4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 104/1


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Treoirlínte oibríochtúla a chur ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú

(2022/C 104 I/01)

Tar éis tús ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi a eisíodh an lá céanna, cháin sí sna téarmaí ba láidre ab fhéidir ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ionsaí atá gan ábhar gan údar, agus leag sí béim ar an sárú tromchúiseach atá déanta ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, sin agus ar an mbuille atá buailte ar shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain mhóir.

Maidir leis an gcogadh ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh, tá tionchar díreach aige ar an Aontas, go háirithe tríd an mbrú imirce atá ag méadú mar thoradh ar na mílte daoine a bhfuil cosaint á lorg acu i mBallstáit an Aontais. Laistigh de chúpla lá, faoi thús mhí an Mhárta, bhí an tAontas bainte amach ag breis agus 650 000 duine easáitithe, iad tar éis teacht tríd an bPolainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin. Meastar go dtiocfaidh méadú níos mó fós ar an líon sin. Tá na hagaí feithimh ag Pointí Trasnaithe Teorann ag dul i méid i gcónaí agus tuairiscítear go bhfuil scuainí agus plódú ann, go háirithe ar thaobh na hÚcráine den teorainn.

Tá mórphlódú ann chun an Aontais isteach, mórphlódú d’Úcránaigh agus de náisiúnaigh tríú tír eile atá ina gcónaí san Úcráin tráth na coinbhleachta. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach (1) go ndéanfaí an obair maidir le hullmhacht agus réidhe ar gach leibhéal a thabhairt chun cinn agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, go háirithe, bearta teagmhasacha a chur chun cinn. Moladh ag cruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 27 Feabhra 2022 an rún atá ag an gCoimisiún moltaí a mholadh maidir le seiceálacha slándála a dhéanamh (2).

Tá an treoir seo beartaithe cabhrú leis na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin i dtaca leis an staid atá i gceist faoi láthair ag teorainneacha seachtracha an Aontais mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Na daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin atá ag trasnú trí na teorainneacha leis an bPolainn, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir agus leis an Rómáin, tá an treoir seo dírithe ar na bearta atá ar fáil do na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na daoine sin a bhainistiú go héifeachtach éifeachtúil, go seachnófar an plódú, agus go gcoimeádfar leibhéal ard slándála do limistéar Schengen ina iomláine ag an am céanna.

Go háirithe, tugann an treoir forléargas cuimsitheach ar na bearta éascaithe um rialuithe teorann atá ar fáil faoi rialacha Schengen (3), agus lenar féidir an leibhéal riachtanach seiceálacha teorann a áirithiú fós. Molann an Coimisiún an tsolúbthacht sin a úsáid i gcomhréir leis na treoirlínte oibríochtúla seo a leanas.

Ar na bearta sin tá:

rialuithe teorann a shimpliú do chatagóirí áirithe daoine, lena n-áirítear daoine leochaileacha, amhail leanaí, agus catagóirí eile, amhail oibrithe iompair atá san Úcráin agus a gcuid seirbhísí á gcur i gcrích acu;

an fhéidearthacht rialuithe teorann a eagrú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann;

socrú speisialta maidir le trasnú na dteorannacha ag na seirbhísí tarrthála, ag póilíní, ag briogáidí dóiteáin, ag gardaí teorann agus ag mairnéalaigh, is cuma cén náisiúntacht atá acu;

bunú lánaí tacaíochta éigeandála, chun rochtain agus filleadh a áirithiú i ndáil le heagraíochtaí a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil do dhaoine ar chríoch na hÚcráine;

lasmuigh de raon feidhme rialacha Schengen, tarscaoileadh dleachtanna custaim agus bearta chun teacht isteach peataí a éascú agus iad ag taisteal lena n-úinéirí ón Úcráin.

Ar deireadh, is treoir í seo ina moltar go láidir do na Ballstáit lena mbaineann leas a bhaint as tacaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) i dtaca leis na gníomhaíochtaí ar fad a dhéanann na gardaí teorann ag na teorainneacha. I ndáil leis sin, ba cheart do Frontex tús áite a thabhairt d’iarrataí uile na mBallstát lena mbaineann ar sheirbhísí cumaisc EUROSUR, go háirithe chun faireachán rialta a sholáthar le seirbhísí íomhánna saincheaptha, lena n-áirítear íomhánna satailíte, lena gcumhdaítear limistéir chóngaracha réamhtheorann na hÚcráine chun an cás a mheasúnú agus seirbhís aerfhaireachais ilchuspóireach saincheaptha a sholáthar. Ina theannta sin molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin tacaíocht a iarraidh ar Europol.

Féadfar a iarraidh go ndéanfadh foirne tacaíochta um bainistiú imirce (Frontex/Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann/Europol, agus gníomhaireachtaí ábhartha eile) atreisiú teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil chun tacú leis Ballstáit a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce le sárú acu, i gcomhréir le hAirteagal 40 den Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (4). Is é an Coimisiún a chomhordaíonn an próiseas sin in éineacht leis na gníomhaireachtaí ábhartha agus leis na Ballstáit.

I bhfianaise an togra ón gCoimisiún chun an Treoir um Chosaint Shealadach (5) a chur i ngníomh, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, oibriú i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú chun cur chun feidhme na cosanta sealadaí a éascú. Ba cheart é sin a dhéanamh trí “Ardán Dlúthpháirtíochta”, trína malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir lena n-acmhainneachtaí glactha agus líon na ndaoine a bhfuil cosaint shealadach acu ar a gcríocha. Leis an ardán dlúthpháirtíochta sin, d’áiritheofaí comhordú na n-ionstraimí sin, a bhféadfadh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus uirlisí nó modhanna eile de chuid an Aontais a bheith páirteach iontu, a bheadh ar fáil do na Ballstáit.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair ag an teorainn sheachtrach leis an Úcráin, tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe ar leibhéal na saineolaithe chun cur chun feidhme na dtreoirlínte sin a phlé, agus aird á tabhairt freisin ar an treoir a d’fhéadfadh Frontex a eisiúint amach anseo.

1.   An plódú a laghdú ag pointí trasnaithe teorann

Bunús dlí: Airteagal 9 CTS

D’fhonn cur le sreabhántacht an tráchta ag an teorainn, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as tacaíocht Frontex agus Europol. Is féidir le Frontex an buanchór a úsáid chun tacú le sainaithint na ndaoine ar mian leo an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear seiceálacha ar scagadh náisiúntachta agus seiceálacha ar dhoiciméid taistil (chomh maith le deimhnithe vacsaínithe COVID), go háirithe trí thacaíocht a thabhairt le trealamh Eurodac, seiceálacha SIS agus baill foirne a thacaíonn le clárú agus méarlorgaireacht na náisiúnach tríú tír sin atá faoi réir na hoibleagáide sin (6). Féadfaidh Europol, go háirithe, aoi-oifigigh a imscaradh chun tacú leis na Ballstáit seiceálacha ar an dara líne a dhéanamh ag an teorainn.

Chun trasnuithe teorann a éascú, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as forálacha Chód Teorainneacha Schengen (Airteagal 9) lena bhforáiltear go bhféadfar seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a mhaolú, i ngeall ar imthosca eisceachtúla gan choinne.

Freastalaítear ar imthosca eisceachtúla gan choinne nuair a fhágann teagmhais nach bhféadfaí a thuar chomh dian sin go mbeidh an t-am feithimh ag an bpointe trasnaithe teorann iomarcach agus go bhfuil na hacmhainní uile ídithe ó thaobh foirne, saoráidí agus eagrúcháin de. An staid atá ann san Úcráin faoi láthair, staid a d’eascair as ionsaí na Rúise, staid is cúis le gluaiseacht dlúth daoine atá ar a dteitheadh ón limistéar cogaidh nó ag filleadh uaidh, fágann sé go bhféadfadh údar a bheith le maolú sealadach ar rialuithe teorann ag teorainn na hÚcráine leis an Aontas.

Féadfaidh gardaí teorann maolú a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa taistealaithe nó le grúpaí áirithe de thaistealaithe. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm maolaithe spriocdhírithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cé acu a sheiceálfar nó nach seiceálfar:

saoránacht de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach;

stádas cónaitheora i mBallstát den Aontas a bheith ann cheana;

náisiúntacht an taistealaí (go háirithe an bhfuil víosa ag teastáil don tríú tír nó an bhfuil díolúine ó víosa aici);

stádas cónaithe náisiúnach tríú tír san Úcráin nach bhfuil saoránacht na hÚcráine acu;

leochaileacht agus aois na dtaistealaithe, ag féachaint go háirithe do leas an linbh;

aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le bagairtí slándála, amhail an sceimhlitheoireacht nó an choireacht eagraithe, maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí agus maidir leis an inimirce fholaitheach;

pas bithmhéadrach a bheith ann;

cé acu atá doiciméad taistil bailí ann i gcoitinne nó nach bhfuil;

an stádas mar phríomhoibrí, amhail oibrithe iompair (mairnéalaigh san áireamh), is cuma cén náisiúntacht atá acu, a bhfuil doiciméid bhailí acu a chruthaíonn cad is gairm dóibh.

I gcás ar bith, ba cheart aird a thabhairt ar urramú aontacht an teaghlaigh le linn na nósanna imeachta rialaithe teorann agus ba cheart a áirithiú nach scarfar leanaí choíche óna dtuismitheoirí ná ó bhaill teaghlaigh nó cúramóirí tionlacain.

I gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an duine agus/nó faoi bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ann mar a shonraítear thuas, níor cheart don gharda teorann leas a bhaint as an deis maolúcháin a dhéanamh ach seiceáil rialta teorann a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chód Teorainneacha Schengen.

I bhfianaise na staide eisceachtúla ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an Úcráin mar gheall ar ionsaithe míleata na Rúise, agus na saincheisteanna slándála a d’fhéadfadh teacht chun cinn ag an teorainn mar thoradh ar mhórphlódú isteach d’Úcránaigh agus de náisiúnaigh tríú tír eile a thagann isteach san Aontas ón Úcráin, rud as a n-eascraíonn scuainí fada agus bailiú sluaite daoine ag an teorainn, d’fhéadfadh na Ballstáit, mar mhalairt air sin, nó go carnach, i.e. i gcás na gcatagóirí sin de dhaoine nach bhfuil seiceálacha teorann maolaithe lena n-aghaidh, smaoineamh ar sheiceálacha teorann a dhéanamh ní ag na pointí trasnaithe teorann ach in áit eile atá scoite amach ón teorainn, áit a bheadh sábháilte. Is féidir na seiceálacha a dhéanamh le linn nó i ndiaidh iompar na dtaistealaithe chuig an áit shábháilte sin.

D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí aon bhagairt do shlándáil inmheánach agus do bheartas poiblí na mBallstát a chosc trína áirithiú go háirithe go ndéanfaí seiceálacha slándála agus céannachta i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) agus i mbunachair sonraí ábhartha eile chomh maith le seiceálacha sláinte in ainneoin na géarchéime atá ann ar an teorainn. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar Frontex tacú le sainaithint na ndaoine ar mian leo an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear scagadh náisiúntachta agus seiceálacha ar dhoiciméid taistil, go háirithe trí thacaíocht a chur ar fáil le trealamh Eurodac agus le baill foirne a thacaíonn le clárú agus méarlorgaireacht taistealaithe.

2.   Maoluithe maidir le comhlíonadh coinníollacha iontrála i gcás náisiúnaigh tríú tír

Bunús dlí: Airteagal 6(5)(c) CTS

Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit cead isteach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1) CTS (coinníollacha dul isteach le haghaidh náisiúnach tríú tír) ar fhorais dhaonnúla, ar fhorais leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta. Féadfar an maolú leathan sin a chur i bhfeidhm le linn na géarchéime atá ann faoi láthair chun ligean dóibh siúd uile atá ar a dteitheadh ón gcoinbhleacht san Úcráin teacht isteach.

Toirmisc ar theacht isteach/foláirimh CFC maidir le toirmeasc ar theacht isteach agus fanacht san Aontas, ba cheart do na Ballstáit cur i bhfeidhm na nithe sin a chur ar fhionraí de bharr forais imirce (Airteagal 11 de Threoir 2008/115/CE). Mar sin féin, tabharfar aird chuí ar thoirmisc ar theacht isteach arna n-eisiúint ar bhonn cúiseanna slándála.

Maidir le náisiúnaigh tríú tír nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad, seachas iad siúd a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach (7) nó a bhfuil ceart acu fanacht san Aontas ar fhorais eile, idirthuras a dhéanamh go dtí a dtíortha tionscnaimh nó go dtí a ngnátháit chónaithe tar éis dóibh dul isteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad in ann fanacht san Aontas. Chun cásanna fanachta neamhdhleathaí a sheachaint, moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt – más gá – chun iad a aisdúichiú nó a thabhairt chun rialtachta, de réir mar is iomchuí. Is féidir Buanchór Frontex a imscaradh chun tacú leis na daoine sin a n-imíonn an cúnamh sin uathu.

I gcás inar féidir é, ba cheart do na Ballstáit bileoga eolais atá sothuigthe go héasca a chur ar fáil, ar iontráil do na daoine sin, sna teangacha is minice a úsáideann nó a thuigeann na náisiúnaigh tríú tír sin, agus an áit a bhfaighidh siad cúnamh agus ina míneofar na nósanna imeachta bunúsacha a bheidh le leanúint a chur in iúl.

I gcás easpa doiciméadachta nó doiciméadacht neamhleor a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear leanaí, moltar do na Ballstáit dearbhú teachta agus/nó na doiciméid taistil (sealadacha) a liostaítear in:

 

https://ec.europa.eu/home-affairs/travel-documents-issued-member-states-part-ii_en

Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun a áirithiú gur féidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin taisteal ar aghaidh – agus filleadh amach anseo.

D’fhéadfadh sé gur mhian le roinnt náisiúnach den Úcráin taisteal ar aghaidh chuig cinn scríbe eile san Aontas, chun bheith i gcuideachta daoine muinteartha nó cairde in athuair sa chuid is mó de na cásanna. Na paisinéirí ionchasacha sin a léiríonn pasanna atá dulta in éag, nó cártaí aitheantais nó teastais bhreithe do leanaí agus iad sin amháin, ní cheadaítear dóibh taisteal idir na Ballstáit faoi na rialacha reatha. Cé gur faoi na hiompróirí atá sé cead a thabhairt do na daoine sin dul isteach nó dul ar bord, moltar do na Ballstáit tacú leo i ndáil leis an méid sin. Go háirithe, maidir leis na naisc chuig na Ballstáit sin nó uathu nach bhfuil deireadh curtha le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha iontu go fóill, d’fhéadfaidís smaoineamh ar dhearbhuithe a chur ar fáil don iompróir nach ndéanfar fíneáil orthu as paisinéirí a iompar nach bhfuil doiciméadaithe go leordhóthanach orthu mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach san Úcráin. Moltar do na Ballstáit solúbthacht a fheidhmiú maidir le cásanna den sórt sin a éascú agus iompróirí a dhíolmhú ó fhíneálacha den sórt sin a íoc.

3.   Teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de Phointí Trasnaithe Teorann i staideanna éigeandála gan choinne

Bunús dlí:

Airteagal 5(2)(b) CTS

Airteagal 9 CTS

I staideanna éigeandála gan choinne, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine aonair nó do ghrúpaí daoine teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann a fógraíodh go hoifigiúil agus lasmuigh d’uaireanta oscailte seasta freisin. Moltar go mbunódh na Ballstáitpointí trasnaithe teorann sealadacha, pointí a d’fhéadfaí a oscailt le linn na staide éigeandála. Féadfar úsáid na bpointí trasnaithe teorann sealadacha sin a chomhcheangal leis an tsolúbthacht a thairgtear faoi Airteagal 9 de CTS (seiceálacha teorann a choigeartú). Pointí trasnaithe teorann sealadacha a chur ar bun, sin rud a d’fhéadfadh a bheith úsáideach sa chás reatha, mar shampla i gcás ina mbeadh carranna tréigthe ag blocáil na mbóithre chuig pointí trasnaithe teorann.

4.   Éascú le haghaidh seirbhísí tarrthála

Bunús dlí: Iarscríbhinn VII, pointe 7 CTS

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socruithe faoin dlí náisiúnta maidir le hiontráil agus imeacht ball de sheirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus iad ag gníomhú le linn staideanna éigeandála, chomh maith le gardaí teorann a thrasnaíonn an teorainn agus a gcúraimí gairmiúla á bhfeidhmiú acu.

D‘fhéadfaí an comhar déthaobhach leis an Úcráin a dhéanamh ar bhonn ad hoc d’fhonn, mar shampla:

carranna atá ag cur bac ar rochtain ar phointí trasnaithe teorann a tharraingt chun bealaigh, agus/nó

cúnamh leighis, bia, uisce nó tacaíocht eile a chur ar fáil do dhaoine atá ag fanacht leis an teorainn a thrasnú.

5.   Lánaí tacaíochta éigeandála a chur ar bun

Chun rochtain agus filleadh tapa sábháilte a áirithiú le haghaidh conbhuanna daonnúla agus soláthraithe cabhrach éigeandála a chuirtear ar fáil faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus soláthraithe cabhrach daonnúla do dhaoine ar chríoch na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit lánaí speisialta a ainmniú ina “Lánaí Tacaíochta Éigeandála” ag pointí trasnaithe teorann chun na críche sin.

Ba cheart tús áite a thabhairt don sreabhadh tráchta ar na lánaí sin a choinneáil réidh tráth ar bith. Féadfaidh na Ballstáit lánaí den sórt sin a chur ar bun freisin lasmuigh de na pointí trasnaithe teorann atá ann cheana nó taobh leo, rud a lena n-áiritheofar seachadadh tapa na cabhrach agus sábháilteacht oibrithe daonnúla.

I gcás ina bhféadfaí é i ngeall ar chumraíocht pointe trasnaithe teorann agus gur féidir leis na Ballstáit líon leordhóthanach oifigeach custaim a chur ar fáil, moltar lánaí comhchosúla a ainmniú do thrucailí, chun a áirithiú go leanfar d’earraí agus seirbhísí a sholáthar chomh maith le hoibrithe iompair a thabhairt ar ais ón Úcráin.

6.   Treoirlínte d’údaráis inniúla atá ag gníomhú ag an teorainn maidir le giuirléidí pearsanta agus earraí luachmhara arna dtabhairt leo ag daoine easáitithe ón Úcráin.

Airteagail 4 go 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail i ndáil le faoiseamh ó dhleacht chustaim, is féidir na hairteagail sin a úsáid chun maoin phearsanta daoine easáitithe ón Úcráin a phróiseáil. De réir Airteagal 11 den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla maolú ar choinníollacha áirithe lena dteorannaítear faoiseamh ó dhleacht i gcás ina mbeidh ar dhuine a ghnátháit chónaithe a aistriú ó thríú tír go críoch chustaim an Chomhphobail de bharr imthosca polaitiúla eisceachtúla. Mar thoradh air sin, is féidir le daoine easáitithe ón Úcráin earraí pearsanta a thabhairt isteach san Aontas gan aon dleachtanna custaim a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh dearbhuithe custaim a bheith i bhfoirm shimplithe freisin, lena n-áirítear dearbhú ó bhéal.

Ar an gcaoi chéanna, Airteagail 4 go 11 de Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha i ndáil le hallmhairiú deiridh earraí áirithe, is airteagail iad sin a fhéadfar a úsáid chun maoin phearsanta na ndaoine easáitithe ón Úcráin a phróiseáil. De réir Airteagal 11 den Treoir seo, féadfaidh na húdaráis inniúla coinníollacha áirithe lena dteorannaítear díolúine ó CBL a mhaolú i gcás ina mbeidh ar dhuine a ghnátháit chónaithe a aistriú ó thríú tír chuig críoch chustaim an Chomhphobail de bharr imthosca polaitiúla eisceachtúla. Mar thoradh air sin, is féidir le daoine easáitithe ón Úcráin earraí pearsanta a thabhairt isteach san Aontas agus ní ghearrfar aon CBL allmhairiúcháin orthu.

Is féidir Airteagal 32 de Rialachán (AE) 576/2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí a úsáid, sin airteagal is féidir a úsáid chun iontráil peataí atá in éineacht lena n-úinéirí ón Úcráin a éascú. Chun an próiseas sin a éascú agus de mhaolú ar na coinníollacha dá bhforáiltear le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, féadfaidh Ballstáit, i gcásanna eisceachtúla, gluaiseacht neamhthráchtála peataí nach gcomhlíonann na coinníollacha sin isteach ina gcríoch a údarú faoi shocruithe sonracha ceadanna. Cuireadh údaráis inniúla tréidliachta i ngach Ballstát ar an eolas cheana féin faoin bhféidearthacht sin agus thosaigh siad ag cur na socruithe sin chun feidhme ag teorainneacha.

I gcás airgid thirim (airgeadra, ionstraim shoshannta iompróra nó tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, amhail ór), ba ghá na forálacha maidir le rialuithe airgid a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1672 a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir sna himthosca sonracha atá i gceist. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh ach a dhearbhú gur luach EUR 10 000 nó níos mó atá ar an airgead a iompraítear, rud is féidir a dhéanamh trí dhearbhú airgid neamhiomlán nó trí fhéindearbhú ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

Iompróir an airgid thirim agus a chuid sonraí teagmhála, agus

Méid airgid.

Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis inniúla anailís riosca iomchuí agus obair leantach iomchuí a áirithiú.

Ba cheart do na húdaráis a bheith ar an airdeall maidir leis an mbaol go bhféadfadh lucht calaoise leas a bhaint as an ngéarchéim chun earraí contúirteacha a allmhairiú go neamhdhleathach (laigí, pléascáin, etc.).

Ag an bpointe iontrála chun an Aontais isteach, ba cheart do na hoifigigh atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fhiosrú agus a sheiceáil an bhfuil arm tine ina sheilbh ag duine.

I gcás ina n-iarrfaidh duine arm tine sibhialta dlíthiúil a iompar leis isteach i gcríoch an Aontais, beidh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le hairm thine shibhialtacha a allmhairiú, is é sin, go sonrach, go mbeidh gá le húdarú allmhairithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 258/2012 maidir le hairm thine shibhialtacha a allmhairiú/onnmhairiú i gcomhar le Treoir (AE) 2021/555 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú).

Moltar, i gcás inar féidir, go n-oibreoidh oifigigh atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha teagmháil lena gcontrapháirteanna ar thaobh na hÚcráine den phointe trasnaithe teorann chun féidearthacht a chruthú do dhaoine a bhfuil arm tine ar iompar acu, nach gcomhlíonann ceanglais allmhairiúcháin an Aontais, an t-arm tine sin a dhiúscairt ar bhealach sábháilte sula dtrasnóidh siad an teorainn.


(1)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2022/02/24/european-council-conclusions-24-february-2022/

(2)  https://www.consilium.europa.eu/ga/meetings/jha/2022/02/27/

(3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(5)  Treoir 2001/55/CE.

(6)  Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus náisiúnaigh tríú tír arna ngabháil i dtaca le trasnú mírialta teorainneacha seachtracha.

(7)  Mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gur ann do mhórphlódú isteach de dhaoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).