13.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 195/11


Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

(2022/C 195/05)

Tá gearán faighte ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas i leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), á líomhain go bhfuil fóirdheontas á thabhairt d’allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise agus, ar an gcaoi sin, go ndéanann siad díobháil (2) do thionscal an Aontais.

1.   Gearán

An Chomhghuaillíocht i gcoinne Trádáil Éagórach Aigéid Shailligh (“an gearánach”), rinne sí an gearán a thaisceadh an 31 Márta 2022. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal aigéid shailligh an Aontais de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán le fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.5 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   Táirge atá faoi imscrúdú

Is é an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo aigéid shailleacha dar fad slabhra carbóin C6, C8, C10, C12, C14, C16 nó C18, dar luach iaidín faoi bhun 105g/100g agus dar cóimheas idir saoraigéid shailleacha agus tríghlicrídí (méid scoilte) 97 % ar a laghad, de thionscnamh na hIndinéise, lena n-áirítear:

aigéad sailleach singil (dá ngairtear “gearradh glan” freisin); agus

cumaisc ina bhfuil meascán de dhá cheann nó níos mó d’fhaid slabhra carbóin (“an táirge atá faoi imscrúdú”).

Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a thíolacadh maidir leis an raon táirgí, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo (3).

3.   Líomhain faoi fhóirdheonú

An táirge a líomhnaítear go dtugtar fóirdheontas ina leith, sin é an táirge atá faoi imscrúdú ar de thionscnamh na hIndinéise é (“an tír lena mbaineann”), táirge a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 2915 70 40, ex 2915 70 50, ex 2915 90 30, ex 2915 90 70, ex 2916 15 00, ex 3823 11 00, ex 38 23 12 00, ex 3823 19 10 agus ex 3823 19 90 (cóid TARIC: 2915704095, 2915705010, 2915903095, 2915907095, 2916150010, 3823110020, 3823110070, 3823120020, 3823120070, 3823191030, 3823191070, 3823199070 agus 3823199095). Cóid CN agus TARIC a thabhairt i gcomhair faisnéise, ní dhéantar sin ach gan dochar do leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na cóid sin ag céimeanna an eile den nós imeachta a thiocfaidh i gceist amach anseo. Tá scóip an imscrúdaithe sin faoi réir shainmhíniú an táirge atá faoi imscrúdú, sainmhíniú atá i roinn 2.

Táirgeoirí an táirge atá faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann, tá dóthain fianaise sa ghearán gur bhain siad tairbhe as roinnt fóirdheontas a dheonaigh Rialtas na hIndinéise.

Is éard atá sna fóirdheontais, inter alia, (1) cistí a aistriú go díreach agus cistí nó dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann a aistriú go díreach, (2) ioncam rialtais a gaibhníodh nó nár bailíodh, agus (3) soláthar earraí nó seirbhísí rialtais do níos lú ná luach saothair leordhóthanach. Rinne an gearán tagairt, mar shampla, do mhaoiniú onnmhairithe agus ráthaíochtaí a sholáthar ar théarmaí fabhracha ag Indonesia EXIM Bank agus ASEI, deontais éagsúla, saoire ioncaim ó cháin, an tsaoráid liúntais cánach ioncaim, an dleacht ar allmhairí agus díolúine CBL le haghaidh innealra, an díolúine ó cháin ar allmhairí i gCriosanna faoi Bhanna, scéimeanna éagsúla le haghaidh Criosanna Eacnamaíocha Speisialta, an díolúine ó dhleacht ar allmhairí agus an scéim aisíoca dleachta ar allmhairí faoi KITE, maoiniú fabhrach faoi chlár Creidmheasa Gnó an Phobail (People’s Business Credit program), soláthar ola phailme ag an Rialtas ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach, agus soláthar gáis ag an rialtas ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach.

Líomhnaítear gur fóirdheontais iad na scéimeanna thuas ós rud é gur scéimeanna iad lena mbaineann ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndinéise nó ó rialtais réigiúnacha eile (lena n-áirítear comhlachtaí poiblí), agus go dtugann siad sochar don fhaighteoir. Líomhnaítear go bhfuil siad ag brath ar earnálacha, táirgí agus/nó réigiúin áirithe agus dá bhrí sin tá siad sonrach agus in-fhrithchúitithe.

I bhfianaise Airteagal 10(2) agus 10(3) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le leordhóthanacht na fianaise ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó maidir leis an tír lena mbaineann, agus arb ar a bonn a dhéanann an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh. Is féidir an meabhrán sin a fháil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais ábhartha eile, a d’fhéadfaí a nochtadh le linn an imscrúdaithe.

4.   Líomhain go ndearnadh díobháil agus cúisíocht

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann , chuir an gearánaí fianaise ar fáil go bhfuil méadú tagtha orthu i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh an sciar den mhargadh atá acu.

An fhianaise a chuir an gearánaí ar fáil, léirigh sí go ndearna méid agus praghsanna an táirge allmhairithe atá faoi imscrúdú, i measc iarmhairtí eile a spreagadh, go ndearna siad tionchar diúltach a imirt ar leibhéal na bpraghsanna a bhí á ngearradh ag tionscal an Aontais, ar na cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais, agus ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, rud a d’fhág gur bhain éifeachtaí substaintiúla diúltacha d’fheidhmíocht fhoriomlán agus do staid airgeadais thionscal an Aontais.

5.   Nós imeachta

Tar éis dó a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go ndearna tionscal an Aontais an gearán a thaisceadh nó gur taisceadh an gearán thar a cheann, agus go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le nós imeachta a thionscnamh, leis seo tionscnaíonn an Coimisiún imscrúdú de bhun Airteagal 10 den bhun-Rialachán.

Cinnfear san imscrúdú cé acu atá nó nach bhfuil fóirdheontas á thabhairt don táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann, agus cé acu a rinne nó nach ndearna na hallmhairí dar tugadh fóirdheontas díobháil do thionscal an Aontais.

Má bhíonn na conclúidí dearfach, bearta a fhorchur, déanfar scrúdú san imscrúdú féachaint an rud é nach mbeadh i gcoinne leas an Aontais.

Tugadh cuireadh chun comhairliúcháin do Rialtas na hIndinéise.

Cuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe freisin gur foilsíodh Fógra (4) i bhfianaise ráig COVID-19 faoi iarmhairtí féideartha ráig COVID-19 maidir le himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais.

Ina theannta sin tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an imscrúdú frithdhumpála ar leithligh atá ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir leis an táirge céanna (5). Iarrtar ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin, ar thionscal an Aontais, agus ar na páirtithe leasmhara uile san imscrúdú frithdhumpála sin clárú ar leithligh a dhéanamh le haghaidh an imscrúdaithe seo agus an fhaisnéis ábhartha a thíolacadh de réir na módúlachtaí agus na n-amlínte a shonraítear san Fhógra seo gan beann ar an bhfaisnéis a d’fhéadfadh a bheith tíolactha i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála. Ní fhéadfar an fhaisnéis nó na barúlacha a tíolacadh i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála a chur san áireamh go huathoibríoch san imscrúdú seo, agus an fhaisnéis go léir a bhaineann leis an imscrúdú seo, iarrtar ar na páirtithe í a thíolacadh ar leithligh i gcomhthéacs an nós imeachta seo mar phrionsabal.

5.1.    An tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

De ghrá na héifeachtúlachta, bainfidh an t-imscrúdú ar fhóirdheonú agus ar dhíobháil leis an tréimhse chéanna a scrúdaíodh san imscrúdú ar leithligh atá ag dul ar aghaidh faoi láthair (an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021) (“tréimhse an imscrúdaithe”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil, is imscrúdú é a chumhdóidh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha faoin ngearán agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don ghearán) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Ní mór aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a thíolacadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta chun a chinneadh an bhfuil fóirdheonú i gceist

Iarrtar ar tháirgeoirí onnmhairúcháin (6) an táirge atá faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann agus ar údaráis na tíre lena mbaineann páirt a ghlacadh in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Táirgeoirí onnmhairiúcháin a imscrúdú

An nós imeachta um roghnú táirgeoirí onnmhairiúcháin atá le himscrúdú sa tír lena mbaineann

(a)   Sampláil

I bhfianaise an líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith sa tír lena mbaineann atá páirteach sa nós imeachta seo agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuil imscrúdú le déanamh orthu a theorannú do líon réasúnta trí shampla a roghnú (tugtar ’sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Déanfar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis faoina chuideachta nó faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AS688_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I roinn 5.7 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.

Faisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, rinne sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.

Má bhíonn gá le sampla, d’fhéadfadh sé go roghnófaí na tairgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas ar réasúnaíoch go bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh air le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de tháirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a thíolacadh laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2599).

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara, nóta ina dtabharfar léiriú ar roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógrófar an cinneadh faoin sampla.

Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, agus d’údaráis na tíre sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu (“táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamhshampláilte”). Gan dochar do roinn (b) thíos, an dleacht frithchúitimh is féidir a chur i bhfeidhm ar allmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamhshampláilte, is dleacht í nach rachaidh thar an meánchorrlach ualaithe fóirdheonaithe arna bhunú i dtaca leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (7).

(b)   Méid aonair an fhóirdheonaithe in-fhrithchúitithe le haghaidh cuideachtaí nach gcuimsítear sa sampla

De bhun Airteagal 27(3) den bhun-Rialachán, táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamhshampláilte, féadfaidh siad a iarraidh ar an gCoimisiún a méid aonair d’fóirdheontas in-fhrithchúitithe a shocrú. Táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe a éileamh, ní mór dóibh an ceistneoir a líonadh isteach agus é a chur ar ais laistigh de 30 lá tar éis dáta a thabharfar fógra faoin roghnú an tsampla, mura sonrófar a mhalairt. Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2599).

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú féachaint an féidir méid aonair d’fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamh-sampláilte i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den bhun-Rialachán.

Mar sin féin, táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamhshampláilte a éilíonn méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh an Coimisiún, mar sin féin, a shocrú gan a méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe a chinneadh dá mba rud é, mar shampla, go mbeadh líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha neamhshampláilte chomh mór sin agus gur rud é an cinneadh sin a dhéanamh a mbeadh ualach míchuí i gceist leis, agus a d’fhágfadh nach bhféadfaí an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

5.3.2.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (8) (9)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara an táirge atá faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, iarrtar orthu páirt a ghlacadh san imscrúdú sin.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis nós imeachta seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Déanfar an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, iarrtar orthu an fhaisnéis faoina chuideachta nó faoina chuideachtaí a iarrtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo, iarrtar air í a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo.

Chun faisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú an tsampla d’allmhaireoirí neamhghaolmhara, féadfaidh an Coimisiún dul i dteagmháil freisin le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá sampla riachtanach, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin san Aontas den táirge atá faoi imscrúdú a fhéadfar a imscrúdú go réasúnach laistigh den am atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

A luaithe a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh faoi shamplaí na n-allmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad iniúchadh lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a thíolacadh laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh ar an sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir d’allmhaireoirí ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2599).

5.4.    Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais

Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh díobhála, agus cuid de is ea imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí fóirdheonaithe, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí ina dhiaidh sin ar thionscal an Aontais. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscail an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

Ó tharla go bhfuil líon mór de tháirgeoirí de chuid an Aontais lena mbaineann ann, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh na teorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara. Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir Aontais aitheanta Aontais agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a thíolacadh laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2599).

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má chinntear dá bhrí sin gurb ann don dumpáil agus an díobháil mar gheall air sin, tiocfar ar chinneadh, de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, dá nglacfaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm, nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais. Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an Coimisiún a líonadh isteach. Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge atá faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2599). An fhaisnéis a thíolactar de bhun Airteagal 31, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag tacú léi an tráth a thíolactar í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu i roinn 5.3.1, i roinn 5.3.2 agus i roinn 5.4 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara iad más rud é go bhfuil nasc oibiachtúil idir a gcuid ngníomhaíochtaí agus an táirge atá faoi imscrúdú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Má mheastar gur páirtí leasmhar é páirtí, ní dochar é sin do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (10).

5.7.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.

Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leagann na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.

Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:

Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh fhorchur na mbeart sealadach, ní mór iarraidh a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Tar éis na céime sealadaí, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá ó dháta foilsithe an nochta shealadaigh nó an doiciméid faisnéise, agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh de 15 lá ón dáta fhógra an nochta nó ó dháta an doiciméid faisnéise.

Ag an gcéim chinntitheach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá ó dháta an nochta deiridh, agus is le linn na tréimhse a dheonófar maidir le barúlacha a thabhairt faoin nochtadh deiridh a reáchtálfar an éisteacht de ghnáth. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh láithreach a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin, agus reáchtálfar an éisteacht roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

Tá an tréimhse ama a leagtar amach gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den tréimhse ama i gcásanna cuí-réasúnaithe, agus do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteacht i gcásanna cuí-réasúnaithe. I gcás ina ndiúltaíonn seirbhísí an Choimisiúin iarraidh ar éisteacht, cuirfear an páirtí lena mbaineann ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an diúltú sin.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun go mbeidh seirbhísí an Choimisiúin in ann dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar treoir a thabhairt do pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis na héisteachta.

5.8.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” a dhéanfar iad a lipéadú (11). Páirtithe a dhéanann faisnéis a thíolacadh le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

European Commission

Directorate-General for Trade

Directorate G

Office: CHAR 04/039

1049 BRUXELLES/BRUSSEL

BELGIQUE/BELGIË

TRON. tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost:

TRADE-AS688-FA-SUBSIDY@ec.europa.eu

TRADE-AS688-FA-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De bhun Airteagal 11(9) den bhun-Rialachán, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí nuair is féidir sin, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 12(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 9 mhí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 29a den bhun-Rialachán, is gá don Choimisiún faisnéis a sholáthar maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha atá beartaithe 4 seachtaine sula bhforchuirtear bearta sealadacha. Féadfaidh páirtithe leasmhara an fhaisnéis seo a iarraidh i scríbhinn laistigh de 4 mhí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.

Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear na páirtithe leasmhara ar an eolas i scríbhinn nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán.

I bprionsabal, tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí críochnaitheacha breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a thíolacadh ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den Fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach cumhdaítear leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:

Aon fhaisnéis le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a thíolacadh laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a thíolacadh tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag an gcéim shealadach. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a thíolacadh ach amháin ar choinníoll gur féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a dhéanann páirtithe leasmhara eile a thíolacadh. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:

Aon bharúil maidir le faisnéis a dhéanfaidh páirtithe leasmhara eile a thíolacadh roimh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a thíolacadh laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a thíolacadh laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh críochnaitheach breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin i gcás imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar síneadh a dheonú ach amháin má bhíonn údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.

I gcás ar bith, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus go hiondúil ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I bprionsabal, na creata ama a leagtar amach i ranna 5.6 chun éisteachtaí os comhair sheirbhísí an Choimisiúin a iarraidh, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar éisteachtaí os comhair an Oifigigh Éisteacha. I gcás ina dtíolacfar iarrataí éisteachta lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

12.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (12).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála:, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/.


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Tagraíonn an téarma ginearálta “díobháil” do dhíobháil ábhartha chomh maith le bagairt díobhála ábhartha nó moilliú ábhartha i leith bunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 2(d) den bhun-Rialachán.

(3)  Ciallaíonn tagairtí d’fhoilsiú an Fhógra seo foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(4)  Maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 i ndáil le himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise (IO C 482, 30.11.2021, lch. 5).

(6)  Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig margadh an Aontais, bíodh sin á dhéanamh aici go díreach nó trí thríú páirtí, lena n-áirítear aon cheann dá cuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(7)  De bhun Airteagal 15(3) den bhun-Rialachán, déanfar neamhshuim d’aon mhéid nialasach agus aon mhéid de minimis de fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, sin agus d’aon mhéid de fhóirdheontais in-fhrithchúitithe arna leagan síos sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 28 den bhun-Rialachán.

(8)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach mbaineann le táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil. Allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin, ní mór dóibh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(9)  Féadfar na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil a úsáid freisin i ndáil le gnéithe den imscrúdú sin seachas an fóirdheonú a chinneadh.

(10)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.

(11)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12.4 de Chomhaontú EDT maidir le fóirdheontais agus le bearta frithchúitimh. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan íogair (1)

Leagan le haghaidh a iniúchta ag páirtithe leasmhara

 

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

NÓS IMEACHTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS A BHAINEANN LE HALLMHAIRÍ AIGÉID SHAILLIGH DE THIONSCNAMH NA HINDINÉISE

FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ AN TSAMPLA D’ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA

Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis shamplála a dhéantar i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh.

Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le haghaidh a iniúchta ag na páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Teileafón

 

Facs

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirigh láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), agus an láimhdeachas agus an meáchan nó an méid i gcás allmhairí (2) agus athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú aigéid shailligh, mar a shainmhínítear san Fhógra tionscnaimh, ón Indinéis le linn thréimhse an imscrúdaithe.

 

Tonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta féin in euro (EUR)

 

 

Allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú

 

 

Athdhíolacháin an táirge atá faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Indinéis

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (3)

Tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara uile (liostaigh iad agus luaigh an caidreamh le do chuideachta, le do thoil) a bhfuil baint acu le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiú agus/nó intíre) an táirge atá faoi imscrúdú. An táirge atá faoi imscrúdú a cheannach nó é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonartha, sin nó é a phróiseáil nó a thrádáil, is rudaí iad sin a d’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, ach ní hé gurb iadsan amháin a d’fhéadfaí a áireamh.

Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS eile

 

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, comhaontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach n-aontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin d’allmhaireoirí neamh-chomhoibritheacha bunaithe ar na fíricí atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  Is le haghaidh úsáid inmheánach amháin atá an doiciméad seo. Is doiciméad é atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43). Is doiciméad rúnda é de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheonaithe ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55), agus de bhun Airteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh.

(2)  Is iad seo a leanas 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh: An Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn.

(3)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó na scaireanna lena ngabhann cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar gur den teaghlach céanna daoine ach amháin más ceann de na gaolta seo a leanas an gaol atá acu le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).