5.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/29 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 183/11)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FÓGRA MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR
“Neszmély / Neszmélyi”
PDO-HU-A1335-AM02
Dáta teachtaireachta: 9 Feabhra 2022
TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA
Leathnú an limistéir chríochaithe – bardais Bana agus Bokod a áireamh sa réigiún fíona
a) |
Ceannteidil na sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh:
|
b) |
Ceannteidil an doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh:
|
c) |
Réasúnú: Bhíodh an dá bhardas mar chuid den réigiún fíonsaothrúcháin stairiúil, inarb ann do thraidisiúin fíonsaothrúcháin fós. Is mian leis na saothraithe fíniúna sna bardais a bheith páirteach sa limistéar táirgthe arís. Suíodh i scrúduithe nach bhfuil ithir, dálaí aeráide, saintréithe fíonsaothraithe agus fíonóireachta limistéir táirgthe na mbardas sin difriúil le hithir, dálaí aeráide, saintréithe fíonsaothraithe agus fíonóireachta limistéar táirgthe STFC Neszmély. Tá saintréithe na dtáirgí fíona a dhéantar as fíonchaora ón réigiún sin comhfhreagrach leis na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge. |
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha) an táirge
Neszmély
Neszmélyi
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. |
Fíon súilíneach |
4. Tuairisc ar na fíonta
1. Fíon – Bán
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath idir glas éadrom agus dath buí tuí ar na fíonta. Fíonta bána tirime, leathmhilse nó milse, a bhfuil aigéadacht bhríomhar iontu agus dea-bholadh tánaisteach uathu gan ach rian beag nó gan aon rian d’aosú i mbairillí orthu. Is é dea-bholadh spíosrach, bláthach nó torthaíoch an ghné shainithe a bhaineann leo. Cé is moite d’fhíonta measctha, léirítear go soiléir sna fíonta na saintréithe suaithinseacha a bhaineann le gach cineál i gcónaí. Is é 263 g/lítir uasmhéid iomlán siúcra na bhfíonta. Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
18 |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Fíon – Rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Fíonta a bhfuil dath bándearg éadrom, dath bándearg, dath corcairghorm nó dath an bhradáin (dath craiceann oinniúin) orthu, a bhfuil aigéadacht gheal iontu, dea-bholadh torthaíoch uathu agus blas torthaíoch orthu, agus gan aon rian den aosú i mbairillí orthu. Is é 263 g/lítir uasmhéid iomlán siúcra na bhfíonta. Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
18 |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Fíon – Dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath idir corcairghorm dorcha agus dath an rúibín agus dath níos déine an rúibín ar na fíonta dearga sin agus tá saintréithe simplí sútha dearga agus aigéadacht ghléineach iontu. Is fíonta óga iad sin, a bhfuil dea-bholaithe caolchúiseacha darach agus tainniní uathu. Is iondúil go ndéantar iad lena n-ól agus iad úr. Is é 263 g/lítir uasmhéid iomlán siúcra na bhfíonta. Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
18 |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
4. Fíon súilíneach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath buí tuí éadrom orthu, le haigéadacht gheal agus shuntasach agus boladh éagsúil orthu, ach baineann saintréithe de thorthaí ag a bhfuil bia bán den chuid is mó leo. Láidreacht mheánach, súilíní buana. Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta áirithe
1.
Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh
Féadfar milsiú, cé is moite d’fhíon súilíneach, a dhéanamh le húrfhíon chomhdhlúite nó le húrfhíon chomhdhlúite choigeartaithe a tháirgtear i réigiún fíona Neszmély.
Tá toirmeasc ar fhíonta lena gcuirtear an nath “töppedt szőlőből készült bor” [fíon a dhéantar as fíonchaora rísínithe] nó “késői szüretelésű bor” [fíon a bhuaintear go déanach] a shaibhriú nó a mhilsiú.
Ní fhéadfar an fíon súilíneach a tháirgeadh ach i gcomhréir leis na modhanna ginearálta a bhaineann leis an aosú traidisiúnta i mbuidéil.
Féadfaidh méid siúcra an fhíona shúilínigh a bheith brut, tirim, leath-thirim nó leathmhilis.
2.
Cleachtas saothraithe
1. |
Na rialacha maidir leis an bhfíniúin a thraenáil:
|
2. |
Rialacha maidir le déine fíniúna san fhíonghort:
|
3.
Cleachtas saothraithe
3. |
Teorainneacha táirgeachta
|
4. |
Cáilíocht na bhfíonchaor (méid siúcra nádúrtha (g/l) agus neart alcóil féideartha na bhfíonchaor (tf%)):
|
5.2. Uastáirgeacht
1. |
Fíon
100 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
2. |
Fíonta lena gcuirtear ainm an fhána in iúl
80 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
3. |
Fíon
14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
4. |
Fíonta lena gcuirtear ainm an fhána in iúl
11 500 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
5. |
Fíon súilíneach
100 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. |
Fíon súilíneach
14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an limistéar críochaithe:
Limistéir na mbardas a leanas a aicmítear in Aicme I agus Aicme II de réir chadastar an fhíonghoirt: Ászár, Baj, Bajót, Bana, Bársonyos, Bokod, Császár, Csép, Dunaalmás, Dunaszentmiklós, Esztergom, Ete, Kerékteleki, Kesztölc, Kisbér, Kocs, Lábatlan, Mocsa, Mogyorósbánya, Nagyigmánd, Neszmély, Nyergesújfalu, Süttő, Szomód, Tata, Tát, Tokod, Vérteskethely agus Vértesszőlős.
7. Príomhchineál(acha) fíonchaor
cabernet franc – cabernet
cabernet franc – carbonet
cabernet franc – carmenet
cabernet franc – gros cabernet
cabernet franc – gros vidur
cabernet franc – kaberne fran
cabernet sauvignon
chardonnay – chardonnay blanc
chardonnay – kereklevelű
chardonnay – morillon blanc
chardonnay – ronci bilé
cserszegi fűszeres
ezerjó – kolmreifler
ezerjó – korponai
ezerjó – szadocsina
ezerjó – tausendachtgute
ezerjó – tausendgute
ezerjó – trummertraube
hárslevelű – feuilles de tilleul
hárslevelű – garszleveljü
hárslevelű – lindeblättrige
hárslevelű – lipovina
irsai olivér – irsai
irsai olivér – muskat olivér
irsai olivér – zolotis
irsai olivér – zolotisztüj rannüj
juhfark – fehérboros
juhfark – lämmerschwantz
juhfark – mohácsi
juhfark – tarpai
királyleányka – dánosi leányka
királyleányka – erdei sárga
királyleányka – feteasca regale
királyleányka – galbena de ardeal
királyleányka – königliche mädchentraube
királyleányka – königstochter
királyleányka – banphrionsa beag
kékfrankos – blauer lemberger
kékfrankos – blauer limberger
kékfrankos – blaufränkisch
kékfrankos – limberger
kékfrankos – moravka
leányka – dievcenske hrozno
leányka – feteasca alba
leányka – leányszőlő
leányka – mädchentraube
merlot
olasz rizling – grasevina
olasz rizling – nemes rizling
olasz rizling – olaszriesling
olasz rizling – riesling italien
olasz rizling – risling vlassky
olasz rizling – taljanska grasevina
olasz rizling – welschriesling
ottonel muskotály – miszket otonel
ottonel muskotály – muscat ottonel
ottonel muskotály – muskat ottonel
pinot blanc – fehér burgundi
pinot blanc – pinot beluj
pinot blanc – pinot bianco
pinot blanc – weissburgunder
pinot noir – blauer burgunder
pinot noir – kisburgundi kék
pinot noir – kék burgundi
pinot noir – kék rulandi
pinot noir – pignula
pinot noir – pino csernüj
pinot noir – pinot cernii
pinot noir – pinot nero
pinot noir – pinot tinto
pinot noir – rulandski modre
pinot noir – savagnin noir
pinot noir – spätburgunder
rajnai rizling – johannisberger
rajnai rizling – rheinriesling
rajnai rizling – rhine riesling
rajnai rizling – riesling
rajnai rizling – riesling blanc
rajnai rizling – weisser riesling
rizlingszilváni – müller thurgau
rizlingszilváni – müller thurgau bijeli
rizlingszilváni – müller thurgau blanc
rizlingszilváni – rivaner
rizlingszilváni – rizvanac
sauvignon – sauvignon bianco
sauvignon – sauvignon bijeli
sauvignon – sauvignon blanc
sauvignon – sovinjon
szürkebarát – auvergans gris
szürkebarát – grauburgunder
szürkebarát – graumönch
szürkebarát – pinot grigio
szürkebarát – pinot gris
szürkebarát – ruländer
sárga muskotály – moscato bianco
sárga muskotály – muscat blanc
sárga muskotály – muscat bélüj
sárga muskotály – muscat de frontignan
sárga muskotály – muscat de lunel
sárga muskotály – muscat lunel
sárga muskotály – muscat sylvaner
sárga muskotály – muscat zlty
sárga muskotály – muskat weisser
sárga muskotály – weiler
sárga muskotály – weisser
tramini – gewürtztraminer
tramini – roter traminer
tramini – savagnin rose
tramini – tramin cervené
tramini – traminer
tramini – traminer rosso
zenit
zweigelt – blauer zweigeltrebe
zweigelt – rotburger
zweigelt – zweigeltrebe
8. Tuairisc ar an nasc(na naisc)
8.1. Fíon agus fíon súilíneach (1)
1.
a) Tosca nádúrtha
Tá an aeráid agus na dálaí aimsire sa réigiún fíona cothromaithe. Bíonn líon na n-uaireanta an chloig gréine idir 1 950 agus 2 000 uair an chloig agus bíonn líon na báistí idir 550 agus 650 mm. Ithir foraoise dhonn le bonn marla a bhíonn le fáil in ithreacha limistéar ísealchríche Ászár den chuid is mó, agus bíonn lós, aolchloch, dolaimít agus gaineamhchloch le fáil i limistéar ardtalún Neszmély den chuid is mó. Táirgtear fíon ardchaighdeáin sa lós. Ar bhonn na ndálaí éiceolaíocha, baineann formhór mór na bhfíonghort sa réigiún fíona le hAicme chadastrach I. Tá an limistéar ina bhfuil an luach is airde in Dunaszentmiklós (366).
Tá formhór na bhfíonghort lonnaithe in iarthar Gerecse. Tá an Danóib ar an taobh thuaidh, agus tá Machaire Beag na hUngáire ar an taobh thiar. Cruthaíodh miocraeráid ar na fána tuaisceartacha séimhe leis an Danóib. Solas na gréine a fhrithchaitear ó dhromchla na habhann, go háirithe um thráthnóna, téann sé chun leas na táirgeachta fíonchaor.
Cnoic dhroimneacha agus an aimsir atá measartha fionnuar agus bogthais – rud beag níos lú grianmhaire ná meánsolas na gréine a fhaightear san Ungáir – a mhodhnaítear go fabhrach le miocraeráid na Danóibe, téann siad chun leas tháirgeacht na bhfíonta atá saibhir ó thaobh dea-bholaithe agus blasanna.
b) Tosca daonna
Ba í an Danóib teorainn Impireacht na Róimhe. Sa dara céad AD, d’ordaigh an tImpire Probus do na saighdiúirí a bhí lonnaithe anseo fíniúnacha a chur ar thaobhanna cnoic Gerecse os comhair na Danóibe. Téann stair an réigiúin fíona siar go dtí an ré sin. Tá leac uaighe a aimsíodh i bhfíonghort Szaller ar chnoc Ispita in Esztergom ina fhianaise d’fhíonsaothrúchán. Léirítear ar an leac uaighe laoch Rómhánach agus bean, le buachaill eatarthu, agus cuach ina lámh. Tá fleasc fíniúnacha mórthimpeall na rilífe.
De réir déantáin scríofa chomhaimseartha, bhí an réigiún timpeall Neszmély agus Dunaalmás i mbarr a réime tar éis choncas na hUngáire agus bhunú an stáit, nuair a tháinig Esztergom chun a bheith ina phríomhchathair sa tír. In 1422, ba chathair é Neszmély fós. Thagadh go leor cuairteoirí, lena n-áirítear ríthe na hUngáire, go dtí na fíonghoirt, na húlloird agus na foraoisí. Ba é an Rí Sigismund, a d’ól fíonta an réigiúin fiú le linn na dtréimhsí fada nach raibh sé ann, an chéad duine a d’fhógair fíonta Neszmély i ndáiríre.
Thosaigh an saothrú fíonchaor ag dul i dtreis an athuair tar éis dheireadh fhorghabháil na nOtamánach. Le linn riail Maria Theresa, bhíodh trádáil fíona bhríomhar sa limistéar. Bhíodh fíonta Neszmély, arbh iad na fíonta ba láidre agus ba shaintréithí tar éis fhíonta Somló fiú an tráth sin iad, in ann an t-iompar uisce a sheasamh, agus dá réir sin, tháinig cáil orthu ar fud beagnach gach cearn den Eoraip. Bhí a siléar agus a fíonghoirt féin in Dunaalmás ag mainistir Klosterneuburg, agus tugadh fíon as an réigiún sin don Phápa fiú.
Ba é Ferenc Schams (1780–1839) an chéad duine a scríobh monagraf cuimsitheach maidir le réigiúin fíona na hUngáire. An tráth sin, dúradh nár thóg sé ach 4 nó 5 bliana chun fíonta Neszmély a aibiú chun foirfeachta, agus dá shine a bhí siad is ea is soiléire an dath órga a bhí orthu. In 1832, scríobh Ferenc Schams an méid a leanas: “Níl aon amhras gurb é fíon Neszmély an fíon is fearr i limistéar Komárom, an fíon boird bán is fearr san Ungáir, agus tá cáil air sa bhaile agus ar an gcoigríoch araon maidir lena mhaitheas agus a mharthanacht mar aon lena bhlas deas caolchúiseach.” Sa dara leath den 19ú céad, bhí fíonghort agus fíonlann eastáit Eszterházy in Ászár mar bhonn le réigiún fíona Neszmély, a bunaíodh in 1897.
In 1905, bhunaigh an Cunta Ferenc Eszterházy monarcha fíona shúilínigh ríoga san fhíonlann a tógadh i ngairdín Sasanach Tata in 1772.
Le heipidéim phylloxera, cuireadh deireadh leis an táirgeacht fíonchaoire agus fíona a bhí faoi bhláth. Laghdaíodh an limistéar faoi fhíniúnacha go dtí an tríú cuid beagnach, agus tháinig laghdú géar ar an gcáilíocht mar gheall ar shaothrú na limistéar gainmheach freisin. Ar an taobh dearfach de, tar éis eipidéim phylloxera, scaip an cineál Olaszrizling de thionscnamh na Fraince ar fud an réigiúin fíona agus d’fhás sé go maith anseo. Cuireadh cineálacha fíonchaoire nua in ionad na gcineálacha fíonchaoire a bhí ann roimhe sin. Imeallaíodh Kadarka agus Rácfekete agus cuireadh na cineálacha fíonchaoire seanbhunaithe Olaszrizling, Mézesfehér agus Góhér, Piros veltelíni, Zöldszilváni agus Ezerjó ina n-ionad. Bhí Kékfrankos agus Oportó i measc na gcineálacha fíonchaor dearg a táirgeadh anseo.
2.
Leis an gcomhshaol nádúrtha agus na traidisiúin stairiúla a dtugtar tuairisc orthu thuas, agus leis an athrú ar na cineálacha fíonchaoire le 15 bliana anuas, is féidir fíonta a bhfuil stíleanna éagsúla acu a tháirgeadh i réigiún Neszmély. Tá an éagsúlacht seo bunaithe ar an aigéadacht álainn, shaintréitheach a thagann chun cinn mar thoradh ar dhálaí aeráide an réigiúin fíona. Rud a chuireann leis an gcnámh droma aigéadach is ea an blas tathagach, lasánta a chuireann le haosú níos faide agus a thagann chun cinn mar thoradh ar na dálaí ithreach éagsúla. Téann teicnící fíonóireachta nua-aimseartha chun leas tháirgeacht na bhfíonta bríomhara agus úra atá saibhir ó thaobh dea-bholaithe torthaíocha agus príomhbhlasanna a dhéantar as fíonchaora a bhfuil na saintréithe thuas acu.
Fíonta STFC Neszmély an réigiúin, is fíonta bána iad lena léirítear na saintréithe suaithinseacha a bhaineann le gach cineál, atá saibhir ó thaobh dea-bholaithe agus blasanna, a bhfuil aigéadacht mhín iontu, agus a dhéantar lena n-ól laistigh de 1–2 bhliain.
Déantar fíonta den stíl seo as na cineálacha Chardonnay, Szürkebarát, Irsai Olivér, Cserszegi fűszeres, Sauvignon agus Királyleányka den chuid is mó.
Déantar fíonta an-mhaith sa stíl thuas le cineálacha traidisiúnta amhail Olaszrizling, Szürkebarát, Ezerjó agus Rizlingszilváni, ach i limistéir chomhréidh an réigiúin fíona, bíonn níos lú cumhrachta agus níos mó de na dea-bholaithe suaithinseacha ag gach cineál, agus bíonn siad níos láidre.
8.2. Fíon agus fíon súilíneach (2)
3.
Bíonn cnámh droma aigéadach deas, suaithinseach ag gach cineál fíona as Neszmély. Cuirtear cruthú aigéid láidre chun cinn leis an aimsir chothromaithe agus measartha bogthais. Chuardaigh saothraithe fíniúna sa réigiún taobhanna cnoic, fánaí os cionn na Danóibe, agus limistéir ina raibh dea-dhálaí ithreach, ina bhféadfaí blasanna agus dea-bholaithe áille, anuas ar an aigéadacht shuaithinseach, a fhorbairt freisin.
Bhain táirgeoirí Neszmély leas as aigéadacht ard agus saibhreas na bhfíonta i gcónaí.
— |
Le linn na Meánaoiseanna, bhíodh trádáil fíona bhríomhar ann, toisc go mbíodh fíonta Neszmély in ann tréimhsí fada iompair ar uisce (an Danóib) agus ar thalamh a sheasamh. |
— |
Nuair a bhí éileamh ón bpobal ar thréimhse fhada aosaithe, cuireadh fíonta amhail Neszmélyi Olaszrizling nó Etei Ezerjó ar an margadh tar éis tréimhse fhada aosaithe i mbairillí adhmaid, tar éis forbairt dea-bholaithe speisialta a bhaineann le haois. |
— |
Sna limistéir a bhfuil dálaí ithreach agus suíomhanna fabhracha iontu, dhéantaí fíonta milse as fíonchaora rísínithe a aibítear go déanach, amhail an Ászári Szürkebarát. |
— |
Chomh maith leis sin, leis an gcnámh droma aigéadach suaithinseach, is féidir fíon Neszmély úr agus bríomhar a tháirgeadh, a bhfuil dea-bholadh dian aige lena léirítear na saintréithe suaithinseacha a bhaineann le gach cineál. Sa lá atá inniu ann, i gcomhréir le héileamh an mhargaidh, díoltar fíonta Neszmély den sórt sin go príomha. |
Mar aitheantas ar fhíonta Neszmély, bronnadh an gradam Déantóir Fíona na Bliana ar dhéantóir fíona arbh as an réigiún é sa Ríocht Aontaithe in 1997 agus san Ungáir in 1999. Bronnadh an teideal “Fíonlann na Bliana” ar fhíonlanna Neszmély in 2004 agus in 2009.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Rialacha maidir le táscairí (1)
Creat dlíthiúil:
Ón eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
a) |
Maidir le fíonta Neszmély II/1 lena gcuirtear ainm an bhardais in iúl ar an lipéad, ní mór 85 % de na fíonchaora ar a laghad a bheith de thionscnamh na bhfíonghort a aicmítear in aicme I nó II sa bhardas sin, agus féadfar suas le 15 % de na fíonchaora próiseáilte a bheith de thionscnamh codanna eile de limistéar táirgthe críochaithe Neszmély. |
b) |
Maidir le fíonta lena gcuirtear ainm an fhána in iúl, ní mór 100 % de na fíonchaora próiseáilte a bheith de thionscnamh an fhána sin. |
c) |
Níl aon cheanglas éigeantach le haghaidh lipéad seachas na ceanglais sin a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm agus i bpointe (h) thíos. |
d) |
Na nathanna traidisiúnta a leanas, nathanna teoranta eile nó nathanna eile lena ndéantar tagairt don mhodh ullmhúcháin, féadfar iad a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar gach cineál fíona: |
Fíon bán: “késői szüretelésű bor” [fíon a bhuaintear go déanach], “muzeális bor” [fíon stairiúil], “primőr” [príomha] nó “újbor” [fíon nua], “bliain an chéadfháscaidh” nó “első szüretelésű bor” [fíon chéadfháscaidh], “hordóban erjesztett bor” [fíon a choiptear i mbairillí], “hordóban érlelt bor” [fíon a thugtar chun cineáil i mbairillí], “barrique bor” [fíon barrique], “töppedt szőlőből készült bor” [fíon a dhéantar as fíonchaora rísínithe], “prémium bor” [fíon ardcháilíochta], “Cuvée” nó “Küvé”
Fíon rosé: “Cuvée” nó “Küvé”
Fíon dearg: “muzeális bor” [fíon stairiúil], “bliain an chéadfháscaidh” nó “első szüretelésű bor” [fíon chéadfháscaidh], “hordóban erjesztett bor” [fíon a choiptear i mbairillí], “hordóban érlelt bor” [fíon a thugtar chun cineáil i mbairillí], “barrique bor” [fíon barrique], “prémium bor” [fíon ardcháilíochta], “Cuvée” nó “Küvé”
Rialacha maidir le táscairí (2)
Creat dlíthiúil:
Ón eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ainmneacha na mbardas a fhéadfar a chur in iúl:
Na bardais atá lonnaithe i gContae Komárom-Esztergom:
Ászár, Baj, Bajót, Bana, Bársonyos, Bokod, Császár, Csép, Dunaalmás, Dunaszentmiklós, Esztergom, Ete, Kerékteleki, Kesztölc, Kisbér, Kocs, Lábatlan, Mocsa, Mogyorósbánya, Nagyigmánd, Neszmély, Nyergesújfalu, Süttő, Szomód, Tata, Tát, Tokod, Vérteskethely, Vértesszőlős
Ní fhéadfar ach fíonta a tháirgtear as fíonchaora a shaothraítear laistigh de theorainneacha riaracháin bardais amháin a mhargú faoi ainm an bhardais sin.
Ainmneacha na bhfánaí a fhéadfar a chur in iúl:
Dunaszentmiklós: Bokrosi-dűlő
Neszmély: Előharaszt, Gőte-oldal, Határszél, Korma föle, Madari-hát, Meleges-hegy, Pap-hegy, Páskom, Pörösök, Sós-hegy, Ürge-hegy, Várhegy
Szomód: Borsos-diós, Kalács-hegy
Tata: Grébics-hegy, Látó-hegy, Látó-hegy föle
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://boraszat.kormany.hu/neszmely