23.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 130/16


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 130/14)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 1504

16 Márta 2022

4-Naoinilfeanól, brainseach agus líneach, eatocsailithe (4-NPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Chemetall GmbH, Trakehner Str. 3, 60487 Frankfurt, An Ghearmáin

REACH/22/19/0

Foirmliú de chomhpháirt cruaiteora ina bhfuil 4-NPnEO i séaltáin dhépháirteacha polasuilfíde le haghaidh an aeraspáis

4 Eanáir 2025

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.

REACH/22/19/1

Meascadh comhpháirteanna séaltáin de pholasuilfíd buin le cruaiteoir ina bhfuil 4-NPnEO, meascadh as a n-eascraíonn meascáin ina bhfuil níos lú ná 0,1 % w/w de 4-NPnEO le haghaidh úsáidí aeraspáis atá díolmhaithe ó údarú faoi Airteagal 56(6), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, in earnáil an aeraspáis agus i slabhraí soláthair gaolmhara


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).