An Bhruiséil,6.9.2022

COM(2022) 661 final

2022/0273(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le fionraí iomlán chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais agus do Chónaidhm na Rúise a éascú (dá ngairtear an ‘Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú’ feasta), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2007 1 . Víosaí le haghaidh tréimhse fanachta bheartaithe nach faide ná 90 lá in imeacht tréimhse 180 lá, is éard is cuspóir don Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú, eisiúint na víosaí sin chuig saoránaigh an Aontais agus Chónaidhm na Rúise a éascú ar bhonn na cómhalartachta. Níl comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach ach le líon teoranta tríú tíortha áirithe. Tá comhaontuithe den sórt sin le bheith ina gcruthúnas ar chomhpháirtíocht fhrithpháirteach idir an tAontas agus an tír ar leith agus tá siad bunaithe ar urraim fhrithpháirteach do luachanna coiteanna.

In 2011, cuireadh tús le caibidlíocht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú chun na hathruithe ar chreat dlíthiúil an Aontais a chur san áireamh mar aon leis an taithí a fuarthas tríd an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú. I gcomhthráth leis sin, cuireadh tús le hidirphlé maidir le ‘Céimeanna comhchoiteanna i dtreo léirscaoileadh víosaí’. Cuireadh an dá thionscnamh sin ar fionraí mar thoradh ar an ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol in 2014 2 .

Mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach sin in 2014 agus ar na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha leanúnacha in oirthear na hÚcráine, thug an tAontas Eorpach na nithe seo a leanas isteach: (i) smachtbhannaí eacnamaíocha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise arb iad is cúis le díchobhsú staid na hÚcráine, smachtbhannaí atá nasctha le cur chun feidhme neamhiomlán chomhaontuithe Mhionsc; (ii) smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, nó gníomhaíochtaí ar bagairt iad ar na nithe sin; (iii) smachtbhannaí mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol.

An cinneadh a rinne Cónaidhm na Rúise na limistéir d’oblast Donetsk agus oblast Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, an cinneadh a rinneadh trúpaí de chuid na Rúise a chur chun na hÚcráine, agus an ionsaí míleata gan chúis gan údar ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, is sárú tromchúiseach atá sa mhéid sin ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist san áireamh.

Ó tharla go bhfuil comhaontuithe Mhionsc sínithe ag Cónaidhm na Rúise, tá freagracht shoiléir dhíreach uirthi a bheith ag obair chun teacht ar réiteach síochánta. An cinneadh a rinne an Rúis na limistéir in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, fágann sé go bhfuil sárú soiléir déanta aici ar chomhaontuithe Mhionsc, comhaontuithe ina sonraítear go bhfuil na limistéir sin le bheith faoi rialú rialtas na hÚcráine an athuair.

An 23 Feabhra 2022, tháinig an tAontas ar chomhaontú d’aon toil maidir leis an gcéad phacáiste smachtbhannaí, smachtbhannaí a chuir costas breise ar an Rúis mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí. Áiríodh leo sin smachtbhannaí aonair, srianta airgeadais, agus srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus na limistéir d’oblast Donetsk agus oblast Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais.

An 24 Feabhra 2022, rinne an Chomhairle Eorpach cáineadh chomh láidir agus ab fhéidir ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí atá gan chúis, gan údar, agus rinne sí dlúthpháirtíocht iomlán an Aontais leis an Úcráin agus le muintir na tíre sin a chur in iúl, sin agus dlúthpháirtíocht iomlán a comhpháirtithe idirnáisiúnta leo. Le hionsaí míleata neamhdhleathach na Rúise, tá sí ag sárú an dlí idirnáisiúnta go mór ó shin, agus tá ainghníomhartha á ndéanamh aici ar mhuintir na hÚcráine mar aon leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Thairis sin, d’éiligh an Chomhairle Eorpach go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach lena gníomhaíochtaí míleata, go ndéanfadh sí a gcuid fórsaí agus trealaimh mhíleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine agus go ndéanfadh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh de theorainneacha na hÚcráine a urramú go hiomlán mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad.  3

Ina dhiaidh sin, ghníomhaigh an tAontas le tuilleadh pacáistí smachtbhannaí, lena náirítear sócmhainní a chalcadh agus toirmisc taistil le haghaidh daoine aonair. Ghlac an tAontas bearta sriantacha freisin maidir leis na hearnálacha airgeadais, fuinnimh, iompair agus teicneolaíochta. Tá bearta breise déanta aige freisin, go háirithe cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí go páirteach 4 . Leis an mbeart sin, cuireadh ar fionraí éascuithe a bhaineann le fianaise dhoiciméadach, an táille víosa, eisiúint víosaí il-iontrála agus fad na nósanna imeachta le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil. Dhírigh sé ar shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigigh rialtais, lucht gnó agus ionadaithe eagraíochtaí gnó ón Rúis.

Ó thús ionsaí iomlán na Rúise ar an Úcráin, tá cúrsaí ag dul in olcas go mór mar gheall ar iarmhairtí tubaisteacha daonnúla ar an bpobal sibhialtach agus ar bhonneagar agus tá an Rúis tar éis a forghabháil iomlán nó páirteach a leathnú i réigiúin de chuid oirthear agus dheisceart na hÚcráine. Cuireadh iallach ar na milliúin Úcránach teitheadh, agus theith siad trí theorainneacha talún toisc nach féidir dul tríd na haerbhealaí. Mar thoradh díreach ar an ionradh ar mhórscála, tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na dtrasnuithe ag teorainneacha na hÚcráine i dtreo tíortha comharsanachta. An 23 Lúnasa, sháraigh an líon sin 11 mhilliún de réir shonraí ó Oifig Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus tháinig thart ar 10 milliún daoine isteach san Aontas as an méid sin.

An 31 Lúnasa, ag cruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí Gnóthaí Eachtracha, mheas na Ballstáit gur ghá an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí ina iomláine, d’fhonn laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na víosaí nua a eiseoidh Ballstáit an Aontais do shaoránaigh na Rúise agus chun cosc a chur ar shaoránaigh Rúiseacha siopadóireacht víosa a dhéanamh.

Agus cogadh foghach den sórt sin á dhéanamh ag an Rúis, ní féidir leis an Aontas í a mheas mar chomhpháirtí sa Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú chomh fada agus a leanann sí den bheartas eachtrach millteach atá ar bun aici agus den ionsaí míleata ar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, agus neamhaird iomlán á tabhairt aici ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe.

2.    NA BEARTA ATÁ BEARTAITHE

Leis an ionsaí míleata ar thír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas Eorpach, tugtar údar le bearta chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint.

Ní hamháin gur chuir Cónaidhm na Rúise an caidreamh leis an Aontas Eorpach agus lena Bhallstáit i mbaol, ach sháraigh sí comhaontuithe Mhionsc freisin tríd an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, rud atá contrártha lena hoibleagáidí idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, tá beartas réamhghníomhach ar bun ag Cónaidhm na Rúise maidir le húsáid a pasanna idirnáisiúnta a fhorchur ar saoránaigh na hÚcráine ar de réigiúin na hÚcráine iad atá faoi fhorghabháil ag arm na Rúise, de shárú ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine.

I gcomhréir le hAirteagal 15(5) den Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú, féadfaidh gach páirtí an Comhaontú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin na critéir sin go léir i mbaol. Is baol mór don ord poiblí é neamhaird neamhnáireach na Rúise ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Tá rioscaí sonracha ann freisin, amhail cúrsaíocht cónaitheoirí na limistéar sin san Úcráin atá faoi fhorghabháil, ar daoine iad atá gar do réimeas na Rúise agus a bhféadfaí pasanna idirnáisiúnta de chuid Chónaidhm na Rúise a eisiúint dóibh. Tá an ionsaí míleata sin ina bhonn taca d’fhorbairt na coireachta eagraithe agus do chúrsaíocht arm neamhdhleathach, rud a chuireann leasanna slándála an Aontais agus slándáil náisiúnta na mBallstát i mbaol. Is bagairt mhór do bheatha an duine é an méadú ar na rioscaí a bhaineann le gléasra núicléach Zaporizhzhia a bheith in úsáid ag Cónaidhm na Rúise mar shaoráid mhíleata.

Ar bhonn níos ginearálta, an cinneadh chun ionradh a dhéanamh ar an Úcráin agus leanúint leis an ionsaí míleata, níl sé ag luí le caidreamh iontaofa idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise. Níor tugadh comhaontuithe um eisiúint víosaí éascú i gcrích ach amháin le líon teoranta tríú tíortha áirithe agus eascraíonn siad as comhpháirtíocht fhrithpháirteach idir an tAontas agus an tír i gceist. Níor cheart tír a bhfuil cogadh foghach gan chúis gan údar ar bun aici a bheith incháilithe a thuilleadh chun leas a bhaint as éascuithe víosa. Dá bhrí sin, tá údar maith leis an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí ina iomláine a mhéid a bhaineann le saoránaigh uile Chónaidhm na Rúise.

Beidh tionchar ag an bhfionraí freisin ar chatagóirí taistealaithe amhail iriseoirí, daltaí, mic léinn agus taighdeoirí nach mbeidh éascuithe acu a thuilleadh faoin gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú. I bhfianaise a thábhachtaí atá catagóirí taistealaithe den sórt sin don Aontas agus a thábhachtaí atá teagmhálacha leanúnacha duine le duine, tabharfar aghaidh ar an tsaincheist sin sna treoirlínte atá ar na bacáin agus atá le glacadh ag an gCoimisiún maidir le saincheisteanna ginearálta víosaí i leith na Rúise.

A luaithe a thiocfaidh an Cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm, cuirfear na rialacha dá bhforáiltear leis an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú ar fionraí. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag rialacha ginearálta an Chóid Víosaí ina ionad sin.

3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí substainteach an togra seo.

Ina theannta sin, in Airteagal 15(5) den Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú, sonraítear go bhféadfaidh ‘gach Páirtí an Comhaontú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí’. Tabharfar fógra don Pháirtí eile maidir leis an bhfionraí 48 n‑uair an chloig ar a dhéanaí tar éis a theacht i bhfeidhm. An Páirtí a chuir an Comhaontú seo ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach a thúisce a bheidh deireadh feidhme le cúiseanna na bhfionraí.’

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

neambhainteach

Comhréireacht

Tá an togra seo i gcomhréir leis an ngá atá ann slándáil an Aontais agus na mBallstát a chosaint agus freagairt don ionsaí míleata gan chúis gan údar atá á dhéanamh ag an Rúis ar an hÚcráin. Ós rud é go bhfuil an staid slándála san Úcráin ag dul in olcas mar gheall ar ghníomhaíochtaí míleata Chónaidhm na Rúise agus go bhfuil rioscaí méadaithe ann don Aontas Eorpach mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin, tá sé comhréireach an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí ina iomláine.

4.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Phléigh na Ballstáit an Comhaontú um Eisiúint Víosaí Éascú a chur ar fionraí ina iomláine le linn na Meithle um Víosaí an 13 Iúil 2022. Chuir na Ballstáit a dtuairimí in iúl freisin maidir leis an bhfionraí le linn chruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí Gnóthaí Eachtracha (Gymnich) an 31 Lúnasa 2022 agus tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an gComhaontú a chur ar fionraí ina iomláine.

5.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

6.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an bhirt, go háirithe i gcomhthéacs mheastóireachtaí Schengen.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is éard is aidhm don togra na héascuithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú le haghaidh shaoránaigh na Rúise a chur ar fionraí ina niomláine. Baineann sé leis an bhfianaise dhoiciméadach atá le cur ar fáil ag an iarratasóir roimh an turas, méid na táille víosa, eisiúint víosaí il-iontrála agus fad na nósanna imeachta le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil. Na héascuithe a bhaineann leis na gnéithe éagsúla sin, scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu agus beidh feidhm ag rialacha caighdeánacha an Chóid Víosaí maidir le saoránaigh Rúiseacha i ndáil leis na nithe seo a leanas: an táille víosa (Airteagal 16 den Chód Víosaí), an uastréimhse chun iarratais ar víosaí a phróiseáil (Airteagal 23) víosaí il-iontrála a eisiúint (Airteagal 24.2), agus fianaise dhoiciméadach a bheidh le cur ar fáil ag an iarratasóir roimh an turas (Airteagal 14) 5 .

 

2022/0273 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le fionraí iomlán chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) agus Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú 6 , (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2007, i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach 7 .

(2)Víosaí le haghaidh tréimhse fanachta bheartaithe nach faide ná 90 lá in imeacht tréimhse 180 lá, is éard is cuspóir don Chomhaontú eisiúint na víosaí sin do shaoránaigh an Aontais agus Chónaidhm na Rúise a éascú ar bhonn na cómhalartachta. Sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú, leagtar béim air nach miste teagmháil na ndaoine le chéile a éascú ós coinníoll tábhachtach atá ansin ionas go mbeidh forbairt ag teacht de réir a chéile ar cheangail eacnamaíocha, dhaonnúla, chultúrtha, agus eolaíochta.

(3)Faoi Airteagal 15(5) den Chomhaontú, ‘féadfaidh gach Páirtí an Comhaontú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí’. Tabharfar fógra don Pháirtí eile maidir leis an bhfionraí 48 nuair an chloig ar a dhéanaí tar éis di teacht i bhfeidhm. An Páirtí a mbeidh an Comhaontú seo curtha ar fionraí aige, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach a luaithe nach mbeidh na cúiseanna a bhí leis an bhfionraí i gceist a thuilleadh.

(4)I bhfianaise ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise in 2014, maille leis na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá fós ar siúl ag Cónaidhm na Rúise in oirthear na hÚcráine, tá smachtbhannaí de na cineálacha seo a leanas tugtha isteach ag an Aontas Eorpach cheana féin mar fhreagairt ar dhíchobhsú chás na hÚcráine ag an Rúis – smachtbhannaí eacnamaíocha a bhaineann le cur chun feidhme neamhiomlán chomhaontuithe Mhionsc; smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó lena ndéantar bagairt ar na nithe sin; agus smachtbhannaí is freagairt ar ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise.

(5)Ó tharla go bhfuil comhaontuithe Mhionsc sínithe ag Cónaidhm na Rúise, tá freagracht shoiléir dhíreach uirthi a bheith ag obair chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail sin. An cinneadh a rinne Cónaidhm na Rúise na limistéir in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, fágann sé go bhfuil sárú soiléir déanta aici ar chomhaontuithe Mhionsc, comhaontuithe ina sonraítear go bhfuil na limistéir sin le bheith faoi rialú rialtas na hÚcráine an athuair.

(6)An cinneadh a rinne Cónaidhm na Rúise na limistéir d’oblast Donetsk agus oblast Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin trúpaí de chuid na Rúise a chur chun na hÚcráine, is cinneadh é sin lenar baineadh an bonn a thuilleadh fós d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus is sárú tromchúiseach atá ann ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist san áireamh.

(7)Ó cuireadh tús le hionsaí na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, ionsaí atá gan chúis gan údar, tá cúrsaí ag dul in olcas, agus forghabháil iomlán nó páirteach réigiún de chuid oirthear agus dheisceart na hÚcráine ag an Rúis, tá curtha aici leis an bhforghabháil sin. Ina theannta sin, an gléasra cumhachta núicléiche is mó san Úcráin, gléasra atá suite in Zaporizhzhia, tá an Rúis á úsáid mar shaoráid mhíleata, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go dtarlódh mórthaisme núicléach a mbeadh tíortha comharsanachta, Ballstáit san áireamh, thíos lena cuid impleachtaí.

(8)An 24 Feabhra 2022, rinne an Chomhairle Eorpach cáineadh chomh láidir agus ab fhéidir ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí atá gan chúis, gan údar, agus rinne sí a dlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus le muintir na tíre sin a chur in iúl, sin agus dlúthpháirtíocht iomlán a comhpháirtithe idirnáisiúnta leo. Trína cuid gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha, tá an Rúis ag sárú an dlí idirnáisiúnta go mór, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain mhóir. Ina dhiaidh sin, an 25 Feabhra, ghlac an tAontas bearta sriantacha breise i bhfianaise na hionsaí míleata a bhí déanta ag an Rúis gan chúis gan údar, bearta lenar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí go páirteach 8 .

(9)Ionsaí míleata a dhéanamh i dtír a bhfuil teorainn idir í féin agus an tAontas Eorpach, ar nós na hionsaí a rinneadh san Úcráin as ar eascair na bearta sriantacha, is rud é a thugann údar le bearta dar cuspóir leasanna bunúsacha slándála an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint.

(10)Chomh maith leis sin, tá comhaontuithe Mhionsc sáraithe ag Cónaidhm na Rúise de bharr go bhfuil bainte aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá an méid sin ag teacht salach ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar Chónaidhm na Rúise.

(11)Gníomhaíochtaí míleata Chónaidhm na Rúise san Úcráin, fágann siad gur mó an baol atá ann d’ord poiblí na mBallstát, dá slándáil náisiúnta agus dá sláinte phoiblí.

(12)Dá bhrí sin, an cás atá tagtha i gceist de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, toisc go bhfuil an cás sin ag dul in olcas, is é tuairim na Comhairle gur cheart forálacha an Chomhaontuithe lena ndéantar foráil maidir le héascuithe a dhéanamh do shaoránaigh de chuid Chónaidhm na Rúise a chuireann isteach ar víosa ghearrfhanachta, gur cheart iad a chur ar fionraí go hiomlán.

(13)Forbairt is ea an Cinneadh seo ar na forálacha de chuid acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe, cuirtear ar fionraí go hiomlán é a mhéid a bhaineann le saoránaigh Chónaidhm na Rúise.

Airteagal 2

Cuirtear an Cinneadh seo in ionad Chinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm 2 lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tar éis fógra a bheith tugtha do Chónaidhm na Rúise.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais agus do Chónaidhm na Rúise a éascú (IO L 129, 17.5.2007).
(2)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Úcráin, cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, 3 Márta 2014.
(3)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 24 Feabhra 2022.
(4)    Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle.
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún C(2016) 3347 final an 6.6.2016 lena mbunaítear an liosta de dhoiciméid tacaíochta atá le cur ar fáil ag iarratasóirí ar víosaí san Iaráin, san Iaráic agus i gCónaidhm na Rúise.
(6)    IO L 129, 17.5.2007.
(7)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach (IO L 129, 17.5.2007).
(8)    Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle.