AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.11.2022
COM(2022) 646 final
2022/0382(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta i dtaca le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (dá ngairtear: ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta), den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta).
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is féidir sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí (‘PNR’) a bhaineann le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a aistriú chuig an Ríocht Aontaithe lena bpróiseáil agus lena n-úsáid. Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a scriosadh tar éis do na paisinéirí imeacht as an tír, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil.
Mar sin féin, leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil maidir le maolú ón gceanglas sin ar bhonn sealadach, ar feadh tréimhse eatramhach aon bhliana amháin ar dtús, i.e., go dtí an 31 Nollaig 2021, agus na himthosca speisialta á gcur san áireamh, eadhon nach mór don Ríocht Aontaithe coigeartuithe teicniúla áirithe a dhéanamh chun na córais próiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais (i.e. Treoir PNR) maidir léi a iompú ar bhealach ina bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair nuair a bheadh an t-iompú sin curtha i gcrích. Is féidir síneadh 2 bhliain a chur leis an tréimhse eatramhach sin le cinntí leantacha ón gComhairle Comhpháirtíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Le linn na tréimhse eatramhaí agus de bhun Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cuirfidh an Ríocht Aontaithe bearta cosanta breise i bhfeidhm ar phróiseáil sonraí PNR, go háirithe trí chosc a chur ar úsáid na sonraí PNR atá le scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú.
Tá próiseas ceangailte den mhaolú, trína gceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe tuarascáil ó chomhlacht riaracháin neamhspleách a chur ar fáil don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tuarascáil ina mbeidh barúil ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe maidir le cosaint sonraí, i dtaca leis an gceist an bhfuil na bearta cosanta sonraí breise is infheidhme le linn na tréimhse eatramhaí de bhun Airteagal 552(11) curtha i bhfeidhm go héifeachtach mar aon le measúnú ar an bhfuil na himthosca speisialta thuasluaite fós ann, agus tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh chun córais próiseála PNR na Ríochta Aontaithe a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh tar éis do na paisinéirí imeacht as an Ríocht Aontaithe. Thairis sin, chun go ndeonóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an dara síneadh, ní mór go mbeadh dul chun cinn substaintiúil déanta ag an Ríocht Aontaithe chun a córais próiseála PNR a iompú chuige sin, cé nárbh fhéidir an t-iompú sin a chur i gcrích go fóill.
Tar éis chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair an 1 Eanáir 2021 agus a theacht i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tháinig deireadh leis an gcéad bhliain den tréimhse eatramhach an 31 Nollaig 2021. Ar bhonn na chéad tuarascála agus an mheasúnaithe a chuir an Ríocht Aontaithe isteach an 1 Deireadh Fómhair 2021 agus na faisnéise comhlántaí a cuireadh isteach i mí na Samhna 2021, chuir an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach an 21 Nollaig 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Chun an dara síneadh agus an síneadh deireanach a fháil ar an tréimhse eatramhach, chuir an Ríocht Aontaithe an dara tuarascáil agus measúnú isteach an 29 Meán Fómhair 2022.
An tuarascáil agus an measúnú a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil, rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach iad a mheas ag an gcruinniú a bhí aige an 13 Deireadh Fómhair 2022. Le linn an chruinnithe, chuir an tAontas roinnt ceisteanna le haghaidh soiléirithe a d’fhreagair an Ríocht Aontaithe agus a chomhaontaigh sí a chur ar fáil i scríbhinn ina dhiaidh sin.
De bhun an tríú habairt d’Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta thuasluaite fós ann agus – ina theannta sin – ina mbeidh dul chun cinn substaintiúil déanta ag an Ríocht Aontaithe, cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an dara síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, leis an tréimhse eatramhach, i.e. go dtí an 31 Nollaig 2023.
Tugann an Coimisiún dá aire go scoirfidh an maolú sealadach, ag deireadh an tsínte dheireanaigh sin, de bharr na n-imthosca speisialta thuasluaite agus gur gá go mbeidh na coigeartuithe teicniúla uile is gá curtha i gcrích ag an Ríocht Aontaithe chun go mbeidh a córais próiseála PNR in ann sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Ní féidir aon síneadh breise a thabhairt faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta, caidreamh arb é is príomhthréith dó dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar chomhar agus a dhéanann neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe a urramú. Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 agus bhí sé á chur i bhfeidhm i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 i leith.
2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear roinnt comhchomhlachtaí, lena n-áirítear an Chomhairle Comhpháirtíochta, ar ‘comhlacht é arna chur ar bun le comhaontú’ de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhpháirtíochta
Déantar foráil le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR na bpaisinéirí a fhaightear de bhun an chomhaontaithe a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an tír, mar riail, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil. Leanann an ceanglas sin ón mbarúil ón gCúirt Bhreithiúnais in 2017 faoin gComhaontú atá beartaithe idir an tAontas agus Ceanada maidir le sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil.
Déantar foráil le hAirteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ar mhír 4 den airteagal sin ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse eatramhaí, go dtí go mbeidh coigeartuithe teicniúla bheith curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe ar a córais próiseála PNR, rud a dhéanfaidh sí a luaithe is féidir. Maireann an tréimhse eatramhach 3 bliana ar a mhéid tar éis don Chomhaontú Trádála agus Comhair teacht i bhfeidhm. Le linn na tréimhse eatramhaí, tá údarás inniúil na Ríochta Aontaithe faoi oibleagáid cosc a chur ar úsáid shonraí PNR atá le scriosadh trí roinnt bearta cosanta sonracha breise a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin.
Déantar foráil le hAirteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála go mbeidh feidhm ag mír 11 den airteagal sin mar gheall ar na himthosca speisialta a chuireann bac ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais próiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir léi a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4 den airteagal sin.
Leagtar amach le hAirteagal 552(12) den Chomhaontú Trádála nach mór don Ríocht Aontaithe tuarascáil ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 7 den airteagal sin a chur ar fáil don Choiste Speisialaithe i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach, agus í a chur ar fáil 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, agus go mbeidh tuarascáil inti ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, maidir leis an gceist an bhfuil na bearta cosanta breise a leagtar amach in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir le cosaint sonraí curtha i bhfeidhm go héifeachtach agus measúnú ón Ríocht Aontaithe inti maidir leis an gceist an bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, mar aon le tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh chun córais próiseála PNR na Ríochta Aontaithe a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4 den airteagal sin. Ní mór an dara tuarascáil agus measúnú a chur isteach arís bliain ina dhiaidh sin, má tá síneadh bliana eile, arb é an ceann deiridh é, le cur leis an tréimhse eatramhach.
Le linn na tréimhse eatramhaí, tá sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe na bearta cosanta breise a leagtar amach i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 552(11) den Comhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm, go háirithe chun cosc a chur ar úsáid sonraí PNR atá le scriosadh. Beidh cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart cosanta sin le léiriú tríd an tuarascáil ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách agus tríd an mbarúil ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe um chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
Déantar foráil le hAirteagal 552(13), an dara habairt den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal sin fós ann, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear i mír 11 den airteagal sin.
Dheonaigh an Chomhairle Comhpháirtíochta an chéad síneadh ar an tréimhse eatramhach an 21 Nollaig 2021.
Tá feidhm ag an nós imeachta agus na coinníollacha thuas freisin d’fhonn an dara síneadh bliana ar an tréimhse eatramhach, arb é an ceann deiridh é, a dheonú. Ina theannta sin, de bhun an tríú habairt d’Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ní mór don Ríocht Aontaithe a léiriú go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta maidir lena córais próiseála PNR a iompú, cé nárbh fhéidir iad a iompú go fóill ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
An cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach, féadfaidh sé a bheith in aon fhoirm. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí chomhchathaoirligh na Comhairle Comhpháirtíochta (féach Airteagal 1(2) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair). Ba cheart an cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh an dara bliain den tréimhse eatramhach, i.e., roimh an 31 Nollaig 2022.
Roimh dhul in éag an dara síneadh, arb é an ceann deiridh é, ar an tréimhse eatramhach, i.e. faoin 31 Nollaig 2023, ní mór don Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla uile is gá a bheith curtha i gcrích aici chun go mbeidh a córais próiseála PNR in ann sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Tá an Coimisiún ag súil leis go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach ar an eolas faoi.
Déanann an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus áirithíonn sé go bhfeidhmíonn sé go cuí. Dá bhrí sin is é an fóram cuí é i gcónaí chun plé a dhéanamh ar an measúnú bliantúil atá an chomhlacht riaracháin neamhspleách a dhéanamh ar an gcur chuige atá á chur i bhfeidhm ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe maidir leis an ngá atá le sonraí PNR a choinneáil de bhun Airteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, mar a leagtar amach i mír 7 den airteagal sin.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cúlra
An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe measúnú de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála faoi bhráid an Choiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
Is é conclúid an mheasúnaithe a rinne an Ríocht Aontaithe go bhfuil na himthosca speisialta fós ann i ndáil le córais próiseála sonraí PNR na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta maidir le córais próiseála sonraí PNR na Ríochta Aontaithe a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill.
Ní mór don Ríocht Aontaithe córas próiseála sonraí PNR atá cumraithe chun dlí an Aontais a bhaineann le Ballstáit a chomhlíonadh a chur in oiriúint do chóras atá cumraithe chun ceanglais an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chomhlíonadh, agus ní raibh dóthain ama ann roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chun na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh ar chóras casta próiseála sonraí PNR. Léiríonn ceanglais an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair cásdlí 2017 ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le haistriú idirnáisiúnta sonraí PNR ón Aontas chuig tríú tíortha (Tuairim 1/15).
Is in 2004 a bunaíodh córas próiseála PNR reatha na Ríochta Aontaithe agus oiriúnaíodh é in 2016 chun go mbeadh sé i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681 an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Dá réir sin, ceapadh feidhmiú chóras próiseála PNR na Ríochta Aontaithe, ar nós chóras próiseála na mBallstát, chun na sonraí PNR uile a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana d’fhonn iarrataí cuí-réasúnaithe a fhreagairt i gcásanna sonracha tráth ar bith le linn na gcúig bliana sin. Ní raibh sé ceaptha chun sonraí PNR na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe, de réir mar a cheanglaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
Ina theannta sin, ceapadh próiseas measúnaithe riosca reatha na Ríochta Aontaithe, mar atá sna Ballstáit, chun daoine aonair a shainaithint a gcomhfhreagraíonn a gcuid sonraí do rialacha oibiachtúla spriocdhírithe nó do chritéir réamhshocraithe eile chun críche seiceálacha slándála agus rialaithe teorann a dhéanamh. Níor ceapadh é chun a chinneadh an bhfuil gá le sonraí PNR sonracha a choinneáil tar éis do phaisinéir imeacht as an Ríocht Aontaithe.
Sa mheasúnú uaithi, a cuireadh isteach an 29 Meán Fómhair 2022 de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl go raibh acmhainn deartha agus tógtha aici le déanaí chun sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair; faoi láthair tá an acmhainn sin i mbun chéim na tástála béite.
Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl go raibh sí ag forbairt próiseas measúnaithe riosca uathoibrithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil chun a chinneadh cad iad na sonraí atá le coinneáil tar éis do phaisinéir imeacht as an Ríocht Aontaithe. Idir an dá linn, tá an Ríocht Aontaithe ag cur próiseas measúnaithe riosca uathoibrithe chun feidhme chun na bearta cosanta breise dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm. Measann an Ríocht Aontaithe go mbeidh an próiseas measúnaithe riosca uathoibrithe i bhfeidhm faoi dheireadh 2023.
Ina theannta sin, an 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe tuarascáil de bhun Airteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 552(7) faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, ina leagtar amach cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart cosanta sonraí breise dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Airítear barúil sa tuarascáil sin ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
Rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach measúnú agus tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas ag an gcruinniú a bhí aige an 13 Deireadh Fómhair 2022. An tráth sin, ag freagairt roinnt ceisteanna ón Aontas di, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis bhreise ar fáil faoi chur i bhfeidhm na mbeart cosanta sonraí breise dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chomhaontaigh sí a chur ar fáil i scríbhinn ina dhiaidh sin.
3.2.An seasamh atá á bheartú
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún gur cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh a dhéanamh an síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, a chur leis an tréimhse eatramhach go dtí an 31 Nollaig 2023 ag cur san áireamh an fhaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil i gcruinniú an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach an 13 Deireadh Fómhair 2022, ar choinníoll go cuirtear ar fáil i scríbhinn í ina dhiaidh sin. Ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2022.
Tugann an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach freagrach as faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm cuí Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear measúnú bliantúil chomhlacht riaracháin neamhspleách na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair ar an gcur chuige a chuir údarás inniúil na Ríochta Aontaithe i bhfeidhm maidir leis an ngá atá le sonraí PNR a choinneáil de bhun Airteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) de CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht arna chur ar bun le comhaontú is ea an Chomhairle Comhpháirtíochta eadhon an Comhaontú Trádála agus Comhair.
Le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair foráiltear, i gcás ina bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 den airteagal sin fós ann agus go léiríonn an Ríocht Aontaithe go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta aici maidir lena córais próiseála PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana amháin eile leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear i mír 11 den airteagal sin (an dara síneadh, arb é an ceann deiridh é). Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a thagann glacadh sheasamh an Aontais i leith na bhfógraí sin.
Is ar an Aontas ina iomláine, mar pháirtí sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, a thiteann éifeachtaí dlíthiúla an tsínidh. Ciallaíonn sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, go bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith an ábhair sin.
Ní bheidh i gceist leis an gcinneadh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go ndéanfar creat an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Leis an síneadh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, saothraítear cuspóirí i réimse na cosanta sonraí agus an chomhair phóilíneachta agus tá comhpháirteanna ann a bhaineann leis an réimse sin.
Dá bhrí sin, is iad Airteagail 16(2) agus 87(2)(a) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagail 16(2) agus 87(2)(a) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh na Comhairle Comhpháirtíochta, inar chomhaontaigh sí an dara síneadh, arb é an ceann deiridh é, a chur leis an tréimhse eatramhach go dtí an 31 Nollaig 2023, tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe, is iomchuí cinneadh na Comhairle Comhpháirtíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0382 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 (2) agus Airteagal 87(2)(a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 2/2012 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 21 Nollaig 2021 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De bhun Airteagal 542 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta), (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta), Leagtar amach i dTeideal III de Chuid a Trí (FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMAHR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA) den chomhaontú sin rialacha faoinar féidir sonraí i dtaifead ainmneacha paisinéirí (dá ngairtear ‘PNR’ anseo feasta) a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus faoina bhféadfaidh na húdaráis sin iad a phróiseáil agus a úsáid i gcás eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus leagtar amach ann na bearta cosanta sonracha i ndáil leis sin.
(2)Déantar foráil le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an tír, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil.
(3)Déantar foráil le hAirteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ó mhír 4 den airteagal sin ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse eatramhaí, ar fheitheamh coigeartuithe teicniúla bheith curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe ar a córais próiseála PNR a luaithe agus is féidir. Le linn na tréimhse eatramhaí sin, cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe cosc ar úsáid na sonraí PNR atá le scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair trí na bearta cosanta breise a liostaítear in Airteagal 552(11), pointí (a)-(d) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin. I gcomhréir le hAirteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tuairisceoidh an chomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair ar ar cuireadh na bearta cosanta sonraí i bhfeidhm go héifeachtach, agus cuirfidh údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair tuairim faoin méid sin ar fáil.
(4)Déantar foráil le hAirteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil feidhm ag Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair mar gheall ar na himthosca speisialta a chuireann bac ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais próiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir léi a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(5)Déantar foráil le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Rinne an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh chuige sin an 21 Nollaig 2021, agus ar an gcaoi sin cuireadh síneadh leis an tréimhse eatramhach go dtí an 31 Nollaig 2022.
(6)Faoi na coinníollacha céanna agus, ina theannta sin, má léiríonn an Ríocht Aontaithe go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta aici maidir lena córais próiseála PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír d’Airteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill, cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, leis an tréimhse eatramhach, is é sin go dtí an 31 Nollaig 2023.
(7)Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh laistigh den Aontas i gcomhréir leis na Conarthaí.
(8)An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe measúnú de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoi bhráid an Choiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
(9)Tháinig an Ríocht Aontaithe ar an gconclúid ina measúnú go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann agus go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta maidir lena córais próiseála PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill. Thug an Ríocht Aontaithe dá haire gur dhear sí agus gur thóg sí acmhainn chun sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus go bhfuil an acmhainn sin i mbun chéim na tástála béite. Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl go raibh sí ag forbairt próiseas measúnaithe riosca uathoibrithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil chun a chinneadh cad iad na sonraí PNR atá le coinneáil tar éis do na paisinéirí imeacht as an Ríocht Aontaithe. De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 13 Deireadh Fómhair 2022.
(10)An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe tuarascáil de bhun Airteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála ón gcomhlacht riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, mar aon le barúil ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525 (3) den chomhaontú sin, lena leagtar amach cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den chomhaontú sin.
(11)De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair , rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 13 Deireadh Fómhair 2022. An tráth sin, d’fhreagair an Ríocht Aontaithe roinnt ceisteanna ón Aontas agus chuir sí faisnéis bhreise ar fáil faoi chur i bhfeidhm na mbeart cosanta sonraí, faisnéis a chomhaontaigh sí a chur ar fáil i scríbhinn ina dhiaidh sin.
(12)Faoi réir na faisnéise scríofa a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil lena léirítear an fhaisnéis bhreise faoi chur i bhfeidhm na mbeart cosanta sonraí a chuir an Ríocht Aontaithe i láthair le linn chruinniú an Choiste Speisialaithe, dá bhrí sin meastar go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) fós ann, agus gur léirigh an Ríocht Aontaithe go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta aici maidir lena córais próiseála sonraí PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír d’Airteagal 552(4) den chomhaontú sin, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, go dtí an 31 Nollaig 2023.
(13)Is é an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach an chomhlacht inniúil chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena n-áirítear an measúnú bliantúil atá comhlacht riaracháin neamhspleách na Ríochta Aontaithe a dhéanamh de bhun Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair ar an gcur chuige atá á chur i bhfeidhm ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe maidir leis an ngá atá le sonraí PNR a choinneáil de bhun mhír 4. Meastar go mbeidh na coigeartuithe teicniúla uile is gá curtha i gcrích ag an Ríocht Aontaithe faoin 31 Nollaig 2023 chun go mbeidh a córais próiseála PNR in ann sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus go gcuirfidh sí an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach ar an eolas faoi.
(14)Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689, Cinneadh a bhfuil Airteagal 217 CFAE ina bhunús dlí substainteach aige.
(15)Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cuid III den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair teacht ar chomhaontú maidir leis an dara síneadh go dtí an 31 Nollaig 2023, arb é an ceann deiridh é, ar an tréimhse eatramhach, ar lena linn a fhéadfaidh an Ríochta aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ar choinníoll go gcuirtear ar fáil i scríbhinn ina dhiaidh sin an fhaisnéis bhreise faoi chur i bhfeidhm na mbeart cosanta sonraí breise a leagtar amach in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chuir an Ríocht Aontaithe i láthair le linn chruinniú an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán