AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.12.2022
SWD(2022) 698 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú
agus Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE lena leasaítear Treoracha 2009/65/AE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinnithe a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach
{COM(2022) 697 final} - {SEC(2022) 697 final} - {SWD(2022) 697 final}
An gá atá le beart
Bíonn margaí airgeadais an Aontais ag brath go criticiúil ar roinnt seirbhísí a sholáthraíonn CPLanna tríú tír áirithe, rud a fhágann go mbíonn rioscaí suntasacha ann do chobhsaíocht airgeadais don Aontas. Is í an Ríocht Aontaithe an phríomhshuíomh maidir le díorthaigh arna sloinneadh in euro a imréiteach, agus sciar den mhargadh níos mó ná 90 % aici. D’aithin an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Coimisiún go bhfuil an t‑imréiteach ina riosca suntasach cobhsaíochta airgeadais don Aontas i gcás ina gcaillfeadh rannpháirtí i margadh an Aontais rochtain ar CPLanna na Ríochta Aontaithe go tobann. Mar thoradh air sin gur glacadh cinneadh coibhéise i mí Mheán Fómhair 2020. Sa chinneadh sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún an teachtaireacht do rannpháirtithe i margadh an Aontais ó thaobh laghdú a dhéanamh ar a gcuid neamhchosaintí iomarcacha i leith CPLanna atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Ní dhearnadh an laghdú sin go dtí seo, áfach.
Deimhníodh gurb ann don fhadhb agus gurb ann do na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais mar thoradh ar obair rannpháirteachais, laistigh de mheitheal maidir le himréiteach arna bunú ag an gCoimisiún, le comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais amhail an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), BCE, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus an Sásra Aonair Maoirseachta. Is é a tháinig as pléití laistigh den mheitheal gur thángthas ar an gconclúid dá ndéanfaí na neamhchosaintí iomarcacha sin a laghdú go mór ar bhealach ordúil agus rialaithe, go mbeadh gá le teaglaim athruithe reachtacha agus neamhreachtacha sna blianta atá romhainn. Bheadh gá leis na hathruithe sin chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) feabhas a chur ar tharraingteacht an imréitigh san Aontas; (ii) forbairt bonneagair san Aontas a chur chun cinn; agus (iii) feabhas a chur ar shocruithe maoirseachta san Aontas chun aghaidh a thabhairt ar deireadh ar rioscaí ábhartha don chobhsaíocht airgeadais.
Gan gníomhaíocht bhreise ón Aontas, is dócha go leanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh den imréiteach sna CPLanna sistéamacha tríú tír sin, agus ar an gcaoi sin coinneofar ar bun an ró‑spleáchas ar a dtugtar tuairisc, nó méadófar é fiú. Baineann rioscaí suntasacha cobhsaíochta airgeadais leis sin i gcás ina mbeidh cás struis ann ina mbeidh CPL tríú tír páirteach nó i gcás ina gcaillfear rochtain go tobann ar a sheirbhísí.
Réitigh fhéideartha
Sainaithníodh na roghanna beartais a bhí ar fáil ar bhonn thuarascáil 2021 ESMA ina ndearnadh measúnú ar CPLanna na Ríochta Aontaithe a bhfuil tábhacht shistéamach leo, ar bhonn an phlé leis na comhlachtaí thuasluaite de chuid an Aontais agus laistigh den mheitheal um imréiteach, agus ar bhonn comhairliúchán poiblí spriocdhírithe. Na bearta a breithníodh sa mheasúnú tionchair, is é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh araon, agus ar na rioscaí méadaitheacha trasteorann de chuid an Aontais a eascraíonn mar toradh ar shreabha imréitigh AE atá ag dul i méid.
Ar thaobh an tsoláthair, chun feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna atá lonnaithe san Aontas do rannpháirtithe sa mhargadh, breithnítear roinnt roghanna chun na nósanna imeachta a chuíchóiriú nó chun sásra simplithe a thabhairt isteach lena gcuirfear ar a gcumas do CPLanna athruithe a dhéanamh ar a samhlacha agus ar a bparaiméadar ar bhealach tapa atá fabhrach do lucht gnó.
Ar thaobh an éilimh, chun spreagadh a thabhairt don imréiteach i CPLanna an Aontais, breithnítear roinnt roghanna: ceann amháin lena ndídhreasaítear neamhchosaintí iomarcach na mbanc i leith CPLanna, ceann amháin lena gceanglaítear ar rannpháirtí sa mhargadh cuntas gníomhach a choinneáil ar bun i CPLanna an Aontais, ceann amháin lena leathnaítear raon feidhme na n‑eintiteas a dhéanann imréiteach san Aontas, ceann amháin lena n‑éascaítear rochtain ar imréiteach le haghaidh cliant agus rannpháirtithe indíreacha, maille le teaglaim de na roghanna.
Ar deireadh, d’fhonn an creat um maoirseacht CPLanna an Aontais a neartú chun gur fearr a chuirtear san áireamh na rioscaí trasteorann, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, déantar breithniú ar dhá rogha, ceann amháin lena gcuíchóirítear an creat maoirseachta agus lena dtugtar isteach comhfhoirne maoirseachta faoi fhreagracht na maoirseoirí náisiúnta, agus ceann eile lena gcruthaítear maoirseoir aonair le haghaidh CPLanna an Aontais.
Le linn na chéad céime caitheadh i dtraipisí roinnt roghanna, go háirithe an t‑imréiteach san Aontas a shainordú nó a cheangal go gcomhlíontar an oibleagáid imréitigh i CPLanna an Aontais nó i CPLanna tríú tír lena mbaineann riosca níos lú. Caitheadh i dtraipisí na roghanna seo a leanas le linn na chéad céime freisin: rochtain ar shaoráidí na mbanc ceannais a thabhairt do CPLanna uile an Aontais, uaireanta oibriúcháin Target 2 a fhadú agus raon feidhme na hoibleagáide imréitigh a leathnú.
Tionchair na rogha beartais ab fhearr
San anailís, roghnaíodh roghanna tosaíochta ar bhonn an mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo, arb é is aidhm dóibh: (i) feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais Eorpaigh, (ii) spreagadh a thabhairt don imréiteach i CPLanna an Aontais, agus (iii) a cheadú go ndéanfaí breithniú níos láidre ar na rioscaí trasteorann, agus ar chostéifeachtúlacht agus comhleanúnachas na rioscaí sin.
Ar thaobh an tsoláthair, mar an rogha thosaíochta roghnaíodh teaglaim de nósanna imeachta cuíchóirithe agus sásra bailíochtaithe ex post. Ar an gcaoi sin bheifí in ann simpliú na nósanna imeachta reatha a baint amach a mhéid is féidir agus ag an am céanna an chobhsaíocht airgeadais a caomhnú. Tagann an measúnú ar an gconclúid gurb í an teaglaim sin ab oiriúnaí chun an chéad chuspóir sonrach a bhaint amach (feabhas a chur ar tharraingteacht CPLanna an Aontais). Maidir leis an dara cuspóir sonrach, is é sin spreagadh a thabhairt don imréiteach san Aontas, d’fhéadfadh an rogha rannchuidiú go díreach leis trí mhéadú a dhéanamh ar tharraingteacht CPLanna atá lonnaithe san Aontas do rannpháirtithe sa mhargadh. Ag an am céanna, is mó a laghdódh sé costais riaracháin agus deischostas le haghaidh CPLanna an Aontais ná ceachtar den dá rogha arna mbreithniú ina n‑aonar.
Ar thaobh an éilimh, leis an rogha thosaíochta comhcheanglaítear bearta lena dteorannaítear neamhchosaintí iomarcacha na mbanc i leith CPLanna, rud a éilíonn go mbunófaí cuntas gníomhach, lena leathnaítear raon feidhme na rannpháirtithe sa mhargadh a dhéanann imréiteach san Aontas agus lena n‑éascaítear do chliaint imréiteach a dhéanamh chun deireadh a chur le bacainní ar imréiteach ag rannpháirtithe sa mhargadh a dhéanann imréiteach mar chliaint de ghnáth. Leis sin cuideofar chun dul i ngleic leis an ró‑spleáchas ar CPLanna tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo. Leis an rogha thosaíochta is fearr a bhainfí amach an cuspóir sonrach ó thaobh feabhas a chur ar imréiteach san Aontas ná gach rogha arna breithniú ina haonar agus bhainfí dea-chothromaíocht amach idir an cuspóir a bhaint amach agus tionchair dhiúltacha ar an margadh a theorannú. Leis an rogha thosaíochta, bhunófaí ceanglas go soiléir maidir le méideanna imréitigh in CPLanna an Aontais a mhéadú, trí bhíthin bheart na gcuntas gníomhach. Ag an am céanna, bhunófaí creat inchreidte leis chun comhlíontacht na mbanc agus na ngnólachtaí infheistíochta a áirithiú – is é sin na contrapháirtithe airgeadais is tábhachtaí. Meastar gurb í an rogha seo an rogha is oiriúnaí agus is indéanta, de bhrí go meastar go seachnófar léi tionchair shuaiteacha ar iomaíochas chomhaltaí imréitigh an Aontais agus go bhféadfaí í a oiriúnú agus a chalabrú chun tionchair chostais ar chliaint bheaga a chur san áireamh, agus ag an am céanna go mbeifí in ann laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar neamhchosaintí i leith CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a laghdú, agus dá bhrí sin laghdú a dhéanamh ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Maidir le maoirseacht, ar bhonn an mheasúnaithe agus na comparáide idir na roghanna uile, léirítear san anailís gur dócha gurb é an cur chuige is comhréirí ná leasuithe spriocdhírithe ar an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair, cé nach gá gurb é sin an rogha is éifeachtaí chun breithniú na rioscaí trasteorann a neartú. Leis an rogha sin cuirtear san áireamh údair imní ar dá réir nach mbeadh maoirseacht CPLanna níos láraithe ar leibhéal an Aontais comhsheasmhach leis an bhfreagracht deiridh a d’fhéadfadh a bheith ann as tacaíocht a thabhairt do CPL le linn géarchéime, ar freagracht é a fhanann le Ballstát bunaíochta gach CPL faoin Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach.
Ó thaobh costas de, cé gur leas poiblí í an chobhsaíocht airgeadais, agus dá bhrí sin is ní neamh‑inchainníochtaithe é, is féidir na roghanna a choinnítear a chalabrú chun a áirithiú, maidir leis na costais ar rannpháirtí sa mhargadh, ar CPLanna, ar ÚEUM agus ar údaráis náisiúnta, go mbeidh siad comhréireach.