidh ar aistriúchán dhoiciméadacht theicniúil a aistriú a bheith teoranta do na codanna sin den doiciméadacht. Féadfar sprioc-am chun na doiciméid arna n-iarradh a fháil a léiriú san iarraidh, ag brath ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bhfuil an táirge faoina réir. Féadfar scrioc-am níos gairide a shocrú más féidir leis an údarás náisiúnta údar a thabhairt maidir leis an bpráinn ar bhonn riosca tromchúiseach.

Má chumhdaítear cur i seirbhís i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, tá na freagrachtaí céanna ag an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chuireann an táirge i seirbhís atá ag an monaróir a chuireann táirge ar an margadh. Ní mór dó a áirithiú go gcomhlíonann an táirge reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le comhchuibhiú, agus gur lean an monaraóir an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí (129).

Thairis sin, ní mór do dhuine a chuireann táirgí athláimhe ó thríú tír, nó aon táirge eile nár dearadh ná nár monaraíodh le haghaidh mhargadh an Aontais ar mhargadh an Aontais, ról an mhonaróra a ghlacadh.

Ar deireadh, má mhodhnaíonn allmhaireoir nó dáileoir táirge a mhéid a bhféadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme nó má sholáthraíonn sé an táirge faoina ainm nó faoina thrádmharc, meastar é a bheith mar an monaróir agus ní mór dó tabhairt faoi na hoibleagáidí uile atá ar an monaróir (130). Dá réir sin, ní mór dó a áirithiú go gcomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas, agus gur lean an monaraóir an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí (131).

3.2.   Ionadaí údaraithe

Beag bean ar cibé an bhfuil sé, nó nach bhfuil sé, lonnaithe san Aontas, féadfaidh an monaróir ionadaí údaraithe san Aontas a ainmniú le gníomhú thar a cheann ag tabhairt faoi chúraimí áirithe.

Cibé an bhfuil nó nach bhfuil an monaróir lonnaithe san Aontas, féadfaidh sé ionadaí údaraithe san Aontas a ainmniú le gníomhú thar a cheann ag tabhairt faoi chúraimí áirithe a éilítear sa reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas (132). Níl sé d’oibleagáid ar mhnaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach ionadaí údaraithe a bheith aige (133).

Chun críche reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun a bheith in ann gníomhú thar cheann an mhonaróra, ní mór don ionadaí údaraithe a bheith bunaithe san Aontas. Níor cheart ionadaithe tráchtála an mhonaróra (amhail dáileoirí nó gníomhaithe údaraithe) a mheascadh leis an ionadaí údaraithe de réir bhrí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.

Ní mór do tharmligean cúraimí ag an monaróir don ionadaí údaraithe a bheith follasach agus leagtha amach i scríbhinn, go háirithe chun inneachar agus teorannacha chúraimí an ionadaithe a shainiú. Is de chineál riaracháin iad na cúraimí a bhféadfaí a tharmligean don ionadaí údaraithe de réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá réir sin, ní fhéadfaidh an monaróir na bearta is gá a tharmligean chun a áirithiú go ndeimhnítear comhlíonadh na dtáirgí sa phróiseas monaraíochta, ná tarraingt suas na doiciméadachta teicniúla a tharmligean, mura bhforáiltear a mhalairt. Thairis sin, ní fhéadfaidh ionadaí údaraithe an táirge a mhodhnú ar a thionscnamh féin chun é a thabhairt i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas.

I gcás ina gceapann an monaróir ionadaí údaraithe, ligfear don ionadaí údaraithe tabhairt faoi na cúraimí a leanas ar a laghad sa sainordú:

dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis faireachais margaidh náisiúnta agus comhoibriú leo ar iarraidh uathu,

ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht táirge a léiriú;

comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear lena sainordú.

Ag brath ar an nós imeachta deimhnithe comhlíonta nó an gníomh de chuid an Aontais maidir le comhchuibhiú atá i gceist, féadfaidh an t-ionadaí údaraithe, cuir i gcás, a bheith ceaptha le tabhairt faoi chúraimí, atá sonraithe sa sainordú scríofa, amhail:

marcáil CE (agus i gcás inarb ábhartha marcálacha eile) agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra a ghreamú den táirge;

Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú,

gníomhú mar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun tabhairt faoi na cúraimí a leagtar amach i mír (3) den airteagal sin.

Féadfaidh an t-ionadaí údaraithe atá ceaptha ag monaróir a bheith ina allmhaireoir nó ina dháileoir de réir bhrí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, sa chás sin ní mór dó oibleagáidí an allmhaireora nó an dháileora a chomhlíonadh (134).

3.3.   Allmhaireoir

Is duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais é an t-allmhaireoir.

Tógann a chuid oibleagáidí ar oibleagáidí an mhonaróra.

Is éard atá san allmhaireoir an t-oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais. Tá freagrachtaí tábhachtacha aige atá sainithe go soiléir faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (135) (136). Den chuid is mó, tógann siad ar na cineálacha freagrachtaí a bhfuil monaróir bunaithe san Aontas faoina réir.

Ní mór don allmhaireoir a áirithiú gur chomhlíon an monaróir a cheanglais i gceart. Ní athdhíoltóir táirgí simplí é an t-allmhaireoir, ach tá ról tábhachtach aige maidir le comhlíonadh na dtáirgí allmhairithe a áirithiú.

Sainmhínítear an t-allmhaireoir mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais. Mar riail ghinearálta, ní mór don allmhaireoir an méid a leanas a áirithiú sula gcuireann sé táirge ar an margadh:

1.

gur lean an monaraóir an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta. Má tá aon amhras air faoi chomhréireacht an táirge, ní mór dó staonadh ón táirge a chur ar an margadh. Má cuireadh an táirge ar an margadh cheana féin, ní mór dó gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh (137). Sa dhá chás sin, d’fhéadfadh gá a bheith ann teagmháil a dhéanamh leis an monaróir chun aon amhras atá ann faoi chomhréireacht an táirge a shoiléiriú.

2.

gur tharraing an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil, gur ghreamaigh sé an mharcáil chomhréireachta ábhartha (e.g. marcáil CE) leis an táirge, gur chomhlíon sé na ceanglais inrianaitheachta agus go ghabhann, i gcás inarb ábhartha, na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, mar a chinneann an Ballstát lena mbaineann (138).

Ba cheart do na hoibleagáidí sin a áirithiú go bhfuil feasacht ag na hallmhaireoirí ar an bhfreagracht atá acu gan ach táirgí comhréireacha a chur ar an margadh (139). Ní thugann siad le fios go bhfuil gá ann d’allmhaireoirí dul i muinín nósanna imeachta rialaithe breise ná tástáil bhreise (ag tríú páirtí), agus ní chuireann siad cosc orthu é sin a dhéanamh ach oiread.

Ní mór don allmhaireoir an méid a leanas a dhéanamh freisin:

Sonraigh an dá eilimint a leanas: a (1) ainm, a thrádainm cláraithe nó marc trádála agus (2) an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar an táirge nó i gcás nach bhfuil sé indéanta mar gheall ar mhéid nó ar shaintréithe fisiciúla an táirge nó i gcás ina mbeadh gá leis an bpacáistíocht a oscailt, ar a phacáistíocht (140) agus/nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis (141). Agus é sin á dhéanamh aige, níor cheart dó cur isteach ar infheictheacht aon fhaisnéis sábháilteachta atá priontáilte ar an táirge ná ar na doiciméid a ghabhann leis.

A áirithiú, fad atá táirge faoina fhreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa reachtaíocht is infheidhme i gcontúirt.

Cóiméad cóip de Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh ar feadh 10 mbliana tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh (142) nó ar feadh na tréimhse a shonraítear in ngníomh comhchuibhithe ábhartha an Aontais.

A áirithiú gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil ar iarraidh (143). Ní mór don allmhaireoir comhoibriú leis an údarás sin agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil uaidh (144), ní mór dó an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a sholáthar chun comhréireacht an táirge a léiriú a chur ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Is é an réasúnacht leis sin go bhféadfaidh údaráis náisiúnta glacadh le teanga a dtuigeann siad ach atá éagsúil ón teanga náisiúnta (teangaí náisiúnta). Tá an teanga roghnaithe faoi réir idirbheartaíochta leis an údarás agus d’fhéadfadh sí a bheith ina tríú teanga, má ghlacann an t-údarás leis sin.

I gcás iarraidh réasúnaithe, is leordhóthanach go soláthróidh an allmhaireoir an chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an neamhchomhréireacht arna maíomh agus is iomchuí le taispeáint cibé ar dhéileáil, nó nár dhéileáil, an monaróir leis an tsaincheist. Dá bhrí sin, ba cheart aon iarraidh ar aistriúchán ar dhoiciméadacht theicniúil a bheith teoranta do na codanna sin den doiciméadacht.

Ar iarraidh ó na húdaráis faireachais margaidh, ní mór don allmhaireoir aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair an táirge dó agus ar sholáthair sé an táirge dó a aithint. Ní mór dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a sholáthar ar feadh thréimhse 10 mbliana tar éis dó an táirge a fháil agus ar feadh thréimhse 10 mbliana tar éis dó an táirge a sholáthar.

Ina theannta sin, faoi ghníomhartha comhchuibhithe áirithe an Aontais, d’fhéadfaí a cheangal ar an allmhaireoir, cosúil le monaróir, tástáil shamplach a dhéanamh ar tháirgí a cuireadh ar an margadh cheana féin nó an tástáil sin a bheith déanta aige (145).

Mar an gcéanna, déanfaidh allmhaireoirí a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge arna chur ar an margadh acu i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas, na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun go mbeidh an táirge sin i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh na hallmhaireoirí na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas láithreach.

Ní gá don allmhaireoir sainordú a fháil ón monaróir, ná caidreamh tosaíochta a bheith aige leis an monaróir cosúil leis an ionadaí údaraithe. Ní mór don allmhaireoir a áirithiú, áfach, ar mhaithe lena chuid freagrachtaí a chomhlíonadh, gur féidir teagmháil leis an monaróir a bhunú (e.g. an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil don údarás iarrtha).

Féadfaidh an t-allmhaireoir tascanna riaracháin a dhéanamh thar ceann an mhonaróra. I gcás den sórt sin, caithfidh an monaróir é a ainmniú go sainráite chun bheith ina ionadaí údaraithe.

3.4.   Dáileoir

Is éard atá sa dáileoir duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh.

Tá dáileoirí faoi réir oibleagáidí sonracha agus bíonn ról ríthábhachtach acu i gcomhthéacs an fhaireachais ar an margadh.

In éineacht le monaróirí agus allmhaireoirí, is iad na dáileoirí an tríú catagóir d’oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn faoi réir oibleagáidí sonracha. Is duine nádúrtha nó duine dlítheanach sa slabhra soláthair é an dáileoir, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh.

Ní cheanglaítear ar mhiondíoltóirí, ar mhórdhíoltóirí ná ar dháileoirí eile sa slabhra soláthair caidreamh tosaíochta a bheith acu leis an monaróir cosúil leis an ionadaí údaraithe. Faigheann dáileoir táirgí lena ndáileadh ar aghaidh ó mhonaróir, ó allmhaireoir, nó ó dháileoir eile.

Ní mór do dháileoir gníomhú le cúram cuí (146) i ndáil leis na ceanglais is infheidhme (147). Caithfidh fios a bheith acu, mar shampla, cad iad na táirgí nach mór marcáil CE a bheith orthu, cén fhaisnéis a bheidh ag gabháil leis an táirge (mar shampla Dearbhú Comhréireachta AE), cad iad na ceanglais teanga atá ann maidir le lipéadú, treoracha úsáideora nó doiciméid eile a ghabhann leis, agus cad é an tásc follasach nach bhfuil an táirge comhlíontach. Tá oibleagáid ar dháileoirí a léiriú don údarás faireachais margaidh náisiúnta gur ghníomhaigh siad le cúram cuí agus a áirithiú go ndearna an monaróir, nó a ionadaí údaraithe, nó an duine a sholáthair an táirge dó na bearta a cheanglaítear leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas mar atá liostaithe sna hoibleagáidí do dháileoirí.

Tá an cúram fós ar an monaróir agus/nó ar an allmhaireoir as an measúnú comhréireachta, as dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh agus an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas agus a choimeád agus/nó tá cúram ar an allmhaireoir as an dearbhú comhréireachta a choimeád i gcás táirgí ó thríú tíortha. Ní cuid d’oibleagáidí an dáileora a sheiceáil cibé an bhfuil táirge atá curtha ar an margadh cheana féin fós i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme faoi láthair i gcás inar tháinig athrú orthu sin. Tagraíonn oibleagáidí an dáileora don reachtaíocht is infheidhme nuair a chuir an monaróir nó an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh mura bhforáiltear a mhalairt leis an reachtaíocht shonrach.

Ní mór don dáileoir a bheith in ann an monaróir, a ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an duine a sholáthair an táirge dó a shainaithint chun cúnamh a thabhairt don údarás um fhaireachas margaidh ina iarrachtaí chun Dearbhú Comhréireachta AE a fháil chomh maith leis na codanna is gá den doiciméadacht theicniúil. D’fhéadfadh na húdaráis faireachais margaidh a n-iarraidh ar an doiciméadacht theicniúil a sheoladh díreach chuig an dáileoir. Níl coinne leis áfach go mbeidh an doiciméadacht ábhartha i seilbh an dáileora.

Sula gcuirfidh an dáileoir táirge ar fáil ar an margadh, ní mór dó na ceanglais fhoirmiúla seo a leanas a fhíorú (148):

go bhfuil an mharcáil chomhréireachta (na marcálacha comhréireachta) a cheanglaítear ar an táirge (e.g. marcáil CE);

go bhfuil na doiciméid ábhartha ag gabháil leis an táirge (e.g. Dearbhú Comhréireachta AE (149)) agus treoracha agus faisnéis sábháilteachta (150) i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, má éilítear sin leis an reachtaíocht is infheidhme;

gur shonraigh an monaróir agus an t-allmhaireoir a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc agus (2) an seoladh ag ar féidir dul i dteagmháil leo maidir leis an táirge nó nuair nach féidir é a dhéanamh mar gheall ar mhéid nó ar shaintréithe fisiceacha na dtáirgí, ar a phacáistiú agus/nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis (151), agus go bhfuil cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir ar an táirge nó gné eile lena mbítear in ann an táirge a shainaithint.

Ní mór do na dáileoirí gan táirgí a sholáthar arb eol dóibh nach raibh siad nó ar cheart dóibh glacadh leis nach raibh siad, ar bhonn na faisnéise atá acu agus mar ghairmí, i gcomhréir leis an reachtaíocht. Anuas air sin, ní mór dóibh comhoibriú leis an údarás inniúil i ngníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na rioscaí sin a sheachaint nó a íoslaghdú, agus an monaróir nó an t-allmhaireoir a chur ar an eolas chomh maith leis na húdaráis inniúla náisiúnta (152).

Cuireann oibleagáidí comhchosúla dáileoirí faoi cheangal a luaithe is a chuirtear táirge ar fáil. Má tá forais réasúnacha ag na dáileoirí a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir, caithfidh siad déanamh cinnte go ndéanfaidh an monaróir nó an t-allmhaireoir bearta ceartaitheacha chun go mbeidh an táirge i gcomhréir agus caithfidh siad na húdaráis náisiúnta inniúla a chur ar an eolas. Caithfidh na dáileoirí dul i dteagmháil leis an allmhaireoir nó leis an monaróir chun aon amhras maidir le comhréireacht an táirge a shoiléiriú.

Chomh maith le comhréireacht an táirge a rialú leis na ceanglais fhoirmiúla, ní mór don dáileoir:

1.

bearta ceartaitheacha a thionscnamh i gcás ina bhfuil amhras maidir le neamh-chomhréireacht (153);

2.

cúnamh a thabhairt do na húdaráis faireachais margaidh chun an monaróir nó an t-allmhaireoir atá freagrach as an táirge a shainaithint;

3.

ar iarraidh réasúnaithe (154) a fháil ó údarás inniúil, comhoibriú leis an údarás sin agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a sholáthar don údarás sin chun comhréireacht táirge a léiriú (155);

4.

ar iarraidh ó na húdaráis faireachais margaidh, aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair an táirge dóibh agus cé ar sholáthair siad an táirge dó a shainaithint. Ní mór dóibh a bheith in ann an fhaisnéis sin a sholáthar ar feadh thréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an táirge a fháil agus ar feadh thréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an táirge a sholáthar (156).

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na coinníollacha dáilte (iompar nó stóráil mar shampla) ar chomhlíonadh a choinneáil ar bun leis na forálacha sa reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas. Dá réir sin, ní mór don duine atá i gceannas ar na coinníollacha dáilte na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an táirge a chosaint. Déanfar é sin chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge na ceanglais fhíor-riachtanacha nó ceanglais dhlíthiúla eile an chéad uair a úsáidtear é laistigh den Aontas (157).

Féadfar na coinníollacha dáilte, in éagmais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, a rialáil go méid áirithe ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 36 CFAE. Le reachtaíocht náisiúnta lena ndeonaítear do chomhaltaí gairme ar leith an ceart eisiach chun táirgí áirithe a dháileadh, a mhéid is go gcuireann sé srian ar dhíolacháin le bealaí áirithe, táthar ábalta difear a dhéanamh do na féidearthachtaí maidir le táirgí allmhairithe a mhargú. Dá réir sin, d’fhéadfaí a chuimsiú le reachtaíocht den sórt sin beart ag a bhfuil éifeacht atá coibhéiseach le srian cainníochtúil ar allmhairí. Is féidir údar a thabhairt leis sin áfach mar shampla ar fhorais a bhaineann le cosaint na sláinte poiblí, má tá an beart iomchuí dá aidhm agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach (158).

3.5.   Soláthraithe Seirbhíse Comhlíonta

Áirítear le Rialachán (AE) 2019/1020 soláthraithe seirbhíse comhlíonta mar chatagóir eile d’oibreoirí eacnamaíocha. Ciallaíonn soláthraithe seirbhíse comhlíonta aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, a thairgeann, i gcúrsa gníomhaíocht tráchtála, dhá cheann de na seirbhísí seo a leanas ar a laghad: stórasú, pacáistiú, seoladh a scríobh agus táirge a sheoladh, gan úinéireacht ag an soláthraí ar na táirgí i dtrácht. Ní áirítear leis na seirbhísí cáilitheacha seirbhísí poist (159), seirbhísí seachadta beartán (160) agus aon seirbhís poist nó seirbhís iompair lasta eile (161). Bíonn cleachtadh go ginearálta ag soláthraithe seirbhíse comhlíonta atá lonnaithe san Aontas Eorpach ar tháirgí stórais a thairgeann oibreoirí ar líne chun a ráthú go seachadfar iad go mear chuig tomhaltóirí an Aontais. Soláthraíonn na heintitis sin seirbhísí d’oibreoirí eacnamaíocha eile. Stórálann siad táirgí agus, ar fháil orduithe dóibh, pacálann siad na táirgí agus seolann siad iad chuig custaiméirí. Láimhseálann siad táirgí a chuirtear ar ais freisin, uaireanta. Tá raon leathan cásanna oibriúcháin ann chun seirbhísí comhlíonta a sheachadadh. Tairgeann roinnt acu na seirbhísí uile atá liostaithe thuas, agus ní dhéanann cinn eile ach iad a chumhdach i bpáirt. Tá difear ina méid agus ina scála freisin, idir oibreoirí domhanda agus micrea-ghnóthaí. Gabhann gníomhaíochtaí na soláthraithe seirbhíse comhlíonta thar iad sin a bhíonn ag soláthraithe seirbhíse beartán a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, sórtála, iompair agus seachadta maidir le beartáin.

Meastar gur oibreoirí eacnamaíocha iad soláthraithe seirbhíse comhlíonta faoi Rialachán (AE) 2019/1020 agus ní mór dóibh comhoibriú le húdaráis faireachais margaidh i ndáil leis na táirgí a láimhseálann siad (162). I gcás ina dtagann an táirge laistigh de raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020, tagann an soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas chun bheith ar an oibreoir eacnamaíoch faoin Airteagal 4 sin i dtaca leis na táirgí a láimhseálann sé, i gcás nach bhfuil aon mhonaróir, allmhaireoir ná ionadaí údaraithe bunaithe san Aontas agus freagrach as na táirgí sin de bhun Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

Ag cur éagsúlacht na soláthraithe seirbhíse comhlíonta agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad san áireamh, d’fhéadfaí a bhaint de thátal as an anailís ar shamhail eacnamaíoch roinnt oibreoirí agus méid a gcuid gníomhaíochtaí gur dáileoirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe iad freisin.

3.6.   An toibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 (163)

Ceanglaítear go bunúsach le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 nach mór i gcás táirgí áirithe a chuirtear ar mhargadh an Aontais d’oibreoir eacnamaíoch a bheith san Aontas a sholáthraíonn faisnéis do na húdaráis nó a ghlacann gníomhaíocht áirithe arna iarraidh sin air. Tá feidhm aige sin ón 16 Iúil 2021.

Ceanglaítear ar oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 le linn do tháirge teacht laistigh de raon feidhme Treoir amháin nó Rialachán amháin nó níos mó atá liostaithe i mír 5 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 nó reachtaíocht eile ina ndéantar tagairt shainráite do Airteagal 4 (164), chun an táirge a chur ar mhargadh an Aontais.

Is féidir le ceithre chineál oibreora eacnamaíoch gníomhú mar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4: i) monaróir atá bunaithe san Aontas; ii) allmhaireoir (de réir an tsainmhínithe bunaithe san Aontas), i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas; iii) ionadaí údaraithe (de réir an tsainmhínithe bunaithe san Aontas) a bhfuil sainordú i scríbhinn aige ón monaróir lena n-ainmnítear an t-ionadaí údaraithe chun na cúraimí a leagtar amach i Airteagal 4(3) a dhéanamh thar ceann an mhonaróra; nó iv) soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas i gcás nach bhfuil aon mhonaróir, allmhaireoir nó ionadaí údaraithe bunaithe san Aontas.

(1) Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, agus (2) sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4, ní mór iad a léiriú ar an táirge nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis (165). I gcás inar monaróir de chuid an Aontais nó allmhaireoir é an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4, ceanglaítear an fhaisnéis sin cheana féin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (féach ranna 3.1 agus 3.3) laistigh de raon feidhme Airteagal 4 (166).

Caithfidh ainm agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 a bheith ann nuair a dhearbhaítear an táirge le haghaidh saorchúrsaíochta ag custaim (arna dheimhniú le hAirteagal 26(1)(d) de Rialachán (AE) 2019/1020). Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil an táirge dírithe lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas agus nach bhfuiltear ag tuar go ndéanfar aon phróiseáil bhreise ar an táirge tar éis a loingsithe (167), ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha lasmuigh den Aontas Eorpach a thairgeann táirgí le díol déanamh cinnte go mbeidh an fhaisnéis a éilítear maidir leis an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 léirithe ar an mbealach ar a bhfuil tuairisc thuas, agus iad á gcur leis (nó iad a bheith curtha leis) roimh loingsiú más gá. Is féidir go mbeidh roinnt ainmneacha agus sonraí teagmhála oibreoirí eacnamaíocha léirithe ar an táirge nó leis an táirge. Cé go bhféadfadh sé nach mbeadh aon cheanglas sainráite ann go mbeadh ‘arna mhonarú ag’‘arna allmhairiú ag’, ‘arna ionadú ag’ nó ‘arna chomhlíonadh ag’ ag gabháil rompu sin, níor cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis na húdaráis faireachais margaidh ar míthreoir.

Tá roinnt cúraimí ar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe go hiomlán nó go páirteach cheana féin ag a gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ag brath ar an gcineál oibreora eacnamaíoch atá iontu.

Ar an gcéad dul síos, caithfidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 roinnt cúraimí a dhéanamh nuair a ghlacann sé lena dhualgais nó nuair a chuirtear táirge nua lena phunann:

A fhíorú go bhfuil an dearbhú comhréireachta tarraingthe suas agus é a choimeád ar feadh 10 mbliana tar éis an táirge a bheith curtha ar an margadh (168) nó ar feadh na tréimhse a shonraítear i ngníomh comhchuibhithe ábhartha an Aontais;

A fhíorú go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas agus a áirithiú gur féidir é a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh ach é a iarraidh - i gcás nach gcoimeádann an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 an doiciméadacht é féin, tuigtear leis sin go seiceálfar gurb ann don doiciméadacht agus go bhfaighfear dearbhuithe ón monaróir go roinnfidh sé an doiciméadacht leis an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 nó leis na húdaráis faireachais margaidh go díreach, arna iarraidh sin air.

Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil cúis ag an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 a chreidiúint go gcuirtear riosca i láthair le táirge, ní mór dó:

Na húdaráis faireachais margaidh ábhartha a chur ar an eolas. Ba cheart dó é sin a dhéanamh i ngach Ballstát inar cuireadh an táirge ar fáil; tá sé tábhachtach freisin iad a chur ar an eolas maidir leis an ngníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh nó a dhéanfar; agus

A dhéanamh cinnte go ndéanfar an gníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun aon chás neamhchomhlíonta a leigheas nó, mura féidir é sin a dhéanamh, an riosca a mhaolú.

Ar deireadh, ní mór don oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh nuair a iarrann na húdaráis faireachais margaidh air amhlaidh a dhéanamh:

dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a sholáthar don údarás sin;

doiciméadacht theicniúil a sholáthar don údarás, nó i gcás nach gcoimeádann an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 an doiciméadacht sin, a áirithiú go soláthraítear an doiciméadacht theicniúil don údarás (go háirithe ón monaróir);

faisnéis agus doiciméadacht eile a sholáthar chun comhréireacht an táirge a léiriú (d’fhéadfaí a áireamh leis sin e.g. deimhnithe agus cinntí ó chomhlacht faoina dtugtar fógra) i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca (le caibidliú leis an údarás - d’fhéadfadh teanga seachas an teanga/na teangacha náisiúnta a bheith i gceist leis sin).

comhar leis an údarás. Beidh an gníomh a éilítear ag brath ar iarraidh an údaráis, agus caithfidh sé a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta; agus

a dhéanamh cinnte go ndéanfar an gníomhaíocht cheartaitheach is gá chun aon neamhchomhlíonadh le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge i dtrácht a leigheas nó, mura féidir sin, na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin a mhaolú.

Leis an ngníomh sin d’fhéadfaí an táirge a thabhairt i gcomhréir, é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí (169). Ní gá don oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh ná an riosca féin a mhaolú mura bhfuil oibleagáid ar an oibreoir eacnamaíoch sin amhlaidh a dhéanamh faoin reachtaíocht a bhaineann go sonrach leis an earnáil, ach ní mór dó a áirithiú go ndéantar gníomhaíocht, e.g. trí iarraidh ar an monaróir freagairt don iarraidh agus a fhíorú go ndearna sé amhlaidh.

Beidh an monaróir fós freagrach as comhlíonadh an táirge le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus (cosúil le gníomhairí eile sa slabhra soláthair) coimeádann sé aon oibleagáid dhlíthiúil atá air maidir le táirgí, ráthaíochtaí, dliteanas maidir le táirgí lochtacha, etc. Ní fhorchuirtear oibleagáidí dlíthiúla breise le hAirteagal 4 vis-à-vis tomhaltóirí nó úsáideoir deiridh eile.

3.7.   Idirghabhálaithe eile: Soláthraithe seirbhíse idirghabhála faoin Treoir maidir le Ríomhthráchtáil

Bunaítear an creat dlíthiúil i gcomhair na tráchtála leictreonaí san Aontas leis (170) an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Tugtar isteach rialacha comhchuibhithe leis amhail na ceanglais trédhearcachta agus faisnéise le haghaidh soláthraithe seirbhíse ar líne, maidir le cumarsáid tráchtála nó conarthaí leictreonacha.

Ní chumhdaítear catagóirí d’oibreoirí eacnamaíocha leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, ach tugtar tuairisc inti in ionad sin ar chatagóirí difriúla gníomhaíochtaí. Is iad na gníomhaíochtaí óstála na catagóirí gníomhaíochtaí is ábhartha, i dtaca le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí (171). Is gníomhaíochtaí iad gníomhaíochtaí óstála amhail faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a stóráil, e.g. siopaí gréasáin agus áiteanna nó ardáin margaidh ar líne.

Na soláthraithe seirbhíse idirghabhála a dhéanann na gníomhaíochtaí ar a dtugtar tuairisc thuas, tairbhíonn siad de dhíolúine ó dhliteanas as damáistí nó smachtbhannaí coiriúla a bhaineann leis an inneachar arna sholáthar ag tríú páirtithe a úsáideann a gcuid líonraí. Níl an díolúine ó dhliteanas absalóideach, áfach. I gcás gníomhaíochtaí óstála, arb iad is ábhartha don réimse sábháilteachta táirgí agus comhlíonta táirgí, ní bheidh feidhm ag an díolúine ach amháin i gcás an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála (1) mura bhfuil aon eolas nó fheasacht iarbhír aige ar chineál neamhdhleathach na faisnéise arna hóstáil agus (2) tar éis dó eolas nó feasacht den sórt sin maidir leis an inneachar neamhdhleathach a fháil (mar shampla trí fhógra ‘atá sách beacht agus a bhfuil dóthain bunúis leis’ (172)), gníomhóidh sé go gasta chun é a bhaint nó chun rochtain a dhíchumasú. Mura gcomhlíonann na soláthraithe na coinníollacha sin, ní féidir iad a chumhdach leis an díolúine agus mar sin is féidir leo a bheith faoi dhliteanas maidir leis an inneachar a bheidh á óstáil acu.

De réir Airteagal 15 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, ní féidir leis na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar na soláthraithe sin chun faireachán a dhéanamh ar an inneachar ná chun fíorais nó imthosca a léiríonn gníomhaíocht neamhdhleathach a lorg go gníomhach. Ciallaíonn sin nach féidir leis na húdaráis náisiúnta oibleagáid ghinearálta a bhunú a chuirfeadh dualgas ar idirghabhálaithe faireachán gníomhach a dhéanamh ar an trácht idirlín ar fad atá acu agus gnéithe a léiríonn gníomhaíochtaí neamhdhleathacha amhail táirgí neamhshábháilte a lorg.

Leis an toirmeasc ar fhaireachán ginearálta a iarraidh, áfach, ní theorannaítear na húdaráis phoiblí maidir le ceanglais shonracha faireacháin a bhunú, cé nach mór raon feidhme socruithe den sórt sin a bheith spriocdhírithe.

Sa chleachtas, fágann sé sin gur féidir leis na húdaráis náisiúnta teagmháil a dhéanamh leis na soláthraithe óstála nach mór dóibh, nuair a chuirtear ar an eolas faoi ghníomhaíocht neamhdhleathach iad, más mian leo tairbhiú den díolúine ó dhliteanas, an t-inneachar a bhaint nó a dhíchumasú, rud a fhágann nach mbeadh rochtain a thuilleadh ag custaiméirí an Aontais ar na táirgí neamhshábháilte/neamhchomhlíontacha trína gcuid seirbhísí.

Tugtar aghaidh go sainráite ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise i Rialachán (AE) 2019/1020. Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise dul i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin don údarás faireachais margaidh agus, i gcásanna sonracha, éascaíocht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí a dhíchur nó, mura féidir sin, chun iad a mhaolú (Airteagal 7). Go háirithe, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun riosca tromchúiseach a bhaineann le táirge a dhíchur, tá an chumhacht ag na húdaráis faireachais margaidh a éileamh go mbainfí inneachar a thagraíonn do na táirgí gaolmhara ó chomhéadan ar líne nó a éileamh go dtaispeánfaí rabhadh go sainráite d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu ar chomhéadan ar líne (Airteagal 14 (4)(k)(i)). I gcás nár comhlíonadh iarraidh den sórt sin bíonn an chumhacht ag na húdaráis faireachais margaidh é a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise srian a chur le rochtain ar an gcomhéadan ar líne, lena n-áirítear trí iarraidh ar thríú páirtí ábhartha na bearta sin a chur chun feidhme (Airteagal 14 (4)(k)(ii)). Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht is iomchuí le déanamh ar bhonn cás ar chás agus de réir phrionsabal na comhréireachta, agus an leibhéal riosca, cibé acu an féidir an t-oibreoir eacnamaíoch a shainaithint nó nach féidir, an phráinn, cibé acu a rinneadh beart in aghaidh in aghaidh an táirge ar leith nó nach ndearnadh etc á gcur san áireamh (173).

3.8.   Úsáideoir deiridh

Is éard is úsáideoir deiridh ann aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó atá bunaithe san Aontas, ar cuireadh táirge ar fáil dó ina cháil mar thomhaltóir lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó ina cháil mar úsáideoir deiridh gairmiúil le linn a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla.

Is ag an obair a úsáidtear go leor táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí agus, dá réir sin, tá siad faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht ag an obair.

Is éard is úsáideoir deiridh ann aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá a chónaíonn nó atá bunaithe san Aontas, ar cuireadh táirge ar fáil dó ina cháil mar thomhaltóir lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó ina cháil mar úsáideoir deiridh gairmiúil le linn a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla (174). Le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ní chruthaítear oibleagáidí le haghaidh úsáideoirí deiridh na dtáirgí a thagann faoina raon feidhme (175). Is amhlaidh sin fiú i gcás nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch freagrach ann laistigh den Aontas (mar shampla, i gcomhthéacs na dtáirgí a dhíoltar ar líne agus nach bhfuil gá le hoibreoir eacnamaíoch faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 ina leith (176). Dá réir sin, cumhdaítear idir úsáideoirí gairmiúla agus thomhaltóirí leis an téarma. Baineann coincheap na ‘húsáide deiridh’ ag gairmí nó ag tomhaltóir go dlúth le coincheap na ‘húsáide beartaithe’ (177).

Is ag an obair a úsáidtear go leor táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. De réir reachtaíocht atá bunaithe ar Airteagal 153 CFAE, tá oibleagáidí ag fostóirí a mhéid a bhaineann le trealamh oibre a úsáideann oibrithe san áit oibre. Meastar gur fostóir é aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh fostaíochta aige le hoibrí (is é sin aon duine atá fostaithe ag fostóir), agus atá freagrach as an ngnóthas nó as an mbunaíocht ghnó.

De réir na Treorach maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’úsáid trealaimh oibre ag oibrithe ag an obair (2009/104/CE), ní mór don fhostóir na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an trealamh oibre (mar shampla innealra agus fearas) a chuirtear ar fáil do na hoibrithe oiriúnach le haghaidh an obair a dhéantar, agus go bhféadfaidh oibrithe é a úsáid gan lagú ar a sábháilteacht nó ar a sláinte. Ní fhéadfaidh an fostóir trealamh oibre a fháil nó a úsáid ach amháin má chomhlíonann sé forálacha na reachtaíochta is infheidhme tráth a úsáidtear don chéad uair é, nó, mura bhfuil aon reachtaíocht eile infheidhme nó mura bhfuil sí ach infheidhme go páirteach, má chomhlíonann an trealamh na híoscheanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/104/CE. Chomh maith leis sin, ní mór don fhostóir na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcoimeádtar an trealamh oibre ar an leibhéal sin. Thairis sin, tá oibleagáid ar an bhfostóir faisnéis agus oiliúint a sholáthar d’oibrithe maidir le húsáid an trealaimh oibre.

De réir na Treorach maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta d’úsáid trealaimh cosanta phearsanta ag oibrithe san áit oibre (89/656/CEE), ní mór do threalamh den sórt sin forálacha ábhartha an Aontais maidir le dearadh agus monaraíocht a chomhlíonadh i ndáil le sábháilteacht agus sláinte, (is é sin gníomh comhchuibhithe an Aontais a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta). Thairis sin, ní mór an trealamh a bheith iomchuí le haghaidh an riosca atá i gceist, a bheith comhfhreagrach do na dálaí oibre atá san áit oibre cheana, ceanglais eirgeanamaíochta agus staid sláinte an oibrí a chur san áireamh, a bheith oiriúnaithe i gceart don té a chaithfidh an trealamh, agus a bheith comhoiriúnach i gcás nach mór níos mó ná píosa trealaimh amháin a úsáid go comhuaineach. Ceanglaítear ar an bhfostóir, sula roghnaíonn sé an trealamh cosanta pearsanta, a mheas go gcomhlíonann an trealamh na ceanglais.

De réir na Treorach maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána (90/270/CEE), tá oibleagáid ar fhostóirí anailís a dhéanamh ar stáisiúin oibre chun meastóireacht a dhéanamh ar na dálaí sábháilteachta agus sláinte, go háirithe maidir le rioscaí féideartha ar radharc na súl, ar fhadhbanna fisiciúla agus ar fhadhbanna a bhaineann le strus meabhrach. Chomh maith leis sin, leagtar síos na híoscheanglais le haghaidh an scáileáin taispeána agus le haghaidh trealamh eile sa Treoir.

De réir na Treorach maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (89/391/CEE), tá freagracht ghinearálta ar oibrithe cúram a thabhairt, a mhéid is féidir, dá sábháilteacht agus sláinte féin agus do shábháilteacht agus sláinte daoine eile a mbíonn tionchar ag a ngníomhaíochtaí orthu ag an obair. I gcomhréir leis an oiliúint agus leis na treoracha arna soláthar ag a bhfostóir, ní mór dóibh, mar shampla, úsáid cheart a bhaint as innealra, fearas, agus modhanna táirgthe eile, agus as an trealamh cosanta pearsanta.

Leagtar síos íoscheanglais le Treoracha 89/391/CEE, 2009/104/CE, 89/656/CEE agus 90/270/CEE. Dá bhrí sin, ceadaítear do na Ballstáit forálacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil, ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le CFAE. Ní mór forálacha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chomhlíonadh agus, dá réir sin, ní fhéadfaidh forálacha breise náisiúnta a iarraidh go modhnófaí táirge a thagann faoi raon feidhme gníomh comhchuibhithe de chuid an Aontais, ná ní fhéadfaidh siad tionchar a bheith acu ar na coinníollacha a bhaineann le táirgí den sórt sin a chur ar fáil ar an margadh.

4.   CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGE

4.1.   Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le táirge

4.1.1.    Sainmhíniú ar cheanglais fhíor-riachtanacha

Le cuid mhór de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, teorannaítear an comhchuibhiú reachtach do líon ceanglas fíor-riachtanach leasa phoiblí.

Sainítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha na torthaí atá le baint amach, nó na guaiseacha ar gá dul i ngleic leo, ach ní shonraítear iontu na réitigh theicniúla chun sin a dhéanamh.

Is gné bhunúsach de chuid mhór de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú é teorannú an chomhchuibhithe reachtaigh do na ceanglais fhíor-riachtanacha leasa phoiblí. Déileálann na ceanglais sin le cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-úsáideoirí (ar tomhaltóirí agus oibrithe iad de ghnáth) ach féadfar ceanglais bhunúsacha eile (mar shampla, cosaint maoine, acmhainní tearca nó an chomhshaoil) a chumhdach leo freisin.

Tá ceanglais fhíor-riachtanacha ceaptha chun ardleibhéal cosanta a sholáthar agus a áirithiú. Eascraíonn siad ó ghuaiseacha áirithe a bhaineann leis an táirge (mar shampla, friotaíocht fhisiciúil agus mheicniúil, inadhainteacht, airíonna ceimiceacha, leictreacha nó bitheolaíocha, sláinteachas, radaighníomhaíocht, cruinneas), nó tagraíonn siad don táirge nó d’fheidhmíocht an táirge (mar shampla, forálacha maidir le hábhair, dearadh, foirgníocht, an próiseas monaraíochta, treoracha arna dtarraingt suas ag an monaróir), nó leagtar síos an príomhchuspóir cosanta leo (trí bhíthin liosta léiritheach, mar shampla). Is minic a bhíonn meascán de na nithe sin i gceist leis na ceanglais fhíor-riachtanacha. Mar thoradh air sin, féadfar roinnt gníomhartha comhchuibhithe den Aontas a bheith infheidhme maidir le táirge ar leith an tráth céanna, ós rud é gur gá ceanglais fhíor-riachtanacha ghníomhartha comhchuibhithe éagsúla an Aontais a chur i bhfeidhm go comhuaineach chun gach leas poiblí ábhartha a chumhdach.

Ní mór ceanglais fhíor-riachtanacha a chur i bhfeidhm mar fheidhm den ghuais a bhaineann le táirge ar leith. Dá bhrí sin, is gá do mhonaróirí anailís riosca a dhéanamh chun gach riosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an táirge a shainaithint ar an gcéad dul síos agus chun na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha le haghaidh an táirge a chinneadh. Leis an anailís sin, tugtar le fios gur cheart don mhonaróir measúnú a dhéanamh ar gach gné dhifriúil a bhaineann leis na táirgí agus a chinneadh cén reachtaíocht Aontais um chomhchuibhiú a bhfuil feidhm aici ina leith, agus cé na ceanglais fhíor-riachtanacha shonracha a leagtar amach inti. Is gá an anailís sin a dhoiciméadú agus a chur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil (178). Ina theannta sin, ní mór don mhonaróir an bealach a ndéantar measúnú ar conas a thugtar aghaidh ar na rioscaí a shainaithnítear a dhoiciméadú chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha (mar shampla, trí chaighdeáin chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm). Mura gcuirtear ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó mura gcumhdaítear leis gach ceanglas fíor-riachtanach ábhartha, ba cheart doiciméadú a dhéanamh ar an mbealach a ndéileáiltear le ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha nach gcumhdaítear leis (179).

Sainítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha na torthaí atá le baint amach, nó na guaiseacha ar gá dul i ngleic leo, ach ní shonraítear iontu na réitigh theicniúla chun sin a dhéanamh. Féadfar an réiteach teicniúil beacht a sholáthar trí chaighdeán nó trí shonraíochtaí teicniúla eile nó féadfar é a fhorbairt i gcomhréir le hinnealtóireacht ghinearálta nó eolas eolaíoch a leagtar síos i litríocht innealtóireachta agus eolaíoch de rogha an mhonaróra. A bhuí leis an tsolúbthacht sin, is féidir le monaróirí an bealach ina gcomhlíonfar na ceanglais a roghnú. Chomh maith leis sin, féadfar na hábhair agus dearadh an táirge a oiriúnú do dhul chun cinn teicneolaíoch, mar shampla. Dá réir sin, le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá bunaithe ar cheanglais fhíor-riachtanacha, ní éilítear go n-oiriúnófaí go tráthrialta do dhul chun cinn teicneolaíoch í, ós rud é go bhfuil an measúnú ar cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais bunaithe ar staid an tsaineolais theicniúil tráth a chuirtear an táirge ar an margadh.

Leagtar na ceanglais fhíor-riachtanacha amach i ranna nó in iarscríbhinní ábhartha coda ar leith de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Cé nach gcuirtear aon sonraíocht monaraíochta mhionsonraithe san áireamh sna ceanglais fhíor-riachtanacha, ní hionann an leibhéal foclaíochta mionsonraithe idir gníomhartha comhchuibhithe éagsúla an Aontais (180). Tá an fhoclaíocht beartaithe a bheith beacht go leor chun oibleagáidí a chruthú atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus is féidir a fhorfheidhmiú tráth a thrasuitear isteach sa reachtaíocht náisiúnta iad, agus chun bunú iarrataí ar chaighdeánú ón gCoimisiún chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a éascú chun caighdeáin chomhchuibhithe a chruthú. Déantar iad freisin chun measúnú ar chomhréireacht leis na ceanglais sin a chumasú, fiú in éagmais caighdeáin chomhchuibhithe nó i gcás nach roghnaíonn an monaróir iad a chur i bhfeidhm.

4.1.2.    Comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha: caighdeáin chomhchuibhithe

Tá na téarmaí ‘caighdeán’, ‘caighdeán náisiúnta’, ‘caighdeán Eorpach’, ‘caighdeán comhchuibhithe’ agus ‘caighdeán idirnáisiúnta’ faoi réir sainmhínithe nithiúla in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Is sonraíochtaí teicniúla iad caighdeáin agus, dá bhrí sin, tá siad úsáideach agus éifeachtach chun cleachtais theicniúla agus réitigh theicniúla a chur chun cinn agus a scaipeadh.

Cuirtear caighdeáin i bhfeidhm ar bhonn deonach.

Is éard is caighdeáin chomhchuibhithe ann caighdeáin Eorpacha arna nglacadh ar bhonn iarrata ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

I gcás inar foilsíodh tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, soláthraítear leo toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó reachtacha eile (181) is cuspóir dóibh a chumhdach.

4.1.2.1.   Sainmhíniú ar chaighdeán comhchuibhithe

Soláthraítear sainmhínithe ar na téarmaí ‘caighdeán’, ‘caighdeán náisiúnta’, ‘caighdeán Eorpach’ agus ‘caighdeán idirnáisiúnta’ i Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 (182).

Is é an sainmhíniú atá ar ‘caighdeáin’ gur sonraíochtaí teicniúla (183) iad, arna nglacadh ag comhlacht aitheanta um chaighdeánú, atá ceaptha lena gcur i bhfeidhm arís agus arís eile nó go leanúnach, sonraíochtaí nach bhfuil a gcomhlíonadh éigeantach agus ar caighdeáin idirnáisiúnta, Eorpacha, chomhchuibhithe nó náisiúnta iad.

Is éard is ‘caighdeáin Eorpacha’ ann ‘caighdeáin’ arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (184).

Is éard is ‘caighdeáin chomhchuibhithe’ ann ‘caighdeáin Eorpacha’ arna nglacadh ar bhonn iarrata ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

Níl an sainmhíniú ar ‘caighdeán comhchuibhithe’ i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 teoranta do chaighdeáin chomhchuibhithe a thacaíonn le reachtaíocht um chomhchuibhiú i dtaca le táirgí, óir déantar úsáid na gcaighdeán comhchuibhithe sa reachtaíocht um chomhchuibhiú le haghaidh seirbhísí a phríomhshruthú sa Rialachán ar an mbealach céanna a bpríomhshruthaítear úsáid na gcaighdeán comhchuibhithe i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i dtaca le táirgí.

4.1.2.2.   Ról na gcaighdeán comhchuibhithe

Forbraítear agus glactar caighdeáin chomhchuibhithe ar an gcaoi chéanna le caighdeáin Eorpacha eile a chomhlíonann rialacha inmheánacha na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. De réir na rialacha sin, ní mór do na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú gach caighdeán Eorpach a thrasuí ar an leibhéal náisiúnta. Leis an trasuí sin, ní mór na caighdeáin Eorpacha atá i gceist a chur ar fáil mar chaighdeáin náisiúnta ar bhealach comhionann, agus ní mór gach caighdeán náisiúnta a tharraingt siar le linn tréimhse ama ar leith.

Is caighdeáin Eorpacha iad caighdeáin chomhchuibhithe a dtugann Rialachán (AE) 1025/2012 agus reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú brí speisialta dóibh. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird, áfach, nach bhfuil aon tagairt d’fhoilsiú a thagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le fáil sa sainmhíniú ar chaighdeán comhchuibhithe. Fad nach bhfoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní thugann an caighdeán comhchuibhithe, ná codanna de, toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ná leis na ceanglais eile is cuspóir dó nó díobh a chomhlíonadh. Iarrtar go foirmiúil ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú trí iarraidh ar chaighdeánú arna heisiúint ag an gCoimisiún. Tugtar mionsonraí maidir le ról iarraidh an Choimisiúin ar chaighdeánú agus a hullmhú in ‘Vademecum maidir le Caighdeánú Eorpach’ (185).

Chun toimhde comhréireachta a sholáthar, ní mór do chaighdeán comhchuibhithe a bheith ag teacht le ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha nó le ceanglais dhlíthiúla eile na coda ábhartha den reachtaíocht i gcomhréir leis an iarraidh ábhartha ar chaighdeánú agus ní mór tagairt a dhéanamh dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar sonraíochtaí nach mbaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha amháin ach a dhéileálann le saincheisteanna neamhrialaithe a bheith i gcaighdeán comhchuibhithe freisin. I gcás den sórt sin, tá idirdhealú soiléir le déanamh idir na sonraíochtaí sin agus na sonraíochtaí lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha. Ní gá do chaighdeán comhchuibhithe gach ceanglas fíor-riachtanach a chumhdach ach ní mór é a bheith soiléir i gcónaí cé na ceanglais ‘is cuspóir dó a chumhdach’ (186) óir, murach sin, ní bhíonn a fhios ag an monaróir a chomhlíonann caighdeán comhchuibhithe, a ndéantar tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cé na ceanglais a gcuirfear ‘toimhde comhréireachta’ i bhfeidhm orthu agus ní bhíonn a fhios ag na húdaráis phoiblí ná na comhlachtaí faoina dtugtar fógra cé na ceanglais fhíor-riachtanacha nach mór dóibh glacadh le toimhde comhréireachta ina leith.

Is iondúil go sonraítear na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha nó ceanglais dhlíthiúla eile is cuspóir a chumhdach in iarscríbhinn fhaisnéiseach (187) ar leithligh a ghabhann le caighdeán comhchuibhithe. I gcás nach gcumhdaítear ceanglais fhíor-riachtanacha ach go páirteach, ba cheart é sin a shonrú go soiléir sa chaighdeán. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh raon feidhme caighdeán comhchuibhithe freisin na ceanglais ábhartha a shonrú ar bhealach atá soiléir go leordhóthanach (e.g. i gcás ina bhfuil tagairt shoiléir do rioscaí a bhaineann leis an tsábháilteacht a chumhdaítear). Ar an gcaoi sin, leis an bhfaisnéis sin maidir leis na ‘ceanglais fhíor-riachtanacha nó ceanglais eile is cuspóir dó a chumhdach’ a thugtar i gcaighdeán comhchuibhithe, cinntear raon feidhme agus teorainneacha ‘toimhde comhréireachta le ceanglais dhlíthiúla’ mar a thugtar uirthi.

Ní mór idirdhealú soiléir a dhéanamh idir ‘comhréireacht le caighdeán’ agus ‘toimhde comhréireachta (nuair a chuirtear caighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm (188))’. Le ‘comhréireacht le caighdeán’, is iondúil go ndéantar tagairt do chás ina bhfuil caighdeán ‘curtha i bhfeidhm ina iomláine’. Mar shampla, is amhlaidh sin maidir le deimhniú deonach in aghaidh caighdeáin. Chun críoch ‘toimhde comhréireachta’, is leor na forálacha sin amháin a bhaineann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó na ceanglais dhlíthiúla eile is cuspóir dó a chumhdach a chur i bhfeidhm.

Ní chuirtear riamh caighdeáin chomhchuibhithe in ionad ceanglas fíor-riachtanach atá ceangailteach ó thaobh dlí de. Sonraíocht theicniúil a thugtar i gcaighdeán comhchuibhithe, ní rogha mhalartach í ar cheanglas dlíthiúil ábhartha ná ar cheanglas dlíthiúil ábhartha eile ach bealach teicniúil féideartha chun é a chomhlíonadh agus sin amháin. I reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhaineann le rioscaí, fágann sé sin go háirithe go mbíonn monaróirí i gcónaí go hiomlán freagrach, fiú agus caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil tagairtí dóibh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh á n-úsáid acu, as measúnú a dhéanamh ar gach riosca a bhaineann lena dtáirge chun a chinneadh cé na ceanglais fhíor-riachtanacha (nó na ceanglais eile) atá ábhartha. Tar éis an mheasúnaithe sin, féadfaidh monaróir a roghnú sonraíochtaí teicniúla a thugtar i gcaighdeáin chomhchuibhithe, a bhfuil tagairtí dóibh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a chur i bhfeidhm chun ‘bearta maidir le laghdú rioscaí’ (189) a shonraítear le caighdeáin chomhchuibhithe a chur chun feidhme. I reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhaineann le rioscaí, is iondúil go soláthraítear le caighdeáin chomhchuibhithe, a bhfuil tagairtí dóibh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, bealaí áirithe chun rioscaí a laghdú nó a bhaint agus bíonn monaróirí go hiomlán freagrach as measúnú riosca a dhéanamh chun rioscaí ábhartha a shainaithint agus chun ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint chun caighdeáin chomhchuibhithe oiriúnacha a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó i sonraíochtaí eile a roghnú.

Sreabhchairt 1

Ról na gcaighdeán comhchuibhithe maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha arna sainaithint ag monaróir a chomhlíonadh - fealsúnacht ghinearálta le haghaidh cásanna inar gá do mhonaróir ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint:

Image 1

I gcás ina dteipfidh ar chaighdeáin chomhchuibhithe na ceanglais fhíor-riachtanacha is cuspóir dó a chumhdach a shonrú, d’fhéadfadh sé go laghdófar ar úsáideacht na gcaighdeán sin le haghaidh monaróirí agus údaráis faireachais margaidh ós lú an deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ann maidir le ‘fíor-raon feidhme na toimhde comhréireachta’. Sonrú míshoiléir nó mícheart ar na ceanglais fhíor-riachtanacha is cuspóir don chaighdeán a chumhdach, d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hagóidí foirmiúla in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe i roinnt cásanna (féach pointe 4.1.2.5). I gcás nach gcumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe ach cuid de na ceanglais fhíor-riachtanacha a shainaithníonn monaróirí a bheith ábhartha, nó i gcás nach gcumhdaítear leis ach gnéithe áirithe díobh, is gá dóibh sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáid ina dteannta nó réitigh a fhorbairt i gcomhréir le heolas ginearálta innealtóireachta nó eolaíoch a leagtar síos i litríocht innealtóireachta agus eolaíoch chun ceanglais fhíor-riachtanacha na reachtaíochta atá i gceist a chomhlíonadh. Ar an dul céanna, i gcás ina roghnaíonn monaróirí gan gach foráil a thugtar i gcaighdeán comhchuibhithe a chur i bhfeidhm, agus lena soláthrófaí toimhde comhréireachta de ghnáth, is gá dóibh a shonrú ina ndoiciméadacht theicniúil, ar bhonn a measúnaithe riosca féin, an bealach ina gcomhlíontar na ceanglais nó an bealach nach bhfuil ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha le haghaidh an táirge.

D’fhéadfadh earráidí a bheith i gcaighdeáin ó am go chéile nó d’fhéadfaí léamha féideartha éagsúla a dhéanamh orthu. Má aimsíonn monaróirí earráid nó ábhar éiginnteachta den sórt sin, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht náisiúnta um chaighdeánú ar dtús chun soiléiriú a lorg.

4.1.2.3.   An toimhde comhréireachta

D’fhéadfadh sé go leagfar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú go soláthróidh caighdeáin chomhchuibhithe toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is cuspóir dóibh a chumhdach, más amhlaidh gur foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (190).

Féadfar caighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear caighdeáin chomhchuibhithe, a bhunú ina n-iomláine nó go páirteach ar chaighdeáin idirnáisiúnta ISO nó IEC. Ní féidir an toimhde comhréireachta a bheith ann, áfach, ach amháin i gcás ina gcuirtear an leagan Eorpach a fhoilsítear de réir tagartha san Iris Oifigiúil i bhfeidhm, mar gheall ar mhodhnuithe teicniúla a thugtar isteach inti chun comhlíontacht leordhóthanach leis na ceanglais dhlíthiúla a áirithiú. Ina theannta sin, níl faisnéis faoi cén foráil den chaighdeán atá ábhartha le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha ar leith sna leaganacha ISO agus IEC, toisc nach n-áirítear an fhaisnéis sin ach ina leagan Eorpach amháin.

Is é an cuspóir a bhaineann leis an tagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an dáta a dtiocfaidh an toimhde comhréireachta i bhfeidhm a shocrú. Déantar foilsiú thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a bhainistiú trí bhíthin Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún. Is é an príomhsprioc a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus is é sin deireadh an phróisis a thosaigh nuair a eisíodh an iarraidh ábhartha ar chaighdeánú ón gCoimisiún.

Ní gníomhaíocht uathoibríoch é foilsiú na dtagairtí agus ní mó don Choimisiún seiceálacha agus measúnuithe áirithe a dhéanamh sula bhfoilsítear na tagairtí. Dá réir sin, féadfaidh an Coimisiún diúltú do na tagairtí a fhoilsiú nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé srianta áirithe a fhoilsítear in éineacht leis na tagairtí a shocrú.

I gcás inar tionscnaíodh nós imeachta agóide foirmiúil cheana sular foilsíodh tagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, bíonn amhras ann faoi cibé acu a chomhlíonann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais ina n-iomláine is cuspóir dó a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Mar gheall ar an ábhar amhrais sin, ní féidir leis an gCoimisiún an tagairt a fhoilsiú de réir Airteagal 10(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mór Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún de réir bhrí Airteagal 11(1) a ghlacadh.

An chomhairle maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a ndéantar tagairt dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus lena dtugtar toimhde comhréireachta, leanann sí de bheith saorálach (191). Is féidir le monaróirí a roghnú cibé acu a chuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó codanna díobh i bhfeidhm nó nach gcuirfear. Má roghnaíonn monaróirí gan caighdeán comhchuibhithe a chur i bhfeidhm, áfach, ní mór dóibh a léiriú go bhfuil na táirgí i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha trína rogha modha eile a úsáid (mar shampla trí bhíthin aon sonraíocht theicniúil atá ann cheana lena n-áirítear gach caighdeán eile atá ar fáil). Mura gcuireann an monaróir ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó mura gcumhdaítear gach ceanglas fíor-riachtanach ábhartha ina iomláine leis an gcaighdeán comhchuibhithe, ní ann don toimhde comhréireachta ach a mhéid atá an caighdeán comhchuibhithe comhréireach leis na ceanglais fhíor-riachtanacha. Is ar an gcúis sin ar gá faisnéis shoiléir agus cheart maidir leis na ceanglais dhlíthiúla (fhíor-riachtanacha) a chomhlíontar a bheith i ngach caighdeán comhchuibhithe.

Is rogha é, de réir ghníomhartha comhchuibhithe áirithe an Aontais, comhlíontacht le caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil éifeacht aici maidir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme, agus uaireanta tagann féidearthacht chun cinn measúnú comhréireachta a dhéanamh gan idirghabháil ó thríú páirtí nó chun rogha nósanna imeachta níos mó a bheith ann (192).

4.1.2.4.   An toimhde comhréireachta a tharraingt siar, a shrianadh nó a chosc

Tá foráil maidir le nós imeachta agóide foirmiúil in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus de réir na forála sin, is féidir leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa (193) agóid a dhéanamh in aghaidh fhoilsiú thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh an cás sin chun cinn sula bhfoilsítear tagairt an chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó i gcás caighdeán comhchuibhithe, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh an tagairt de sin a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh cheana chun cinn.

Sa dá chás sin, nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa (194) nach ndéanann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is cuspóir dó a chomhlíonadh ina n-iomláine, ar ceanglais iad a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú, ní mór dó nó di an Coimisiún a chur ar an eolas ina leith. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit (195), glacfaidh an Coimisiún cinneadh:

an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan í a fhoilsiú inti nó í a fhoilsiú faoi shrianta inti, nó

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a choimeád in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad a choimeád inti faoi shrianta nó iad a tharraingt siar uaithi.

I gcás inar ardaigh Ballstát gníomhaíocht faoi chlásal coimirce (196) in aghaidh táirge a chomhlíonann caighdeán comhchuibhithe agus i gcás ina meastar go bhfuil údar iomchuí leis an ngníomhaíocht coimirce sin, tá an Coimisiún freagrach as agóid a thionscnamh in aghaidh an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

Leis an nós imeachta chun agóid a dhéanamh in aghaidh caighdeán comhchuibhithe agus an toradh atá air, ní bhíonn tionchar aige sin ar chineál an chaighdeáin mar chaighdeán comhchuibhithe nó mar chaighdeán Eorpach toisc nach bhféadfaidh ach na EECanna cinntí a dhéanamh maidir le hathbhreithniú nó tarraingt siar a dtáirgí insoláthartha. Anuas ar na rialuithe atá ar fáil don Choimisiún, ní thugann ach amháin an nós imeachta agóide seo féidearthacht do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit an toimhde comhréireachta a rialú i.e. an éifeacht dhlíthiúil, a eascraíonn ó fhoilsiú na tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar choinníoll go bhfuil údar iomchuí leis an agóid fhoirmiúil, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí ach foilseachán den sórt sin a tharraingt siar, a shrianadh nó a chosc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Sa chéad dá chás, ciallaíonn sé sin nach dtabharfar toimhde comhréireachta leis an gcaighdeán comhchuibhithe i gceist nó go bhfuil an toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha srianta. Sa chás deireanach (cosc) ciallaíonn sé nach dtugtar toimhde comhréireachta leis an gcaighdeán ar chor ar bith.

Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh caighdeán comhchuibhithe aon tráth tar éis do CEN, Cenelec nó ETSI glacadh leis mar chaighdeán Eorpach.

Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún an tagairt a bhaint ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, gan nósanna imeachta agóide foirmiúla a chur i bhfeidhm, i gcásanna eisceachtúla áirithe nach ndéanann an EEC féin eagrán ábhartha an chaighdeáin chomhchuibhithe a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh agus i gcás nach measann an EEC féin gur caighdeán é. I gcásanna den sórt sin, áirítear cásanna inar tharraing an EEC ábhartha an caighdeán comhchuibhithe i gceist siar gan aon rún acu caighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe a ghlacadh. Tá an coincheap maidir leis na ceanglais fíor-riachtanacha bunaithe ar an toimhde go léirítear leis na caighdeáin chomhchuibhithe go ginearálta caighdeáin a nglactar leo go ginearálta agus atá inaitheanta mar chaighdeáin den scoth agus go ndéanann an EEC athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe go tráthrialta i gcomhréir leis an iarraidh ábhartha ar chaighdeánú. Nuair is léir nach n-aithníonn an EEC ábhartha féin caighdeán comhchuibhithe mar chaighdeán a thuilleadh nó i gcás nach ndéantar athbhreithniú ar an gcaighdeán nó nach bhfuil sé ar fáil mar chaighdeán náisiúnta a thuilleadh, ní fhéadfar doiciméad den sórt sin, de ghnáth, a úsáid a thuilleadh chun toimhde comhréireachta a sholáthar. Is é is cuspóir d’Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nós imeachta a sholáthar chun agóid a dhéanamh in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe bhailí amháin, seachas caighdeáin chomhchuibhithe arna dtarraingt siar nó dréachtchaighdeáin chomhchuibhithe nach féidir iad a mheas mar chaighdeáin Eorpacha arna nglacadh i gcomhthéacs sainmhínithe a thugtar in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Cás sonrach eile ina bhféadfadh sé gur gá don Choimisiún tagairtí a bhaint de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan agóid fhoirmiúil, baineann sé le cásanna ina bhfoilsítear tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de thimpiste nó i gcás ina bhfoilsítear tagairt de dhoiciméad nach féidir a mheas mar chaighdeán comhchuibhithe. Leis an gcás deireanach, féadfar cásanna a áireamh ann nach gcumhdaítear le hiarraidh ar chaighdeánú nó i gcás nach gcumhdaítear aon cheanglas fíor-riachtanach leis an gcaighdeán nó i gcás nár ghlac an EEC faoi seach an caighdeán i gceart de réir na bprionsabal aitheanta um chaighdeánú.

De réir Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 tá oibleagáid ar an gCoimisiún na geallsealbhóirí (197) a chur ar an eolas faoi gach agóid fhoirmiúil ar feitheamh in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe sula ndéantar cinntí foirmiúla.

4.1.2.5.   Athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe

Le caighdeáin chomhchuibhithe, déantar sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe de na ceanglais fhíor-riachtanacha nó de na ceanglais reachtacha eile, déantar modhanna tomhais díobh chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht agus/nó chun an chomhlíontacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a dhearbhú agus, i roinnt cásanna, déantar luachanna uimhriúla díobh chun comhlíontacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a cheadú. Ar nós aon doiciméad teicniúil, tá siad faoi réir athraithe nó faoi réir athbhreithnithe, i bhfocail eile.

Is iad na EECanna a dhéanann an cinneadh foirmiúil athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe. Déantar é sin ar bhonn a dtionscnaimh féin (198), nó tar éis iarraidh ar chaighdeánú ón gCoimisiún go díreach nó, go hindíreach, bunaithe ar chinneadh ón gCoimisiún tar éis agóid fhoirmiúil a dhéanamh. Bíonn gá le hathbhreithniú mar thoradh ar na hathruithe ar raon feidhme ghníomh comhchuibhithe an Aontais (amhail an raon feidhme a leathnú chuig táirgí eile nó modhnú ar na ceanglais fhíor-riachtanacha), ós rud é go ndéanann an Coimisiún nó Ballstát agóid in aghaidh ábhair an chaighdeáin chomhchuibhithe, rud a chuireann in iúl nach bhféadfaí toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a thabhairt leis a thuilleadh, mar thoradh ar fhorbairt theicneolaíoch nó de bharr éileamh an mhargaidh.

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe, ní mór an t-athbhreithniú a chumhdach le hiarraidh ar chaighdeánú chun an fhéidearthacht maidir le toimhde comhréireachta a thabhairt, a choinneáil ar bun. Mura féidir a mhalairt a dhéanamh amach, bíonn feidhm ag téarmaí agus coinníollacha na chéad iarrata ar chaighdeánú freisin maidir leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán comhchuibhithe. Ní eisiatar leis sin go bhféadfaí iarraidh nua nó athbhreithnithe ar chaighdeánú a bheith ann, go háirithe i gcás ina mbaineann an t-athbhreithniú le heasnaimh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha.

Chun toimhde comhréireachta a thabhairt, ní mór don chaighdeán comhchuibhithe leasaithe na coinníollacha ginearálta a chomhlíonadh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. tá an caighdeán comhchuibhithe bunaithe ar iarraidh ar chaighdeánú, cuireann an eagraíocht ábhartha Eorpach um chaighdeánú faoi bhráid an Choimisiúin é agus foilsíonn an Coimisiún an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin é cinneadh a dhéanamh maidir le dátaí nuair a dhéantar tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe dímholta a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Sa chuid is mó de chásanna coitianta is le dáta tarraingthe siar arna shocrú ag an gCoimisiún agus arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a cheadaítear ‘idirthréimhse nó tréimhse chómhaireachtála’ ina dtugtar toimhde comhréireachta go comhuaineach don chaighdeán comhchuibhithe (dímholta) atá tarraingthe siar agus don chaighdeán comhchuibhithe leasaithe (forsuite) araon. Díríonn an ‘idirthréimhse nó an tréimhse chómhaireachtála’ ar an tréimhse ama idir an dáta a fhoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dáta tarraingthe siar na tagartha do na caighdeáin chomhchuibhithe dhímholta ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá an fhreagracht ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh idirthréimhsí den sórt sin fada go leordhóthanach ach nach mbeidh siad fada go díréireach an tráth céanna. I ndiaidh idirthréimhse, is leis an gcaighdeán comhchuibhithe leasaithe (forsuite) amháin a thugtar toimhde comhréireachta.

Féadfaidh an Coimisiún a mheas, ar chúiseanna sábháilteachta nó eile, nach mór don leagan dímholta den chaighdeán comhchuibhithe scor de thoimhde comhréireachta a thabhairt tar éis idirthréimhse réasúnta gairid nó láithreach fiú. Más ceadmhach sna himthosca é, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an mBallstát agus leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú sula ndéantar cinneadh laghdú a dhéanamh ar an tréimhse ina dtugtar toimhde comhréireachta leis an dá leagan den chaighdeán. Más gá, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an idirthréimhse a socraíodh ar dtús.

Mura gcinntear a mhalairt ar bhonn togra ón gCoimisiún, ní dhéantar deimhnithe atá ann faoi láthair, arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, a neamhbhailíochtú go huathoibríoch nuair a dhéantar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe a bhaint d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a leasaithe; ní bhaineann sé ach leis an gcomhréireacht a dheonaítear do mheasúnuithe nua comhréireachta a chloíonn leis an gcaighdeán nua comhchuibhithe. Féadfaidh táirgí a táirgeadh de réir an tseandeimhnithe tairbhiú go fóill den chomhréireacht leanúnach leis na ceanglais fhíor-riachtanacha, agus féadfar leanúint de bheith á gcur ar an margadh go dtí go mbeidh deireadh le bailíocht na ndeimhnithe ábhartha arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Mar sin féin, ní mór do mhonaróirí iad féin a choinneáil ar an eolas faoi athruithe ar úrscothacht, measúnú a dhéanamh ar mhéid na n-athruithe ar an leagan dímholta den chaighdeán agus, más gá, beart iomchuí a dhéanamh. Braitheann an cineál gníomhaíochta atá le déanamh ag an monaróir ar chineál na n-athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, go háirithe cibé atá na hathruithe sin ábhartha maidir le cumhdach na gceanglas fíor-riachtanach nó nach bhfuil, agus cibé a bhaineann siad leis an táirge i gceist nó nach mbaineann. Ina theannta sin, coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athrú ar úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta léi, a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta na ceanglais ábhartha a thuilleadh, agus déanfaidh sé cinneadh cibé atá gá le himscrúdú breise nó nach bhfuil de bharr na n-athruithe sin. Más amhlaidh, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir. An tagairt don chaighdeán comhchuibhithe leasaithe, in éineacht leis an bhfaisnéis maidir leis an leagan dímholta den chaighdeán comhchuibhithe, agus an dáta a scoireann an toimhde comhréireachta de leagan dímholta an chaighdeáin; foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Tá sé chun leasa na monaróirí gach foilseachán den liosta caighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a sheiceáil agus, laistigh de sin, bailíocht na gcaighdeán comhchuibhithe ar chuir siad i bhfeidhm a fhíorú chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht a dtáirge. Tá riachtanas faoi leith ag baint leis sin i gcásanna ina ndearbhaíonn monaróirí an chomhréireacht iad féin (i gcás rialú inmheánach ar tháirgeadh) agus inar mian leis an monaróir toimhde leanúnach comhréireachta a áirithiú le haghaidh na dtáirgí a chuirtear ar an margadh.

I gcomhthéacs treoirlínte (199) a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, bíonn coinne leis gur cheart faisnéis shonrach a bheith i ngach caighdeán comhchuibhithe leasaithe ina léirítear athruithe suntasacha ar chaighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe nó leasaithe agus gur cheart go gcuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí (saor in aisce).

4.1.3.    Comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha: féidearthachtaí eile

Is féidir comhréireacht táirge le ceanglais fhíor-riachtanacha nó reachtacha eile a léiriú ní hamháin le caighdeáin chomhchuibhithe dá ndéantar tagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ach le caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla eile freisin.

Tá sé sin fíor-riachtanach toisc nach gá go gcumhdófaí gach táirge féideartha agus/nó gach ceanglas fíor-riachtanach le gach caighdeán comhchuibhithe.

Ní hé cur i bhfeidhm na gcaighdeán comhchuibhithe an t-aon bhealach chun comhréireacht táirge a léiriú.

Is féidir leis na monaróirí a roghnú cibé a chuirfear i bhfeidhm caighdeáin chomhchuibhithe nó nach gcuirfear agus cibé a dhéanfar tagairt dóibh nó nach ndéanfar. Má roghnaíonn monaróirí gan na caighdeáin chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm, áfach, tá an oibleagáid orthu a léiriú go bhfuil a gcuid táirgí i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha trína rogha modha eile a úsáid lena ndéantar foráil maidir leis an leibhéal sábháilteachta nó cosanta do leasanna eile is gá de réir na reachtaíochta in infheidhme. D’fhéadfaidís sin a bheith ina gcaighdeáin eile amhail caighdeáin náisiúnta, caighdeáin idirnáisiúnta, caighdeáin Eorpacha nach bhfuil na tagairtí dóibh arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó sonraíochtaí teicniúla amhail táirgí Eorpacha caighdeánúcháin (200) (táirgí insoláthartha seachas caighdeáin Eorpacha arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha caighdeánúcháin iad), nó sonraíochtaí dílse an mhonaróra. Sna cásanna sin, ní thairbhíonn na monaróirí den toimhde comhréireachta agus ní mór dóibh an chomhréireacht a léiriú iad féin. Tuigtear leis sin go léiríonn siad, sa chomhad teicniúil a ghabhann le táirge ábhartha, ar bhealach níos mionsonraithe conas a thugann na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla a úsáideann siad comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha (201), mar shampla trí mheasúnú riosca níos mionsonraithe a dhéanamh ar an táirge, anailís a dhéanamh ar bhearnaí, etc.

Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht nach bhforchuirtear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, mar riail ghinearálta, go n-úsáidfí caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh táirgí. Níl ach na ceanglais fhíor-riachtanacha ceangailteach ó thaobh dlí de agus féadfaidh monaróirí cibé caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla is mian leo a chur i bhfeidhm – ach is iad na caighdeáin chomhchuibhithe a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus na caighdeáin sin amháin, a thugann toimhde comhréireachta.

Roinnt de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (202) a bhraitheann ar chaighdeáin chomhchuibhithe, déantar foráil léi maidir le roghanna malartacha nó modhanna comhlántacha i dtaca le caighdeáin chomhchuibhithe chun comhlíontacht táirge nó seirbhíse a léiriú. Tá cuid de na roghanna malartacha sin sainordaitheach (203) agus tá cinn eile ann a thugann toimhde comhréireachta ar bhealach atá comhchosúil le caighdeáin chomhchuibhithe (204). Mar riail, beartaítear go bhfeidhmeoidh na roghanna malartacha sin mar rogha chúltaca, go príomha le haghaidh cásanna nach ann (go fóill) do chaighdeáin chomhchuibhithe agus inarb iad na caighdeáin chomhchuibhithe an rogha thosaíochta fós iad.

4.2.   Ceanglais inrianaitheachta

Leis na ceanglais inrianaitheachta, tugtar caoi do rianú stair an táirge agus do thacaíocht don fhaireachas margaidh. Ceadaíonn sé d’údaráis faireachais margaidh na hoibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas a aimsiú agus fianaise a fháil faoi chomhlíonadh an táirge.

Áirítear leis na ceanglais inrianaitheachta lipéadú an táirge agus sainaithint na n-oibreoirí eacnamaíocha sa slabhra dáilte.

4.2.1.    Cén fáth a bhfuil an inrianaitheacht tábhachtach?

Is éard is inrianaitheacht ann an cumas stair an táirge a rianú.

Ó thaobh rialtóra de, tá an inrianaitheacht tábhachtach toisc go bhfágann sé gur féidir forghníomhú éifeachtach trí fhaireachas margaidh a dhéanamh trí bhíthin beart ceartaitheach lena n-áirítear tarraingtí siar agus aisghairmeacha. Fágann sé gur féidir táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha a rianú suas an slabhra dáilte agus sainaithnítear leis róil agus freagrachtaí an oibreora eacnamaíoch ar fud an tslabhra. Cuireann an inrianaitheacht ar a gcumas d’údaráis faireachais margaidh táirgí a rianú suas chomh fada le geata na monarchan agus ón monarcha go dtí an t-úsáideoir deiridh i gcásanna áirithe.

Ó thaobh monaróra de, tá an inrianaitheacht tábhachtach toisc go bhfágann sé gur féidir rialú éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe agus ar sholáthróirí sula gcuirtear na táirgí ar an margadh, agus rialú a dhéanamh ar a slabhra dáilte tar éis an táirge a chur ar an margadh. I gcás neamhchomhlíonadh, is féidir le monaróirí an tionchar a imríonn aisghairmeacha nó tarraingtí siar a laghdú ag brath ar na mionsonraí ina gcórais inrianaitheachta.

4.2.2.    Forálacha inrianaitheachta

Tá reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú forordaitheach maidir lena haidhmeanna, ach ní maidir leis na modhanna chun na haidhmeanna sin a ghnóthú. Ciallaíonn sin go mbeartaítear ceanglais le haghaidh inrianaitheacht táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, gan coinníoll a leagan síos léi maidir le conas na ceanglais sin a bhaint amach nó a chur chun feidhme. Tá reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de freisin, rud a chiallaíonn nach bhforordaítear léi an teicneolaíocht a bheidh le húsáid amhail priontáil nó múnlú. Ba cheart do mhonaróirí an córas inrianaitheachta is iomchuí, dar leo, i ndáil lena dtáirgí agus lena gcóras monaraíochta agus dáilte a roghnú.

Is bunriachtanas inrianaitheachta é go sonrófar ainm agus seoladh an mhonaróra, agus an allmhaireora freisin i gcás táirgí allmhairithe, ar an táirge. Ní mór ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 4 a léiriú ar tháirgí a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020. Má bhíonn gá leis, tugann sé caoi d’údaráis faireachais margaidh dul i dteagmháil go tapa leis an oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as táirge neamhshábháilte nó neamhchomhlíontach a chur ar mhargadh an Aontais.

Níl aon oibleagáid shainráite ann gur gá na focail ‘Arna mhonarú ag’, ‘Arna allmhairiú ag’ nó ‘Arna ionadú ag’ nó ‘Arna chomhlíonadh ag’ a chur roimh na seoltaí. Ní mór, áfach, nach mbeidh an fhaisnéis sin míthreorach don úsáideoir deiridh ná do na húdaráis faireachais margaidh faoin láthair monaraíochta ná faoi sheoladh gach oibreora eacnamaíoch (205). Mura luaitear na focail sin, déanfaidh údaráis faireachais margaidh cinneadh faoin ról a bheidh ag gach oibreoir eacnamaíoch. Is faoin oibreoir eacnamaíoch ansin é a chruthú go bhfuil ról difriúil aige.

Níl aon oibleagáid ann aistriúchán a dhéanamh i ngach teanga riachtanach ar na téarmaí Béarla ‘manufactured by’, ‘imported by’ ná ‘represented by’ (‘arna mhonarú ag’, ‘arna allmhairiú ag’ agus ‘arna ionadú ag’). Meastar na téarmaí Béarla sin a bheith sothuigthe ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE maidir le creat comhchoiteann i ndáil le táirgí a mhargú a bhunaítear na cleachtais inrianaitheachta atá ann faoi láthair trí lipéid inrianaitheachta shonracha a éileamh. Leis na forálacha tagartha de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE a léirítear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, chomh maith le Rialachán (AE) 2019/1020:

1.

éilítear ar mhonaróirí na heilimintí seo a leanas a léiriú: a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe (206) agus (2) an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo, nach mór a bheith ar an táirge nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní mór pointe teagmhála aonair a léiriú sa seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir (207);

2.

éilítear ar allmhaireoirí na heilimintí seo a leanas a léiriú: a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe (208) agus (2) an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo, nach mór a bheith ar an táirge nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge;

3.

éilítear ar oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020, a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus (2) sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, a léiriú ar an táirge nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó i ndoiciméad a ghabhann leis (209), le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4 agus chuirtear ar mhargadh an Aontais;

4.

éilítear ar mhonaróirí a áirithiú go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, sraithuimhir nó uimhir mhúnla ar a dtáirgí nó go mbeidh eilimint eile orthu lenar féidir iad a shainaithint, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó chineál an táirge, go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar phacáistíocht an táirge nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge (210) agus

5.

éilítear ar oibreoir eacnamaíoch aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair táirge dóibh agus aon oibreoir eacnamaíoch dár sholáthair siad táirge a shainaithint (211).

Mura sonraítear a mhalairt le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ní gá an fhaisnéis maidir le hainm agus seoladh na n-oibreoirí eacnamaíocha éagsúla a bheith greamaithe go doscriosta ar an táirge, murab ionann agus faisnéis eile ar an táirge amhail an marc CE. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith infheicthe ar an táirge, áfach, nó ar an bpacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis.

4.2.2.1.   An ceanglas maidir le hainm agus seoladh monaróirí a léiriú

Ní mór do mhonaróirí na trí eilimint seo a leanas a léiriú: a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus (2) an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo nach mór a bheith ar an táirge, nó i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge agus / nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

Mar riail, ní mór an t-ainm agus an seoladh a bheith greamaithe ar an táirge. Is féidir é a bhogadh go heisceachtúil ón táirge, áfach, murar féidir cloí leis an riail sin. Bheadh údar leis an méid sin i gcás nach féidir é a ghreamú ar an táirge mar gheall ar dhálaí teicniúla nó eacnamaíocha réasúnta, cé is moite de chúiseanna aeistéitiúla, áfach. Is faoin monaróir atá sé an measúnú sin a dhéanamh. Ní mór an measúnú sin a dhéanamh de réir mhéid nó chineál an táirge (212). Tá roinnt táirgí, e.g. áiseanna éisteachta, braiteoirí nó a leithéid, díreach róbheag chun faisnéis den sórt sin a chur orthu. Sna cásanna sin, in ord tosaíochta, is é an chéad rogha mhalartach é gur cheart an fhaisnéis sin a chur ar an bpacáistíocht nó, mar an dara rogha mhalartach, ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge amhail na treoracha úsáide, seachas sna cásanna ina n-éilítear le reachtaíocht chomhchuibhithe earnála an Aontais go gcuirfí an fhaisnéis ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an táirge araon.

Ní mór don mhonaróir an oibleagáid sin a chomhlíonadh gan beann ar an áit a bhfuil sé (laistigh den Aontas Eorpach nó lasmuigh de). Tuigtear leis an bhforáil sin nach mór ainm agus seoladh an mhonaróra a bheith ar an táirge féin i gcás táirgí a dhíoltar gan phacáistíocht nó gan aon doiciméad a ghabhann leo.

Ní mór pointe teagmhála aonair a léiriú sa seoladh ag ar féidir leis na húdaráis faireachais margaidh, go háirithe, teagmháil a dhéanamh leis an monaróir. Leis an téacs dlí, cuirtear oibleagáid ar an monaróir pointe teagmhála aonair a chur ar an táirge. Ní cheadaítear ach aon phointe teagmhála aonair amháin i ngach táirge. Ní gá gurb in é an seoladh ag a bhfuil an monaróir bunaithe iarbhír. D’fhéadfadh sé, mar shampla, gurb é an seoladh sin seoladh an ionadaí údaraithe nó an seoladh le haghaidh seirbhísí do chustaiméirí.

Ní gá pointe teagmhála aonair a bheith i ngach Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil. Féadfaidh an monaróir seoltaí eile (213) a chur air, áfach, ar choinníoll go mbeidh sé soiléir cé acu ceann é an pointe teagmhála aonair. Tá an dara ceann le sonrú ar an táirge/sa doiciméadacht ansin mar an ‘pointe teagmhála aonair’. Ní hé gur gá an seoladh ná an tír a aistriú go teanga an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh ach ní mór a bheith in ann an tionscnamh agus ainm na cuideachta a shainaithint ó charachtair na teanga a úsáidtear.

Féadfar seoladh suíomh gréasáin a thabhairt i dteannta seoladh poist, ach ní ina ionad. Is é atá i seoladh de ghnáth sráid agus uimhir nó bosca poist agus uimhir mar aon le cód poist agus baile, ach d’fhéadfadh múnlaí éagsúla a bheith ann ag brath ar an tír. Chomh maith leis sin, tá sé úsáideach seoladh ríomhphoist agus/nó uimhir theileafóin a chur san áireamh chun teagmháil phras leis na húdaráis ábhartha a éascú.

4.2.2.2.   An ceanglas maidir le hainm agus seoladh allmhaireoirí a léiriú

Ní mór d’allmhaireoirí na heilimintí seo a leanas a léiriú freisin: a (1) n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus (2) an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo nach mór a bheith ar an táirge, nó i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Tagraítear san fhoráil do sheoladh ag ar féidir le húdaráis faireachais margaidh, go háirithe, teagmháil a dhéanamh leo. Ní gá gurb in é an seoladh ag a bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe iarbhír ach d’fhéadfadh sé , mar shampla, gurb é an seoladh atá ann le haghaidh seirbhísí do chustaiméirí.

Mar riail, ní mór aitheantas agus seoladh an allmhaireora a léiriú ar an táirge. I gcás nach féidir sin a dhéanamh, agus sa chás sin amháin, féadfar aitheantas agus seoladh an allmhaireora a léiriú ar an bpacáistíocht agus / nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt lena ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge. Ní fholóidh an fhaisnéis bhreise ón allmhaireoir an fhaisnéis a chuireann an monaróir ar an táirge.

Féadfar seoladh suíomh gréasáin a thabhairt i dteannta seoladh poist, ach ní ina ionad. Is é atá i seoladh de ghnáth sráid agus uimhir nó bosca poist agus uimhir mar aon le cód poist agus baile, ach d’fhéadfadh múnlaí éagsúla a bheith ann ag brath ar an tír. Chomh maith leis sin, tá sé úsáideach seoladh ríomhphoist agus/nó uimhir theileafóin a chur san áireamh chun teagmháil phras leis na húdaráis ábhartha a éascú.

4.2.2.3.   An ceanglas maidir le hainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch a léiriú dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020

I gcás ina dtagann an táirge faoi raon feidhme na reachtaíochta a liostaítear in Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus ina gcuirtear ar mhargadh an Aontais é, ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 4 a (1) n-ainm, a n-ainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus (2) a gcuid sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, a léiriú ar an táirge nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis.

Féadfar seoladh suíomh gréasáin a thabhairt i dteannta seoladh poist, ach ní ina ionad. Is é atá i seoladh de ghnáth sráid agus uimhir nó bosca poist agus uimhir mar aon le cód poist agus baile, ach d’fhéadfadh múnlaí éagsúla a bheith ann ag brath ar an tír. Chomh maith leis sin, tá sé úsáideach seoladh ríomhphoist agus/nó uimhir theileafóin a chur san áireamh chun teagmháil phras leis na húdaráis ábhartha a éascú.

4.2.2.4.   Cásanna féideartha

Ní mór ainm agus seoladh an mhonaróra a bheith ar an táirge i gcónaí. Ní mór ainm agus seoladh an allmhaireora a bheith ar tháirgí allmhairithe freisin. Ní mór ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch fhreagraigh atá bunaithe san Aontas Eorpach a bheith ar tháirgí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, mar chonclúid, bíonn seoladh amháin nó dhá sheoladh ar tháirge de ghnáth (214):

Má tá an monaróir laistigh den Aontas Eorpach, ní bheidh ach seoladh amháin (seoladh an mhonaróra) ar an táirge óir nach bhfuil baint ag aon allmhaireoir leis.

Má tá an monaróir (a dhearbhaíonn é féin mar mhonaróir trína ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge) lasmuigh den Aontas Eorpach agus má chuireann allmhaireoir na táirgí ar mhargadh an Aontais, beidh dhá sheoladh ar an táirge: seoladh an mhonaróra agus seoladh an allmhaireora.

Má tá an monaróir bunaidh lasmuigh den Aontas Eorpach agus má chuireann an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh faoina ainm nó a thrádmharc féin nó má mhodhnaíonn sé an táirge a cuireadh ar an margadh cheana féin (ar dhóigh a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh leis na ceanglais is infheidhme), meastar gurb é an t-allmhaireoir an monaróir. Is é seoladh an allmhaireora, a mheastar gurb é an monaróir é, an t-aon seoladh sa chás seo a gheofar ar an táirge (nó ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis) (215) (216).

Má tá monaróir laistigh den Aontas Eorpach (cuideachta atá lonnaithe san Aontas Eorpach a dhearbhaíonn gur monaróir é féin trína ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge), cé go monaraítear na táirgí lasmuigh den Aontas Eorpach, meastar gurb é an chuideachta sin an monaróir a chuireann an táirge ar mhargadh an Aontais, fiú más cuideachta eile a dhéanann an t-allmhairiú iarbhír. Sa chás sin níl aon allmhaireoir ann de réir bhrí shainiú an allmhaireora agus is leor gan ach seoladh an mhonaróra a chur ann.

I gcás ina dtagann an táirge faoi raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus ina gcuirtear ar mhargadh an Aontais é, má tá an monaróir lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, níl aon allmhaireoir ann le haghaidh an táirge (toisc go ndéantar é a sheoladh go díreach nó trí bhíthin soláthraí seirbhíse comhlíonta chuig an úsáideoir deiridh ó lasmuigh den Aontas), agus i gcás inar cheap an monaróir ionadaí údaraithe chun cúraimí Airteagal 4(3) a chomhlíonadh ar a shon, ní mór dhá sheoladh a bheith ar an táirge (nó ar a phacáistíocht nó an doiciméad a ghabhann leis, nó i gcás an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4, ar an mbeartán): seoladh an mhonaróra agus seoladh ionadaí údaraithe mar an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4. Is amhlaidh sin freisin má tá an monaróir bunaithe laistigh den Aontas Eorpach ach má cheap sé ionadaí údaraithe chun cúraimí Airteagal 4(3) a chomhlíonadh ar a shon.

I gcás ina dtagann an táirge faoi raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus ina gcuirtear ar mhargadh an Aontais é, más amhlaidh go bhfuil an monaróir lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, nach bhfuil aon allmhaireoir ann, agus nár cheap an monaróir ionadaí údaraithe, ach más soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas a láimhseálann an táirge, ní mór dhá sheoladh a thabhairt ar an táirge (nó ar a phacáistíocht nó an doiciméad a ghabhann leis, nó i gcás an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4, ar an mbeartán): seoladh an mhonaróra agus seoladh an tsoláthraí seirbhíse comhlíonta mar an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4.

4.2.2.5.   Eilimint aitheantais

Ní mór uimhir chineáil, baiscuimhir, sraithuimhir nó uimhir mhúnla a bheith ar an táirge, nó eilimint eile lenar féidir é a shainaithint. Mar riail, ní mór an t-aitheantas a bheith greamaithe ar an táirge. Is féidir é a bhogadh go heisceachtúil ón táirge, áfach, murar féidir cloí leis an riail sin. Bheadh údar leis sin i gcás ina mbeadh an léiriú doléite nó nárbh fhéidir é a dhéanamh go teicniúil de bharr mhéid agus/nó chineál an táirge (217). Sna cásanna sin, ní mór an t-aitheantas a ghreamú ar an bpacáistíocht, más ann di, agus/nó ar an doiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní fhéadfar an t-aitheantas ar an táirge a fhágáil ar lár ná é a bhogadh chuig an bpacáistíocht ná chuig na doiciméid a ghabhann leis ar fhorais aeistéitiúla nó eacnamaíocha amháin. Is faoin monaróir atá sé an measúnú sin a dhéanamh.

Tuigtear leis an bhforáil sin, mura bhfuil aon phacáistíocht ag an táirge nó mura ngabhann aon doiciméad leis, nach mór an t-aitheantas a bheith ar an táirge féin.

Leis an gceanglas sin, tugtar saoirse do na monaróirí an eilimint is mian leo a úsáid mar aitheantas le haghaidh an táirge a roghnú, fad a áirithítear an inrianaitheacht. Ní mór a áirithiú leis an eilimint aitheantais a úsáidtear go bhfuil nasc soiléir ann leis an doiciméadacht ábhartha ina léirítear comhréireacht an chineáil shonraigh táirge, go háirithe an Dearbhú Comhréireachta AE. Beidh eilimint aitheantais sin an táirge mar an gcéanna leis an gceann ar Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh. Tá an eilimint aitheantais a roghnaíonn an monaróir tábhachtach freisin i gcás tarraingthe siar nó aisghairme, óir ní mór gach táirge ar a bhfaighfear an eilimint aitheantais chéanna a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh.

I roinnt cásanna, e.g. nuair atá páirteanna éagsúla nó cóimeáil de pháirteanna éagsúla i dtáirge, fágann a chineál nach féidir an eilimint aitheantais a ghreamú air. Ní mór aitheantas an táirge sna cásanna sin a bheith greamaithe ar an bpacáistíocht (nó ar an doiciméad a ghabhann leis). I dteannta an mhairc ar an bpacáistíocht lena mbaineann gné aitheantais, is féidir marcanna breise a chur ar tháirgí/pháirteanna/chomhpháirteanna aonair de réir rialacha agus uaillmhianta inmheánacha an mhonaróra chun íoslaghdú a dhéanamh ar mhéid aon aisghairm a d’fhéadfadh a bheith ann trí ardchóras a bheith aige le haghaidh inrianaitheacht ar ítimí aonair (e.g. baisc-chóid, dátaí táirgthe).

De réir roinnt oibreoirí eacnamaíocha, bealach amháin is féidir tagairt a dhéanamh do tháirgí ná uimhir ítime a úsáid (ar a dtugtar ‘SKU’-‘Aonad coimeádta stoic’) mar aitheantas. Is féidir an uimhir ítime sin a úsáid freisin mar aitheantóir ar Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh in éineacht le heilimintí eile lenar féidir inrianaitheacht a dhéanamh.

Tá roinnt páirteanna/comhpháirteanna éagsúla sa táirge

Tá gach táirge iata in aon phacáistíocht amháin, ach is iondúil go ndíolfaí roinnt páirteanna/comhpháirteanna a i bpacáistíocht eile mar pháirteanna/chomhpháirteanna ar leithligh nó i dteaglamaí eile páirteanna/comhpháirteanna, nó go bhféadfaí iad a dhíol mar sin. Is féidir go bhféadfaí roinnt páirteanna/comhpháirteanna sna pacáistí sin a mharcáil, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt eile díobh róbheag chun go gcuirfí marc orthu nó nach bhfágfadh a gcruth go bhféadfaí sin a dhéanamh. Ar na cúiseanna sin, ceadaítear uimhir ítime a thabhairt don tsraith/phacáistíocht agus an uimhir chéanna ítime a úsáid ar Dhearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh.

Is é príomhchuspóir na heiliminte aitheantais é a chur ar a chumas d’údaráis faireachais margaidh táirge aonair a shainaithint agus é a nascadh le Dearbhú Comhréireachta An dearbhú comhréireachta AE. Má tá an táirge fós laistigh dá phacáistíocht tráth a dhéantar an faireachas margaidh, beidh sé éasca an eilimint a shainaithint agus é a áirithiú dá réir go mbaineann an Dearbhú Comhréireachta AE comhfhreagrach leis an táirge i gceist. Bheadh sé ní ba chasta an phacáistíocht a oscailt agus eilimintí a aimsiú ar na hítimí aonair agus ansin iad sin a nascadh le Dearbhú Comhréireachta AE ar leith.

Tá aon ítim chóimeáilte amháin sa táirge

Chomh maith leis sin, nuair nach bhfuil ach ‘ítim’ amháin sa táirge, ní rud neamhchoitianta é go mbeadh roinnt páirteanna úsáidte ag an monaróir chun an ítim sin a chóimeáil (cé nach bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an tomhaltóir í a díchóimeáil). Is minic a úsáidtear na páirteanna atá san ítim (sa táirge) i níos mó ná aon dearadh amháin táirgí. De ghnáth, ní bheadh roinnt páirteanna mór a ndóthain chun eilimint aitheantais a chur orthu, agus d’fhéadfadh sé nárbh fhéidir páirteanna eile fós a mharcáil le heilimint aitheantais ar chúiseanna teicniúla (dromchla míchothrom, dromchla sféarchruthach etc.). Is amhlaidh freisin sa chás sin go gceadaítear uimhir ítime a ghreamú ar an bpacáistíocht agus an uimhir chéanna a úsáid ar an Dearbhú Comhréireachta AE.

Tá ítim amháin sa táirge nach bhfuil cóimeáilte de pháirteanna éagsúla

Is cás é sin ina ndealródh sé gur beart simplí a bheadh ann an táirge féin a mharcáil le heilimint aitheantais atá comhionann leis an gceann ar an Dearbhú Comhréireachta AE (i.e. uimhir ítime). D’fhéadfaí an táirge céanna a dhíol in éineacht le táirgí/ítimí eile mar chuid de thacar, áfach. Ós rud é nach eol ag an bpointe táirgthe cé acu cinn de na hítimí a dhíolfar ‘ina n-aonar’ agus a bheidh i bpacáistíocht in éineacht le táirgí eile, is fusa an uimhir ítime a chomhfhreagraíonn don Dearbhú Comhréireachta AE a mharcáil ar an bpacáistíocht. Déanfaidh sé sin éascaíocht freisin d’údaráis faireachais margaidh an táirge a nascadh leis an Dearbhú Comhréireachta AE.

4.2.2.6.   Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

Tá oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha na hoibreoirí eacnamaíocha dár sholáthair siad a dtáirge nó ónar cheannaigh siad táirgí a rianú ar feadh tréimhse 10 mbliana nó na tréimhse ama a ndéantar foráil maidir léi i reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais. Ní chumhdaítear an t-úsáideoir deiridh (tomhaltóir) leis an gceanglas sin óir ní mheastar iad a bheith ina n-oibreoirí eacnamaíocha.

Níl an bealach ina gcomhlíonfadh oibreoirí eacnamaíocha an ceanglas sin forordaithe le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ach ní mór a thabhairt ar aird gur féidir le húdaráis faireachais margaidh doiciméid ábhartha a iarraidh, lena n-áirítear sonraisc, lenar féidir tionscnamh an táirge a rianú. Is amhlaidh dá bhrí sin go bhféadfadh sé a bheith úsáideach sonraisc a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná a bheartaítear le reachtaíocht cuntasaíochta chun na ceanglais maidir le hinrianaitheacht a chomhlíonadh.

4.3.   Doiciméadacht theicniúil

Ní mór don mhonaróir doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas.

Tá an doiciméadacht theicniúil beartaithe chun faisnéis a sholáthar maidir le dearadh, monarú agus oibriú an táirge.

Cuirtear oibleagáid ar an monaróir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ina bhfuil faisnéis chun comhréireacht an táirge leis na ceanglais is infheidhme a léiriú. Féadfaidh an doiciméadacht sin a bheith mar chuid de dhoiciméadacht an chórais cáilíochta ina ndéantar foráil sa reachtaíocht maidir le nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar chóras cáilíochta (modúil D, E, H agus a malairtí). Ní mór an doiciméadacht theicniúil a bheith le fáil nuair a chuirtear an táirge ar an margadh, cibé tionscnamh geografach nó suíomh a bhaineann leis (218).

Ní mór an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar feadh 10 mbliana ón dáta a chuirtear an táirge ar an margadh, mura ndéantar foráil go sainráite maidir le haon fhad eile sa reachtaíocht um chomhchuibhiú is infheidhme de chuid an Aontais (219). Is é an monaróir nó an t-ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas a bheidh freagrach as sin. Ós rud é go dtagraíonn an coincheap ‘cur ar an margadh’ do gach táirge aonair, ní mór an tréimhse ama a ríomh ón uair a dhéantar an táirge aonair a chumhdaítear leis an doiciméadacht theicniúil a chur ar an margadh.

Leagtar síos inneachar na doiciméadachta teicniúla, i ngach gníomh comhchuibhithe den Aontas, i gcomhréir leis na táirgí i gceist. Mar riail, ní mór tuairisc ar an táirge agus ar a úsáid bheartaithe a chur san áireamh sa doiciméadacht, agus ní mór dearadh, monarú agus oibriú an táirge a chumhdach léi. Braitheann na sonraí a áirítear leis an doiciméadacht ar chineál an táirge agus ar an méid a mheastar gá a bheith leis, ó thaobh cúrsaí teicniúla de, chun comhréireacht an táirge le ceanglais fhíor-riachtanacha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó, má cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm, leo sin a léiriú trí na ceanglais fhíor-riachtanacha a chumhdaítear leis na caighdeáin sin a shonrú. Tagraíonn na ceanglais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE d’inneachar na doiciméadachta teicniúla atá ábhartha chun comhréireacht an táirge leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme a chruthú. Thairis sin, leis an gceanglas go ndéantar ‘anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca (na rioscaí)’, éilítear ar an monaróir gach riosca a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an táirge a shainaithint ar dtús agus reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais agus na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a chinneadh. Is gá an anailís sin a dhoiciméadú agus a chur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil. Ina theannta sin, ní mór don mhonaróir an bealach a ndéantar measúnú ar conas a thugann sé aghaidh ar na rioscaí a shainaithnítear a dhoiciméadú chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme (mar shampla, trí chaighdeáin chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm). Mura gcuirtear ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó mura gcumhdaítear leis gach ceanglas fíor-riachtanach is infheidhme, ba cheart doiciméadú a dhéanamh sa doiciméadacht theicniúil freisin ar an mbealach a ndéileáiltear le ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme nach gcumhdaítear leis.

I gcás ina raibh táirge faoi réir athdhearaí agus athmheasúnuithe ar an gcomhréireacht, ní mór gach leagan den táirge a léiriú sa doiciméadacht theicniúil; tuairisc a dhéanamh ar na hathruithe a rinneadh agus ar conas is féidir na leaganacha éagsúla den táirge a shainaithint, agus faisnéis a sholáthar faoi na measúnuithe comhréireachta éagsúla. Déantar sin ionas nach mbeidh leaganacha roimhe seo den táirge ag teacht, le linn saolré iomlán an táirge, os comhair údarás faireachais margaidh agus gan iad a bheith infheidhme maidir leis an leagan den doiciméadacht theicniúil a chuirtear os a chomhair.

Éilítear le cuid de ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais go scríobhtar an doiciméadacht theicniúil i dteanga lena nglacann an comhlacht faoina dtugtar fógra (220). Chun na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena n-éilítear fíorúchán tríú páirtí a dhéanamh i gceart, ba cheart i gcónaí an doiciméadacht a bheith i dteanga a thuigeann an comhlacht faoina dtugtar fógra, fiú murar luadh é sin go sainráite i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

4.4.   Dearbhú comhréireachta AE

Ní mór don mhonaróir nó don ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú mar chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

Ní mór gach faisnéis ábhartha a bheith sa Dearbhú Comhréireachta AE chun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a shainaithint ar eisíodh i gcomhréir léi í, chomh maith leis an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an comhlacht faoina dtugtar fógra más infheidhme, an táirge, agus de réir mar is iomchuí tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe nó do shonraíochtaí teicniúla eile.

Ceanglaítear dearbhú comhréireachta aonair a dhéanamh nuair a chumhdaítear táirge le roinnt píosaí de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena gceanglaítear Dearbhú Comhréireachta AE.

Is féidir an dearbhú comhréireachta aonair a bheith ina shainchomhad ina mbíonn gach dearbhú comhréireachta ábhartha aonair.

Forchuirtear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú oibleagáid ar an monaróir Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú sula gcuirtear táirge ar an margadh (221). Ní mór don mhonaróir nó don ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú mar chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Is é an Dearbhú Comhréireachta AE an doiciméad ina ndeirtear go gcomhlíonann an táirge ceanglais ábhartha ar fad na reachtaíochta is infheidhme.

Tríd an Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíontacht an táirge.

Díreach mar is amhlaidh i gcás na doiciméadachta teicniúla (222), ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a choinneáil ar feadh 10 mbliana ón dáta a chuirtear an táirge ar an margadh, mura ndéantar foráil maidir le haon fhad eile sa reachtaíocht (223). Is é an monaróir nó an t-ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas a bheidh freagrach as sin. I gcás táirgí allmhairithe, ní mór don allmhaireoir an fhreagracht sin as an Dearbhú Comhréireacht a ghabháil chuige féin (224).

Ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a choinneáil cothrom le dáta (225). Tá an Dearbhú Comhréireachta AE sonrach le haghaidh gach táirge aonair, fiú más mar chuid de shraith a dhéantar a monarú. Sa chleachtas, is féidir gurb infheidhme é an leagan céanna den Dearbhú Comhréireachta AE i leith go leor táirgí aonair a dhéantar a mhonarú mar chuid de shraith. A luaithe agus a athróidh aon cheann de na heilimintí den Dhearbhú Comhréireachta AE áfach, caithfear an leagan den Dearbhú Comhréireachta AE a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh táirgí a chuirtear ar an margadh tar éis an athraithe sin. Is féidir leis na hathruithe sin a bheith ina n-athruithe ar an reachtaíocht mar shampla, nó ina n-athruithe ar na leaganacha de na caighdeáin chomhchuibhithe nó ina n-athruithe ar shonraí teagmhála an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe.

Tagraítear in inneachar Dhearbhú Comhréireachta AE don dearbhú samplach a fhaightear in Iarscríbhinn III de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE nó do dhearbhú samplach atá i gceangal díreach le reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú atá i ngeall. Tarraingíodh suas an caighdeán EN ISO/ICE 17050-1 leis an gcuspóir na critéir ghinearálta a sholáthar le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, agus is féidir é a úsáid freisin mar dhoiciméad treorach ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme. Is féidir leis an dearbhú a bheith i bhfoirm doiciméid, lipéid nó a choibhéis, agus ní mór dóthain faisnéise a bheith ann chun rianú gach táirge a chumhdaítear leis ar ais chuige a chumasú.

Faightear sa dearbhú samplach ar Chinneadh Uimh 768/2008/CE:

1.

Uimhir lena sainaithnítear an táirge. Ní gá go mbeadh an uimhir sin uathúil i leith gach táirge. D’fhéadfadh sí tagairt a dhéanamh do tháirge, baisc, cineál nó sraithuimhir (226). Fágtar faoi rogha an mhonaróra é sin (227).

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe a eisíonn an dearbhú.

3.

Ráiteas go n-eisítear an dearbhú faoi fhreagracht aonair an mhonaróra.

4.

Sainaithint an táirge lena gceadaítear inrianaitheacht. Is ionann sin go bunúsach agus aon fhaisnéis atá forlíontach le pointe 1 ina dtugtar tuairisc ar an táirge agus a cheadaíonn dá chuid inrianaitheachta. Is féidir le híomhá a bheith ann, i gcás inarb ábhartha chun an táirge a shainaithint, ach fágtar an méid sin faoi rogha an mhonaróra mura sonraítear mar cheanglas i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú é.

5.

An reachtaíocht ábhartha ar fad um chomhchuibhiú de chuid an Aontais, chomhlíon sí na caighdeáin dá ndéantar tagairt nó sonraíochtaí teicniúla eile (amhail caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla náisiúnta) ar bhealach beacht, iomlán agus atá sainithe go soiléir; tuigtear leis sin go sonraítear leagan agus/nó dáta an chaighdeáin ábhartha.

6.

Ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta nó na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra nuair a bhíonn siad páirteach sa nós imeachta um measúnú comhréireachta (228) (229) agus sa tagairt don deimhniú (deimhnithe) ábhartha, más infheidhme.

7.

Gach faisnéis fhorlíontach a d’fhéadfaí a cheangal (mar shampla grád, catagóir), más infheidhme.

8.

Dáta eisithe an dearbhaithe; síniú agus teideal nó marcáil choibhéiseach duine údaraithe (230) (231); d’fhéadfadh aon dáta tar éis chríochnú an mheasúnaithe comhréireachta bheith i gceist leis sin

I gcás ina mbíonn feidhm ag roinnt píosaí reachtaíochta an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirge, caithfidh an monaróir nó an t-ionadaí údaraithe dearbhú comhréireachta aonair a sholáthar i dtaca le gach gníomh Aontais den sórt sin (232). Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, agus a oiriúnú do mhodhnú ar cheann de ghníomhartha an Aontais is infheidhme a éascú, féadfaidh an dearbhú aonair a bheith ina shainchomhad ina gcuimsítear Dearbhuithe Comhréireachta aonair ábhartha (233).

Ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a chur ar fáil don údarás faireachais arna iarraidh sin. Thairis sin, ceanglaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i ndáil le hinnealra, trealamh in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, trealamh raidió, ionstraimí tomhais, árthaí áineasa, ardaitheoirí, córais iarnróid ardluais agus gnáth-iarnróid agus comhpháirteanna den Líonra Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta go mbíonn an Dearbhú Comhréireachta AE ag gabháil leis na táirgí.

Ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a aistriú chuig an teanga nó na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é (234). Ní gá a shonrú i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú cé air a bhfuil an oibleagáid aistriúchán a dhéanamh. De réir loighce, ba cheart gurbh é an monaróir nó oibreoir eacnamaíoch eile a chuireann an táirge ar fáil a bheadh ann. Ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a bheith sínithe ag an monaróir nó ag a ionadaí údaraithe. Dá mba oibreoir eacnamaíoch eile a rinne aistriúchán ar an Dearbhú Comhréireachta AE agus nach bhfuil sé sínithe ag an monaróir, ní mór cóip den Dearbhú Comhréireachta AE bunaidh atá sínithe ag an monaróir a sholáthar in éineacht leis an leagan aistrithe.

4.5.   Ceanglais maidir le marcáil

4.5.1.    Marcáil CE

4.5.1.1.   Sainiú agus ról na marcála CE

Is tásc í an mharcáil CE ar chomhréireacht an táirge le reachtaíocht an Aontais a bhfuil feidhm aici ar an táirge agus ina ndéantar foráil maidir leis an marcáil CE.

Greamaítear an mharcáil CE de tháirgí a chuirfear ar an margadh LEE agus ar mhargadh na Tuirce, cibé acu sa LEE, sa Tuirc nó i dtír éigin eile a dhéantar iad a mhonarú.

Is príomhtháscaire í an mharcáil CE (nach cruthúnas é) ar chomhlíontacht táirge le reachtaíocht an Aontais, cumasaíonn sí saorghluaiseacht táirgí laistigh den mhargadh LEE agus de mhargadh na Tuirce, cibé acu sa LEE, sa Tuirc nó i dtír éigin eile a dhéantar iad a mhonarú.

Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE -Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha CSTE áirithe: ní cheadaítear don Íoslainn, don Iorua, do Lichtinstéin) srian a chur le táirgí ar a bhfuil marcáil CE a chur ar an margadh, mura féidir údar a thabhairt do na bearta sin ar bhonn na fianaise i dtaobh neamhchomhlíonadh an táirge. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le táirgí a dhéantar i dtríú tíortha agus a díoltar sa LEE.

Ní tásc í an mharcáil CE gur san Aontas Eorpach a rinneadh táirge. Is tásc í an mharcáil CE ar chomhréireacht leis na ceanglais arna leagan síos ag téacs (téacsanna) comhchuibhithe an Aontais atá i gceist. Dá bhrí sin, measfar mar fhaisnéis fhíor-riachtanach d’údaráis na mBallstát í chomh maith le páirtithe ábhartha eile (mar shampla dáileoirí). Ní fheidhmíonn an mharcáil CE cuspóirí tráchtála i.e. ní uirlis mhargaíochta í.

Is iarmhairt infheicthe í an mharcáil CE ar phróiseas iomlán lena gcuimsítear measúnú comhréireachta sa bhrí leathan, agus is tásc í go ndearbhaíonn an monaróir go bhfuil táirge comhréireach le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

4.5.1.2.   Gaol leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair

Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE, agus déantar foráil i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE maidir le rialacha lena rialaítear greamú na marcála sin.

Tá téacsanna comhchuibhithe earnála an Aontais lena bhforáiltear do mharcáil CE bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 an sainmhíniú, an fhormáid agus na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE. Déantar foráil i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta óna dtiocfaidh a greamú.

Cloíonn reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú ina ndéantar foráil maidir le greamú na marcála CE den chuid is mó le prionsabail Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

Mar riail ghinearálta (235) is féidir an mharcáil CE a thabhairt isteach i ngníomh reachtach an Aontais mar mharcáil ar chomhréireacht dhlíthiúil más rud é:

go n-úsáidtear modh an chomhchuibhithe iomláin, rud a chiallaíonn go dtoirmisctear rialacháin dhibhéirseacha náisiúnta lena gcumhdaítear na réimsí mar an gníomh reachtach i gceist;

go bhfuil nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i ngníomh comhchuibhithe an Aontais i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

Tá eisceacht ann maidir leis an riail sin.

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh píosa reachtaíochta comhchuibhithe iomláin a chloíonn le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE foráil maidir le marcáil dhifriúil in ionad na marcála CE. Mar shampla ní fhoráiltear sa Treoir maidir le trealamh mara do mharcáil CE, ach maidir le marc comhréireachta sonrach - marc an rotha. - Tá úsáid mharc an rotha faoi réir phrionsabail ghinearálta freisin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, agus forléireofar aon tagairt do mharcáil CE mar thagairt do mharc an rotha. Mar an gcéanna, le haghaidh bhrú-threalamh iniompartha, beidh an mharcáil ‘Pi’ de dhíth in ionad na marcála CE.

4.5.1.3.   Na grúpaí nach mór dóibh (gan) an mharcáil CE a ghreamú

Greamaíonn an monaróir an mharcáil CE (atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas), nó a ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas.

Tríd an marcáil CE a ghreamú dearbhaíonn an monaróir dá fhreagracht féin go gcomhlíonann an táirge gach ceanglas reachtach an Aontais is infheidhme, agus gur cuireadh i gcrích go rathúil na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta.

Is é an monaróir, cibé atá sé bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas, an t-eintiteas ar a bhfuil an fhreagracht faoi dheoidh as comhréireacht an táirge leis na forálacha de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus as an mharcáil CE a ghreamú. Féadfaidh an monaróir ionadaí údaraithe a shainordú chun an mharcáil CE a ghreamú ar a shon.

Tríd an marcáil CE a ghreamú de tháirge, dearbhaíonn monaróir, dá fhreagracht féin (agus gan beann ar cibé a bhí tríú páirtí páirteach sa phróiseas um measúnú comhréireachta nó nach raibh), comhréireacht le gach ceann de na ceanglais dhlíthiúla chun marcáil CE a bhaint amach.

Má chuireann an t-allmhaireoir nó an dáileoir táirgí ar an margadh faoina ainm nó trádmharc féin nó má mhodhnaíonn sé iad, glacann sé freagrachtaí an mhonaróra chuige féin ansin. Áirítear sa mhéid sin an fhreagracht as comhréireacht an táirge agus as greamú na marcála CE. Sa chás sin, ní mór dó faisnéis leormhaith a bheith aige maidir le dearadh agus táirgeadh an táirge, toisc go mbeidh freagracht dhlíthiúil á glacadh chuige féin aige tráth a ghreamaíonn sé an mharcáil CE.

4.5.1.4.   Na prionsabail maidir le greamú na marcála CE

Ní mór an mharcáil CE a bheith san fhoirm seo a leanas. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an mharcáil CE ní mór na comhréireanna a urramú.

Image 2
Ní mór an mharcáil CE a ghreamú go hinfheicthe, go hinléite agus go doscriosta den táirge nó dá pláta sonraí. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh áfach nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge féin, ní mór é a ghreamú den phacáistíocht, más ann di, agus/nó de na doiciméid a ghabhann leis. Ní féidir an mharcáil CE a ghreamú i bprionsabal go dtí go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta críochnaithe chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge gach foráil de ghníomhartha comhchuibhithe ábhartha an Aontais. Is iondúil go dtarlaíonn sé sin ag deireadh na céime táirgeachta. Baineann fadhb leis sin, más rud é mar shampla go bhfuil an mharcáil CE ar phláta sonraí nach ngreamaítear den táirge go dtí tar éis na cigireachta deiridh. Más rud é (mar shampla) go ngreamaítear an mharcáil CE de trí stampáil nó teilgean áfach, is féidir an mharcáil a ghreamú ag aon chéim eile den chéim táirgeachta, ar choinníoll go ndéantar comhréireacht an táirgeadh a fhíorú mar chuid den phróiseas táirgthe.

Ciallaíonn an ceanglas le haghaidh infheictheachta nach mór an mharcáil CE a bheith inrochtana le haghaidh gach páirtí. D’fhéadfaí í a ghreamú, mar shampla, de chúl nó de bhonn táirge. Ní gá go gciallaíonn an ceanglas le haghaidh infheictheachta nach mór an comhartha CE a bheith infheicthe sula n-osclófaí pacáistíocht táirgí toisc nach gá an comhartha CE a ghabhann leis an bpacáistíocht ach amháin má éilítear an méid sin go sainráite i ngníomhartha ábhartha an Aontais. Le haghaidh táirgí a bhfuil cóimeáil de dhíth orthu, ba cheart go bhfanfadh an mharcáil CE infheicthe tar éis na cóimeála, ach ní gá di a bheith infheicthe tar éis na suiteála deiridh agus sa ghnáthúsáid. Beidh íosairde 5 mm de dhíth chun a áirithiú go mbeidh sí inléite. I gcomhréire le roinnt píosaí reachtaíochta áfach (236) is féidir an toise íosta le haghaidh na marcála CE a tharscaoileadh i gcás gléasanna nó comhpháirteanna beaga.

Is féidir foirmeacha difriúla a bheith ag an marcáil CE (e.g. dathanna, soladacha/cuasacha) chomh fada agus a fhanfaidh sé infheicthe, inléite agus a chloífidh sé lena chomhréireanna. Ní mór di a bheith doscriosta sa chaoi nach féidir í a bhaint de réir gnáthchúinsí gan rianta suntasacha a fhágáil (mar shampla forálann roinnt caighdeán táirge maidir le tástáil chuimilte le huisce agus le biotáille peitriliam). Is faoin monaróir é a áirithiú go gcomhlíonann a réiteach teicneolaíochta ceanglais na hinfheictheachta, na hinléiteachta agus na doscriostachta. (237) Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin nach mór an mharcáil CE a bheith mar chuid lárnach den táirge.

I gcásanna áirithe áfach is dodhéanta é greamú na marcála CE den táirge (mar shampla i leith chineálacha pléascán áirithe) nó nach féidir é a dhéanamh faoi dhálaí teicniúla nó eacnamaíocha réasúnta. Thairis sin d’fhéadfadh cásanna a bheith ann nach féidir cloí leis na toisí íosta don ghreamú, nó nach féidir a áirithiú go bhfuil an mharcáil CE greamaithe go hinfheicthe, go hinléite nó go doscriosta.

Sna cásanna sin, is féidir an comhartha CE a ghreamú den phacáistíocht, más ann di, agus / nó den doiciméad a ghabhann leis, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na doiciméid sin le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena mbaineann. Ní féidir an t-aitheantas ar an táirge a fhágáil ar lár ná a bhogadh chuig an bpacáistíocht ná chuig na doiciméid a ghabhann leis ar fhorais atá go hiomlán aeistéitiúil.

Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE nach mór na toisí, an fhormáid agus na comhréireanna a bheith ag an marcáil CE a shainítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus nach mór di a bheith inléite agus greamaithe go soiléir. Ní thoirmisctear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE aon chineál dearaidh (e.g. dearadh ‘cuasach’) chomh fada agus a chloítear leis na coinníollacha thuas. Ní cheadaítear lipéadú leictreonach amháin áfach.

Ina theannta sin, má dhíoltar táirgí ar líne, beidh sé úsáideach go léirítear an mharcáil CE agus aon fholáireamh a cheanglaítear de réir na reachtaíochta is infheidhme ar an suíomh gréasáin sin agus go mbíonn siad infheicthe sula ndéanann an t-úsáideoir deiridh an ceannach.

4.5.1.5.   Greamú na marcála CE in éineacht le huimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

I gcás ina mbíonn comhlacht faoina dtugtar fógra páirteach sa chéim rialaithe táirgeachta i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú, ní mór dá uimhir aitheantais cloí leis an marcáil CE. Greamaíonn an monaróir nó an t-ionadaí údaraithe an uimhir aitheantais más gá de réir na reachtaíochta, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra.

D’fhéadfadh comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith páirteach sa chéim táirgeachta, ag brath ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chuirtear i bhfeidhm. Ní mór uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra teacht i ndiaidh na marcála CE, ach amháin má bhíonn sé páirteach sa chéim táirgeachta. Dá réir sin, uimhir aitheantais comhlachta faoina dtugtar fógra a bhíonn páirteach sa mheasúnú comhréireachta sa chéim táirgeachta i gcomhréir le modúl B, ní chloíonn sí leis an marcáil CE. Uaireanta bíonn roinnt comhlachtaí faoina dtugtar fógra páirteach sa chéim táirgeachta, rud atá indéanta i gcás inarb infheidhme níos mó ná téacs comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais. Sna cásanna sin cloíonn roinnt uimhreacha aitheantais leis an marcáil CE.

Dá réir sin, má thaispeántar an mharcáil CE ar tháirgí in éagmais uimhir aitheantais, ciallaíonn sé sin:

nach ndearna aon chomhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta nó táirgeachta (modúl A);

nó ar rogha an mhonaróra rinne an comhlacht creidiúnaithe intí idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúil A1, A2);

nach ndearna aon chomhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta (modúl B) ach nach ndearna aon chomhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúl C i ndiaidh modúl B);

nó go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta (modúl B) agus ar rogha an mhonaróra go ndearna an comhlacht creidiúnaithe intí idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúil C1, C2 tar éis mhodúl B).

Má thaispeántar an mharcáil CE ar tháirgí ag a bhfuil uimhir aitheantais áfach (238), ciallaíonn sé sin:

ar rogha an mhonaróra go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúil A1, A2);

nó go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta (modúl B) agus ar rogha an mhonaróra go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra (ní gá gurb é an ceann céanna é ach an ceann a dtaispeántar a uimhir aitheantais) idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúil C1, C2 tar éis mhodúl B);

nó go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta (modúl B) agus go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra (ní gá gurb é an ceann céanna é ach an ceann a dtaispeántar a uimhir aitheantais) idirghabháil sa chéim táirgeachta (modúil C1, C2, D, E, F tar éis mhodúl B);

nó go ndearna comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa chéim dearthóireachta agus táirgeachta (modúil D1, E1, F1, G1, H, H1).

Ní gá an mharcáil CE agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bheith greamaithe laistigh den Aontas. Is féidir iad a ghreamú i dtríú tír, mar shampla má dhéantar an táirge a mhonarú inti agus rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú comhréireachta sa tír sin i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú. Is féidir an mharcáil CE agus an uimhir aitheantais a ghreamú ar leithligh freisin, chomh fada agus a fhanfaidh siad le chéile.

4.5.1.6.   Na táirgí nach mór (gan) marcáil CE a chur leo

Ní mór an mharcáil CE a ghreamú sula gcuirtear aon táirge atá faoina réir ar an margadh, seachas i gcás ina gceanglaítear a mhalairt de réir reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú.

I gcás ina mbíonn táirgí faoi réir roinnt gníomhartha comhchuibhithe an Aontais, ina ndéantar foráil maidir le greamú na marcála CE, léirítear leis an marcáil go ndearbhaítear go gcomhlíonann na táirgí forálacha na ngníomhartha sin uile.

Is féidir nach mbeidh marcáil CE curtha ar tháirge, mura gcumhdaítear í le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina ndéantar foráil maidir lena greamú.

Ní gá marcáil CE a bheith curtha ar gach táirge (239). Cuimsítear leis an oibleagáid an mharcáil CE a ghreamú ar gach táirge laistigh de raon feidhme na ngníomhartha reachtacha ina ndéantar foráil maidir lena greamú, agus atá beartaithe do mhargadh an Aontais. Is amhlaidh dá réir nach mór an mharcáil CE a ghreamú:

de gach táirge nua-mhonaraithe atá faoi réir reachtaíochta ina ndéantar foráil maidir le marcáil CE, cibé atá siad monaraithe sna Ballstáit nó i dtríú tíortha;

de tháirgí athláimhe a allmhairítear ó thríú tíortha atá faoi réir reachtaíochta ina ndéantar foráil maidir le marcáil CE;

de tháirgí atá modhnaithe go substaintiúil, atá faoi réir, mar tháirgí nua, reachtaíocht ina ndéantar foráil maidir le marcáil CE agus a modhnaíodh ar bhealach a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shábháilteacht nó ar chomhlíontacht an táirge leis an reachtaíocht um chomhchuibhiú is infheidhme.

I roinnt cásanna, meastar táirge a bheith críochnaitheach chun cuspóirí ghníomh comhchuibhithe áirithe an Aontais, agus ní foláir marcáil CE a bheith air. Corpraítear an táirge céanna sin i dtáirge críochnaitheach eile atá faoi réir ghníomh comhchuibhithe eile an Aontais é féin, a bhfuil marcáil CE de dhíth air freisin. Cruthaítear cás leis sin inar féidir níos mó ná marcáil CE amháin a aimsiú ar tháirge (240).

Is féidir cur na marcála CE ar tháirgí áirithe a eisiamh ó reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina ndéantar foráil go ginearálta maidir le marcáil CE. Mar riail ghinearálta, tá táirgí den sórt sin faoi réir saorchúrsaíochta, más rud é:

a.

Go ngabhann na nithe seo a leanas leo:

Dearbhú corpraithe le haghaidh innealra páirtchríochnaithe, i gcomhréir leis an Treoir maidir le hInnealra;

Dearbhú ón monaróir nó ón allmhaireoir i gcás scairdscútar páirtchríochnaithe dá dtagraítear sa Treoir maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce.

b.

Tá fianú ar chomhréireacht ag gabháil leo i gcás comhpháirteanna mar atá sainithe sa Treoir maidir le trealamh agus córais chosantacha atá beartaithe dá n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (ATEX).

c.

Gabhann ráiteas leo i gcás:

feistí leighis saindéanta agus feistí atá beartaithe le haghaidh imscrúduithe cliniciúla dá dtagraítear sa reachtaíocht maidir le feistí leighis;

feistí atá beartaithe le haghaidh mheastóireacht feidhmíochta dá dtagraítear sa reachtaíocht maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro.

d.

Gabhann deimhniú comhréireachta leo i gcás feisteas dá dtagraítear sa Treoir maidir le fearais gháis.

e.

Bíonn ainm an mhonaróra agus léiriú ar uasacmhainneacht ar an táirge i gcás ionstraimí nach bhfuil faoi réir deimhniú comhréireachta i gcomhréir leis an Treoir maidir le hionstraimí neamh-uathoibríocha meáite.

f.

Déantar an táirge a mhonarú i gcomhréir le cleachtas innealtóireachta fónta i gcás árthaí áirithe dá dtagraítear sna Treoracha i ndáil le hárthaí brú simplí agus brú-threalamh.

Ina theannta sin, tá an ceart ag Ballstáit ón Treoir maidir le brú-threalamh údarú a thabhairt ar a gcríoch féin do chur brú-threalaimh nó cóimeálacha ar an margadh agus dá gcur i mbun seirbhíse ag úsáideoirí, nach bhfuil an mharcáil CE orthu, ach a bhí faoi réir mheasúnú comhréireachta a rinne cigireacht úsáideoirí in ionad chomhlacht faoina dtugtar fógra.

4.5.1.7.   Marcáil CE agus marcálacha eile

Is í an mharcáil CE an t-aon mharcáil comhréireachta lena léirítear go bhfuil táirge comhréireach le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a bhfuil feidhm aici maidir leis, agus ina ndéantar foráil maidir leis an marcáil CE.

Ní mór do Bhallstáit staonadh ó aon tagairt do mharcáil comhréireachta eile a thabhairt isteach ina rialacháin náisiúnta, a d’fhorluífeadh leis an marcáil CE.

Is féidir marcálacha agus marcanna breise a bheith ar tháirge, ar choinníoll go gcomhlíonann siad feidhm dhifriúil ó cheann na marcála CE, nach bhfuil dlite a bheith ina gcúis le hiomrall aithne eatarthu agus an mharcáil CE, agus nach laghdaíonn siad a hinléiteacht agus a hinfheictheacht.

Tagann an mharcáil CE in ionad gach marcáil chomhréireachta shainordaitheach ag a bhfuil an bhrí chéanna, a bhí ann sular tharla an comhchuibhiú. Tá marcálacha comhréireachta den sórt sin neamh-chomhoiriúnach le marcáil CE, agus bheidís ina sárú ar an reachtaíocht Eorpach is infheidhme i gceist. Agus reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú á trasuí, ní foláir do Bhallstáit an mharcáil CE a chorprú lena rialacháin náisiúnta agus lena nósanna imeachta riaracháin. Ní mór dóibh staonadh ó aon mharcáil chomhréireachta eile a thabhairt isteach ina reachtaíocht náisiúnta ag a bhfuil an bhrí chéanna leis an marcáil CE.

Mar sin féin, féadfar marcanna eile a úsáid fad go gcuireann siad le cosaint a thabhairt do leasanna an phobail, agus fad nach mbeidh siad cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus nach lagaíonn a ngreamú infheictheacht, inléiteacht agus brí na marcála CE. Tá greamú marcálacha breise (amhail trádmharc faoi chosaint monaróra nó marcálacha príobháideacha/náisiúnta eile) ceadaithe a mhéid nach gcruthaíonn marcálacha den sórt sin iomrall aithne leis an marcáil CE. Is féidir leis an iomrall aithne sin tagairt a dhéanamh do bhrí nó d’fhoirm na marcála CE.

I dtaca leis an méid sin, ní foláir go gcomhlíonfadh marcálacha breise eile leis an marcáil CE feidhm dhifriúil le ceann na marcála CE. Dá réir sin, ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar maidir le comhréireacht le cuspóirí atá difriúil ó na cinn lena mbaineann an mharcáil CE (mar shampla gnéithe comhshaoil nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme).

Thairis sin déantar foráil i roinnt gníomhartha comhchuibhithe an Aontais maidir le marcálacha breise atá comhlántach agus neamh-fhorluiteach leis an marcáil CE (féach 4.5.2).

4.5.1.8.   Smachtbhannaí

Ní foláir do Bhallstáit cur chun feidhme ceart an chórais lena rialaítear an mharcáil CE a áirithiú, agus beart iomchuí a dhéanamh i gcás úsáid mhíchuí na marcála.

Ní foláir do Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis ar sháruithe, lena bhféadfaí smachtbhannaí coiriúla a áireamh le haghaidh sáruithe tromchúiseacha.

Ní mór do Bhallstát fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile nuair a chinneann sé srian a chur leis an tsaorghluaiseacht de bharr ghreamú mícheart na marcála CE, nó nuair a dhéanann sé gníomh ina n-aghaidh siúd atá freagrach as táirge neamhchomhlíontach ar a bhfuil marcáil CE.

Tugtar an chéad tásc leis an marcáil CE gur féidir glacadh leis gur cuireadh i gcrích na rialuithe riachtanacha, sula gcuirtear an táirge i gceist ar an margadh, chun a chomhlíontacht leis na ceanglais reachtacha a áirithiú. Bíonn an ceart ag údaráis faireachais margaidh dul ar aghaidh chuig rialuithe breise chun leas an phobail a chosaint. Ba cheart cinneadh a dhéanamh faoin mbeart a bheidh le déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh de réir an cháis i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Ní mór do Bhallstáit foráil a dhéanamh ina reachtaíocht náisiúnta maidir le bearta iomchuí chun drochúsáid agus mí-úsáid na marcála CE a chosc, agus chun an cás a leigheas má tharlaíonn an drochúsáid nó an mhí-úsáid sin. Is gá go mbeadh na bearta sin éifeachtach, comhréireach lena thromchúise atá an cion agus athchomhairleach, agus is féidir iad a mhéadú má rinne an t-oibreoir eacnamaíoch sárú comhchosúil roimhe seo. Is féidir tarraingt siar, aisghairm táirgí, pionóis agus smachtbhannaí coiriúla a áireamh leo sin (amhail fíneálacha agus príosúnacht) de réir mar is gá.

Forchuirtear na bearta sin gan dochar do bhearta eile a rinneadh i gcás ina bhfaigheann na húdaráis faireachais margaidh go mbaineann riosca le táirge nó nach gcomhlíonann sé an reachtaíocht is infheidhme. Thairis sin, ní mór do Bhallstáit a áirithiú go gcuirtear na bearta chun feidhme.

I dtaca leis an méid sin is amhlaidh a mheastar greamú na marcála CE de tháirge a bheith míthreorach, nach bhfuil an táirge sin cumhdaithe le haon reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina ndéantar foráil maidir lena greamú, toisc gur dócha go bhfeicfear do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí go gcomhlíonann an táirge i gceist forálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ní mór go mbeadh ionstraimí dlíthiúla ar fáil d’údaráis inniúla, dá bhrí sin, a chuireann ar a gcumas beart a dhéanamh in aghaidh úsáid mhíthreorach na marcála CE. Ní mór beart a dhéanamh freisin ina n-aghaidh siúd atá freagrach as táirge neamhchomhlíontach ar a bhfuil marcáil CE.

Tá greamú marcálacha i dteannta leis an marcáil CE faoi réir srianta áirithe (241). Ní foláir don údarás faireachais na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcloítear leis na prionsabail sin, agus de réir mar is gá, beart iomchuí a dhéanamh.

Ní mór do Bhallstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoina chinneadh srian a chur leis an tsaorghluaiseacht de bharr ghreamú mícheart na marcála CE, agus faoina bheart in aghaidh an duine atá freagrach as greamú na marcála CE de tháirge neamhchomhlíontach. Is faoi na Ballstáit eile ansin cinneadh a dhéanamh cibé atá gá le beart comhchosúil nó nach bhfuil. I gcás mharcáil CE atá greamaithe go míchuí de tháirgí nach bhfuil faoi réir an cheanglais maidir le marcáil CE, ba cheart do Bhallstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi.

4.5.2.    Marcálacha sainordaitheacha eile

Déantar foráil i roinnt píosaí de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le marcálacha breise atá comhlántach agus neamh-fhorluiteach leis an marcáil CE.

Is comhlántach leis an marcáil CE iad picteagraim agus marcálacha eile, lena léirítear an chatagóir úsáide mar shampla, i gcomhréir le roinnt reachtaíochta de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, ach níl siad ina gcuid di ná ní ionadaíonn siad í. Is iondúil go gcloíonn na marcálacha sin leis na prionsabail chéanna agus an mharcáil CE. Seo roinnt samplaí:

an lipéad fuinnimh AE le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh;

marcáil shonrach na cosanta in aghaidh pléascán is gá le haghaidh trealaimh agus córais chosantacha eile atá beartaithe dá húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach;

an mharcáil méadreolaíochta fhorlíontach is gá le haghaidh ionstraimí tomhais agus ionstraimí neamh-uathoibríocha meáite.

5.   MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

5.1.   Modúil le haghaidh mheasúnú comhréireachta

5.1.1.    Céard is measúnú comhréireachta ann?

Is é measúnú comhréireachta an próiseas a dhéanann an monaróir chun a léiriú cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais shonraithe i ndáil le táirge.

Cuirtear táirge faoi réir mheasúnú comhréireachta le linn na céime dearthóireachta agus táirgeachta araon.

Is dhá eilimint thábhachtacha de gach gníomh reachtach a chumhdaíonn táirgí iad:

na ceanglais reachtacha lena rialaítear saintréithe na dtáirgí a chumhdaítear;

agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanann an monaróir chun a léiriú go gcomhlíonann táirge, sula gcuirtear ar an margadh é, na ceanglais reachtacha sin.

Tugtar aghaidh leis an treoraíocht seo ar mheasúnú comhréireachta mar a leagtar é sin amach faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE (go háirithe le haghaidh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú faoin ‘gCur Chuige Nua’ agus anois faoin gCreat Reachtach Nua).

Cuirtear táirge faoi réir mheasúnú comhréireachta le linn na céime dearthóireachta agus táirgeachta araon. Is ar an monaróir a luíonn an fhreagracht as measúnú comhréireachta. I gcás ina ndéanfadh monaróir dearthóireacht nó táirgeacht a fhochonrú, is eisean a bheidh freagrach go fóill as cur i gcrích measúnú comhréireachta.

Ná déantar measúnú comhréireachta a mheascadh le faireachas margaidh, rud lena mbaineann rialuithe ag údaráis náisiúnta faireachais margaidh tar éis an táirge a bheith curtha ar an margadh. Is teicnící comhlántacha iad an dá theicníc, áfach, agus tá siad chomh riachtanach céanna le chéile chun cosaint leasanna an phobail atá i gceist agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Is é an cuspóir fíor-riachtanach atá le nós imeachta um measúnú comhréireachta ná a léiriú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar an margadh na ceanglais a léirítear sna forálacha den reachtaíocht ábhartha.

5.1.2.    Struchtúr modúlach an mheasúnaithe comhréireachta i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú

I reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, cumhdaíonn nósanna imeachta um measúnú comhréireachta na céimeanna dearthóireachta agus táirgeachta araon. Tá siad comhdhéanta de mhodúl amháin nó dhá mhodúl. Cumhdaíonn roinnt modúl an dá chéim. I gcásanna eile, úsáidtear modúil ar leithligh le haghaidh gach céime.

Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE an ‘roghchlár cothrománach’ de mhodúil um measúnú comhréireachta agus na bealaí ina bhfuil nósanna imeachta comhdhéanta de mhodúil.

Roghnaíonn an reachtóir ó roghchlár na modúl/nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (a leagtar síos faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE) na cinn is iomchuí le haghaidh na hearnála lena mbaineann.

Tá nósanna imeachta um measúnú comhréireachta comhdhéanta de réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú de mhodúl amháin nó dhá mhodúl de mheasúnú comhréireachta. Toisc go gcuirtear táirgí faoi réir mheasúnú comhréireachta le linn na céime dearthóireachta agus na céime táirgeachta araon, cumhdaíonn measúnú comhréireachta idir na céimeanna dearthóireachta agus táirgeachta; agus is féidir go gcumhdófar le modúl:

ceachtar ceann den dá chéim (sa chás seo tá nós imeachta um measúnú comhréireachta comhdhéanta de dhá mhodúl);

nó an dá cheann (sa chás seo tá nós imeachta um measúnú comhréireachta comhdhéanta de mhodúl amháin).

Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE an ‘roghchlár cothrománach’ de mhodúil um measúnú comhréireachta agus na bealaí ina bhfuil nósanna imeachta comhdhéanta de mhodúil.

Roghnaíonn an reachtóir ó roghchlár de mhodúil/nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (a leagtar síos faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE) an ceann (na cinn) is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shainéilimh na hearnála lena mbaineann (242). Ba cheart na modúil is lú dochraide a roghnú agus cineál na dtáirgí agus na nguaiseacha i gceist a thabhairt san áireamh, an tionchar ar chosaint leasanna an phobail, bonneagar eacnamaíoch na hearnála i gceist, na modhanna táirgeachta etc. I gcás inar féidir ba cheart an rogha a chur ar fáil idir modúil chigireachta, deimhnithe, agus/nó dearbhú cáilíochta.

Is coibhéiseach iad na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ó thaobh an dlí de, ach ní comhionann iad i dtéarmaí na modhanna. Is é is aidhm dá gcur i bhfeidhm sa reachtaíocht earnála leibhéal ard muiníne a chur ar fáil maidir le comhréireacht na dtáirgí leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha.

Is é an cuspóir leis na modúil mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ná chun líon teoranta nósanna imeachta féideartha a cheadú.

Mar sin féin, ní foláir an rogha a chuirtear ar fáil a bheith éagsúil a dóthain chun gur féidir í a chur i bhfeidhm ar an raon táirgí is leithne lena mbaineann.

Bunaítear nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú trí gan an dara rogha a thabhairt don mhonaróir nó trí raon nósanna imeachta a bhunú nach mór don mhonaróir roghnú uathu. Toisc gur de thionscnamh Chinneadh Uimh. 768/2008/CE iad na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, tá siad fós comhsheasmhach agus comhleanúnach. Éiríonn an measúnú ar chomhréireacht táirge níos trédhearcaí dá réir sin, go háirithe i gcásanna ina mbíonn feidhm ag níos mó ná gníomh reachtach comhchuibhithe amháin ar tháirge.

5.1.3.    Gníomhaithe um measúnú comhréireachta – Suíomh an mheasúnaithe comhréireachta sa slabhra soláthair

Is ar an monaróir a luíonn an fhreagracht as measúnú comhréireachta, cibé a dhéantar foráil sa reachtaíocht maidir le rannpháirtíocht chomhlacht creidiúnaithe faoina dtugtar fógra nó chomhlacht creidiúnaithe intí um measúnú comhréireachta nó nach ndéantar.

Is iad na príomhghníomhaithe i measúnú comhréireachta an reachtóir, an monaróir agus (má dhéantar foráil maidir leis sa reachtaíocht) an comhlacht creidiúnaithe faoina dtugtar fógra nó an comhlacht creidiúnaithe intí um measúnú comhréireachta.

Féadfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith páirteach nó gan a bheith páirteach sna modúil a úsáidtear le haghaidh na céime dearthóireachta agus táirgeachta araon le haghaidh gach céime.

Ní mór do chomhlachtaí creidiúnaithe intí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra an leibhéal céanna inniúlachta teicniúla agus neamhchlaontachta a léiriú faoi mar a dhéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Is leis an monaróir í an fhreagracht as measúnú comhréireachta. Más gá de réir na reachtaíochta ábhartha áfach, ní mór do thríú páirtí a bheith páirteach sa nós imeachta um measúnú comhréireachta.

Tá trí fhéidearthacht san iomlán ann:

Ní bhíonn aon rannpháirtíocht tríú páirtí i gceist. Is féidir go mbaineann sé sin leis an gcás, inar leormhaith é dearbhú, de réir an reachtóra (agus na himscrúduithe agus doiciméadacht theicniúil ábhartha ag gabháil leo), leis an monaróir chun comhréireacht an táirge (na dtáirgí) i gceist a áirithiú in aghaidh na gceanglas reachtach ábhartha. Sa chás seo is é an monaróir féin a dhéanann gach rialú agus seiceáil riachtanach, a bhunaíonn an doiciméadacht theicniúil, agus a áirithíonn comhréireacht an phróisis táirgthe.

Déantar an measúnú comhréireachta le rannpháirtíocht chomhlacht creidiúnaithe intí um measúnú comhréireachta atá mar chuid d’eagraíocht an mhonaróra. Ní mór nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile ag an gcomhlacht intí sin seachas an measúnú comhréireachta, agus ní mór dó a bheith neamhspleách ar aon eintiteas tráchtála, dearthóireachta agus táirgeachta (féach le haghaidh sonraí Airteagal R21 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE). Ní foláir dó an inniúlacht theicniúil agus neamhchlaontacht chéanna a léiriú agus a léiríonn comhlachtaí seachtracha um measúnú comhréireachta, tríd mheán an chreidiúnúcháin.

I gcás inarb iomchuí le haghaidh earnáil faoi leith, féadfaidh an reachtóir aitheantas a thabhairt don fhíoras go n-oibríonn monaróirí saotharlanna nó áitribh thástála atá feistithe go fíormhaith. Is féidir gurb amhlaidh atá le haghaidh táirgí casta nuálacha nua dá bhfanann an saineolas tástála laistigh de na monaróirí.

I roinnt cásanna eile féadfaidh an reachtóir a mheas go bhfuil gá le hidirghabháil le tríú páirtí i.e. comhlacht seachtrach um measúnú comhréireachta. Ní mór do chomhlacht den sórt sin a bheith neamhchlaonta agus lán-neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge a ndéanann sé measúnú air (féach freisin Airteagal R17(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE), ní féidir leis a bheith páirteach in aon ghníomhaíocht a fhéadann a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas (féach freisin Airteagal R21(2)(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE) agus is amhlaidh dá réir nach féidir leis leasanna úsáideora ná leasanna eile sa táirge a mheasúnú.

Is ar na Ballstáit a luíonn an fhreagracht fógra a thabhairt do na comhlachtaí tríú páirtí sin maidir le measúnú comhréireachta laistigh dá ndlínse a mheasann siad a bheith inniúil go teicniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí leis na ceanglais de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a bhfuil feidhm aici maidir leo. Ní féidir fógra a thabhairt do chomhlachtaí intí, ach ní foláir go léireoidís an inniúlacht theicniúil chéanna le comhlachtaí seachtracha mar sin féin, trí mheán an chreidiúnúcháin. Ní mór do Bhallstáit a áirithiú freisin go gcoinníonn na comhlachtaí (intí nó seachtracha) a n-inniúlacht theicniúil ar bun ar bhonn buan.

Agus an méid thuas á thabhairt san áireamh, is iad seo a leanas na páirtithe leasmhara le nós imeachta um measúnú comhréireachta:

a)

An reachtóir a dhéanann an méid seo a leanas:

a leagan amach na ceanglais dhlíthiúla nach foláir do tháirgí a chomhlíonadh;

a roghnaíonn modúil/nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ón roghchlár a leagtar amach faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

b)

An monaróir a dhéanann na nithe seo a leanas:

a dhearann, a mhonaraíonn, agus a thástálann an táirge nó a ndeartar, a monaraítear nó a dtástáiltear an táirge ar a shon.

a tharraingíonn suas doiciméadacht theicniúil an táirge;

a dhéanann gach beart is gá chun comhlíontacht na dtáirgí a áirithiú;

ar mheasúnú dearfach na dtáirgí, a tharraingíonn suas an Dearbhú Comhréireachta AE agus a ghreamaíonn an mharcáil CE de na táirgí más gá sin de réir na reachtaíochta;

ar idirghabháil comhlachta faoina dtugtar fógra, a ghreamaíonn uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra den táirge más gá sin de réir na reachtaíochta.

Ní mór a bheith soiléir gurb é an monaróir i gcónaí a ghlacfaidh freagracht chuige féin as comhréireacht a chuid táirgí leis na ceanglais reachtacha ábhartha. Ina leith sin, tagann an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin chun bheith ina mhonaróir go huathoibríoch chun críocha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, glacann sé freagracht iomlán as measúnú comhréireachta (dearadh agus táirgeadh) an táirge, fiú más amhlaidh a rinne duine eile an méid sin. Thairis sin, ní mór dó a bheith i seilbh na doiciméadachta uile, agus i gcás inarb ábhartha, na ndeimhnithe is gá chun comhréireacht an táirge a léiriú, ach ní gá dóibh sin a bheith faoina ainm.

c)

An comhlacht (intí nó seachtrach) um measúnú comhréireachta a dhéanann na nithe seo a leanas:

a dhéanann seiceálacha agus measúnuithe, má dhéantar foráil sa reachtaíocht dóibh sin;

ar mheasúnú dearfach, a eisíonn an deimhniú formheasta nó an fianú de réir mar is gá de réir na reachtaíochta is infheidhme.

Aon chomhlacht um measúnú comhréireachta ar mian leis measúnú comhréireachta a chur i gcrích le haghaidh mhodúl amháin nó roinnt modúl de réir phíosa reachtaíochta faoi leith an Aontais um chomhchuibhiú; ní foláir measúnú a dhéanamh air i gcomhréir le gach ceanglas le haghaidh na modúl difriúil ar mian leis seirbhísí a chur ar fáil ina leith (féach faoi 5.2.3). Aon chomhlacht ar mian leis seirbhísí um measúnú comhréireachta a chur ar fáil faoi ghníomh an Aontais um chomhchuibhiú; ní foláir dó seirbhísí a chur ar fáil le haghaidh mhodúl amháin ar a laghad as na cinn a léirítear i ngníomh an Aontais um chomhchuibhiú. Ní mór a thabhairt dá aire nach bhfuil aon oibleagáid ann do chomhlacht chun seirbhísí a chur ar fáil le haghaidh níos mó ná modúl amháin, ach ní mór dó an fhreagracht a ghlacadh as an modúl iomlán.

Léirítear suíomh beacht an mheasúnaithe comhréireachta sa slabhra soláthair faoi Shreabhchairt 2.

Sreabhchairt 2

Measúnú Comhréireachta

Image 3

5.1.4.    Modúil agus a gcuid athraitheach

Tá ocht modúl ann. Baineann athraithigh le roinnt acu.

Tá ocht modúl ann (agus iad ainmnithe leis na litreacha ó A go H). Leagtar síos leo freagrachtaí an mhonaróra (agus a ionadaí údaraithe) agus méid rannpháirtíochta an chomhlachta chreidiúnaithe intí nó an chomhlachta faoina dtugtar fógra um measúnú comhréireachta. Is iadsan na comhpháirteanna de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE, an ‘roghchlár cothrománach’.

Baineann a gcuid athraitheach féin le roinnt modúl. Is an fáth a gcuirtear athraithigh ar fáil laistigh de mhodúil (tá feidhm aige sin le haghaidh gach athraitheach de na modúil uile a leagtar síos faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE) ná an leibhéal cosanta is gá a áirithiú le haghaidh táirgí lena mbaineann leibhéal riosca níos airde, agus forchur modúil níos troime a chosc. Is é atá i gceist an t-ualach ar mhonaróirí a íoslaghdú an oiread agus is féidir.

5.1.5.    Nósanna imeachta aonmhodúil agus démhodúil – Nósanna imeachta atá bunaithe ar chineál (cineálscrúdú AE)

Baineann dhá chéim leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta i roinnt cásanna:

scrúdú ar dtús ar chomhréireacht eiseamail nó dhearadh an táirge lena mbaineann;

ansin, comhréireacht na dtáirgí monaraithe in aghaidh an eiseamail fhormheasta a chinneadh.

I roinnt cásanna e.g. olltáirgeadh bunaithe ar chineál/eiseamal ‘atá ionadaíoch ar an táirgeacht a shamhlaítear’ agus má bhaineann dearadh casta leis an táirge i gceist, is féidir a leagan síos le reachtaíocht an Aontais go ndéantar an nós imeachta um measúnú comhréireachta in dhá chéim:

ar dtús an scrúdú comhréireachta um chomhréireacht an chineáil/tsampla fréamhshamhla/eiseamal in aghaidh na gceanglas dlíthiúil ábhartha (ar a dtugtar cineálscrúdú AE - modúl B);

agus ansin comhréireacht na dtáirgí monaraithe in aghaidh an chineáil-AE fhormheasta a chinneadh.

Sna cásanna sin bíonn nósanna imeachta um measúnú comhréireachta comhdhéanta de dhá mhodúl; is é modúl B an chéad mhodúl i gcónaí.

Ní hamháin go laghdaítear an t-ualach agus na costais leis an modh seo, ach is éifeachtúla freisin é i gcomparáid le scrúdú traidisiúnta ar na táirgí comhréireachta go díreach in aghaidh na gceanglas dlíthiúil. Nuair a bheidh an cineál formheasta (agus ní dhéantar é sin ach an t-aon uair amháin le haghaidh eiseamal sonrach), ní gá seiceáil a dhéanamh ach amháin cibé atá na táirgí a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir leis an gcineál formheasta nó nach bhfuil.

Ní gá gurb ionann an comhlacht um measúnú comhréireachta atá i gceist faoi mhodúl B agus an ceann atá i gceist sa mhodúl a úsáidtear in éineacht le modúl B. Ní mór dáta eisiúna dheimhniú an mhodúil arna eisiúint in éineacht le modúl B a bheith níos déanaí i gcónaí ná dáta dheimhniú mhodúl B. Ní mór an dá dheimhniú a bheith ar fáil sula gcuirtear an táirge ar an margadh den chéad uair.

I gcásanna nach mbíonn aon chineálscrúdú AE ann, beidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta comhdhéanta de mhodúl amháin dhá chéim (dearadh & táirgeadh).

An monaróir a bheidh ag tabhairt faoin modúl (243) a úsáidtear in éineacht le modúl B, ní gá gurb é an duine céanna é leis an duine ag a bhfuil an deimhniú ar chineálscrúdú AE faoi mhodúl B. Fós féin, an monaróir sin a chuireann an táirge ar an margadh ansin, glacann sé an fhreagracht iomlán as an measúnú comhréireachta (dearadh & táirgeadh) a dhéanamh ar an táirge. Dá dhroim sin, ní mór dó an dá dheimhniú a bheith ina sheilbh aige, cé nach gá don deimhniú ar chineálscrúdú AE a bheith ina ainm, agus ní mór dó stair iomlán an táirge a bheith aige chomh maith leis sin. Ní mór a áirithiú in aon chás, gur féidir an deimhniú a leithdháileadh ar an táirge a chuirtear ar an margadh gan amhras ar bith. Ní mór dó an fhaisnéis agus na sonraí riaracháin agus teicniúla uile a bheith aige, an fhaisnéis maidir leis an gcineál-tástáil a rinneadh, an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcineál-tástáil a bhainistiú agus ní mór baisc-thástáil a bheith déanta. Tá feidhm leis an réasúnaíocht thuas go deimhin maidir le gach modúl agus nós imeachta, go neamhspleách ar cibé an nós imeachta um measúnú comhréireachta aon chéim amháin nó dhá chéim atá ann. I gcásanna ina mbíonn monaróir ag brath ar mhonaróir(í) amháin eile nó níos mó chun an táirge a dhearadh agus a tháirgeadh caithfidh cruthúnas a bheith ann go bhfuil an monaróir ar an eolas go hiomlán faoi aon athrú ar dhearadh, táirgeadh agus measúnú comhréireachta an táirge.

Is gá go léirítear leis an deimhniú go ndearnadh an modúl iomchuí ina iomláine le haghaidh an táirge shonraigh dá dtagraíonn sé.

5.1.6.    Modúil arna mbunú ar dhearbhú cáilíochta

Tugtar tuairisc ar an úsáid a bhaintear as córais dearbhaithe cáilíochta chun críche measúnaithe comhréireachta i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i modúil D, E agus H agus a gcuid athraitheach.

Chun an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh ní mór don mhonaróir a áirithiú go gcuirtear an córas cáilíochta chun feidhme agus i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear leis go gcomhlíonfaidh na táirgí na ceanglais reachtacha atá i gceist go hiomlán.

Ar chomhlíonadh caighdeáin EN ISO 9000, EN ISO 9001 don mhonaróir, tugtar toimhde comhréireachta leis na modúil chomhfhreagracha um dhearbhú cáilíochta i dtaca leis na forálacha reachtacha a chumhdaítear leis na caighdeáin sin.

Ina theannta sin ní mór go gcuirfeadh an córas cáilíochta sonraíochtaí na dtáirgí lena mbaineann san áireamh.

Tá roinnt modúil agus a gcuid athraitheach bunaithe ar theicnící dearbhaithe cáilíochta agus díorthaítear iad ó na caighdeáin EN ISO 9000 (244), EN ISO 9001 (245). Tugtar tuairisc sna modúil atá bunaithe ar theicnící dearbhaithe cáilíochta (modúil D, E, H agus a gcuid athraitheach) ar na gnéithe nach mór do mhonaróir a chur chun feidhme ina eagraíocht chun a thaispeáint go gcomhlíonann an táirge ceanglais fhíor-riachtanacha na reachtaíochta is infheidhme.

Ciallaíonn sé sin go dtugtar an fhéidearthacht do mhonaróir córas cáilíochta formheasta a úsáid chun comhlíontacht leis na ceanglais rialála a léiriú. Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta.

Córas cáilíochta arna chur chun feidhme ar bhonn EN ISO 9000, EN ISO 9001, tugann an córas sin toimhde comhréireachta leis na modúil faoi seach maidir leis na forálacha sna modúil a chumhdaíonn na caighdeáin sin, ar choinníoll go gcuirtear sonraíochtaí na dtáirgí lena mbaineann san áireamh sa chóras cáilíochta.

Is faoin monaróir é áfach samhlacha eile den chóras cáilíochta a chur i bhfeidhm seachas iad sin atá bunaithe ar EN ISO 9001 ar mhaithe leis na modúil sin a chomhlíonadh.

In aon chás ní mór don mhonaróir aghaidh a thabhairt go sonrach ar gach foráil rialála agus a chóras cáilíochta á chur i bhfeidhm aige, go háirithe:

Ní mór an cuspóir maidir le seachadadh táirgí a bhíonn i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a chur san áireamh go hiomlán sna cuspóirí cáilíochta, sa phleanáil cáilíochta agus sa lámhleabhar cáilíochta.

Ní mór don mhonaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha atá ábhartha don táirge a shainaithint agus a dhoiciméadú agus na caighdeáin chomhchuibhithe nó na réitigh theicniúla eile lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais sin.

Ní mór na caighdeáin a shainaithnítear nó na réitigh theicniúla eile a úsáid mar ionchur deartha, agus mar fhíorú go n-áirithítear leis an aschur deartha go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha.

Ní mór a áirithiú leis na bearta arna ndéanamh chun monaraíocht a rialú go bhfuil na táirgí i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a sainaithníodh.

Na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha cáilithe ar an bpearsanra lena mbaineann, ní mór dóibh a bheith oiriúnach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme.

5.1.7.    Forbhreathnú ar mhodúil

Modúil

Tuairisc

A

Rialú inmheánach táirgthe

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Áirithíonn an monaróir féin go bhfuil na táirgí i gcomhréir leis na ceanglais reachtacha (ní ann do chineálscrúdú AE).

A1

Rialú inmheánach táirgthe agus tástáil faoi mhaoirseacht ar tháirgí

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Tástálacha A + ar ghnéithe sonracha den táirge arna ndéanamh ag comhlacht creidiúnaithe intí nó faoi fhreagracht chomhlachta faoina dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir.

A2

Rialú inmheánach táirgthe agus seiceálacha faoi mhaoirseacht ar tháirgí ag eatraimh randamacha

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Seiceálacha A + ar tháirgí ag eatraimh randamacha arna ndéanamh ag comhlacht faoina dtugtar fógra nó ag comhlacht creidiúnaithe intí.

B

Scrúdú cineáil AE

Cumhdaítear dearadh.

Tagann modúil eile ina dhiaidh i gcónaí, faoina léirítear comhréireacht na dtáirgí leis an gcineál-AE a fhormheastar.

Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar an dearadh teicniúil agus nó ar eiseamal de chineál agus fíoróidh agus deimhneoidh sé go gcomhlíonann an cineál ceanglais na hionstraime reachtaí a bhfuil feidhm acu maidir leis trí dheimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint. Tá trí bhealach ann chun cineálscrúdú AE a dhéanamh: 1) cineál an táirgthe, 2) meascán de chineál táirgthe agus cineál deartha agus 3) cineál deartha.

C

Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Ní mór don mhonaróir a chuid táirgeachta a rialú go hinmheánach chun comhréireacht táirge a áirithiú leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

C1

Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide tástáil faoi mhaoirseacht ar tháirgí

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Ní mór don mhonaróir a chuid táirgeachta a rialú go hinmheánach chun comhréireacht táirge a áirithiú leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

Tástálacha C + ar ghnéithe sonracha den táirge arna ndéanamh ag comhlacht creidiúnaithe intí nó faoi fhreagracht chomhlacht faoina dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir (*1).

C2

Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha faoi mhaoirseacht ar tháirgí ag eatraimh randamacha

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Ní mór don mhonaróir a chuid táirgeachta a rialú go hinmheánach chun comhréireacht táirge a áirithiú leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

Seiceálacha C + ar tháirgí ag eatraimh randamacha tástálacha ar ghnéithe sonracha den táirge arna ndéanamh ag comhlacht faoina dtugtar fógra nó ag comhlacht creidiúnaithe intí.

D

Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta táirgthe (cuid an mhonaraithe agus cigireacht ar an táirge deiridh) chun comhréireacht leis an gcineál-AE a áirithiú. Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta.

D1

Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta táirgthe (cuid an mhonaraithe agus cigireacht ar an táirge deiridh) chun comhréireacht le ceanglais reachtacha a áirithiú (ní ann do chineál-AE, úsáidte amhail D gan modúl B). Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta táirgthe (cuid an mhonaraithe agus cigireacht ar an táirge deiridh).

E

Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta táirge (= cáilíocht tháirgthe gan cuid an mhonaraithe) i gcomhair na cigireachta agus na tástála ar an táirge deiridh chun comhréireacht le cineál-AE a áirithiú. Déanann comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta.

Tá an smaoineamh maidir le modúl E cosúil leis an gceann faoi mhodúl D: tá an dá cheann bunaithe ar chóras cáilíochta agus leanann siad modúl B. An difríocht atá eatarthu ná gurb é is aidhm don chóras cáilíochta faoi mhodúl E cáilíocht an táirge deiridh a áirithiú, agus gurb é is aidhm don chóras cáilíochta faoi mhodúl D (agus D1 freisin) cáilíocht an phróisis táirgthe ina iomláine a áirithiú (áirítear leis sin cuid an mhonaraithe agus an tástáil ar an táirge deiridh). Tá E cosúil dá bhrí sin le modúl D gan na forálacha a bhaineann leis an bpróiseas monaraíochta.

E1

Dearbhú cáilíochta an táirge deiridh

cigireacht agus tástáil

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta táirge (=cáilíocht tháirgthe gan cuid an mhonaraithe) i gcomhair na cigireachta agus na tástála ar an táirge deiridh chun comhréireacht leis na ceanglais reachtacha a áirithiú (gan modúl B (cineál-AE), úsáidte cosúil le E gan modúl B). Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta.

Tá an smaoineamh maidir le modúl E1 cosúil leis an gceann faoi mhodúl D1: tá an dá cheann acu bunaithe ar chóras cáilíochta. An difríocht atá eatarthu ná gurb é is aidhm don chóras cáilíochta faoi mhodúl E1 cáilíocht an táirge deiridh a áirithiú, agus gurb é is aidhm don chóras cáilíochta faoi mhodúl D1 cáilíocht an phróisis táirgthe ina iomláine a áirithiú (áirítear leis sin cuid an mhonaraithe agus an tástáil ar an táirge deiridh). Tá E1 cosúil dá bhrí sin le modúl D1 gan na forálacha a bhaineann leis an bpróiseas monaraíochta.

F

Cineál-chomhréireacht AE bunaithe ar fhíorú táirge

Cumhdaítear táirgeadh agus leantar modúl B.

Áirithíonn an monaróir comhréireacht na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta. Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúduithe ar an táirge (tástáil ar gach táirge nó seiceálacha staidrimh) chun comhréireacht táirge le cineál-AE a rialú.

Tá modúl F cosúil le C2 ach déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra seiceálacha níos córasaí ar tháirge.

F1

Comhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Áirithíonn an monaróir go gcomhlíonann na táirgí monaraithe na ceanglais reachtacha. Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúduithe ar an táirge (tástáil ar gach táirge nó seiceálacha staidrimh) chun comhréireacht táirge leis na ceanglais reachtacha a rialú (ní ann do chineál-AE, úsáidte cosúil le F gan modúl B)

Tá modúl F1 cosúil le A2 ach déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra seiceálacha níos mionsonraithe ar an táirge.

G

Comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Áirithíonn an monaróir go gcomhlíonann na táirgí monaraithe na ceanglais reachtacha. Fíoraíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra gach táirge aonair chun comhréireacht le ceanglais reachtacha a áirithiú (ní ann do chineál-AE).

H

Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta iomlán chun comhréireacht a áirithiú le ceanglais reachtacha (ní ann do chineál-AE). Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta.

H1

Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán móide scrúdú ar an dearadh

Cumhdaítear dearadh agus táirgeadh araon.

Feidhmíonn an monaróir córas dearbhaithe cáilíochta iomlán chun comhréireacht a áirithiú le ceanglais reachtacha (ní ann do chineál-AE). Déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta agus ar dhearadh an táirge agus eisíonn sé deimhniú AE maidir leis an scrúdú ar an dearadh.

Foráiltear anuas air sin le modúl H1 i gcomparáid le modúl H go ndéanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú níos mionsonraithe ar dhearadh an táirge.

Ní mór gan an deimhniú AE maidir leis an scrúdú ar an dearadh a mheascadh leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE lena ndeimhnítear comhréireacht eiseamail atá ‘ionadaíoch ar an táirgeadh atá beartaithe’, ionas go bhféadfar comhréireacht na dtáirgí a sheiceáil in aghaidh an eiseamail sin. Faoin deimhniú AE maidir leis an scrúdú ar dhearadh mhodúl H1, ní ann d’eiseamal den sórt sin. Deimhnítear leis an deimhniú AE maidir leis an scrúdú ar an dearadh gur sheiceáil comhlacht faoina dtugtar fógra comhréireacht dhearadh an táirge agus gur dheimhnigh sé é.

5.1.8.    Forbhreathnú ar nósanna imeachta

Tá na nósanna imeachta a leanas indéanta:

A - Rialú inmheánach táirgthe

A1 - Rialú inmheánach táirgthe, móide tástáil faoi mhaoirseacht ar tháirgí

A2 - Rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha faoi mhaoirseacht ar tháirgí ag eatraimh randamacha

B+C - Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe (C)

B+C1- Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide tástáil faoi mhaoirseacht ar tháirgí (C1)

B+C2 - Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha faoi mhaoirseacht ar tháirgí ag eatraimh randamacha (C2)

B+D - Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe (D)

D1 - Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe.

B+E Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge (E)

E1 - Dearbhú cáilíochta na cigireachta agus na tástála ar an táirge deiridh

B+F - Cineálscrúdú AE (B) arna leanúint ag Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar fhíorú táirge (F)

F1 - Comhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge

G - Comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid

H - Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán

H1 - Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán móide scrúdú ar an dearadh

Image 4

5.1.9.    An réasúnaíocht maidir leis na modúil iomchuí a roghnú

Ba cheart don reachtóir modúil a sheachaint atá róthrom le haghaidh chuspóirí reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena mbaineann, gan cosaint an leasa phoiblí a chur i mbaol áfach.

Ba cheart go mbeadh castacht na modúl a roghnaítear i gcomhréir le riosca (an tionchar ar an leas poiblí, sláinte, sábháilteacht, an comhshaol) an táirge, casacht a dheartha, cineál a chuid táirgeachta (sraith mhór vs sraith bheag, saincheaptha, sásra táirgthe simplí vs sásra táirgthe casta etc.).

Ba cheart don reachtóir na prionsabail seo a leanas a leanúint le linn dó modúil a roghnú dá ionstraim reachtach:

Mar riail ghinearálta, tá táirgí faoi réir modúl deartha agus táirgthe araon sula gcuirtear ar an margadh iad.

I dtéarmaí an leas poiblí a chosaint nuair is iomchuí, ní mór an rogha modúl is leithne agus is féidir a thabhairt don mhonaróir.

Más leordhóthanach é go ndéanann an monaróir féin na seiceálacha uile chun comhréireacht na dtáirgí a áirithiú, ansin féadfaidh an reachtóir modúl A a roghnú. Is féidir leis an gcás a bheith amhlaidh i gcás táirgí íseal-chastachta (sásra deartha agus táirgthe simplí) a chuireann riosca íseal i láthair do leas an phobail.

I gcásanna olltáirgthe bunaithe ar chineál/eiseamal agus i gcás gur táirge de dhearadh casta é an táirge nó go gcuireann sé rioscaí níos airde i láthair maidir le neamhchomhlíonadh mar shampla, féadfar an nós imeachta don mheasúnú comhréireachta a leagan síos i reachtaíocht an Aontais agus sin a dhéanamh in dhá chéim: ar dtús an scrúdú comhréireachta ar an bhfréamhshamhail/eiseamal in aghaidh na gceanglas dlíthiúil ábhartha (cineálscrúdú AE - modúl B) agus ansin comhréireacht na dtáirgí leis an gcineál-AE formheasta a chinneadh (modúil C agus athraithigh, D, E, F).

I gcásanna inar roghnaigh an reachtóir an measúnú comhréireachta a léiriú le heiseamal (modúl B), ní mór dó scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cibé ar leordhóthanach é gur féidir leis an monaróir na seiceálacha uile a dhéanamh é féin chun comhréireacht a áirithiú sa chéim táirgthe. Más amhlaidh an cás, féadfaidh an reachtóir modúl C a roghnú.

In go leor cásanna, ní mór don reachtóir a aithint go ndéanann monaróirí bainistíocht, minic go leor, ar shaotharlanna nó áitreabh tástála atá feistithe le trealamh an-mhaith. Is amhlaidh sin de ghnáth i gcás táirgí casta nuálacha nua dá bhfanann an saineolas tástála laistigh de na monaróirí. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an reachtóir a mheas go roghnóidh sé modúil A1, A2, nó, modúil C1, C2 (an dá cheann dheireanacha, más rud é gur roghnaigh sé léiriú ar mheasúnú comhréireachta in aghaidh eiseamail - modúl B) lena gceadaítear úsáid a bhaint as comhlacht intí atá creidiúnaithe.

Mura féidir é a fhágáil faoin monaróir comhréireacht táirgí a léiriú in aghaidh chineál-AE formheasta agus má éilítear go ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra maoirseacht ar tháirgí le linn an phróisis táirgthe, féadfaidh an reachtóir a éileamh ar an monaróir córas cáilíochta formheasta a oibriú (modúil D, E) nó comhréireacht a chuid táirgí a fhíorú trí bhíthin tástálacha/seiceálacha (modúl F). I ndáil leis sin, má tá an sásra táirgthe réasúnta ‘simplí’, féadfaidh an reachtóir a mheas go mbeidh sé leordhóthanach go ndíreoidh córas cáilíochta an mhonaróra ar an táirge deiridh a thástáil agus air sin amháin gan cuid an mhonaraithe féin a chur san áireamh. Más amhlaidh an cás, is é modúl E is iomchuí.

I gcás táirgí a bhfuil dearadh simplí acu ach a bhfuil a bpróiseas táirgthe/monaraíochta casta, féadfaidh an reachtóir a mheas go roghnóidh sé modúil D1, E1, F1 agus dá réir sin go mbainfidh sé úsáid as buntáistí mhodúil D, E agus F faoi seach gan gá a bheith aige le leas a bhaint as scrúdú eiseamail níos foirmiúla (dá bhforáiltear faoi mhodúl B a thagann roimh mhodúil D, E, F).

I gcás táirgí a tháirgtear i sraitheanna beaga, féadfaidh an reachtóir a mheas go roghnóidh sé modúl G.

Má oibríonn an monaróir córas cáilíochta iomlán lena gcumhdaítear céim an dearaidh agus an táirgthe araon, nó má tá ar an monaróir é a oibriú, féadfaidh an reachtóir modúl H a roghnú.

I gcás ina n-oibríonn an monaróir córas iomlán um dhearbhú cáilíochta ach ina bhfuil gá le fíorú ar chomhréireacht dearaidh agus inar gá do chomhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú dearaidh AE a eisiúint, féadfaidh an reachtóir modúl H1 a roghnú.

5.2.   Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

5.2.1.    Comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra

Déanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra na cúraimí a bhaineann le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i reachtaíocht theicniúil an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme nuair a éilítear tríú páirtí.

Is éard is comhlacht um measúnú comhréireachta ann comhlacht a dhéanann gné amháin nó roinnt gnéithe de mheasúnú comhréireachta, lena n-áirítear ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas nó roinnt díobh: calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht. Is éard is comhlachtaí faoina dtugtar fógra ann comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmníonn a n-údarás náisiúnta go hoifigiúil iad agus a dtugann an t-údarás sin fógra fúthu chun nósanna imeachta a dhéanamh le haghaidh measúnú comhréireachta de réir bhrí reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme nuair a éilítear tríú páirtí. ‘Comhlachtaí faoina dtugtar fógra’ a thugtar orthu faoi reachtaíocht an Aontais.

Glacann comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagrachtaí chucu féin i réimsí leasa phoiblí agus, dá bhrí sin, ní mór dóibh leanúint de bheith cuntasach do na húdaráis náisiúnta inniúla. Chun go mbeadh sé incháilithe, ní mór do chomhlacht a bheith ina eintiteas dlítheanach atá bunaithe ar chríoch Ballstáit agus a bheith faoina dhliteanas dá réir. Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit a chinneadh cé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad fógra faoi chomhlacht a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú.

5.2.2.    Róil agus freagrachtaí

Tá sé de shaoirse ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcuid seirbhísí um measúnú comhréireachta, laistigh de raon feidhme a bhfógra, a thairiscint d’aon oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Féadfaidh siad na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh ar chríoch na mBallstát eile nó ar chríoch tríú tíortha freisin.

Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha a sholáthar don údarás a thugann fógra fúthu, do na húdaráis faireachais margaidh agus do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra.

Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheith ag oibriú ar bhealach inniúil, neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, neodrach, neamhspleách agus neamhchlaonta.

Ní mór an pearsanra is gá a bheith ar fáil do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, a bhfuil eolas agus taithí ábhartha leordhóthanach acu chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá i gceist.

Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise a fhaightear le linn an mheasúnaithe comhréireachta a áirithiú.

Ní mór árachas leordhóthanach a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla a chumhdach, mura ndearbhaítear dliteanas faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a thugann fógra.

Féadfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra a n-inniúlacht a léiriú trí chreidiúnú, arb é an rogha bealaigh é chun measúnú a dhéanamh ar a n-inniúlacht theicniúil.

Cé nach mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith bunaithe ar chríoch an Bhallstáit a thugann fógra, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí nó pearsanra a bheith aige atá lasmuigh den Bhallstát sin, nó lasmuigh den Aontas fiú. Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra, áfach, a eisíonn deimhnithe agus dearbhaithe eile um measúnú comhréireachta i gcónaí agus eisíonn sé in ainm an chomhlachta iad (246). Ós rud é nach mór i gcónaí don chomhlacht faoina dtugtar fógra a chuid feidhmeanna measúnaithe a dhéanamh laistigh de dhlínse an Bhallstáit a ainmníonn é, is éigean dó an t-údarás a thugann fógra a chur ar an eolas, agus ní mór don údarás sin a bheith in ann a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht ina iomláine ós éigean dó bheith freagrach as a chuid oibríochtaí. Mura meastar gur féidir faireachán a dhéanamh, ba cheart don údarás a thugann fógra raon feidhme an fhógra a tharraingt siar nó a theorannú a mhéid a mheasann sé a bheith riachtanach.

Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra na húdaráis náisiúnta a thugann fógra fúthu a chur ar an eolas maidir lena gcuid gníomhaíochtaí (mar shampla, maidir le measúnuithe comhréireachta a dhéantar, infhaighteacht acmhainní, fochonraitheoireacht, cásanna coinbhleachta leasa), go díreach nó trí chomhlacht údaraithe (an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar shampla). Ní mór dóibh a bheith ullmhaithe freisin chun an fhaisnéis uile a bhaineann le cur chun feidhme cuí na gcoinníollacha faoinar tugadh fógra fúthu a sholáthar arna iarraidh sin do na húdaráis a thugann fógra fúthu nó don Choimisiún.

Tá oibleagáid ghinearálta ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra an t-údarás a thugann fógra a chur ar an eolas maidir le gach deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a chuirtear ar fionraí nó a tharraingítear siar de dheasca neamhchomhréireachtaí sábháilteachta agus, arna iarraidh sin, maidir le deimhnithe a eisítear nó gníomhaíochtaí eile um measúnú comhréireachta a dhéantar. Ina theannta sin, ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna n-iarraidh sin, torthaí deimhneacha ar mheasúnú comhréireachta a sholáthar do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoi reachtaíocht chéanna an Aontais um chomhchuibhiú a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na táirgí céanna. I bhfianaise na gceanglas rúndachta is éigean do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhlíonadh nuair a dhéanann siad a gcuid cúraimí, ní mór nach mbeidh faisnéis tráchtála faoi rún maidir leis an táirge san áireamh san fhaisnéis atá le roinnt le comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra. Dá réir sin, ba cheart an fhaisnéis ábhartha atá le malartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha ar mheasúnú comhréireachta a bheith bainteach go príomha leis an dearbhú um measúnú comhréireachta a ndiúltaítear dá eisiúint agus lena sainaithnítear an táirge agus an monaróir i gceist.

Ní mór dóibh faisnéis ábhartha chun críche faireachais margaidh a sholáthar freisin don údarás faireachais margaidh agus, de réir reachtaíocht áirithe an Aontais um chomhchuibhiú, d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile. Dá réir sin, níl comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagrach as Dearbhú Comhréireachta AE ná an doiciméadacht theicniúil a sholáthar. Sin ráite, i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta, b’fhéidir go mbeidh orthu an doiciméadacht theicniúil a choimeád mar chuid den chomhad teicniúil agus í a sholáthar don Choimisiún nó do na Ballstáit eile arna hiarraidh sin dóibh (247). Thairis sin, ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra an fhaisnéis is gá a bhaineann leis an táirge nó leis an measúnú comhréireachta a sholáthar don roinn den Choimisiún atá freagrach as an gclásal coimirce a riar, arna hiarraidh sin di.

Is tríú páirtithe iad na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus ní mór dóibh leanúint de bheith ina dtríú páirtithe atá neamhspleách óna gcliaint agus ó pháirtithe leasmhara eile. Ní bhaineann stádas dlíthiúil na gcomhlachtaí atá ag iarraidh fógra le hábhar, cé acu is comhlachtaí príobháideacha nó comhlachtaí faoi úinéireacht an stáit iad, fad a áirithítear a neamhspleáchas, a neamhchlaontacht agus a n-ionracas, agus fad is inaitheanta mar eintiteas dlítheanach iad a bhfuil cearta acu agus oibleagáidí orthu.

Cumhdaítear an eagraíocht ina hiomláine leis an gceanglas neamhspleáchais, lena n-áirítear an bord stiúrthóirí, agus tá feidhm aige freisin maidir le comhlachtaí ar le comhlachais ghnó nó cónaidhmeanna gairmiúla iad.

Chun neamhchlaontacht a ráthú, ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra agus dá fhoireann a bheith saor ó aon bhrú trádála, airgeadais nó eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas. Ní mór don chomhlacht nósanna imeachta a chur chun feidhme freisin chun a áirithiú nach féidir le fórsaí seachtracha tionchar a imirt ar a chuid oibre. Ní mór do struchtúr an chomhlachta a neamhchlaontacht a chosaint, go háirithe má dhéanann an comhlacht gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht faoina dtugtar fógra iad.

Thairis sin, ní mór beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag an gcomhlacht lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus aon ghníomhaíocht eile ina mbíonn sé páirteach, agus ní mór dó an t-idirdhealú sin a chur in iúl go soiléir dá chuid custaiméirí. Dá réir sin, ní mór nach dtabharfar le tuiscint ar aon bhealach san ábhar margaíochta go bhfuil nasc idir an measúnú nó na gníomhaíochtaí eile a dhéanann an comhlacht agus na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme.

Nuair a thugann comhlacht um measúnú comhréireachta tuarascáil tástála, déanann sé ina cháil mar chomhlacht um measúnú comhréireachta é; is ina cháil mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus sa cháil sin amháin is féidir leis deimhnithe ar chineálscrúdú AE a thabhairt – deimhniú ar a bhfuil, go háirithe, ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Ní cheadaítear i gcás ar bith don chomhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil tástála a eisiúint, ar a bhfuil uimhir an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra (248), i ndáil le tástálacha nach sonraítear sa reachtaíocht, cibé a ndéanann an comhlacht féin nó comhlacht eile na tástálacha sin. Thairis sin, ní fhéadfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra úsáid a bhaint as a uimhir ach i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar faoin modúl sonrach um measúnú comhréireachta ina éilítear go ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil, agus faoinar tugadh fógra ina leith.

Ba cheart do chomhlachtaí creidiúnaithe faoina dtugtar fógra gníomhú amhlaidh agus a lua i gcónaí sna deimhnithe a eisíonn siad go bhfuil siad creidiúnaithe, i gcás ina gcumhdaítear an ghníomhaíocht leis an deimhniú creidiúnaithe.

Má tharlaíonn sé le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht, tar éis don deimhniú a bheith eisithe, go bhfionnfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil an táirge fós comhlíontach (249), ní mór dó a cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus, más gá, an deimhniú a d’eisigh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.

Ina gcáil mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, ní ceadmhach dóibh seirbhísí breise a thairiscint ná a sholáthar mura gcuireann siad breisluach leis an measúnú comhréireachta ar an táirge. Féadfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra aon chineál seirbhísí agus marcálacha um measúnú comhréireachta a thairiscint, áfach, i gcás ina mbeartaítear na táirgí do mhargaí tríú tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla i gcomhthéacs Comhaontuithe um Aitheantas Frithpháirteach (250). Ní mór gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith deighilte go soiléir ó ghníomhaíochtaí an chomhlachta mar chomhlacht faoina dtugtar fógra. Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a áirithiú freisin nach gcuirfidh na gníomhaíochtaí dá gcuid nach dtagann faoi raon feidhme na reachtaíochta teicniúla um chomhchuibhiú isteach ar an muinín ina n-inniúlacht, a n-oibiachtúlacht, a neamhchlaontacht ná a n-ionracas oibríochtúil mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, ná nach laghdóidh ar an muinín sin dá ndeasca. Ní féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a n-uimhir chomhlachta faoina dtugtar fógra a úsáid chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra staonadh, go háirithe, ó dheimhnithe a eisiúint faoina n-uimhir chomhlachta faoina dtugtar fógra chun críoch reachtaíochta eile an Aontais um chomhchuibhiú seachas an ceann a dtugtar fógra fúthu ina leith agus ina éilítear go ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil.

Ní fhéadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith sa mhonaróir, san ionadaí údaraithe, ina sholáthróir ná ina iomaitheoir tráchtála leo, ná ní fhéadfaidh sé comhairleacht ná comhairle a thairiscint ná a sholáthar (ná comhairleacht ná comhairle a bheith arna tairiscint ná arna soláthair aige) d’aon cheann de na páirtithe sin a mhéid a bhaineann le dearadh, tógáil, margaíocht nó cothabháil na dtáirgí i gceist. Ní chuirtear bac leis sin, áfach, ar an bhféidearthacht go malartófaí faisnéis theicniúil agus treoraíocht idir an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, soláthróirí agus an comhlacht faoina dtugtar fógra.

Chun neamhchlaontacht a choimirciú agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint, tá sé tábhachtach idirdhealú soiléir a dhéanamh idir measúnú comhréireachta a dhéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra sula gcuirtear táirgí ar an margadh agus faireachas margaidh. Thairis sin, ní mór d’údaráis faireachais margaidh a ndualgais a dhéanamh go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht. Dá bhrí sin, measfar é a bheith míchuí údaráis faireachais margaidh a ainmniú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus ba cheart na coimircí is gá a chur i bhfeidhm chun neamhchlaontacht agus easpa coinbhleachta leasa a áirithiú má chuirtear an dá fhreagracht ar iontaoibh eintitis aonair (251) (252). Ní mór nósanna imeachta doiciméadaithe a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun na cásanna uile ina mbíonn amhras faoi choinbhleacht leasa a bheith ann nó ina gcruthaítear go bhfuil coinbhleacht leasa ann a shainaithint, a athbhreithniú agus a réiteach. Ba cheart don chomhlacht faoina dtugtar fógra a cheangal ar an bhfoireann uile a ghníomhaíonn ar a shon aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú.

Ní mór an pearsanra is gá, ag a bhfuil eolas agus taithí leordhóthanach a bhaineann leis na táirgí agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta i gceist, agus ar cuireadh oiliúint iomchuí orthu, a bheith faoi smacht ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Go háirithe, ba cheart go mbainfidh eolas agus taithí leis na ceanglais rialála agus na beartais forfheidhmithe ábhartha, le gníomhaíochtaí caighdeánaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, le teicneolaíochtaí ábhartha, le modhanna táirgthe agus nósanna imeachta fíorúcháin, agus le gnáthdhálaí úsáide an táirge i gceist. Ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith in ann bainistíocht agus rialú a dhéanamh ar fheidhmíocht a chuid acmhainní uile agus freagracht a ghlacadh aisti, agus taifid chuimsitheacha a choinneáil ar bun maidir le hoiriúnacht na foirne a úsáideann sé i réimsí áirithe, bídís ina bhfostaithe, arna bhfostú ar conradh nó arna soláthar ag comhlachtaí seachtracha. Ní mór rochtain a bheith ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra ar shaoráidí iomchuí freisin agus ní mór dó a bheith in ann tástáil nó atástáil a dhéanamh san Aontas Eorpach. Mura mbíonn, ní bheidh an t-údarás a thugann fógra in ann seiceáil a dhéanamh ar a inniúlacht.

Ní mór do chomhlacht faoina dtugtar fógra rúndacht na faisnéise uile a fhaigheann sé le linn an mheasúnaithe comhréireachta a áirithiú. Ní mór dó socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun a áirithiú nach nochtfar aon toradh ná aon fhaisnéis eile d’aon pháirtí eile seachas don údarás inniúil atá i gceist, agus don mhonaróir nó don ionadaí údaraithe.

Ní mór árachas leordhóthanach a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chumhdach. Ní mór raon feidhme agus luach airgeadais foriomlán an árachais dliteanais a bheith comhfhreagrach don leibhéal riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Leanann an monaróir, go háirithe, de bheith freagrach ar an iomlán as comhréireacht an táirge le ceanglais uile na reachtaíochta is infheidhme, áfach, fiú más faoi fhreagracht chomhlachta faoina dtugtar fógra a dhéantar roinnt céimeanna den mheasúnú comhréireachta.

Tá oibleagáid ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhair (253). Ní mór dóibh a bheith rannpháirteach freisin i gcaighdeánú Eorpach go díreach nó trí ionadaí, nó a áirithiú ina mhalairt de chás go bhfuil siad ar an eolas faoi staid na gcaighdeán ábhartha (254).

5.2.3.    Inniúlacht na gComhlachtaí faoina dtugtar Fógra

Is é príomhchúram comhlachta faoina dtugtar fógra seirbhísí measúnúcháin comhréireachta a sholáthar maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht um chomhchuibhiú is infheidhme de chuid an Aontais. Is seirbhís í seo le haghaidh na monaróirí i limistéar lena mbaineann leas an phobail. Ainmnítear comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht le buncheanglais, agus chun a áirithiú gurb ann do

chur chun feidhme teicniúil comhsheasmhach na gceanglas sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha sa reachtaíocht um chomhchuibhiú is infheidhme de chuid an Aontais. Ní mór saoráidí iomchuí agus foireann theicniúil a bheith ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saoráidí agus foireann lena gcuirtear ar chumas na gcomhlachtaí cúraimí teicniúla agus riaracháin a dhéanamh i ndáil le measúnú comhréireachta. Ní mór dóibh freisin nósanna imeachta iomchuí den rialú cáilíochta a chur i bhfeidhm i ndáil leis na seirbhísí sin arna soláthar. Beidh saoirse ag monaróirí aon chomhlacht faoina dtugtar fógra a roghnú atá ainmnithe leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta i gceist a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú.

Foráiltear i roinnt reachtaíocht earnála maidir le cur i bhfeidhm mhodúl measúnaithe comhréireachta lena bhforáiltear maidir le baint éigeantach de chomhlacht faoina dtugtar fógra (e.g. cineálscrúdú AE) i gcásanna nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó nach bhfuil curtha i bhfeidhm ag an monaróir. Dá dheasca sin, chun cur chun feidhme ceart rialacha an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglaítear ar Chomhlachtaí faoina dtugtar Fógra a bheith in ann a léiriú go bhfuil na hinniúlachtaí acu an measúnú comhréireachta riachtanach a dhéanamh agus an fianú riachtanach a eisiúint chun a dheimhniú gur comhlíonadh na ceanglais rialála, freisin in easnamh (iomlán) na gcaighdeán comhchuibhithe.

Ní mór do chomhlacht faoina dtugtar fógra seirbhísí a thairiscint i gcomhréir le roinnt nósanna imeachta um measúnú comhréireachta na ceanglais ábhartha le haghaidh na gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, agus caithfear é sin a mheasúnú de réir na gceanglas le haghaidh gach nóis imeachta dhifriúil atá i gceist. Óir is féidir leis an raon feidhme atá ag go leor den reachtaíocht theicniúil um chomhchuibhiú a bheith cuibheasach fairsing agus ilchineálach áfach, ní gá do chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith cáilithe chun gach táirge a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin a chumhdach, ach is féidir fógra a thabhairt faoi le haghaidh réimse sainithe táirgí amháin.

Ní mór struchtúir agus nósanna imeachta iomchuí a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun a áirithiú go bhfuil stiúradh an mheasúnaithe comhréireachta agus eisiúint na ndeimhnithe faoi réir phróiseas athbhreithnithe. Ní mór oibleagáidí agus freagrachtaí a chumhdach go sonrach leis na nósanna imeachta ábhartha i ndáil le fionraí agus tarraingt siar na ndeimhnithe, iarrataí a dhírítear ar an monaróir chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh, agus tuairisciú chuig an údarás inniúil.

Seachas tabhairt faoi fhreagrachtaí áirithe i réimse leas an phobail, ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra breathnú orthu féin de bheith ag cur seirbhísí ar fáil don tionsclaíocht. Dá réir sin, ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a chur ar fáil don mhonaróir agus don ionadaí údaraithe maidir leis an reachtaíocht i gceist, an nós imeachta um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo ar na hoibreoirí eacnamaíocha, agus staonadh ó dheimhniú nó marcáil bhreise a mholadh nach bhfuil breisluach leis le haghaidh mheasúnú comhréireachta an táirge. Ní mór an dara cás gníomhaíochtaí a idirdhealú go soiléir ó ghníomhaíochtaí an chomhlachta mar chomhlacht faoina dtugtar fógra. Ní féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a n-uimhir chomhlachta faoina dtugtar fógra a úsáid chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.

Chun ualaí nach bhfuil gá leo d’oibreoirí eacnamaíocha a chosc agus chun cuidiú le cosaint na sonraí rúnda nó na gceart maoine intleachtúla a áirithiú, caithfear an doiciméadacht theicniúil a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheith teoranta don mhéid is gá chun na críche amháin comhréireacht na reachtaíochta a mheasúnú.

Is féidir leis an monaróir tuarascálacha tástála nó gnéithe eile dá dhoiciméadacht theicniúil a chur ar fáil. Is féidir leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra na tuarascálacha sin a chur san áireamh má ghlacann sé lánfhreagracht as na torthaí. Féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra glacadh le torthaí tástála an mhonaróra le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta ar choinníoll go dtugann sé údar leis an bhfáth go dtugtar na tástálacha sin san áireamh. Ní leor as féin é an glacadh leis na torthaí ó thástálacha an mhonaróra chun a chuid cúraimí mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhlíonadh, agus caithfidh an Comhlacht faoina dtugtar Fógra tástálacha breise a dhéanamh faoin modúl is infheidhme.

5.2.4.    Comhordú idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra

Mar aitheantas ar an bhfíoras go gcomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra cúraimí a dtarmligeann na húdaráis phoiblí dóibh, bíonn oibleagáid orthu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhordúcháin atá eagraithe ag an gCoimisiún. Is leis an dara ceann, in éineacht leis na Ballstáit, a áirithítear go n-eagraítear comhordúchán idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Bunaítear grúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra le haghaidh gach gníomh reachtach an Aontais um chomhchuibhiú nó le haghaidh roinnt gníomhartha gaolmhara, agus beidh a shaothar teoranta d’fhadhbanna teicniúla i ndáil le measúnú comhréireachta chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha teicniúla den reachtaíocht is infheidhme a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse aige a rialacha oibre agus a bhunreacht féin a shainiú. Tá rúnaíocht theicniúil agus cathaoirleach ag gach grúpa comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Go ginearálta, bíonn na grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra comhdhéanta d’ionadaithe na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus díobhsan amháin. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Rúnaíochtaí, ionas go maolófar costais agus go mbainfear bacainní atá os comhair na rannpháirtíochta (255). D’fhonn méid éifeachtúlachta níos mór a ghnóthú ina gcuid saothair, is féidir leis na grúpaí foghrúpaí a bhunú ina bhfuil líon teoranta rannpháirtithe chun plé a dhéanamh ar cheisteanna teicniúla faoi leith. Bíonn ionadaíocht ag an gCoimisiún sna grúpaí. Is féidir le saineolaithe rialtasacha agus ionadaithe ó na húdaráis atá freagrach go díreach as cur chun feidhme éifeachtach reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sna grúpaí. Bíonn ionadaíocht ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (CEN, CENELEC agus ETSI) sna grúpaí nuair a thagann fadhbanna i ndáil le caighdeáin aníos. Nuair a dhéantar plé ar chásanna i ndáil le caighdeáin chomhchuibhithe, agus amhras mór ann i dtaobh thoimhde na comhréireachta a thugtar leis na caighdeáin, beidh coinne leis go gcuirfidh an grúpa Comhlachtaí faoina dtugtar Fógra an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas. Féadfaidh na grúpaí cuireadh a thabhairt freisin do chónascthaí Eorpacha ábhartha agus do pháirtithe leasmhara eile. I gcás ina mbíonn ar na grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra caitheamh le hábhair de chineál rúnda, déantar an rannpháirtíocht i gcruinnithe a shrianadh de réir mar a mheastar gá a bheith leis. Ba cheart go mbeadh na moltaí agus na cinntí riaracháin a dhéanann na grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra teoranta don chomhthuiscint ar ghnéithe teicniúla an mheasúnaithe comhréireachta lena n-áirítear, más gá, soiléirithe maidir le comhthuiscint ar chodanna sonracha de na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme, agus ní bhaineann siad le léirmhíniú ar an reachtaíocht ábhartha. Is beart iomchuí go bhfoilsíonn na grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcinntí riaracháin agus moltaí. Má dhiúltaíonn comhlacht don chomhoibriú, féadfar an fógra a tharraingt siar. Ní bhíonn oibleagáid ar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra áfach, páirt a ghlacadh i gcruinnithe ar an leibhéal Eorpach má choinníonn siad iad féin ar an eolas faoi na cinntí riaracháin agus na doiciméid a léiríonn a ngrúpa, agus má chuireann siad iad i bhfeidhm iad. Ba cheart na doiciméid oibre ábhartha, na tuairiscí ar chruinnithe, na moltaí agus treoirlínte arna léiriú ag na grúpaí earnála agus idir-earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó ag a bhfoghrúpaí a chur ar fáil do gach chomhlacht faoina dtugtar fógra atá mar chuid de na grúpaí sin, is cuma cé acu a ghlac siad páirt sna cruinnithe nó nár ghlac. Is féidir feabhas a chur leis an malartú faisnéise agus leis an gcumarsáid trí úsáid a bhaint as ardán amhail CIRCABC, arna óstáil ag an gCoimisiún.

Tugtar spreagadh do ghrúpaí comhordúcháin náisiúnta freisin, agus i gcás inarb ann dóibh sin, is féidir go mbeidh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra ó Bhallstát ar leith páirt a ghlacadh ina gcuid gníomhaíochtaí.

5.2.5.    Fochonraitheoireacht ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra

Is féidir le comhlacht faoina dtugtar fógra cuid dá shaothar a thabhairt do chomhlacht éigin eile, bíodh sé ina fhochonraitheoir nó ina fhochuideachta, ar bhonn na hinniúlachta bunaithe agus a ndéantar faireachán tráthrialta uirthi.

Féadann an fhochonraitheoireacht a bheith bunaithe ar chonradh, lenar féidir an trédhearcacht a áirithiú agus muinín a chur in oibríochtaí an chomhlachta faoina dtugtar fógra.

Ní féidir le comhlacht faoina dtugtar fógra cúram a ligean ar fochonradh ach amháin le haghaidh cúraim dá bhfuil an inniúlacht aige féin. Ní mór nach ligeann comhlacht faoina dtugtar fógra cuid den obair ar fochonradh toisc nach bhfuil an inniúlacht agus t-eolas is gá aige. Ní mór pearsanra agus trealamh iomchuí a bheith ag comhlacht faoina dtugtar fógra, agus ní mór dó a bheith in ann gach tástáil is gá a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais na modúl iad féin.

Ní gá fógra mar sin a thabhairt faoi na comhlachtaí a fheidhmíonn mar fhochonraitheoirí ar son na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógraí. Mar sin féin, ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra an Ballstát i gceist a chur ar an eolas faoina rún chun obair áirithe a ligean ar fochonradh. Ní mór don údarás a thugann fógra measúnú iomchuí a dhéanamh cé chomh mór agus atá an comhlacht faoina dtugtar fógra ag beartú brath ar fhochonraitheoirí (lena n-áirítear lasmuigh den Aontas Eorpach) nó rochtain a fháil ar phearsanra nó saoráidí lasmuigh den Bhallstát an fhógra. Féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh nach féidir leis freagracht iomlán a ghlacadh mar údarás a thugann fógra le haghaidh comhshocrú mar sin, agus raon feidhme an fhógra a tharraingt siar nó a theorannú. Ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra clár a choinneáil dá ghníomhaíochtaí fochonraitheoireachta uile, agus iad a nuashonrú go córasach. Ba cheart na gníomhaíochtaí measúnúcháin comhréireachta nach ligtear ar fochonradh a dhéanamh ar áitreabh an chomhlachta faoina dtugtar fógra nó ar áitreabh an mhonaróra, faoin mar a léirítear sa mhodúl is infheidhme den mheasúnú comhréireachta.

Ní mór don chomhlacht ar lig an comhlacht faoina dtugtar fógra ar fochonradh dó a bheith inniúil go teicniúil, agus neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a léiriú i gcomhréir leis na critéir chéanna agus de réir na gcoinníollacha céanna leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra. An Ballstát a thug an fógra don chomhlacht a ligeann cuid dá obair ar fochonradh, ní mór dó a bheith in ann faireachán éifeachtach ar inniúlacht an chomhlachta ar lig an comhlacht faoina dtugtar fógra an obair ar fochonradh dó. Beidh ar iniúchóirí nó speisialtóirí seachtracha aonair coinníollacha fochonraitheora a chomhlíonadh.

Ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra a áirithiú go bhfuil an inniúlacht riachtanach ag a fhochonraitheoirí, agus go gcothabhálann siad an inniúlacht sin, mar shampla trí mheastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh, agus trína choinneáil féin ar an eolas faoi na mionsonraí maidir le feidhmíocht a gcuid cúraimí. Ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith in ann comhlíonadh a chuid fochonraitheoirí leis na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú a léiriú.

Caithfidh faisnéis faoi ghníomhaíochtaí fochonraitheoireachta agus faoi inniúlacht na bhfochonraitheoirí agus/nó a bheith ar fáil go héasca i gcónaí, ionas gur féidir leis an gcomhlacht a thugann fógra aon ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, agus é sin a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill agus do na Ballstáit eile arna iarraidh sin. Leis an gcomhlíonadh leis an tsraith caighdeán EN ISO/IEC 17000, baineann toimhde na comhréireachta i leith an fhochonraitheora leis an gcuid is mó de na ceanglais, mar is amhlaidh i gcás an chomhlachta faoina dtugtar fógra é féin. I gcás nach n-úsáidtear an creidiúnúchán chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, ba cheart don údarás tabhairt faoi sheiceálacha ar an láthair ar an bhfochonraitheoir an oiread chéanna agus a bhforálfaí maidir leis faoin gcreidiúnúchán.

Coinníoll breise don fhochonraitheoireacht is ea gur féidir an nós imeachta um measúnú comhréireachta a fhoroinnt ina n-oibríochtaí teicniúla agus ina n-oibríochtaí measúnúcháin, agus go mbaineann beachtas leordhóthanach leis an modheolaíocht a úsáidtear chun na hoibríochtaí teicniúla a chur i gcrích. Is féidir le comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí teicniúla atá teoranta go docht a ligean ar fochonradh (amhail tástálacha agus scrúduithe), chomh fada agus is féidir iad sin a shainiú mar chinn shubstaintiúla agus mar chodanna comhleanúnacha den oibríocht theicniúil. Ní mór don chomhlacht ar lig an comhlacht faoina dtugtar fógra ar fochonradh dó, mar sin féin, páirteanna substaintiúla agus comhleanúnacha de na hoibríochtaí teicniúla sin a chur i gcrích. Ní mór d’fhoireann an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bheith cáilithe go teicniúil le bheith in ann measúnú a dhéanamh ar thorthaí tástála na bhfochonraitheoirí. Nó mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra gan srian a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí chuig feidhmeanna riaracháin amháin.

Féadfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra, mar shampla, tástálacha a ligean ar fochonradh agus measúnú a dhéanamh go leanúnach ar a gcuid torthaí, agus go háirithe chun toradh na tástála a bhailíochtú d’fhonn meastóireacht a dhéanamh cibé a chomhlíontar ceanglais reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó nach gcomhlíontar. Cosúil leis sin, is féidir fochonraitheoireacht a dhéanamh i réimse dheimhniú na gcóras cáilíochta a ndearnadh foráil maidir leo ar choinníoll gurb é an comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanann an mheastóireacht ar thorthaí an iniúchta. Ní féidir leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra faoi chúinse ar bith a gcuid gníomhaíochtaí uile a ligean ar fochonradh, óir go mbeadh an fógra gan bhrí leis sin.

Maidir le fochuideachtaí agus fochonraitheoirí comhlachta faoina dtugtar fógra, féadann coinbhleachtaí leasa teacht aníos: ní féidir le comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú comhréireachta a dhéanamh ar earraí ina raibh baint ag e.g. cuideachta ghaolmhar (leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra) (i.e. fochuideachtaí nó fochonraitheoir) leis an monaróir trí sheirbhísí sainchomhairleoireachta a sholáthar nó inar ghlac sí rannpháirt dhíreach nó indíreach i ndearadh, monarú, suiteáil, etc. an táirge nó an chineáil táirge. Chun coinbhleachtaí leasa den sórt sin a chosc ba cheart go sainaithneodh an comhlacht faoina dtugtar fógra na rioscaí ag teacht ó e.g. na seirbhísí a sholáthair fochuideachtaí/fochonraitheoirí do chuideachtaí le haghaidh táirge faoi leith. Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a chuireann an fhaisnéis sin ar fáil agus a mhaíonn má sholáthair na cuideachtaí sin seirbhísí do mhonaróir le haghaidh táirge faoi leith nach féidir leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra measúnú comhréireachta a chur ar fáil don mhonaróir le haghaidh na n-earraí faoi thrácht.

Ní mór an obair a ligtear ar fochonradh a chur i gcrích i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla réamhbhunaithe ina leagtar amach nós imeachta mionsonraithe atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla chun trédhearcacht iomlán a ráthú. I gcás ina mbíonn baint ag an gcomhlacht ar lig an comhlacht faoina dtugtar fógra ar fochonradh dó le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le caighdeáin, ní mór iad sin a úsáid má leagann siad síos na nósanna imeachta. Má bhíonn an comhlacht sin páirteach sa mheasúnú comhréireachta ar cheanglais fíor-riachtanacha, ní mór úsáid a bhaint as an nós imeachta a leanann an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin nó as nós imeachta a mheasann an comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith coibhéiseach leis sin.

Ní mór go mbeadh comhaontú ceangailteach ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra i ngach aon chás lena chuid fochonraitheoirí chun a áirithiú go gcomhlíontar a chuid freagrachtaí ginearálta (256). Ní mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra maidir leis an measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus maidir leis an obair a rinne siad faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú (257).

Is comhlacht faoina dtugtar fógra fochonraitheoireachta a leanfaidh de bheith freagrach as na gníomhaíochtaí uile a chumhdaítear leis an bhfógra. Ní bhaineann tarmligean cumhachtaí ná freagrachtaí leis an bhfochonraitheoireacht. Is in ainm agus faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra a eisítear deimhnithe agus fianuithe comhréireachta eile i gcónaí. Dá bhrí sin, ní mór don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith inniúil ar athbhreithniú a dhéanamh ar gach gné d'obair an fhochonraitheora, agus ní mór dó an cinneadh deiridh a dhéanamh.

Beidh feidhm ag na coinníollacha don fhochonraitheoireacht ar aon fhochonraitheoir cibé atá siad bunaithe laistigh den Aontas Eorpach nó nach bhfuil. Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a leanfaidh de bheith lánfhreagrach as an obair a rinne an fochonraitheoir freagrach as.

Caithfidh saoráidí agus foireann iomchuí a bheith ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra le bheith in ann torthaí aon tástála, cigireachta ná cúraim eile a dhéanann an fochonraitheoir a fhíorú. Thairis sin, más é an creidiúnúchán an bealach fógra a roghnaítear, ní mór fochuideachtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a dtéann siad ar a n-iontaoibh a chumhdach. Ní mór do chomhlachtaí creidiúnúcháin an méid sin a chur san áireamh, tríd an treoraíocht idirnáisiúnta atá ann faoi láthair maidir le creidiúnú trasteorann a chur i bhfeidhm go cuí nó trína shonrú sna doiciméid chreidiúnúcháin. Mura bhfuil an fógra bunaithe ar chreidiúnú, ba cheart ábhar na faisnéise atá le soláthar don údarás a thugann fógra a shonrú a thuilleadh trína hailíniú leis na cleachtais creidiúnaithe ábhartha chun a áirithiú go mbeidh maoirseacht chuí chomhsheasmhach ar fhochuideachtaí agus ar fhochonraitheoirí den sórt sin.

5.2.6.    Comhlachtaí intí atá creidiúnaithe  (258)

Ní fhéadfar comhlacht intí atá creidiúnaithe a úsáid chun gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le haghaidh an ghnóthais a bhfuil sé ina chuid de, chun nósanna imeachta um measúnú comhréireachta faoi mhodúil A1, A2, C1 nó C2 a chur chun feidhme, ach amháin sna cásanna ina bhforáiltear dó sin le reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú. Ní mór don chomhlacht sin a bheith ina chuid leithleach shainiúil den ghnóthas agus ní mór nach mbeidh sé rannpháirteach sna próisis ina ndéantar na táirgí a ndéanann sé measúnú orthu a dhearadh, a tháirgeadh, a sholáthar, a shuiteáil, a úsáid ná a choinneáil ar bun.

Tá ar chomhlacht intí atá creidiúnaithe roinnt ceanglas a chomhlíonadh. Ní mór dó a bheith creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ní mór an comhlacht agus a phearsanra a bheith inaitheanta laistigh de struchtúr na heagraíochta, agus ní mór modhanna tuairiscithe a bheith acu, laistigh den ghnóthas ar cuid de iad, a áiritheoidh go bhfuil siad neamhchlaonta agus a léireoidh a neamhchlaontacht don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta ábhartha. Ní fhéadfaidh an comhlacht ná a phearsanra a bheith freagrach as na táirgí a ndéanann siad measúnú orthu a dhearadh, a mhonarú, a sholáthar, a shuiteáil, a oibriú ná a choinneáil ar bun, ná ní fhéadfaidh siad gabháil d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí measúnaithe. Ní chuirfidh comhlacht intí atá creidiúnaithe a chuid seirbhísí ar fáil ach amháin don ghnóthas ar cuid de é.

Ní féidir fógra a thabhairt do na Ballstáit ná don Choimisiún maidir le comhlacht intí atá creidiúnaithe, ach ní mór don ghnóthas ar cuid de é, nó don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta, faisnéis maidir lena chreidiúnú a thabhairt don údarás a thugann fógra, arna iarraidh sin don údarás sin.

5.3.   Fógra

5.3.1.    Údaráis a thugann fógra

Is éard is údarás a thugann fógra ann an comhlacht rialtais nó poiblí a gcuirtear de chúram air comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

Is éard is údarás a thugann fógra ann an comhlacht rialtais nó poiblí a gcuirtear de chúram air comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Is é an riarachán náisiúnta é is minice a bhíonn freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar ghníomh comhchuibhithe an Aontais faoina dtugtar fógra faoin gcomhlacht agus as a chur chun feidhme. Ní mór do gach Ballstát údarás a thugann fógra a ainmniú a bheidh freagrach as measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus as fógra a thabhairt fúthu. Glacann an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán air féin as inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugann sé fógra.

Ní mór do gach Ballstát na húdaráis dá chuid a thugann fógra a bhunú ar dhóigh a fhágfaidh nach mbeidh aon choinbhleacht leasa leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta. Ní mór iad a eagrú agus a oibriú ar bhealach a chosnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí. Gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta, ní mór do dhaoine inniúla iad a dhéanamh, nach iad na daoine a dhéanann an measúnú iad.

Ceanglais bhreise atá ar údarás a thugann fógra is ea nach mór nach dtairgfidh ná nach soláthróidh sé aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála ná iomaíoch. Ní mór dó rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú, agus ní mór líon leordhóthanach de phearsanra inniúil a bheith ar fáil dó chun a chúraimí a fheidhmiú i gceart.

Ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Cuireann an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

5.3.2.    An próiseas maidir le fógra a thabhairt

Is éard is fógra a thabhairt ná an ghníomhaíocht ina gcuireann an t-údarás a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gur ainmníodh comhlacht um measúnú comhréireachta chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le gníomh comhchuibhithe den Aontas agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh comhchuibhithe sin den Aontas i ndáil le comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Glacann Ballstáit an fhreagracht deiridh orthu féin as inniúlacht na gcomhlachtaí dá gcuid faoina dtugtar fógra i ndáil leis na Ballstáit eile agus le hinstitiúidí an Aontais.

Is é creidiúnú an rogha bealaigh chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Seolann an t-údarás a thugann fógra fógra chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra trí mheán NANDO - an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún inar féidir teacht ar liosta de na comhlachtaí uile faoina dtugtar fógra.

5.3.2.1.   Prionsabail maidir le fógra a thabhairt

Tá stádas comhlachta faoina dtugtar fógra le fáil ag comhlachtaí um measúnú a bhunaítear laistigh den Aontas Eorpach. Tá na Ballstáit freagrach as fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus is iad na húdaráis náisiúnta a roghnaíonn na comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus atá freagrach astu. Féadfaidh siad na comhlachtaí a dtugann siad fógra fúthu a roghnú as measc na gceann atá bunaithe ar a gcríoch, a chomhlíonann ceanglais na reachtaíochta agus a bhfuil na hinniúlachtaí is gá acu chun go dtabharfar fógra fúthu. Is éard is fógra a thabhairt ná an ghníomhaíocht ina gcuireann an t-údarás a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gur ainmníodh comhlacht den sórt sin chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le gníomh comhchuibhithe den Aontas agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh comhchuibhithe sin den Aontas i ndáil le comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Cé go meastar gur gníomhaíocht de chuid an údaráis ainmniúcháin é an t-ainmniú – comhlacht a fhéadfaidh a bheith mar an gcéanna leis an údarás a thugann fógra – is é an t-aon ghníomhaíocht amháin a ligeann don ‘chomhlacht ainmnithe’ teacht chun bheith ina ‘chomhlacht faoina dtugtar fógra’ ná fógra a bheith á thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi.

Ós rud é go dtagann tabhairt an fhógra faoi rogha na mBallstát, níl oibleagáid orthu fógra a thabhairt faoi na comhlachtaí uile a léiríonn inniúlacht theicniúil. Níl oibleagáid ar Bhallstáit ach an oiread fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí i leith gach nós imeachta atá le cur i bhfeidhm de réir ghníomh sonrach comhchuibhithe den Aontas.

Tá sé de shaoirse ag Ballstáit fógra a thabhairt faoi chomhlacht tráth ar bith tar éis do ghníomh comhchuibhithe den Aontas a bheith glactha. Mar sin féin, ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun fógra a thabhairt sula mbeidh gníomh comhchuibhithe an Aontais infheidhme (259) agus a áirithiú go mbeidh inniúlachtaí comhchuibhithe ann sna comhlachtaí uile faoina dtugtar fógra. Is féidir go mbainfidh sé sin úsáid éifeachtach as an idirthréimhse dá bhforáiltear i ngníomh comhchuibhithe an Aontais agus go mbeidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra in ann a bheith gníomhach dá bharr agus go mbeifear in ann deimhnithe a dheonú ón dáta a chuirtear gníomh comhchuibhithe an Aontais i bhfeidhm den chéad uair. Más gá, ar bhonn reachtaíocht nua, fógra a thabhairt an athuair faoi chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, a luaithe a bheidh na forálacha is gá arna dtrasuí ag an mBallstát isteach sa dlí náisiúnta agus údarás a thugann fógra arna cheapadh aige le haghaidh ghníomh áirithe comhchuibhithe den Aontas, beidh an t-údarás sin a thugann fógra in ann fógra a thabhairt. Is féidir fógra a thabhairt faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra, mar sin, faoin tseanreachtaíocht agus faoin reachtaíocht nua araon le linn na hidirthréimhse, ach rachaidh an fógra faoin tseanreachtaíocht in éag go huathoibríoch an dáta a chuirtear an reachtaíocht nua i bhfeidhm, mura bhforáiltear a mhalairt le reachtaíocht shonrach. Ní mór a chur i dtábhacht, áfach, nach bhfuil comhlachtaí faoina dtugtar fógra sna cásanna sin i dteideal deimhnithe a eisiúint sula mbeidh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú infheidhme, mura bhforáiltear a mhalairt le reachtaíocht earnála, cé gur féidir leo obair ullmhúcháin a dhéanamh.

5.3.2.2.   Measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlacht um measúnú comhréireachta a lorgaíonn fógra, cinntear an bhfuil an comhlacht sin inniúil go teicniúil agus in ann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá i gceist a dhéanamh, agus an féidir leis an leibhéal neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus ionracais is gá a léiriú.

Glacann Ballstáit an fhreagracht deiridh orthu féin as inniúlacht na gcomhlachtaí dá gcuid faoina dtugtar fógra i ndáil leis na Ballstáit eile agus le hinstitiúidí an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór dóibh inniúlacht na gcomhlachtaí a lorgaíonn fógra a fhíorú, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme in éineacht leis na ceanglais fíor-riachtanacha agus leis an nós (na nósanna) imeachta um measúnú comhréireachta atá i gceist. Go ginearálta, cumhdaítear na nithe seo a leanas leis na critéir inniúlachta a leagtar amach i ngníomhartha an Aontais um chomhchuibhiú:

pearsanra agus trealamh a bheith le fáil;

neamhspleáchas agus neamhchlaontacht i ndáil leo siúd a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an táirge (amhail an dearthóir, an monaróir, ionadaí údaraithe an mhonaróra, an soláthróir, an cóimeálaí, an suiteálaí, an t-úsáideoir);

inniúlacht theicniúil an phearsanra atá ábhartha do na táirgí agus don nós imeachta um measúnú comhréireachta atá i gceist;

rúndacht ghairmiúil agus ionracas a choimeád; agus

árachas dliteanais shibhialta a bheith ag comhlacht, mura gcumhdaíonn an stát an dliteanas sin faoin dlí náisiúnta.

Ní mór d’údaráis a thugann fógra nó do chomhlachtaí creidiúnaithe faireachán tréimhsiúil a dhéanamh chun leanúnachas inniúlachta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a mheasúnú tar éis fógra a thabhairt fúthu.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí nó pearsanra a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe go dleathach, nó lasmuigh den Aontas fiú. Ní mór don údarás de chuid an Bhallstáit sin a thugann fógra a bheith in ann a áirithiú go ndéantar faireachán ar an gcomhlacht iomlán faoina dtugtar fógra (seachas gan ach ar phríomhoifig an chomhlachta). Bheadh sé beagnach dodhéanta don údarás a thugann fógra faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí an chomhlachta iomláin faoina dtugtar fógra dá mbeadh saoráidí tástála uile an chomhlachta i mBallstát eile nó lasmuigh den Aontas Eorpach fiú.

Déantar maoirseacht ar chomhlachtaí il-láithreáin um measúnú comhréireachta faoi chomhar trasteorann idir na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta agus na húdaráis a thugann fógra; is é an t-údarás a thugann fógra a leanfaidh de bheith freagrach, áfach, ar údarás é de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta bunaithe. Ní mór na modhanna agus an inniúlacht chun na cúraimí is gá a dhéanamh le haghaidh fógra a thabhairt a bheith ag an gcomhlacht féin um measúnú comhréireachta, mar an príomheintiteas a bhfuil fógra le tabhairt faoi. Cé go bhféadfaidh sé dul ar iontaoibh fochuideachtaí/fochonraitheoireachta, níor cheart dó bheith ag brath ar fhochuideachtaí/fhochonraitheoirí le haghaidh na tástála agus na meastóireachtaí uile (260).

Féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann leis an measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh, ach ní mór dó a áirithiú go gcomhlíonann an fochonraitheoir na ceanglais chéanna is infheidhme maidir leis an gcomhlacht féin faoina dtugtar fógra agus ní fhéadfaidh sé gníomhaíochtaí sonracha a ligean ar fochonradh ach le comhaontú an chliaint. Dá réir sin, ní féidir glacadh le struchtúir nach bhfuil i gceist leo ach líon fíorbheag ball foirne i bpríomhoifig an chomhlachta is iarrthóir ar chomhlacht faoina dtugtar fógra nach ndéanann ach cúraimí tráchtála seachas aon cheann de na cúraimí measúnaithe comhréireachta a bheadh le déanamh sa Bhallstát sin a dtugtar fógra faoin gcomhlacht ina leith (nó a bhfuil fógra le tabhairt faoin gcomhlacht ina leith).

5.3.2.3.   Creidiúnú faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

Is éard is creidiúnú ann, arna dhéanamh i gcomhréir le sraith caighdeán EN ISO/IEC 17000 ag comhlachtaí creidiúnaithe a bhfuil aitheantas náisiúnta acu agus ar comhaltaí iad den Chomhar Eorpach don Chreidiúnú (EA), ná measúnú teicniúil ar inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta atá ag lorg fógra. Cé nach bhfuil sé ina cheanglas, is ionstraim thábhachtach fós é a bhfuil fabhar leis chun meastóireacht a dhéanamh ar inniúlacht agus ionracas na gcomhlachtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu. Ar an gcúis sin, ba cheart d’údaráis náisiúnta a thugann fógra breathnú ar an gcreidiúnú mar an bonn teicniúil barrfhabhair chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ionas gur lú na difríochtaí a bheidh ann idir na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le fógra a thabhairt.

Na caighdeáin chomhchuibhithe de shraith EN ISO/IEC 17000 is féidir a úsáid chun inniúlacht an chomhlachta is iarrthóir ar chomhlacht faoina dtugtar fógra a léiriú, féadfaidh siad a athrú ag brath ar na cúraimí sonracha (modúil) um measúnú comhréireachta agus ar na táirgí éagsúla i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú comhchuibhithe ar inniúlacht na gcomhlachtaí is iarrthóirí ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, d’fhorbair an Comhar Eorpach don Chreidiúnú (EA) moladh maidir le caighdeáin creidiúnaithe le haghaidh gach cuid de reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú agus gach modúl um measúnú comhréireachta (261). Tá sé beartaithe a bheith infheidhme maidir le gach Comhlacht Creidiúnaithe Náisiúnta a dhéanann measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a chreidiúnaíonn iad chun críoch fógra a thabhairt, mura bhfuil ceanglais éagsúla arna mbunú agus arna bhfoilsiú ag an údarás a thugann fógra agus/nó ag an údarás rialála dá rogha féin.

Tugann creidiúnú ráiteas údarásach faoi inniúlacht, ionracas gairmiúil agus neamhchlaontacht na gcomhlachtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Chun go measfaí go ngabhann deimhniú creidiúnaithe le fógra, ní mór don deimhniú creidiúnaithe inniúlacht an iarrthóra ar chomhlacht faoina dtugtar fógra a léiriú i ndáil le reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú a bhfuil fógra á lorg ina leith. Tagann faireachán agus faireachas tráthrialta ar na comhlachtaí atá creidiúnaithe i gceist leis an gcreidiúnú freisin. I gcás ar bith ina ndéanann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amach nach bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta dár eisigh sé deimhniú creidiúnaithe fós inniúil nó nach gcomhlíonann sé a chuid oibleagáidí, ní mór an deimhniú creidiúnaithe a tharraingt siar. Sa chás sin, ba cheart fógra faoin gcomhlacht a chur ar ceal agus níor cheart go gceadófaí a thuilleadh dó na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh faoin reachtaíocht ábhartha.

Tá an tús áite a thugtar don chreidiúnú bunaithe ar an bpróiseas meastóireachta piaraí a áirithíonn go ndéanann an comhlacht creidiúnaithe maoirseacht leormhaith ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnaíonn sé. D’fhéadfadh cásanna teacht chun cinn, áfach, nach n-éiríonn leis an gcomhlacht creidiúnaithe sa mheastóireacht phiara ach ina ndéanann sé measúnú mar sin féin ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra (262). Mura ndearnadh meastóireacht phiara ar an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta le haghaidh na gníomhaíochta creidiúnaithe sonraí atá i gceist agus má dhéanann sé meastóireacht fós féin ar inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta le haghaidh na gníomhaíochta sin, níor cheart an fógra faoin gcomhlacht sin um measúnú comhréireachta a mheas a bheith creidiúnaithe chun críoch reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

Más rud é gur éirigh le comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta i measúnú piaraí roimhe seo le haghaidh gníomhaíocht áirithe ach gur cuireadh ar fionraí i measúnú piaraí ina dhiaidh sin é, fógraí nua faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna meas ag an gcomhlacht creidiúnúcháin náisiúnta, ba cheart a mheas go bhfuil na fógraí sin neamhchreidiúnúcháin freisin. Mar phrionsabal, ba cheart d’údaráis náisiúnta leanúint de bheith ag aithint deimhnithe creidiúnúcháin a eisíodh suas le tráth fionraí an chomhlachta creidiúnúcháin náisiúnta sa mheasúnú piaraí.

Má bhíonn mórchúiseanna amhrais ann i dtaobh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra mar thoradh ar na forais chun an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chur ar fionraí, bheadh ar an údarás freagrach a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi conas a bheartaíonn sé inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a áirithiú, agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh, lena n-áirítear an fógra a chur ar ceal.

Cé gurb é creidiúnú an ionstraim a bhfuil fabhar leis chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, is féidir le Ballstáit an mheastóireacht a dhéanamh iad féin. Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 an 1 Eanáir 2010, ní mór fianaise a thabhairt i gcásanna den sórt sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go gcomhlíonann an comhlacht measta na ceanglais rialála uile is infheidhme. Thairis sin, ní mór an comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith faoi réir faireachas tráthrialta ar bhealach atá comhchosúil leis an gcleachtas a bhunaigh na heagraíochtaí creidiúnaithe.

5.3.2.4.   Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

De réir Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nuair nach mbeidh an fógra a thugann Ballstát bunaithe ar chreidiúnú, “soláthróidh sé don Choimisiún agus do na Ballstáit eile an fhianaise dhoiciméadach go léir is gá chun fíorú a dhéanamh ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh roghnaithe aige chun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a bheidh i gceist a chur chun feidhme” (263).

Chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal muiníne is gá ann as neamhchlaontacht agus inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus as na tuarascálacha agus na deimhnithe a eisíonn siad, ba cheart d’údaráis náisiúnta, agus an mheastóireacht gan chreidiúnú á déanamh acu, faisnéis mhionsonraithe chuimsitheach a thabhairt lena dtugtar tuairisc ar conas a rinneadh an comhlacht is iarrthóir ar chomhlacht faoina dtugtar fógra a mheasúnú a bheith cáilithe chun na cúraimí a dtugtar fógra ina leith faoi a dhéanamh agus lena léirítear go gcomhlíonann sé na critéir is infheidhme a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Déantar an fhaisnéis sin, atá nasctha le fógra ar leith, a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ag úsáid NANDO, ar uirlis leictreonach í um fhógra a thabhairt.

Ba cheart an nós imeachta meastóireachta a bheith bunaithe ar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

nós imeachta iarratais foirmiúil

measúnú in aghaidh na gceanglas is infheidhme

tuarascáil maidir le measúnú a léiriú

próiseas soiléir cinnteoireachta

sásra córasach faireachais agus smachtbhanna ghaolmhair a bheith ann, lena ndéantar foráil maidir le faireachas tréimhsiúil lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair, chun a fhíorú go leanann an comhlacht faoina dtugtar fógra de bheith ag comhlíonadh ceanglas

léiriú ar inniúlacht theicniúil an údaráis náisiúnta féin ar mheasúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun fógra a thabhairt faoi reachtaíocht theicniúil um chomhchuibhiú. Ní mór don léiriú sin dearbhú a thabhairt atá comhionann leis an dearbhú a thugann córas meastóireachta piara EA (264).

ba cheart na comhlachtaí is iarrthóirí ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chur ar an eolas faoi choinníollacha ginearálta, faoina gcearta agus a n-oibleagáidí, agus faoi na ceanglais a bhaineann leis an measúnú a dhéantar d’fhonn fógra a thabhairt

Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith sa mheasúnú féin:

léirbhreithniú ar dhoiciméid a fhíoraíonn iomláine agus iomchuibheas ó thaobh substaintiúil maidir le comhréireacht leis na ceanglais is infheidhme de

iniúchadh ar an láthair chun gnéithe teicniúla agus gnéithe den nós imeachta a sheiceáil - amhail infhaighteacht agus iomchuibheas na saoráidí agus an trealaimh, inniúlacht theicniúil na foirne, córas bainistíochta iomchuí a bheith ann - agus chun gnéithe eile a sheiceáil a léiríonn go ndéantar comhréireacht leis na ceanglais a chur chun feidhme i gceart. Ní mór gníomhaíochtaí teicniúla a fhianú mar chuid den mheasúnú.

Nuair a bheidh próiseas measúnaithe seachas creidiúnú foirmiúil á roghnú, ní mór d’údaráis a thugann fógra na cúiseanna nach roghnaítear creidiúnú a léiriú mar thaca leis an bpróiseas ina dtugtar fógra. Thairis sin, ní fhéadfaidh údaráis a thugann fógra an measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta nach bhfuil creidiúnaithe agus atá ag iarraidh teacht chun bheith ina gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a sheachfhoinsiú chuig an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta gan an próiseas creidiúnaithe ina iomláine a chomhlíonadh, lena n-áirítear an deimhniú creidiúnaithe a sheachadadh.

Nuair nach n-úsáidtear creidiúnú, ní mór do na húdaráis a thugann fógra fíorúcháin thréimhsiúla a dhéanamh chun inniúlacht leanúnach an chomhlachta faoina dtugtar fógra a áirithiú, ar an mbealach céanna a ndéanann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta é.

5.3.2.5.   Céimeanna i bhfógra a thabhairt faoi chomhlacht a dtugtar fógra faoi

Chun fógra a fháil, cuireann comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. Ag gabháil leis an iarratas sin, ba cheart tuairisc a bheith ann ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar na nósanna imeachta nó na modúil um measúnú comhréireachta agus ar an táirge nó na táirgí a mhaíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil air nó orthu, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha um chomhchuibhiú.

I gcás nach féidir leis an gcomhlacht lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, ní mór dó an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun fíorú, aitheantas agus faireachán tráthrialta a dhéanamh ar a chomhlíonadh leis na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha um chomhchuibhiú a sholáthar don údarás a thugann fógra. Tar éis an fhíoraithe, cuireann an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi mhionsonraí an chomhlachta.

Seolann an t-údarás a thugann fógra fógra chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra trí NANDO (córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe), ar uirlis leictreonach í um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún. Is éard ba cheart a bheith ann tuairisc mhionsonraithe iomlán ar an gcomhlacht, ar a chuid gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar na nósanna imeachta nó na modúil um measúnú comhréireachta agus ar an táirge nó na táirgí lena mbaineann, agus ar fhianú ábhartha na hinniúlachta. Ní mór an dáta a shocraítear le haghaidh an athmheasúnaithe a dhéanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith san áireamh ann freisin nó, i gcás fógra neamhchreidiúnaithe, dáta an chéad athbhreithnithe faireacháin eile a dhéanfaidh an t-údarás a thugann fógra.

I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe, ní mór don údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a léiríonn inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta, conas a rinneadh measúnú air agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán tráthrialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Beidh éifeacht ag an bhfógra tar éis do ríomhphost maidir le fógra a bheith seolta ó NANDO go dtí an Coimisiún agus na Ballstáit eile agus foilsithe ar shuíomh gréasáin NANDO. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a fheidhmiú. Faoi reachtaíocht atá ailínithe le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, foilsítear an fógra tar éis tréimhse a cheadaítear chun go ndéanfaidh Ballstáit eile nó an Coimisiún agóidí - tréimhse 2 sheachtain i gcás ina n-úsáidtear creidiúnú, tréimhse 2 mhí i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú - agus ní fhoilsítear ansin é ach amháin i gcás nach ndéantar aon agóid den sórt sin.

Ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar bhealach dá shamhail faoi aon athrú ábhartha ar an bhfógra ina dhiaidh sin, amhail athrú ar raon feidhme nó ar thréimhse bhailíochta an fhógra, nó athruithe ar mhionsonraí an chomhlachta féin.

5.3.3.    Foilsiú ag an gCoimisiún – suíomh gréasáin NANDO

Chun críocha faisnéise, cuireann an Coimisiún na liostaí de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra (agus de chatagóirí eile comhlachtaí um measúnú comhréireachta amhail Cigireachtaí Úsáideoirí agus Eagraíochtaí Aitheanta Tríú Páirtí) ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin NANDO ar a fhreastalaí Europa. Tugtar na liostaí cothrom le dáta de réir mar a fhoilsítear na fógraí, agus déantar an suíomh gréasáin a athnuachan go laethúil chun é a choimeád cothrom le dáta.

Nuair a thugtar an chéad fhógra faoi, sanntar uimhir aitheantais i gcóras NANDO do chomhlacht faoina dtugtar fógra. Gineann an córas an uimhir go huathoibríoch tráth a bhailíochtaítear an fógra i mbunachar sonraí NANDO. Ní fhéadfaidh ach aon uimhir aitheantais amháin le haghaidh comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag eintiteas dlítheanach, gan beann ar an líon gníomhartha comhchuibhithe den Aontas a dtugtar fógra ina leith faoi. Níl i leithdháileadh na huimhreach ach gníomh riaracháin atá ceaptha a áirithiú go ndéanfar bainistíocht chomhsheasmhach ar liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus ní thugtar aon cheart leis ná aon ghealltanas don Choimisiún leis ar bhealach ar bith. Tá an córas uimhrithe in NANDO seicheamhach, agus ní athúsáidtear uimhreacha nuair a tharraingítear comhlacht faoina dtugtar fógra siar ón liosta. I gcásanna ina ndéanfar fógra a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, fanann mionsonraí an fhógra sa bhunachar sonraí, agus aistrítear chuig an gcuid ‘Fógraí Tarraingthe Siar/Imithe in Éag/NBanna’ den suíomh gréasáin iad (265).

Leasuithe (síneadh nó laghdú) ar an raon feidhme, modhnuithe ar thréimhse bhailíochta an fhógra, nó cur ar ceal an fhógra, is nithe iad sin a dtugtar fógra fúthu ar an mbealach céanna trí ríomhphost chuig na Ballstáit agus foilsítear ar shuíomh gréasáin NANDO iad. Is féidir an suíomh gréasáin a chuardach de réir gníomh comhchuibhithe den Aontas, de réir tíre, de réir uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra nó ach eochairfhocail a úsáid.

5.3.4.    Faireachán a dhéanamh ar inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra – Fionraíocht – tarraingt siar – achomharc

Tá sé fíor-riachtanach a áirithiú go leanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra de bheith inniúil le himeacht ama agus gur féidir an méid sin a dhéanamh trédhearcach le haghaidh na mBallstát eile agus an Choimisiúin. Le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais ceanglaítear go soiléir ar na húdaráis náisiúnta inniúla faireachán agus measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar inniúlacht leanúnach na gcomhlachtaí faoina bhfuil fógra tugtha acu agus a liostaítear in NANDO. Ba cheart suíomh gréasáin NANDO a bheith trédhearcach le haghaidh na bpróiseas leanúnach sin lena dtugtar tacaíocht don chóras fógartha.

Fógraí uile comhlachtaí faoina dtugtar fógra, cibé acu creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe iad, a iontráiltear i mbunachar sonraí NANDO, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta laistigh d’uastréimhse 5 bliana ó dháta an fhógra tosaigh, nó ó thráth deireanach an tabhairt cothrom le dáta, le faisnéis maidir le faireachán leanúnach a dhéanamh ar inniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Sa tabhairt cothrom le dáta sin, ba cheart na sonraí nua ábhartha a bhaineann le creidiúnú a áireamh nó, mura bhfuil an fógra creidiúnaithe, faisnéis a bhaineann leis an bhfaireachán a cheanglaítear ar an údarás a thugann fógra a dhéanamh ar an gcomhlacht – go háirithe, tuarascáil maidir leis an bpróiseas measúnúcháin i.e. athbhreithniú doiciméid, measúnú ar an láthair, tuairisc ar fhaireachas córasach lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair agus léiriú ar inniúlacht theicniúil an údaráis chun an measúnú a dhéanamh. Mura dtugtar an fógra cothrom le dáta tar éis na tréimhse 5 bliana, measfaidh an Coimisiún go bhfuil cúis ann le hinniúlacht leanúnach an chomhlachta faoina dtugtar fógra a cheistiú (266) agus iarrfaidh sé ar an mBallstát a thugann fógra an fhaisnéis uile a bhaineann le cothabháil inniúlacht an chomhlachta lena mbaineann a sholáthar.

Tá freagracht ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú nuair atá amhras ann maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra, ag an tráth a thugtar fógra nó ina dhiaidh sin. I gcás ina measfadh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó tar éis gearáin, nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais ná nach gcomhlíonann sé a fhreagrachtaí, cuirfidh sé an t-údarás náisiúnta a thugann fógra ar an eolas faoi sin agus iarrfaidh sé an fhianaise dhoiciméadaithe iomchuí maidir leis an mbunús leis an bhfógra agus cothabháil inniúlacht an chomhlachta. I gcás nach soláthródh Ballstát an fhaisnéis sin, féadfaidh an Coimisiún aird na mBallstát eile a tharraingt air sin lena phlé nó an nós imeachta a thionscnamh faoi Airteagal 258 CFAE in aghaidh an Bhallstáit a thugann fógra.

I gcás inar fhionn údarás a thugann fógra nó inar cuireadh ar an eolas é nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, nó nach bhfuil a oibleagáidí á gcomhlíonadh aige, ní mór don údarás a thugann fógra – ag brath ar thromchúis na mainneachtana – an fógra a chur ar fionraí nó a tharraingt siar tar éis teagmháil a dhéanamh láithreach leis an gcomhlacht i gceist. Ní mór dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach dá réir sin. Ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú freisin, agus an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas ag cloí le nós imeachta atá comhchosúil le nós imeachta an fhógra. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gcomhlacht i gceist cinneadh den sórt sin a achomharc. Maidir le cibé acu a chuirtear siar nó nach gcuirtear siar cur ar ceal an fhógra, tá an méid sin ag brath ar an reachtaíocht náisiúnta.

Tarraingítear siar an fógra nuair a scoireann an comhlacht faoina dtugtar fógra de na ceanglais nó dá oibleagáidí a chomhlíonadh. Is féidir go ndéanfar amhlaidh faoi ghríosú an Bhallstáit a thugann fógra, i gcás ina mbeidh fianaise faighte aige maidir le mainneachtain an chomhlachta faoina dtugtar fógra a cheanglais a chomhlíonadh le linn an fhaireachais thréimhsiúil (arna dhéanamh ag an gcomhlacht creidiúnaithe nó ag an údarás a thugann fógra), nó ina mbeidh gearáin faighte aige maidir le hinniúlacht nó iompraíocht an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Is féidir go dtiocfaidh an méid sin as gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin freisin, i gcás ina bhfuil cúis ag an gCoimisiún le bheith in amhras i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra nó i dtaobh cé acu a leanann nó nach leanann sé de bheith á gcomhlíonadh. Sna cásanna sin cuireann an Coimisiún an Ballstát a thugann fógra ar an eolas dá réir sin agus iarrann sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear fógra a chur ar ceal más gá. Ní mór don údarás a thugann fógra bearta iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh cúis eile ann le tarraingt siar fógra is é sin iarraidh ón gcomhlacht féin faoina dtugtar fógra, mar shampla de bharr athruithe pleanáilte i mbeartas, eagrú nó úinéireacht an chomhlachta. Is féidir go mbeidh tarraingt siar fógra ina thoradh deiridh ar nós imeachta um shárú freisin.

Is é an Ballstát a thugann fógra atá freagrach as an tarraingt siar. Is é an t-údarás náisiúnta, agus an t-údarás náisiúnta amháin, atá i dteideal fógra a tharraingt siar. Ní féidir leis an gCoimisiún comhlacht faoina dtugtar fógra a tharraingt siar ó liosta NANDO ach amháin, i ndeireadh nós imeachta um shárú faoi Airteagal 258 CFAE, nuair a dhearbhaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil gníomh comhchuibhithe ar leith an Aontas á shárú ag Ballstát agus, dá dhroim sin, nuair a dhearbhaíonn sí go bhfuil fógra neamhbhailí. Sna cásanna sin uile, áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar go rúnda le haon fhaisnéis íogair a fhaightear le linn a imscrúduithe.

Gan dochar do shainiúlachtaí earnála, le cur ar fionraí nó tarraingt siar fógra, ní dhéantar difear do dheimhnithe arna n-eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra suas go dtí an pointe sin, go dtí gur féidir a léiriú gur cheart na deimhnithe a tharraingt siar. Chun leanúnachas a áirithiú i gcás chur ar fionraí nó tharraingt siar fógra, nó i gcás inar scoir an comhlacht faoina dtugtar fógra dá ghníomhaíocht, ní mór don Bhallstát a thugann fógra a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil nó a choimeád ar fáil do na húdaráis freagracha a thugann fógra agus na húdaráis freagracha um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh.

6.   CREIDIÚNÚ

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 déantar foráil maidir le creat reachtach le haghaidh creidiúnú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus cuirtear i bhfeidhm beartas foriomlán leis lena rialacha, lena nósanna imeachta agus lena bhonneagair. Treisiú an chreidiúnúcháin mar mhodh chun bheith mar bhonn taca faoi inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus dá réir sin creidiúnacht agus inghlacthacht deimhnithe agus fianuithe eile, a cheanglaítear chun saorghluaiseacht earraí a áirithiú, bhí an méid sin ina ábhar imní ag an gCoimisiún ó dheireadh na 1970idí i leith. Sna 1990idí bhí treocht ann i dtreo an chreidiúnaithe do theacht chun bheith ina ghníomhaíocht tráchtála agus iomaíoch, agus dá réir sin a chreidiúnacht á laghdú mar an leibhéal rialúcháin deireanach. Leis an gCreat Reachtach Nua, áfach, deimhníodh gur gníomhaíocht phoiblí neamhthráchtála agus neamhiomaíoch é an creidiúnú san Aontas atá cuntasach d’údaráis náisiúnta agus Eorpacha araon.

Dá réir sin, tá córas creidiúnúcháin treisithe an Aontais a chuirtear i bhfeidhm leis sin i gcomhréir le caighdeáin, rialacha agus cleachtais na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse. Is é is aidhm do Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a áirithiú go bhfónfaidh creidiúnú do leas an phobail. Comhar Eorpach don Chreidiúnú (EA), eagraíocht Eorpach na gcomhlachtaí creidiúnúcháin náisiúnta, aithnítear é leis an Rialachán, leis na treoirlínte arna síniú leis na Ballstáit (CSTE san áireamh) agus an Coimisiún an 1 Aibreán 2009, agus tairbhíonn sé de chaidreamh pribhléideach leis an gCoimisiún trí shíniú Creat-chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Laistigh den chreat sin, is é an príomhról atá ag EA rannchuidiú le comhchuibhiú seirbhísí creidiúnúcháin Eorpacha chun tacú le haitheantas frithpháirteach agus inghlacthacht deimhnithe creidiúnúcháin ar fud an Aontais, agus córas meastóireachta piaraí beachta a oibriú lena rialaítear inniúlacht na gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin agus coibhéis a seirbhísí.

I réimse an chreidiúnúcháin, bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 córas Eorpach aonair lena gcumhdaítear an fearann rialáilte ina gceanglaítear creidiúnú le reachtaíocht agus an fearann neamhrialáilte chomh maith leis sin. I gcás an fhearainn neamhrialáilte, i gcás inar mian le comhlacht go saorálach a bheith creidiúnaithe ní féidir leis ach dul go dtí na comhlachtaí creidiúnaithe a oibríonn faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena seachnaítear dá réir sin córais iomaíocha a bheith ann, beag beann ar na prionsabail a bhféadfaidh siad a bheith bunaithe orthu. Dá bhrí sin, leis na mínithe thíos maidir le creidiúnú cumhdaítear freisin creidiúnú a sholáthraítear sa réimse saorálach.

6.1.   Cad chuige an creidiúnú?

Le creidiúnú soláthraítear an leibhéal deireanach de rialú poiblí i slabhra cáilíochta atá mar bhonn taca faoi shaorghluaiseacht earraí san Aontas.

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 tugadh isteach creat dlíthiúil le haghaidh creidiúnú den chéad uair. Creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, úsáideadh roimhe sin é sin sna fearainn rialáilte agus neamhrialáilte araon, ach níor rialaíodh le creat dlíthiúil ar an leibhéal Eorpach é.

Tá dhá chuid ag baint leis an gcoincheap maidir le creidiúnú a rialáil ar an leibhéal Eorpach. Ar thaobh amháin le creat Eorpach cuimsitheach le haghaidh creidiúnú soláthraítear an leibhéal deireanach de rialú poiblí sa slabhra Eorpach um measúnú comhréireachta agus dá bhrí sin is eilimint thábhachtach é sin chun comhréireacht táirgí a áirithiú – ar an taobh eile feabhsaítear leis saorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí ar fud an Aontais trí bheith mar bhonn taca faoi iontaoibh ina sábháilteacht agus comhlíontacht le saincheisteanna eile a bhaineann le cosaint leas an phobail.

Roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin, d’fhág easpa na rialacha coiteanna le haghaidh creidiúnú ar fud na mBallstát go raibh úsáid an-difriúil á baint as creidiúnú, agus ba é an toradh a bhí air sin nach gá gur aithin údaráis náisiúnta dhifriúla ná oibreoirí margaidh deimhnithe creidiúnúcháin – as ar tháinig creidiúnú iomadúil agus dá bhrí sin costas méadaithe ar ghnólachtaí agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta gan na tairbhí ar a dtugtar tuairisc thuas a bhaint amach.

Tríd an gcreat dlíthiúil le haghaidh creidiúnú a thabhairt isteach dá bhrí sin laghdaíodh ualaí riaracháin sa mhargadh aonair agus feabhsaíodh rialú poiblí ar chreidiúnú ionas go bhfónann sé mar uirlis fhíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Tá feidhm ag an gcreat creidiúnúcháin a cuireadh ar bun leis an Rialachán go sainráite maidir leis an réimse rialáilte agus saorálach. Is amhlaidh atá toisc gur féidir leis an idirdhealú idir an dá cheann teacht chun bheith doiléir ós rud é go bhfuil comhlachtaí um measúnú comhréireachta gníomhach, agus go n-úsáidtear táirgí, sa dá réimse. Dá bhrí sin, bheadh ualaí nach gá ar údaráis phoiblí agus gníomhaithe margaidh de dheasca difreála agus thiocfadh contrárthachtaí idir na réimsí saorálacha agus rialáilte as sin chomh maith leis sin.

6.2.   Céard is creidiúnú ann?

Is éard is creidiúnú ann fianú ó chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe bunaithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe go bhfuil an inniúlacht theicniúil is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Is éard is creidiúnú ann fianú ó chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a shocraítear le caighdeáin chomhchuibhithe agus, i gcás inarb infheidhme, aon cheanglas breise lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sna scéimeanna earnála ábhartha, chun gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Tá réimse leathan táirgí faoi réir mheasúnú comhréireachta tríú páirtí. Áirítear leis sin táirgí neamhrialáilte chomh maith le táirgí a rialáiltear ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Le haghaidh táirgí a rialáiltear ar leibhéal an Aontais i.e. sa réimse comhchuibhithe, is iondúil go gciallaíonn sin go ndéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmnítear go náisiúnta – comhlachtaí faoina dtugtar fógra – tástáil ar an táirge agus go n-eisíonn siad fianú comhréireachta sular féidir táirge a chur ar an margadh.

Níos beaichte ná sin, ionas gurb ann do chreidiúnú, ní mór comhlacht inchreidiúnaithe um measúnú comhréireachta a bheith ann (gan beann ar a phearsantacht dhlítheanach) a dhéanann gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta.

Is é is creidiúnú ann an ghníomhaíocht atá bunaithe ar chaighdeáin chun a áirithiú agus a fhianú go bhfuil an inniúlacht theicniúil ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun a ndualgais a chomhlíonadh mar a cheanglaítear leis na rialacháin agus na caighdeáin ábhartha. Déantar measúnú leis sin ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun a ndualgais a chomhlíonadh i réimsí sonracha, ós rud é go bhfuil creidiúnú nasctha i gcónaí le raon feidhme gníomhaíochta sonrach de chuid an chomhlachta um measúnú comhréireachta. Ag oibriú ar mhaithe le leas an phobail, déantar measúnú leis an gcreidiúnú ar inniúlacht theicniúil, iontaofacht agus sláine chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Déantar amhlaidh leis sin trí phróiseas meastóireachta trédhearcach agus neamhchlaonta in aghaidh caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ceanglais eile. Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 cuirtear oibleagáid ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe a fhíorú go ndéantar measúnuithe comhréireachta ar bhealach iomchuí agus go gcuirtear san áireamh méid agus struchtúr gnóthas agus méid castachta theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus cineál an phróisis táirgeachta.

Tá creidiúnú bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a comhchuibhíodh sa Chreat Reachtach Nua agus ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fianú ó chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe atá ann go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a shocraítear le caighdeáin chomhchuibhithe agus i gcás inarb infheidhme aon cheanglas breise, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach i scéimeanna earnála ábhartha. Le Rialachán Uimh. 765/2008, ní cheadaítear ach do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a sholáthar.

Maidir leis an spleáchas ar chaighdeáin chomhchuibhithe, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta chomhfhreagracha, tá sé beartaithe chun an leibhéal trédhearcachta agus muiníne is gá a chruthú in inniúlacht chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, agus chun a áirithiú go mbeidh an córas creidiúnúcháin Eorpach a cuireadh ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 comhoiriúnach leis an gcóras creidiúnúcháin idirnáisiúnta – rud a éascaíonn an trádáil idirnáisiúnta dá bhrí sin.

I bhfianaise an róil shuntasaigh sa chóras um measúnú comhréireachta a tugadh do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe leis an Rialachán, ní mór do chomhlachtaí creidiúnaithe rialacha an Rialacháin a leanúint go docht agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Chinn an reachtóir teorainn shoiléir a chur leis na gníomhaíochtaí is féidir le comhlachtaí creidiúnaithe a dhéanamh, agus rialú docht á choimeád ar a sainchúram tríd an tagairt dhíreach do chaighdeáin chomhchuibhithe. Dá bhrí sin, ciallaíonn sin freisin nach bhféadfaidh údaráis náisiúnta a cheangal, agus gur cheart dóibh a chosc go gníomhach, ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe seirbhísí measúnúcháin a dhéanamh lasmuigh den phróiseas creidiúnúcháin iomlán nó caighdeáin um measúnú comhréireachta a úsáid nach bhfuil comhchuibhithe.

6.3.   Raon Feidhme an Chreidiúnúcháin

Iarrtar agus deonaítear creidiúnú le haghaidh raon feidhme sainithe i gcónaí i.e. le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha um measúnú comhréireachta.

Is é is creidiúnú ann an modh atá bunaithe ar chaighdeáin a bhaineann le measúnú agus fianú a dhéanamh ar inniúlacht chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Le beartas an Aontais baineadh úsáid as creidiúnú mar ionstraim a dheartar chun na coinníollacha muiníne frithpháirtí a chruthú mar gheall ar a spleáchas ar chaighdeáin chomhdhearcaidh. Ní féidir muinín fhrithpháirteach a bhaint amach ach trí spleáchas ar chritéir is féidir a fhíorú go hoibiachtúil, rud a cheadaíonn trédhearcacht agus inchomparáideacht measúnúcháin comhréireachta. Léiríodh na caighdeáin ábhartha le haghaidh chomhlachtaí um measúnú comhréireachta d’fhonn tacú le tabhairt isteach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú (267). Ceaptar na caighdeáin sin chun na ceanglais inniúlachta ghinearálta a chumhdach le haghaidh chomhlachtaí a dhéanann measúnú comhréireachta le ceanglais shonraithe, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad i rialacháin, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla eile nó ar cibé acu atá nó nach bhfuil na sonraíocht sin bunaithe ar fheidhmíocht nó táirgeshonrach. Leis an gcoincheap sin tacaítear le ról an chreidiúnúcháin mar uirlis chun saorghluaiseacht táirgí a éascú laistigh den mhargadh inmheánach agus glacadh ar láimh é le caighdeáin ISO/IEC 17000 ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Mar a shonraítear sna clásail faoi seach lena gcumhdaítear a raon feidhme, leis na caighdeáin sonraítear critéir le haghaidh comhlachtaí gan beann ar an earnáil lena mbaineann. Mar sin féin, iarrtar agus deonaítear creidiúnú le haghaidh raon feidhme sainithe i gcónaí, i.e. le haghaidh gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, na gcineálacha tástálacha a dhéantar agus na modhanna a úsáidtear (e.g. “Tá comhlacht X inniúil chun cigireachtaí a dhéanamh mar chomhlacht chineál A i réimse chatagóirí brú-threalaimh de Threoir 2014/68/AE”) agus ní bhíonn sé teoranta riamh do chomhlíontacht le caighdeáin ghinearálta 17000 agus dó sin amháin. Dá bhrí sin, as creidiúnú ar bhonn na comhlíontachta le caighdeáin 17000 tugtar le tuiscint i gcónaí gur gá na critéir ghinearálta sin a chomhlánú agus a shonrú a thuilleadh leis na sonraíochtaí teicniúla uile atá ábhartha maidir leis an réimse teicniúil sonrach ar lena aghaidh a lorgaíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta is iarratasóir creidiúnú. Dá réir sin, tugtar le tuiscint as creidiúnú fíorú inniúlachta maidir leis an úrscothacht reatha, agus áirítear leis measúnú ar bhonn na gcaighdeán maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus na rialachán agus na gcaighdeán ábhartha uile maidir le táirgí agus/nó an teicneolaíocht agus sonraíochtaí eile.

6.4.   Creidiúnú de réir Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

Féadfaidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta creidiúnaithe amháin a cheapadh.

Ní mór creidiúnú a oibriú mar ghníomhaíocht údaráis phoiblí.

Ní mór freagrachtaí agus cúraimí an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe a bheith idirdhealaithe go soiléir ó fhreagrachtaí agus cúraimí údarás náisiúnta eile.

Tá creidiúnú le soláthar ar bhonn seachbhrabúsach.

Laistigh den Aontas, ní cheadaítear do chomhlachtaí creidiúnaithe dul in iomaíocht le comhlachtaí creidiúnaithe eile.

Laistigh den Aontas, níl comhlachtaí creidiúnaithe le bheith gníomhach ach ar chríoch a mBallstáit féin.

6.4.1.    Comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe

Leis an Rialachán foráiltear go bhféadfaidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta creidiúnaithe amháin a cheapadh. Ní cheadaítear ach do na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Ní fhéadfaidh aon chomhlacht eile a mhaíomh go soláthraíonn sé na seirbhísí sin, bíodh sin de réir caighdeáin chomhchuibhithe nó caighdeáin neamh-chomhchuibhithe. Tá an fhoráil sin lárnach maidir le feidhmiú creidiúnúcháin san Aontas agus leis an gcreat creidiúnúcháin a cuireadh ar bun leis an Rialachán. Níl oibleagáid ar na Ballstáit a gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe féin a chur ar bun, i gcás ina measfaidís nach bhfuil sé inmharthana go heacnamaíoch déanamh amhlaidh nó i gcás nach measfaidís gur úsáideach creidiúnú a thairiscint le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile. Ciallaíonn sin nach bhféadfaidh níos mó ná comhlacht creidiúnúcháin amháin a bheith gníomhach tráth ar bith ar chríoch Bhallstáit le haghaidh gníomhaíocht ar leith. Chun trédhearcacht a áirithiú, tá oibleagáid ar na Ballstáit dá bhrí sin an Coimisiún agus Ballstáit eile a chur ar an eolas faoin gcomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin de chuid Ballstát eile ina bhfuil siad ag dul ar iontaoibh.

Tá liosta de chomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin le fáil ar líne (268). Ní mór do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin na gníomhaíochtaí a ndéanann siad creidiúnú lena n-aghaidh a chur ar fáil go poiblí.

Leis an Rialachán ní fhorordaítear an fhoirm dhlíthiúil inar cheart do chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bheith. Ciallaíonn sin go bhféadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe oibriú ó laistigh d’aireacht, a bheith ina ghníomhaireacht rialtais nó a bheith eagraithe mar chuideachta phríobháideach. Tá an Rialachán, áfach, an-soiléir sa mhéid nach mór creidiúnú a oibriú mar ghníomhaíocht údaráis phoiblí agus, chuige sin, nach mór é a bheith aitheanta go foirmiúil ag an mBallstát.

Thairis sin, ní mór freagrachtaí agus cúraimí an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe a bheith idirdhealaithe go soiléir ó fhreagrachtaí agus cúraimí údarás náisiúnta eile. Is é is aidhm don fhoráil seo neamhspleáchas an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe agus neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht a ghníomhaíochtaí a fheabhsú. I gcás ina mbeadh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar chuid de struchtúr poiblí níos mó, amhail aireacht, ní cheadaítear do ranna eile tionchar a bheith acu ar chinntí creidiúnúcháin. Ní mór an próiseas creidiúnúcháin leanúint de bheith scartha ó fheidhmeanna eile. Tá sé fíor-riachtanach coinbhleacht leasa leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a sheachaint. Ina theannta sin, tá feidhm aige sin maidir le cúraimí áirithe a fhéadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a ghlacadh chuige féin. Cé go bhforáiltear le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE go bhféadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe feidhmiú mar údarás a thugann fógra (269), ní mór tarmligean na gcumhachtaí a dhoiciméadú go soiléir agus ní mór na coinníollacha maidir le neamhchlaontacht, eadhon scaradh na gcúraimí laistigh den chomhlacht creidiúnaithe a áirithiú.

I gcás ina ndéanfaí cúraimí fógra a tharmligean chuig an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, leanann oibleagáidí an chomhlachta faoin Rialachán de bheith infheidhme mar sin féin. Ciallaíonn sin gurb é an cúram leanúnach atá air measúnú a dhéanamh ar inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta de réir an phróisis creidiúnúcháin iomláin agus nach mór deimhniú creidiúnúcháin a eisiúint má bunaíodh inniúlacht theicniúil an chomhlachta um measúnú comhréireachta. Ní fhéadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe aon mheasúnú eile a dhéanamh nach gcomhlíonann na ceanglais sin nó a chomhlíonann ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna nach mbeadh údar ann dá dheasca sin le deimhniú creidiúnúcháin a eisiúint.

I bhfocail eile, má tá cúram an fhógra le tarmligean chuig an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, níorbh indéanta acu fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí creidiúnaithe um measúnú comhréireachta. Maidir le fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndearnadh measúnú ar a n-inniúlacht in aghaidh na gcritéar creidiúnúcháin iomlán, ní bheidh an méid sin indéanta i gcás ina ndearnadh cinneadh maidir le tarmligean den sórt sin. Ciallaíonn an méid sin freisin nach bhfeidhmeodh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe aon discréid agus fógra á thabhairt faoi chomhlacht – thiocfadh fógra uathoibríoch as an deimhniú creidiúnúcháin ábhartha (270).

Ina theannta sin, agus creidiúnú á sholáthar, ní mór don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe roinnt coinníollacha a chomhlíonadh ó thaobh ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara, a bhainistíochta inmheánaí agus rialuithe inmheánacha. Ní mór do dhuine atá difriúil leis an duine a rinne an measúnú ar an gcomhlacht um measúnú comhréireachta cinntí a dhéanamh maidir le measúnú. Ní mór a dhóthain pearsanra inniúil a bheith ag an gcomhlacht creidiúnaithe chun a áirithiú gur féidir leis a chúraimí a chomhlíonadh. Ní mór nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an pearsanra go leormhaith agus go mbeidh sé inniúil chun a chúraimí a dhéanamh. Ina theannta sin, ní mór socruithe leormhaithe a bheith i bhfeidhm chun rúndacht na faisnéise a fuarthas ó chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a áirithiú agus tá oibleagáid ar an gcomhlacht creidiúnaithe gan ualaí nach gá a fhorchur ar a chliaint. Ní mór sásra láimhseála gearán a bheith i bhfeidhm ag comhlachtaí creidiúnaithe freisin.

Thairis sin, leis an Rialachán sonraítear gur gá acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun a chúraimí a chomhlíonadh; áirítear leis sin, ar thaobh amháin, líon leordhóthanach pearsanra inniúil, ach cúraimí speisialta freisin amhail gníomhaíochtaí le haghaidh chomhar Eorpach agus idirnáisiúnta maidir le creidiúnú agus gníomhaíochtaí a cheanglaítear chun tacú le beartas poiblí agus nach gníomhaíochtaí féinmhaoinithe iad. Maidir leis sin, baineann an tábhacht is mó le rannpháirtíocht leormhaith in EA, a choistí agus an próiseas um meastóireacht phiara. Ba cheart go n-éascódh Ballstáit do rannpháirtíocht a gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe sa chineál seo gníomhaíochtaí.

Ar an dul céanna, tá oibleagáid ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe a gcuntais bhliantúla iniúchta a fhoilsiú. Téann rúin na forála sin níos faide ná bainistíocht fhónta airgeadais a léiriú chun críocha meastóireacht phiara. Is gá go léireodh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe go soiléir dá bhrí sin go bhfuil meas ar phrionsabail treoracha neamhthráchtála agus acmhainní leordhóthanacha lena inniúlacht a chinntiú i ngach gníomhaíocht. Agus aird á tabhairt ar chuspóir foriomlán an Rialacháin, creidiúnú a bhunú, amhail an leibhéal deiridh rialaithe sa chóras um measúnú comhréireachta sna cásanna sin ina bhfuil an comhlacht creidiúnaithe mar chuid de struchtúr níos mó, ba cheart go dtuigfí leis an gceanglas sin dá réir sin gur uirlis atá ann chun comhlíontacht a léiriú leis na prionsabail sin, seachas é a úsáid chun ualaigh mhaorlathacha nach bhfuil gá leo a chruthú do Bhallstáit. Dá réir sin, is gá go mbeadh comhlachtaí creidiúnaithe atá lonnaithe i ranna aireachta in ann ar a laghad a bhfigiúirí buiséadacha agus airgeadais foriomlána a chur i láthair a chumhdaíonn acmhainní foriomlána agus a gcostais domhanda agus oibríochtúla; chomh maith le haon bheartas airgeadais a bhaineann leo d’fhonn a bheith in ann a léiriú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcúraimí a dhéanamh go hoiriúnach fad is a choimircítear prionsabal na neamhthráchtála.

Tá sé de fhreagracht ag Ballstáit a áirithiú go sásaíonn a gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe na ceanglais a thuartar sa Rialachán ar bhonn leanúnach agus chun gníomhaíocht cheartaitheach a ghlacadh murarbh amhlaidh an cás. Ar an gcúis seo, is gá dóibh lánaird a thabhairt ar thorthaí na meastóireachta piaraí arna heagrú ag bonneagar creidiúnaithe na hEorpa.

6.4.2.    Neamhiomaíocht agus neamhthráchtáil chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe

Tá prionsabail na neamhthráchtála agus na neamhiomaíochta mar bhonn taca faoi aidhm an Rialacháin chun creat comhleanúnach a bhunú le haghaidh creidiúnú a bhunaíonn creidiúnú mar an leibhéal deiridh rialaithe.

Ar an gcúis seo, cé go bhfuil creidiúnú in ainm is a bheith ina ghníomhaíocht fhéinchothaitheach, beidh sé le soláthar ar bhonn seachbhrabúsach. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé de chuspóir ag na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe brabúis a uasmhéadú nó a dháileadh. Féadfaidh siad a seirbhísí a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí nó ioncam a fháil, ach tá aon ioncam breise le hinfheistiú chun a ngníomhaíochtaí creidiúnaithe a fhorbairt a thuilleadh chomh fada go gcomhfhreagraíonn siad le cúraimí foriomlána na gcomhlachtaí creidiúnaithe. Is é príomhchuspóir an chreidiúnaithe go fóill gan aon ghnóthachtáil a thairgeadh ach chun cúram a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail.

D’fhéadfadh barrachas ioncaim tráthrialta a bheith ina gcomhartha go bhfuil cumas ann chun na taraifí a ghearrtar ar an gcreidiúnú a laghdú agus chun comhlachtaí um measúnú comhréireachta níos lú a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú. Mar gheall ar an bhfeiceálacht a thugtar sa Rialachán do shaintréith neamhbhrabúsach an chreidiúnaithe, soiléirítear in aithris 14 nach ann don chreidiúnú chun aon ghnóthachtáil a thairgeadh dá úinéirí nó comhaltaí. Sa chás go mbeadh gnóthachtálacha ann mar sin féin, is féidir an cás a cheartú trí tharaifí a laghdú nó d’fhéadfaí an t-ioncam a athúsáid chun creidiúnú a fhorbairt a thuilleadh, chun aon choinbhleacht le prionsabal seachbhrabúsach an Rialacháin a sheachaint. D’fhéadfá a bheith ag súil go réasúnach go bhféadfaí aon ioncam breise a ghineann comhlacht creidiúnaithe a úsáid freisin chun tacú le rannpháirtíocht an chomhlachta creidiúnaithe i ngníomhaíochtaí creidiúnaithe sa réimse Eorpach, idirnáisiúnta nó poiblí.

Gan beann ar struchtúr dlíthiúil an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta, níor cheart dá réir sin go mbeadh aistriú rialta d’ioncam breise chuig úinéirí nó comhaltaí an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe – bídís ina n-úinéirí poiblí nó príobháideacha. Dá mbeifí ag úsáid creidiúnú mar fhoirm eile ioncaim don stát bheadh amhras tromchúiseach mar iarmhairt ar a chomhlíontacht le rúin an Rialacháin maidir le saintréith sheachbhrabúsach an chreidiúnaithe

Agus an loighic chéanna á leanúint, is gá creidiúnú a bhunú mar ghníomhaíocht ar leithligh go soiléir ó aon ghníomhaíocht um measúnú comhréireachta. Dá bhrí sin, ní ceadmhach do chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe aon ghníomhaíocht ná seirbhís a thairiscint ná a sholáthar arb é comhlacht um measúnú comhréireachta a thairgeann nó a sholáthraíonn iad. Ná ní féidir leis seirbhísí comhairliúcháin a sholáthar, ní bheidh scaireanna aige i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ná ní bheidh leas airgeadais aige ann ar shlí eile ná ní rachaidh sé in iomaíocht le comhlacht um measúnú comhréireachta, chun aon chineál coinbhleachta leasa a sheachaint.

Thairis sin, chun prionsabal na neamhthráchtála a choimirciú, tuartar sa Rialachán freisin nach gceadaítear do chomhlachtaí creidiúnaithe dul in iomaíocht le comhlachtaí creidiúnaithe eile. Laistigh den Aontas, níl siad le bheith gníomhach ach ar chríoch a mBallstáit féin. Ní thuartar creidiúnú trasteorann ach amháin i gcásanna eisceachtúla, a shonraítear in Airteagal 7.1 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Mura sásaítear na coinníollacha sin, is gá go lorgódh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnú le comhlacht creidiúnaithe an Bhallstáit ian bhfuil siad bunaithe. Tá feidhm aige seo maidir le gach gníomhaíocht comhréireachta a tharlaíonn san Eoraip agus a bhaineann le táirgí nó seirbhísí a bheidh le cur ar an margadh (271).

6.5.   An bonneagar creidiúnaithe Eorpach

Is é Comhar Eorpach don Chreidiúnú (EA) eagraíocht na gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin Eorpacha.

Tá EA lárnach maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus ceann de na cúraimí is tábhachtaí is ea eagrú córais um measúnú piaraí ar na comhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin.

D’fhéadfaí a áireamh le cúraimí EA freisin forbairt nó aitheantas scéimeanna earnála.

Déantar foráil sa Rialachán maidir le haitheantas ar bhonneagar creidiúnúcháin Eorpach. Faoi láthair, is é sin Comhar Eorpach don Chreidiúnú (EA) eagraíocht réigiúnach na gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin Eorpacha. Tá EA lárnach i gcur chun feidhme an Rialacháin agus tríd an gcóras um meastóireacht phiara is é an comhlacht é a bhfuil an fhormhaoirseacht is gaire aige ar fheidhmiú praiticiúil an chreidiúnaithe san Eoraip. Tá creat-chomhaontú comhpháirtíochta curtha i gcrích ag an gCoimisiún agus EA a ndéanann EA a chúraimí ar a bhonn. Ar cheann de phríomhchúraimí EA tá meastóireacht phiara a oibriú ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtas idirnáisiúnta, ach cuireann sé freisin le forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme níos leithne an chreidiúnaithe san Aontas.

6.5.1.    Scéimeanna creidiúnaithe earnálacha

Arna iarraidh ón gCoimisiún, d’fhéadfaí a áireamh ar chúraimí EA, forbairt scéimeanna creidiúnaithe earnálacha nó glacadh le scéimeanna atá ann faoi láthair. Scéim is ea scéim earnála atá bunaithe ar chaighdeán ábhartha le haghaidh táirge, próiseas, seirbhís shonrach etc. agus ceanglais bhreise atá sonrach don earnáil ábhartha agus / nó reachtaíocht sonrach. D’fhéadfaí creidiúnú a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht chomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun measúnuithe a dhéanamh maidir le scéimeanna den sórt sin.

Féadfaidh EA cur le forbairt scéimeanna earnála agus a gcritéir mheastóireachta chomhfhreagracha agus nósanna imeachta um meastóireacht phiara. Féadfaidh EA scéimeanna atá ann faoi láthair a aithint freisin ina leagtar síos a gcritéir mheastóireachta agus nósanna imeachta um meastóireacht phiaraí.

I gcás scéimeanna earnála atá nasctha le reachtaíocht an Aontais, is gá don Choimisiún a áirithiú go gcomhlíonann an scéim a bheartaítear na riachtanais is gá sa reachtaíocht atá i gceist i dtéarmaí leas an phobail arna léiriú ag an reachtaíocht shonrach seo.

6.5.2.    Meastóireacht phiaraí

Ar cheann de na cúraimí is tábhachtaí atá ag EA tá eagrú chóras um meastóireacht phiaraí na gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, atá ina bhunchloch den chóras creidiúnaithe Eorpach.

Déantar meastóireachtaí piaraí ar chórais, nósanna imeachta agus struchtúir na gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe ag eatraimh 4 bliana ar a mhéad. Is é is aidhm don chóras um meastóireacht phiaraí comhsheasmhacht agus coibhéis i gcleachtais chreidiúnaithe a áirithiú ar fud na hEorpa ionas go n-aithníonn an margadh níos leithne, lena n-áirítear na húdaráis phoiblí náisiúnta (272), go frithpháirteach gur éirigh leis na seirbhísí a sheachadann na comhlachtaí sin sa mheastóireacht phiaraí, agus dá bhrí sin go nglacfaidís leis na teastais chreidiúnaithe agus na fianuithe arna n-eisiúint ag na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh creidiúnaithe acu. Soláthraíonn EA córas oiliúna iomchuí chun comhleanúnachas gníomhaíochtaí agus torthaí um meastóireacht phiaraí a áirithiú ar fud na hEorpa. Ceadaíonn meastóireacht phiaraí rathúil do chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun Comhaontú Iltaobhach EA a shíniú, nó chun stádas sínithe a choinneáil. Faoi Chomhaontú Iltaobhach EA, tá sé d’oibleagáid ar gach sínitheoir aitheantas a thabhairt do choibhéis chórais chreidiúnaithe a chéile agus iontaofacht chothrom na dteastas arna n-eisiúint ag na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh creidiúnaithe acu.

Oibrítear an córas um meastóireacht phiaraí ar roinnt leibhéal. Ar an gcéad dul síos, is gá go gcomhlíonfadh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe na ceanglais i gcaighdeán comhchuibhithe EN ISO/IEC 17011 “Measúnú comhréireachta – Ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí creidiúnaithe a thugann creidiúnú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta” agus ceanglais an Rialacháin nach bhfuil sa chaighdeán um chomhlacht idirnáisiúnta creidiúnaithe – is iad sin prionsabail chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe amháin ag feidhmiú mar údarás poiblí, na neamhthráchtála agus na neamhiomaíochta.

Ansin is gá do chomhlachtaí creidiúnaithe a léiriú go bhfuil siad ábalta agus inniúil chun creidiúnú a dhéanamh sna réimsí difriúla den mheasúnú comhréireachta a sheirbhísíonn siad. Cinntear na gníomhaíochtaí sin iad féin le roinnt caighdeán comhchuibhithe (amhail EN ISO/IEC 17025 le haghaidh saotharlann tástála agus calabraithe, EN ISO/IEC 17020 le haghaidh comhlachtaí cigireachta nó EN ISO/IEC 17065 le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, seirbhísí agus próisis). Ina theannta sin, is gá go gcinnteoidh measúnóirí piaraí go gcuireann an comhlacht creidiúnaithe san áireamh aon cheanglas eile ina mheasúnuithe, atá ábhartha le haghaidh na ngníomhaíochtaí sonracha um measúnú comhréireachta a bheidh le déanamh ag na comhlachtaí a chreidiúnaíonn siad. D’fhéadfadh sé gurbh iad sin na ceanglais shonracha atá sna scéimeanna um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear scéimeanna Eorpacha agus náisiúnta.

6.5.3.    Toimhde na comhréireachta do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

Más féidir le comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a léiriú de thoradh an phróisis um meastóireacht phiaraí go gcomhlíonann sé ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha (273), toimhdítear go gcomhlíonann sé na ceanglais le haghaidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán.

Níos tábhachtaí ná sin – agus baineann tábhacht shonrach leis seo sa réimse rialála – má éiríonn le comhlacht náisiúnta creidiúnaithe dul faoi mheastóireacht phiaraí go rathúil le haghaidh ghníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta, tá sé d’oibleagáid ar údaráis náisiúnta glacadh leis na deimhnithe creidiúnaithe a eisíonn an comhlacht sin, chomh maith le haon fhianú (e.g. tuarascálacha tástála nó cigireachta, deimhnithe) arna n-eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú ag an gcomhlacht creidiúnaithe sin.

6.5.4.    Ról EA chun an cleachtas creidiúnaithe a thacú agus a chomhchuibhiú ar fud na hEorpa

Ag leanúint ó ról EA mar an eagraíocht atá i gceannas ar mheastóireacht phiaraí ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe is gá teacht ar chur chuige comhleanúnach agus coibhéiseach leis an gcreidiúnú a bhfuil aitheantas frithpháirteach agus glacadh le fianuithe um measúnú comhréireachta barántaithe aige ansin. Fágann sin gur gá do EA cur chuige gnáthchomónta a éascú i leith cleachtas creidiúnaithe agus i dtreo na gcaighdeán comhchuibhithe agus na gceanglas a d’fhéadfadh a bheith in aon scéim earnála. Dá bhrí sin, mar gheall ar rannpháirtíocht na bpáirtithe ar fad lena mbaineann amhail páirtithe leasmhara agus údaráis náisiúnta, is gá do EA treoraíocht thrédhearcach a fhorbairt a mbeidh ar a chomhaltaí a urramú nuair atá creidiúnú á dhéanamh acu.

6.6.   Creidiúnú trasteorann

Ní cheadaítear ach i líon teoranta cásanna an fhéidearthacht go n-iarrfadh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú le comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin i mBallstát eile.

De réir Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta, cibé atá siad ina dtríú páirtí nó céadpháirtí/inmheánach, éilítear orthu agus creidiúnú á iarradh acu sin a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Ceadaítear eisceachtaí sa riail ghinearálta sin: tá an fhéidearthacht go n-iarrfadh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú le comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin i mBallstát eile teoranta ionas nach bhfuil i gceist leis ach cásanna

nach bhfuil aon chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ina Bhallstát féin ná aon chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe eile lena bhfuil iontaoibh acu [Airteagal 7(1)(a)],

nach dtairgeann an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an tseirbhís chreidiúnaithe atá iarrtha [Airteagal 7(1)(b)],

mura bhfuil toradh dearfach faighte ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sa mheastóireacht phiaraí i ndáil leis an ngníomhaíocht um measúnú comhréireachta lena n-iarrtar creidiúnú i.e. ní sínitheoir é an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe le Comhaontú Iltaobhach EA le haghaidh chreidiúnú na gníomhaíochta um measúnú comhréireachta lena mbaineann [Airteagal 7(1)(c)].

Tá nasc dlúth ag Airteagal 7(1) den Rialachán le prionsabal na neamhiomaíochta agus is iarmhairt loighciúil air é.

Braitear go bhfuil an fhoráil trasteorann a leagtar síos in Airteagal 7 an-dian agus go bhfuil ualach gan ghá ag baint leo le haghaidh chomhlachtaí um measúnú comhréireachta gníomhacha ilnáisiúnta a bhfuil a bpríomhoifig acu i mBallstát amháin le heintitis/suíomhanna bunaithe i mBallstáit eile agus atá ag oibriú faoi mhaoirseacht na príomhoifige agus faoin gcóras cáilíochta agus bainistíocht chéanna, amhail dúbláil chostasach measúnuithe a thabhairt le fios. Tá faitíos ann faoin riosca go mbeadh míbhuntáiste iomaíoch ann i gcomparáid le heagraíochtaí tríú tír. I gcás léirmhíniú dlíthiúil dian Airteagal 7, de bharr a struchtúr, ní féidir le comhlachtaí ilnáisiúnta um measúnú comhréireachta tairbhiú de bhuntáiste deimhniú creidiúnaithe amháin leordhóthanach do chríoch uile an Aontais, cé go bhfuil ilchreidiúnuithe a sheachaint ar cheann de chuspóirí an Rialacháin.

Ba cheart dúbláil measúnuithe agus ualaí gan ghá ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a sheachaint fad is a áirithítear go bhfuil rialú leormhaith ag eintitis áitiúla ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Is gá go mbeadh malartú faisnéise agus comhar éifeachtach idir comhlachtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh measúnú, athmheasúnú agus faireachais ar shuíomhanna áitiúla le comhlachtaí ilnáisiúnta um measúnú comhréireachta i gcás inar gá. Bunaithe ar aitheantas frithpháirteach ar na measúnuithe ar fad a rinne comhaltaí EA, ba cheart aon dúbláil ar mheasúnuithe ar ghnéithe nó ceanglais eagraíochtúla a sheachaint go docht.

Más gá, agus ar iarraidh réasúnaithe, tá faisnéis ábhartha maidir le creidiúnú a dhéanamh in aghaidh cheanglais náisiúnta reachtacha le Ballstát eile agus/nó ceanglais a leagtar amach sna scéimeanna earnálacha náisiúnta ábhartha le soláthar ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin áitiúil chuig údaráis náisiúnta an Bhallstáit eile. Ba cheart údaráis náisiúnta na mBallstát ina bhfuil an comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin bunaithe a choinneáil ar an eolas faoi sin.

Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil suíomhanna áitiúla acu (gan beann ar a bpearsantacht dhlítheanach), ar choinníoll go bhfeidhmíonn na suíomhanna áitiúla faoin gcóras cáilíochta domhanda agus bainistíochta céanna agus go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an bpríomhoifig tionchar suntasach a imirt a ngníomhaíochtaí agus iad a rialú, is féidir a mheas go bhfuil siad ina n-eagraíocht amháin i ndáil leis an ngníomhaíocht um measúnú comhréireachta a dhéantar. Ceadaítear do chomhlacht um measúnú comhréireachta den sórt sin dá bhrí sin creidiúnú a iarraidh le comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na príomhoifige ar féidir lena raon feidhme na gníomhaíochtaí a fheidhmíonn an suíomh áitiúil a chumhdach, lena n-áirítear iad sin atá suite i mBallstát eile.

I gcásanna creidiúnú le haghaidh fógra, déantar maoirseacht ar chomhlachtaí ilsuímh creidiúnaithe faoi chomhar trasteorann idir na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; is é an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a leanfaidh de bheith freagrach, áfach, ar údarás é de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta bunaithe. Ní mór na modhanna agus an inniúlacht chun na cúraimí is gá a dhéanamh le haghaidh creidiúnú a thabhairt a bheith ag an gcomhlacht féin um measúnú comhréireachta, mar an príomheintiteas a bhfuil creidiúnú agus fógra le tabhairt faoi. Cé go bhféadfaidh sé dul ar iontaoibh fochuideachtaí/fochonraitheoireachta, níor cheart dó a bheith ag brath ar fhochuideachtaí/fhochonraitheoirí le haghaidh gach tástála agus meastóireachta.

Féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha atá nasctha leis an measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh, ach ní mór dó a áirithiú go gcomhlíonann an fochonraitheoir na ceanglais chéanna is infheidhme maidir leis an gcomhlacht creidiúnaithe féin faoina dtugtar fógra agus ní féidir leis gníomhaíochtaí sonracha a ligean ar fochonradh ach amháin le comhaontú an chliaint (274). Dá réir sin, ní féidir glacadh le struchtúir nach bhfuil i gceist leo ach líon fíorbheag ball foirne i bpríomhoifig an chomhlachta is iarrthóir ar comhlacht creidiúnaithe é nach ndéanann ach cúraimí tráchtála seachas aon cheann de na cúraimí measúnaithe comhréireachta a bheadh le déanamh sa Bhallstát sin faoina dtugtar fógra faoin gcomhlacht ina leith (nó a bhfuil fógra le tabhairt faoin gcomhlacht ina leith). Ní cheadaítear an creidiúnú ilsuímh sin ach amháin faoin Rialachán má choinníonn an comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta an fhreagracht deiridh as na gníomhaíochtaí a fheidhmíonn suíomhanna áitiúla a chumhdaíonn raon feidhme an chreidiúnaithe ilsuímh. Ainmnítear eintiteas dlítheanach amháin – an phríomhoifig – sa deimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe san áit ina bhfuil an phríomhoifig bunaithe agus is é an t-eintiteas dlítheanach sin a bhfuil an creidiúnú acu agus atá freagrach as gníomhaíochtaí creidiúnaithe an chomhlachta um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht a fheidhmíonn an suíomh áitiúil atá mar chuid de raon feidhme an chreidiúnaithe. I gcás ina ndéantar príomhghníomhaíochtaí sna suíomhanna áitiúla sin, is gá go sainaithneofaí go soiléir sa deimhniú creidiúnaithe (agus ina iarscríbhinní) seoladh na hoifigí suímh sin.

Tá an suíomh áitiúil i dteideal fianuithe um chomhréireacht mhargaidh áitiúil a thairiscint go díreach faoin gcreidiúnú ilsuímh, ach ní féidir leo amhlaidh a dhéanamh ach amháin thar ceann an chomhlachta creidiúnaithe um measúnú comhréireachta. Dá bhrí sin, eisítear na deimhnithe agus tuarascálacha creidiúnaithe sin faoin gcreidiúnú, ainm agus seoladh na príomhoifige gan lógó an tsuímh áitiúil. Ach ní chuireann sé sin bac le sonraí teagmhála an tsuímh áitiúil a eisíonn an deimhniú nó tuarascáil atá i gceist a lua ar an deimhniú nó tuarascáil um measúnú comhréireachta.

Níl sé i gceist ach go n-úsáidfeadh cuideachtaí laistigh den eagraíocht chéanna an creidiúnú ilsuímh agus i gcás ina gcoinníonn an phríomhoifig an fhreagracht as na gníomhaíochtaí a dhéanann agus na deimhnithe/tuarascálacha a eisíonn suíomhanna áitiúla. Is gá an fhreagracht a léiriú ar bhonn na gcaidreamh conarthach nó dlíthiúil coibhéiseach idir an phríomhoifig agus an t-eintiteas áitiúil agus rialuithe inmheánacha ina sonraítear a thuilleadh na caidrimh sin i dtéarmaí bainistíochta agus freagrachtaí.

Is féidir réiteach an chreidiúnaithe ilsuímh a chur i bhfeidhm ar gach cineál eintiteas áitiúil (fochuideachtaí, brainsí, gníomhaireachtaí, oifigí, etc.) gan beann ar a bpearsantacht dhlítheanach agus tá sé bailí i bprionsabal le haghaidh gach cineál comhlacht um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear saotharlanna, comhlachtaí cigireachta agus deimhnithe chomh fada is go ndéanann siad na gníomhaíochtaí sainaitheanta go soiléir agus ábhartha chun críche an chreidiúnaithe.

Eisiatar réiteach um chreidiúnú ilsuímh i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha thuasluaite, i.e. nuair nach féidir an comhlacht um measúnú comhréireachta a mheas amhail eagraíocht amháin i ndáil le measúnú comhréireachta agus nach gcoinníonn an phríomhoifig an fhreagracht deiridh as gníomhaíochtaí na n-eintiteas áitiúil. Sa chás sin agus na suíomhanna áitiúla ina n-eintitis dhlítheanacha ar leithligh, ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar a gcreidiúnú féin leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe áitiúil. Mar iarmhairt, d’fhéadfaí a mheas go ndéanann an t-eintiteas áitiúil an tseirbhís um measúnú comhréireachta go hiomlán neamhspleách ón bpríomhoifig.

I gcás creidiúnú ilsuímh, is gá an measúnú tosaigh agus na hathmheasúnuithe a dhéanamh i ndlúthchomhar idir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe áitiúil agus comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na príomhoifige a ghlacann an cinneadh creidiúnaithe, agus is ceart faireachas a dhéanamh i gcomhar leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe áitiúil nó ba cheart don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe áitiúil féin faireachas a dhéanamh. Is gá go rachaidh an comhlacht ilnáisiúnta um measúnú comhréireachta i gcomhar iomlán leis na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe lena mbaineann. Ní féidir le heintitis áitiúla diúltú do rannpháirtíocht an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe áitiúil sa phróiseas measúnaithe, athmheasúnuithe agus faireachais. Is ann do rialacha comhchuibhithe maidir le comhar idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe i bhfoirm bheartas EA trasteorann. Is gá creidiúnú ilsuímh a bhainistiú faoin mbeartas EA trasteorann d’fhonn rannpháirtíocht an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe áitiúil a rathú.

Ní ghabhann an creidiúnú ilsuímh in ionad fochonrú, a fhanann ina réiteach inmharthana ar fhaitíos go mbeadh comhlacht um measúnú comhréireachta ag iarraidh cuid dá ghníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh chuig eintitis dhlítheanacha atá lonnaithe agus ag feidhmiú sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, nach mbaineann, áfach, leis an eagraíocht chéanna, i.e. nach bhfuil siad ina gcuid de chomhlacht ilnáisiúnta um measúnú comhréireachta. Sa chás sin, níl an fochonraitheoir cumhdaithe ag creidiúnú an chomhlachta um measúnú comhréireachta. Is féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnaithe codanna sonracha dá ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh chuig eintiteas dlítheanach difriúil de réir an chaighdeáin comhlachta um measúnú comhréireachta is infheidhme lena bhfuil sé creidiúnaithe agus a mhéid is a cheadaítear sa chaighdeán sin amháin. Is gá go mbeadh an comhlacht um measúnú comhréireachta in ann a léiriú don chomhlacht náisiúnta um measúnú comhréireachta go ndéantar na gníomhaíochtaí ar fochonradh ar bhealach inniúil agus iontaofa leis na ceanglais is infheidhme le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá i gceist. Is gá go n-eiseofaí an fianú creidiúnaithe um measúnú comhréireachta go heisiach faoi ainm agus freagracht an chomhlachta creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, i.e. an t-eintiteas dlítheanach ag a bhfuil an creidiúnú. Fanann an caidreamh conarthach leis an gcliant leis an gcomhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta.

6.7.   Creidiúnú sa chomhthéacs idirnáisiúnta

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tarlaíonn comhar idir comhlachtaí creidiúnaithe laistigh den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin (IAF) agus laistigh den Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne (ILAC).

6.7.1.    Comhar idir comhlachtaí creidiúnaithe

Uirlis um bonneagar cáilíochta éifeachtach a úsáidtear ar fud an domhain is ea creidiúnú mar bhealach neamhchlaonta chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht theicniúil, neamhchlaontacht agus ionracas gairmiúil chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus chun léiriú foirmiúil a thabhairt orthu sin.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tarlaíonn comhar idir comhlachtaí creidiúnaithe laistigh de dhá eagraíocht: eadhon laistigh den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin (IAF) idir comhlachtaí creidiúnaithe a chreidiúnaíonn deimhniú (táirgí agus córais bhainistíochta) agus laistigh den Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne (ILAC) idir comhlachtaí creidiúnaithe a chreidiúnaíonn saotharlanna agus comhlachtaí cigireachta. Déanfaidh an dá eagraíocht foráil maidir le socruithe iltaobhacha um aitheantas frithpháirteach idir comhaltaí a comhlachta creidiúnaithe. Bainistíonn IAF Socrú Iltaobhach um Aitheantas (MLA), fad is a oibríonn ILAC Socrú um Aitheantas Frithpháirteach (MRA) Tá sé d’aidhm deiridh ag na socruithe iltaobhacha sin um aitheantas frithpháirteach/socruithe inniúlachta ar leibhéal teicniúil idir comhlachtaí creidiúnaithe a cheadú do tháirgí agus seirbhísí a bhfuil fianuithe comhréireachta deimhnithe ag gabháil leo chun dul isteach i margaí eachtracha gan an gá le hatástáil nó athdheimhniú sa tír allmhairithe. Is é cuspóir an chomhaontaithe/ na gcomhaontuithe um aitheantas sin idir comhlachtaí creidiúnaithe dá bhrí sin rannchuidiú le hatreisiú an ghlactha le torthaí an mheasúnaithe comhréireachta.

Ar an leibhéal réigiúnach, go dtí seo (275), bunaíodh eagraíochtaí um chomhar idir comhlachtaí creidiúnaithe sna háiteanna seo a leanas:

An Eoraip: Comhar Eorpach don Chreidiúnú (EA)

Críocha Mheiriceá: Inter-American Accreditation Cooperation (IAAC) [An Comhar Idir-Mheiriceánach um Chreidiúnú (IAAC)]

An Áise – An tAigéan Ciúin: Asia Pacific Laboratory Accreditation Cooperation (APLAC) and Pacific Accreditation Cooperation (PAC) [Comhar an Aigéin Chiúin agus na hÁise um Chreidiúnú Saotharlann (APLAC) agus Comhar an Aigéin Chiúin um Chreidiúnú (PAC)]

An Afraic: Southern African Development Community Accreditation (SADCA) [Creidiúnú Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADCA)]

An Afraic: African Accreditation Cooperation (AFRAC) [Comhar na hAfraice um Chreidiúnú (AFRAC)]

An Meánoirthear: Arab Accreditation Cooperation (ARAC) [An Comhar Arabach um Chreidiúnú (ARAC)]

Seachas SADCA, AFRAC agus ARAC, a bhfuil a gcuid socruithe réigiúnacha um aitheantas frithpháirteach á bhforbairt acu faoi láthair, tá comhaontuithe/socruithe i bhfeidhm ag na heagraíochtaí um chomhar a liostaítear thuas laistigh dá réigiún, agus cuireann socruithe ILAC/IAF leis na comhaontuithe/socruithe sin. Trí aitheantas speisialta a dheonú, glacann IAF leis na socruithe um aitheantas frithpháirteach atá bunaithe laistigh de EA, IAAC agus PAC: i dtaca le comhlachtaí creidiúnaithe atá ina gcomhaltaí de IAF agus a shínigh Comhaontú Iltaobhach EA (EA MLA) nó Socrú Iltaobhach PAC um Aitheantas Frithpháirteach (PAC MLA), glactar leis na comhlachtaí sin in IAF MLA go huathoibríoch. Glacann ILAC leis na socruithe um aitheantas frithpháirteach agus leis na nósanna imeachta meastóireachta bunúsacha de EA, APLAC, agus IAAC. I dtaca le comhlachtaí creidiúnaithe nach bhfuil cleamhnaithe le haon eintiteas réigiúnach um chomhar atá aitheanta, féadfaidh na comhlachtaí sin iarratas ar mheastóireacht agus ar aitheantas a chur isteach chuig ILAC agus/nó IAF go díreach.

Na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán le haghaidh comhlachtaí creidiúnaithe, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais a nglactar leo go domhanda agus a leagtar síos sna caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, cé gur féidir go measfaí gur ceanglais níos déine cuid díobh siúd. Go háirithe:

Aon chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe aonair, arna cheapadh ag a Bhallstát, a dhéanann an creidiúnú (Airteagal 4.1)

Feidhmítear an creidiúnú mar ghníomhaíocht údaráis phoiblí (Airteagal 4.5)

Oibríonn comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe mar chomhlachtaí atá saor ó údair spreagtha tráchtála (Airteagal 8.1) agus ar bhonn neamhbhrabúis (Airteagal 4.7)

Ní théann comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe in iomaíocht le comhlachtaí um measúnú comhréireachta nó i measc a chéile (Airteagal 6.1 agus Airteagal 6.2)

Creidiúnú trasteorann Airteagal 7 (laistigh den Aontas agus de LEE)

6.7.2.    An tionchar ar chaidrimh trádála i réimse an mheasúnaithe comhréireachta idir an tAontas agus Tríú Tíortha

Glacadh deireanach na bhfianuithe measúnúcháin comhréireachta, is rud é a chinneann na húdaráis phoiblí sa réimse rialála agus, ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de, úsáideoirí tionscail agus tomhaltóirí. Na comhaontuithe iltaobhacha saorálacha um aitheantas frithpháirteach idir comhlachtaí creidiúnúcháin a tharlaíonn ar an leibhéal teicniúil, tacaíonn na comhaontuithe sin le comhaontuithe trádála, agus déanann siad comhaontuithe trádála a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh.

Na ceanglais a leagtar amach thuas, déanann siad difear do ghlacadh deimhnithe agus torthaí tástála neamh-Eorpacha arna gcreidiúnú ag comhlachtaí creidiúnúcháin neamh-Eorpacha nach gcomhlíonann ceanglais an Aontais, ach a bhfuil ILAC/IAF MRA/MLA sínithe acu, ar an mbealach seo a leanas:

Measúnú comhréireachta arna chomhlíonadh sa réimse saorálach

Is faoin gcomhlacht neamh-Eorpach um measúnú comhréireachta a oibríonn ar an margadh Eorpach atá sé a chinneadh an gcreidiúnófar iad agus cá háit a bhfaighfear an creidiúnú sin. Chun borradh a chur faoi ghlacadh a fhianuithe measúnúcháin comhréireachta ag an margadh Eorpach (tionscal mar cheannaitheoirí seirbhísí measúnúcháin comhréireachta agus tomhaltóirí faoi dheoidh), i dtaca leis an gcomhlacht neamh-Eorpach um measúnú comhréireachta atá ag roghnú go ndéanfar creidiúnú air, féadfaidh sé roghnú cibé acu a rachfar nó nach rachfar i muinín seirbhíse de chuid chomhlacht creidiúnaithe tríú tír nach gá go mbeidh sé i gcomhréir leis na ceanglais Eorpacha nua ach a shínigh ILAC/IAF MRA/MLA, nó ina áit sin cibé a rachfar nó nach rachfar i muinín chomhlacht creidiúnaithe atá bunaithe san Aontas. I dtaca le fianuithe measúnúcháin comhréireachta neamh-Eorpacha arna n-eisiúint faoi chreidiúnú ag comhlachtaí creidiúnaithe neamh-Eorpacha nach gcomhlíonann ceanglais Eorpacha, is féidir leanúint dá n-úsáid ar an margadh Eorpach ach sa réimse saorálach agus sa réimse sin amháin.

Measúnú comhréireachta arna chomhlíonadh sa réimse sainordaitheach

I gcás ina gceanglófar measúnú comhréireachta i rialacháin, féadfaidh údaráis náisiúnta Bhallstáit an Aontais diúltú glacadh le fianuithe comhréireachta arna n-eisiúint faoi chreidiúnú ag comhlachtaí creidiúnaithe neamh-Eorpacha nach gcomhlíonann ceanglais Eorpacha fiú más rud é go bhféadfadh ILAC/IAF MRA/MLA a bheith sínithe acu.

Mar sin féin, i gcás ina mbeidh Comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach (MRAnna) ó rialtas go rialtas i bhfeidhm idir an tAontas agus tríú tír i ndáil le measúnú comhréireachta, glacfaidh údaráis náisiúnta Bhallstáit an Aontais leis na tuarascálacha tástála agus leis na deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá ainmnithe ag an bpáirtí eachtrach faoi MRA chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht i gcatagóirí na dtáirgí nó na n-earnálacha a chumhdaítear le MRA. Is féidir na táirgí atá ag gabháil le fianuithe comhréireachta den sórt sin a onnmhairiú agus a chur ar mhargadh an pháirtí eile gan nósanna measúnúcháin comhréireachta bhreise a dhéanamh. Comhaontaíonn gach páirtí allmhairiúcháin, de réir théarmaí MRA, i dtaca leis na fianuithe measúnúcháin comhréireachta arna n-eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá comhaontaithe ag an bpáirtí onnmhairiúcháin, na fianuithe sin a aithint go neamhspleách ar cibé atá nó nach bhfuil an creidiúnú úsáidte chun tacú le próiseas ainmniúcháin na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi MRA, agus go neamhspleách ar chomhlíonadh cheanglais an Aontais ag an gcomhlacht creidiúnaithe Thríú páirtí, i gcás ina mbeidh creidiúnú úsáidte ag an bPáirtí Neamh-Eorpach.

7.   FAIREACHAS MARGAIDH

De réir Rialachán (AE) 2019/1020, is léir na hoibleagáidí atá ar údaráis náisiúnta faireachais margaidh chun táirgí a sheiceáil, ar táirgí iad a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus atá curtha ar fáil ar mhargadh an Aontais, iad féin a eagrú agus comhordú a áirithiú eatarthu féin ar an leibhéal náisiúnta, agus dul i gcomhar a chéile ar leibhéal an Aontais (276). Is léir an oibleagáid atá ar oibreoirí eacnamaíocha dul i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás inar gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis náisiúnta faireachais margaidh smachtbhannaí iomchuí a chur i bhfeidhm i gcás ina sárófar ceanglais reachtaíochta.

Áirítear le Rialachán (AE) 2019/1020 forálacha maidir le rialú táirgí ó thríú tíortha atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. Cuirtear d’oibleagáid ar údaráis náisiúnta faireachais margaidh agus ar údaráis chustaim dul i gcomhar a chéile chun córas rianúil a áirithiú. Ní mór rialuithe den sórt sin a dhéanamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus ar bhonn anailís riosca.

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún Eorpach an comhar agus an malartú faisnéise a éascú idir údaráis ar fud an Aontais. Tá sé d'aidhm aige a áirithiú go mbeidh faireachas margaidh ar fud an Aontais go héifeachtach agus gur féidir leis na Ballstáit a n-acmhainní a chomhthiomsú, go háirithe trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí (féach pointe 7.6.3.3).

7.1.   Cén fáth a bhfuil gá againn leis an bhfaireachas margaidh?

Ní mór do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar tháirgí neamhchomhlíontacha a bheith á gcur ar fáil ar an margadh agus á n-úsáid (277).

Is é is aidhm don fhaireachas margaidh a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais is infheidhme lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht i gcoitinne, sláinte agus sábháilteacht sa láthair oibre, cosaint tomhaltóirí, an chomhshaoil agus na slándála poiblí mar aon le haon leas eile an phobail a chosnaítear le reachtaíocht an Aontais. Tá an cuspóir sin le saothrú agus é á áirithiú nach gcuirfear srian ar shaorghluaiseacht táirgí seachas mar a cheadaítear é faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ná faoi aon riail ábhartha eile de chuid an Aontais. Leis an bhfaireachas margaidh, bíonn saoránaigh i dteideal leibhéal cosanta coibhéiseach ar fud an mhargaidh aonair, gan beann ar thionscnamh an táirge. Thairis sin, tá tábhacht leis an bhfaireachas margaidh ar mhaithe le hoibreoirí eacnamaíocha, toisc go gcuidíonn sé le deireadh a chur le hiomaíocht mhíchothrom.

Níl gníomhaíochtaí faireachais margaidh dírithe go heisiach ar chosaint na sláinte agus na sábháilteachta: tá sé d’aidhm acu freisin reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, ar reachtaíocht í a cheaptar chun leasanna eile an phobail a choimirciú, trí bhíthin, mar shampla, cruinneas an tomhais a rialáil, mar aon leis an gcomhoiriúnacht leictreamaighnéadach, úsáid éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió, an éifeachtúlacht fuinnimh, cosaint tomhaltóirí agus an chomhshaoil, i gcomhréir le prionsabal “an ardleibhéil chosanta” a leagtar síos in Airteagal 114 (3) CFAE.

Ní mór do na Ballstáit faireachas éifeachtach ar a margadh a áirithiú. I dtaca leis na táirgí a chuirtear ar fáil ar a margadh nó a allmhairítear trí dhíolacháin ar líne agus as líne mar aon le bealaí dáileacháin, ceanglaítear orthu an faireachán ar na táirgí sin a eagrú agus a dhéanamh. Is é an cuspóir a áirithiú go mbeidh táirgí ceaptha agus monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go mbeidh na ceanglais maidir le marcáil agus doiciméadú urramaithe, agus go mbeidh na nósanna imeachta is gá déanta i leith na dtáirgí.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit nach amhlaidh sin, ní mór dóibh a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme. I gcás ina mainneoidh oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh, ba cheart d’údaráis faireachais margaidh bearta comhréireacha agus iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú i dtaca le táirgí neamhshábháilte, nó le táirgí nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go gcoimeádfar amach ón margadh iad nó go mbainfear den mhargadh iad agus go ndéanfar oibreoirí gan scrupall nó oibreoirí coiriúla fiú, a phionósú. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí a bheidh comhréireach le haon sárú. Ba cheart na smachtbhannaí sin a bheith ag feidhmiú mar bhac, go háirithe i gcás sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís is arís eile.

7.2.   Raon Feidhme Rialachán (AE) 2019/1020

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le táirgí neamhbhia atá faoi réir raon leathan de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

I gcás ina n-áireofar rialacha sonracha maidir le faireachas margaidh le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, tabharfar tosaíocht do na rialacha sin.

I leith rialuithe ag na teorainneacha seachtracha, is leithne raon feidhme an Rialacháin maidir le táirgí.

Sainmhínítear raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1020 in Airteagal 2 den Rialachán. Le Rialachán (AE) 2019/1020, rialaítear faireachas margaidh i dtaca le formhór reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais lena leagtar síos ceanglais shonracha maidir le ceapadh, comhdhéanamh agus lipéadú táirgí neamhbhia, a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach lena mbaineann an cuspóir céanna i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ní chumhdaítear roinnt catagóirí táirgí, amhail táirgí íocshláinte nó trealamh iarnróid, toisc go mbaineann a gcreat forfheidhmiúcháin féin leo. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 tá liosta de reachtaíocht dá bhfuil an Rialachán ábhartha. Mar sin féin, baineann Rialachán 2019/1020 le reachtaíocht bhreise freisin, cibé acu trí leasú ar Iarscríbhinn I nó trí thagairtí sa reachtaíocht sin, mar shampla:

Tagairt shonrach do Rialachán (AE)2019/1020, amhail i dTreoir (AE) 2020/2184 maidir le huisce óil (278)

I dtaca le reachtaíocht a bhí ann roimhe a bheith áirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus foráil lena ndéantar tagairt don reachtaíocht aisghairthe, ní mór é sin a fhorléiriú mar thagairtí don reachtaíocht nua, amhail a bhfuil i Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le táirgí leasacháin ón Aontas (279).

An dá cheann acu thuas, amhail a bhfuil i Rialachán (AE) 2020/740 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile (280)

Déantar tagairt go sainráite le haon ghníomh do na forálacha maidir le faireachas margaidh de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (gan tagairt do Rialachán (AE) 2019/1020): an Ionstraim Eorpach inrochtaineachta (281). Tá feidhm ag roinnt forálacha de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis an ngníomh sin trí Airteagal 39(2) atá ann agus an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020.

Níl forálacha ná tagairtí sonracha maidir le forfheidhmiú i dTreoir (AE) 2019/904 maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide (282). I bhfianaise go mbaineann cuid shuntasach den ábhar céanna maidir lena raon feidhme i dtaca le táirgí leis an Treoir maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (a áirítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2019/1020), féadfaidh na Ballstáit a bheith ag iarraidh forálacha Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.

I dtaca le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar faoi reachtaíocht dá bhfuil Rialachán (AE) 2019/1020 ábhartha, cumhdaítear na gníomhartha sin freisin. I dtaca le roinnt den reachtaíocht, dá bhfuil Rialachán (AE) 2019/1020 ábhartha, tá forálacha sa reachtaíocht sin freisin ar forálacha iad nach mbaineann le ceapadh, comhdhéanamh ná lipéadú táirgí, amhail na spriocanna aisghabhála agus athchúrsála a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht. Níl Rialachán (AE) 2019/1020 ábhartha le haghaidh na bhforálacha sin.

I dtaca le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú dá bhfuil Rialachán (AE) 2019/1020 ábhartha, féadfaidh rialacha a bheith sa reachtaíocht maidir le faireachas margaidh freisin (283). I dtaca le forálacha Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh, tá feidhm ag na forálacha sin maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht sin an Aontais um chomhchuibhiú a mhéid nach bhfuil aon fhoráil shonrach a bhfuil an cuspóir céanna aici i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, lena rialaítear ar bhealach níos sonraí gnéithe ar leith den fhaireachas margaidh agus den fhorfheidhmiú (foráil ‘lex specialis’ in Airteagal 1(1)). Beidh feidhm aige sin, mar shampla, maidir le húsáid an Bhunachair Sonraí Eorpaigh i ndáil le feistí leighis (Eudamed) (284) in áit an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 (285). I roinnt cásanna, áfach, tá na forálacha faireachais margaidh i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú comhlántach, agus ní fhágann siad nach infheidhme iad forálacha Rialachán (AE) 2019/1020.

San Airteagal, sonraítear a raon feidhme féin i gcás Airteagal 4 (‘Cúraimí na n-oibreoirí eacnamaíocha maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú’). Tá treoraíocht shonrach eisithe ag an gCoimisiún maidir le hAirteagal 4 (286).

I dtaca leis na forálacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach san Aontas (Caibidil VII, i.e. Airteagail 25-28), tá raon feidhme níos leithne i dtaca le táirgí acu sin ná atá i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tá feidhm ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear faoi dhlí an Aontais a mhéid nach bhfuil aon fhoráil shonrach ann a bhaineann le heagrú na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. Áirítear leis sin mar shampla Treoir 2001/95 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí.

7.3.   Faireachas Margaidh a Eagrú

Eagraítear faireachas margaidh ar an leibhéal náisiúnta agus éascaíonn oifigí idirchaidrimh aonair don chomhordú.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní agus inniúlachtaí leordhóthanacha ag a gcuid údarás.

Is le straitéisí náisiúnta faireachais margaidh a chinntear tosaíochtaí.

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh an pobal a chur ar an eolas faoi rioscaí.

Is ar an leibhéal náisiúnta a chinntear leibhéal na smachtbhannaí.

Eagraítear faireachas margaidh ar an leibhéal náisiúnta bunaithe ar an gcreat comhchoiteann a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1020. Ní mór do na Ballstáit údarás faireachais margaidh amháin nó níos mó a ainmniú, údaráis i gceannas ar an rialú ar tháirgí atá ag teacht isteach trí theorainneacha seachtracha an Aontais, agus aon oifig idirchaidrimh amháin.

7.3.1.    Bonneagair náisiúnta

Is údaráis náisiúnta phoiblí (Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/1020) atá freagrach as faireachas margaidh. Is amhlaidh sin, go háirithe, chun neamhchlaontacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a ráthú. Is féidir le gach Ballstát cinneadh a dhéanamh faoin mbonneagar faireachais margaidh. Mar shampla, níl aon cheanglas ann ar leibhéal an Aontais maidir le freagrachtaí a leithdháileadh idir údaráis, cibé acu ar bhonn feidhmiúil nó geografach, fad a bhíonn an faireachas éifeachtach agus go gcumhdaítear an chríoch ar fad leis.

Eagraíonn agus déanann na Ballstáit faireachas margaidh trí údaráis faireachais margaidh a bhunú (287) (Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1020). Is éard is údaráis faireachais margaidh ann na húdaráis de Bhallstát atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ina chríoch (Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2019/1020). Buneilimint is ea faireachas ar an margadh ag údaráis phoiblí chun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chur chun feidhme go maith.

Ní mór do gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair a ainmniú ar oifig í a fheidhmíonn cúraimí comhordúcháin áirithe i measc na n-údarás faireachais margaidh, mar aon le hidirchaidreamh idir na húdaráis sin agus na húdaráis atá i gceannas ar an rialú ar tháirgí atá ag teacht isteach san Aontas. Comhordaíonn oifigí idirchaidrimh aonair, go háirithe, seasamh na n-údarás náisiúnta sna gníomhaíochtaí comhair a dhéantar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2019/1020).

Ní mór do na Ballstáit na cumhachtaí, na hacmhainní, agus an t-eolas a chur faoi chúram na n-údarás faireachais margaidh is gá chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú mar is iomchuí (inter alia Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/1020). Áirítear le Rialachán (AE) 2019/1020 tacar íosta de chumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin nach mór do na Ballstáit a thabhairt dá n-údaráis. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfeidhmeofar cumhachtaí áirithe trí dhul ar iontaoibh údaráis phoiblí eile nó trí chinntí cúirte (Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2019/1020). Féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí breise a thabhairt le cois na gcumhachtaí sin atá sa Rialachán. Ní mór d’údaráis faireachais margaidh a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le comhréireacht (Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2019/1020).

A mhéid a bhaineann le hacmhainní pearsanra, ní mór a bheith ag na húdaráis líon leordhóthanach de bhaill foirne ag a mbeidh cáilíochtaí oiriúnacha agus taithí oiriúnach, agus an t-ionracas gairmiúil is gá, nó teacht a bheith ag na húdaráis sin ar bhaill foirne den sórt sin. Ní mór na hinniúlachtaí is gá a áireamh leis sin, ar inniúlachtaí iad chun díriú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne leis an éifeachtacht chéanna (Airteagal 10(5) de Rialachán (AE) 2019/1020). Rud a d’fhéadfaí a áireamh leis sin ab ea struchtúir agus foireann thiomnaithe a ainmniú chun faireachán agus rianú a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne (288). Ní mór do na húdaráis faireachais margaidh a gcumhachtaí a fheidhmiú agus a ndualgais a dhéanamh go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht (Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/1020). Le linn dóibh a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a saoráidí tástála féin nó as aon acmhainn eile. Féadfaidh siad cúraimí teicniúla a ligean ar fochonradh (amhail tástáil nó cigireacht) le comhlacht eile freisin, ar choinníoll go gcoimeádfaidh siad an fhreagracht as a gcinntí. Más rud é go ndéanfar cúraimí teicniúla a ligean ar fochonradh le comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnúcháin comhréireachta le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ní mór gan aon choinbhleacht leasa a bheith idir na gníomhaíochtaí measúnúcháin comhréireachta agus measúnúcháin comhlíonta sin le haghaidh an údaráis faireachais margaidh. Le linn don údarás faireachais margaidh cúraimí a ligean ar fochonradh, ba cheart dó fíorchúram a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh neamhchlaontacht na comhairle a fhaigheann sé gan locht. Ba cheart an fhreagracht as aon chinneadh dá ndéantar ar bhonn na comhairle sin a bheith ar an údarás faireachais margaidh.

7.3.2.    Straitéisí náisiúnta faireachais margaidh

Ceanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar na Ballstáit straitéis náisiúnta faireachais margaidh a tharraingt suas, gach 4 bliana ar a laghad. Ba cheart straitéis uileghabhálach a bheith sa straitéis sin, agus gach earnáil dá gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú á mbreithniú mar aon le gach bealach díolacháin agus gach céim de na slabhraí soláthair. Ar bhonn measúnúcháin ar an gcomhréireacht, treochtaí margaidh agus forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, ba cheart tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a shainaithint leis an straitéis.

Is é cuspóir na straitéisí cur chuige a chur chun cinn ar cur chuige é a bheidh cliste agus bunaithe ar an bhfianaise i leith forfheidhmiúcháin, acmhainní a chomhdhlúthú ar mhaithe le tosaíochtaí agus fothú acmhainneachta is gá a shainaithint is gá le haghaidh dúshláin nua. Leis na straitéisí, cumasaítear sainaithint na riachtanas le comhar méadaithe idir údaráis faireachais margaidh, agus leis na húdaráis atá i gceannas ar an rialú ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a léiriú.

Leis na straitéisí, ba cheart é a chur ar a gcumas do Bhallstáit eile an bealach a dhéanfar faireachas margaidh a thuiscint, mar aon leis na réimsí ina ndéanfar faireachas. Le Líonra an Aontais um chomhlíonadh táirgí, déanfar saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme straitéisí náisiúnta um fhaireachas margaidh. Déanfar meastóireacht leis an líonra ar na straitéisí freisin, rud lena bhfágfar go mbeifear in ann nithe forluiteacha, sineirgí agus bearnaí a shainaithint, go háirithe ar leibhéal an Aontais.

Chun go mbeifear in ann faisnéis íogair a chur san áireamh leis na straitéisí, agus go n-áireofar an fhaisnéis sin iontu, ní chomhroinntear ach idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún iad agus eatarthu amháin. Tá feidhm aige sin freisin maidir le torthaí an athbhreithnithe agus an mheasúnuithe nach mór do na Ballstáit a dhéanamh ar an straitéis um fhaireachas margaidh. Ní mór do na Ballstáit achoimre den straitéis um fhaireachas margaidh a fhoilsiú chun an pobal a chur ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí.

7.3.3.   Faisnéis phoiblí

I bhfianaise gurb é is aidhm don fhaireachas margaidh ardleibhéal cosanta a sholáthar do leasanna áirithe an phobail, is eilimint fhíor-riachtanach den fhaireachas margaidh an pobal a chur ar an eolas. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an oscailteacht don phobal agus do pháirtithe leasmhara a áirithiú. Ní mór dóibh aon fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, ar faisnéis í a mheasann siad a bheith ábhartha chun leasanna úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/1020). Áirithítear leis sin go mbeidh tuilleadh faisnéise agus feasachta ann do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon. I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, i dtaca le faisnéis atá ar fáil d’údaráis na mBallstát nó don Choimisiún a bhaineann le rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do leasanna eile an phobail atá faoi chosaint faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ar rioscaí iad a bhaineann le táirgí, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ar fáil don phobal i bprionsabal. Is amhlaidh sin gan dochar do na srianta a cheanglaítear chun cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint, chun sonraí pearsanta a chaomhnú, agus le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin, imscrúdaithe agus ionchúisimh (289).

Is é ceann d’oibleagáidí na n-údarás faireachais margaidh a áirithiú go dtabharfar foláireamh d’úsáideoirí ina gcríocha laistigh de thréimhse ama leormhaith faoi ghuaiseacha agus faoi rioscaí atá sainaitheanta acu agus a bhaineann le haon táirge. Is amhlaidh sin chun riosca an ghortaithe nó damáiste eile a laghdú, go háirithe nuair a mhainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch amhlaidh atá freagrach amhlaidh a dhéanamh (Airteagail 16(3) agus 16(5) de Rialachán (AE) 2019/1020).

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh a áirithiú freisin go dtabharfar deis do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil agus go ndéanfar bearta leantacha i leith na ngearán sin go hiomchuí (Airteagal 11(7)(a) de Rialachán (AE) 2019/1020).

7.3.4.    Smachtbhannaí

Le Rialachán (AE) 2019/1020 ceanglaítear ar na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair nach gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha na hoibleagáidí is infheidhme. Déantar foráil leis an Rialachán nach mór é a bheith de chumhacht ag údaráis faireachais margaidh pionóis a fhorchur (Airteagal 14(4)(i) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ní mór do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis den sórt sin a leagan síos (Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2019/1020), i gcomhréir leis na ceanglais a áirítear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú (290) agus/nó i Rialachán (AE) 2019/1020. Ní mór na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh iad a chur i bhfeidhm go díreach nó trí nósanna imeachta a bhaineann leis na cúirteanna, ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2019/1020, ceadaítear do na Ballstáit an chumhacht a thabhairt dá n-údaráis faireachais margaidh costais na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a éileamh ar ais ón oibreoir eacnamaíoch ábhartha, más mian leo, ar gníomhaíochtaí iad a rinneadh i ndáil le táirge a cinneadh a bheith neamhchomhlíontach (Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1020). Toisc go dtagraítear sa Rialachán d’iomláine na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh i leith cásanna neamhchomhlíonta, is fairsing iad cineál na gcostas is féidir a éileamh ar ais agus níl sé teoranta do na samplaí dá bhforáiltear in Airteagal 15(2). An tráth céanna, mar is amhlaidh i gcás na gcumhachtaí uile, ba cheart d’údaráis faireachais margaidh an chumhacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta e.g. i dtaca le neamhchomhlíonadh foirmiúil amhail marcáil CE nár greamaíodh go doscriosta, ní bheidh mórán costais i gceist lena thabhairt faoi deara agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith.

7.4.   Seiceálacha ag na hÚdarás Faireachais Margaidh

Tarlaíonn faireachas margaidh ag céim na margaíochta le haghaidh na dtáirgí.

Le faireachas margaidh, tugtar tosaíocht d’acmhainní agus do ghníomhaíochtaí trí chur chuige riosca-bhunaithe.

Féadfar gníomhaíochtaí faireachais margaidh a eagrú ar bhealaí difriúla ag brath ar a bhfuil i gceist leis an táirge agus ar na ceanglais dlíthiúla, agus féadfaidh idir rialú ar cheanglais fhoirmiúla agus scrúduithe doimhne i saotharlanna a bheith i gceist leo.

Déantar gníomhaíochtaí ceartaitheacha, toirmisc ar dhíolacháin, tarraingtí siar, nó aisghairmeacha i leith táirgí neamhchomhlíontacha.

Tá ról agus oibleagáidí ag gach oibreoir eacnamaíoch san fhaireachas margaidh.

Déanfaidh údaráis faireachais margaidh seiceáil ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil is infheidhme maidir leis an táirge tráth a chuirtear ar an margadh é nó, más ábhartha, a chuirtear i mbun seirbhíse é. Féadfaidh seiceálacha a dhéantar laistigh den chreat faireachais margaidh a dhéanamh ag céimeanna difriúla de dháileadh táirge tar éis dó a bheith curtha ar an margadh, nó curtha in úsáid. Is féidir, dá bhrí sin, é a dhéanamh i suíomhanna éagsúla.

7.4.1.    Gníomhaíochtaí faireachais margaidh

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar scála leordhóthanach de tháirgí a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne (Airteagal 11(1)(a) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2019/1020). Chun go mbeidh faireachas margaidh éifeachtúil, ní mór cur chuige riosca-bhunaithe a leanúint (Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ba cheart acmhainní a chomhchruinniú i gcás inar dócha gurb airde na rioscaí nó gur minice an neamhchomhlíonadh. Leis an gcur chuige riosca-bhunaithe, ba cheart gnéithe táirgí a chur san áireamh (leibhéal na nguaiseacha féideartha, leibhéal an neamhchomhlíonta agus rioscaí gaolmhara; tarlú ar an margadh), oibreoirí eacnamaíocha (gníomhaíochtaí agus oibríochtaí, taifead ar neamhchomhlíonadh roimhe seo) agus faisnéis faoin dá cheann sin a fhaightear ó ghníomhaithe eile (amhail údaráis rialaithe teorann, gearáin ó thomhaltóirí, na meáin chumarsáide) mar aon le foinsí eile a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh a thabhairt le fios amhail teagmhais agus timpistí.

Ní gá go seiceálann údaráis faireachais margaidh na ceanglais féideartha uile ar tháirge, ná tréithe uile de tháirge. De ghnáth, ní roghnaítear ach roinnt de na ceanglais agus de na tréithe sin chun cigireacht a dhéanamh orthu.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i seiceálacha a dhéanfaidh údaráis faireachais margaidh inter alia:

cigireachtaí ar líne a dhéanamh;

cuairt a thabhairt ar áitreabh tráchtála, tionscail agus stórais;

cuairt a thabhairt, más iomchuí, ar ionaid oibre agus ar áitreabh eile mar a gcuirtear táirgí i mbun seirbhíse (291); faisnéis is gá a iarraidh; agus

samplaí de tháirgí a thógáil, agus scrúdú agus tástáil a dhéanamh orthu.

Leis an gcéad leibhéal den rialú, cuimsítear seiceálacha doiciméadacha agus amhairc, maidir leis na nithe seo a leanas mar shampla – an mharcáil CE agus greamú na marcála, infhaighteacht dhearbhú comhréireachta AE, an fhaisnéis atá ag gabháil leis an táirge agus na nósanna imeachta measúnúcháin comhréireachta a roghnú i gceart. I gcás seiceálacha ar líne, is é an chéad leibhéal den rialú seiceáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin mar a ndéantar an táirge a thairiscint lena dhíol, agus b’fhéidir dá éis sin, doiciméadacht comhlíonta a iarraidh nó an táirge a fháil chun tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh air.

Féadfaidh gá a bheith le seiceálacha níos doimhne, áfach, chun comhréireacht an táirge a fhíorú, mar shampla maidir le cur i bhfeidhm ceart an nóis imeachta um measúnú comhréireachta, comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach is infheidhme, agus ábhar dhearbhú comhréireachta AE. Go háirithe i gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ann lena chreidiúint go mbaineann riosca le táirge, déanann údaráis faireachais margaidh meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann lena gcumhdaítear ceanglais reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú (292).

I gcás ina dtabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha tástálacha nó deimhnithe measúnúcháin comhréireachta ar aird a d'eisigh comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, ní mór aird chuí a bheith ag údaráis faireachais margaidh ar na tuarascálacha nó ar na deimhnithe sin. (Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2019/1020). I dtaca le tionscnaimh shaorálacha, amhail deimhniú táirge nó córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm, ní féidir iad a chur ar chomhchéim le gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanann údarás. Fós féin, is féidir leo rannchuidiú le deireadh a chur le rioscaí agus le neamhchomhlíontachtaí. Mar sin féin, ní mór d’údaráis faireachais margaidh a bheith neamhchlaonta maidir le gach marc, lipéad agus socrú saorálach: ní fhéadfar iad sin a chur san áireamh, ach amháin ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, le haghaidh an mheasúnúcháin riosca agus comhlíonta. Dá réir sin, níor cheart táirgí a eisiamh ó oibríochtaí faireachais margaidh fiú más rud é go ndearnadh deimhniú saorálach nó tionscnaimh shaorálacha eile ina leith.

7.4.1.1.   Doiciméadacht comhlíontachta a iarraidh

Déantar foráil le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le dhá uirlis dhifriúla lena gcuirtear ar a gcumas d’údaráis faireachais margaidh faisnéis a fháil faoin táirge: dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil. I dtaca leis na nithe sin a chur ar fáil, ní mór don mhonaróir, don ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas nó faoi imthosca áirithe ag an allmhaireoir nó don soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe laistigh den Aontas déanamh amhlaidh; (293).

Ní bhíonn sé d’oibleagáid i bprionsabal ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha eile, amhail dáileoirí, na nithe sin a chur ar fáil. (294). Mar sin féin, bíonn coinne leis go dtabharfaidh siad cúnamh don údarás faireachais margaidh leis na nithe sin a fháil. Thairis sin, féadfaidh an t-údarás faireachais margaidh iarraidh ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis a sholáthar faoi mheasúnú comhréireachta a dhéanamh le haghaidh an táirge atá i gceist.

Ní mór Dearbhú Comhréireachta AE a chur ar fáil don údarás faireachais margaidh gan mhoill arna iarraidh sin (295). Beidh an dearbhú ag gabháil leis an táirge i gcás ina gceanglófar amhlaidh le reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú.

Ní mór an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil don údarás faireachais margaidh laistigh de thréimhse réasúnach, mar fhreagairt ar iarraidh réasúnaithe (Airteagal R2(9) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008). Ní féidir leis an údarás an doiciméadacht a iarraidh go córasach. I gcoitinne, is féidir an doiciméadacht a iarraidh le linn seiceálacha a dhéantar chun críoch faireachais margaidh, nó i gcás inarb ann d’fhorais imní nach mbeidh an leibhéal cosanta a cheanglaítear i gceist le táirge maidir lena ghnéithe uile.

Is féidir faisnéis níos mionsonraithe (mar shampla deimhnithe agus cinntí ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra), mar sin féin, a iarraidh i gcásanna amhrais faoi chomhréireacht an táirge leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú (Airteagal R2(9) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008). Níor cheart an doiciméadacht theicniúil iomlán a iarraidh ach amháin i gcás inar gá, agus níor cheart í a iarraidh, mar shampla, i gcás nach bhfuil ach mionsonra le seiceáil.

Ní mór meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus, dá bhrí sin, an gá á chur san áireamh le sláinte agus sábháilteacht daoine a áirithiú nó leasanna eile an phobail dá bhforáiltear sa reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, mar aon leis na hoibreoirí eacnamaíocha a chosaint ó ualach neamhriachtanach. Thairis sin, i dtaca le mainneachtain an doiciméadacht a thabhairt ar aird mar fhreagairt ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta faireachais margaidh, laistigh de thréimhse réasúnach, is neamhchomhlíonadh í mainneachtain den sórt sin agus féadfaidh an mhainneachtain sin a bheith ina foras leordhóthanach le haghaidh amhrais faoi chomhréireacht an táirge le ceanglais fíor-riachtanacha na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú.

I gcás iarraidh réasúnaithe, is leordhóthanach go soláthróidh an monaróir an chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an neamhchomhréireacht atá éilithe agus is iomchuí le taispeáint cibé acu ar dhéileáil, nó nár dhéileáil, an monaróir leis an bhfadhb. Dá bhrí sin, ba cheart aon iarraidh ar aistriúchán ar dhoiciméadacht theicniúil a bheith teoranta do na codanna sin den doiciméadacht. Más rud é go measann údarás faireachais margaidh go bhfuil gá le haistriúchán, ní mór dó a léiriú go soiléir an chuid den doiciméadacht atá le haistriú agus am réasúnach a cheadú go dtarlóidh sé sin. Ní fhéadfar aon choinníoll bhreise a fhorchur maidir leis an aistriúchán, amhail ceanglas go mbeidh aistritheoir creidiúnaithe nó aitheanta ag na húdaráis phoiblí.

D’fhéadfadh údaráis náisiúnta glacadh le teanga a thuigeann siad ach atá difriúil ón teanga náisiúnta (teangacha náisiúnta). D’fhéadfadh an teanga a roghnófar a bheith ina tríú teanga, má ghlacann an t-údarás leis sin.

Ní mór é a bheith indéanta an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil san Aontas. Mar sin féin, ní gá an doiciméadacht a choimeád laistigh den Aontas, mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú. Ní chiallaíonn an ceanglas go gcuirfear an doiciméadacht ar fáil go mbeidh ar an oibreoir eacnamaíoch, ar a bhfuil an oibleagáid sin, í a stóráil é féin (296), fad a bhíonn sé in ann í a thabhairt ar aird arna iarraidh sin ag an údarás náisiúnta. Thairis sin, is féidir an doiciméadacht theicniúil a choimeád agus a sheoladh chuig údaráis faireachais margaidh i bhfoirm pháipéir nó leictreonach, rud a fhágann go mbeifear in ann í a chur ar fáil laistigh de thréimhse a bheidh i gcomhréir leis an riosca nó leis an neamhchomhlíonadh atá i gceist. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú i dtaca le gach duine a fhaigheann faisnéis faoi ábhar na doiciméadachta teicniúla le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh, go bhfuil siad faoi cheangal rúndachta de réir prionsabail a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta.

7.4.2.    Bearta faireachais margaidh

I gcás, agus meastóireacht déanta, ina gcinnfidh údarás faireachais margaidh go bhfuil táirge neamhchomhlíontach nó go bhfuil táirge comhlíontach ach go mbaineann riosca leis do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile a bhaineann le cosaint leas an phobail, (297), ní mór dó déanamh de réir seichimh de nósanna imeachta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar gníomhaíocht iomchuí agus chomhréireach ar fud an Aontais. Leagtar na nósanna imeachta sin síos in Airteagail 16, 18, 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus, leagtar cuid mhór de shonraí breise síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta coimirce a leagtar síos in Airteagail R31 agus R32 in Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE (298).

7.4.2.1.   Próiseas

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh dul i dteagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha ar dtús, á chur ar an eolas faoi na torthaí agus deis á tabhairt dó a thuairim a sholáthar laistigh de thréimhse nach giorra ná 10 lá oibre (299). Fágtar an chéim sin amach i gcás práinne atá bunaithe ar shláinte, sábháilteacht nó gnéithe eile d’fhorais ar mhaithe le leas an phobail. Sa chás sin, ní mór deis den sórt sin a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch a luaithe is féidir dá éis sin.

Is é an chéad chéim eile (300) a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh nó chun deireadh a chur leis an riosca. Ní mór do na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra (más ann dó) a chur ar an eolas freisin i gcás ina sonrófar amhlaidh le nós imeachta coimirce is infheidhme i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. (301).

Má tá monaróir, ionadaí údaraithe nó allmhaireoir san Aontas, ba cheart don údarás faireachais margaidh díriú orthu go díreach, ach amháin i gcás ina mbainfidh an fhadhb go sonrach le dáileoir nó le hoibreoir eacnamaíoch eile (302). Más rud é nach bhfuil aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha sin san Aontas, mar sin, le haghaidh catagóirí áirithe táirgí, tá sé de rogha ag an údarás faireachais margaidh dul i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse comhlíonta san Aontas, más ann dó. Murab ann, ba cheart don údarás faireachais margaidh féachaint le dul i dteagmháil leis an monaróir sa tríú tír.

Tá raon gníomhaíochtaí ann atá indéanta, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020. Leis na gníomhaíochtaí sin cuimsítear idir neamhchomhlíonadh foirmiúil a chur ina cheart agus na táirgí a tharraingt siar nó a aisghairm. Ní mór an ghníomhaíocht a bheith i gcomhréir leis an méid riosca nó neamhchomhlíonta, agus ní fhéadfaidh an tionchar ar shaorchúrsaíocht táirgí dul thar an méid is gá chun cuspóirí an fhaireachais mhargaidh a bhaint amach (féach roinn 7.4.2.2.). Féadfaidh feidhm a bheith ag cur chuige difriúil i gcás riosca tromchúiseach. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh measúnú riosca a dhéanamh chun a fhíorú an amhlaidh go mbaineann riosca tromchúiseach le táirgí. De réir Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, le measúnú riosca iomchuí cuirfear san áireamh ‘cineál na guaise agus a dhóchúla go dtarlóidh an ghuais sin’. I gcás ina measfar gur riosca ‘tromchúiseach’ é an riosca, ní mór d’údaráis faireachais margaidh idirghabháil mhear a ghlacadh lena ndéanfar de réir fhorálacha sonracha Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2019/1020. Leis na cineálacha gníomhaíochtaí sa chás sin, cuimsítear na táirgí a tharraingt siar nó a aisghairm, ach amháin i gcás ina mbeidh bealach éifeachtach eile ann chun deireadh a chur leis an riosca tromchúiseach. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh, sna cásanna práinneacha sin, bearta sriantacha a ghlacadh gan fanacht leis an oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Sa chás sin, ní mór deis a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch a thuairim a thabhairt a luaithe is féidir tar éis do chinneadh, ordú nó beart a bheith déanta, rud ar a ndéanfaidh an t-údarás faireachais margaidh athbhreithniú go pras ansin (Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2019/1020).

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach ar fud an Aontais. Más rud é nach mbaineann an neamhchomhlíonadh nó an riosca ach amháin le cuid de shraith táirgí monaraithe is féidir a shainaithint go hiontaofa, ní mór díriú ach ar an gcuid sin amháin. Más rud é go bhfuil amhras ann faoi cibé acu an riosca a bheith teoranta do chuid áirithe nó faoin gcuid sin a shainaithint go hiontaofa, ba cheart an ghníomhaíocht cheartaitheach a bheith ag baint le hiomlán na dtáirgí/sraithe. I gcás earráid leithlisithe, atá teoranta do chríoch an Bhallstáit a tháinig ar an neamhchomhlíonadh, ní gá aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar fud an Aontais.

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh a fhíorú go ndearnadh gníomhaíocht cheartaitheach. Más rud é nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach oiriúnach laistigh den tréimhse atá tugtha le fios ag údarás faireachais margaidh, ní mór do na húdaráis faireachais margaidh bearta iomchuí a dhéanamh chun an táirge a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta acu, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin nó chun é a aisghairm. Ní mór na bearta sin a chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill.

I dtaca le torthaí na meastóireachta comhréireachta agus i dtaca leis an ngníomhaíocht a ceanglaíodh ar an oibreoir eacnamaíoch nó na bearta a glacadh, ní mór do na húdaráis faireachais margaidh na torthaí sin a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. I gcás riosca tromchúiseach, tugann údaráis faireachais margaidh fógra don Choimisiún trí chóras RAPEX faoi aon bheart saorálach nó éigeantach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus/nó in Airteagal 12 de Threoir 2001/95 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí. I gcás táirgí nach mbaineann riosca tromchúiseach leo, cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas trí bhíthin an chórais tacaíochta faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus, i gcás inarb iomchuí, in Airteagal 11 de Threoir 2001/95 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí.

De ghnáth, beidh ar údaráis faireachais margaidh sna Ballstáit eile bearta leantacha a dhéanamh i leith an fhógra trí fhíorú cibé acu a cuireadh an táirge céanna ar fáil ar a gcríocha nó nár cuireadh, agus trí bhearta iomchuí a ghlacadh. Soláthraítear faisnéis bhreise faoi sin i roinn 7.5.1 agus 7.5.2, agus i dtreoirlínte RAPEX freisin.

Maidir le haon bheart, cinneadh nó ordú a ghlacfaidh nó a dhéanfaidh údaráis faireachais margaidh, ní mór na forais bheachta ar a bhfuil sé bunaithe a lua leis. Ní mór fógra a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Ní mór é a chur ar an eolas freisin faoi na leigheasanna atá ar fáil dó faoi na dlíthe náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus faoi na teorainneacha ama le haghaidh na leigheasanna sin.

7.4.2.2.   Cineálacha difriúla neamhchomhlíonta agus gníomhaíochtaí

Áirítear le ceanglais i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú na ceanglais fíor-riachtanacha, mar aon le roinnt ceanglas riaracháin agus foirmiúil. Nuair a thagann údaráis náisiúnta inniúla ar tháirge nach gcomhlíonann forálacha na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, ní mór dóibh gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar an táirge chun comhréireachta nó go mbainfear den mhargadh nó go n-aisghairfear é.

Braitheann an ghníomhaíocht cheartaitheach ar an riosca nó ar an neamhchomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní mór é a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I dtaca le neamhchomhréireacht i dtaca le ceanglais fíor-riachtanacha, ní mór é sin a mheas mar neamhchomhlíonadh substaintiúil, toisc go bhféadfaidh go n-eascróidh riosca féideartha nó iarbhír do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile a bhaineann le leas an phobail as an táirge.

Más rud é nach bhfuil marcáil CE ar tháirge a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, léiriú is ea é sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais fíor-riachtanacha nó nár cuireadh an nós imeachta measúnúcháin comhréireachta i bhfeidhm agus, dá thoradh sin, go bhféadfar sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol leis an táirge nó díobháil a dhéanamh do leasanna eile an phobail atá faoi chosaint na reachtaíochta sin. Más rud é, agus sa chás seo amháin, tar éis imscrúdú breise, go gcruthaítear go gcomhlíonann an táirge na ceanglais fíor-riachtanacha, ní mór easpa marcála CE a mheas mar neamhchomhlíonadh foirmiúil (i.e. nach mbaineann riosca leis an táirge).

Ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna ann lena chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge, tá cásanna ann ina sainítear neamhchomhlíonadh roinnt ceanglas riaracháin nó foirmiúil mar neamhchomhlíonadh foirmiúil le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú. I dtaca le greamú mícheart marcála CE maidir le, mar shampla, an dearadh, méid, infheictheacht, doscriostacht nó inléiteacht, is féidir an greamú mícheart sin a mheas mar neamhchomhlíonadh foirmiúil. Le samplaí breise áirítear cásanna ina ngreamaítear comharthaí comhréireachta dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú go mícheart, nó i gcás nach féidir dearbhú comhréireachta AE a sholáthar láithreach nó nach mbeidh sé ag gabháil leis an táirge nuair is sainordaitheach sin, nó i gcás nach gcomhlíonfar go leormhaith an ceanglas maidir leis an gcomhartha nó an dearbhú sin a bheith ag gabháil le faisnéis eile dá bhforáiltear i reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú, nó, i gcás inarb infheidhme, nach mbeidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra greamaithe den mharcáil CE.

I dtaca le PROSAFE (303) “Guidelines for Businesses to manage Product Recalls & Other Corrective Actions’ [Treoirlínte do Ghnóthaí chun Aisghairmeacha Táirgí a bhainistiú & Gníomhaíochtaí Ceartaitheacha Eile”, tá siad ceaptha chun cúnamh a thabhairt do ghnóthaí chun a áirithiú, cibé uair is gá, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus bearta leantacha iomchuí nuair a bheidh táirge curtha ar mhargadh an Aontais cheana nó nuair a thagann an táirge ó thríú tíortha.

I dtaca le gníomhaíochtaí chun cur ar an margadh a thoirmeasc nó a shrianadh, féadfaidh na gníomhaíochtaí sin a bheith ina ngníomhaíochtaí sealadacha ar dtús chun ligean don údarás faireachais margaidh fianaise leordhóthanach a fháil faoi riosca an táirge nó faoi neamhchomhlíonadh substaintiúil eile an táirge.

7.5.   Rialú táirgí ó thríú tíortha

Bealach éifeachtach chun cosc a chur le teacht isteach táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha san Aontas is ea rialuithe a dhéanamh le linn an phróisis allmhairiúcháin.

I dtaca le húdaráis atá ainmnithe chun táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a rialú, agus údaráis faireachais margaidh, ní mór dóibh oibriú i ndlúthchomhar le chéile.

Tá nósanna imeachta i Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le bheith ag déileáil le táirgí a bhfuil amhras ag údarás teorann ina leith gur táirgí neamhchomhlíontacha iad.

Ní mheasfar scaoileadh i saorchúrsaíocht mar chruthúnas de bheith i gcomhréir le dlí an Aontais.

Gan beann ar a dtionscnamh, ní mór gach táirge dá gcuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Is é an cur chuige is éifeachtaí chun cosc a chur ar tháirgí neamhchomhlíontacha nó ar tháirgí lena mbaineann riosca teacht isteach san Aontas rialuithe a dhéanamh le linn an phróisis allmhairiúcháin, sula scaoilfear na táirgí i saorchúrsaíocht agus gur féidir leo a bheith i gcúrsaíocht laistigh den Aontas Eorpach dá éis sin. Dá bhrí sin, i dtaca leis na húdaráis atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais (den chuid is mó, cé nach amhlaidh i gcónaí, údaráis chustaim agus dá ngairtear “údaráis teorann” feasta dá bhrí sin), tá ról ríthábhachtach acu maidir leis na chéad rialuithe a dhéanamh ar chomhlíonadh agus easpa rioscaí táirgí de thionscnamh tríú tíortha (dá ngairtear “rialuithe teorann” anseo feasta).

Ní dhírítear sa roinn seo ach amháin ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach san Aontas agus atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, mar a mhínítear i Roinn 1.2.1.

7.5.1.    Ról na n-údarás teorann

Féadfaidh sé go mbeidh údaráis teorann ina n-údaráis chustaim ag Ballstát, ina n-údaráis faireachais margaidh nó ina n-eintitis eile ag brath ar an struchtúr náisiúnta eagrúcháin (Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020). I bhformhór na dtíortha, is údaráis chustaim a dhéanann rialuithe teorann. Mar sin féin, ní bhíonn an saineolas teicniúil ag oifigigh chustaim de ghnáth chun cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais: chuige sin, ní mór dóibh cásanna amhrasacha a shainaithnítear le linn a rialuithe a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla faireachais margaidh. Bíonn dlúthchomhar riachtanach idir údaráis chustaim agus údaráis faireachais margaidh le haghaidh rialuithe teorann dá bhrí sin chun go mbeidh siad éifeachtach. Nuair is údarás faireachais margaidh é an t-údarás teorann, is féidir leis a chúraimí a dhéanamh go neamhspleách ina réimsí inniúlachta agus ní bhíonn air idirghníomhú le húdarás eile chun conclúidí a bhaint astu.

7.5.2.    Prionsabail na rialuithe teorann

Déanann údaráis teorann rialuithe ar tháirgí allmhairithe gan beann ar a gcóracha iompair (muir, aer, bóthar, iarnród, uiscí intíre) ná a gcóracha lastais (coimeádáin, pacáistí beaga agus aon fhoirm eile). Déanann siad na rialuithe sin ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le Cód Custaim an Aontais (304). I gcás inarb ábhartha, ba cheart dóibh an cur chuige riosca-bhunaithe a bhreithniú freisin, arb é sin an cur chuige a chuireann údaráis faireachais margaidh de cheangal orthu le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 (Airteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ba cheart d’údaráis teorann agus d’údaráis faireachais margaidh faisnéis riosca a mhalartú go tráthrialta chun éifeachtacht a n-anailíse riosca agus an chur chuige riosca-bhunaithe a mhéadú. Go háirithe, ceanglaítear ar údaráis faireachais margaidh faisnéis a sholáthar d’údaráis teorann maidir leis na catagóirí táirgí agus oibreoirí eacnamaíocha is minice a chinntear a bheith neamhchomhlíontach (Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ba cheart an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Féadfaidh údaráis teorann seiceálacha doiciméadacha nó fisiciúla a dhéanamh, agus féadfaidh siad seiceálacha saotharlainne a dhéanamh freisin. Is amhlaidh i gcónaí go bhféadfaidh siad dul i dteagmháil leis an dearbhóir nó le hoibreoir eacnamaíoch ábhartha eile chun doiciméid nó faisnéis bhreise a iarraidh. I dtaca leis na coinníollacha le haghaidh rialuithe mionsonraithe, amhail seiceálacha saotharlainne, is féidir iad a chomhaontú idir údaráis chustaim agus údaráis faireachais margaidh, agus an modh oibre is éifeachtúla dar leo á chur san áireamh. Ba cheart d’údaráis chustaim agus faireachais margaidh oibriú i ndlúthchomhar le chéile in aon chás.

Ní mheasfar scaoileadh i saorchúrsaíocht mar chruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais (Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/1020), toisc nach gá go n-áireofar seiceáil iomlán maidir le comhlíonadh leis an scaoileadh sin. Dá bhrí sin, fiú i gcás ina scaoilfear táirgí i saorchúrsaíocht, féadfaidh údaráis faireachais margaidh iad a sheiceáil níos déanaí agus a chinneadh gur táirgí neamhchomhlíontacha iad.

7.5.3.    Nósanna imeachta is infheidhme

7.5.3.1.   Táirgí a chur ar fionraí, ar táirgí iad a bhfuil amhras ag údaráis teorann gur táirgí neamhchomhlíontacha iad nó go mbaineann riosca tromchúiseach leo agus fógra a thabhairt d’údaráis faireachais margaidh ina leith

I gcás ina mbeidh táirge arna allmhairiú ó thríú tír roghnaithe lena rialú agus ina mbeidh cúiseanna ag na húdaráis teorann lena chreidiúint gur táirge neamhchomhlíontach atá ann – mar shampla i ndáil leis na ceanglais fíor-riachtanacha nó leis an doiciméadacht, comhartha, lipéadú nó faisnéis eile atá ag gabháil leis agus atá riachtanach – nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis, ní mór dóibh an scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt faoi don údarás ábhartha faireachais margaidh (Airteagal 26(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ba cheart do na húdaráis teorann an fhaisnéis sin a chomhroinnt i bhfoirm chomhaontaithe, agus an fhaisnéis riachtanach á soláthar don údarás faireachais margaidh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an táirge. Le Rialachán (AE) 2019/1020 tá sé curtha de chúram ar an gCoimisiún réiteach TF a fhorbairt lena nascfar córais chustaim náisiúnta atá ann cheana le ICSMS, rud ar cheart dá thoradh an chumarsáid i leith na gcásanna sin agus láimhseáil na gcásanna a éascú ar deireadh.

Ní mór d’údaráis faireachais margaidh, ar a dtionscnamh féin, iarraidh ar údaráis teorann an scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí más rud é go bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint gur táirge neamhchomhlíontach é táirge atá ag teacht isteach chuig custaim nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis (Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2019/1020).

7.5.3.2.   Cinneadh ag údaráis faireachais margaidh

Bíonn 4 lá oibre ag údaráis faireachais margaidh chun freagairt don fhógra faoi fhionraí. Mura bhfreagraíonn siad laistigh den tréimhse ama sin, beidh ar údaráis teorann an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht, ar choinníoll go mbeidh ceanglais agus foirmiúlachtaí eile a bhaineann leis an scaoileadh sin comhlíonta (Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/1020). Ní chiallaíonn sé sin i dtaca leis an nós imeachta iomlán idir fionraí an táirge go dtí an cinneadh maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht, gur cheart an nós imeachta sin a chur i gcrích laistigh de 4 lá oibre. Ba cheart é a láimhseáil gan mhoill chun seachaint nach gcruthófar bacainní roimh thrádáil dhlisteanach, ach le fionraí scaoileadh an táirge, is féidir é sin a choinneáil ar bun ar feadh na tréimhse a bheidh riachtanach don údarás faireachais margaidh fíoruithe iomchuí a dhéanamh ar na táirgí agus chun ligean dóibh an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le comhlíonadh. Ba cheart d’údaráis faireachais margaidh a áirithiú nach gcuirfear srian ar shaorghluaiseacht táirgí seachas mar is gá nó mar a cheadaítear é faoi aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais. Chuige sin, ba cheart d’údaráis faireachais margaidh a ngníomhaíochtaí maidir le táirgí de thionscnamh tríú tíortha - lena n-áirítear an idirghníomhaíocht leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha - a dhéanamh leis na modheolaíochtaí agus leis an tsoiléire chéanna agus a bhíonn i gceist le haghaidh táirgí de thionscnamh an Aontais.

Más rud é nach bhfuil an t-údarás faireachais margaidh in ann cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le comhlíonadh laistigh de na 4 lá oibre, ba cheart dó fógra a thabhairt faoi do na húdaráis teorann laistigh den tréimhse ama sin go bhfuil a chinneadh críochnaitheach faoin táirge ar feitheamh agus iarraidh go gcoinneofar fionraí an táirge maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht ar bun. Sa chás sin, bíonn an scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí fós go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ag an údarás faireachais margaidh. Beidh na táirgí fós faoi mhaoirseacht chustaim fiú más rud é go gceadófar dá stóráil ag áit eile a bheidh formheasta ag custaim.

7.5.3.3.   Bearta leantacha ag údaráis teorann

Nuair a chuireann údaráis faireachais margaidh in iúl do na húdaráis teorann go measann siad gur féidir táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht, ní mór d’údaráis teorann dul ar aghaidh agus déanamh amhlaidh, ar choinníoll go mbeidh ceanglais agus foirmiúlachtaí eile a bhaineann leis an scaoileadh sin comhlíonta (Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/1020). Más rud é go meastar gur gá aon bheart ceartaitheach breise, ba cheart don údarás faireachais margaidh bearta leantacha a dhéanamh ina leith sin.

Nuair a chinneann údaráis faireachais margaidh nach bhfuil táirge comhlíontach nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis, bíonn orthu a cheangal ar na húdaráis teorann gan an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht (Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ní mór dóibh a thabhairt le fios cibé acu is amhlaidh sin toisc go mbaineann riosca tromchúiseach leis an táirge nó nach amhlaidh nó cibé acu atá sé neamhchomhlíontach i leith dhlí an Aontais ar bhealach eile nó nach bhfuil. Ní mór d’údaráis teorann an fhaisnéis sin a chur isteach sa chóras próiseála sonraí custaim agus, i gcás inarb iomchuí, ar dhoiciméadacht fhisiciúil a ghabhann leis an táirge amhail fardal, mar a leanas:

“Táirge contúirteach — gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht — Rialachán (AE) 2019/1020”; nó

“Táirge gan a bheith i gcomhréir — gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht — Rialachán (AE) 2019/1020”.

Ceanglaítear ar údaráis faireachais margaidh an cás a chur isteach in ICSMS, lena n-áirítear an fhaisnéis gur de thionscnamh na rialuithe teorann é an cás, agus an cineál neamhchomhlíonta (riosca tromchúiseach nó neamhchomhlíonadh eile). Más rud é gur cuireadh riosca tromchúiseach i dtábhacht leis an gcás, ní mór dóibh an fógra iomchuí a thabhairt isteach in RAPEX freisin (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020). Ba cheart d’údaráis faireachais margaidh bearta a dhéanamh thairis sin chun toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh chun cosc a chur le lastais eile den táirge a bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais.

Féadfaidh údaráis teorann cinneadh a dhéanamh na táirgí neamhchomhlíontacha a scriosadh ar chostas an dearbhóra i gcás ina mbainfidh riosca leo do shláinte agus do shábháilteacht úsáideoirí deiridh (Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ag brath ar an struchtúr eagrúcháin, féadfaidh siad déanamh amhlaidh arna iarraidh sin ag na húdaráis faireachais margaidh.

Féadfaidh údaráis teorann a cheadú freisin go gcuirfear an táirge i nós imeachta custaim seachas é a scaoileadh i saorchúrsaíocht, más rud é nach ndéanann údaráis faireachais margaidh agóid ina choinne sin. Sa chás sin, ní mór a áireamh sna doiciméid a úsáidtear i dtaca leis an nós imeachta sin an fógra thuasluaite “Táirge contúirteach... etc.” nó “Táirge gan a bheith i gcomhréir... etc.” (Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2019/1020). Féadfaidh na húdaráis teorann gníomhaíochtaí a cheadú lena áirithiú go ndéanfar an táirge a mhodhnú, faoi nósanna imeachta ábhartha custaim agus ar bhealach iomchuí, rud lena gcumasófar scaoileadh an táirge thairis sin i saorchúrsaíocht.

I roinnt cásanna, féadfaidh an áit mar a ndearbhaítear an táirge lena scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith difriúil ó phointe iontrála an táirge. Ní fhágtar amach leis sin na húdaráis inniúla a bheith ag déanamh rialuithe iomchuí ag an bpointe iontrála. Má dhéanann siad amhlaidh, ba cheart dóibh faisnéis oiriúnach ar a gcuid rialuithe agus cinntí a sholáthar do na húdaráis chustaim ag áit an dearbhaithe.

Níl feidhm ag comhlíonadh rialacha táirgí an Aontais maidir le táirgí nach táirgí de chuid an Aontais iad nach ndearbhaítear lena gcur i saorchúrsaíocht, amhail na táirgí sin atá faoi bhealach agus curtha i saorchriosanna agus i saor-thrádstórais. Is féidir le faisnéis teacht chun bheith ar fáil áfach gurb amhlaidh nach gcomhlíonann na táirgí sin rialacha ábhartha an Aontais nó go mbaineann riosca tromchúiseach leo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur in iúl do na húdaráis ábhartha chun seachaint nach bhféadfaí táirgí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais tráth níos déanaí.

7.6.   Comhar i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún Eorpach

Chun bheith éifeachtach, áfach, ní mór iarracht an fhaireachais margaidh a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Is tábhachtaí sin fós i bhfianaise gur pointe rochtana le haghaidh líon ollmhór táirgí ó thríú tíortha é gach pointe de theorainn sheachtrach an Aontais. Má bhíonn faireachas margaidh 'níos boige' i gcodanna áirithe den Aontas ná i gcodanna eile, cruthaítear spotaí laga atá ina mbagairt ar leas an phobail agus lena gcruthaítear dálaí trádála éagothroma. Dá dheasca sin, ní mór faireachas éifeachtach margaidh a bheith ar siúl ó cheann ceann theorainneacha seachtracha an Aontais.

Bíonn an comhar agus comhordú gníomhaíochtaí i measc na n-údarás náisiúnta fíor-riachtanach chun faireachas éifeachtach comhsheasmhach ar an Margadh Inmheánach a fháil. Le creat dlíthiúil an Aontais foráiltear maidir le roinnt uirlisí chun an sprioc sin a bhaint amach. Ní mór gníomhaíocht in aghaidh táirgí a chinntear a bheith neamhchomhlíontach a dhéanamh ar fud an Aontais i gcoitinne, agus nósanna imeachta mionsonraithe ann i gcás reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú lena n-áirítear clásal coimirce. Le cúnamh frithpháirteach atá bunaithe ar Rialachán (AE) 2019/1020 ceadaítear d’údaráis iarraidh faisnéise a fhorfheidhmiú vis-à-vis oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát eile, agus i gcásanna speisialta bearta forfheidhmiúcháin freisin. Uirlisí fíor-riachtanacha chun faisnéis a mhalartú agus roinnt na hoibre i measc údarás a bharrfheabhsú is ea Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, grúpaí comhair riaracháin (ADCOnna), bunachar sonraí ICSMS, RAPEX agus na gníomhaíochtaí comhordaithe maidir le sábháilteacht agus comhréireacht táirgí.

Tá an-tábhacht leis an gcomhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as rialuithe teorann freisin chun cosaint chothrom ar theorainn an Aontais a áirithiú. Ceanglaítear ar na húdaráis sin faisnéis riosca a chomhroinnt tríd an gcóras bainistíochta riosca custaim (CRMS) chun a áirithiú i dtaca le haon riosca nó neamhrialtacht dá sainaithnítear ag aon phointe amháin den teorainn, go gcuirtear in iúl ar an toirt é d’aon phointe eile den teorainn, rud lena n-áirithítear cosaint éifeachtach na dteorainneacha ar earraí neamhchomhlíontacha nó neamhshábháilte trí dhianchomhar i gcomhréir le hAirteagal 46(5) agus 47(2) de Chód Custaim an Aontais.

7.6.1.    Gníomhaíocht ar fud an Aontais maidir le neamhchomhlíonadh

Maidir le táirgí a mheastar a bheith neamhchomhlíontach in aon Bhallstát amháin, glactar leis i gcoitinne go bhfuil siad neamhchomhlíontach ar fud an Aontais.

Ní mór gníomhaíocht in aghaidh táirgí a chinntear a bheith neamhchomhlíontach a dhéanamh ar fud an Aontais i gcoitinne.

Tá sásraí ann i gcás easaontuithe idir údaráis faireachais margaidh maidir le comhlíonadh.

Nuair a shuíonn údarás faireachais margaidh go bhfuil táirge neamhchomhlíontach, meastar i gcoitinne go bhfuil sé neamhchomhlíontach ar fud an Aontais, ach amháin más rud é gur chinn údarás faireachais margaidh ábhartha i mBallstát eile a mhalairt ar bhonn a imscrúdaithe féin nó i gcás ina mbeidh a mhalairt sonraithe leis an nós imeachta coimirce (féach pointe 7.6.2) den reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú (Airteagal 11(9) de Rialachán (AE) 2019/1020). De ghnáth, ní bheidh ar údaráis faireachais margaidh sna Ballstáit eile gníomhaíocht a dhéanamh, toisc go mbeidh ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh ar fud an Aontais (Airteagal R31(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008). Eisceacht air sin is ea an cás ina ndéantar bearta i gcoinne táirgí contúirteacha, i gcás ina mbeidh oibleagáid ar gach údarás ábhartha faireachais margaidh ar fud an Aontais a áirithiú go gcuirfear deireadh leis an riosca tromchúiseach (Airteagal R31(8) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008). Cuirtear údaráis faireachais margaidh ar an eolas faoi na cásanna sin trí RAPEX (féach roinn 7.6.4). Eisceacht eile is ea an cás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse a bheidh tugtha le fios ag an údarás faireachais margaidh a chuir de cheangal air déanamh amhlaidh. Is féidir le húdaráis faireachais margaidh an fhaisnéis sin a fháil ó ICSMS, trí fhógraí maidir le clásal coimirce (féach roinn 7.6.2) agus, i gcás reachtaíocht nach bhfuil an clásal coimirce sin inti, trí fhaireachán a dhéanamh ar na himscrúduithe ar chásanna le haghaidh a n-earnála táirgí.

Is féidir le húdaráis faireachais margaidh brath ar fhaisnéis ó údaráis faireachais margaidh eile (Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2019/1020). Mar sin féin, bíonn údaráis faireachais margaidh i ngach cás i dteideal a n-imscrúdú féin a dhéanamh, agus aon fhaisnéis dá bhfaightear ó oibreoirí eacnamaíocha á cur san áireamh más ábhartha dar leo í. Más rud é go dtagann siad ar chonclúid dhifriúil, i.e. nach gcinneann siad go bhfuil an táirge neamhchomhlíontach, is féidir leo agóid a dhéanamh ina choinne sin san fhógra coimirce le haghaidh na reachtaíochta lena n-áirítear an nós imeachta sin. Le haghaidh na gcásanna sin, féach roinn 7.6.2 I gcás reachtaíocht eile nó i gcás nach infheidhme an clásal coimirce, ní bhíonn ar údaráis faireachais margaidh gníomhaíocht a dhéanamh más rud é nach gcinneann siad go bhfuil an táirge neamhchomhlíontach ar bhonn a n-imscrúdaithe féin.

7.6.2.    An clásal coimirce a chur i bhfeidhm

I gcuid mhór de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú tá nós imeachta mionsonraithe ag a bhfuil feidhm ar fud an Aontais nuair a ghlacann na Ballstáit le bearta sriantacha sainordaitheacha.

Leis an sásra ceadaítear do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóid a dhéanamh ina n-aghaidh. Ceadaítear don Choimisiún leis freisin seasamh a ghlacadh i dtaobh na mbeart náisiúnta lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht táirgí d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Le nós imeachta um chlásal coimirce, bunaithe ar Airteagal 114(10) CFAE agus a áirítear i gcuid mhór de reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta sealadacha a dhéanamh i ndáil le táirgí lena mbaineann riosca don tsláinte nó don tsábháilteacht, nó do ghnéithe eile de chosaint leasanna an phobail agus cuirtear d’oibleagáid orthu fógra a thabhairt faoi na bearta sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Tá nós imeachta um chlásal coimirce ceaptha chun bealach a sholáthar chun fógra a thabhairt do gach údarás náisiúnta faireachais margaidh agus don Choimisiún faoi bhearta a dhéantar maidir le táirgí lena mbaineann riosca don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do ghnéithe eile a bhaineann le cosaint leasanna an phobail, lena n-áirítear na forais leis an gcinneadh, agus, dá réir sin, chun go leathnófar na srianta riachtanacha chuig gach Ballstát a chuimsiú, chun go n-áiritheofar leibhéal cosanta coibhéiseach ar fud an Aontais. Thairis sin, ceadaítear do na Ballstáit eile agus don Choimisiún leis seasamh a ghlacadh maidir leis na bearta náisiúnta lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht táirgí d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an nós imeachta coimirce difriúil le nós imeachta RAPEX i ngeall ar na critéir dhifriúla a bhaineann leo maidir le fógra agus na modhanna difriúla lena gcur i bhfeidhm. Tá feidhm ag na nósanna imeachta um chlásal coimirce faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú go neamhspleách ar RAPEX. Dá réir sin, ní gá go gcaithfidh RAPEX teacht i bhfeidhm sula gcuirfear an nós imeachta um chlásal coimirce i bhfeidhm. Mar sin féin, ní mór an nós imeachta um chlásal coimirce a chur i bhfeidhm, i dteannta RAPEX, nuair a dhéanann Ballstát cinneadh toirmeasc nó srian a chur ar shaorghluaiseacht táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ar bhonn contúirt nó riosca tromchúiseach eile a bhaineann leis an táirge.

7.6.2.1.   Bearta sriantacha éigeantacha atá déanta

Le cur i bhfeidhm an chlásail coimirce, ceanglaítear ar an údarás náisiúnta faireachais margaidh beart éigeantach amháin nó níos mó a dhéanamh chun srian nó toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh agus, b’fhéidir, ar an táirge a chur i mbun seirbhíse, nó an táirge a tharraingt siar as an margadh i gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach oiriúnach é féin. Ba cheart ábhar an chinnidh a bheith ag baint le gach táirge a bhaineann leis an gcineál/samhail, baisc nó sraith chéanna. Ní mór éifeacht dhlíthiúil cheangailteach a bheith ag ábhar an chinnidh freisin: tagann smachtbhannaí dá éis, mura n-urramaítear an cinneadh, agus is féidir é a bheith faoi réir nós imeachta achomhairc. I dtaca le cinntí cúirte, lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht táirge ar a bhfuil marcáil CE laistigh de raon feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú, ní agraítear an clásal coimirce leis na cinntí sin. Mar sin féin, i gcás nach mór nósanna imeachta riaracháin ar chuir an t-údarás faireachais leo, de réir an dlí náisiúnta, a bheith deimhnithe ag cúirt, ní eisiatar cinntí cúirte den sórt sin ón nós imeachta um chlásal coimirce.

I dtaca leis na torthaí atá ina n-údar cuí leis an mbeart náisiúnta, is é an t-údarás faireachais margaidh ar a thionscnamh féin a shuíonn na torthaí sin nó bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó thríú páirtí (amhail tomhaltóirí, iomaitheoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí, cigireachtaí saothair). Thairis sin, ní mór an beart náisiúnta a bheith bunaithe ar fhianaise (mar shampla tástálacha nó scrúduithe) a bheidh ina cruthúnas leormhaith ar earráidí i ndearadh nó i monarú an táirge chun contúirt intuartha, fhéideartha nó iarbhír nó neamhchomhlíonadh substaintiúil eile a léiriú, fiú i gcás ina mbeidh tógáil, suiteáil, cothabháil agus úsáid na dtáirgí ceart agus i gcomhréir lena gcríoch bheartaithe nó ar bhealach is intuartha go réasúnach. Tá doiléire idir cothabháil agus úsáid cheart agus mhícheart, agus is féidir a mheas, go pointe áirithe, gur cheart táirgí a bheith sábháilte, fiú más rud é go ndéantar iad a chothabháil agus a úsáid le haghaidh a gcríche beartaithe ar bhealach mícheart ar féidir coinne a bheith leis go réasúnach. Agus meastóireacht á déanamh air sin, rud atá le cur san áireamh is ea na sonraí arna soláthar ag an monaróir ar an lipéadú, sna treoracha, i lámhleabhar an úsáideora nó in ábhair chur chun cinn.

I dtaca leis an gcúis le bearta sriantacha a dhéanamh, féadfaidh an chúis sin eascairt, mar shampla, as difríochtaí nó mainneachtainí i gcur i bhfeidhm na gceanglas fíor-riachtanach, as cur i bhfeidhm mícheart na gcaighdeán comhchuibhithe nó as easnaimh sna caighdeáin sin. Is féidir leis an údarás faireachais margaidh údair spreagtha eile a chur leis nó a shonrú (mar shampla, mainneachtain dea-chleachtas innealtóireachta a chomhlíonadh) agus an clásal coimirce á agairt, ar choinníoll go mbeidh na húdair sin nasctha go díreach leis na trí chúis sin.

I gcás ina dtabharfaí le tuiscint le neamhchomhlíonadh caighdeán comhchuibhithe go suitear toimhde maidir le comhréireacht, ní mór iarraidh ar an monaróir, nó ar an ionadaí údaraithe, fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh ceanglas fíor-riachtanach. I dtaca le cinneadh an údaráis faireachais margaidh bearta a dhéanamh, ní mór i gcónaí go mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar neamhchomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach a bheith suite.

I dtaca leis na bearta a dhéanfaidh údaráis, ní mór dóibh a bheith comhréireach lena thromchúise atá riosca agus neamhchomhlíonadh an táirge agus ní mór fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún.

7.6.2.2.   Fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile

A luaithe a chuireann údarás faireachais margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar bhealach lena gcuirtear an clásal coimirce i bhfeidhm, ní mór don Bhallstát fógra a thabhairt (305) gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an bunús leis an gcinneadh á léiriú.

Ní mór na sonraí uile atá ar fáil a áireamh san fhaisnéis, go háirithe:

ainm agus seoladh an mhonaróra, an ionadaí údaraithe, agus ina theannta sin – más gá – ainm agus seoladh an allmhaireora nó an duine eile atá freagrach as an táirge a chur ar fáil ar an margadh;

na sonraí is gá chun an táirge lena mbaineann agus tionscnamh an táirge a shainaithint;

cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis;

cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh;

tagairt do reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus go háirithe do na ceanglais fíor-riachtanacha, ar suíodh an neamhchomhlíonadh dá réir;

Léiriú ar cibé an é aon cheann den dá ní seo is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

a)

mainneachtain an táirge na ceanglais maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine nó gnéithe eile de chosaint leas an phobail a chomhlíonadh; nó

b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe lena mbronntar toimhde i dtaobh comhréireachta.

na hargóintí a ríomh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha; agus

cóip den chinneadh arna dhéanamh ag údarás an Bhallstáit.

Más féidir, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh san fhógra:

faisnéis ar shlabhra soláthair an táirge;

measúnú cuimsitheach agus fianaise chuimsitheach chun údar cuí a thabhairt leis an mbeart (mar shampla caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla eile á n-úsáid ag an údarás, na tuarascálacha tástála agus aitheantas na saotharlainne tástála);

cóip den dearbhú comhréireachta; agus

ainm agus uimhir aon chomhlachta faoina dtugtar fógra a rinne idirghabháil sa nós imeachta measúnúcháin comhréireachta, más infheidhme.

7.6.2.3.   Bainistiú na nósanna imeachta coimirce ag an gCoimisiún

I gcás ina ndéanfar agóidí in aghaidh beart atá déanta ag Ballstát (306), nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinneann an Coimisiún cibé atá údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díríonn an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuireann sé in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha é.

I gcás ina measfar údar cuí a bheith leis an mbeart náisiúnta, ní mór do na Ballstáit uile an beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus ní mór dóibh an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta, ní mór don Bhallstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

Ní mór do na Ballstáit seachas an Ballstát a thionscain an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon bheart a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, maidir lena gcuid agóidí freisin. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh gan mhoill, i leith an táirge lena mbaineann.

Más rud é, laistigh den tréimhse ón bhfaisnéis a shonraítear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát, ba cheart a mheas go bhfuil údar cuí leis an mbeart sin.

Cibé acu a mheasfar údar cuí a bheith leis an mbeart arna dhéanamh ag an mBallstát nó nach measfar, i gceachtar cás, coimeádann an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi thorthaí an nóis imeachta.

Nuair a bheidh an cinneadh déanta ag an gCoimisiún, is féidir agóid dhlíthiúil a dhéanamh ina aghaidh ar bhonn Airteagal 263 CFAE. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an cinneadh go díreach agóid a dhéanamh ina aghaidh ar bhonn Airteagal 263 CFAE freisin.

Más rud é nach dtarraingeoidh an Ballstát tionscantach an beart siar i gcás gan údar cuí a bheith tugtha leis, sa chás sin, breithneoidh an Coimisiún an nós imeachta um shárú dá bhforáiltear le hAirteagal 258 CFAE a thionscnamh.

7.6.2.4.   Táirgí comhlíontacha a mbaineann riosca leo

I dteannta na nósanna imeachta um chlásal coimirce lena gceadaítear bearta faireachais margaidh a chur i bhfeidhm in aghaidh táirgí neamhchomhlíontacha go comhsheasmhach ar fud an Aontais, déantar foráil le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i gcoitinne maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfar gníomhaíocht i gcoinne táirgí a chomhlíonann na ceanglais fíor-riachtanacha ach lena mbaineann riosca fós, agus ceanglaítear leis an reachtaíocht sin go ndéanfar gníomhaíocht amhlaidh ina aghaidh freisin.

Go háirithe, i gcás ina gcinnfidh na húdaráis faireachais margaidh maidir le táirge, cé go gcomhlíonann sé reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú, go mbaineann riosca leis do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile a bhaineann le cosaint leas an phobail, ní mór dóibh bearta a dhéanamh chun a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú nach mbainfidh an riosca sin leis an táirge a thuilleadh, go n-aisghairfear é nó go dtarraingeofar siar é, ag brath ar an riosca. A luaithe a chuireann údarás faireachais margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar bhealach den sórt sin, ní mór don Bhallstát fógra a thabhairt (307) gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an t-údar cuí leis an gcinneadh á léiriú.

Ní mór na sonraí uile atá ar fáil a áireamh san fhaisnéis, go háirithe:

ainm agus seoladh an mhonaróra, an ionadaí údaraithe, agus ina theannta sin – más gá – ainm agus seoladh an allmhaireora nó an duine eile atá freagrach as an táirge a chur ar fáil ar an margadh;

na sonraí is gá chun an táirge lena mbaineann agus tionscnamh an táirge a shainaithint;

cineál an riosca a bhaineann leis;

cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh;

tagairt do reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú;

na hargóintí a ríomh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha;

faisnéis ar shlabhra soláthair an táirge; agus

cóip den chinneadh arna dhéanamh ag údarás an Bhallstáit.

Más féidir, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh san fhógra:

measúnú cuimsitheach agus fianaise chuimsitheach chun údar cuí a thabhairt leis an mbeart (mar shampla na tuarascálacha tástála agus aitheantas na saotharlainne tástála);

cóip den dearbhú comhréireachta; agus

ainm agus uimhir aon chomhlachta faoina dtugtar fógra a rinne idirghabháil sa nós imeachta measúnúcháin comhréireachta, más infheidhme.

I gcás ina nglacfaidh údarás faireachais margaidh bearta den sórt sin in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca, ceanglaítear ar an gCoimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ní mór dó meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinneann an Coimisiún cibé atá údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díríonn an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuireann sé in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha é. Más rud é go mbreithnítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart, féadfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht.

7.6.3.    Cúnamh frithpháirteach, Comhar Riaracháin agus Líonra an Aontais um chomhlíonadh táirgí

Tá an comhar idir údaráis náisiúnta faireachais margaidh fíor-riachtanach chun go n-éireoidh le beartas faireachais margaidh an Aontais san iomlán.

Uirlisí ríthábhachtacha is ea an cúnamh frithpháirteach, Grúpaí Comhair Riaracháin (ADCOnna) agus Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí.

Éascaítear comhar na mBallstát le húsáid ardán sonrach TF chun faisnéis a mhalartú.

Tá margadh aonair cruthaithe leis an gcomhchuibhiú teicniúil, margadh ina ngluaiseann táirgí trasna teorainneacha náisiúnta, agus ina ndéantar faireachas margaidh ar bhonn náisiúnta. Bíonn comhar réidh riachtanach lena aghaidh sin chun forfheidhmiú aonfhoirmeach agus éifeachtúil reachtaíocht an Aontais a áirithiú sna Ballstáit uile. Tá oibleagáid an chomhair i gcomhréir le hAirteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) lena luaitear nach mór do na Ballstáit gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Áirítear forálacha mionsonraithe maidir leis an gcomhar i Rialachán (AE) 2019/1020, go háirithe maidir leis an gcomhar frithpháirteach déthaobhach, comhar riaracháin earnála iltaobhach agus le bunú Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí lena n-éascaítear don chomhar trasearnála ar fud an Aontais, chun díriú ar chomhdhúshláin agus chun dea-chleachtais agus dea-theicnící a scaipeadh ar fud an Aontais.

Leis an gcomhar riaracháin, éilítear an iontaoibh fhrithpháirteach agus an trédhearcacht fhrithpháirteach idir údaráis faireachais margaidh. Is gá na Ballstáit agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar an bhfaireachas margaidh le haghaidh earnálacha na dtáirgí difriúla agus faoi na seiceálacha comhlíonta a dhéanann siad. Comhroinntear an fhaisnéis sin tríd an gCóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) (308).

I dtaca le faisnéis a mhalartaítear idir údaráis náisiúnta faireachais margaidh, ní mór í a láimhseáil de réir phrionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála. Thairis sin, cosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. I gcás ina mbeidh rialacha ag Ballstáit lena gceadaítear rochtain shaor ag daoine ar fhaisnéis atá i seilbh údaráis faireachais, ní mór an fíoras sin a nochtadh tráth na hiarrata d’údarás faireachais eile, nó le linn mhalartú na faisnéise más rud é nach dtarlaíonn aon iarraidh den sórt sin. Más rud é go dtugann an t-údarás seolta le fios go mbaineann an fhaisnéis le hábhair rúndachta gairmiúla nó tráchtála, ba cheart don údarás is faighteoir a áirithiú gur féidir socrú a dhéanamh lena aghaidh sin. Murach sin, bíonn an t-údarás seolta i dteideal an fhaisnéis a choinneáil siar.

7.6.3.1.   Cúnamh frithpháirteach

Cuidíonn an cúnamh frithpháirteach trasteorann le gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin a chur i gcrích i gcásanna nach gcomhoibreoidh oibreoir eacnamaíoch atá lonnaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis imscrúdaithe. Sonraítear le hAirteagail 22 go 24 de Rialachán (AE) 2019/1020 an bealach a iarrtar cúnamh frithpháirteach den sórt sin agus an bealach nach mór bearta leantacha a dhéanamh ina leith. Déantar idirdhealú idir faisnéis a iarraidh agus iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin. Déantar gach iarraidh ar chúnamh trí mheán ICSMS.

Baineann iarrataí ar fhaisnéis le cásanna inar cuireadh tús le himscrúdú ar cibé atá táirge comhlíontach nó nach bhfuil, agus i gcás ina mbeidh doiciméadacht maidir le comhlíonadh ag teastáil ón údarás faireachais margaidh ó oibreoir eacnamaíoch le haghaidh an imscrúdaithe sin. Ba cheart don údarás faireachais margaidh atá i gceist an doiciméadacht a iarraidh é féin ar dtús ón oibreoir eacnamaíoch sa Bhallstát eile. Ní féidir iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh d’údarás sa Bhallstát sin (“an t-údarás iarrtha”) ach amháin nuair nach soláthraíonn an t-oibreoir eacnamaíoch sin an doiciméadacht iarrtha. Is é an t-údarás a thionscain an t-imscrúdú (‘an t-údarás is iarratasóir’) atá freagrach fós as an imscrúdú sin, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na húdaráis. Ba cheart don údarás is iarratasóir a shonrú go soiléir an doiciméadacht maidir le comhlíonadh a theastaíonn uaidh agus an t-oibreoir eacnamaíoch nach mór dó an doiciméadacht sin a fháil uaidh. Ba cheart don údarás iarrtha dul i dteagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch gan mhoill chun an fhaisnéis a fháil, agus ba cheart an fhaisnéis sin a thabhairt ar aghaidh chuig an údarás is iarratasóir ansin a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh de 30 lá féilire.

Ní bheartaítear iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin ach amháin le haghaidh cásanna eisceachtúla. Nuair a shuíonn údarás faireachais margaidh neamhchomhlíonadh, ba cheart dó féin iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh agus nuair nach gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch sin an iarraidh sin, ba cheart don údarás bearta a dhéanamh agus Ballstáit eile a chur ar an eolas chun go ndéanfaidh siadsan bearta freisin más rud é go bhfuil an táirge ar an margadh acu féin (féach roinn 7.6.1 agus 7.6.2). Ní bheartaítear iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin ó údarás i mBallstát eile ach amháin le haghaidh cásanna nach réitítear neamhchomhlíonadh leis na nósanna imeachta sin. Mar shampla, i gcás nach gcomhoibreoidh oibreoir eacnamaíoch sa Bhallstát eile agus i gcás ina leanann sé den táirge a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ach nach ndéanann amhlaidh sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air agus dá bhrí sin ní dhéanfadh údaráis an Bhallstáit sin gníomhaíocht de ghnáth (toisc nach bhfuil an táirge ar an margadh acu féin).

Le hiarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin, ba cheart údar cuí a áireamh leo go bhfuil gá leis na bearta. Féadfaidh an t-údarás iarrtha cinneadh a dhéanamh faoi na bearta is iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. Is féidir fíneálacha a áireamh leis sin. Féadfaidh an t-údarás iarrtha úsáid a bhaint as cumhachtaí lena gceanglaítear dul i muinín údarás poiblí eile nó iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna inniúla. Tá ar na Ballstáit a chinntiú nach mbeidh aon bhacainn náisiúnta dhlí ann lena gcuirfí cosc orthu bearta iomchuí a dhéanamh chun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chomhlíonadh. Ba cheart don údarás iarrtha gníomhaíocht a dhéanamh gan mhoill agus an t-údarás is iarratasóir a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh nó atáthar ag beartú a dhéanamh.

Is féidir diúltú d’iarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar fhorfheidhmiú in imthosca áirithe, a shonraítear in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2019/1020. Is féidir diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis más rud é nach bhfuil an chúis a bhfuil gá leis an bhfaisnéis soiléirithe ag an údarás is iarratasóir. Is féidir diúltú d’iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin más rud é nach bhfuil faisnéis leordhóthanach soláthraithe ag an údarás is iarratasóir mar bheart leantach i leith na hiarrata. Is féidir diúltú d’iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin freisin más rud é go n-easaontaíonn an t-údarás iarrtha go bhfuil neamhchomhlíonadh ann. Thairis sin, is féidir an dá chineál iarrataí a dhiúltú más rud é gurb iomarcach an t-ualach ar ghníomhaíochtaí an údaráis iarrtha féin. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis gníomhú de mheon macánta agus, mar phrionsabal ginearálta, glacadh le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach, go háirithe iad siúd a bhaineann le dearbhú comhréireachta AE, dearbhú feidhmíochta agus doiciméadacht theicniúil a fháil. Ní mór údar cuí a thabhairt le diúltú d’iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar oibriú an tsásra um chúnamh frithpháirteach agus sainaithneoidh réimsí nach raibh údar cuí le diúltú.

7.6.3.2.   Grúpaí comhair riaracháin

Tarlaíonn comhar idir údaráis faireachais margaidh na mBallstát maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i ngrúpaí comhair riaracháin (ADCOnna) atá bunaithe le haghaidh earnálacha de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Le go leor de na grúpaí cumhdaítear aon phíosa amháin de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus le grúpaí eile cumhdaítear beagán píosaí eile de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a bhfuil dlúthghaol eatarthu. Sonraítear a gcúraimí le Rialachán (AE) 2019/1020 in Airteagal 32. Éascaíonn siad do chur i bhfeidhm aonfhoirmeach reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, e.g. trí chur i bhfeidhm difriúil reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a phlé agus a réiteach. Déanann siad raon gníomhaíochtaí comhair eile thairis sin, lena n-áirítear i gcuid mhaith cásanna, comhghníomhaíochtaí a phleanáil agus a dhéanamh. Soláthraíonn siad ionchur sa chomhar i Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí (féach an chéad phointe eile).

Úsáideann roinnt grúpaí ainm difriúil seachas ADCO uaireanta lena mbaineann a mbunús dlí féin i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, in éineacht lena gcúraimí a shonraítear inti sin. D’oibrigh siad ar bhonn na reachtaíochta sin, agus iad ag dul i gcomhar le chéile i Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí freisin ar an mbealach céanna agus a dhéanann ADCOnna.

7.6.3.3.   Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí

Le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 bunaíodh an Líonra um Chomhlíonadh Táirgí ar mhaithe le comhar maidir le faireachas margaidh ar fud an Aontais agus ar feadh earnálacha na dtáirgí difriúla. Tá an Líonra comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear go háirithe a n-oifigí caidrimh aonair, cathaoirligh ADCOnna agus ionadaithe an Choimisiúin. Ardán atá sa Líonra le haghaidh chomhordú agus chomhar struchtúraithe maidir leis an bhfaireachas margaidh, go háirithe maidir le tosaíochtaí a shocrú agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe trasearnála cothrománacha den fhaireachas margaidh. Oibríonn sé ar bhonn cláir oibre, is féidir a oiriúnú go tráthrialta chun díriú ar dhúshláin nua san fhaireachas margaidh. Oibríonn an Líonra i ndlúthchomhar leis an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá bhforáiltear le hAirteagal 10 de Threoir 2001/95/CE maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht táirgí.

7.6.4.    Córas Mear-Rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia a mbaineann riosca leo (RAPEX)

Leis an gCóras Mear-Rabhaidh a úsáidtear maidir le táirgí neamhbhia, cuirtear é ar a gcumas do 30 tír rannpháirteach (tíortha uile LEE) agus don Choimisiún Eorpach faisnéis a mhalartú faoi tháirgí lena mbaineann riosca don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do leasanna eile atá faoi chosaint agus maidir leis na bearta a dhéanann na tíortha sin chun deireadh a chur leis an riosca sin.

Foráiltear bonn dlíthiúil le hAirteagal 12 de GPSD le haghaidh córas cothrománach ginearálta chun faisnéis a mhalartú go mear maidir le rioscaí tromchúiseacha a eascraíonn as táirgí a úsáid (RAPEX).

Cumhdaítear táirgí tomhaltóirí agus gairmiúla leis an gCóras Mear-Rabhaidh (309). Is infheidhme an Córas maidir le táirgí neamhchomhchuibhithe mar aon le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú (310).

Oibríonn an Córas Mear-Rabhaidh de réir na nósanna imeachta mionsonraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le GPSD agus i dtreoirlínte an Chórais Mhear-Rabhaidh (311).

Áirítear le raon feidhme an Chórais Mear-Rabhaidh rioscaí seachas na rioscaí sin lena ndéantar dochar don tsláinte agus don tsábháilteacht (i.e. rioscaí le haghaidh an chomhshaoil agus san ionad oibre, rioscaí slándála) agus táirgí a bheartaítear le haghaidh úsáid ghairmiúil freisin (seachas úsáid ag tomhaltóirí). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go nglacfar bearta ceartaitheacha i dtreo táirgí contúirteacha, amhail iad a tharraingt siar nó, i gcás nach mbeidh aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur leis an riosca, iad a aisghairm, nó toirmeasc a chur ar na táirgí sin a chur ar a margadh, agus go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi na bearta ceartaitheacha, idir bhearta saorálacha (a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha) agus bhearta éigeantacha (arna n-ordú ag údaráis), tríd an gCóras Mear-Rabhaidh faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

Is mar a leanas nós imeachta an Chórais Mear-Rabhaidh:

Nuair a chinntear, mar shampla, go bhfuil táirge (e.g. bréagán, ní le haghaidh cúraim leanaí nó fearas tí) contúirteach, déanann an t-údarás náisiúnta inniúil faireachais margaidh gníomhaíocht iomchuí chun deireadh a chur leis an riosca. Is féidir leis an táirge a tharraingt siar ón margadh, é a aisghairm ó thomhaltóirí nó foláirimh a eisiúint. Is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha bearta den sórt sin a dhéanamh go saorálach freisin, rud nach mór do na húdaráis inniúla a thuairisciú freisin. Cuireann an Pointe Teagmhála Náisiúnta an Coimisiún Eorpach ar an eolas ansin (trí fheidhm TF an chórais) faoin táirge, na rioscaí a bhaineann leis agus na bearta a rinne an t-údarás nó an t-oibreoir eacnamaíoch chun deireadh a chur le rioscaí agus le timpistí.

Déanann an Coimisiún seiceáil go gcomhlíonann an fógra na critéir a leagtar síos i dtreoirlínte an Chórais Mear-Rabhaidh agus, más amhlaidh, scaipeann sé an fógra a fuarthas chuig Pointí Teagmhála Náisiúnta thíortha uile eile an Aontais agus LEE. Foilsíonn sé forléargais sheachtainiúla lena n-áirítear achoimre ar na bearta a dhéantar in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca ar shuíomh gréasáin Chóras Mear-Rabhaidh an Choimisiún (312).

Comhordaíonn na Pointí Teagmhála Náisiúnta i ngach tír den Aontas agus LEE obair na n-údarás faireachais margaidh ar leibhéal náisiúnta nach mór bearta leantacha gasta a áirithiú i leith bearta a bhfuil fógra nua tugtha fúthu agus bearta a chur chun feidhme chun na rioscaí sainaitheanta a mhaolú amhail a cheangal go dtarraingeofar an táirge siar ón margadh, tríd an táirge a aisghairm ó thomhaltóirí nó trí fholáirimh a eisiúint.

Tá feidhm ag na nósanna imeachta um chlásal coimirce faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i dteannta an Chórais Mear-Rabhaidh. Dá réir sin, ní gá go dtiocfaidh an Córas Mear-Rabhaidh i bhfeidhm sula gcuirfear an nós imeachta um chlásal coimirce i bhfeidhm. Mar sin féin, ní mór an nós imeachta um chlásal coimirce a chur i bhfeidhm, i dteannta an Chórais Mhear-Rabhaidh, nuair a dhéanann an Ballstát cinneadh toirmeasc nó srian buan a chur ar shaorghluaiseacht táirgí a bhfuil Comhartha CE orthu ar bhonn contúirt nó riosca tromchúiseach eile a bhaineann leis an táirge.

7.6.5.    ICSMS

Uirlis TF atá in ICSMS (Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh) lena soláthraítear ardán cumarsáide cuimsitheach idir na húdaráis faireacháin margaidh uile.

Limistéar inmheánach atá i gceist le ICSMS (nach bhfuil rochtain ach ag údaráis faireachais margaidh air) agus limistéar poiblí.

Le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus le Rialachán (AE) 2019/515 maidir le haitheantas frithpháirteach déantar foráil maidir le húsáid ICSMS.

7.6.5.1.   Ról

Cé gur ghné thábhachtach é ICSMS i gcur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 765/2008, faoi Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus le Rialachán (AE) 2019/515 maidir le haitheantas frithpháirteach, is amhlaidh is tábhachtaí fós é: Tagann ICSMS chun bheith ina chrann taca digiteach de na Rialacháin sin.

Déantar foráil leis an dá Rialachán maidir le hoibleagáidí na n-údarás úsáid a bhaint as ICSMS. Ina theannta sin, leagtar na rialacha i dtaca le húsáid ICSMS síos le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh.

Tá modh cumarsáide tapa éifeachtúil i gceist le ICSMS d’údaráis faireachais margaidh faisnéis a mhalartú laistigh d’achar gearr ama. Le ICSMS, bítear in ann faisnéis faoi tháirgí (stádas comhlíonta, torthaí tástála, sonraí aitheantais táirge, grianghraif, faisnéis faoi oibreoir eacnamaíoch, measúnuithe riosca, faisnéis faoi thimpistí, faisnéis faoi bhearta arna ndéanamh ag údaráis faireachais etc.) atá imscrúdaithe ag údarás faireachais margaidh a stóráil agus a chomhroinnt go tapa éifeachtúil idir údaráis.

Ní hamháin gurb é an aidhm cásanna a sheachaint inarb amhlaidh gur baineadh táirge neamhchomhlíontach den mhargadh i dtír amháin ach go raibh sé ar díol ar feadh tréimhse fhada i dtír eile, ach go príomha chun gurb ann d’uirlis um beartas faireachais margaidh lena mbeifear in ann sásra um chomhar a bhunú i measc údarás.

Cé go bhfuiltear ar an eolas faoin bhfíoras go bhfuil fiú díreach malartú iontaofa faisnéise ríthábhachtach le haghaidh an fhaireachais margaidh, ní mór a admháil go n-eascraíonn breisluach ICSMS as a chumas a bheith ina ardán chun an beartas faireachais margaidh Eorpach a chur chun feidhme.

Ina leith sin, cibé uair gur mian le húdarás náisiúnta faisnéis a mhalartú faoi tháirge atá faoi imscrúdú le húdaráis eile chun acmhainní a chomhroinnt (e.g. le haghaidh seiceálacha ar tháirgí), comhghníomhaíochtaí a dhéanamh nó dul i gcomhairle le húdaráis eile, ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur isteach in ICSMS. Ba cheart é sin a dhéanamh a luaithe is féidir agus go deimhin achar maith ama roimh an gcinneadh bearta a ghlacadh le haghaidh táirgí a chinntear go mbaineann riosca leo. E.g. más rud é nach féidir le húdarás náisiúnta leibhéal an riosca a bhaineann le táirge ábhartha a chinneadh agus go ndéanann sé imscrúduithe, ba cheart dó ICSMS a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla na mBallstát eile.

Ní le táirgí neamhchomhlíontacha amháin a bhaineann ICSMS, ach tugtar faisnéis leis freisin maidir le táirgí eile a ndéanann údaráis seiceáil orthu fiú más rud é gurbh é toradh na seiceálacha nach bhfuarthas aon neamhchomhlíonadh. Cuidíonn sé sin le húdaráis aon seiceáil dhúbailte (nó iomadúil) ar tháirgí a sheachaint. Mar íoscheanglas, bíonn ar údaráis faireachais margaidh faisnéis a iontráil in ICSMS ar gach táirge dá ndearnadh mionseiceáil (Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2019/1020). Ní hamháin go gcumhdaítear táirgí leis sin a ndéantar tástálacha saotharlainne orthu, ach na táirgí sin ar a ndéantar seiceálacha níos simplí, cé nach gceanglaítear iad sin a áireamh i gcás nach ndearnadh ach seiceálacha ghearra ó amharc. Mar threoir, ba cheart seiceálacha atá doiciméadaithe go haonarach a iontráil in ICSMS (313). Féadfar seiceálacha eile a iontráil in ICSMS freisin áfach.

Dá bhrí sin, is é ról ICSMS ar deireadh cuidiú leis an Aontas Eorpach ceann dá mhórchuspóirí polaitiúla a chomhlíonadh; i.e. chun an iontaofacht agus an comhleanúnachas a áirithiú i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú na reachtaíochta Eorpaí) chun go dtairbheoidh oibreoirí agus saoránaigh den rochtain iomlán ar an Margadh Inmheánach, rud a bhí i gceist ar dtús.

Go háirithe cuidíonn ICSMS le húdaráis faireachais margaidh an méid seo a leanas a dhéanamh:

dul ar aghaidh chuig malartú faisnéise tapa agus in am trátha maidir le bearta faireachais margaidh;

a ngníomhaíochtaí agus a gcigireachtaí a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe trí fhócasú ar tháirgí nach ndearnadh cigireacht ná tástáil orthu fós;

acmhainní a chomhroinnt le go mbeidh breis ama acu, mar sin, chun díriú ar tháirgí eile atá fós le tástáil;

taithí le cásanna casta de mheasúnú comhlíonta táirge a chomhroinnt;

idirghabháil sa mhargadh ar scála mór a dhéanamh nuair is táirgí de chineál amhrasach atá i gceist, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis is déanaí agus cigireacht dhúblach agus iolrach á seachaint mar sin;

sonraí staidrimh a ghiniúint;

fógraí faoin gclásal coimirce a sheoladh (le haghaidh roinnt Treoracha/Rialachán)

sonraí ábhartha a chur chuig RAPEX chun gur féidir le lucht phointí teagmhála RAPEX an próiseas le haghaidh sheoladh fógraí RAPEX a spreagadh (314);

dea-chleachtais a fhormhíniú;

a áirithiú go mbeidh faireachas margaidh éifeachtúil agus ar chomhchéim sna Ballstáit uile ó thaobh déine de agus go seachnófar saobhadh san iomaíocht mar sin;

ciclipéid a bunú i dtaca le faisnéis faoi fhaireachas margaidh an Aontais Eorpaigh; agus

cúnamh a iarraidh ar údaráis i mBallstáit eile.

7.6.5.2.   Struchtúr

Is d’údaráis faireachais margaidh, oifigí idirchaidrimh aonair, údaráis chustaim agus don Choimisiún a shanntar an limistéar inmheánach. Cumhdaítear sa chuid sin an fhaisnéis ar fad atá ar fáil (tuairisc ar an táirge, torthaí na tástála, na bearta a rinneadh etc.). Sealbhóirí cuntas ICSMS agus iad siúd amháin a fhéadfaidh rochtain a fháil ar an limistéar sin.

Is do thomhaltóirí, úsáideoirí agus monaróirí a shanntar an limistéar poiblí. Ní sholáthraítear san fhaisnéis atá infheicthe ag an bpobal ach na sonraí a bhaineann leis an táirge agus lena neamhchomhlíonadh agus ní sholáthraítear aon doiciméid inmheánacha (i.e. ar mhalartú faisnéise idir an t-údarás agus an t-allmhaireoir/an monaróir).

Cumasaíonn ICSMS cuardaigh shonracha le haghaidh táirgí neamhchomhlíontacha. Córas údaruithe rochtana a chosnaíonn gnéithe rúndachta.

Féadfaidh gach údarás faireachais margaidh sonraí a ionchur faoi tháirgí a imscrúdaíodh nach bhfuil sa bhunachar sonraí cheana féin, agus féadfaidh siad faisnéis (e.g. torthaí breise ar thástáil, bearta a rinneadh) a chur le comhad faisnéise táirge atá ann cheana féin.

Áirithíonn an Coimisiún feidhmiú ceart ICSMS. Tá úsáid ICSMS saor in aisce.

7.6.6.    Feistí leighis: córas forairdill

Tá feidhm ag córas sonrach forairdill i gcás feistí leighis.

Mar gheall ar rioscaí a bhaineann le feistí leighis tá gá anois le córas cuimsitheach forairdill trína ndéanfar tuairisciú ar gach teagmhas thromchúiseach a bhaineann le táirge (315). Tá feidhm ag an gcóras forairdill um fheistí leighis maidir le gach teagmhas (316)a bhféadfadh bás othair a bheith mar thoradh air, go díreach nó go hindíreach, nó meath tromchúiseach, sealadach nó buan, ar riocht sláinte othair, úsáideora, nó duine eile, nó bagairt thromchúiseach ar an tsláinte phoiblí a tharla mar gheall ar an méid seo a leanas:

aon mhífheidhmiú nó aon mheath i saintréithe nó i bhfeidhmíocht feiste a cuireadh ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear earráid úsáide a tharla mar thoradh ar ghnéithe eirgeanamaíocha;

aon easnamh sa lipéadú nó sna treoracha úsáide nó

aon chúis theicniúil nó leighis i ndáil le saintréithe nó feidhmíocht feiste, a mbíonn tarraingt siar chórasach na bhfeistí uile den chineál céanna ag an monaróir mar thoradh uirthi.

Tá an monaróir freagrach as an gcóras forairdill a ghairm agus, dá réir sin, ní mór dó an t-údarás faireachais a chur ar an eolas faoi theagmhais a spreagann an ghairm. I ndiaidh thabhairt an fhógra, beidh sé d’oibleagáid ar an monaróir fiosrúcháin a dhéanamh, tuarascáil a chur chuig an údarás faireachais, agus, i gcomhar leis an údarás, an ghníomhaíocht ba cheart a dhéanamh a bhreithniú.

Tar éis don mhonaróir fógra a thabhairt déanfaidh an t-údarás faireachais measúnú i gcomhar leis an monaróir, más féidir. Nuair a bheidh an measúnú déanta, ní mór don údarás an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir leis na teagmhais a ndearnadh bearta ábhartha ina leith nó bearta a bhfuil machnamh á dhéanamh orthu. Féadfaidh an Coimisiún ansin aon chéim a dhéanamh chun bearta a chomhordú, a éascú agus tacú leo, ar bearta iad a rinne na húdaráis náisiúnta faireachais nuair a bhí siad ag plé le teagmhais den chineál céanna, nó, más gá, féadfaidh sé bearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (mar shampla aghaidh a thabhairt ar athaicmiú na feiste). Déanann an Coimisiún bainistiú ar bhunachar sonraí Eorpach ina bhfuil sonraí, as measc faisnéis eile, a fuarthas i gcomhréir leis an gcóras faireachais agus tugann sé rochtain do na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí. Tá an córas forairdill éagsúil leis an nós imeachta um chlásal coimirce ós rud é go gceanglaítear fógra ina leith fiú amháin má dhéanann an monaróir na bearta riachtanacha ar bhonn deonach. Mar sin féin, agus an córas forairdill á chur i bhfeidhm ag an údarás faireachais, tá sé d’oibleagáid air freisin beart sriantach a dhéanamh vis-à-vis táirgí neamhchomhlíontacha a bhfuil an mharcáil CE orthu, má tá feidhm ag na coinníollacha i ndáil leis an gclásal coimirce a ghairm, agus dá réir sin, tá oibleagáid air fógra a thabhairt faoin mbeart sin i gcomhréir leis an nós imeachta um chlásal coimirce. Ní gá, áfach go dtiocfadh an córas forairdill i bhfeidhm sula gcuirfí an nós imeachta um chlásal coimirce i bhfeidhm.

8.   SAORGHLUAISEACHT TAIRGÍ LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH (317)

8.1.   An clásal saorghluaiseachta

Tá cuspóir luaite i gclásal saorghluaiseachta a cuireadh isteach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, arb iad díothú bacainní trádála i measc na mBallstát agus neartú saorghluaiseachta táirgí, agus tugtar ráthaíocht sa chlásal go mbeidh saorghluaiseacht ag táirgí a chomhlíonann an reachtaíocht. Is éard is clásail saorghluaiseachta forálacha a chuirtear isteach i ngníomhartha reachtacha an Aontais Eorpaigh lena gcuirtear bac ar na Ballstáit, go sainráite, bearta níos sriantaí a dhéanamh i ndáil le hábhar, má chomhlíonann an t-ábhar sin ceanglais an dlí atá i gceist. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit toirmeasc a chur ar tháirge a chomhlíonann forálacha uile na reachtaíochta comhchuibhithe earnála a chur ar fáil ar an margadh.

Tá an mharcáil CE ina siombail ar chomhréireacht leis na hoibleagáidí uile atá ar na monaróirí de bhua reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ní mór do na Ballstáit dóigh a dhéanamh de go gcomhlíonann táirgí a bhfuil an mharcáil CE orthu forálacha uile na reachtaíochta is infheidhme lena bhforáiltear do ghreamú na marcála. Dá réir sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc, srian, nó bac a chur ar chur ar fáil ar an margadh sna chríocha dá gcuid táirgí a bhfuil an mharcáil CE orthu ach amháin má chuirtear na forálacha a bhaineann leis an marcáil CE i bhfeidhm go míchuí.

8.2.   Teorainneacha agus srianta

Dearadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht ag táirgí a chomhlíonann an leibhéal ard cosanta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme. Ní fhéadfaidh na Ballstáit, dá bhrí sin, cur ar fáil táirgí den sórt sin a thoirmeasc, a shrianadh nó a bhacadh maidir leis na gnéithe a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme. Ceadaítear do na Ballstáit, áfach, forálacha náisiúnta breise a chothabháil nó a dhéanamh i gcomhréir leis an gConradh (go háirithe Airteagail 34 agus 36 CFAE), ar forálacha iad a bhaineann le húsáid táirgí ar leith atá beartaithe le haghaidh cosaint oibrithe nó úsáideoirí eile, nó cosaint an chomhshaoil. D’fhéadfaí nach gceanglófaí i bhforálacha náisiúnta den sórt sin modhnú a dhéanamh ar tháirge a monaraíodh i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta is infheidhme, nó nach mbeadh tionchar ag na forálacha ach oiread ar na coinníollacha le haghaidh chur ar fáil an táirge sin.

D’fhéadfaí go bhforchuirfí teorainn le saorghluaiseacht táirge sa chás nár chomhlíon táirge na ceanglais dhlíthiúla riachtanacha nó ceanglais dhlíthiúla eile. Lena chois sin, d’fhéadfadh an cás a bheith ann, mar sin féin, ina mbainfeadh riosca, de dheasca táirgí a chomhlíonann na ceanglais reachtaíochta comhchuibhithe, do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí. Sa chás sin, ní foláir do na Ballstáit a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh. Is féidir, dá bhrí sin, saorghluaiseacht táirge a theorannú ní hamháin sa chás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a socraíodh leis an reachtaíocht ábhartha ach sa chás freisin ina gcomhlíontar iad nuair nach gcumhdaíonn na ceanglais riachtanacha nó ceanglais eile ina n-iomláine na rioscaí uile a bhaineann leis an táirge (318).

9.   GNÉITHE IDIRNÁISIÚNTA DE REACHTAÍOCHT AN AONTAIS EORPAIGH MAIDIR LE TÁIRGÍ

Sa chaidreamh dá chuid le tríú tíortha, as measc nithe eile, féachann an tAontas Eorpach le trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí rialáilte a chur chun cinn. Áirítear ar choinníollacha le haghaidh trádáil oscailte comhoiriúnacht an chuir chuige, comhleanúnachas na rialachán agus na gcaighdeán, trédhearcacht na rialacha, leibhéil iomchuí an rialaithe agus na modhanna, neamhchlaontacht an deimhnithe, comhoiriúnacht na mbeart faireachais margaidh agus na gcleachtas maoirseachta agus leibhéal iomchuí bonneagair theicniúil agus riaracháin.

Dá réir sin, ag brath ar stádas na gcoinníollacha thuas, is féidir réimse leathan de bhearta a chur i bhfeidhm chun go n-éascófar trádáil. Saothraítear forbairt mhargadh aonair na dtáirgí de bhíthin roinnt ionstraimí dlí idirnáisiúnta lena gcumasaítear leibhéil iomchuí de chomhar nó cóineasú nó de chomhchuibhiú na reachtaíochta a bhaint amach, agus mar sin saorghluaiseacht earraí a éascú. Áirítear ar na hionstraimí sin:

lánpháirtiú iomlán na dtíortha LEE CSTE sa mhargadh inmheánach de bhua an chomhaontaithe LEE (319);

ailíniú chóras reachtaíochta agus bhonneagar ardchaighdeáin cothrománach na dTíortha is iarrthóirí leo siúd de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an deis ag na tíortha is iarrthóirí, agus ag iarrthóirí ionchasacha freisin, a bheith páirteach sna comhlachtaí um bonneagar ardchaighdeáin de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail na hEagraíochtaí ábhartha Eorpacha Um Chaighdeánú;

ailíniú den chineál céanna ag tíortha leasmhara de chuid na dTíortha Comharsanacha Oirthearacha agus Meánmhara de bhíthin Comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích maidir le measúnú comhréireachta agus glactha de tháirgí tionsclaíocha (ACAAnna);

tabhairt i gcrích Chomhaontuithe um Aitheantas Frithpháirteach (MRAanna) déthaobhacha (idir-rialtasacha) le haghaidh measúnú comhréireachta, deimhnithe agus marcála, a mbeartaítear iad chun costais tástála agus deimhniúcháin i margaí eile a laghdú;

tabhairt i gcrích Phrótacal sonrach maidir le measúnú comhréireachta i gcreat Chomhaontú Saorthrádála (FTA) arna chaibidliú le tríú tír;

spleáchas ar Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (320); agus

ar deireadh, ailíniú caighdeán idir CEN agus ISO - Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán trí mheán Chomhaontú Vín agus idir CENELEC agus IEC - An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil trí mheán Chomhaontú Frankfurt.

9.1.   Comhaontuithe maidir le measúnú comhréireachta agus glactha de tháirgí tionsclaíocha (ACAAnna);

Bunaítear Comhaontuithe maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha idir an tAontas agus Tíortha comharsanacha an Aontais Eorpaigh;

Bhíodh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i gcónaí ó thaobh tacú le comhar idirnáisiúnta i ndáil leis na réimsí maidir le rialacháin theicniúla, caighdeáin, measúnú comhréireachta, faireachas ar an margadh agus i ndáil le díothú bacainní teicniúla ar thrádáil le haghaidh táirgí. Faoi chuimsiú chreat an mhéadaithe agus Bheartas Comharsanachta na hEorpa, tá sé léirithe ag an gCoimisiún go bhfuil rún aige an comhar le comharsana oirthearacha agus deisceartacha an Aontais Eorpaigh a neartú sna réimsí trádála, rochtain ar an margadh agus struchtúir rialála.

Is ar mhaithe le trádáil agus rochtain ar an margadh a éascú sa dá threo a dearadh úsáid chóras caighdeánúcháin agus measúnú comhréireachta de chuid an Aontais ag tríú tíortha.

Tá sé beartaithe go mbunófar Comhaontuithe maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha idir an tAontas agus tíortha Comharsanacha an Aontais Eorpaigh (Tíortha Meánmhara - an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, Údarás na Palaistíne, an Túinéis, - agus Tíortha san Oirthear - an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Úcráin). Tá na comhaontuithe ar fáil freisin do thíortha leasmhara atá ag iarraidh ballraíocht iomlán san Aontas Eorpach.

Maidir leis an aitheantas frithpháirteach sin a thugtar do choibhéiseacht i rialáil theicniúil, i gcaighdeánú agus i measúnú comhréireachta a bhfuil na comhaontuithe sin bunaithe air, oibríonn sé ar bhonn acquis an Aontais Eorpaigh atá trasuite ag an tír chomhpháirtíochta, de réir mar a bheadh feidhm aige maidir le táirgí a cuireadh ar mhargadh Bhallstáit. Mar gheall ar an aitheantas frithpháirteach sin is féidir táirgí tionsclaíocha a chumhdaítear leis na comhaontuithe agus a bhfuil fianú ina leith ann go gcomhlíonann siad nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh a chur ar mhargadh na tíre comhpháirtíochta gan iad a chur faoi aon nós imeachta formheasta breise, agus vice versa.

I gComhaontú maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de tháirgí tionsclaíocha (dá ngairtear ACAA) ceanglaítear go ndéanfar creat dlíthiúil na tíre comhpháirtíochta a ailíniú go hiomlán le reachtaíocht agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh agus go ndéanfar cur chun feidhme an bhonneagair chothrománaigh a uasghrádú i gcomhréir le samhail an chórais AE ó thaobh caighdeánú, creidiúnú, measúnú comhréireachta, méadreolaíochta agus faireachais margaidh de.

Comhdhéantar ACAAnna de ghnáth de chreat-chomhaontú agus iarscríbhinn amháin nó níos mó ina leagtar amach na táirgí a chumhdaítear agus an modh a glacadh chun tairbhe na trádála san earnáil sin a neartú. Sa chreat-chomhaontú foráiltear maidir le dhá shásra, (a) aitheantas do choibhéiseacht i rialáil theicniúil, caighdeánú, measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh le haghaidh táirgí tionsclaíocha atá faoi réir rialáil choibhéiseach i ndlí an Aontais agus i ndlí náisiúnta na tíre comhpháirtíochta, agus (b) glacadh frithpháirteach táirgí tionsclaíocha a chomhlíonann na ceanglais i dtaca lena gcur ar mhargadh cheann amháin de na Páirtithe go dleathach i gcás nach ann d’aon reachtaíocht theicniúil Eorpach is infheidhme maidir leis na táirgí ábhartha. Is féidir iarscríbhinní earnála breise a chur leis an gcomhaontú i ndiaidh a chéile.

Síníodh an chéad ACAA le Málta i mí Feabhra 2004 (321) sula bhfuair Málta aontachas foirmiúil leis an Aontas Eorpach i Mí na Bealtaine 2004. Ó thaobh Iosrael de, tháinig an chéad ACAA maidir le táirgí cógaisíochta i bhfeidhm i mí Eanáir 2013. Tráth scríofa na cáipéise seo, tá comhpháirtithe eile san Oirthear agus ar an Meánmhuir ag cur clabhsúir ar an obair ullmhúcháin i dtaca le caibidlíocht a sheoladh i roinnt earnálacha Chur Chuige Nua (táirgí leictreacha, ábhair tógála, bréagáin, fearais gáis, brú-threalamh, etc.)

9.2.   Comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach (MRAnna)

Tá comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach bunaithe idir an tAontas agus tríú tíortha atá ar leibhéal d’fhorbairt theicniúil atá inchomparáide agus a bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu i dtaca le measúnú comhréireachta.

Tá na comhaontuithe sin bunaithe ar ghlacadh frithpháirteach deimhnithe, marcanna comhréireachta agus tuarascálacha ar thástáil a eisíonn na comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid páirtí ar bith acu i gcomhréir le reachtaíocht an pháirtí eile.

9.2.1.    Na príomhshaintréithe

Tá tabhairt i gcrích comhaontuithe frithpháirteacha (MRAnna) ar bhonn Airteagal 207 CFAE ar cheann de na hionstraimí atá ann chun trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí rialáilte a chur chun cinn. Is comhaontuithe iad MRAnna a bhunaítear idir an tAontas and tríú tíortha chun críche aitheantas frithpháirteach a thabhairt do mheasúnú comhréireachta ar tháirgí rialáilte.

Deartar MRAnna ionas go nglacfaidh gach Páirtí tuarascálacha, deimhnithe agus marcanna arna seachadadh sa tír chomhpháirtíochta i gcomhréir lena reachtaíocht féin. Déanann comhlachtaí a d’ainmnigh an Páirtí eile faoin MRA na MRAnna a tharraingt suas agus a eisiúint, ar MRAnna iad le haghaidh comhréireacht sa réimse nó sna réimsí a chumhdaítear leis an MRA a mheasúnú. Is féidir é sin a bhaint amach toisc go n-áirítear ar na MRAnna ceanglais measúnaithe comhréireachta uile na bPáirtithe ar gá iad chun rochtain iomlán ar an margadh a fháil, agus toisc go ndéantar meastóireacht ar na táirgí i dtír a dtáirgthe de réir cheanglais rialála an Pháirtí eile. Tagraítear dóibh siúd, de ghnáth, mar ‘MRAnna Traidisiúnta’.

Cumhdaíonn MRAnna críoch iomlán na bPáirtithe chun go ráthófar saorghluaiseacht iomlán táirgí ar deimhníodh gur comhlíontach iad, go háirithe i Stáit a bhfuil struchtúr cónaidhme acu.

Tá feidhm ag MRAnna maidir le catagóir amháin nó níos mó de tháirgí nó d’earnálacha a thagann faoin réimse rialaithe (cumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá i bhfeidhm iad) agus, i gcásanna ar leith, le dlí náisiúnta neamh-chomhchuibhithe. I bprionsabal, ba cheart go gcumhdófaí in MRAnna na táirgí tionsclaíocha uile a gceanglaíonn rialacháin cheann amháin ar a laghad de na Páirtithe measúnú comhréireachta ag tríú páirtí ina leith.

Cuimsítear creat-chomhaontuithe agus iarscríbhinní earnála in MRAnna. Leagtar síos sa chreat-chomhaontú prionsabail riachtanacha comhaontaithe traidisiúnta. Sonraítear go háirithe sna hiarscríbhinní earnála raon feidhme agus cumhdach, ceanglais rialála, liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta ainmnithe, na nósanna imeachta agus na húdaráis atá freagrach as na comhlachtaí sin a ainmniú agus, más infheidhme, tréimhsí idirlinne. Is féidir iarscríbhinní earnála breise a chur leis an gcomhaontú i ndiaidh a chéile.

Níl MRAnna bunaithe ar an ngá atá le caighdeáin nó rialacháin theicniúla Páirtithe eile a ghlacadh go frithpháirteach, nó níl siad bunaithe ar an an ngá atá le reachtaíocht an dá Pháirtí a bhreithniú mar reachtaíocht choibhéiseach. Níl i gceist le MRAnna ach go nglacfar go frithpháirteach na tuarascálacha, na deimhnithe agus na marcanna ar seachadadh iad sa tír chomhpháirtíochta i gcomhréir leis an reachtaíocht dá cuid féin. D’fhéadfadh sé, áfach, go réiteodh MRAnna an bealach i dtreo chóras comhchuibhithe caighdeánaithe agus deimhnithe de chuid na bpáirtithe. Mar sin féin, meastar go n-áirithítear leis an dá chóras reachtaíochta, de ghnáth, leibhéal inchomparáide cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht, comhshaol nó leasanna eile an phobail. Thairis sin, méadaítear trédhearcacht na gcóras rialála mar gheall ar na MRAnna. A luaithe a bhunaítear é, is gá an MRA a choinneáil ar bun, mar shampla trí liostaí de chomhlachtaí deimhniúcháin atá aitheanta a choinneáil, agus liostaí de na caighdeáin nó na rialacha nach mór dóibh deimhniú dá réir.

Baineann tairbhí leis an MRA sa chaoi is go gcuirtear deireadh le cigireacht dhúbailte nó deimhniú dúbailte. I gcás gur gá fós, maidir le táirge a beartaíodh lena chur ar dhá mhargadh, é a chur faoi mheasúnú faoi dhó, (nuair is neamhchosúil ceanglais theicniúla nó caighdeáin), beidh an measúnú níos saoire má dhéanann an comhlacht céanna é. Laghdaítear an t-am a thógann sé táirge a chur ar an margadh ós rud é go gcuirtear dlús leis an bpróiseas mar is idir an monaróir agus an comhlacht measúnaithe comhréireachta aonair a bhíonn an teagmháil agus nach ndéantar ach aon mheasúnú amháin. Fiú i gcás go bhfuil na rialacháin bhunúsacha comhchuibhithe, mar shampla toisc go dtagraíonn siad do chaighdeán idirnáisiúnta, is gá fós aitheantas a thabhairt do dheimhnithe, agus i gcásanna den sórt sin, beidh an tairbhe soiléir: déantar an táirge a mheasúnú uair amháin de réir an chaighdeáin a nglactar leis go coitianta, seachas é a dhéanamh faoi dhó.

Tá MRAnna i bhfeidhm faoi láthair leis an Astráil, an Nua-Shéalainn, na Stáit Aontaithe, an tSeapáin agus an Eilvéis. Cuireadh an Prótacal CETA maidir le glacadh frithpháirteach torthaí measúnaithe comhréireachta in ionad an MRA le Ceanada (322)(Féach roinn 9.2.4).

Tá na comhaontuithe thuas tugtha i gcrích i roinnt earnálacha sonracha, agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó thír go chéile. Is féidir sonraí breise ar na comhaontuithe a fháil ag an seoladh seo a leanas: https://ec.europa.eu/growth/single-market/goods/international-aspects-single-market/mutual-recognition-agreements_en. Tá na comhlachtaí a ainmnítear faoi MRAnna luaite i gcuid thiomnaithe de NANDO.

9.2.2.    An MRA idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis.

Is éard atá san MRA a tugadh i gcrích leis an Eilvéis agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002 (IO L 114 an 30/04/2002) comhaontú atá bunaithe ar choibhéiseacht reachtaíocht an an Aontas Eorpaigh agus na hEilvéise, rud atá luaite go sonrach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gcomhaontú sin (323). Cumhdaítear aitheantas do mheasúnaithe comhréireachta leis an MRA, beag beann ar thionscnamh na dtáirgí. Tagraítear do chomhaontú den chineál sin mar “MRA Feabhsaithe” de ghnáth. Tá cás na hEilvéise sainiúil go leor i gcónaí áfach.

Le forálacha an Chomhaontuithe agus comhchuibhiú rialacháin theicniúla na hEilvéise le rialacháin an Aontais Eorpaigh, maidir le táirgí AE, bíonn rochtain ar an margadh níos fusa i gcás mhargadh na hEilvéise agus vice versa i gcás táirgí ón Eilvéis go dtí an margadh AE/LEE. Níl aon aontas custaim idir an tAontas Eorpach and an Eilvéis, áfach.

De réir an Chomhaontaithe, is ball iomlán de Chomhar Eorpach don Chreidiúnú (EA) í Seirbhís Creidiúnaithe na hEilvéise (SAS), agus tá gach comhaontú um aitheantas frithpháirteach le EA sínithe aici. I réimse an chaighdeánaithe, tá an Eilvéis ina ball iomlán den Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), den Choiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENELEC), agus d’Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) agus bíonn sí rannpháirteach ar bhonn gníomhach in obair sa chaighdeánú Eorpach.

Thairis sin, ceadaítear do chomhlacht um measúnú comhréireachta de chuid an Aontais Eorpaigh deimhnithe a eisiúint san Aontas, de réir reachtaíocht an Aontais, a mheastar ina leith go bhfuil siad coibhéiseach le deimhnithe na hEilvéise. Os a choinne sin, tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid na hEilvéise. Meastar, mar sin, go bhfuil deimhnithe a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid na hEilvéise a bhfuil creidiúnú acu ón tSeirbhís Fíordheimhniúcháin Comharthaí (SAS) le haghaidh táirgí a chumhdaítear le MRA coibhéiseach leo siúd a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid AE laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an MRA agus go sonrach raon feidhme chur i bhfeidhm na reachtaíochta AE a chumhdaítear leis an MRA.

Ní raibh sin indéanta ach amháin gur roghnaigh an Eilvéis a cuid reachtaíochta sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gcomhaontú a ailíniú le reachtaíocht an Aontais.

Faoi láthair cumhdaítear 20 earnáil táirgí sa chomhaontú leis an Eilvéis dá ngairtear “MRA Feabhsaithe” mar atá: Innealra, Trealamh Cosanta Pearsanta (PPE), Sábháilteacht Bréagán, go páirteach, Feistí Leighis, Fearais agus Coirí Gáis, Brú-Threalamh, Teileachumarsáid, Trealamh Teirminéil, Trealamh agus Córais Cosanta a bheartaítear lena n-úsáid in atmaisféar a d’fhéadfadh a bheith pléascach (ATEX), Sábháilteacht Leictreach agus Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (EMC), Gléasra agus Trealamh Tógála, Gléasanna Tomhais agus Réamhphacáistí, Mótarfheithiclí, Tarracóirí Talmhaíochta agus Foraoiseachta, Dea-Chleachtas Saotharlainne (GLP), Dea-Chleachtas Monaraíochta (GMP) Cigireacht agus Deimhniú Baisceanna, Táirgí tógála, Ardaitheoirí, Táirgí bithicíde, Suiteálacha cábla-bhealaí agus pléascáin lena n-úsáid ag sibhialtaigh.

Tá MRA comhthreomhar tugtha i gcrích idir na Stáit LEE CSTE agus an Eilvéis (Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún Vaduz CSTE a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002) a gcumhdaítear an raon feidhme ceannann céanna ann.

9.2.3.    Na Stáit LEE-CSTE: Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach agus Comhaontuithe maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha

Is ar thionscnamh an Aontais Eorpaigh nach foláir Comhaontuithe um Aitheantas Frithpháirteach le tríú tíortha a chaibidliú a bhaineann le measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí i gcás go bhforáiltear maidir le marc a úsáid sa reachtaíocht AE. Dá réir sin, mar a bunaíodh i bPrótacal 12 de LEE, déanfaidh an tAontas Eorpach caibidlíocht ar an mbonn go dtabharfaidh na tríú tíortha lena mbaineann comhaontuithe cothrománacha um Aitheantas frithpháirteach agus Comhaontuithe cothrománacha maidir le measúnú comhréireachta agus glactha i gcrích freisin leis na Stáit LEE agus CSTE a bheidh coibhéiseach leo siúd a bheidh le tabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach. Comhoibreoidh na Stáit LEE i gcomhréir leis an bhfaisnéis ghinearálta agus na nósanna imeachta comhairliúcháin a leagtar amach sa Chomhaontú LEE. Má thagann difríocht chun cinn sa chaidreamh le tríú tíortha, pléifear léi i gcomhréir le forálacha ábhartha Chomhaontú LEE. Leis an gcóras comhaontuithe comhthreomhara tugtar an rochtain chéanna, go foirmiúil, ar an margadh sa Limistéir Eorpach Eacnamaíoch ar fad, don tríú tír lena mbaineann le haghaidh táirgí a chumhdaítear leis na comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach nó le Comhaontuithe um measúnú comhréireachta agus glactha de tháirgí tionsclaíocha. Maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gcomhaontuithe sin, socrófar seisiúin chomónta de chruinnithe an Chomhchoiste leis na tríú tíortha lena mbaineann.

9.2.4.    Prótacal CETA maidir le measúnú comhréireachta

Foráiltear sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (“CETA”) maidir le Prótacal maidir le glacadh frithpháirteach torthaí measúnuithe comhréireachta, a bhfuil sé d’aidhm leis go mbeidh sé níos fusa don Aontas Eorpach agus do Cheanada earraí a onnmhairiú chuig margaí a chéile trí aitheantas frithpháirteach deimhnithe measúnaithe comhréireachta.

Tá Prótacal CETA curtha in ionad Chomhaontú um Aitheantas Frithpháirteach idir An tAontas Eorpach agus Ceanada maidir le measúnú comhréireachta (324). Sa Phrótacal CETA simplítear feidhmiú an MRA a bhí ann cheana trí bhrath ar chreidiúnú agus ar chomhar níos dlúithe idir comhlachtaí creidiúnaithe an Aontais Eorpaigh agus Cheanada. Ina thaobh sin, tugtar úrnuacht thábhachtach isteach le Prótacal CETA tríd an bhféidearthacht a áireamh go dtabharfaí creidiúint do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun go ndéanfaidh a gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe féin táirgí a thástáil agus a dheimhniú le haghaidh cheanglais an Pháirtí eile. Dá réir sin, tugtar dhá bhealach leis an bPrótacal chun aitheantas frithpháirteach chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a éascú mar aon le deimhnithe. Leis an gcéad bhealach arb é an rogha is fearr tá sé beartaithe go n-iarrfaidh comhlachtaí leasmhara um measúnú comhréireachta creidiúnú díreach ón gcomhlacht creidiúnaithe atá bunaithe ina gcríoch féin, ar choinníoll gur thug an Páirtí eile aitheantas don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar chomhlacht inniúil cheana féin. Leis an dara bealach, sa chás nach mbeidh an chéad rogha ar fáil, féadfaidh comhlachtaí leasmhara um measúnú comhréireachta an creidiúnú ábhartha a iarraidh ar chomhlacht creidiúnaithe an Pháirtí eile. Chun aitheantas a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta mar chomhlacht atá inniúil chun táirgí a thástáil agus a dheimhniú, beidh ar an bPáirtí eile an comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin a ainmniú roimh ré agus an fhaisnéis riachtanach a sholáthar. Féadfaidh na Páirtithe agóid a ardú, dúshlán a thabhairt agus fáil réidh le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid an Pháirtí eile freisin. Leis an bPrótacal CETA bunaítear ceart do Cheanada rochtain a fháil ar chóras fógartha leictreonach an Aontais Eorpaigh (NANDO) agus feidhm a bhaint as ar mhaithe le hainmniú.

Le Prótacal CETA freisin méadaítear raon feidhme an chomhair a thug na MRAnna a bhí ann cheana do na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal. Leis an bPrótacal cuirtear ar chumas na bpáirtithe raon feidhme chur i bhfeidhm an Phrótacail a mhéadú tuilleadh chun catagóirí eile earraí a áireamh a liostaítear in Iarscríbhinn 2 den Phrótacal, tar éis theacht i bhfeidhm CETA.

An 1 Meán Fómhair 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoir Cur chun Feidhme le haghaidh an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú CETA idir Ceanada, an tAontas Eorpach agus na Ballstáit dá chuid maidir le glacadh frithpháirteach torthaí measúnuithe comhréireachta 2021/C 351/01 (325). Dírítear sa Treoir ar na céimeanna nach mór don Aontas Eorpach agus na Ballstáit dá chuid a dhéanamh nuair a iarrann comhlachtaí leasmhara um measúnú comhréireachta aitheantas a fháil chun measúnú comhréireachta a dhéanamh de réir cheanglais reachtúla an Aontais Eorpaigh agus Cheanada i ndáil le margadh an Aontais Eorpaigh agus Cheanada. Áirítear sa treoraíocht freisin faisnéis faoi fhaireachas margaidh agus coimircí.

9.3.   An Comhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe

Comhaontaíodh Comhaontú Trádála agus Comhair (TCA) idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an 24 Nollaig 2020. Tá feidhm shealadach aige ó 1 Eanáir 2021 i leith.

Tá caibidil shonrach sa TCA maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (TBT) (Caibidil 4). Maidir le measúnú comhréireachta, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe araon go nglacfaidís le dearbhú comhréireachta ó sholáthróir mar chruthúnas ar chomhlíontacht lena gcuid rialachán teicniúil le haghaidh na réimsí táirgí sin a mbeidh reachtaíocht faoi seach i réim ina leith ar dháta theacht i bhfeidhm an TCA lena ndéanfar foráil maidir le measúnú comhréireachta an chéad pháirtí a úsáid. I gcás ina gceanglaíonn Páirtí measúnú comhréireachta ar thríú páirtí mar ráthaíocht dhearfach go gcomhlíonann táirge rialachán teicniúil, úsáidfidh sé creidiúnú, i gcás inarb iomchuí, mar bhealach chun inniúlacht theicniúil a léiriú i dtaca le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a cháiliú (Airteagal 93 TBT den TCA). Ina thaobh sin, aithníonn an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an ról tábhachtach is féidir a bheith i gceist le creidiúnú a oibrítear le húdarú a fuarthas ó rialtas agus ar bhonn neamhthráchtála i gcás comhlachtaí um measúnú comhréireachta a cháiliú. Iarrtar ar an dá pháirtí sa TCA freisin caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a úsáid le haghaidh creidiúnú agus measúnú comhréireachta, agus iarrtar orthu caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a úsáid mar bhonn do na caighdeáin a fhorbraíonn siad.

Tá airteagal maidir le marcáil agus lipéadú sa TCA freisin (Airteagal 95 TBT den TCA) ina ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe lipéadaithe a bhféadfadh deacracht bhreise i ndáil le rochtain ar an margadh a bheith mar thoradh orthu, trí, mar shampla, foráil a dhéanamh maidir le deis a bheith ann glacadh le lipéadú, lena n-áirítear lipéadú forlíontach nó ceartúcháin a dhéantar ar lipéadú, a tharlaíonn i stórais chustaim nó i láithreacha ainmnithe eile i dtír an allmhairithe mar mhalairt ar lipéadú a dhéanamh sa tír thionscnaimh. Beartaítear san fhoráil maidir le comhar i bhfaireachas margaidh agus sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí neamhbhia (Airteagal 96 TBT de TCA) comhar agus malartú faisnéise sa réimse sábháilteachta agus comhlíonta táirgí neamhbhia. Tá an bhonn don mhéid seo a leanas ann freisin: i) socrú le haghaidh mhalartú tráthrialta faisnéise a bhaineann le sábháilteacht táirgí neamhbhia; agus ii) socrú le haghaidh mhalartú tráthrialta faisnéise a bhaineann le bearta arna nglacadh maidir le táirgí neamhbhia neamhchomlíontacha nach bhfuil cumhdaithe faoin socrú a bhaineann le sábháilteacht táirgí neamhbhia;

Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 97 TBT den TCA maidir le plé teicniúil ar dhréacht-rialacháin theicniúla nó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta nó rialacháin dá leithéid a bheartaítear. Foráiltear in Airteagal 98 TBT den TCA go mbeidh comhar idir na Páirtithe i réimse na rialachán teicniúil, na gcaighdeán agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás ina mbeidh sé leasmhar dóibh araon agus gan dochar do neamhspleáchas a gcinnteoireachta agus a n-orduithe dlíthiúla féin.

Ní comhaontú um aitheantas frithpháirteach le haghaidh mheasúnú um comhréireacht den chineál a bhfuil tuairisc air i Roinn 9.2 áfach atá sa TCA, agus ní dhéantar foráil ann maidir le haitheantas frithpháirteach le haghaidh thorthaí comhlachtaí um measúnú comhréireachta i margaí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe.

Foráiltear sa TCA maidir le bonn maith le haghaidh chomhpháirtíocht bhuan sheasta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe lasmuigh de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.


(1)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 204/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30) agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann chun táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82)

(3)  Rialachán (AE) 2019/1020.

(4)  Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.03.2019, lch. 1).

(5)  Anois tagann Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 ina ionad lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015).

(6)  Ón 1.1.2013 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 tá oibleagáid ar gach eagraíocht náisiúnta um chaighdeánú a clár oibre a chur ar fáil go poiblí agus fógra á rá gurb ann dó sin a thabhairt do na heagraíochtaí náisiúnta eile um chaighdeánú, don eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus don Choimisiún.

(7)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach Commission Notice - Guide on Articles 34-36 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) [Fógra ón gCoimisiún – Treoir maidir le hAirteagail 34-36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)] C(2021)1457 agus le fáil anseo https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44906/attachments/2/translations/en/renditions/native agus https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44906/attachments/3/translations/en/renditions/native

(8)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 20 Feabhra 1979. - Rewe-Zentral AG v Bundesmonopolverwaltung für Branntwein. Cás 120/78. Tuarascálacha na Cúirte Eorpaí 1979 Leathanach 649

(9)  IO L 218, 13.8.2008 lch. 21.

(10)  Chun breis faisnéise a fháil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/515: Commission Notice - Guidance document for the application of Regulation (EU) 2019/515 of the European Parliament and of the Council of 19 March 2019 on the mutual recognition of goods lawfully marketed in another Member State and repealing Regulation (EC) No 764/2008 [Fógra ón gCoimisiún – Treoirdhoiciméad maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008] C(2021)1455 agus le fáil anseo: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44930/attachments/1/translations/en/renditions/native

(11)  IO C 136 an 4.6.1985, lch. 1

(12)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 19.

(13)  Airteagal 2.4 de Chomhaontú BTT EDT

(14)  I dtosach ba i bhfoirm Treoracha a bhí an reachtaíocht a glacadh faoi theicníc an Chur Chuige Nua dáiríre.

(15)  Tagairtí 93/465/CEE: Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir leis na modúil le haghaidh na gcéimeanna éagsúla de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na rialacha maidir le marcáil chomhréireachta CE a ghreamú agus a úsáid, atá beartaithe lena n-úsáid sna treoracha maidir le comhchuibhiú teicniúil. IO L 220, 30.8.1993, lch. 23

(16)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.

(17)  IO C 282, 25.11.2003, lch. 3.

(18)  Thug Parlaimint na hEorpa an t-ainm sin air i gcuimhne ar Michel Ayral, an Stiúrthóir in Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta, a bhí freagrach as an bPacáiste a chur le chéile.

(19)  IO L 218, 13.8.2008.

(20)  Úsáidtear an focal ‘cáilíocht’ chun an leibhéal sábháilteachta agus cuspóirí beartais phoiblí eile a ainmniú ar a ndírítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Rud nár cheart a mheascadh le brí an fhocail ‘cáilíocht’ sa chomhthéacs tráchtála lenar féidir idirdhealú a dhéanamh idir leibhéil éagsúla cáilíochta táirge.

(21)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(22)  https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/product-safety-and-requirements/product-safety/consumer-product-safety_en

(23)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

(24)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(25)  Is ann do thagairtí don Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí áfach, i ndáil le staideanna sonracha amhail táirgí athláimhe.

(26)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121).

(27)  Le reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe ón Aontas cumhdaítear freisin ‘cur i seirbhís’ (e.g. ardaitheoirí) nó ‘úsáid dhílis’ (e.g. innealra atá le húsáid ag an monaróir féin) mar a bheith coibhéiseach leis an ‘cur ar an margadh’.

(28)  Le Treoir 2014/90/AE maidir le trealamh muirí tagraítear do chur ar an margadh agus cur ar bord loinge ina bhfuil bratach Ballstáit de chuid an Aontais ar foluain, féach a hAirteagal 6.

(29)  Maidir le cur ar an margadh, cur ar fáil ar an margadh agus cur i seirbhís, féach Ranna 2.2, 2.3 agus 2.5.

(30)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE, tá sí lasmuigh d’ábhar an Treoirleabhair seo. De réir na treorach sin, tá oibleagáid ar dhíoltóirí táirgí tomhaltais laistigh den Aontas comhréireacht na dtáirgí le conradh a ráthú, ar feadh tréimhse 2 bhliain tar éis a seachadta. Mura seachadtar na táirgí i gcomhréir leis an gconradh díolacháin, is féidir le tomhaltóirí a iarraidh go ndéanfar na táirgí a dheisiú, a ionadú, agus go laghdófar a bpraghas nó go ndéanfar an conradh a chealú. Féadfaidh an díoltóir críochnaitheach, atá freagrach don tomhaltóir, an táirgeoir a chur faoi dhliteanas ina gcaidreamh gnó.

(31)  Féach caibidil 3.4 Dáileoirí.

(32)  Tuigtear leis sin nach mór don oibreoir eacnamaíoch a thairgeann an táirge a bheith in ann an fhianaise a sholáthar go gcomhlíonann an táirge na ceanglais infheidhme nó a áirithiú go soláthraítear an fhaisnéis sin i.e. tríd an gcomhad teicniúil a sholáthar arna iarraidh sin d’údarás faireachais margaidh.

(33)  Féach Airteagal 6 agus aithris 15 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(34)  Le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ní thoirmeasctar monarú táirgí chun ceanglais Ballstáit nach Ballstát den Aontas é a chomhlíonadh, mura gcuirfear na táirgí sin ar mhargadh an Aontais agus/nó mura gcuirfear i seirbhís ann iad. Le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ní thoirmeasctar allmhairiú táirgí nach gcomhlíonann ceanglais reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú, mura mbeartaítear na táirgí sin lena gcur ar an margadh ná lena gcur i seirbhís ar mhargadh an Aontais (e.g. scagtha/próiseáilte/ionchorpraithe sa mhargadh inmheánach) ach lena n-onnmhairiú lasmuigh de LEE.

(35)  Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheas gurb éard a chiallaíonn an tAontas na Ballstáit reatha, áit a dtarlaíonn saorghluaiseacht táirgí úsáidte agus athláimhe de réir Airteagail 34 agus 36 CFAE.

(36)  I gcásanna áirithe gabhann duine eile freagrachtaí an mhonaróra bunaidh, féach Caibidil 3.

(37)  Nuair atá siad lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais, páirteanna spártha nó páirteanna atá ar fáil agus margaithe ar leithligh mar tháirgí a bheartaítear le haghaidh tomhaltóirí chun bheith comhtháite i dtáirgí eile, amhail páirteanna seirbhíse nó comhpháirteanna a bheartaítear lena gcothabháil nó lena ndeisiú, mar sin féin ní mór an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach sa Treoir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí a chomhlíonadh leis na páirteanna sin.

(38)  Faoin reachtaíocht maidir le feistí leighis, sainmhínítear an téarma ‘athchóirithe go hiomlán’ (Airteagal 2(31)). Tá táirgí atá ‘athchóirithe go hiomlán’ inchurtha le táirgí nua.

(39)  Le roinnt Rialachán ón gCoimisiún a glacadh an 1 Deireadh Fómhair 2019 de bhun Threoir 2009/125/CE ceanglaítear infhaighteacht páirteanna spártha le linn tréimhse shonraithe le haghaidh catagóirí áirithe táirgí (amhail miasniteoirí teaghlaigh, fearais chuisniúcháin, meaisíní níocháin teaghlaigh agus niteoirí triomadóirí teaghlaigh, taispeáintí leictreonacha).

(40)  Le haghaidh táirgí a úsáidtear ag an áit oibre ní mór don fhostóir gach beart a dhéanamh is gá chun a áirithiú go mbeidh an trealamh oibre oiriúnach agus sábháilte agus go mbeidh trealamh deisithe chomh sábháilte céanna leis an trealamh bunaidh. Féach Roinn 3.5.

(41)  Féach Airteagal 2 (1) agus aithris 19 de Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis agus Airteagal 2 (1) agus aithris 17 de Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro.

(42)  Mar shampla, le Treoir 2006/42/CE maidir le hInnealra (Roinn 1.2.1 d’Iarscríbhinn I) ceanglaítear nach dtagann staideanna guaiseacha as locht i mbogearraí an chórais rialúcháin. Le Treoir 2014/32/AE maidir le hUirlisí Tomhais , ceanglaítear go ndéanfar bogearraí atá criticiúil le haghaidh saintréith mhéadreolaíochta a shainaithint amhlaidh agus a dhaingniú, agus go mbeidh bogearraí atá criticiúil le haghaidh saintréithe tomhais cosanta ar éillitheacht (roinn 8 d’Iarscríbhinn I). Cuirtear gnéithe bogearraí san áireamh i dTreoir 2014/53 freisin (an Treoir maidir le Trealamh Raidió).

(43)  Féach Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal R1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(44)  Gan cearta maoine intleachtúla a chur san áireamh.

(45)  I gcás ina gcuirfear táirge ar fáil trí thógáil ar cíos, ní hionann an táirge céanna a thógáil ar cíos arís agus arís eile agus é a chur ar an margadh as an nua. Ba ghá an táirge a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas tráth a tharlaíonn an chéad tógáil ar cíos.

(46)  E.g. sa Treoir maidir le hArdaitheoirí úsáidtear coincheap an ‘suiteálaí’ a chuireann táirgí ar an margadh freisin.

(47)  Is féidir freisin go mbeidh an slabhra dáilte ar an slabhra tráchtála de chuid an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe.

(48)  Féach, mar shampla, na Treoracha maidir le hInnealra, Ionstraimí Táscacha, ATEX, Pléascáin Shibhialta.

(49)  Nuair a chumhdaítear úsáid dhílis le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ní thagraítear leis sin don mhonaraíocht ócáideach le haghaidh úsáid dhílis ag duine príobháideach i gcomhthéacs neamhthráchtála.

(50)  Ní áirítear leis an eisceacht sin táirgí a ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch iad a loingsiú chuig na tomhaltóirí san Aontas, amhail i gcás táirgí a cheannaítear ar líne agus a loingsítear chuig an Aontas.

(51)  Le haghaidh ionadaí údaraithe, féach Roinn 3.2.

(52)  Féach Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena mbunaítear cód custaim an Aontais. I gcomhréir leis an Rialachán seo, earraí nach earraí de chuid an Aontais iad a chuirtear faoi nós imeachta custaim fionraíochta nó i gcrios saorthrádála, tá siad faoi réir maoirseacht custaim agus ní thairbhíonn siad den tsaorchúrsaíocht sa mhargadh inmheánach. Sula dtairbhíonn siad den tsaorchúrsaíocht sa mhargadh inmheánach, ní mór na hearraí sin a dhearbhú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht. Is é atá i gceist leis sin cur i bhfeidhm beart beartais tráchtála, tabhairt i gcrích foirmiúlachtaí eile a leagtar síos i leith allmhairiú earraí agus muirearú aon dleachta atá dlite go dlíthiúil.

(53)  Ní mór an fhréamhshamhail a bheith sábháilte agus faoi rialú agus maoirseacht iomlán. Is é a bheadh i gceist le coinníollacha rialaithe - oibreoirí saineolaíocha, srianta ar theagmháil an phobail leis an táirge, idirghabháil mhíchuí le táirgí comharsanacha a sheachaint etc.

(54)  Mar sin féin, sna himthosca sin ní mór a léiriú go soiléir le comhartha físiúil nach bhféadfar an táirge atá i gceist a chur ar an margadh ná a chur i seirbhís go dtí go n-áiritheofar go bhfuil sé comhlíontach.

(55)  An dearadh i gcomhréir le buncheanglais an ghnímh dlí is infheidhme, an measúnú riosca agus comhréireachta ina dhiaidh sin, eisiúint an Dearbhaithe Comhréireachta, na ceanglais mharcála (marcáil CE, ainm, seoladh an mhonaróra etc), tiomsú an chomhaid theicniúil, ní mór an méid sin a bheith curtha i gcrích ag an monaróir tráth a chuirtear an táirge ar an margadh.

(56)  Ach amháin má cuireadh ar mhargadh an Aontais iad roimh a n-onnmhairiú chuig tríú tír, agus a n-allmhairiú ina dhiaidh sin isteach san Aontas.

(57)  Maidir le faireachas margaidh, féach Caibidil 7.

(58)  Féach Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(59)  Féach aithris 15 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(60)  Féach inter alia Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(61)  Leis an míniú seo ní fhéachtar le déileáil leis an gceist a bhaineann le dliteanas idirghabhálach agus ní fhéadfar na hidirghabhálaithe sin a chumhdach leis an téarma ‘oibreoir ar líne’ a úsáidtear sa chomhthéacs seo.

(62)  Maidir le cur i seirbhís, féach Roinn 2.6.

(63)  Féach aithris 53 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(64)  Féach Airteagail 25 go 28 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(65)  Maidir le ról an allmhaireora, féach Pointe 3.3.

(66)  Tugtar faoi deara gurb amhlaidh i réimse na bhfeistí leighis a threisítear ról an ionadaí údaraithe agus atá sé ina phríomh-idirghabhálaí de chuid údarás faireachais margaidh le haghaidh táirgí i gcomhair tríú tíortha.

(67)  Le haghaidh ról an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020, féach pointe 3.6.

(68)  Níl coincheap an ‘cur i seirbhís’ ábhartha le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais. Is féidir go mbeidh sé éagsúil de réir reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais, amhail an reachtaíocht maidir le feistí leighis.

(69)  A mhéid a bhaineann le hardaitheoirí agus táirgí coibhéiseacha, ba cheart a mheas go dtarlaíonn an cur i seirbhís tráth atá an chéad úsáid laistigh den Aontas indéanta.

(70)  I gcás na Treorach maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE, le hAirteagal 7 rialáiltear srianta leis an gcur i seirbhís. Féadfaidh na Ballstáit srian a chur le trealamh raidió a chur i seirbhís ar chúiseanna a bhaineann le húsáid éifeachtach agus iomchuí an speictrim raidió, cur isteach díobhálach a sheachaint nó ábhair a bhaineann leis an tsláinte phoiblí

(71)  E.g. ídiú fuinnimh.

(72)  Mar shampla: an Treoir a bhaineann le trealamh ísealvoltais níl sí infheidhme maidir le trealamh leictreach chun críoch leighis, ina ionad sin beidh feidhm ag an reachtaíocht a bhaineann le feistí leighis maidir leis sin; an Treoir a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, níl sí infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht shonrach lena ndéantar na ceanglais chosanta a shonraítear sa Treoir maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a chomhchuibhiú; an Treoir a bhaineann le hardaitheoirí, níl sí infheidhme maidir le hardaitheoirí atá nasctha le hinnealra agus a bheartaítear go heisiach le haghaidh rochtain ar an áit oibre, ina ionad sin tá feidhm ag an Treoir a bhaineann le hinnealra maidir leis sin; trealamh muirí, atá faoi raon feidhme treoracha eile freisin seachas an Treoir maidir le trealamh muirí, eisiatar ó chur i bhfeidhm na dtreoracha sin é. Trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/53/AE maidir le Trealamh Raidió, tá sé díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/35/AE maidir le hÍsealvoltas.

(73)  E.g. áirítear le Treoir 2014/33/AE maidir le hArdaitheoirí ceanglais ábhartha de Threoir 2006/42/CE maidir le hInnealra agus áirítear le Treoir 2014/53/AE maidir le Trealamh Raidió ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/35/AE maidir le hÍsealvoltas agus Threoir 2014/30/AE maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach.

(74)  Mar shampla: leis an Treoir maidir le hInnealra cumhdaítear na guaiseacha uile a thagann ó innealra, lena n-áirítear guaiseacha leictreacha. Mar sin féin, maidir le guaiseacha leictreacha innealra, leis an Treoir maidir le hInnealra tagraítear do chuspóirí sábháilteachta na Treorach maidir le hÍsealvoltas, atá le cur i bhfeidhm ina n-aonair.

(75)  Maidir le cur ar fáil, féach Roinn 2.2.; maidir le cur i seirbhís, féach 2.6.

(76)  Tugtar faoi deara go gceanglaítear ar an monaróir le Treoir 2006/42/CE maidir le hInnealra ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ a chur san áireamh.

(77)  Le haghaidh táirgí allamuigh, i bhfianaise éifeachtaí na n-athruithe ar dhálaí aeráide freisin.

(78)  Thairis sin, uirlis a dearadh agus atá beartaithe lena húsáid ag gairmithe agus acu amháin, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfeadh neamhghairmithe í freisin; dá dhroim sin, maidir leis an dearadh agus leis na treoracha atá ag gabháil léi, ní mór an fhéidearthacht sin a chur san áireamh.

(79)  Le haghaidh táirgí díonta ar an athrú aeráide, féadfaidh monaróirí agus gnáthscríbhneoirí treoraíocht a lorg ó ISO:EN 14091, Treoir CEN 32 agus fógra 2021/C 373/01 ón gCoimisiún maidir le treoir theicniúil maidir le díonadh bonneagair ar an athrú aeráide sa tréimhse 2021-2027. Cé go mbaineann na doiciméid sin lena áirithiú go mbeidh an bonneagar agus eagraíochtaí aeráid-díonach, is féidir prionsabail na leochaileachta agus an mheasúnaithe riosca agus roinnt modhanna chun an athléimneacht a mhéadú a chur i bhfeidhm maidir le táirgí freisin.

(80)  Le haghaidh breis mionsonraí, féach Commission Staff Working Paper on Obstacles to access by Andorra, Monaco and San Marino to the EU’s Internal Market and Cooperation in other Areas [Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir le Constaicí roimh Andóra, Monacó agus San Mairíne ar rochtain ar Mhargadh Inmheánach an Aontais agus Comhar i Réimsí eile] (SWD(2012) 388 final) le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A52012SC0388

(81)  Le haghaidh breis faisnéise maidir le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas féach https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/notice_to_stakeholders_industrial_products.pdf

(82)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, IO L 29, 31.1.2020, lch. 7 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’).

(83)  https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/notice_to_stakeholders_industrial_products.pdf

(84)  Féach roinn 3.3 thíos maidir leis an allmhaireoir. I gcás ardaitheoirí, ní ann d’allmhaireoirí ná do dháileoirí ós rud é nach dtagann ardaitheoirí chun cinn mar tháirgí críochnaithe ach nuair atá siad suiteáilte i bhfoirgnimh nó i ndéantúis. Dá dhroim sin, ní chuireann an suiteálaí ardaitheoirí ar an margadh ach nuair a sholáthraítear iad lena n-úsáid, tar éis a suiteála agus chur i gcrích an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme, marcáil CE a ghreamú agus an Dearbhú Comhréireachta a eisiúint. Féach Airteagal 2(5) agus aithris 4 de Threoir 2014/33/AE.

(85)  Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/745 (lena n-ionadaítear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón 26 Bealtaine 2021, i gcás ina raibh Airteagail 10a agus Airteagal 14 faoi seach ina bhforálacha comhfhreagracha) agus Airteagal 10 de Threoir 98/79/CE maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (le hionadú ón 26 Bealtaine 2022 le Rialachán (AE) 2017/746 i gcás inarb é an fhoráil chomhfhreagrach atá ann Airteagal 11).

(86)  Airteagal 13 de Threoir 2014/90/AE.

(87)  Tá feidhm freisin ag na hiarmhairtí dlíthiúla a leagtar amach mutatis mutandis maidir le deimhnithe nó formheasanna arna n-eisiúint ag cigireacht úsáideora nó eagraíocht tríú páirtí aitheanta arna hainmniú ag údaráis na Ríochta Aontaithe faoi Threoir 2014/68/AE maidir le Brú-threalamh.

(88)  I réimse árthaí áineasa agus scairdscútar pearsanta, ní mór cód uathúil an mhonaróra arna shannadh ag údaráis na mBallstát nó comhlachtaí náisiúnta údaraithe a bheith ar gach scairdscútar a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

(89)  Féach Caibidil 6 den Treoirleabhar seo le haghaidh mionsonraí breise maidir le creidiúnú.

(90)  Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(91)  Airteagal 18 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

(92)  Airteagal 5(4) agus ranna 8 go 19, 21, 23, 27, agus 28 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

(93)  Airteagal 7(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hAirteagal 13(1) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann.

(94)  I gcás ina bhfuil gá le malartú faisnéise nó comhairliúchán frithpháirteach, déanfar sin sa mheitheal chomhairleach chomhpháirteach a bhunaítear le hAirteagl 15 den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann.

(95)  An cúigiú fomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann

(96)  Airteagal 13(6) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann

(97)  An chéad fhomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann.

(98)  An ceathrú fomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann.

(99)  An ceathrú fomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal maidir le hÉireann/Tuaisceart Éireann.

(100)  Mar shampla, is féidir táirge den sórt sin a dhíol go dleathach fós tar éis na hidirthréimhse má tá an táirge ar stoc ag trádstóras na ndáileoirí, i.e. gur cuireadh an táirge ar an margadh cheana agus gur tharla athrú úinéireachta.

(101)  Ós rud é nach socraítear aon teorainn ama leis an Treoir maidir le brú-threalamh le haghaidh an chur i seirbhís, is féidir táirgí a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur i seirbhís aon tráth gan bheith faoi réir coinníollacha breise de réir na Treorach seo. Maidir le cur ar an margadh agus cur i seirbhís, féach Ranna 2.3 agus 2.5.

(102)  Le haghaidh dhearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh, féach Roinn 4.4.; le haghaidh mharcáil CE, féach Roinn 4.5.1.

(103)  I bhFeabhra 2014, glacadh ‘Pacáiste Ailíniúcháin’ ina bhfuil ocht dtreoir. Tá Treoracha an phacáiste ailíniúcháin infheidhme ón 20 Aibreán 2016 agus níl a gceanglais fhíor-riachtanacha modhnaithe. Áirítear ann Treoir 2014/35/AE (Ísealvoltas); Treoir 2014/30/AE (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach); Treoir 2014/34/AE (ATEX); Treoir 2014/33/AE (Ardaitheoirí); Treoir 2014/29/AE (Árthaí Brú Simplí); Treoir 2014/32/AE (Uirlisí Meáite); Treoir 2014/31/AE (Uirlisí Neamh-uathoibríocha Meáite); Treoir 2014/28/AE (Pléascáin Shibhialta). Rinneadh Treoir 2013/29/AE (Earraí Piriteicniúla) a ailíniú le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE freisin agus tháinig sí i bhfeidhm an 1 Iúil 2015.

(104)  Féach Airteagal R1 (7) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020. Le reachtaíocht áirithe áirítear eintitis shonracha eile a bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh acu, amhail Treoir 2013/53/AE maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce, lena gceanglaítear go n-áiritheoidh allmhaireoir príobháideach, sula gcuireann sé an táirge i seirbhís, gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha. Ba cheart d’údaráis faireachais margaidh díriú ar na heintitis sin má tá siad ar na cinn is ábhartha le haghaidh cáis. Leis an sainmhíniú ar oibreoir eacnamaíoch i Rialachán (AE) 2019/1020 cuimsítear na heintitis sin trí thagairt a dhéanamh “d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na táirgí a mhonarú, iad a chur ar fáil ar an margadh nó iad a chur i seirbhís i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha ón Aontas um chomhchuibhiú” agus tugtar liosta neamhchuimsitheach de shamplaí in aithris 14. Is samplaí breise iad an t-úinéir agus an t-oibreoir a shainmhínítear i dTreoir 2010/35/AE, agus an déileálaí nó duine nádúrtha nó dlítheanach a théann i mbun stórála, úsáide, aistrithe, allmhairithe, onnmhairithe nó trádála pléascán, dá dtagraítear i dTreoir 2014/28/AE.

(105)  Féach Airteagal R1 (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(106)  Féach Airteagal R6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(107)  Is minic a thagraítear do na monaróirí sin mar ‘lipéadóirí branda dhílis’ nó ‘lipéadóirí príobháideacha’.

(108)  Le Treoir 2014/33/AE maidir le hArdaitheoirí úsáidtear coincheap an tsuiteálaí chun freagrachtaí a fhorchur ar an duine a áirithíonn go bhfuil táirge oibríochtúil agus réidh le húsáid. Comhcheanglaíonn ról an tsuiteálaí eilimintí monaraíochta agus cur i seirbhís agus meastar go bhfuil sé bunúsach chun an táirge deiridh a sheachadadh.

(109)  Airteagal R2 (1) de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE

(110)  D’fhéadfadh úsáid siombailí de réir caighdeáin idirnáisiúnta a bheith mar rogha malartach ar ráitis scríofa.

(111)  I gcásanna sonracha, ina ndíoltar roinnt táirgí comhionanna iomadúla le chéile agus ina bheartaíonn an monaróir go ndíoltar iad le chéile leis an úsáideoir deiridh nó atá le díol i bpacáistíocht le húsáid in aon fheidhm amháin (e.g. trealamh suiteála), tá sé leordhóthanach sraith treoracha amháin a bheith ag gabháil leis an aonad seolta. Mar sin féin, má dhíchóimeáiltear an chuach agus má dhíoltar na táirgí comhionanna iomadúla ina n-aonar, ní mór don oibreoir eacnamaíoch a dhíchóimeálann an chuach agus a chuireann na táirgí aonair ar fáil a áirithiú go gabhann sraith treoracha agus faiséis sábháilteachta le gach táirge aonair.

(112)  Ní cheanglaítear i reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais treoracha agus faisnéis sábháilteachta araon ós rud é nach mbaineann reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais le sábháilteacht.

(113)  Tá oibleagáid ag an monaróir, an t-allmhaireoir agus an dáileoir a áirithiú go bhfuil treoracha ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Ní mór do gach oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar fáil i mBallstát a áirithiú go bhfuil gach ceann de na teangacha is gá ar fáil.

(114)  Mura sonraítear a mhalairt i reachtaíocht shonrach, cé nach mór an fhaisnéis sábháilteachta a sholáthar ar pháipéar, ní éilítear go ndéanfar gach cuid den tsraith treoracha a sholáthar ar pháipéar ach d’fhéadfaidís a bheith i bhfoirm leictreonach nó i bhformáid stórála sonraí eile nó ar shuíomh gréasáin fiú. I gcás inarb amhlaidh sin, ní mór don tsraith iomlán treoracha fanacht inrochtana ar feadh tréimhse réasúnta tar éis an táirge a chur ar an margadh ag brath ar úsáid bheartaithe an táirge. Mar sin féin, ba cheart leagan páipéir a bheith ar fáil saor in aisce i gcónaí le haghaidh na tomhaltóirí a iarrann an méid sin. Ní mór don mhonaróir úsáid bheartaithe agus úsáideoirí deiridh an táirge a chur san áireamh nuair atá formáid shonrach na dtreoracha agus na faisnéise sábháilteachta á meas.

(115)  Is é a thuigfear as sin an mhír dheireanach den tsamhail táirge a cuireadh ar an margadh.

(116)  Chun críche nareachtaíochta maidir le Feistí Leighis, caithfidh an monaróir an áit ghnó a shonrú.

(117)  Ní áirítear cúiseanna aeistéitiúla leis sin.

(118)  Tabhair faoi deara go n-eisítear an fhéidearthacht an phacáistíocht a úsáid chun an ceanglas sin a chomhlíonadh i reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais (e.g. an Treoir maidir le hÁrthaí Brú Simplí)

(119)  Féadfaidh monaróirí suíomh gréasáin, seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin a chur leis an bhfaisnéis teagmhála. Féadfar seoladh suíomh gréasáin a thabhairt i dteannta seoladh poist, ach ní ina ionad. Is é atá i seoladh de ghnáth sráid agus uimhir nó bosca poist agus uimhir mar aon le cód poist agus baile, ach d’fhéadfadh múnlaí éagsúla a bheith ann ag brath ar an tír. Chomh maith leis sin, tá sé úsáideach seoladh ríomhphoist agus/nó uimhir theileafóin a chur san áireamh chun teagmháil phras leis na húdaráis ábhartha a éascú.

(120)  Féach reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú a bhaineann le trealamh ísealvoltais, bréagáin, innealra, uirlisí neamh-uathoibríocha meáite, feistí leighis gníomhacha so-ionchlannaithe, gairis gháis, feistí leighis, atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach, árthaí áineasa, ardaitheoirí, brú-threalamh, feistí leighis diagnóiseacha in vitro , agus trealamh theirminéal raidió agus teileachumarsáide. Thairis sin, de réir na reachtaíochta maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro , tá sé d’oibleagáid ar mhonaróir a chuireann feistí ar mhargadh an Aontais faoina ainm féin clárú sa Bhallstát ina bhfuil a áit ghnó.

(121)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gceanglas maidir le hainm agus seoladh, féach Pointe 4.2.2.1.

(122)  E.g. marcáil ATEX, an mharcáil torainn le haghaidh trealamh allamuigh nó marcáil méadreolaíochta bhreise a mharcáiltear i gcás meaisíní meáite agus uirlisí meáite neamh-uathoibríocha.

(123)  Le haghaidh na n-oibleagáidí faisnéise i gcás deimhnithe ar chineálscrúdú AE, féach Iarscríbhinn II de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE, Modúl B, pointe 7.

(124)  E.g. na Treoracha maidir le hÁrthaí Brú Simplí agus ATEX.

(125)  Ba cheart tabhairt faoi thástáil samplála den sórt sin nuair a mheastar í a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le táirge, d’fhonn sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint (féach Airteagal R2.4 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE).

(126)  Tá an leibhéal riosca inghlactha don táirge sainithe ag na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas. Dá thoradh sin, ní mór do mhonaróirí an t-údarás inniúil a chur ar an eolas i gcás ina measann siad nó ina bhfuil údar acu le creidiúint nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais fíor-riachtanacha is infheidhme.

(127)  https://webgate.ec.europa.eu/gpsd/screen/public/home

(128)  Ní gá gurb ionann an iarraidh réasúnaithe agus cinneadh foirmiúil ó údarás. De réir Airteagal 7 (1) de Rialachán (AE) 2019/1020, ‘comhoibreoidh na húdaráis eacnamaíocha leis na húdaráis faireachais margaidh maidir le bearta lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil ar an margadh nó iad a mhaolú’. Chun iarraidh a bheith réasúnaithe is leordhóthanach don údarás faireachais margaidh an comhthéacs ina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh a mhíniú (e.g. cigireacht ar shaintréithe sonracha na dtáirgí, seiceálacha randamacha, etc.)

(129)  Níl sé seo infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bhaineann le bréagáin, trealamh ísealvoltais, pléascáin shibhialta agus fearais chuisniúcháin, ós rud é nach gcumhdaítear sna treoracha sin ach cur ar fáil ar an margadh. Thairis sin, níl sé infheidhme maidir le hárthaí áineasa a tógadh le haghaidh úsáide pearsanta, ar choinníoll nach gcuirfear é ar an margadh ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana, nó maidir le hárthaí a dearadh roimh 1950.

(130)  Airteagal R6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(131)  Thairis sin, de réir na dTreoracha a bhaineann le hinnealra agus ardaitheoirí, is ar aon duine a chuireann an táirge ar an margadh atá oibleagáidí maidir le nós imeachta measúnaithe comhréireachta, i gcás nach gcomhlíonann an monaróir ná an t-ionadaí údaraithe ná suiteálaí an ardaitheora na hoibleagáidí sin.

(132)  Tabhair faoi deara nach bhforáiltear maidir le hionadaí údaraithe i reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais.

(133)  Mar eisceacht air sin, de réir na reachtaíochta maidir le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro ní mór don mhonaróir duine atá bunaithe san Aontas a ainmniú le bheith freagrach as margaíocht na bhfeistí leighis, mura bhfuil áit ghnó chláraithe aige i mBallstát agus má chuireann sé feistí ar mhargadh an Aontais faoina ainm féin. Le Treoir 2014/90/AE maidir le Trealamh Muirí éilítear ar an monaróir nach bhfuil suite i gcríocha Ballstáit amháin ar a laghad ionadaí údaraithe don Aontas a cheapadh freisin. D’fhéadfadh gá a bheith ag monaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, i gcás slabhraí soláthair áirithe, ionadaí údaraithe a bheith aige le gníomhú mar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(134)  Maidir le hoibleagáidí an allmhaireora féach Roinn 3.3.

(135)  Chun críche an Treoirleabhair seo, is éard atá in allmhairí táirgí a mhonaraítear i dtríú tíortha agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Ní ‘allmhairí’ iad táirgí a mhonaraítear i mBallstát amháin agus a chuirtear ar an margadh i mBallstát eile mar tarlaíonn an fheidhm sin laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais.

(136)  Ní gá gurb é an t-allmhaireoir an duine a iompraíonn an táirge, ach d’fhéadfadh sé a bheith mar an duine a ndéantar an ghníomhaíocht sin ar a shon.

(137)  Féach Caibidil 7 maidir le Faireachas Margaidh.

(138)  Ní cheanglaítear i reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais treoracha agus faisnéis sábháilteachta araon ós rud é nach mbaineann reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais le sábháilteacht.

(139)  I bhfianaise na n-oibleagáidí sin, meastar go ginearálta é a bheith mar dhea-chleachtas d’allmhaireoirí tabhairt faoin méid a leanas: tagairt don reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme a dhéanamh sa chonradh lena sholáthróir (ag lua oibleagáidí an mhonaróra faoi dhlí an Aontais); a áirithiú go bhfuil rochtain aige ar an gcomhad teicniúil, nó a áirithiú gur shínigh an monaróir oibleagáid chun an doiciméadacht theicniúil a sholáthar má iarrann na húdaráis faireachais margaidh í.

(140)  Braitheann sé ar an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas.

(141)  Tabhair faoi deara go bhféadfaí foráil a dhéanamh le reachtaíocht chomhchuibhithe earnálach áirithe de chuid an Aontais maidir le ceanglais níos doichte..

(142)  Is é a thuigfear as sin an mhír dheireanach den tsamhail táirge a cuireadh ar an margadh.

(143)  Níl sé d’oibleagáid ag allmhaireoirí cóip den doiciméadacht theicniúil a bheith acu ach áiritheoidh siad go gcuirfear cóip ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. Fiú mura bhfuil aon oibleagáid fhollasach ann, moltar don allmhaireoir dearbhú foirmiúil i scríbhinn a éileamh ón monaróir go gcuirfear na doiciméid ar fáil tráth a iarrann an t-údarás faireachais orthu.

(144)  Ní gá gurb ionann an iarraidh réasúnaithe agus cinneadh foirmiúil ó údarás. De réir Airteagal 7 (1) de Rialachán (AE) 2019/1020, ‘comhoibreoidh na húdaráis eacnamaíocha leis na húdaráis faireachais margaidh maidir le bearta lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil ar an margadh nó iad a mhaolú’. Chun iarraidh a bheith réasúnaithe is leordhóthanach don údarás faireachais margaidh an comhthéacs ina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh a mhíniú (e.g. cigireacht ar shaintréithe sonracha na dtáirgí, seiceálacha randamacha, etc.)

(145)  Airteagal R4(6) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(146)  Tagraíonn cúram cuí don iarracht arna déanamh ag an ngnáthpháirtí stuama nó réasúnach chun díobháil do pháirtí eile a sheachaint, agus na himthosca á gcur san áireamh. Tagraíonn sé don leibhéal breithiúnais, cúraim, stuamachta, cinnteachta, agus gníomhaíochta a bhfuil coinne leis ó dhuine faoi imthosca áirithe.

(147)  Airteagal R5(1) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(148)  Airteagal R5(2), an chéad mhír d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(149)  I gcás ina n-éilítear go sainráite le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú go mbeadh dearbhú comhréireachta AE ag gabháil leis an táirge, caithfidh an dáileoir a áirithiú gurb amhlaidh an cás.

(150)  Ní cheanglaítear i reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais treoracha agus faisnéis sábháilteachta araon ós rud é nach mbaineann reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais le sábháilteacht.

(151)  Féach oibleagáidí an mhonaróra i bpointe 3.1 agus oibleagáidí an allmhaireora i bpointe 3.3.

(152)  Airteagal R5(2), an dara mír d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(153)  Airteagal R5(2), an dara mír agus Airteagal R5(4) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(154)  Ní gá gurb ionann an iarraidh réasúnaithe agus cinneadh foirmiúil ó údarás. De réir Airteagal 19(1), mír 2 de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008, ‘féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha cibé doiciméid agus faisnéis a chur ar fáil is dealraitheach dóibh a bheith riachtanach chun críche a ngníomhaíochtaí a dhéanamh’. Chun iarraidh a bheith réasúnaithe is leordhóthanach don údarás faireachais margaidh an comhthéacs ina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh a mhíniú (e.g. cigireacht ar shaintréithe sonracha na dtáirgí, seiceálacha randamacha, etc.)

(155)  Airteagal R5(5) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(156)  Airteagal R7(2) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(157)  Airteagal R5(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE

(158)  Féach Breithiúnas na Cúirte: cás C-271/92.

(159)  Mar a shainítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

(160)  Mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).

(161)  Féach Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(162)  Mar a chuimsigh siad sa sainmhíniú ar oibreoirí eacnamaíocha in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020, dá dtagraítear, inter alia, in Airteagail 7 agus 14 den Rialachán.

(163)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar an oibreoir eacnamaíoch freagrach, féach ar Fhógra C(2021)1461 ón gCoimisiún “Guidelines for economic operators and market surveillance authorities on the practical implementation of Article 4 of Regulation (EU) 2019/1020 on market surveillance and compliance of products” [Treoirlínte d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis faireachais margaidh maidir le cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44908/attachments/2/translations/en/renditions/native

(164)  Cumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais sin sábháilteacht i mbréagáin, trealamh leictreach, trealamh raidió, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach (‘RoHS’); táirgí a bhaineann le fuinneamh (‘éicidhearthóireacht’), fearais gháis, táirgí tógála, innealra, trealamh amuigh faoin aer (‘torann amuigh faoin aer’), trealamh le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (‘ATEX’), brú-threalamh, árthaí brú simplí, earraí piriteicniúla, báid phléisiúir, uirlisí tomhais, uirlisí neamh-uathoibríocha meáite, trealamh cosanta pearsanta agus córais aerárthaí gan foireann (‘dróin’)

(165)  Mír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(166)  Féach ranna 3.1 agus 3.3 thuas.

(167)  Foráiltear in Aithris 53 den Rialachán go bhforáiltear le hAirteagail 220, 254, 256, 257 agus 258 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 ina leagtar amach Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1) maidir le táirgí atá á dtabhairt isteach i margadh an Aontais ar ghá tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ionas go gcomhlíonfar an reachtaíocht chomhchuibhithe is infheidhme ón Aontas leo, go gcuirfear faoin nós imeachta custaim iomchuí iad faoinar féidir leis an allmhaireoir an phróiseáil sin a dhéanamh.

(168)  Is é a thuigfear as sin an mhír dheireanach den tsamhail táirge a cuireadh ar an margadh.

(169)  Déantar tagairt shonrach do na roghanna sin i bhformhór de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir leis an monaróir agus an t-allmhaireoir; tá gníomhaíochtaí ceartaitheacha féideartha eile liostaithe in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(170)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (An Treoir maidir le ríomhthráchtáil) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(171)  Is iad seo na gníomhaíochtaí eile ar a dtugtar tuairisc sa Treoir: 1) ‘gníomhaíochtaí cainéil fhóraigh’ amhail faisnéis (arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse) a tharchur nó rochtain a sholáthar ar líonra cumarsáide (e.g. soláthraithe idirlín) agus 2) ‘gníomhaíochtaí taiscthe’ amhail tarchur faisnéise a dhéanamh níos éifeachtúla, e.g. dúbláil bunachair sonraí lena gcóipeáiltear inneachar an fhreastalaí tosaigh chun cumhdach domhanda a áirithiú.

(172)  I gCás C-324/09, L'Oréal vs. eBay, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur bhain an cheist maidir leis na coinníollacha chun tairbhiú de dhíolúine ó dhliteanas le cibé an raibh eBay feasach maidir leis na fíorais agus na himthosca ónarbh léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach (féach míreanna 120-123).

(173)  Fógra ón gCoimisiún maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne (IO C 250, 1.8.2017, lch. 1)

(174)  Féach Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(175)  Cuirtear oibleagáid ar allmhaireoirí príobháideacha le Treoir 2013/53/AE maidir le hárthaí áineasa, áfach.

(176)  Féach Ranna 4.2 agus 3.6 chun tuilleadh mionsonraí a fháil)

(177)  Maidir le coincheap na ‘húsáide beartaithe’, féach Roinn 2.8 thuas.

(178)  Maidir leis an doiciméadacht theicniúil, féach Pointe 4.3.

(179)  Fiú i gcás ina n-úsáideann an monaróir caighdeán comhchuibhithe (i gcás ina bhfuil an tagairt dó foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus inar cuspóir dó rioscaí áirithe a chumhdach) chun ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh, is gá an measúnú riosca a dhéanamh agus ní mór dó a sheiceáil cibé acu a chumhdaítear leis an gcaighdeán gach riosca a bhaineann leis an táirge nó nach gcumhdaítear. Déantar é sin toisc nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcumhdaítear gach ceanglas de gach gníomh reachtach is infheidhme maidir le táirge ar leith leis an gcaighdeán comhchuibhithe (nó, go deimhin, gach ceanglas den ghníomh sonrach faoinar forbraíodh é) nó cibé acu a thugtar rioscaí eile nach meastar a bheith sa chaighdeán comhchuibhithe isteach leis an táirge atá i gceist freisin nó nach dtugtar.

(180)  De réir Threoir (AE) 2016/797 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, cumhdaítear gach fochóras le Sonraíocht Theicniúil Idir-Inoibritheachta (TSI), lena sonraítear na ceanglais fhíor-riachtanacha. De réir Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta, i gcás inar gá, déantar na ceanglais fhíor-riachtanacha a scagadh nó a chomhlánú le rialacha cur chun feidhme le haghaidh na hidir-inoibritheachta.

(181)  Amhail na ceanglais ghinearálta sábháilteachta agus feidhmíochta faoi Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro.

(182)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(183)  Chun an sainmhíniú ar ‘sonraíocht theicniúil’ a fháil, féach Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(184)  CEN (an Coiste Eorpach um Chaighdeánú); CENELEC (An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil); ETSI (Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide).

(185)  (SWD(2015) 205 final, 27.10.2015) atá ar fáil ag https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards/vademecum-european-standardisation_en

(186)  I ndáiríre, ní fhéadfaidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú rún a dhearbhú ach amháin chun ceanglais áirithe a chumhdach agus toimhdítear (nó baintear) an rún sin a thuilleadh tráth a fhoilsítear tagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (nó a bhaintear uaithi í) (féach Pointí 4.1.2.4 agus 4.1.2.5).

(187)  Is iondúil go dtugann na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ‘Iarscríbhinn ZA, ZB nó ZZ’ etc. ar an iarscríbhinn sin.

(188)  Tá sé fíor-riachtanach a thuiscint nach dtionscnaítear ‘toimhde comhréireachta’ trí thagairt a dhéanamh do chaighdeán comhchuibhithe i ndearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh gan an caighdeán sin, nó codanna de, a chur i bhfeidhm.

(189)  Sa chomhthéacs sin, tuigtear an téarma sin mar a shainmhínítear é le Treoir ISO/IEC 51 Gnéithe sábháilteachta – Treoirlínte maidir lena gcur san áireamh i gcaighdeáin, ar treoirlíne ghinearálta í chun caighdeáin a fhorbairt a rachaidh i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta.

(190)  Tá seirbhís gréasáin lena dtugtar rochtain ar na liostaí is déanaí de thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe agus de chaighdeáin Eorpacha eile atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le fáil ag: https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards/harmonised-standards_en

(191)  Le cineál deonach na gcaighdeán, déantar tagairt do na caighdeáin iontu féin agus do na caighdeáin mar a fhoilsíonn eagraíochtaí caighdeánaithe iad a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhonn deonach i gcónaí.

(192)  Féach na Treoracha a bhaineann le hárthaí brú simplí, bréagáin, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, trealamh raidió, innealra, ardaitheoirí agus árthaí áineasa. Leis an easpa caighdeán comhchuibhithe, féadfar nós imeachta sonrach a chur i bhfeidhm dá bharr, féach mar shampla an Treoir maidir le Brú-threalamh (féadfar faomhadh Eorpach a bhronnadh ar ábhair nach gcumhdaítear le haon chaighdeán comhchuibhithe agus atá beartaithe lena n-úsáid arís agus arís eile chun brú-threalamh a mhonarú) nó na Rialacháin maidir le feistí leighis agus maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (lena bhféadfaidh an Coimisiún ‘sonraíochtaí comhchoiteanna’ a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme).

(193)  Bíonn Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 infheidhme de réir a chéile tar éis na hairteagail agóide atá sa reachtaíocht earnála a bhaint. Idir an dá linn, féadfaidh nósanna imeachta sonracha a bheith i roinnt reachtaíochta de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, amhail an Treoir a bhaineann le trealamh raidió lena bhforáiltear d’fhéidearthacht le haghaidh an Choimisiúin, i gcás easnaimh na gcaighdeán comhchuibhithe, chun treoirlínte maidir le léirmhíniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe, nó na dálaí faoinar féidir na caighdeáin sin a chomhlíonadh, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(194)  Is féidir le Parlaimint na hEorpa an t-ábhar imní sin a chur in iúl i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(195)  I gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus 11(4)-(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

(196)  Chun an clásal coimirce a fháil, féach Roinn 7.4.

(197)  https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards/notification-system_en

(198)  Faoi théarmaí a gcuid rialacha inmheánacha, déanann naEECanna athbhreithniú ar a gcaighdeáin – cibé acu ar forbraíodh ar bhonn iarraidh ar chaighdeánú ar dtús iad nó nár forbraíodh – ar eatraimh nach mó ná 5 bliana iad. Féadfar caighdeán ábhartha a dheimhniú (gan aon ghníomhaíocht), a athbhreithniú nó a tharraingt siar mar thoradh ar an athbhreithniú tréimhsiúil sin.

(199)  Vademecum maidir le Caighdeánú Eorpach (SWD(2015) 205 final, 27.10.2015 Cuid III).

(200)  Féach freisin an sainmhíniú ar ‘tháirgí Eorpacha caighdeánúcháin’ in Airt. 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

(201)  I gcás Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta, má roghnaíonn monaróir gan cloí le caighdeán comhchuibhithe, tugtar dearbhú oiriúnachta úsáide ar an dearbhú sin.

(202)  Treoir (AE) 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchláir mhóibíleacha na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí, Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro , Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le leasacháin, agus Treoir (AE) 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí.

(203)  E.g. sonraíochtaí comhchoiteanna faoi Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro

(204)  E.g. sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchláir mhóibíleacha na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí, sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí nó sonraíochtaí comhchoiteanna faoi Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le leasacháin

(205)  D’fhéadfadh mearbhall den sórt sin a bheith ann, mar shampla, i gcás ina dtaispeántar ainm an dáileora ar an bpacáistíocht agus ainm an mhonaróra ar an táirge laistigh de.

(206)  Is comhartha nó tásc suaithinseach é trádmharc a úsáideann duine aonair, eagraíocht gnó, nó eintiteas dlítheanach eile chun go sainaithneoidh tomhaltóirí gur de thionscnamh foinse uathúil iad na táirgí nó seirbhísí a bhfuil an trádmharc sin orthu, agus chun na táirgí nó seirbhísí i gceist a idirdhealú ó chinn ar le heintitis eile iad. Is cineál maoine intleachtúla é trádmharc, a bhfuil ainm, focal, frása, lógó, siombail, dearadh, íomhá, nó meascán de na heilimintí sin ann go tipiciúil.

(207)  Airteagal R2(6) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(208)  Airteagal R4(3) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(209)  Mír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(210)  Airteagal R2(5) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(211)  Airteagal R7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(212)  Féach Aithris 25 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(213)  Seoladh a fheidhmíonn mar phointe faisnéise le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí eile sa Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar fáil, cuir i gcás.

(214)  In earnáil na bhfeistí leighis, ní mór ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe a bheith ar an táirge freisin.

(215)  Mura ngreamaíonn an t-allmhaireoir ach a ainm agus a sheoladh ar an táirge, agus má fhágann sé trádmharc an mhonaróra bhunaidh air, is é an t-allmhaireoir go fóill é. Taispeánfar seoladh an allmhaireora agus an mhonaróra ar an táirge (nó ar a phacáistíocht nó doiciméid a ghabhann leis).

(216)  Is amhlaidh sin freisin más leis an ngrúpa céanna cuideachtaí iad an monaróir agus an t-allmhaireoir, agus má ghlacann an chuideachta atá bunaithe san Aontas Eorpach a allmhairíonn an táirge isteach san Aontas freagracht iomlán an mhonaróra as an táirge chuige féin.

(217)  I gcás bréagán, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh le haghaidh bréagáin a bhfuil páirteanna éagsúla nó cóimeáil de pháirteanna éagsúla iontu.

(218)  Maidir lena chur ar an margadh, féach Roinn 2.3.

(219)  I réimse na bhfeistí leighis, i gcás feistí ionphlandaithe, coimeádfaidh an monaróir an dearbhú comhréireachta AE ionas go mbeidh sé ar fáil do na húdaráis inniúla ar feadh 15 bliana ar a laghad tar éis don fheiste dheireanach a bheith curtha ar an margadh (Airteagal 10(8) de Rialachán 2017/745).

(220)  Féach na Treoracha a bhaineann le hárthaí brú simplí, innealra (le haghaidh mhodúl B), ionstraimí neamh-uathoibríocha meáite, fearais gháis, feistí leighis, atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, ardaitheoirí (le haghaidh mhodúil B, C, D, G, H), brú-threalamh, feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus trealamh raidió.

(221)  Tabhair do d’aire go ndéantar a fhoráil i dTreoir 2006/42/CE maidir le hInnealra 2006/42/CE i ndáil le 'hinnealra páirtchríochnaithe' a chur ar an margadh, go mbeadh dearbhú ionchorpraithe mar a thugtar air ag gabháil leis, rud atá difriúil ón Dearbhú Comhréireachta AE. De réir Rialachán (CE) Uimh. 552/2004, bíonn dearbhú comhréireachta nó dearbhú maidir le hoiriúnacht chun úsáide ag gabháil le comhpháirteanna de chuid an Líonra Eorpach um Bainistíochta Aerthráchta.

(222)  Le haghaidh tuilleadh eolais faoin doiciméadacht theicniúil, féach Roinn 4.3.

(223)  De réir na reachtaíochta o maidir le feistí leighis, ní mór an Dearbhú Comhréireachta AE a choinneáil i gcás feistí leighis ionphlandaithe ar feadh 15 bliana.

(224)  Le haghaidh fhreagrachtaí an mhonaróra, an ionadaí údaraithe agus an allmhaireora, féach Caibidil 3.

(225)  Féach Airteagal R10.2 de Chinneadh 768/2008/CE.

(226)  Is féidir leis an ‘uimhir’ a bheith ina cód alfa-uimhriúil freisin.

(227)  Ina theannta sin, cibé a shamhlaítear nó nach samhlaítear é sin go sainráite le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, bíonn saoirse ag monaróirí uimhir a chur leis lena sainaithnítear an Dearbhú Comhréireachta AE é féin i gcomhréir le EN ISO/IEC 17050-2.

(228)  Ní gá idirghabháil a fháil ó chomhlacht faoina dtugtar fógra le haghaidh reachtaíocht uile an Aontaisum chomhchuibhiú, ná ní gá í le haghaidh gach táirge.

(229)  Is féidir go gceanglófar ainm agus seoladh an duine a choinníonn an doiciméadacht theicniúil a sholáthar freisin ar roinnt píosaí reachtaíochta an Aontais um chomhchuibhiú toisc i gcomhréir leo siúd, nach é an monaróir amháin a choinneoidh an doiciméadacht theicniúil.

(230)  D’fhéadfadh Stiúrthóir Bainistíochta na cuideachta nó ionadaí eile de chuid na cuideachta dár tarmligeadh an fhreagracht sin a bheith i gceist leis sin.

(231)  Ní gá go mbeadh sainchónaí ar an sínitheoir san Aontas Eorpach. Bíonn monaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas i dteideal tabhairt faoi na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta ag a áitreabh agus, an Dearbhú Comhréireachta AE a shíniú, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú.

(232)  Airteagal 5 ó Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(233)  Féach mar shampla aithris 22 de Threoir 2014/35/AE, nó an aithris 24 chomhchosúil de Threoir 2014/34/AE.

(234)  Airteagal R10(2) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(235)  Ní thagann measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le táirgí foirgníochta de thoradh Chinneadh Uimh. 768/2008/CE cé go ndéantar foráil maidir leis an marcáil CE sa reachtaíocht maidir le táirgí foirgníochta. Is é an difríocht gur tásc í an marcáil CE de réir na reachtaíochta maidir le táirgí foirgníochta ar leibhéal feidhmíochta an táirge, agus nach tásc ar an gcomhréireacht é sa bhrí níos déine mar is amhlaidh an cás le haghaidh na ngníomhartha reachtacha eile ina ndéantar foráil maidir leis an marcáil CE.

(236)  Amhail innealra, trealamh cosanta pearsanta, feistí leighis gníomhacha ionphlandaithe, feistí leighis, atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, ardaitheoirí – maidir le hinnealraar scála beag, feistí leighis diagnóiseacha in vitro , trealamh raidió nó mara.

(237)  Mar shampla, measadh úsáid taispeána LCD chun an mharcáil CE a ghreamú bheith iomchuí le haghaidh táirgí áirithe, amhail ardaitheoirí, ar choinníoll go n-áirithíonn an monaróir go gcloítear leis an inléiteacht, an infheictheacht agus an doscriostacht, agus tuigtear go háirithe leis na focail ‘go doscriosta’ nach mór dó a bheith ina thásc buan nach féidir imeacht ó radharc de bharr chliseadh leictreonach ná nach féidir a ghlanadh thar shaolré nó úsáid charr an ardaitheora.

(238)  Tabhair do d’aire i gcás ina mbíonn feidhm ag roinnt gníomhartha comhchuibhithe an Aontais ar tháirge agus go dtaispeántar marcáil CE le huimhir aitheantais, ní chiallaíonn sé sin go ndéanann an comhlacht faoina dtugtar fógra idirghabháil sa phróiseas measúnaithe comhréireachta de réir mar a cheanglaítear le gach ceann de na gníomhartha is infheidhme. Is féidir nach mbeidh gá le hidirghabháil comhlachta faoina dtugtar fógra i gcás roinnt de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme.

(239)  Ní fhoráiltear maidir le marcáil CE i Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta.

(240)  Is féidir ríomhaire a lua mar ghnáthshampla.

(241)  Féach faoi Phointí 4.5.1.7 agus 4.5.2

(242)  De réir na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht is iondúil gur sa treoir féin a leagtar síos na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (le sonrú sa bheart cur chun feidhme), ach forordaítear modúil Chinneadh Uimh. 768/2008 i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(243)  Is iad na modúil ábhartha C, C1, C2, D, E agus F.

(244)  Córais bainistíochta cáilíochta —- Na rudaí bunúsacha agus an fhoclaíocht

(245)  Córais bainistíochta cáilíochta —- Ceanglais

(*1)  Féadfaidh an reachtóir srian a chur le rogha an mhonaróra.

(246)  Maidir le fochonraitheoireacht ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, féach Roinn 5.2.5

(247)  Féach Iarscríbhinn II de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE, Modúl B, pointe 8, an tríú mír.

(248)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an uimhir chomhlachta faoina dtugtar fógra in NANDO, féach Pointe 5.3.3.

(249)  Airteagal R27(4) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(250)  Maidir le Comhaontuithe um Aitheantas Frithpháirteach, féach Roinn 9.2.

(251)  Maidir le faireachas margaidh, féach Caibidil 7.

(252)  Sin ráite, is gnáthchleachtas é in earnálacha áirithe (e.g. pléascáin agus earraí piriteicniúla) go mbraitheann údaráis faireachais margaidh ar an tástáil a dhéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

(253)  Maidir le comhar idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra, féach Pointe 5.2.4.

(254)  Airteagal R17(11) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE

(255)  Airteagal R30(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(256)  Le haghaidh ról agus fhreagrachtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra féach Pointe 5.2.2.

(257)  Airteagal R20(4) d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(258)  Tabhair faoi deara nach ndéanann ach cuid theoranta de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú foráil maidir le comhlachtaí intí atá creidiúnaithe.

(259)  Tá forálacha modhnaithe maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra san áireamh i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú arna hailíniú le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE. Ag féachaint do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra chun críoch na reachtaíochta sin, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar na forálacha ábhartha ar a laghad maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra (lena n-áirítear go háirithe riachtanais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí sin) a thrasuí isteach sa dlí náisiúnta. Ina theannta sin, is gá nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt a chur in iúl don Choimisiún agus do Bhallstáit eile, agus is gá do Bhallstáit an t-údarás a thugann fógra a cheapadh le haghaidh reachtaíocht shonrach sin an Aontais um chomhchuibhiú.

(260)  Leagtar amach in Airteagal R20(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE oibleagáidí an chomhlachta faoina dtugtar fógra nuair a dhéanann sé cúraimí sonracha a bhaineann leis an measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh nó nuair a théann sé in iontaoibh fochuideachta.

(261)  EA-2/17 - Doiciméad EA maidir le Creidiúnú chun Críoch Fógra a Thabhairt

(262)  Sainaithnítear le hAirteagal 7 den Rialachán gur cás é sin ina bhféadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú a lorg lasmuigh de Bhallstát a bhunaithe.

(263)  Cuireadh foráil chomhchosúil leis sin san áireamh sa chuid is mó de Threoracha arna n-ailíniú le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(264)  Maidir le ról EA, féach 6.5.2 agus 6.5.4.

(265)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le tarraingt siar agus fógra a chur ar ceal, féach Pointe 5.3.4.

(266)  De réir Airteagal R26 de Chinneadh 768/2008/CE.

(267)  An tacar nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá le húsáid le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, leagadh amach den chéad uair é i gCinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (an ‘Cinneadh maidir le modúil’ mar a thugtar air).

(268)  Suíomh gréasáin NANDO: http://ec.europa.eu/growth/tools-databases/nando/ chomh maith le suíomh gréasáin EA: http://www.european-accreditation.org/

(269)  Airteagal R14(2) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE

(270)  Sa chuid is mó de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiúatá ailínithe le Cinneadh (CE) Uimh. 768/2008, tá foráil lena sonraítear go bhféadfaidh an t-údarás a thugann fógra na cúraimí fógartha a tharmligean faoi choinníollacha áirithe. Sa chás sin, maidir le fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, féadfaidh sé an méid sin a chur ar iontaoibh comhlachta náisiúnta creidiúnaithe cé gur cheart don údarás a thugann fógra a thabhairt do na comhlachtaí neamhchreidiúnaithe um measúnú comhréireachta (i gcás ina roghnódh sé fógraí neamhchreidiúnaithe a choinneáil ar bun). Le haghaidh córas den sórt sin bheadh gá le dea-chomhordú inmheánach laistigh den Bhallstát.

(271)  Féach pointe 6.6 maidir le creidiúnú trasteorann.

(272)  Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(273)  ISO/IEC 17011.

(274)  Leagtar amach in Airteagal R20(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE oibleagáidí an chomhlachta faoina dtugtar fógra nuair a dhéanann sé cúraimí sonracha a bhaineann leis an measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh nó nuair a théann sé in iontaoibh fochuideachta.

(275)  Chun an fhaisnéis is déanaí a fháil téigh chuig www.ilac.org agus www.iaf.nu áit a bhfuil liostaí de chomhaltaí réigiúnacha reatha ILAC agus IAF ar fáil

(276)  Tá ceanglais maidir le faireachas margaidh sa Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí freisin.

(277)  Faoi réir reachtaíocht shonrach an Aontais um chomchuibhiú.

(278)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

(279)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2009 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(280)  Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).

(281)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(282)  Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).

(283)  Sampla d’eagrú an fhaireachais margaidh is ea an ceanglas i Rialachán 1223/2009, Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro le haghaidh na mBallstát chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh. Sampla de ghníomhaíochtaí faireachais margaidh is ea na nósanna imeachta coimirce atá bunaithe ar Chaibidil R5 d’Iarscríbhinn I de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE a áirítear i gcuid mhór de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

(284)  Féach caibidil III de Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis.

(285)  Féach aithris 4 de Rialachán 2019/1020.

(286)  Fógra C(2021)1461 ón gCoimisiún Guidelines for economic operators and market surveillance authorities on the practical implementation of Article 4 of Regulation (EU) 2019/1020 on market surveillance and compliance of products [Treoirlínte d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis faireachais margaidh maidir le cur chun feidhme coincréiteach Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí] https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44908/attachments/2/translations/en/renditions/native

(287)  Is féidir liosta d’údaráis faireachais margaidh atá ceaptha ag na Ballstáit a fháil ag: https://ec.europa.eu/growth/single-market/goods/building-blocks/market-surveillance/organisation_en

(288)  Áirítear tuilleadh treoraíochta san Fhógra ón gCoimisiún maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne (IO C250 1.8.2017, lch. 1).

(289)  Féach Treoir 2001/95 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus, aithrisí 24 agus 35 agus Airteagal 16; féach freisin Rialachán (CE) 765/2008, Airteagal 19(5).

(290)  Tá forálacha maidir le pionóis in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i dTreoir 2001/95 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí freisin.

(291)  Is tábhachtach é sin le haghaidh táirgí (mar shampla, innealra agus brú-threalamh) a dhéantar, tar éis a monaraithe, a shuiteáil agus a chur i mbun seirbhíse go díreach ag áitreabh an chliaint.

(292)  Airteagal R31 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(293)  Faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/CE, modúl B, ceanglaítear ar Chomhlachtaí faoina dtugtar Fógra cóip den doiciméadacht theicniúil a sholáthar, arna iarraidh sin ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún Eorpach nó ag Comhlachtaí eile faoina dtugtar Fógra.

(294)  Ach amháin i gcás inar gá Dearbhú Comhréireachta AE a bheith ag gabháil leis an táirge, agus sa chás sin, ba cheart don dáileoir an doiciméad sin a sholáthar do na húdaráis faireachais margaidh. I réimse na bhfeistí leighis, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar dháileoirí, i dtaca leis an doiciméadacht agus an fhaisnéis atá riachtanach chun gníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh a dhéanamh, an doiciméadacht agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil (Airteagal 93(2) de Rialachán 2017/745).

(295)  De réir Airteagal 14(4)(a) de Rialachán (AE) 2019/1020 ní mór an chumhacht a bheith ag údaráis faireachais margaidh ‘a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha doiciméid, sonraíochtaí teicniúla, sonraí nó faisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh agus gnéithe teicniúla an táirge a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar bhogearraí leabaithe a mhéid is gá rochtain den sórt sin chun measúnú a dhéanamh ar tháirge a bheith ag comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil doiciméid, sonraíochtaí teicniúla, sonraí nó faisnéis den sórt sin stóráilte, agus cóipeanna díobh a thógáil nó a fháil’.

(296)  Mar shampla féadfar stóráil na doiciméadachta teicniúla a tharmligean don ionadaí údaraithe.

(297)  I dtaca leis an riosca, ní mór é a bheith de thoradh an táirge féin nuair a úsáidtear táirge i gcomhréir lena chríoch bheartaithe nó faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnta agus nuair a dhéantar é a shuiteáil agus a chothabháil go cuí, agus dá bhrí sin, nach de thoradh aon mhí-úsáide é an riosca.

(298)  Le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, leagtar amach i Rialachán 2017/745 agus i Rialachán 2017/746 an nós imeachta chun déileáil le feistí lena mbaineann riosca doghlactha agus le neamhchomhlíontachtaí eile. Éascaítear an próiseas trí bhíthin chóras leictreonach Eudamed. Féach Airteagail 95 go 97 de Rialachán 2017/745.

(299)  Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(300)  Ach amháin i gcás ina bhfágfaidh an fhaisnéis arna soláthar ag an oibreoir eacnamaíoch go mbainfidh an t-údarás faireachais margaidh tátal aisti nach gá sin a thuilleadh.

(301)  Cf. Airteagal R31(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(302)  Le reachtaíocht áirithe áirítear eintitis shonracha eile a bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh acu, amhail Treoir 2013/53/AE maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce, lena gceanglaítear go n-áiritheoidh allmhaireoir príobháideach, sula gcuireann sé an táirge i seirbhís, gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha. Ba cheart d’údaráis faireachais margaidh díriú ar na heintitis sin má tá siad ar na cinn is ábhartha le haghaidh cáis. Leis an sainmhíniú ar oibreoir eacnamaíoch i Rialachán (AE) 2019/1020 cuimsítear na heintitis sin trí thagairt a dhéanamh “d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na táirgí a mhonarú, iad a chur ar fáil ar an margadh nó iad a chur i seirbhís i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha ón Aontas um chomhchuibhiú” agus tugtar liosta neamhchuimsitheach de shamplaí in aithris 14. Is samplaí breise iad an t-úinéir agus an t-oibreoir a shainmhínítear i dTreoir 2010/35/AE, agus an déileálaí nó duine nádúrtha nó dlítheanach a théann i mbun stórála, úsáide, aistrithe, allmhairithe, onnmhairithe nó trádála pléascán, dá dtagraítear i dTreoir 2014/28/AE.

(303)  Product Safety Forum of Europe [Fóram Sábháilteachta Táirgí na hEorpa], is eagraíocht ghairmiúil neamhbhrabúsach é le haghaidh na n-údarás agus na n-oifigeach faireachais margaidh as gach cearn de LEE; https://www.prosafe.org/

(304)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1) go háirithe Airteagail 46 agus 47.

(305)  Ba cheart an fógra sin a dhéanamh trí mheán ICSMS. Le nasc idir bunachar sonraí ICSMS agus RAPEX cuirtear cosc ar chódú dúbailte faisnéise ag údaráis náisiúnta chun críoch an phróisis um chlásal coimirce agus na bhfoláireamh mear faoi seach de réir Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(306)  Le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá ailínithe le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, déantar foráil maidir le nós imeachta coimirce, nach bhfuil feidhm aige ach amháin má bhíonn easaontas idir na Ballstáit maidir le bearta atá déanta ag Ballstát. Beidh sé d’aidhm a áirithiú go ndearnadh bearta iomchuí comhréireacha nuair atá táirge neamhchomhlíontach ina gcríoch agus go ndéantar cur chuige comhchosúil sna Ballstáit dhifriúla. Cé gurb amhlaidh roimhe seo gur tugadh fógra faoi riosca a bhain le táirge, bhí ar an gCoimisiún cás a oscailt agus tuairim a mhíniú, anois, tá deireadh curtha leis an ualach sin agus ní thionscnaítear cás coimirce ach amháin i gcás ina ndéanfaidh Ballstát nó an Coimisiún agóid in aghaidh an bhirt a rinne an t-údarás a thug an fógra. I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart go mbeadh gá le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inar féidir easnaimh ar chaighdeán comhchuibhithe a chur i leith neamhchomhlíonadh.

(307)  Ba cheart an fógra sin a dhéanamh trí mheán ICSMS. Le nasc idir bunachar sonraí ICSMS agus RAPEX cuirtear cosc ar chódú dúbailte faisnéise ag údaráis náisiúnta chun críoch an phróisis um chlásal coimirce agus na bhfoláireamh mear faoi seach de réir Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(308)  I gcás ICSMS, féach Pointe 7.6.5.

(309)  Faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020, tá feidhm ag angCóras Mear-Rabhaidh maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

(310)  I réimse na dtáirgí íocshláinte agus na bhfeistí leighis, tá córas sonrach um malartú faisnéise ann.

(311)  Glactha mar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, agus a chóras fógartha, (IO L 73, 15.3.2019. lch. 121). Tá an Coimisiún i mbun an phróisis chun Modheolaíocht Measúnúcháin Riosca a dhréachtú lena gcuimseofar an tAontas ar fad agus lena gcuirfear le treoirlínte RAPEX, a forbraíodh laistigh de chreat GPSD agus lena leathnaítear an measúnú rioscaí chun go gcuimseofar táirgí ar féidir leo díobháil a dhéanamh do shláinte agus do shábháilteacht úsáideoirí gairmiúla nó do leasanna eile an phobail.

(312)  https://ec.europa.eu/consumers/consumers_safety/safety_products/rapex/alerts/repository/content/pages/rapex/index_en.htm

(313)  Féach aithris 58 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(314)  Tá comhéadan ar fáil cheana idir ICMS agus RAPEX ionas go seachnófar ionchódú dúbailte sonraí.

(315)  Féach an reachtaíocht a bhaineann le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro.

(316)  Féach Airteagal 2(64) de Rialachán 2017/745 le haghaidh sainmhíniú ar theagmhas, agus Airteagal 2(65) le haghaidh sainmhíniú ar theagmhas tromchúiseach.

(317)  Níl i dtrácht sa Chaibidil seo ach táirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Is san Fhógra ón gCoimisiún - Treoir i dtaca le hAirteagail 34-36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)” C(2021)1457 a phléitear le saorghluaiseacht táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, treoir atá ar fáil anseohttps://ec.europa.eu/docsroom/documents/44906/attachments/2/translations/en/renditions/native agus https://ec.europa.eu/docsroom/documents/44906/attachments/3/translations/en/renditions/native

(318)  Soláthraítear i gcaibidil 7 tuairisc níos mionsonraithe ar na nósanna imeachta nach mór a leanúint i gcás táirgí a mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leo nó do ghnéithe eile de chosaint leas an phobail.

(319)  nó de bhua Chomhaontú LEE, féach Pointe 2.8.2.

(320)  Na saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhaontú WTO, tá siad lasmuigh de raon feidhme na Treorach.

(321)  Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Málta maidir le measúnú comhréireachta agus glactha de tháirgí tionsclaíocha (ACAA) (IO L 34, 6.2.2004, lch. 42).

(322)  IO L 280, 16.10.1998, lch. 1, IO L 278, 16.10.2002, lch. 19.

(323)  Féadfar téacs iomlán MRA AE-An Eilvéis agus forálacha sonracha a fháil ar leathanach baile an Choimisiúin:

https://ec.europa.eu/growth/single-market/goods/international-aspects-single-market/mutual-recognition-agreements_en

(324)  IO L 280, 16.10.1998, lch. 1, IO L 278, 16.10.2002, lch. 19.

(325)  Fógra ón gCoimisiún, Treoraíocht Cur chun Feidhme le haghaidh an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú CETA idir Ceanada, an tAontas Eorpach agus na Ballstáit dá chuid maidir le glacadh frithpháirteach torthaí measúnuithe comhréireachta (IO C 351, 1.9.2021, lch.1).


IARSCRÍBHINN 1

Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear sa Treoir (liosta neamhchuimsitheach)

Gníomh comhchuibhithe cothrománach de chuid an Aontais

Uimhir

(leasú)

Tagairt in IO

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93

765/2008

IO L 218, 13.8.2008

Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011.

2019/1020

IO L 169, 25.6.2019

Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat comhchoiteann maidir le táirgí a mhargú

768/2008/CE

IO L 218, 13.8.2008

Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008

2019/515

IO L 91, 29.3.2019

Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha

85/374/CEE (1999/34/CE)

IO L 210, 7.8.1985

(L 141, 4.6.1999)

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí

2001/95/CE

IO L 11, 15.12002

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach

1025/2012

IO L 316, 14.11.2012


Gníomh earnála comhchuibhithe de chuid an Aontais

Uimhir (leasú)

Tagairt in IO

Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (athmhúnlú)

2014/35/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán

2009/48/CE

IO L 170, 30.6.2009

Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (athmhúnlú)

2014/30/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú)

2006/42

IO L 157, 9.6.2006

Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle

2016/425

IO L 81, 31.3.2016

Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú)

2014/31/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le gléasanna tomhais a chur ar fáil ar an margadh.

2014/32/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro

98/79/CE

(1882/2003)

(596/2009)

(2011/100/AE)

(1998/79)

(1998/79)

IO L 331, 7.12.1998

(IO L 284, 31.10.2003)

(IO L 188, 18.7.2009)

(IO L 341, 22.12.2011)

(IO L 22, 29.1.1999)

(IO L 6, 10.1.2002)

Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle

2017/745

(2020/561)

(2017/745)

(2017/745)

IO L 117, 5.5.2017

(IO L 130, 24.4.2020)

(IO L 117, 3.5.2019)

(IO L 334, 27.12.2019)

Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún

2017/746

(2017/746)

(2017/746)

IO L 117, 5.5.2017

(IO L 117, 3.5.2019

(IO L 334, 27.12.2019)

Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE

2016/426

IO L 81, 31.3.2016

Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (athmhúnlú)

2014/28/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú)

2013/29/AE

IO L 178, 28.6.2013

Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh bheith pléascach (athmhúnlú)

2014/34/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE

2013/53/AE

IO L 354, 28.12.2013

Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (athmhúnlú)

2014/33/AE

IO L 96, 29.3.2014

Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE

2016/424

IO L 81, 31.3.2016

Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú)

2014/68/AE

IO L 189, 27.6.2014

Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú)

2014/29/AE

IO L 96, 29.3.2014

Treoir 2007/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalaimh iniompartha

2010/35/AE

IO L 165, 30.6.2010

Treoir ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil

75/324/CEE

94/1/CE

2008/47/CE

2013/10/AE

2016/2037/AE

IO L 147, 9.6.1975

IO L 23, 28.01.1994

IO L 96, 9.4.2008

IO L 77, 20.3.2013

IO L 314, 22.11.2016

Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE

2015/53/AE

IO L 153, 22.5.2014

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú

2009/125/CE

IO L 285, 31.10.2009

Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE

(AE) 2016/1628

Ceartúchán

(AE) 2020/1040

IO L 252, 16.9.2016

IO L 231, 06.09.2019

IO L 231, 17.7.2020

Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh

2000/14/CE

2005/88/CE

219/2009

IO L 162, 3.7.2000

IO L 344, 27.12.2005

IO L 87, 31.3.2009

Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (RoHS)

2011/65/AE

IO L 174, 1.7.2011

Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle

2014/90/AE

IO L 257, 28.8.2014

Treoir 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú)

2016/797

IO L 138, 26.5.2016

Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht

2018/852

IO L 150, 14.6.2018

Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta

552/2004

1070/2009

IO L 96, 32.3.2004

IO L 300, 14.11.2009

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

2017/1369

IO L 198, 28.7.2017

Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

2020/740

IO L 177, 5.6.2020

Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003

2019/1009

IO L 170, 25.6.2019

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann

2019/945

OI L 152, 11.6.2019


IARSCRÍBHINN 2

Doiciméid bhreise treoraíochta

Treoirdhoiciméid ón nGrúpa Saineolaithe maidir le Sábháilteacht Bréagán:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/toys/safety/guidance_en

Uirlisí tomhais agus uirlisí neamh-uathoibríocha meáite:

https://ec.europa.eu/growth/single-market/goods/building-blocks/legal-metrology/measuring-instruments/measuring-instruments-guidance-documents_en

Ceimiceáin:

http://echa.europa.eu/support/guidance

Treoirlínte a ghabhann leis an Treoir Ísealvoltais maidir le cur i bhfeidhm agus moltaí:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/electrical-engineering/lvd-directive_en

An Treoir um Chomhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (EMC) – Treorú:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/electrical-engineering/emc-directive_en

An Treoir um Threalamh Raidió (RED) Treorú:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/electrical-engineering/red-directive_en

Feistí Leighis - Treoirdhoiciméid, foilseacháin agus bileoga eolais:

https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/md_sector/docs/md_guidance_meddevs.pdf (sean -Treoracha)

https://ec.europa.eu/health/medical-devices-new-regulations/guidance_en

https://ec.europa.eu/health/medical-devices-new-regulations/publications_en (Rialacháin nua)

RoHS 2 - Ceisteanna coitianta:

http://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/events_rohs3_en.htm

Treoirlínte i dtaca leis an Treoir um Brú-Threalamh (An Treoir PED):

https://ec.europa.eu/growth/sectors/pressure-gas/pressure-equipment/directive_en

An Treoir um Innealra - Treoirdhoiciméid:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/machinery_en

Rialáil maidir le cábla-bhealaí - Treoir le haghaidh cur i bhfeidhm:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/cableways_en

Treoir maidir le hardaitheoirí - Treoir le haghaidh cur i bhfeidhm:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/lifts_en

An Rialachán maidir le Trealamh Cosanta Pearsanta - Treoir le haghaidh cur i bhfeidhm:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/personal-protective-equipment_en

Treoir maidir le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh - Treoir maidir le cur i bhfeidhm, foilseacháin agus staidéir:

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/noise-emissions_en

Treoir maidir le trealamh agus córais chosanta atá beartaithe lena n-úsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach (ATEX) – Treoirlínte maidir leis an gcur i bhfeidhm (An tríú heagrán mí na Bealtaine 2020):

https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/atex_en

Treoir maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí:

http://ec.europa.eu/consumers/safety/prod_legis/index_en.htm

Treoirlínte Chóras Mear Rabhaidh an Aontais Eorpaigh RAPEX:

https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2019/417/oj

Caighdeáin Eorpacha - An creat ginearálta:

https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards_en

Vademecum maidir le caighdeánú Eorpach a thacaíonn le reachtaíocht agus beartais an Aontais (SWD(2015) 205 final, 27.10.2015):

https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards/vademecum-european-standardisation_en

Fógra do gheallsealbhóirí - Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus Rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le réimse na dTáirgí Tionsclaíocha:

https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/notice_to_stakeholders_industrial_products.pdf


IARSCRÍBHINN 3

Seoltaí áisiúla gréasáin

An Margadh Aonair le haghaidh Earraí

https://ec.europa.eu/growth/single-market/goods_en

Caighdeáin Eorpacha

https://ec.europa.eu/growth/single-market/european-standards_en

Córas Mear-Rabhaidh do tháirgí neamhbhia a mbaineann riosca leo (RAPEX)

https://ec.europa.eu/safety-gate/#/screen/home


IARSCRÍBHINN 4

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta (modúil ó Chinneadh Uimh. 768/2008/CE)

Modúil

Monaróir

Monaróir nó Ionadaí údaraithe

Comhlacht um measúnú comhréireachta

A (Rialú inmheánach táirgthe)

Dearadh + Táirgeadh

Déanann an monaróir féin na seiceálacha uile d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí na ceanglais reachtaíochta (ní ann do chineál-AE)

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus leis an bhfaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Níl aon bhaint ag comhlacht um measúnú comhréireachta leis. Déanann an monaróir féin na seiceálacha uile a dhéanfadh comhlacht ar tugadh fógra dó

A1 (Rialú inmheánach táirgthe, móide tástáil faoi mhaoirseacht ar tháirgí)

Dearadh + Táirgeadh

Tástálacha A + ar ghnéithe sonracha an táirge

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

déanann sé tástálacha nó féachann sé chuige go ndéantar tástálacha thar a cheann ar cheann amháin nó níos mó de ghnéithe sonracha an táirge. I ndáil leis sin agus de réir rogha an mhonaróra is comhlacht creidiúnúcháin inmheánach a dhéanann na tástálacha nó déantar iad faoi fhreagracht comhlachta faoina dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir

i gcás go ndéantar na tástálacha faoi fhreagracht chomhlacht ar tugadh fógra dó, greamóidh an monaróir, faoi fhreagracht an chomhlachta ar tugadh fógra dó agus le linn na próiseála monaraíochta, uimhir aitheantais an chomhlachta ar tugadh fógra dó

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, leis an gcinneadh ón gcomhlacht (ar tugadh fógra dó) nó ón gcomhlacht (faoinar tugadh fógra nó creidiúnaithe inmheánach) agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Comhlacht faoina dtugtar fógra nó comhlacht inmheánach creidiúnaithe (rogha an mhonaróra) (*1):

A)

comhlacht inmheánach creidiúnaithe

déanann sé tástálacha ar cheann amháin nó níos mó de ghnéithe sonracha an táirge

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

B)

Comhlacht ar Tugadh Fógra Dó

déanann sé maoirsiú ar thástálacha agus glacann sé freagracht chuige féin as tástálacha arna ndéanamh ag an monaróir, nó thar a cheann, ar ghné amháin shonrach nó níos mó den táirge

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

A2 (Rialú inmheánach táirgthe agus seiceálacha maoirsithe ag eatraimh randamacha)

Dearadh + Táirgeadh

Seiceálacha A + ar tháirge ag eatraimh randamacha

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

taisceann sé iarratas ar sheiceálacha táirge lena rogha comhlachta aonair

i gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoinar tugadh fógra na tástálacha, déanfaidh sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoinar tugadh fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoinar tugadh fógra a ghreamú le linn an phróisis monaraíochta

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, leis an gcinneadh ón gcomhlacht (ar tugadh fógra dó) nó ón gcomhlacht (faoinar tugadh fógra nó creidiúnaithe inmheánach) agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Comhlacht faoina dtugtar fógra nó comhlacht inmheánach creidiúnaithe (rogha an mhonaróra) (*1):

déanann sé seiceálacha ar tháirge ag eatraimh randamacha a chinneann an comhlacht

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

B (cineálscrúdú CE)

Dearadh

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

áirithíonn sé comhréireacht an eiseamail/ na n-eiseamal leis na ceanglais reachtacha

Nóta: Toisc nach gcumhdaítear le modúl B ach an chéim deartha ní dhréachtaíonn an monaróir aon dearbhú comhréireachta agus ní cheadaítear dó uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra a ghreamú den táirge

taisceann sé iarratas ar chineálscrúdú AE le comhlacht aonair faoina dtugtar fógra, coiméadann sé an doiciméadacht theicniúil agus an deimhniú ar chineálscrúdú AE agus faisnéis ábhartha eile dá bhfuil ar fáil do na húdaráis náisiúnta

cuireann sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir leis na modhnuithe uile a rinneadh ar an gcineál formheasta

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

scrúdaíonn sé an doiciméadacht theicniúil agus an fhianaise thacaíochta.

fíoraíonn sé gur monaraíodh an t-eiseamal/na heiseamail i gcomhréir leis na ceanglais reachtaíochta.

Ina leith sin, leagann an reachtóir síos cé acu de na modhanna seo a leanas nach mór a úsáid:

eiseamal a scrúdú, (cineál an táirgthe);

an doiciméadacht theicniúil a scrúdú maille le heiseamal a scrúdú (teaglaim de chineál táirgthe agus cineál deartha);

an doiciméadacht theicniúil a scrúdú, gan eiseamal a scrúdú (cineál deartha)

déanann sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí

tarraingíonn sé suas tuarascáil mheastóireachta nach féidir a eisiúint ach amháin le comhaontú an mhonaróra

eisíonn sé (deimhniú ar) chineálscrúdú AE

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na cineálscrúduithe-AE atá déanta aige

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

C (Cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe)

An táirgeadh (leanann B)

Déanann an monaróir féin na seiceálacha uile d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí an cineál-AE.

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

Nóta: Baineann an tagairt do "rialú inmheánach táirgthe" i dteideal an mhodúil leis an oibleagáid atá ar an monaróir an táirgeadh dá chuid a rialú go hinmheánach chun go n-áiritheofar comhréireacht táirgí leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil formheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é chomh maith le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Níl aon bhaint ag Comhlacht um measúnú comhréireachta leis. Déanann an monaróir féin na seiceálacha uile a dhéanfadh comhlacht faoina dtugtar fógra

C1 (Cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide tástáil táirge faoi mhaoirsiú)

An táirgeadh (leanann B)

Tástálacha C + ar ghnéithe sonracha den táirge

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

Nóta: Baineann an tagairt do "rialú inmheánach táirgthe" i dteideal an mhodúil leis an oibleagáid atá ar an monaróir an táirgeadh dá chuid a rialú go hinmheánach chun go n-áiritheofar comhréireacht táirgí leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

déanann sé tástálacha nó féachann sé chuige go ndéantar tástálacha thar a cheann ar cheann amháin nó níos mó de ghnéithe sonracha an táirge. Maidir leis sin agus leis na tástálacha sin agus de réir a rogha is é

comhlacht creidiúnaithe inmheánach a dhéanann na tástálacha nó déantar iad faoi fhreagracht comhlachta faoina dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir

i gcás ina ndéantar na tástálacha faoi mhaoirseacht chomhlacht faoina dtugtar fógra, greamóidh seisean, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra agus le linn an phróisis monaraithe, uimhir aitheantais an chomhlachta faoinar tugadh fógra

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil fhormheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é, leis an gcinneadh ón (gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó ón gcomhlacht inmheánach creidiúnaithe) agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Comhlacht faoina dtugtar fógra nó comhlacht inmheánach creidiúnaithe (rogha an mhonaróra) (*1):

A)

comhlacht inmheánach creidiúnaithe

déanann sé tástálacha ar cheann amháin nó níos mó de ghnéithe sonracha an táirge

Nóta: cuireann an comhlacht inmheánach creidiúnaithe an doiciméadacht theicniúil san áireamh ach ní scrúdaíonn sé í, toisc gur scrúdaíodh cheana féin faoi mhodúl B í

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

B)

Comhlacht ar Tugadh Fógra Dó

déanann sé maoirsiú ar thástálacha agus glacann sé freagracht chuige féin as tástálacha arna ndéanamh ag an monaróir, nó thar a cheann, ar ghné amháin shonrach nó níos mó den táirge

Nóta: cuireann an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht theicniúil san áireamh ach ní scrúdaíonn sé í toisc gur scrúdaíodh cheana féin faoi mhodúl B í.

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

C2 (Cineál-chomhréireacht atá bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha ar tháirgí faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha)

An táirgeadh (leanann B)

Seiceálacha C + ar tháirge ag eatraimh randamacha

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

Nóta: Baineann an tagairt do "rialú inmheánach táirgthe" i dteideal an mhodúil leis an oibleagáid atá ar an monaróir an táirgeadh dá chuid a rialú go hinmheánach chun go n-áiritheofar comhréireacht táirgí leis an gcineál-AE a fhormheastar faoi mhodúl B.

taisceann sé iarratas ar sheiceálacha táirge lena rogha comhlachta aonair

i gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra na tástálacha, déanfaidh seisean, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra a ghreamú le linn an phróisis monaraíochta

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil fhormheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é, leis an gcinneadh ón (gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó ón gcomhlacht inmheánach creidiúnaithe) agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Comhlacht faoina dtugtar fógra nó comhlacht inmheánach creidiúnaithe (rogha an mhonaróra) (*1):

déanann sé seiceálacha ar tháirge ag eatraimh randamacha a chinneann an comhlacht

Nóta: cuireann an comhlacht inmheánach creidiúnaithe nó an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht theicniúil san áireamh ach ní scrúdaíonn sé í, toisc gur scrúdaíodh cheana féin faoi mhodúl B í

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé na húdaráis agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige.

D (Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe)

An táirgeadh (leanann B)

Dearbhú cáilíochta le haghaidh mhonaraíocht agus chigireacht an táirge deiridh

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta le haghaidh táirgeadh, cigireacht ar an táirge deiridh agus tástáil na dtáirgí chun comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-CE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

Ní foláir na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní foláir iad a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, teicnící monaraíochta agus teicnící rialaithe cáilíochta, tástálacha (déanta roimh, le linn agus i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

taisceann sé iarratas ar mheasúnú an chórais cáilíochta le comhlacht aonair dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil fhormheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é, le formheasadh an chórais cáilíochta agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: léirbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil, rialú an chórais cáilíochta, cigireacht, tástálacha ar tháirgí

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe córais cáilíochta atá déanta aige

D1 (Dearbhú cáilíochta ar an bpróiseas táirgthe)

Dearadh + Táirgeadh

Dearbhú cáilíochta le haghaidh mhonaraíocht agus chigireacht an táirge deiridh

Úsáidte amhail D gan modúl B (Ní ann do Chineál-AE)

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta le haghaidh táirgeadh, cigireacht an táirge deiridh agus tástáil na dtáirgí chun comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní foláir é a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, teicnící monaraíochta agus teicnící rialaithe cáilíochta, tástálacha (déanta roimh, le linn agus i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

taisceann sé iarratas ar mheasúnú an chórais cáilíochta le comhlacht aonair dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta.

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus leis an bhformheas i dtaca leis an gcóras cáilíochta agus an fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: léirbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil, rialú an chórais cáilíochta, cigireacht, tástálacha ar tháirgí

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe córais cáilíochta atá déanta aige

E (Cineál-chomhréireacht AE arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge)

An táirgeadh (leanann B)

Dearbhú cáilíochta an táirge deiridh (=táirgeadh gan cuid an mhonaraithe)

Cosúil le D gan an chuid den chóras cáilíochta ina ndírítear ar an bpróiseas monaraíochta

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta le haghaidh chigireacht agus thástáil an táirge deiridh chun comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl-B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní mór é a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, tástálacha (déanta i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

Nóta: ní cuid den chóras cáilíochta faoi mhodúl E iad tástálacha a dhéantar roimh nó le linn monaraíochta ná teicnící monaraíochta (mar is amhlaidh i gcás mhodúil D, D1), óir is i Modúl E a dhírítear ar cháilíocht an táirge deiridh seachas ar cháilíocht an phróisis táirgthe (mar is amhlaidh i gcás mhodúil D, D1)

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

taisceann sé iarratas ar mheasúnú an chórais cáilíochta le comhlacht aonair dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil fhormheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é, le formheasadh an chórais cáilíochta agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: rialú an chórais cáilíochta, cigireachtaí, tástálacha ar tháirgí Nóta: cuireann an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht theicniúil san áireamh ach ní scrúdaíonn sé í toisc gur scrúdaíodh cheana féin faoi mhodúl B í

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe córais cáilíochta atá déanta aige

E1 (Dearbhú cáilíochta an táirge deiridh cigireacht agus tástáil)

Dearadh + Táirgeadh

Dearbhú cáilíochta an táirge deiridh (=táirgeadh gan cuid an mhonaraithe)

Cosúil le D1 gan an chuid den chóras cáilíochta ina ndírítear ar an bpróiseas monaraíochta

Úsáidte amhail E gan mhodúl B (Ní ann do Chineál-AE)

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta um chigireacht agus tástáil a dhéanamh ar an táirge deiridh chun comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní mór é a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, tástálacha (déanta i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

Nóta: ní cuid den chóras cáilíochta faoi mhodúl E1 iad tástálacha a dhéantar roimh nó le linn monaraíochta ná teicnící monaraíochta (mar is amhlaidh i gcás mhodúil D, D1), óir is i modúl E1 (amhail i modúl E) dírítear ar cháilíocht an táirge deiridh seachas ar cháilíocht an phróisis táirgthe ina iomláine (mar is amhlaidh i gcás mhodúil D, D1)

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta.

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

taisceann sé iarratas ar mheasúnú an chórais cáilíochta le comhlacht aonair dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus leis an bhformheas i dtaca leis an gcóras cáilíochta agus an fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: léirbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil, rialú an chórais cáilíochta, cigireachtaí, tástálacha ar tháirgí

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe córais cáilíochta atá déanta aige

E (Cineál-chomhréireacht AE bunaithe ar fhíorú táirge)

An táirgeadh (leanann B)

Scrúdú táirge (tástáil gach táirge nó seiceálacha staidrimh) chun comhréireacht le chineál-AE a áirithiú

Cosúil le C2 ach déanann an comhlacht faoina dtugtar fógra seiceálacha níos mionsonraithe ar tháirge.

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

i gcás ina ndéantar fíorú staidrimh déanann sé gach beart is gá ionas go n-áiritheofar sa phróiseas monaraíochta agus san fhaireachán a dhéantar ar aonchineálacht gach beart a tháirgtear, agus tíolacfaidh sé a chuid táirgí lena bhfíorú i bhfoirm bearta aonchineálacha.

taisceann sé iarratas ar sheiceálacha táirge le comhlacht aonair dá rogha féin faoina dtugtar fógra

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht le doiciméadacht theicniúil an chineáil formheasta (a bunaíodh faoi mhodúl B) é, leis an deimhniú comhréireachta agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Tar éis dó cead a fháil ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra greamaíonn sé uimhir aitheantais an chomhlachta

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí (tástáil gach táirge nó seiceálacha staidrimh)

I gcás fíorú staidrimh agus má dhiúltaítear do luchtóg, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na luchtóga bearta iomchuí chun chur ar an margadh na luchtóige sin a chosc. Má dhiúltaítear do luchtóga go minic, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an fíorú staidrimh a chur ar fionraí agus bearta iomchuí a dhéanamh

Nóta: cuireann an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht theicniúil san áireamh ach ní scrúdaíonn sé í toisc gur scrúdaíodh cheana féin faoi mhodúl B í

eisíonn sé deimhniú comhréireachta

greamaíonn sé a uimhir aitheantais nó tarmligeann sé don mhonaróir a uimhir aitheantais féin a ghreamú

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige

F1 (Cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú táirgí)

Dearadh + Táirgeadh

Scrúdú táirge (tástáil gach táirge nó seiceálacha staidrimh) chun comhréireacht le ceanglais reachtacha a áirithiú)

Úsáidte amhail F gan mhodúl B (Ní ann do Chineál-AE)

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an gcineál-AE formheasta (faoi mhodúl B) agus leis na ceanglais reachtaíochta

i gcás ina ndéantar fíorú staidrimh déanann sé gach beart is gá ionas go n-áiritheofar sa phróiseas monaraíochta agus san fhaireachán a dhéantar ar aonchineálacht gach beart a tháirgtear, agus tíolacfaidh sé a chuid táirgí lena bhfíorú i bhfoirm bearta aonchineálacha.

taisceann sé iarratas ar sheiceálacha táirge le comhlacht aonair dá rogha féin faoina dtugtar fógra

greamaíonn sé an mharcáil CE

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, agus leis an deimhniú comhréireachta agus an fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Tar éis dó cead a fháil ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra greamaíonn sé uimhir aitheantais an chomhlachta

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí (tástáil gach táirge nó seiceálacha staidrimh)

I gcás fíorú staidrimh agus má dhiúltaítear do luchtóg, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na luchtóga bearta iomchuí chun chur ar an margadh na luchtóige sin a chosc. Má dhiúltaítear do luchtóga go minic, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an fíorú staidrimh a chur ar fionraí agus bearta iomchuí a dhéanamh.

eisíonn sé deimhniú comhréireachta

greamaíonn sé a uimhir aitheantais nó tarmligeann sé don mhonaróir a uimhir aitheantais féin a ghreamú

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige

G (Comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid)

Dearadh + Táirgeadh

Fíorú gach aon táirge aonair chun comhréireacht leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú (ní ann do chineál-AE)

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

taisceann sé iarratas ar sheiceálacha táirge le comhlacht aonair dá rogha féin faoina dtugtar fógra

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, agus leis an deimhniú comhréireachta agus an fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé scrúduithe iomchuí

eisíonn sé deimhniú comhréireachta

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe atá déanta aige

H (Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán)

Dearadh + Táirgeadh

Dearbhú cáilíochta iomlán

Ní ann do chineál-AE

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta le haghaidh táirgeadh, cigireacht deiridh táirge agus tástáil na dtáirgí.

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní mór é a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, teicnící monaraíochta agus teicnicí rialaithe cáilíochta, teicnicí fíoraithe le haghaidh dearadh táirge, tástálacha (déanta roimh, le linn agus i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta

déanann sé comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis na ceanglais reachtaíochta a áirithiú

taisceann sé iarratas ar mheasúnú an chórais cáilíochta le comhlacht aonair dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta.

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus leis an bhformheas i dtaca leis an gcóras cáilíochta agus an fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: léirbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil, rialú an chórais cáilíochta, cigireachtaí, tástálacha ar tháirgí

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoi na scrúduithe córais cáilíochta atá déanta aige

H (Comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán móide scrúdú ar dhearadh)

Dearadh + Táirgeadh

Dearbhú cáilíochta iomlán móide scrúdú ar dhearadh chun comhréireacht le ceanglais reachtaíochta a áirithiú

Ní dhéantar aon chineálscrúdú-AE ach déantar dearadh scrúdú-CE

Cosúil le modúl H móide eisiúint dheimhniú dearadhscrúdú CE

déanann sé an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

oibríonn sé córas formheasta cáilíochta le haghaidh táirgeadh, cigireacht deiridh táirge agus tástáil na dtáirgí.

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chóras cáilíochta agus ní mór é a dhoiciméadú: cuspóirí cáilíochta, struchtúr eagraíochtúil, teicnící monaraíochta agus teicnicí rialaithe cáilíochta, teicnicí fíoraithe le haghaidh dearadh táirge, tástálacha (déanta roimh, le linn agus i ndiaidh na monaraíochta), taifid ar cháilíocht, modhanna faireacháin

comhlíonann sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta

áirithíonn sé comhlíonadh na dtáirgí monaraithe leis an dearadhscrúdú-CE formheasta agus leis na ceanglais reachtaíochta

taisceann sé iarratas ar dhearadhscrúdú-CE leis an gcomhlacht céanna faoina dtugtar fógra a dhéanfaidh measúnú ar an gcóras cáilíochta

taisceann sé iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta leis an gcomhlacht dá rogha faoina dtugtar fógra

coinníonn sé an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi aon mhodhnú a rinneadh ar an dearadh formheasta agus faoi aon athrú a rinneadh ar an gcóras cáilíochta.

tarraingíonn sé suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn agus coinníonn sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, leis an deimhniú ar dhearadhscrúdú-CE, leis an bhformheas i dtaca leis an gcóras cáilíochta agus le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta

greamaíonn sé an mharcáil CE

greamaíonn sé, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Comhlacht faoina dTugtar Fógra

scrúdaíonn sé dearadh an táirge

eisíonn sé deimhniú dhearadhscrúdú-CE

déanann sé iniúchtaí tréimhsiúla chun an córas cáilíochta a mheasúnú agus suirbhé a dhéanamh air

Áirítear ar na hiniúchtaí: léirbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil, rialú an chórais cáilíochta, cigireachtaí, tástálacha ar tháirgí

cuireann sé fógra faoina chinneadh maidir leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta chuig an monaróir (beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe)

coimeádann sé taifead ar chinntí ar a chuid cinntí agus ar fhaisnéis ábhartha eile

cuireann sé a chuid údarás a thugann fógra agus na comhlachtaí eile ar an eolas faoin gcóras cáilíochta agus faoi na dearadhscrúduithe-CE atá déanta aige


(*1)  Féadfaidh an reachtóir srian a chur le rogha an mhonaróra


IARSCRÍBHINN 5

Ceisteanna Coitianta maidir le marcáil CE

Céard a chuirtear in iúl leis an marcáil CE ar tháirge?

Tríd an marcáil CE a ghreamú de tháirge, dearbhaíonn an monaróir agus é féin amháin freagrach as sin go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais fíor-riachtanacha de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme agus lena bhforáiltear maidir leis an ngreamú sin agus gur comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is ábhartha. Glactar leis go bhfuil táirgí a bhfuil an mharcáil CE orthu i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme agus gur féidir iad tairbhiú de shaorchúrsaíocht sa Mhargadh Eorpach.

An san Aontas Eorpach a tháirgtear i gcónaí táirge a bhfuil an mharcáil CE greamaithe de?

Ní hea. Níl sa mharcáil CE ach comhartha a léiríonn gur comhlíonadh na ceanglais fíor-riachtanacha go léir tráth monaraithe an táirge. Ní marc tionscnaimh é an mharcáil CE, toisc nach gcuirtear in iúl leis gur monaraíodh an táirge san Aontas Eorpach. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh táirge a bhfuil an mharcáil CE greamaithe de a bheith táirgthe in aon áit ar bith ar domhan.

An ndéanann na húdaráis na táirgí uile a bhfuil an mharcáil CE orthu a thástáil agus a fhormheas?

Ní dhéanann. Is ar an monaróir é féin amháin, go deimhin, atá an fhreagracht as an measúnú um chomhréireacht leis na ceanglais reachtaíochta is infheidhme maidir leo a dhéanamh ar na táirgí. Greamaíonn an monaróir an mharcáil CE agus dréachtaíonn sé an Dearbhú Comhréireachta AE. Is ar na táirgí a meastar ina leith go mbaineann riosca ard do leas an phobail leo, mar shampla árthaí brú, ardaitheoirí agus meaisín-uirlisí áirithe a cheanglaítear measúnú um chomhréireacht ag tríú páirtí, i.e. comhlacht faoina dtugtar fógra, agus ar na táirgí sin amháin.

An féidir liom féin, mar mhonaróir, an mharcáil CE a ghreamú de mo chuid táirgí?

Is féidir leat. Is é an monaróir féin a ghreamaíonn an mharcáil CE i gcónaí, nó a ionadaí údaraithe, tar éis don nós imeachta riachtanach um measúnú comhréireachta a bheith déanta. Ciallaíonn sin nach mór an táirge a chur faoi réir an nóis imeachta um chomhréireacht dá bhforáiltear i gceann amháin nó níos mó de na gníomhartha comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme sula ngreamaítear an mharcáil CE de agus sula gcuirtear ar an margadh é. Bunaítear leis na gníomhartha sin cibé an féidir leis an monaróir an measúnú comhréireachta a dhéanamh é féin nó nach féidir, nó an bhfuil idirghabháil ag tríú páirtí (an comhlacht faoina dtugtar fógra) ina cheangal.

Cá háit is ceart an mharcáil CE a ghreamú?

Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach den táirge nó de phláta sonraí an táirge. Mura féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar chineál an táirge, greamófar an mharcáil CE den phacáistíocht agus/nó de na doiciméid a ghabhann leis an táirge.

Cad is Dearbhú Comhréireachta monaróra ann?

Is éard is Dearbhú Comhréireachta AE (DoC AE) ann doiciméad ina gcuireann an monaróir in iúl, nó ionadaí údaraithe dá chuid laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) go gcomhlíonann an táirge ceanglais riachtanacha uile reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme maidir leis an táirge sonrach. Cuimseofar sa DoC AE freisin ainm agus seoladh an mhonaróra maille le faisnéis faoin táirge, amhail an branda agus an tsraithuimhir. Ní mór go síneoidh duine aonair atá ag obair don mhonaróir nó a ionadaí údaraithe an DoC AE, agus cuirfear in iúl feidhm an fhostaí freisin.

Is cuma an raibh baint ag Comhlacht faoina dTugtar Fógra nó nach raibh, ní mór don mhonaróir an Dearbhú Comhréireachta AE a tharraingt suas agus a shíniú.

An bhfuil marcáil CE sainordaitheach agus más ea: cad iad ná táirgí lena mbaineann?

Tá marcáil CE sainordaitheach. Ní ghreamófar d’aon táirgí é lena gcur ar mhargadh an Aontais, áfach, seachas na táirgí a chumhdaítear le raon feidhme cheann amháin nó níos mó de ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais lena bhforáiltear maidir le marcáil CE. Samplaí de tháirgí a thagann faoi ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais lena bhforáiltear maidir le marcáil CE is ea bréagáin, táirgí leictreacha, innealra, trealamh cosanta pearsanta agus ardaitheoirí. Ní bheidh an mharcáil CE ar tháirgí nach bhfuil cumhdaithe faoin reachtaíocht um marcáil CE.

Faisnéis faoi na táirgí a mbíonn an mharcáil CE orthu agus faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina bhforáiltear maidir le Marcáil CE faoi

https://ec.europa.eu/growth/single-market/ce-marking_en

Cad í an difríocht idir an mharcáil CE agus marcálacha eile, agus an féidir marcálacha eile a ghreamú den táirge más ann do mharcáil CE?

Is í an mharcáil CE an t-aon mharcáil amháin lena léirítear comhréireacht le ceanglais fíor-riachtanacha uile reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear maidir lena ghreamú. Is féidir marcáil bhreise a bheith ar tháirge ar choinníoll nach bhfuil an míniú céanna uirthi is atá ar an mharcáil CE, nach féidir iomrall aithne a bheith idir an mharcáil sin agus an mharcáil CE mar gheall uirthi ná laghdú ar inléiteacht agus infheictheacht na marcála CE. Ina thaobh sin, ní féidir marcáil eile a úsáid ach amháin más fearr an chosaint do thomhaltóirí dá toradh, agus nach bhfuil sí cumhdaithe faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh um chomhchuibhiú.

Cé a dhéanann maoirseacht ar úsáid cheart na marcála CE?

Chun neamhchlaontacht oibríochtaí faireachais margaidh a ráthú, is ar údaráis phoiblí sna Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach atá an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar an marcáil CE.

Cad iad na smachtbhannaí le haghaidh ghóchumadh na marcála CE?

Leagtar síos i ndlíthe náisiúnta agus riaracháin na mBallstát agus sa phéindlí dá gcuid na nósanna imeachta, na bearta agus na smachtbhannaí a bhfuil feidhm acu maidir le góchumadh na marcála CE. Ag brath ar thromchúis na coire, d’fhéadfaí pionóis a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha, agus príosúnacht i roinnt cásanna. Mura meastar an táirge mar riosca práinneach sábháilteachta, áfach, d’fhéadfaí an dara deis a thabhairt don mhonaróir, sula gcuirfí d’oibleagáid air an táirge a bhaint den mhargadh, a áirithiú go bhfuil an táirge comhréireach leis an reachtaíocht is infheidhme.

Cad iad na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist don mhonaróir/don allmhaireoir/don dáileoir ó thaobh ghreamú na marcála CE de?

Cé gurb ar na monaróirí atá an fhreagracht as comhlíonadh táirgí agus as greamú na marcála CE, tá ról tábhachtach ag allmhaireoirí agus dáileoirí freisin i dtaca lena áirithiú nach gcuirtear ar an margadh ach táirgí a chomhlíonann an reachtaíocht agus a bhfuil an mharcáil CE orthu. Ní hamháin go bhfuil sin ina chabhair chun ceanglais cosanta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil an Aontais Eorpaigh a atreisiú, ach is tacaíocht le hiomaíocht chóir é freisin sa chaoi is go mbíonn na himreoirí uile cuntasach faoi na rialacha céanna.

Nuair a tháirgtear táirgí i dtríú tíortha agus nuair nach bhfuil ionadaíocht ag an monaróir sa LEE, ní mór d’allmhaireoirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar an margadh na ceanglais is infheidhme agus nach mbaineann riosca do phobal na hEorpa mar gheall orthu. Ní foláir don allmhaireoir a fhíorú go ndearna an monaróir atá lasmuigh den Aontas Eorpach na bearta is gá agus go bhfuil an doiciméadacht ar fáil arna hiarraidh sin.

Dá bhrí sin, ní foláir d’allmhaireoirí eolas foriomlán a bheith acu ar ghníomhartha comhchuibhithe an Aontais faoi seach, agus tá sé d’oibleagáid orthu tacú leis na húdaráis náisiúnta i gcás go n-eascraíonn fadhbanna. Ba cheart dearbhú i scríbhinn ón monaróir a bheith ag allmhaireoirí agus beidh rochtain acu ar an doiciméadacht is gá - amhail an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil - agus ba cheart dóibh a bheith in ann í a sholáthar do na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin. Ba cheart d’allmhaireoirí a áirithiú freisin gur féidir teagmháil leis an monaróir a bhunú i gcónaí.

Níos faide ar aghaidh sa slabhra soláthair, tá ról tábhachtach ag dáileoirí maidir lena áirithiú nach bhfuil ar an margadh ach táirgí comhlíontacha agus ní mór dóibh gníomhú leis an gcúram is cuí chun a áirithiú nach mbíonn éifeacht chontrártha ag an mbealach a láimhseálann siad an táirge ar chomhlíonadh an táirge. Ní mór don dáileoir freisin eolas bunúsach a bheith aige ar na ceanglais dhlíthiúla - lena n-áirítear na táirgí nach mór an mharcáil AE a bheith orthu agus an doiciméadacht nach mór a bheith ina dteannta- agus ba cheart dóibh a bheith in ann táirgí a shainaithint ar léir nach bhfuil siad comhréireach.

Ní mór do dháileoirí a bheith in ann a thaispeáint do na húdaráis náisiúnta gur ghníomhaigh siad le cúram cuí agus agus go bhfuil dearbhú acu ón monaróir nó ón allmhaireoir go ndearnadh na bearta riachtanacha. Thairis sin, ní mór do dháileoir a bheith in ann cabhair a thabhairt don údarás náisiúnta ina chuid iarrachtaí chun an doiciméadacht riachtanach a fháil.

Má mhargaíonn an t-allmhaireoir nó an dáileoir na táirgí faoina ainm féin, glacann sé freagrachtaí an mhonaróra chuige féin ansin. Sa chás sin, ní mór dó faisnéis leormhaith a bheith aige maidir le dearadh agus táirgeadh an táirge, toisc go mbeidh freagracht dhlíthiúil á glacadh chuige féin an tráth a ghreamaíonn sé an mharcáil CE.

Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Faisnéis faoi mharcáil CE, na táirgí a mbíonn an mharcáil CE orthu, reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina bhforáiltear maidir le Marcáil CE agus na céimeanna atá le leanúint faoi

https://ec.europa.eu/growth/single-market/ce-marking_en

Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha teagmháil a dhéanamh leis an Líonra Fiontar Eorpach faoi

https://een.ec.europa.eu/