An Bhruiséil,24.11.2022

COM(2022) 649 final

2022/0386(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive a síníodh in Lyon an 29 Meitheamh 2022 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

·glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Chomhaontú;

·leanúint leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 6(2) ann.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Achoimre ar an gComhaontú

Is é is aidhm don Chomhaontú iompar lasta de bhóthar idir Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta) agus an tAontas Eorpach, agus iompar lasta de bhóthar tríothu, a éascú ar bhonn sealadach, trí chearta breise idirthurais agus iompair earraí idir an Mholdóiv agus an tAontas a dheonú tar éis ionsaí neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus an suaitheadh nach beag a thagann leis sin ar earnáil an iompair de bhóthar sa Mholdóiv. Tá feidhm aige faoi láthair go dtí an 31 Márta 2023.

Bunaíodh Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Déanann sé cinneadh go háirithe maidir le glacadh a rialacha nós imeachta agus maidir leis an leanúint leis an gComhaontú. Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh a mhéid a bhaineann leis an leanúint leis an gComhaontú 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, is é sin le rá an 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí. I gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú, is de chomhthoil a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí.

Chomhaontaigh údaráis na Moldóive agus an Coimisiún go sealadach go dtionólfaí an chéad chruinniú den Chomhchoiste an 15 Nollaig 2022.

2.2.Faireachán ar an gComhaontú

Le hAirteagal 6(1) den Chomhaontú, tugadh isteach oibleagáid maidir le faireachán ar an gComhaontú, trí, go háirithe, athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí. Sa chomhthéacs sin, sholáthair údaráis na Moldón‑ive sonraí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin. Cumhdaíonn na sonraí sin an tríú ráithe de 2022 go háirithe, i.e. na chéad 3 mhí de chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, agus léiríonn siad an méid seo a leanas:

·D’éirigh leis an gComhaontú tacú le geilleagar na Moldóive trí na honnmhairí ón Moldóiv chuig an Aontas a mhéadú go substaintiúil. Tháinig méadú 17.5 % ar luach onnmhairí na Moldóive chuig an Aontas sa tríú ráithe de 2022 (EUR 282.7 milliún) i gcomparáid leis an tríú ráithe de 2021. Is é an méadú ar onnmhairí gránach (+ 97.2 %), ar onnmhairí olaí cothaitheacha (+ 1 377.8 %) agus ar onnmhairí torthaí agus fíona (+ 22 %) is cúis leis sin. Is chuig an Aontas a théann 60 % d’iomlán onnmhairí na Moldóive anois, agus meastar go dtiocfaidh méadú mór ar an gcuid sin fós.

·Tá an Comhaontú tar éis a bheith antairbheach freisin a mhéid a bhaineann leis an Aontas. Tháinig méadú 41 % ar onnmhairí an Aontais chuig an Moldóiv sa tríú ráithe de 2022 (EUR 387.5 milliún) i gcomparáid leis an tríú ráithe de 2021. Rinneadh méid na nonnmhairí táirgí ola go háirithe a mhéadú faoi fhachtóir thart ar 4. Tá na honnmhairí ón Aontas chuig an Moldóiv tar éis a bheith níos mó ná na hallmhairí chuig an Aontas ón Moldóiv.

·Níor tháinig borradh ar thrucailí Moldóvacha ar bhóithre an Aontais mar gheall ar na cearta a tugadh do tharlóirí na Moldóive leis an gComhaontú. Sa tríú ráithe de 2021, rinne tarlóirí de chuid na Moldóive 13 255 oibríocht iompair de bhóthar san Aontas i gcomórtas le 14 983 díobh sa tríú ráithe de 2022, ar méadú 13 % é. Go deimhin, is mó ar fad a thairbhigh tarlóirí de chuid an Aontais de chur chun feidhme an Chomhaontaithe (méadú 73 % ar líon na noibríochtaí iompair de bhóthar a dhéanann tarlóirí de chuid an Aontais sa Mholdóiv, nuair a chuirtear an tríú ráithe de 2021 i gcomparáid leis an tríú ráithe de 2022) cé go bhfuil líon na noibríochtaí iompair de bhóthar a dhéanann tarlóirí de chuid an Aontais chuig an Moldóiv fós i bhfad níos ísle ná líon na noibríochtaí iompair de bhóthar a dhéanann tarlóirí de chuid na Moldóive chuig an Aontas (3 327 noibríocht AE sa tríú ráithe de 2021, i gcomparáid le 5 572 díobh sa tríú ráithe de 2022). Dá bhrí sin, is féidir a dhéanamh amach go cinnte nach bhfuil tarlóirí an Aontais thíos leis an gComhaontú. An tráth céanna, tháinig laghdú ba mhó ná 50 % ar líon na gceadanna a dheonaigh an Rúis do tharlóirí de chuid na Moldóive (4 406 sa tríú ráithe de 2021, i gcomórtas le 1 943 sa tríú ráithe de 2022). Léiríonn sé sin gur éirigh le hoibreoirí iompair de bhóthar na Moldóive teacht ar mhargaí malartacha san Aontas chun an caillteanas deiseanna eacnamaíocha sa Rúis a chúiteamh.  

·Bhí ról fíor-riachtanach ag an gComhaontú, in éineacht le comhaontú comhchosúil maidir le hiompar de bhóthar idir an Mholdóiv agus an Úcráin, i gcomhthéacs na Lánaí Dlúthpháirtíochta. Bhí sruth réidh earraí ón Úcráin dá bharr, rud a mhaolaigh an brú ar na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an tír sin. Is tríd an Moldóiv a d’fhág líon mór gan fasach earraí fíor-riachtanacha an Úcráin ar an mbealach dóibh go dtí an tAontas. B’amhlaidh a bhí i gcás gránach (96 602 thona ar idirthuras tríd an Moldóiv ón Úcráin chuig an Aontas sa tríú ráithe de 2022, i gcomórtas le 917 dtona sa tríú ráithe de 2021) agus i gcás ola chothaitheach (22 708 dtona sa tríú ráithe de 2022, i gcomórtas le 503 thona sa tríú ráithe de 2021). Mar shampla, tugadh faoi deara méadú suntasach ar onnmhairí ola ón Úcráin chuig an Aontas tríd an Moldóiv: iompraíodh 503 thona sa tríú ráithe de 2021 i gcomórtas le níos mó ná 22 708 dtona sa tríú ráithe de 2022. Ar an gcaoi chéanna, sa tríú ráithe de 2021, rinne 917 dtona de ghránaigh ón Úcráin idirthuras tríd an Moldóiv chun an tAontas a bhaint amach, ach sa tríú ráithe de 2022 ghlac níos mó ná 96 000 tona an bealach céanna.

·an Comhaontú tar éis an tualach ar an tionscal iompair agus ar údaráis na Stát a laghdú go mór i ndáil leis na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le ceadanna a eisiúint.

2.3.An Comhchoiste

Le hAirteagal 6 den Chomhaontú, bunaíodh Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí. De réir na forála sin, ionadaithe ó na Páirtithe atá ar an gComhchoiste. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus tá siad ina gceangal ar na Páirtithe.

De réir Airteagal 6(2), tionólfar an Comhchoiste 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag anq Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin agus i leith fhad na leanúna.

De réir Airteagal 6(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

2.4.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta

Le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) agus (6) den Chomhaontú. Is é is cuspóir dóibh taca a chur faoi eagrú agus faoi fheidhmiú an Chomhchoiste, chun gur féidir an Comhaontú a chur chun feidhme mar is ceart.

2.5.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

Le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le leanúint leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (5) den Chomhaontú.

Tá ceithre chúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, is léir ón bhfaireachán a rinneadh ar an gComhaontú gur bhain trádáil an Aontais agus na Moldóive araon tairbhe as. Tá oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin. Dá bhrí sin, cé gur ceapadh ar dtús é chun cuidiú le geilleagar na Moldóive i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, níl cúis ar bith ann gan síneadh a chur le Comhaontú lenar soláthraíodh fíorthairbhí don Aontas freisin. Ar an dara dul síos, chuir an Comhaontú ar chumas na Moldóive tús a chur lena trádáil a atreorú ón oirthear i dtreo an Aontais, agus dá bhrí sin, rannchuidigh sé le geilleagar na Moldóive a chomhtháthú de réir a chéile i ngeilleagar an iarthair. In éineacht le comhaontú inchomparáide maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, d’éascaigh sé freisin onnmhairiú earraí na hÚcráine, rud a rannchuidigh leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta agus le dhá gheilleagar a choinneáil i mbun gnó a bhfuil de cheangal ar an Aontas tacú leo sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Na heilimintí sin, ar léir an bhrí pholaitiúil acu leo sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair freisin, ba cheart go spreagfadh agus go ndeimhneodh an leanúint atá beartaithe iad. Ar an tríú dul síos, ba cheart féachaint ar an gComhaontú mar bheart a éascaíonn atógáil na hÚcráine in am trátha, tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na tíre sin. Ar deireadh, tá dlúthbhaint ag an Aontas leis an Ardán idirnáisiúnta um Thacaíocht don Mholdóiv – dá ndéanfaí aon bheart a d’fhéadfaí a thuiscint mar tharraingt siar tacaíochta a tugadh don Mholdóiv cheana féin, ba chomhartha diúltach a chuirfí amach leis sin agus chuirfeadh sé an tAontas i riocht neamh-chomhsheasmhach agus a d’fhéadfadh a bheith frithráiteach go hinmheánach agus go seachtrach i gcomhthéacs an Ardáin sin.

Is gá leanúint leis an gcomhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025, toisc go bhfuil na dálaí lenar tugadh údar le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe bhunaidh fós i réim, agus is dócha go bhfanfaidh siad mar sin go ceann tamall fada eile. Tá ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine ag dul i ndéine, agus ní mheasann formhór na mbreathnóirí go dtiocfaidh deireadh leis an ionsaí sin go luath amach anseo. Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil an t‑iompar muirí trí Chalafoirt na Mara Duibhe, a d’fhéadfadh a bheith ar cheann de bhealaí idirthurais na Moldóive le haghaidh a honnmhairí, an‑teoranta i gcónaí. Tugadh isteach réiteach páirteach le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe de chuid na Náisiún Aontaithe. Mar sin féin, níl aon chinnteacht ann faoi shíneadh an tionscnaimh féin sin agus tá a raon feidhme fós teoranta do ghránaigh san am i láthair. Maidir leis na hoibríochtaí míleata a leanann ar aghaidh ar thaobh thoir na Moldóive, agus scriosadh an bhonneagair iompair a bhaineann leis sin sna limistéir ghaolmhara, a bhí ina limistéir idirthurais le haghaidh onnmhairí na Moldóive san am a chuaigh thart, cuirfidh na heilimintí sin isteach ar an Moldóiv go ceann tamall fada, agus cuirfear bac ar rochtain na tíre ar a margaí traidisiúnta.

2.6.Comhaontú maidir le hIompar de Bhóthar idir an tAontas agus an Úcráin

Go luath, cuirfidh an Coimisiún isteach togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear seasamh an Aontais maidir le síneadh a chur le fad an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hIompar Lasta de Bhóthar, a síníodh in Lyon an 29 Meitheamh 2022 2 . Ar na cúiseanna thuasluaite, agus go háirithe i bhfianaise an róil atá ag an Moldóiv i gcomhthéacs na Lánaí Dlúthpháirtíochta agus toisc gurb ann don chomhaontú iompair de bhóthar idir an Úcráin agus an Mholdóiv, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart gurb ionann dáta deiridh an chomhaontaithe leis an Úcráin agus dáta deiridh an chomhaontaithe leis an Moldóiv, i.e. an 31 Nollaig 2025.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é a bheadh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh an dréachtchinnidh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an togra seo.

4.Bunús dlí

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive.

Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. Ar an gcéad dul síos, beidh an gníomh atá beartaithe maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(5) agus (6) den Chomhaontú; ar an dara dul síos, beidh an gníomh atá beartaithe maidir le síneadh a chur le fad an Chomhaontaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta freisin, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (5) den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe.

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

Is leis an iompar de bhóthar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Is é Airteagal 91 CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Is iomchuí an cinneadh ón gComhchoiste a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2022/0386 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive 3 (‘an Comhaontú’) agus tá feidhm shealadach aige ón 29 Meitheamh 2022.

(2)Le hAirteagal 6(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí.

(3)Tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(4)Mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 31 Márta 2023. Tá an Comhchoiste le tionól, áfach, 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin.

(5)Chun go leanfaidh an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon de thairbhiú den Chomhaontú, ba cheart é a athnuachan go dtí an 31 Nollaig 2025.

(6)Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.

(7)Dá bhrí sin, le linn an chruinnithe a bheidh ag an gComhchoiste an 15 Nollaig 2022, tá sé le cinneadh a ghlacadh lena nglacfar a rialacha nós imeachta agus maidir leis an ngá leanúint leis an gComhaontú, lena náirítear fad na leanúna.

(8)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le glacadh na rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú a leagan síos, ós rud é go mbeidh a chinntí ina gceangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 6 den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’), a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú, lena n‑áirítear fad na leanúna, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan Cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Foilseofar an cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 181, 7.7.2022, lch. 4.
(2)    IO L 179, 6.7.2022, lch. 1.
(3)    IO L 181, 7.7.2022, lch. 4.

An Bhruiséil,24.11.2022

COM(2022) 649 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus le leanúint leis an gComhaontú


Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhchoiste  
a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus leis an leanúint leis an gComhaontú

an …

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive 1 a síníodh an 29 Meitheamh 2022, agus go háirithe Airteagal 6(2),(5) agus (6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 31 Márta 2023.  

(2)Mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, lena náirítear fad na leanúna.

(3)Léirigh an faireachán a rinneadh ar an gComhaontú go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon tar éis tairbhí a bhaint as i dtéarmaí trádála, agus go bhfuil oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin.

(4)Chuir an Comhaontú ar chumas Phoblacht na Moldóive tús a chur lena trádáil a atreorú i dtreo an Aontais, agus dá bhrí sin, rannchuidigh sé le geilleagar na Moldóive a chomhtháthú de réir a chéile i ngeilleagar an iarthair. In éineacht le comhaontú inchomparáide maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, d’éascaigh sé freisin onnmhairiú earraí na hÚcráine, rud a rannchuidigh leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

(5)Ba cheart féachaint ar fhadú an Chomhaontaithe mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

(6)Dealraíonn sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025.

(7)Mar a leagtar amach in Airteagal 6(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(8)Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,

 

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leanúint leis an gComhaontú

Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Rialacha nós imeachta

Leis seo, glactar rialacha nós imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh [i/in/sa/san] ...,

Thar ceann an Chomhchoiste

   Na Comhchathaoirligh

IARSCRÍBHINN

Rialacha nós imeachta an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

Airteagal 1
Cinn Toscaireachta

1.Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, Leas-Cheann a thoscaireachta. Féadfar an Leas-Cheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.

2.Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ó Phoblacht na Moldóive ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn sé as láthair, an Leas-Cheann nó an tainmní a cheapfar chun a nionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.

Airteagal 2
Cruinnithe

1.Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú seo agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Chomhaontú.

2.Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe aghaidh ar aghaidh nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).

3.Maidir le cruinnithe a reáchtáil beidh sealaíocht ann, a oiread agus is féidir, idir áit i mBallstát de chuid an Aontais agus Poblacht na Moldóive, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

4.Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.

5.Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh Phoblacht na Moldóive.

6.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.

Airteagal 3
Toscaireachtaí

1.Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.

2.Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara an tionscail iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.

3.Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.

4. Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.

Airteagal 4 
Rúnaíocht

Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar Phoblacht na Moldóive, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.

Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe

1.Leagfaidh na Cinn Toscaireachta síos clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Tarchuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag roimh dháta an chruinnithe ar a dhéanaí.

2.Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.

3.An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta iad a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 6
Miontuairiscí

1.Déanfar dréachtmhiontuairiscí gach cruinnithe den Chomhchoiste a dhréachtú tar éis an chruinnithe. Léireofar iontu na hítimí a pléadh agus na cinntí a glacadh.

2.Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréachtmhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.

3.Nuair a bheidh na miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.

4.Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste, cuirfear ar fáil go poiblí iad mura niarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt.

Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn

I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú. Chun na críche sin, malartóidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n‑iarrtar tuairim an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an tuairim sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh na Páirtithe a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t‑ábhar a phlé.

Airteagal 8
Pléití

1.Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.

2.Beidh an teideal ‘Cinneadh’ ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a nábhar i ndiaidh an teidil.

3.Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na miontuairiscí iad.

4.Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.

5.Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.

Airteagal 9
Meithleacha

1.Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.

2.Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.

3.Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste dá dtuairisceoidh siad tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

4.Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.

Airteagal 10
Costais

1.I dtaca leis na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na bPáirtithe i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha, glanfaidh na Páirtithe na costais sin, a mhéid a bhaineann le costais foirne, taistil agus chothaithe agus le costais phoist agus teileachumarsáide chomh maith.

2.Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábhartha na gcruinnithe.

Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí chinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú

(1)    IO L 181, 7.7.2022, lch. 4.