An Bhruiséil,15.12.2022

COM(2022) 726 final

2022/0418(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais sna cásanna ‘Aerspás Oscailte’, mar a thugtar orthu, an 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais (‘an t-údarú cothrománach’) a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le haersheirbhísí. Is iad cuspóirí na gcomhaontuithe sin rochtain neamh-idirdhealaitheach a thabhairt d’aeriompróirí uile an Aontais ar aerbhealaí idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, agus, dá bhrí sin, comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Forshuífidh forálacha an Chomhaontaithe seo na forálacha comhfhreagracha atá ann cheana in 13 chomhaontú dhéthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus an tSeapáin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Fónfaidh an Comhaontú seo do chuspóir bunúsach de bheartas eitlíochta seachtrach an Aontais ós rud é go ndéantar na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le haersheirbhísí a chur i gcomhréir le dlí an Aontais leis.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 100(4) agus Airteagal 4(5) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas sa réimse comhaontuithe aeriompair. Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach go leordhóthanach mar gur de chineál cothrománach iad na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú. Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí mar go bhfuil cumhacht chaibidlíochta níos mó ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit aonair. Cumhdófar leis an gcomhaontú aonair seo forálacha ábhartha na gcomhaontuithe déthaobhacha ar fad maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus an tSeapáin. Ar deireadh, tá an togra bunaithe go hiomlán ar an ‘údarú cothrománach’ a dheonaigh an Chomhairle, agus na saincheisteanna a chumhdaítear le dlí an Aontais agus le comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí á gcur san áireamh.

Comhréireacht

Leis an gComhaontú seo ní dhéanfar forálacha i gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí a leasú ná a chomhlánú ach a mhéid is gá chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

An rogha ionstraime

Is é an Comhaontú idir an tAontas agus an tSeapáin an ionstraim is éifeachtúla chun gach comhaontú déthaobhach atá ann cheana maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus an tSeapáin a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, rinne an Coimisiún caibidlíocht i gcomhairle le coiste speisialta. Chuathas i gcomhairle leis an tionscadal eitlíochta chomh maith le linn na caibidlíochta. Cuireadh tuairimí a nochtadh le linn an phróisis sin san áireamh. D’fhíoraigh na Ballstáit lena mbaineann cruinneas na dtagairtí do na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le haersheirbhísí. Chuir daoine ón tionscadal eitlíochta béim ar a thábhachtaí atá bunús fónta dlí dá n-oibríochtaí.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra seo foráiltear maidir le simpliú na reachtaíochta. Forshuífidh na forálacha ábhartha de na comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus an tSeapáin leis na forálacha in aon chomhaontú aonair amháin.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh na Páirtithe sa Chomhaontú fógra dá chéile i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta faoi chur i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha féin is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm. Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar dháta an fhógra is déanaí.

Áirítear i dTaifead na gComhairliúchán a ghabhann leis an gComhaontú a chuirfear inisealacha leis gealltanais ón dá thaobh maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe chun a áirithiú go mbeidh aon socrú a dhéanfar amach anseo maidir le haersheirbhísí idir an tSeapáin agus Ballstáit an Aontais ag teacht go hiomlán le hAirteagal 2 den Chomhaontú. Chuir an dá pháirtí in iúl freisin go bhfuil sé ar intinn acu malartú rialta tuairimí a chur chun cinn maidir le hábhair eitlíochta agus saincheisteanna a bhaineann leis an gComhaontú.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Go traidisiúnta, rialaíodh an caidreamh eitlíochta idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha le comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus na tríú tíortha sin, leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis na comhaontuithe sin agus le socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha gaolmhara eile.

Mar sin féin, sáraíonn clásail ainmniúcháin thraidisiúnta i gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí na mBallstát dlí an Aontais. Leis na comhaontuithe sin ceadaítear do thríú tír ceadanna nó údaruithe aeriompróra a dhiúltú, a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, ar aeriompróir é atá ainmnithe ag Ballstát ach nach bhfuil faoi úinéireacht shubstaintiúil ná rialú éifeachtach an Bhallstáit sin ná a náisiúnach. Cinneadh gur idirdhealú é sin in aghaidh aeriompróirí an Aontais atá bunaithe i gcríoch Ballstáit ach atá faoi úinéireacht agus faoi rialú náisiúnach Ballstát eile. Tá sé sin contrártha d’Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena ráthaítear do náisiúnaigh na mBallstát a fheidhmíonn a saoirse bhunaíochta an chóir chéanna sa Bhallstát óstach agus a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

I gcomhréir leis na sásraí agus na treoracha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ‘údarú cothrománach’, rinne an Coimisiún Comhaontú a chaibidil leis an tSeapáin a fhorshuífidh forálacha áirithe sna comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le haersheirbhísí idir na Ballstáit agus an tSeapáin. Le hAirteagal 2 den Chomhaontú cuirtear clásail ainmniúcháin de chuid an Aontais in ionad na gclásal ainmniúcháin traidisiúnta, agus leis sin ceadaítear d’iompróirí uile an Aontais tairbhiú go hiomlán dá gceart bunaíochta.

Agus an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú tugtha i gcrích go rathúil, ba cheart é a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh. Leis seo moltar cinneadh chuige sin.

2022/0418 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 5 Meitheamh 2003 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana a fhorshuí le comhaontú ar leibhéal an Aontais.

(2)Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú a chaibidil leis an tSeapáin maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (‘an Comhaontú’). Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 21 Meán Fómhair 2022.

(3)Tá sé de chuspóir ag an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 13 Bhallstát agus an tSeapáin a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích 1 .

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine nó do na daoine arna lua ag an gCoimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.

An Bhruiséil,15.12.2022

COM(2022) 726 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí


COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE DE CHOMHAONTUITHE IDIR BALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN tSEAPÁIN MAIDIR LE hAERSHEIRBHÍSÍ



TÁ AN tAONTAS EORPACH agus AN tSEAPÁIN,

AGUS IAD AG TABHAIRT DÁ nAIRE, faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an ceart ag aeriompróirí, ar aeriompróirí iad ag a bhfuil ceadúnas oibríochta bailí arna eisiúint ag Ballstát den Aontas Eorpach agus atá bunaithe i mBallstáit den Aontas Eorpach, chun rochtain neamh-idirdhealaitheach a bheith acu ar aerbhealaí idir na Ballstáit den Aontas Eorpach agus tríú tíortha;

AG FÉACHTAINT do na comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht do na tríú tíortha sin agus dá náisiúnaigh úinéireacht a fháil ar aeriompróirí agus iad a rialú, ar aeriompróirí iad atá ceadúnaithe i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh;

AGUS É Á AITHINT DÓIBH le comhsheasmhacht idir dlí an Aontais Eorpaigh agus forálacha áirithe i gcomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine maidir le haersheirbhísí go soláthrófar bunús fónta dlí le haghaidh na n‑aersheirbhísí idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, go gcaomhnófar leanúnachas na n‑aersheirbhísí sin agus go rannchuideofar le forbairt bhreise an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin i réimse an aeriompair; agus

AGUS IAD AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach bhfuil sé de chuspóir ag an gComhaontú seo difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha na gcomhaontuithe atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí a bhaineann le cearta tráchta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



AIRTEAGAL 1

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

(a)ciallaíonn ‘Páirtí Conarthach’ páirtí conarthach sa Chomhaontú seo;

(b)ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach; agus

(c)ciallaíonn ‘páirtí’ páirtí conarthach sa chomhaontú ábhartha idir Ballstát agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I.



AIRTEAGAL 2

1.    Beidh feidhm ag na forálacha i mír 2 den Airteagal seo in ionad na bhforálacha comhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinn II-A.

2.(a)    Coimeádann gach páirtí an ceart aige féin chun na pribhléidí, na cearta nó an túdarú a shonraítear sna forálacha comhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinn II-B a choimeád siar nó a chúlghairm i leith aerlíne atá ainmnithe ag an bpáirtí eile, nó na coinníollacha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a fhorchur maidir le feidhmiú phribhléidí nó chearta na haerlíne, nó maidir leis an údarú, in aon chás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) i gcás aerlíne atá ainmnithe ag an bpáirtí ar Ballstát é:

   (A)    nach bhfuil an aerlíne bunaithe i gcríoch an pháirtí sin nó nach bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aici arna eisiúint ag Ballstát i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh;

   (B)    nach bhfuil rialú rialála éifeachtach ar an aerlíne á fheidhmiú ná á choinneáil ar bun ag an mBallstát atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint, nó nach sainaithnítear an túdarás aerloingseoireachta ábhartha go soiléir san ainmniú;

(C)    nach bhfuil úinéireacht tromlaigh ná rialú éifeachtach na haerlíne dílsithe do na Ballstáit ná do Stáit a liostaítear in Iarscríbhinn III, ná do náisiúnaigh na mBallstát nó na Stát sin;

   (D)    nach bhfuil príomháit ghnó na haerlíne i gcríoch an Bhallstáit óna bhfuair sé a cheadúnas oibríochta;

   (E)    go bhfuil cead oibríochta tugtha don aerlíne faoi chomhaontú idir Ballstát eile agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí agus gur féidir leis an tSeapáin a léiriú go mbeadh an aerlíne ag dul timpeall ar shrianta ar aerbhealaí agus ar thoilleadh faoin gcomhaontú sin dá noibreodh sí seirbhísí comhaontaithe faoin gcomhaontú idir an páirtí sin agus an tSeapáin ar aerbhealach a áiríonn pointe sa Bhallstát eile sin; nó

   (F)    go bhfuil deimhniú aeroibreora arna eisiúint ag Ballstát ag an aerlíne agus nach bhfuil aon chomhaontú ann idir an Ballstát sin agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí agus nár thoiligh an Ballstát sin d’oibriú aersheirbhísí idirnáisiúnta aerlíne de chuid na Seapáine idir an Ballstát sin agus an tSeapáin; agus

(ii) i gcás aerlíne atá ainmnithe ag an tSeapáin, níl úinéireacht shubstaintiúil agus rialú éifeachtach na haerlíne dílsithe don tSeapáin ná do náisiúnaigh na Seapáine.

(b)    Agus a ceart faoin mír seo á fheidhmiú aici, agus gan dochar dá cearta faoi fhomhíreanna (a)(i)(E) agus (F) den mhír seo, ní dhéanfaidh an tSeapáin idirdhealú idir aerlínte atá ainmnithe ag an bpáirtí ar Ballstát é, ar aerlínte iad a bhfuil a núinéireacht tromlaigh agus a rialú éifeachtach dílsithe do na Ballstáit nó do Stáit a liostaítear in Iarscríbhinn III, nó do náisiúnaigh na mBallstát nó na Stát sin, ar bhonn a núinéireachta agus a rialaithe.



AIRTEAGAL 3

1.    Maidir le tagairtí i ngach ceann de na comhaontuithe a liostaítear in Iarscríbhinn I d’aerlínte de chuid an Bhallstáit atá ina pháirtí sa chomhaontú sin, tuigfear go dtagraíonn siad do na haerlínte atá ainmnithe ag an mBallstát sin.

2.    Sa bhreis ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le tagairtí i ngach ceann de na forálacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV den chomhaontú ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I d’aerlínte de chuid an Bhallstáit atá ina pháirtí sa chomhaontú sin, tuigfear go dtagraíonn siad freisin d’aerlínte de chuid an Bhallstáit sin nach bhfuil ainmnithe ag an mBallstát sin.

AIRTEAGAL 4

Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna hIarscríbhinní a ghabhann leis.



AIRTEAGAL 5

1.    Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha comhairliúcháin leis an bPáirtí Conarthach eile a iarraidh aon tráth chun an Comhaontú seo a leasú. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin laistigh de thréimhse 60 lá ón dáta a gheofar an tiarratas sin.

2.    Féadfar an Comhaontú seo a leasú trí chomhaontú idir na Páirtithe Conarthacha agus tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm ar an mbealach a thuairiscítear in Airteagal 6 den Chomhaontú seo.

3.    D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, maidir le leasuithe nach mbaineann ach leis na hIarscríbhinní amháin, is féidir iad a dhéanamh trí bhíthin nótaí taidhleoireachta a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Seapáine, i gcomhréir lena nósanna imeachta intíre is infheidhme.

AIRTEAGAL 6

1.Seolfaidh gach Páirtí Conarthach an fógra trí bhealaí taidhleoireachta chuig an bPáirtí Conarthach eile, ar fógra é lena ndeimhneofar go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm curtha i gcrích.

2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den chéad mhí eile tar éis an dáta a gheobhaidh an Páirtí Conarthach eile an fógra.

AIRTEAGAL 7

1.    I gcás ina bhfoirceanntar comhaontú a liostaítear in Iarscríbhinn I, scoirfidh forálacha an Chomhaontaithe seo d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gcomhaontú sin ó dháta an fhoirceanta. Na tagairtí sa Chomhaontú seo don chomhaontú foirceanta, measfar iad a bheith ar neamhní ón dáta sin ar aghaidh.

2.    I gcás ina bhfoirceanntar na comhaontuithe uile a liostaítear in Iarscríbhinn I, foirceannfar an Comhaontú seo ar dháta foirceanta an chomhaontaithe deiridh.

AIRTEAGAL 8

1.    Dréachtaítear an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sa tSeapáinis, agus tá gach téacs acu barántúil a mhéid céanna.

2.    I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht sa léirmhíniú, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.

MAR FHIANAISE AIR SIN shínigh na daoine thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, an Comhaontú seo.

Arna dhéanamh [….] ar an [….] lá de […]sa bhliain dhá mhíle fiche a dó.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann na Seapáine

IARSCRÍBHINN I

Liosta na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 1, 3 agus 7 den Chomhaontú seo

Is iad seo a leanas na comhaontuithe idir na Ballstáit agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí, comhaontuithe a d’fhéadfadh a bheith leasaithe, atá i bhfeidhm ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo:

       Comhaontú idir Poblacht na hOstaire agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i Vín an 7 Márta 1989 (‘Comhaontú idir an Ostair agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir an Bheilg agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i dTóiceo an 20 Meitheamh 1959 (‘Comhaontú idir an Bheilg agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir an Danmhairg agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i gCóbanhávan an 26 Feabhra 1953 (‘Comhaontú idir an Danmhairg agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Poblacht na Fionlainne agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i Heilsincí an 23 Nollaig 1980 (‘Comhaontú idir an Fhionlainn agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir an Fhrainc agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i bPáras an 17 Eanáir 1956 (‘Comhaontú idir an Fhrainc agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh in Bonn an 18 Eanáir 1961 (‘Comhaontú idir an Ghearmáin agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Ríocht na Gréige agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh san Aithin an 12 Eanáir 1973 (‘Comhaontú idir an Ghréig agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Rialtas Phoblacht na hUngáire agus Rialtas na Seapáine maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i mBúdaipeist an 23 Feabhra 1994 (‘Comhaontú idir an Ungáir agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir an Iodáil agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i dTóiceo an 31 Eanáir 1962 (‘Comhaontú idir an Iodáil agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Ríocht na hÍsiltíre agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh sa Háig an 17 Feabhra 1953 (‘Comhaontú idir an Ísiltír agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir Rialtas Phoblacht na Polainne agus Rialtas na Seapáine maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i dTóiceo an 7 Nollaig 1994 (‘Comhaontú idir an Pholainn agus an tSeapáin’);

       Comhaontú idir an Spáinn agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i Maidrid an 18 Márta 1980 (‘Comhaontú idir an Spáinn agus an tSeapáin’); agus

       Comhaontú idir an tSualainn agus an tSeapáin maidir le hAersheirbhísí, arna dhéanamh i Stócólm an 20 Feabhra 1953 (‘Comhaontú idir an tSualainn agus an tSeapáin’).

IARSCRÍBHINN II-A

Liosta de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Chomhaontú seo

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Ostair agus an tSeapáin;

       Airteagal 6(1) den Chomhaontú idir an Bheilg agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Danmhairg agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Fhionlainn agus an tSeapáin;

       Airteagal 6(1) den Chomhaontú idir an Fhrainc agus an tSeapáin;

   Airteagal 3(4) agus an dara habairt d’Airteagal 4 den Chomhaontú idir an Ghearmáin agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Ghréig agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Ungáir agus an tSeapáin;

       Airteagal 6(1) den Chomhaontú idir an Iodáil agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Ísiltír agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an Pholainn agus an tSeapáin;

       Airteagal 9(1) den Chomhaontú idir an Spáinn agus an tSeapáin;

       Airteagal 7(1) den Chomhaontú idir an tSualainn agus an tSeapáin.

IARSCRÍBHINN II-B

Liosta de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Chomhaontú seo

       Airteagal 4(1) agus (2) den Chomhaontú idir an Ostair agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir an Bheilg agus an tSeapáin;

       Airteagal 5(1) den Chomhaontú idir an Danmhairg agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) agus (2) den Chomhaontú idir an Fhionlainn agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir an Fhrainc agus an tSeapáin;

       Airteagal 3(2) den Chomhaontú idir an Ghearmáin agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir an Ghréig agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) agus (2) den Chomhaontú idir an Ungáir agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir an Iodáil agus an tSeapáin;

       Airteagal 5(1) den Chomhaontú idir an Ísiltír agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) agus (2) den Chomhaontú idir an Pholainn agus an tSeapáin;

       Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir an Spáinn agus an tSeapáin;

       Airteagal 5(1) den Chomhaontú idir an tSualainn agus an tSeapáin.



IARSCRÍBHINN III

Liosta de na Stáit dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Chomhaontú seo

An Íoslainn (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch);

Prionsacht Lichtinstéin (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch);

Ríocht na hIorua (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch);

Cónaidhm na hEilvéise (faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar).



IARSCRÍBHINN IV

Liosta de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Chomhaontú seo

   Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 13(3) agus (4) den Chomhaontú idir an Ostair agus an tSeapáin;

   Airteagal 5(1) agus (2) den Chomhaontú idir an Bheilg agus an tSeapáin;

   Airteagal 6(1) agus (2) agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Danmhairg agus an tSeapáin;

   Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 den Chomhaontú idir an Fhionlainn agus an tSeapáin;

   Airteagal 5(1) agus (2) agus Airteagal 7 den Chomhaontú idir an Fhrainc agus an tSeapáin;

   Airteagail 5 agus 6 den Chomhaontú idir an Ghearmáin agus an tSeapáin;

   Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 13(3) agus (4) den Chomhaontú idir an Ungáir agus an tSeapáin;

   Airteagal 6(1) agus (2) agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Ísiltír agus an tSeapáin;

   Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 13(3) agus (4) den Chomhaontú idir an Pholainn agus an tSeapáin;

   Airteagal 6(1) agus (2) agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an tSualainn agus an tSeapáin.

__________________