An Bhruiséil,7.11.2022

COM(2022) 571 final

2022/0358(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 393 final} - {SWD(2022) 348 final} - {SWD(2022) 349 final} - {SWD(2022) 350 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach (an ‘Togra’).

Maidir le cóiríocht ar chíos gearrthéarma (STRanna), tá an chuid seo d’earnáil na turasóireachta ag dul i dtábhacht. Is ionann iad agus geall leis an gceathrú cuid de sholáthar iomlán an Aontais Eorpaigh de lóistín do thurasóirí, agus cuireadh leis ó tháinig ardáin ar líne chun cinn 1 . Éiríonn tairbhí agus deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus don éiceachóras turasóireachta ina iomláine as STRanna, ach is ábhar imní iad freisin (go háirithe do phobail áitiúla a bhíonn ag déileáil le sreabhadh iomarcach turasóireachta agus le heaspa tithíochta fadtéarmach inacmhainne). Dá bhrí sin, déantar rialú níos mó anois ar STRanna ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Rinne na húdaráis phoiblí gníomhaíocht freisin chun trédhearcacht STRanna a fheabhsú trí, mar shampla, ceanglais chlárúcháin a thabhairt isteach le haghaidh óstaigh (agus ar an gcaoi sin a chur ar chumas na n‑údarás poiblí fios a bheith acu maidir le céannacht na n‑óstach agus na n‑áiteanna ar cíos a chuireann siad ar fáil) agus trí iarraidh ar na hardáin ar líne sonraí a roinnt maidir le hóstaigh agus a ngníomhaíochtaí.

Cuireann iarrataí iomadúla agus éagsúla ar shonraí ó údaráis phoiblí ualach mór ar ardáin, go háirithe ar na hardáin sin a oibríonn thar theorainneacha. Cuireann sé seo isteach ar a gcumas seirbhísí STR a thairiscint ar fud an mhargaidh aonair. Tá na húdaráis phoiblí ag streachailt freisin le sonraí iontaofa a fháil ar bhealach éifeachtúil – rud a chuireann bac ar a gcuid iarrachtaí freagairtí iomchuí agus comhréireacha beartais a fhorbairt maidir leis an méadú ar líon na STRanna. Spreagann na nithe seo a leanas na deacrachtaí maidir le sonraí a roinnt:

scéimeanna clárúcháin atá neamhéifeachtúil agus éagsúil óna chéile arna mbainistiú ag údaráis phoiblí (nach féidir, dá bhrí sin, sonraí aitheantais a fháil go héifeachtúil le haghaidh óstaigh agus liostaí d’áiteanna);

easpa creataí dlíthiúla, caighdeán agus uirlisí atá éifeachtach agus in‑fhorghníomhaithe chun sonraí a roinnt idir ardáin agus údaráis phoiblí;

easpa creata dlíthiúil ceart chun trédhearcacht agus comhroinnt sonraí a rialú.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin is iad príomhchuspóirí an Togra seo an creat maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca le STRanna ar fud an Aontais Eorpaigh a chomhchuibhiú agus a fheabhsú, agus trédhearcacht a fheabhsú san earnáil STR. Ar dhóigh níos sonraí, cuirtear na nithe seo a leanas ar fáil sa Togra seo:

cur chuige comhchuibhithe maidir le scéimeanna clárúcháin le haghaidh óstaigh, ina mbeidh oibleagáid ar údaráis phoiblí scéimeanna clárúcháin a bheidh deartha go hiomchuí a choinneáil ar bun más mian leo sonraí a fháil chun críocha ceapadh beartas agus forfheidhmiúcháin;

oibleagáidí ar na hardáin ar líne óstaigh a chumasú uimhreacha clárúcháin a thaispeáint (rud a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh na hóstaigh na ceanglais chlárúcháin) agus sonraí gníomhaíochta sonracha faoi óstaigh agus faoina liostaí d’áiteanna a roinnt le húdaráis phoiblí;

uirlisí agus nósanna imeachta sonracha chun a áirithiú go mbeidh comhroinnt sonraí sábháilte, ag teacht leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus cost‑éifeachtach le haghaidh gach páirtí lena mbaineann.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Féachtar leis an Togra an creat maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca le STRanna ar fud an Aontais a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú. Tógann sé ar roinnt ionstraimí dlí eile atá ann ar leibhéal an Aontais agus tá sé comhsheasmhach leo:

Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 2 forchuirtear tacar comhchoiteann freagrachtaí ar ghnólachtaí ar líne a sholáthraíonn seirbhísí san Aontas, lena n‑áirítear ar ardáin ar líne a chuireann seirbhísí idirghabhála STR chun cinn. Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha leagtar síos oibleagáidí maidir le ‘comhlíonadh trí dhearadh’ a cheanglaíonn ar ardáin a gcomhéadain ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar a gcumas faisnéis áirithe a thaispeáint (a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhíse a cháilíonn mar ‘thrádálaithe’ agus sin amháin) agus liostaí neamhdhleathacha a bhaint anuas. Ní cheanglaítear leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha go ndéanfaí tacair sonraí a thuairisciú ar bhealach córasach.

Sonraítear sa Treoir um Sheirbhísí 3 nach féidir soláthraithe seirbhíse a chur faoi réir ceanglas maidir le rochtain ar an margadh ach amháin más ceanglais neamh‑idirdhealaitheacha comhréireacha iad, a bhfuil údar maith leo ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail. Sa chomhthéacs sin, tá béim curtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar a thábhachtaí atá sé sonraí a bheith ar fáil agus anailís a dhéanamh orthu le haghaidh ceapadh beartas chomhréireach 4 . Ceanglaítear freisin leis an Treoir um Sheirbhísí ar Bhallstáit a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí is infheidhme maidir le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse (e.g. scéimeanna clárúcháin) simplí agus gur féidir iad a chur i gcrích go héasca go cianda agus go leictreonach tríd an ionad ilfhreastail ábhartha agus leis na húdaráis ábhartha.

Is ann d’fhorálacha sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 5 lena rialaítear soláthar trasteorann seirbhísí na sochaí faisnéise. Sa chuid den Treoir sin a bhaineann le hábhar, foráiltear nár cheart do na Ballstáit srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile, mura rud é gur gá sin chun críocha beartais phoiblí, ar mhaithe leis an tslándáil phoiblí, chun an tsláinte phoiblí nó tomhaltóirí a chosaint, lena n‑áirítear infheisteoirí, agus ar choinníoll go bhfuil aon srian den sórt sin comhréireach leis na cuspóirí sin agus go gcomhlíontar ceanglais nósanna imeachta áirithe leo.

Leis an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó, (P2B) 6  tugtar cearta trédhearcachta iomchuí d’úsáideoirí gnó seirbhísí idirghabhála ar líne lena n‑áirítear íostréimhsí fógra sula mbaintear tairiscintí óna seirbhísí agus na modhanna chun díospóidí a réiteach.

Tugtar aghaidh sa togra le haghaidh na hIonstraime maidir le Sonraí 7 ar chomhroinnt sonraí idir gnólachtaí le gnólachtaí eile agus idir gnólachtaí agus an Rialtas ach ní áirítear leis oibleagáidí nua tuairiscithe maidir le hardáin ar líne.

Tá feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 8 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí agus ag ardáin ar líne (lena n‑áirítear nuair is gá sin chun uimhreacha clárúcháin a sholáthar agus chun clárlann a chothabháil dóibh); agus maidir le malartú sonraí pearsanta idir ardáin ar líne (a choinníonn méideanna suntasacha sonraí faoi ghníomhaíocht STRanna) agus údaráis phoiblí. Deirtear sa RGCS nach féidir sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin más ann d’fhoras dlíthiúil maidir lena bpróiseáil (e.g. is gá an phróiseáil chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh nó chun cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chomhlíonadh). Leagtar síos sa Togra seo na forais maidir le próiseáil dhleathach sonraí pearsanta is gá chun trédhearcacht na hearnála STR a mhéadú, agus déantar foráil ann do chosaintí cosanta sonraí chun comhlíonadh iomlán RGCS a áirithiú.

Leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 9 déantar rochtain ar líne ar fhaisnéis agus ar nósanna imeachta ríomhrialtais a éascú. Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú agus chun a áirithiú go gcomhlíonann na nósanna imeachta riaracháin a rialaítear leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, cuirfear na nósanna imeachta riaracháin sin le hIarscríbhinn I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin leis an Togra.

Leis na rialacha nua faoi Treoir DAC7 10 , a chuirfear i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2023, ceanglaítear ar ardáin ar líne faisnéis áirithe a thuairisciú maidir leis an ioncam a thuilleann na daoine a dhíolann trí na hardáin sin. Ní roinnfear an fhaisnéis sin ach le húdaráis chánach na mBallstát ábhartha, mura rud é go gceanglaítear a mhalairt le reachtaíocht eile, agus roinnfear an fhaisnéis sin ar bhonn bliantúil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Togra seo i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin chun an tAontas Eorpach a oiriúnú don ré dhigiteach agus geilleagar atá réidh don todhchaí a thógáil a oibríonn do na daoine 11 . Tá sé mar chuid freisin de straitéis FBM an Aontais Eorpaigh 12 - ag cur san áireamh na riachtanais atá ag an iliomad gníomhaithe FBM sa deighleog STR, lena n‑áirítear ardáin. Tabharfar aghaidh freisin sa Togra ar ghlaonna sa Chonair Aistrithe le haghaidh na Turasóireachta 13 agus sa Chlár Oibre Uirbeach 14 chun creat de chuid an Aontais a ghlacadh a thabharfaidh níos mó trédhearcachta don deighleog STR.

Féachfar le aon ghníomhaíocht faoin Togra seo le bearnaí a líonadh agus na héiginnteachtaí atá fós ann a shárú ar bhealach spriocdhírithe, chun forbairt chothrom STRanna a éascú. Beidh sé ag teacht le comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 15 (go háirithe Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 11 - cathracha agus pobail inbhuanaithe) agus rannchuideoidh sé leo trí na huirlisí agus na sonraí a thabhairt d'údaráis phoiblí chun an earnáil STR a rialáil go comhréireach agus go hinbhuanaithe. Tacóidh sé freisin leis an togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ‘infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar atá bunaithe ar an turasóireacht agus ar an gcultúr, lena n‑áirítear na cinn scríbe beaga iomadúla san Eoraip.’ 16 . Comhlánóidh sé na hionstraimí dlí go léir atá ann cheana agus tógfaidh sé ar na hionstraimí sin agus beidh sé i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais, gealltanais trádála idirnáisiúnta 17 agus an Dearbhú Eorpach atá beartaithe maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 18 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí le haghaidh an Togra Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gceadaítear glacadh na mbeart is gá le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha arna leagan síos de réir dlí, rialacháin nó gníomhaíochta riaracháin i mBallstáit, arb é bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh is cuspóir dóibh.

Féachtar leis an Togra seo creat comhchuibhithe de chuid an Aontais maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí a bhunú i dtaca le seirbhísí cóiríochta gearrthéarma ar cíos (STR). Tá gá le comhfhogasú na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhálaí chun leathadh ceanglas éagsúla maidir le sonraí sa mhargadh aonair a sheachaint, rud a chuirfeadh bac ar sholáthar trasteorann seirbhísí idirghabhála agus seirbhísí STR ar líne. Táthar ag súil go mbeidh éifeacht dhearfach ag an gcreat maidir le comhroinnt sonraí a bhunaítear faoin Togra seo ar an rochtain a gheobhaidh óstaigh ar an margadh, toisc go gcuideoidh sé leis na hualaí riaracháin a bhaineann le ceanglais chlárúcháin na n‑óstach a laghdú. Déanfaidh an creat maidir le comhroinnt sonraí na sonraí is gá a chur ar fáil d’údaráis chun rialacha STR a fhorbairt agus a chothabháil (e.g. rialacha chun tairiscintí STR a theorannú i limistéir gheografacha áirithe nó chun comhlíonadh na gceanglas sláinte agus sábháilteachta a áirithiú) ar rialacha iad atá iomchuí agus nach ngabhann leo aon srian thar mar is gá chun cuspóir leas an phobail a bhaint amach. Dá bhrí sin is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí le haghaidh idirghabhála reachtaí lena gcumhdaítear ardáin ar líne sa mhargadh inmheánach agus lena dtugtar aghaidh ar éagsúlachtaí idir rialacháin agus ceanglais na mBallstát a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le hardáin ar líne.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir phrionsabal na coimhdeachta, níor cheart go ngníomhófaí ar leibhéal an Aontais ach amháin nuair nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna a bheartaítear a ghnóthú go leordhóthanach ar a gconlán féin agus gur féidir dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na haidhmeanna sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Le creataí éagsúla róthroma maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí arna gcur ar bun ag na Ballstáit cuirtear bac ar chumas na n‑ardán ar líne oibriú thar theorainneacha. Ag an am céanna, is minic a bhíonn na hidirghabhálacha atá ann faoi láthair ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil iomarcach agus neamhéifeachtach toisc go mbíonn sé deacair i gcoitinne d’údaráis sonraí a fháil ó ardáin agus ó óstaigh. Trí ghníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach beidh ardáin ar líne a oibríonn ar fud an Aontais in ann sonraí a roinnt agus áiritheofar léi go bhfuil na sonraí a mhalartaítear caighdeánaithe agus idir‑inoibritheach. Áiritheofar le comhchaighdeáin an Aontais maidir le scéimeanna clárúcháin go mbeidh an nós imeachta clárúcháin simplí, rud a chuirfeadh le laghdú ar ilroinnt caighdeán agus ar ualaí riaracháin d’ardáin agus óstaigh ar líne. Leis an gcomhchreat de chuid an Aontais cuirfear an leibhéal trédhearcachta is gá ar fáil d’údaráis náisiúnta agus áitiúla chun rialacha a fhorfheidhmiú agus chun freagraí beartais feasacha a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana.

Ciallaíonn cineál trasteorann na seirbhísí STR ar líne arna gcur ar fáil ag ardáin agus ilroinnt na gceanglas maidir le comhroinnt sonraí nach féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an Togra a bhaint amach go héifeachtach. Dá bhrí sin, is gníomhaíocht ón Aontas Eorpach an t‑aon bhealach lena áirithiú go mbunófar creat comhchuibhithe maidir le giniúint sonraí (trí chlárú) agus maidir le comhroinnt sonraí. Cuirfidh sé sin ar chumas na n‑údarás poiblí freisin rialacha iomchuí agus comhréireacha a cheapadh bunaithe ar shonraí iontaofa faoi STRanna, agus cuirfidh sé ar chumas ardáin ar líne oibriú agus fás sa mhargadh aonair gan freagairt a thabhairt ar iarrataí iomadúla agus éagsúla maidir le comhroinnt sonraí.

Comhréireacht

Is é is príomhaidhm don Togra iarrataí ar shonraí a chuíchóiriú ar fud an Aontais Eorpaigh chun é a fhágáil níos éasca ag ardáin cíosa ghearrthéarma freagairt do na hiarrataí sin. Le bunús dlí agus creat an Aontais maidir le comhroinnt sonraí le húdaráis phoiblí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne déanfar deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus áiritheofar leo go mbeidh na sonraí a mhalartaítear caighdeánaithe agus idir‑inoibritheach. Ní cheanglófar ar na Ballstáit nósanna imeachta clárúcháin a chur i bhfeidhm d’óstaigh, mura mian leo sonraí a fháil ó ardáin. Nuair a bheidh córas clárúcháin i bhfeidhm, cinnteofar le hoibleagáidí an Aontais ar údaráis chun uimhreacha clárúcháin a eisiúint, agus ar ardáin ar líne chun a chur ar chumas na n‑óstach uile liostaí ina mbeidh na huimhreacha clárúcháin sin a thaispeáint go mbeidh sé éasca an ceanglas seo ar óstaigh a fhorfheidhmiú. Éascóidh córas clárúcháin malartuithe sonraí bunaithe ar na huimhreacha clárúcháin sin freisin. Leis an gcomhchreat de chuid an Aontais cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil d’údaráis náisiúnta agus áitiúla chun rialacha a fhorfheidhmiú agus chun freagraí beartais feasacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

Tá an Togra comhréireach freisin toisc go dtugtar solúbthacht áirithe leis do na Ballstáit agus d’údaráis phoiblí, ní hamháin maidir le scéimeanna clárúcháin (i.e. cé acu a thabharfar isteach nó nach dtabharfar isteach iad agus cén leibhéal ag a dtabharfar isteach iad), ach freisin maidir le faisnéis bhreise is féidir le gach Ballstát agus údarás poiblí a iarraidh ó óstaigh (faoi réir prionsabail an neamh‑idirdhealaithe agus na comhréireachta arna mbunú le CFAE agus leis an Treoir maidir le Seirbhísí a chomhlíonadh). Áirithítear leis sin go ndéantar riachtanais na mBallstát agus na n‑údarás áitiúil a urramú agus a chur san áireamh.

An rogha ionstraime

D’fhéadfaí gníomhaíocht an Aontais a theorannú do ghníomhaíocht dheonach ag an tionscal agus do bhearta áirithe a ghabhann leis an ngníomhaíocht sin a chur chun cinn. Is dócha nach mbeadh sé éifeachtach, áfach, toisc go mbeadh sé ag brath ar thoilteanas an tionscail féin an status quo a athrú. Níor tháinig feabhsuithe suntasacha ó thaobh na trédhearcachta de ar an earnáil STR 19 mar thoradh ar chur chuige roimhe seo na reachtaíochta boige amhail Teachtaireacht na bliana 2016 maidir le geilleagar comhoibríoch agus prionsabail bheartais na bliana 2018 agus mheas roinnt páirtithe leasmhara nárbh leor iad. Léiriú air seo freisin iad na héilimh ón gComhairle 20 agus ón bParlaimint 21 go mbeadh níos mó deimhneachta dlíthiúla agus trédhearcachta ann; agus an próiseas comhairliúcháin agus an próiseas measúnaithe tionchair, a léirigh na teorainneacha agus an neamhéifeachtúlacht a bhaineann le huirlisí na reachtaíochta boige amhail comhaontuithe deonacha a úsáideadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta go dtí seo. Ina theannta sin, éilítear le rialacha Cosanta Sonraí bunús dlí agus cosaintí i dtaobh aidhmeanna an Togra chun comhroinnt sonraí pearsanta a chur chun cinn.

Ciallaíonn na cúiseanna sin nach féidir ach le hionstraim reachtach aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna a sainaithníodh. Is fearr rialachán freisin, toisc go bhfuil sé infheidhme go díreach i mBallstáit, go socraítear an leibhéal céanna oibleagáidí do pháirtithe príobháideacha leis, agus go bhféadfar rialacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach leis san earnáil STR ar earnáil trasteorann í. Leis seo, tabharfar aghaidh freisin ar ilroinnt an mhargaidh aonair agus déanfar é a chosc.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an togra seo á ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis phoiblí (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil), ardáin ar líne (agus a n‑eagraíochtaí), óstaigh agus soláthraithe seirbhíse eile (amhail cuideachtaí bainistíochta agus óstáin) agus cumainn áitiúla. Áiríodh ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin measúnú tionchair tosaigh, comhairliúchán poiblí tiomnaithe 12 sheachtain ar cuireadh 5692 fhreagra isteach air, ceardlanna le páirtithe leasmhara, dhá shuirbhé spriocdhírithe le húdaráis phoiblí agus le hardáin agus comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara.

Dheimhnigh údaráis phoiblí go dteastaíonn sonraí pearsanta agus neamhphearsanta uathu chun beartais a cheapadh agus a fhorfheidhmiú. Chuir siad in iúl go bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair na sonraí seo a fháil ó óstaigh agus ó ardáin ar líne, ar chúiseanna éagsúla teicniúla agus dlíthiúla. Leag na hóstaigh béim ar an ngá atá le cur le freagracht na n‑ardán ar líne chun a áirithiú nach dtaispeántar ach liostaí dlíthiúla amháin. Thug siad rabhadh nár cheart go mbeadh méadú ar rialacha sriantacha d’óstaigh ar an leibhéal áitiúil. Mhol bainisteoirí maoine (FBManna go príomha) gur cheart nósanna imeachta clárúcháin simplí a bheith i bhfeidhm do STRanna agus gur cheart go mbeadh bunachar sonraí náisiúnta ar fáil chun oibreoirí STR a mhapáil. D’iarr ardáin ar líne go mbeadh iarrataí ar chomhroinnt sonraí comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe RGCS. Leag ardáin níos lú béim ar an ngá atá leis an oibleagáid nua maidir le comhroinnt sonraí chun cur leis na hoibleagáidí atá ann cheana (e.g. faoin Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus na bearnaí atá fágtha a líonadh. Thacaigh an earnáil fáilteachais (óstáin go príomha) le scéimeanna clárúcháin d’óstaigh agus le méadú comhroinnt sonraí ag ardáin ar líne. D’éiligh sí go mbeadh cothrom na Féinne idir STRanna agus soláthraithe lóistín traidisiúnta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún agus conraitheoirí seachtracha roinnt suirbhéanna, comhairliúchán poiblí agus go leor staidéar. Cuireadh bonn eolais breise faoin Measúnú Tionchair ar an tionscnamh seo le taighde eacnamaíoch inmheánach chomh maith le tacaíocht deartha beartais agus anailís mhargaidh ón Airmheán Comhpháirteach Taighde.

Measúnú tionchair

Tá tacaíocht ag an togra seo ó thuarascáil ar an measúnú tionchair SWD(2022) 350, arna ullmhú i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le ‘Rialáil Níos Fearr’ . Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair agus ansin rinneadh athbhreithniú breise uirthi chun tuairimí agus moltaí an Bhoird maidir le feabhsuithe a chur san áireamh, go háirithe trí mhíniú níos fearr a thabhairt ar an bhfadhb maidir leis an gcaoi a gcruthaíonn iarratais éagsúla ar shonraí bacainní ar oibriú, fás agus forleathnú ardán cíosa ghearrthéarma ar líne sa mhargadh aonair. Mínítear níos fearr anois an gá atá le gníomhaíocht ón Aontas, agus an tairbhe a bhainfí aisti, trí léiriú go mbíonn drogall ar ardáin ar líne sonraí a chomhroinnt mar gheall ar rialacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta – rud a fhágann go bhfuil sé deacair d’údaráis phoiblí sonraí iontaofa a fháil faoi STRanna. Fuair an tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair tuairim dhearfach ón mBord ina dhiaidh sin.

Chomh maith leis an gcás bunlíne a bhfuil cur chuige maidir le ‘gan athrú beartais ar bith’ i gceist leis, aithníodh trí rogha beartais mhalartacha agus rinneadh measúnú orthu. Tá bearta inchomparáide iontu seo, ach tá difríocht mhór eatarthu i dtéarmaí déine na hidirghabhála.

Bheadh Moladh i gceist le Rogha 1. Spreagfadh an togra údaráis phoiblí scéimeanna clárúcháin a chur ar bun d’óstaigh. Is éard a bheadh i gceist leis seo ná sonraí a bhailiú chun an t‑óstach agus an t‑aonad a shainaithint, agus ansin uimhir chlárúcháin a dheonú go huathoibríoch. Spreagfaí údaráis phoiblí freisin a cheangal ar ardáin ar líne na huimhreacha clárúcháin do gach aonad a thaispeáint, agus sonraí gníomhaíochta réamhaontaithe a roinnt le húdaráis phoiblí. Bheadh an Moladh seo bunaithe ar shamplaí dea‑chleachtais, agus d’fhéadfaí é a chomhlánú le cód iompair chun comhroinnt sonraí a éascú idir údaráis phoiblí agus ardáin ar líne trí raon feidhme na comhroinnte sonraí mar aon leis na modhanna teicniúla a shonrú.

Le Rogha 2 chuirfí de cheangal ar údaráis phoiblí ar mian leo sonraí a fháil ó ardáin ar líne chun críocha beartais agus forghníomhaithe, mar chéad chéim, scéim chlárúcháin d’óstaigh agus dá n‑aonad, ar gá dóibh ceanglais áirithe a chomhlíonadh. Nuair a bheadh tacar réamhshainithe sonraí agus faisnéise curtha isteach ag na hóstaigh, bheadh ar údaráis phoiblí uimhir chlárúcháin in aghaidh an aonaid a dheonú dóibh. Bheadh sé d’oibleagáid ar ardáin ar líne a cheangal ar óstaigh an uimhir chlárúcháin sin a sholáthar agus tacar sonraí réamhshainithe a roinnt go tréimhsiúil le húdaráis phoiblí (e.g. líon na n‑áirithintí ionchasacha agus iarbhír, agus líon na n‑aíonna a d’fhan in aonad in aghaidh na háirithinte). Bheadh ar na Ballstáit Pointe Iontrála Digiteach Aonair a bhunú chun aistriú sonraí a cheadú, agus bheadh orthu a lua go soiléir cé na hoibleagáidí a bhaineann le hóstaigh agus ardáin ar líne ar a gcríoch.

D’áireofaí le Rogha 3 na bearta dá bhforáiltear faoi rogha 2, ach leathnófaí an oibleagáid chlárúcháin chuig gach óstach agus aonad san Aontas. Cheanglófaí ar gach Ballstát scéim chlárúcháin a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta do na hóstaigh uile agus dá n‑aonaid.

Aithníodh sa mheasúnú tionchair gurb í rogha 2 an rogha thosaíochta, toisc:

Ní áiritheodh Rogha 1 go hiomlán go dtabharfaí aghaidh go leormhaith ar an ualach ar ardáin agus ar rochtain ar shonraí. Ciallaíonn a chineál deonach nach dtiocfadh ach feabhsuithe i réimsí áirithe mar thoradh air, agus gan ach líon teoranta ardán ar líne agus údaráis phoiblí i gceist leis;

Chomhlíonfadh Rogha 2 na cuspóirí ar bhealach solúbtha agus comhréireach. Mhéadódh sé trédhearcacht sa deighleog STR, agus laghdódh sé an t‑ualach ar ardáin ar líne agus d’fhágfadh sé solúbthacht d’údaráis phoiblí;

Chomhlíonfadh Rogha 3 na cuspóirí trí chreat éifeachtach um chomhroinnt sonraí a sholáthar ar fud an Aontais; bheadh costais arda riaracháin i gceist leis freisin áfach ar údaráis phoiblí agus chuirfeadh sé teorainn lena saoirse gníomhaíochta.

Ó thaobh an tionchair eacnamaíoch de, chuirfeadh rogha 2 tairbhí ar fáil, ach chruthódh sé costais maidir le comhlíonadh freisin d’ardáin ar líne, d’údaráis phoiblí agus d’óstaigh. Rachadh sé chun tairbhe d’ardáin ar líne iarrataí níos cuíchóirithe agus níos comhréire ar shonraí a bheith ann in ionad iarrataí neamhchomhordaithe - rud a laghdódh costais san fhadtéarma. I dtéarmaí costais, thabhódh ardáin ar líne costais riaracháin ‘aonuaire’ go príomha ar costais iad a bhaineann le hoiriúnú a dhéanamh ar an mbonneagar TF agus le nascadh leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair. Bhainfeadh údaráis phoiblí tairbhe as cinnteacht níos fearr a bheith ann maidir le hinrianaitheacht sonraí agus as próisis chomhroinnte sonraí a bharrfheabhsú, agus ba cheart go laghdófaí dá réir sin na costais a bhaineann le rialacha STR a fhorfheidhmiú. Thabhódh údaráis phoiblí a chuirfeadh an córas i bhfeidhm na costais aonuaire a bhaineann leis an gcóras clárúcháin nua a oiriúnú agus leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair, chomh maith leis na costais a bhainfeadh le bunú an bhonneagair TF chun na sonraí a fháil (ar costais óstála agus cothabhála iad go príomha). Ba cheart go mbainfeadh óstaigh, ar an meán, tairbhe as am a shábháil agus nósanna imeachta clárúcháin á gcur i gcrích acu agus, san fhadtéarma, as rialacha STR níos comhréire. Beidh costais riaracháin i gceist le clárú freisin.

Áirítear ar na tionchair shóisialta a bhfuil coinne leo i gcás rogha 2 muinín mhéadaithe ar thaobh tomhaltóirí agus aíonna; laghdú ar líon na liostuithe neamhdhleathacha in áiteanna ina gcuirtear an Togra i bhfeidhm; bainistiú níos fearr ar an sreabhadh turasóireachta; agus cumas méadaithe na n‑údarás poiblí chun seachtrachtaí diúltacha STRanna a mheasúnú agus a mhaolú. Chuirfeadh sé sonraí comhiomlána maidir le STRanna ar fáil freisin d’oifigí staidrimh náisiúnta, do Eurostat agus do thaighdeoirí. D’fhéadfadh coinne a bheith leis freisin go mbeadh tionchar ag rogha 2 ar chearta bunúsacha, mar a mhínítear thíos.

Maidir le tionchair chomhshaoil, táthar ag súil go méadófaí le rogha 2 cumas na n‑údarás poiblí chun lorg éiceolaíoch ghníomhaíocht STRanna a mheasúnú agus a mhaolú, agus go gcuideoidh sé le húdaráis phoiblí STRanna a mhealladh chuig limistéir thuaithe ina bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag STRanna (e.g. infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú agus glasú foirgneamh). Ní féidir na tionchair chomhshaoil a chainníochtú, mar ní thiocfadh leo a bheith i gceist ach amháin nuair a úsáideann údaráis phoiblí na sonraí a bhailítear chun beartais ghlasa a cheapadh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl feidhm ag REFIT (‘clár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála’ an Choimisiúin Eorpaigh) maidir leis an Togra.

Cearta bunúsacha

Leis an Togra seo, áiritheofar go ndéanfar an ceart bunúsach maidir le cosaint sonraí pearsanta, a ráthaítear faoi Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chairt’ anseo feasta), a chosaint. Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Togra riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí ar a dtugtar tuairisc thuas a bhaint amach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis dóibh an Rialachán seo a ghlacadh, bheadh idirthréimhse 2 bhliain ag na Ballstáit chun na húdaráis áitiúla ábhartha a mhapáil, chun córais chlárúcháin áitiúla/náisiúnta atá ann cheana a chruthú nó a oiriúnú (agus scéimeanna clárúcháin áitiúla a nascadh, más ann dóibh) agus chun an bonneagar TF a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun comhroinnt sonraí le hardáin ar líne a chuíchóiriú (tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair). Déanfar an chéad mheastóireacht tráth nach luaithe ná 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin (i.e. 5 bliana tar éis na hidirthréimhse tosaigh 2 bhliain).

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an chórais nua, agus ar chomhlíonadh an chórais sin, chun a éifeachtacht a mheasúnú. Déanfar éifeachtacht na rialacha nua a mheasúnú go príomha ar bhonn sraith príomhtháscairí feidhmíochta ach ní ar an mbonn sin amháin.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach forálacha ginearálta sa chéad Chaibidil. Leagtar síos in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin atá beartaithe (is é sin rialacha comhchuibhithe maidir le bailiú sonraí agus comhroinnt sonraí ag údaráis inniúla a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh trí ardáin ar líne). In Airteagal 2 sainítear raon feidhme an Rialacháin, na heintitis a bhfuil feidhm aige maidir leo, agus forálacha an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais nach ndéanann sé difear dóibh. Sainítear in Airteagal 3 na príomhthéarmaí a úsáidtear sa Rialachán.

Baineann an dara Caibidil le hóstaigh agus maoine a chlárú. Leagtar amach in Airteagal 4 na ceanglais nós imeachta nach mór dóibh a chomhlíonadh ina leith sin. Foráiltear leis nach féidir ach le húdaráis a bhfuil córais chlárúcháin acu a cheangal ar ardáin ar líne sonraí gníomhaíochta a thuairisciú go tráthrialta, agus nach mór do gach córas clárúcháin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh. In Airteagal 5 liostaítear an fhaisnéis nach mór d’óstaigh a sholáthar chun uimhir chlárúcháin a fháil. Leagtar síos in Airteagal 6 na hoibleagáidí atá ar údaráis inniúla an fhaisnéis arna cur isteach ag óstaigh a fhíorú, faisnéis bhreise a iarraidh ar óstaigh, agus bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí. Sonraítear in Airteagal 7 ról na n‑ardán cíosa ghearrthéarma ar líne maidir lena gcomhéadan ar líne a eagrú chun bailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin a áirithiú.

Baineann an tríú Caibidil le tuairisciú sonraí. In Airteagal 8 leagtar amach an coinníoll faoina bhféadfaidh údaráis inniúla faisnéis shonrach a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le gníomhaíochtaí na n‑óstach a bhaineann le haonad amháin nó níos mó a chuirtear ar fáil le haghaidh na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Tugtar isteach le hAirteagal 9 oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na sonraí gníomhaíochta a tharchur chuig údaráis inniúla tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair. Leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe níos boige ar ardáin bheaga cíosa ghearrthéarma ar líne agus ar mhicrea‑ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne. Leagtar amach in Airteagal 10 cruthú agus feidhmiúlachtaí an Phointe Iontrála Digiteach Aonair. Le hAirteagal 11 bunaítear grúpa comhordúcháin chun tacú le cur chun feidhme na bPointí Iontrála Digiteacha Aonair. Soiléirítear in Airteagal 12 cé na húdaráis atá in ann rochtain a fháil ar na sonraí arna mbailiú agus arna roinnt ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.

Leagtar amach sa cheathrú Caibidil na rialacha maidir le faisnéis, faireachán agus maidir le forfheidhmiú. Baineann Airteagal 13 leis na hoibleagáidí faisnéise atá ar na Ballstáit. Ceanglaítear le hAirteagal 14 ar gach Ballstát údarás a ainmniú ar cheart dó faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart agus comhsheasmhach an Rialacháin seo. Le hAirteagal 15 ceanglaítear ar na Ballstáit forghníomhú an Rialacháin seo a áirithiú agus na pionóis a leagan síos i gcás nach gcomhlíonfar an Rialachán.

Leagtar amach sa chúigiú Caibidil, an chaibidil dheiridh, na forálacha críochnaitheacha. Le hAirteagal 16 cruthaítear coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Le hAirteagal 17 cuirtear na nósanna imeachta riaracháin arna rialú ag an Rialachán le hIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin. Sonraítear in Airteagal 18 an próiseas meastóireachta agus athbhreithnithe don Rialachán. Sonraítear in Airteagal 19 dáta theacht i bhfeidhm agus chur i bhfeidhm an Rialacháin.

2022/0358 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 23 ,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí 24 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint ag óstaigh le blianta fada mar chomhlánú ar sheirbhísí cóiríochta eile amhail óstáin, brúnna, nó tithe leaba agus bricfeasta. Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar fud an Aontais mar thoradh ar fhás an gheilleagair ardáin. Cé go gcruthaíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach go leor deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus d’éiceachóras na turasóireachta ina iomláine, is údar imní agus is dúshlánach an fás mear atá tagtha ar na seirbhísí sin, go háirithe do phobail áitiúla agus d’údaráis phoiblí. Ar cheann de na príomhdhúshláin tá an easpa faisnéise iontaofa maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach amhail céannacht an óstaigh, an suíomh ina bhfuil na seirbhísí sin á dtairiscint, agus ré na seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair d’údaráis tionchar na seirbhísí sin a mheasúnú agus freagairtí beartais iomchuí agus comhréireacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

(2)Tá níos mó bearta á ndéanamh ag údaráis phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun faisnéis a fháil ó óstaigh agus ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, trí scéimeanna clárúcháin agus ceanglais trédhearcachta eile a fhorchur, lena n‑áirítear ceanglais ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne. Tá éagsúlacht mhór ann áfach idir na hoibleagáidí dlíthiúla maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí sna Ballstáit sa mhéid a bhaineann lena raon feidhme agus lena minicíocht, agus le nósanna imeachta gaolmhara freisin. Soláthraíonn formhór mór na n‑ardán ar líne a dhéanann idirghabháil ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a gcuid seirbhísí thar theorainneacha, agus go deimhin féin, ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Mar thoradh ar cheanglais éagsúla maidir le trédhearcacht, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, agus déantar dochar d’fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh. Chun rialacha agus ceanglais níos comhchuibhithe a bhaint amach, agus chun soláthar cothrom, soiléir agus trédhearcach na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a áirithiú mar chuid d’iarrachtaí chun éiceachóras turasóireachta atá cothrom a chur chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart sraith aonfhoirmeach rialacha atá spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais.

(3)Chuige sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a leagan síos chun rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí maidir le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a mhéadú agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú, rud is ceart a d’fhágfadh go mbeidh siad in ann beartais maidir le seirbhísí den sórt sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhréireach.

(4)Ba cheart rialacha a leagan síos chun ceanglais maidir le trédhearcacht a chomhchuibhiú maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcásanna ina gcinnfidh na Ballstáit ceanglais trédhearcachta den sórt sin a fhorchur. Dá réir sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe a sholáthar maidir le scéimeanna clárúcháin agus maidir le ceanglais i dtaca le comhroinnt sonraí a bhaineann le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit scéimeanna nó ceanglais den sórt sin a chur ar bun. Chun comhchuibhiú éifeachtach a bhaint amach, agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha a áirithiú, ní bheidh na Ballstáit in ann reachtaíocht a ghlacadh maidir le rochtain ar shonraí ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lasmuigh den chóras sonrach atá leagtha síos sa Rialachán seo. Déantar é sin chun a áirithiú nach ndéanfaidh na Ballstáit na hiarrataí atá i gceist a rialáil gan na scéimeanna clárúcháin, na bunachair shonraí ná an pointe iontrála aonair digiteach is gá a chur i bhfeidhm agus chun comhroinnt sonraí atá comhréireach, slán agus a chomhlíonann ceanglais phríobháideachais ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú laistigh den mhargadh inmheánach. Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát ceanglais maidir le rochtain ar an margadh a ghlacadh agus a choimeád ar bun, ar ceanglais iad a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag óstaigh, lena n‑áirítear ceanglais sláinte agus sábháilteachta, íoschaighdeáin cháilíochta nó srianta cainníochtúla, ar choinníoll go bhfuil gá leis na ceanglais sin agus go bhfuil siad comhréireach chun cuspóirí leas an phobail a chosaint, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le forálacha Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 . Ba cheart go dtacódh sonraí iontaofa a bheith ar fáil ar bhonn aonfhoirmeach le hiarrachtaí na mBallstát beartais agus rialacháin a fhorbairt a chomhlíonann dlí an Aontais. Go deimhin, mar is léir ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar na Ballstáit údar a thabhairt ar bhonn sonraí agus fianaise do shrianta a d’fhéadfadh a bheith ann ar rochtain ar an margadh ag óstaigh.

(5)Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo a áirithiú go gcomhlíontar rialacha custaim nó cánachais agus ní dhéanann sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát i réimse na gcionta coiriúla. Dá réir sin, ní dhéanann sé difear d’inniúlacht na mBallstát ná d’inniúlacht an Aontais sna réimsí sin ná d’aon ionstraim de chuid an dlí náisiúnta ná de chuid an Aontais a ghlactar de bhun na n‑inniúlachtaí sin maidir le rochtain, comhroinnt agus úsáid sonraí sna réimsí sin. Dá bhrí sin, ba cheart aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint amach anseo as sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Rialacháin maidir le forghníomhú an dlí nó chun críocha cánachais agus custaim a eisiamh.

(6)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí arb é atá iontu cóiríocht faoi throscán a ligean ar cíos go gearrthéarmach, in aghaidh luach saothair, cibé acu ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn neamhghairmiúil a dhéantar sin. Is féidir go mbeadh i gceist le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach seomra i bpríomháit chónaithe an óstaigh agus an t‑óstach ina chónaí ann freisin, príomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh a ligtear ar cíos ar feadh líon teoranta laethanta sa bhliain, nó maoin amháin nó níos mó a cheannaigh an t‑óstach mar infheistíocht atá le ligean ar cíos ar bhonn gearrthéarmach, de ghnáth ar feadh tréimhse níos giorra ná aon bhliain amháin i rith na bliana. Níor cheart a mheas gur cóiríocht arna soláthar ar bhonn gearrthéarmach í cóiríocht faoi throscán a sholáthraítear ar feadh tréimhsí níos faide, de ghnáth ar feadh bliana nó níos mó. Níl seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach teoranta d’aonaid a ligtear ar cíos chun críocha turasóireachta nó fóillíochta ach ba cheart go n‑áireofaí orthu tréimhsí gearrfhanachta chun críocha eile, amhail críocha gnó nó críocha staidéir.

(7)Níor cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hóstáin agus maidir le lóistín turasóireachta eile dá samhail, lena n‑áirítear ionaid óstáin, óstáin svuíte nó árasáin, brúnna agus móstáin, toisc go bhfuil a gcuid seirbhísí cumhdaithe cheana féin ag oibleagáidí atá ann cheana maidir le trédhearcacht agus tuairisciú, go háirithe le Rialachán (AE). 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Níor cheart cóiríocht a chuirtear ar fáil ar thailte campála, páirceanna feithiclí áineasa ná páirceanna leantóirí, amhail pubaill, carbháin nó feithiclí áineasa, a chumhdach leis na rialacha sin freisin, ós rud é go bhfaightear cóiríocht den sórt sin de ghnáth i limistéir thiomnaithe, amhail láithreacha campála nó páirceanna carbhán, agus nach mbíonn tionchar acu ar thithíocht chónaithe atá inchomparáide leis an tionchar a bhíonn ag seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hardáin ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart leathanaigh ghréasáin lena nasctar óstaigh le haíonna agus nach bhfuil aon ról breise acu maidir le hidirbhearta díreacha a thabhairt i gcrích a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ní chumhdaítear leis na rialacha seo ardáin ar líne a dhéanann idirghabháil ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gan íocaíocht (mar shampla, ardáin ar líne a dhéanann idirghabháil ar mhalartú teaghaisí), ós rud é nach gcumhdaítear leo ach seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a chuirtear ar fáil in aghaidh luach saothair.

(9)Cuireann nósanna imeachta clárúcháin ar chumas na n‑údarás inniúil faisnéis a bhailiú faoi óstaigh agus faoi aonaid a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ba cheart don uimhir chlárúcháin, ar aitheantóir uathúil aonaid ar cíos í, a áirithiú gur féidir na sonraí a bhailítear agus a chomhroinntear ar ardáin a shannadh i gceart ar óstaigh agus ar aonaid. Ba cheart, dá bhrí sin, gur faoi na húdaráis inniúla, i gcás inar mian leo sonraí a fháil ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a bheidh sé nósanna imeachta clárúcháin a chur ar bun nó a chothabháil le haghaidh óstaigh agus a n‑aonad, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.

(10)Chun a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus na sonraí a theastaíonn uathu, gan ualaí díréireacha a fhorchur ar ardáin agus ar óstaigh ar líne, is gá cur chuige coiteann a leagan amach maidir le nósanna imeachta clárúcháin laistigh de na Ballstáit atá teoranta d’fhaisnéis bhunúsach lena gceadaítear sainaithint a dhéanamh ar an aonad agus ar an óstach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, nuair a dhéanfar an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir a thíolacadh, go sannfar uimhir chlárúcháin d’óstaigh agus d’aonaid. Ba cheart do na hóstaigh a bheith in ann iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as modhanna ríomh‑shainaitheantais arna n‑eisiúint faoi scéim ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 chun na nósanna imeachta clárúcháin sin a chur i gcrích.

(11)Ba cheart d’óstaigh faisnéis a sholáthar fúthu féin, faoi na haonaid a thairgeann siad i gcomhar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus faisnéis riachtanach eile ionas go mbeidh a fhios ag na húdaráis inniúla céannacht an óstaigh agus a shonraí teagmhála, chomh maith leis an suíomh, cineál (e.g. teach, árasán, seomra) agus tréithe an aonaid. Tá gá le faisnéis den sórt sin chun inrianaitheacht na n‑óstach agus na n‑aonad a thairgtear a áirithiú. Ba cheart go n‑áireofaí sa tuairisc ar shaintréithe an aonaid faisnéis maidir le cé acu a bhfuil an t‑aonad á thairiscint mar chuid nó mar aonad iomlán agus maidir le cé acu a n‑úsáideann, nó nach n‑úsáideann, an t‑óstach an t‑aonad chun críocha cónaithe mar phríomháit chónaithe nó mar áit chónaithe thánaisteach nó chun críocha eile. Ba cheart d’óstaigh faisnéis a sholáthar freisin maidir leis an uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal.

(12)Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit éileamh ar óstaigh faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a chur isteach lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas arna mbunú leis an dlí náisiúnta, amhail ceanglais sláinte agus sábháilteachta agus ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí. Chun rochtain chomhionann agus cuimsiú comhionann a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar óstaigh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht na n-aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach do dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le ceanglais inrochtaineachta náisiúnta nó áitiúla. Mar sin féin, ba cheart do gach ceanglas a bheith i gcomhréir le prionsabail an neamh‑idirdhealaithe agus na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith iomchuí agus riachtanach chun cuspóir rialála dlisteanach a bhaint amach, agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le Treoir 2006/123/CE. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais faisnéise a fhorchur ar óstaigh a chomhlíonann dlí an Aontais maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail tréimhsí fanachta nach n-íoctar lena n-áirítear i gcás ina mbaineann socruithe óstála le daoine leochaileacha, amhail dídeanaithe nó tairbhithe cosanta sealadaí.

(13)I gcás ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag óstaigh tríd an nós imeachta clárúcháin bailí ar feadh tréimhse teoranta ama, mar shampla i gcás doiciméid aitheantais nó deimhnithe dóiteáin nó deimhnithe sábháilteachta eile, ba cheart go mbeadh na hóstaigh in ann an fhaisnéis nó an doiciméadacht a thabhairt cothrom le dáta. I gcás ina mainníonn óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht nuashonraithe a thíolacadh, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis nó an doiciméadacht nuashonraithe curtha isteach. Ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an t‑óstach isteach a choinneáil ar feadh thréimhse iomlán bailíochta na huimhreach clárúcháin agus ar feadh uastréimhse 1 bhliain tar éis don óstach a iarraidh go mbainfear aonad den chlárlann, chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla aon seiceáil ábhartha a dhéanamh fiú tar éis don aonad a bheith bainte den chlár.

(14)Níor cheart do na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht a sholáthraíonn óstach tríd an nós imeachta clárúcháin a fhíorú ach amháin tar éis an uimhir chlárúcháin a eisiúint. Is iomchuí a chumasú d’óstaigh, laistigh de thréimhse réasúnta ama, an fhaisnéis agus an doiciméadacht a tíolacadh agus a mheasann údarás inniúil a bheith neamhiomlán nó míchruinn a cheartú. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí i gcás ina mainníonn an t‑óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cheartú laistigh den tréimhse a shonraítear. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí freisin i gcásanna ina gcinnfidh sé go bhfuil amhras follasach tromchúiseach ann maidir le barántúlacht agus bailíocht na faisnéise nó na doiciméadachta a sholáthair an t‑óstach. Sna cásanna sin, ba cheart d’údaráis inniúla na hóstaigh a chur ar an eolas faoina rún chun bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí agus faoi na cúiseanna atá léi. Ba cheart deis éisteachta a thabhairt don óstach agus, i gcás inarb iomchuí, deis chun an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cuireadh ar fáil a cheartú laistigh de thréimhse réasúnach. I gcás inar cuireadh bailíocht na huimhreach clárúcháin ar fionraí, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an údarás inniúil ordú a eisiúint lena n‑iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an liostú a bhaineann leis an aonad i gceist a bhaint nó rochtain orthu a dhíchumasú gan moill mhíchuí. Ba cheart a áireamh sna horduithe sin an fhaisnéis uile is gá chun an liostú a shainaithint, lena n-áirítear Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne (URL) aonair na liostuithe.

(15)I gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin, ba cheart ceangal a chur ar óstaigh a n‑uimhreacha clárúcháin a sholáthar d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, agus na huimhreacha sin a thaispeáint i liosta gach aonaid faoi seach agus uimhir chlárúcháin an aonaid a sholáthar d’aíonna. I gcás ina mbeidh feidhm ag nós imeachta clárúcháin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear é ar a chumas do na húdaráis inniúla leis an dlí náisiúnta ordú do sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne liostuithe a bhaint ar liostuithe iad a bhaineann le haonaid arna dtairiscint gan uimhir chlárúcháin nó arna dtairiscint in éineacht le huimhir chlárúcháin neamhbhailí.

(16)Le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 leagtar síos ceanglais díchill chuí áirithe do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i dtaca le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairgeann óstaigh a cháilíonn mar thrádálaithe. Mar sin féin, is saintréith a bhaineann le hearnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gur minic gur daoine aonair príobháideacha iad óstaigh a thairgeann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn piara le piara ó am go chéile, ar daoine iad nach gá go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a chatagóiriú mar ‘thrádálaithe' faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le coincheap agus cuspóir an ‘chomhlíonta trí dhearadh’ faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus chun a chumasú d’údaráis inniúla a fhíorú an bhfuil na hoibleagáidí clárúcháin is infheidhme á gcomhlíonadh, is iomchuí coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm maidir le comhlíonadh trí dhearadh i gcomhthéacs na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n‑áirítear na seirbhísí sin a thairgeann óstaigh nach gcáilíonn mar thrádálaithe de bhun dhlí an Aontais. Ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a áirithiú nach dtairgtear seirbhísí i gcás nár soláthraíodh uimhir chlárúcháin, i gcásanna ina ndearbhaíonn óstach go bhfuil feidhm ag uimhir chlárúcháin den sórt sin. Níor cheart gurb ionann é sin agus oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne faireachán ginearálta a dhéanamh ar na seirbhísí a thairgeann óstaigh trína n‑ardán, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar chruinneas na huimhreach clárúcháin a mheasúnú roimh fhoilsiú na tairisceana ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(17)I gcás inar mian le húdaráis inniúla faisnéis a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le gníomhaíochtaí na n‑óstach, ba cheart ceangal a chur orthu nós imeachta clárúcháin a bhunú nó a choinneáil ar bun.

(18)Ba cheart d’údaráis inniúla ar mian leo faisnéis a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le gníomhaíochtaí óstach agus a bhfuil córais chlárúcháin i bhfeidhm acu a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a fháil ó ardáin ar líne ar bhonn rialta. Ba cheart an cineál sonraí a fhéadfar a fháil a chomhchuibhiú go hiomlán agus ba cheart faisnéis a áireamh ann maidir le líon na n-oícheanta a bhfuil aonad cláraithe ligthe ar cíos ina leith, líon na n-aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid, rud atá de dhíth chun sainaithint an óstaigh agus an aonaid a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a éascú i gcásanna ina bhfuil an uimhir chlárúcháin ar iarraidh nó mícheart. Ní chumhdaítear ach ardáin ar líne a d’éascaigh go héifeachtach tabhairt chun críche idirbheart díreach idir óstaigh agus aíonna leis an oibleagáid sonraí gníomhaíochta, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid a sholáthar, toisc nach bhfuil ach na hardáin sin in ann sonraí a bhailiú, amhail an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche. Níor cheart do na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar ardáin tuairisc a thabhairt ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus ar a ngníomhaíochtaí atá éagsúil ó na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.

(19)Chun a áirithiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil, níor cheart éileamh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne faisnéis bhreise a thuairisciú faoi chéannacht na n‑óstach agus faoi na haonaid, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin bailithe cheana féin ag údaráis inniúla trí na nósanna imeachta clárúcháin is infheidhme maidir le hóstaigh.

(20)Níor cheart a bheith ag súil go n‑úsáidfeadh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar ghnóthais bheaga nó mar ghnóthais mhicrifhiontair de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún 29 modhanna cumarsáide meaisín le meaisín chun sonraí a chomhroinnt, ar choinníoll nár bhain siad meánlíon míosúil de 2 500 óstach gníomhach ar a laghad amach sa ráithe roimhe sin san Aontas. Trí cheadú d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne den sórt sin modhanna láimhe a úsáid chun sonraí a chomhroinnt leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair laghdaítear a n‑ualach comhlíontachta agus cuirtear a n‑acmhainní airgeadais nó teicniúla san áireamh, agus áirithítear an tráth céanna go bhfaighidh na húdaráis inniúla na sonraí ábhartha. Déantar talamh slán de gur cheart go mbeadh córais i bhfeidhm cheana féin ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne ar fiontair bheaga nó mhicrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE agus a shroicheann nó a sháraíonn an tairseach sin, ar córais iad lena gceadaítear riachtanais maidir le tarchur sonraí ó mheaisín go meaisín a chomhlíonadh.

(21)Ba cheart a éileamh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a chomhlíonadh ar seirbhísí iad a bhainistíonn siad d’aonaid atá lonnaithe i limistéar inar cuireadh nós imeachta clárúcháin ar bun, agus ar choinníoll gur bhunaigh an Ballstát an Pointe Iontrála Digiteach Aonair. Is gá an fhaisnéis sin a bhailiú agus a chomhroinnt chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na nósanna imeachta clárúcháin is infheidhme maidir le hóstaigh agus chun cur ar chumas na mBallstát beartais iomchuí agus chomhréireacha a fhorbairt agus a fhorghníomhú i réimse na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(22)Chun nach mbeidh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne dul i ngleic le ceanglais theicniúla éagsúla agus pointí rochtana éagsúla um sonraí a chomhroinnt laistigh de Bhallstát, ba cheart Pointe Iontrála Digiteach Aonair náisiúnta a bhunú mar thairseach chun sonraí a tharchur go leictreonach idir seirbhísí cóiríochta gearrthéarma ar cíos ar líne agus údaráis inniúla, lena n‑áirithítear próisis chomhroinnte sonraí atá mear, iontaofa agus éifeachtach.

(23)Ba cheart do na Pointí Iontrála Digiteacha Aonair cumas na n‑ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú seiceáil randamach a dhéanamh ar bhailíocht uimhreach clárúcháin nó ar chruinneas féindearbhuithe, chun earráidí agus neamhréireachtaí a laghdú maidir le tarchur sonraí agus chun a n‑ualach comhlíontachta a laghdú. Ba cheart don Phointe Iontrála Aonair Digiteach, cé nach n‑éilítear stóráil iarbhír na huimhreach clárúcháin leis, ligean chun seiceáil randamach a dhéanamh go huathoibríoch trí Chomhéadan Feidhmchláir trína bhféadfar uimhir chlárúcháin a chur i gcomparáid leis na hiontrálacha lena mbaineann i gclárlann nósanna imeachta an chlárúcháin aonair i mBallstát atá nasctha leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair nó fíorúchán de láimh a dhéanamh, mar shampla, trí uimhir chlárúcháin a iontráil i gcomhéadan ar líne agus deimhniú a fháil maidir lena bhailíocht. Ba cheart é d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a bheith saor chun seiceálacha breise a dhéanamh tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’oibleagáidí clárúcháin a fhorfheidhmiú trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dóibh cheana féin.

(24)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na réiteach teicniúil lena dtacaítear le malartú sonraí agus chun idir‑inoibritheacht na bPointí Iontrála Digiteacha Aonair náisiúnta a chur chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na caighdeáin is infheidhme agus na ceanglais maidir le hidir‑inoibritheacht a leagan síos, nuair is gá sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(25)Ba cheart a áirithiú idir na clárlanna éagsúla sna Ballstáit comh maith lena n‑idir‑inoibritheacht leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair chun bacainní shéimeantacha agus teicniúla ar chomhroinnt sonraí a bhaint agus chun nósanna imeachta riaracháin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a áirithiú. Ba cheart do na heintitis atá i gceannas ar na Pointí Iontrála Digiteacha Aonair a chruthú ar an leibhéal náisiúnta agus don Choimisiún cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus comhar idir na Ballstáit a éascú.

(26)Tá gá le creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal an Aontais chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a roinnt go trédhearcach, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 . Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit liosta a dhéanamh de na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó á chothabháil acu chun sonraí gníomhaíochta faoi aonad atá suite ar a gcríoch a iarraidh. Níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh nósanna imeachta clárúcháin nó rialacha cur chun feidhme a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Sa chás deiridh sin, níor cheart próiseáil den sórt sin a cheadú ach amháin má tá na rialacha atá i gceist neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach, agus go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le saorghluaiseacht seirbhísí, saoirse bunaíochta, agus na rialacha i dTreoir 2006/123. Chun críocha dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart an cuspóir atá ag próiseáil na sonraí i gcomhréir le ceanglais Rialachán 2016/679 a leagan amach in aon riail a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin. Tá sonraí gníomhaíochta, seachas sonraí pearsanta, riachtanach freisin d’údaráis atá ag forbairt rialacha den sórt sin mar chuid d’iarrachtaí chun éiceachóras cothrom turasóireachta a chur chun cinn, lena n‑áirítear rialacha éifeachtacha agus comhréireacha maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir leis na seirbhísí sin a sholáthar. Le tréimhse coinneála uasta de 1 bhliain, ba cheart údaráis inniúla a cheadú chun áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir le hóstaigh nó maidir le haonaid ar cíos agus go ndéanfar beartais a fhorbairt.

(27)Bheadh tacair sonraí comhiomlánaithe bunaithe ar na sonraí gníomhaíochta atá ar fáil, tábhachtach freisin chun staidreamh oifigiúil a thiomsú. Na sonraí sin, in éineacht le faisnéis faoin líon iomlán aonad agus faoin uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal i ngach foroinn gheografach, ba cheart iad a tharchur chuig oifigí staidrimh náisiúnta agus chuig Eurostat gach mí chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse eile san earnáil chóiríochta mar a leagtar amach i Rialachán 692/2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht. Ba cheart do na Ballstáit an t‑eintiteas náisiúnta a bheidh freagrach as sonraí a chomhiomlánú agus a tharchur a ainmniú. Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a chomhroinnt, gan aon sonraí a d’fhéadfadh sainaithint aonad nó óstach aonair a chumasú, amhail uimhreacha clárúcháin agus URLanna, le heintitis agus le daoine i gcás inar gá é sin chun taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha a dhéanamh mar aon le samhlacha gnó agus seirbhísí nua a tháirgeadh. Faoi na coinníollacha céanna, d’fhéadfaí sonraí gníomhaíochta a chur ar fáil trí spásanna sonraí earnála, i gcás ina mbunófar iad.

(28)Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar chun a cheadú d’údaráis phoiblí, ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, óstaigh agus saoránaigh na dlíthe, na nósanna imeachta agus na ceanglais a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach laistigh dá gcríoch. Áirítear orthu siúd nósanna imeachta clárúcháin mar aon le haon cheanglas a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, agus soláthar na seirbhísí sin.

(29)Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát údarás a ainmniú ar cheart dó faireachán ar a chur chun feidhme agus tuairisciú don Choimisiún gach 2 bhliain.

(30)Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Na húdaráis a gcuirtear de chúram orthu Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú, ba cheart dóibh a áirithiú maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a bhaineann le dearadh chomhéadan na n‑ardán cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le huimhir chlárúcháin aon óstach, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, go gcomhlíontar na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis na cumhachtaí agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065, dá bhrí sin, ba cheart DSC inniúil nó an Coimisiún a chumhachtú chun forfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáid na comhlíontachta trí dhearadh a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Rialachán seo i gcomhréir le leithdháileadh na n‑inniúlachtaí a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. Dá dheasca sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gan bearta forfheidhmiúcháin dhírigh a ghlacadh ach amháin maidir le hardáin ar líne atá an‑mhór agus ainmnithe de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.

(31)Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú a mhéid a bhaineann le forálacha an Rialacháin seo maidir le torthaí na seiceálacha randamacha, an oibleagáid chun tagairt don fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit a áirithiú, ar faisnéis í sin maidir le rialacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus oibleagáidí um chomhroinnt sonraí ag ardáin cíosa ghearrthéarma. I ngeall ar chineál sonrach na n‑oibleagáidí sin, ba cheart gur ar údaráis arna n‑ainmniú ag Ballstát an Phointe Iontrála Aonair Dhigitigh, ina bhfuil an t‑aonad ábhartha lonnaithe, a bheidh sé na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos freisin lena leagtar amach pionóis as sárú fhorálacha sin an Rialacháin seo ag a bhfuil feidhm maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme agus go dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 . Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na pionóis sin forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí um chomhroinnt sonraí.

(32)Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta i dtaca le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do na ceanglais faisnéise agus do na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh. Go háirithe, na nósanna imeachta a bhaineann leis an gclárúchán ag óstaigh agus le heisiúint na huimhreach clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo, ba cheart iad a áireamh in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/1724 chun a áirithiú gur féidir le haon óstach tairbhiú de nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1724 a leasú dá réir.

(33)Ina theannta sin, i gcomhréir leis an bprionsabal aonuaire, ba cheart a cheadú d’óstaigh ag a bhfuil aonaid in aon Bhallstát amháin nó níos mó athúsáid a bhaint as sonraí agus as fianaise atá curtha isteach acu cheana féin chun críche céadchlárúcháin, rud lena laghdófar an t‑ualach comhlíontachta le haghaidh na n‑óstach. D’fhéadfaí an fheidhmiúlacht sin a sholáthar trí úsáid a bhaint as bonneagar an Chórais Theicniúil Aonuaire mar a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2022/1463 34 .

(34)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tréimhsiúil mar aon le faireachán ar a éifeachtaí ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne san Aontas. Leis an meastóireacht sin, ba cheart aon éifeacht ar sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a áireamh mar aon le haon éifeacht ag infhaighteacht mhéadaithe na sonraí ar ábhar agus ar chomhréireacht na rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil, ba cheart eispéiris na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha a chur san áireamh sa mheastóireacht.

(35)Chun go mbeidh tréimhse leordhóthanach ag na Ballstáit chun nósanna imeachta clárúcháin a bhunú, nósanna imeachta clárúcháin atá ann cheana a oiriúnú d’fhorálacha an Rialacháin seo agus chun Pointí Iontrála Aonair Digiteacha a bhunú, agus chun é a chur ar a gcumas d’ardáin agus d’óstaigh oiriúnú do na ceanglais nua, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

(36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le soláthar na seirbhísí arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, a ghnóthú go leordhóthanach ina n‑aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas an Rialachán seo a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(37)Déantar an ceart bunúsach ar chosaint sonraí pearsanta a choimirciú go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679. Soláthraítear an bunús leis an Rialachán sin le haghaidh rialacha agus cheanglais na próiseála sonraí pearsanta, lena n‑áirítear i gcás ina n‑áireofar meascán de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtacair sonraí agus ina mbeidh na sonraí sin fite fuaite le chéile. Ní mór d’aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin is iad na húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí a bhíonn freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(38)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus thug sé tuairim an [XX XX 2022] 36 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bailiú sonraí ag údaráis inniúla agus ag soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne agus le haghaidh comhroinnt sonraí ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne le húdaráis inniúla a bhaineann le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a thairgeann seirbhísí d’óstaigh a sholáthraíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach san Aontas, gan beann ar a n‑áit bhunaithe.

2.Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó soláthar na seirbhísí sin ag óstaigh, ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach faoin Rialachán seo;

(b)rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear forbairt nó úsáid na gcaighdeán pleanála nó tógála talún, baile agus tíre;

(c)Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear cosc, imscrúdú, brath, nó ionchúiseamh na gcionta coiriúla, nó forghníomhú na bpionós coiriúil;

(d)Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear riaradh, bailiú, forfheidhmiú agus aisghabháil cánacha, custaim agus dleachtanna eile.

3.Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar na seirbhísí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, go háirithe:

(a)Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ;

(b)Rialachán (AE) 2022/2065;

(c)Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 ;

(d)Treoir 2000/31/CE;

(e)Treoir 2006/123/CE;

(f)Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 ;

(g)Treoir (AE) 2010/24/AE ón gComhairle 40 ; agus

(h)Treoir (AE) 2011/16/AE ón gComhairle 41 .

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘aonad’ cóiríocht faoi throscán atá lonnaithe san Aontas atá faoi réir sholáthar seirbhíse cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ní áirítear leis na nithe a leanas:

(a)óstáin agus cóiríocht chomhchosúil lena n‑áirítear ionaid óstáin, óstáin svuíte nó árasáin, brúnna agus móstáin ar a dtugtar tuairisc in NACE Ath. 2, grúpa 55.1 (‘óstáin agus cóiríocht chomhchosúil’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 ;

(b)soláthar na cóiríochta i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Ath. 2, grúpa 55.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 1893/2006.

(2)ciallaíonn ‘óstach’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a sholáthraíonn, nó a bheartaíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar in aghaidh luach saothair trí ardán ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil;

(3)ciallaíonn ‘óstaigh ghníomhacha’ óstaigh ag a bhfuil ar a laghad aonad amháin liostaithe le linn tréimhse 1 mhí ar ardán cíosa ghearrthéarma ar líne;

(4)ciallaíonn ‘aoi’ duine nádúrtha atá á óstáil in aonad;

(5)ciallaíonn ‘seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach’ aonad a ligean go gearrthéarmach, in aghaidh luach saothair, cé acu ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil, mar a shainmhínítear a thuilleadh le dlí náisiúnta;

(6)ciallaíonn ‘ardán cíosa ghearrthéarma ar líne’ ardán ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar;

(7)‘ciallaíonn ‘uimhir chlárúcháin’ aitheantóir uathúil arna eisiúint ag Ballstát, lena sainaithnítear aonad sa Bhallstát sin;

(8)ciallaíonn ‘nós imeachta clárúcháin’ aon nós imeachta is tríd nach mór d’óstaigh faisnéis agus doiciméadacht shonrach a sholáthar do na húdaráis inniúla sular féidir leo tosú ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint;

(9)ciallaíonn ‘liostú’ an tagairt d’aonad a thairgtear le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(10)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú, agus/nó sonraí a bhailiú ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach;

(11)ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche;

(12)ciallaíonn ‘ardán cíosa gearrthéarma beag nó micrimhéide ar líne’ ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar fhiontar beag nó micrimhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE.

CAIBIDIL II

Clárú

Airteagal 4

Nósanna imeachta clárúcháin

1.Aon nós imeachta clárúcháin arna bhunú ag Ballstát, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, le haghaidh aonaid atá lonnaithe ar a chríoch, comhlíonfaidh sé forálacha na Caibidle seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)go n‑oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;

(b)go gceadófar le nósanna imeachta clárúcháin uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a chur isteach agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2);

(c)nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin;

(d)go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a thabhairt cothrom le dáta;

(e)go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin;

(f)go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 3;

(g)go gceanglaítear ar óstaigh, agus a gcuid seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á soláthar acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an t‑aonad atá á thairiscint lonnaithe i limistéar mar a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh óstaigh in ann a iarraidh gur féidir an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna soláthar de bhun Airteagal 5(1) agus (2) a athúsáid chun críoch clárúcháin dá éis sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑áireofar uimhreacha clárúcháin i gclárlann. Beidh an t‑údarás inniúil a eiseoidh an uimhir chlárúcháin freagrach as an gclárlann a bhunú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 5

Faisnéis atá le soláthar ag óstaigh

1.I gcás ina mbeidh óstach ag clárú de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfidh óstach an fhaisnéis seo a leanas isteach trí dhearbhú:

(a)le haghaidh gach aonad:

(1)seoladh an aonaid;

(2)an cineál aonaid;

(3)cé acu a bhfuil an t‑aonad á thairiscint mar chuid nó mar iomlán phríomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó chun críoch eile;

(4)an t‑uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal;

(b)i gcás inar daoine nádúrtha iad na hóstaigh:

(1)a n‑ainm;

(2)uimhir aitheantais náisiúnta nó, mura bhfuil sí ar fáil, faisnéis eile lena gceadaítear an duine a shainaithint;

(3)a seoladh;

(4)a n‑uimhir theileafóin;

(5)an seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa;

(c)i gcás inar daoine dlítheanacha iad na hóstaigh:

(1)a n‑ainm;

(2)an uimhir chlárúcháin ghnó náisiúnta;

(3)ainm na n‑ionadaithe dlíthiúla uile dá gcuid;

(4)a seoladh poist cláraithe;

(5)uimhir theileafóin ionadaí an duine dhlítheanaigh sin;

(6)seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa.

2.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí in éineacht leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach de bhun mhír 1.

3.I gcás ina gceanglóidh Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a chur isteach, is gan dochar é cur isteach na faisnéise agus na doiciméadachta sin d’eisiúint na huimhreach clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b).

4.Gan dochar d’Airteagal 6, i gcás ina mbeidh athrú ábhartha ar an staid a chruthófar leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht arna soláthar de bhun mhíreanna 1 agus 2, tabharfaidh óstaigh an fhaisnéis agus an doiciméadacht cothrom le dáta tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (d).

5.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht arna cur isteach de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, go gcoimeádfar ar bhealach slán go rúnda í agus nach ndéanfar amhlaidh ach ar feadh tréimhse is gá chun an t‑aonad a shainaithint agus ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bhliain tar éis don óstach a léiriú tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (f) gur cheart an t‑aonad a bhaint den chlárlann. Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht arna soláthar ag an óstach de bhun mhíreanna 1 agus 2, nach ndéanfar iad a phróiseáil ach amháin chun an uimhir chlárúcháin a eisiúint agus chun comhlíontacht leis na rialacha is infheidhme de chuid an Bhallstáit a áirithiú, ar rialacha iad a bhaineann leis an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin.

6.Beidh óstaigh freagrach as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad d’údaráis inniúla de bhun an Airteagail seo, agus as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Fíorú arna déanamh ag na húdaráis inniúla

1.Féadfaidh na húdaráis inniúla, tráth ar bith tar éis dóibh uimhir chlárúcháin a eisiúint, an dearbhú a fhíorú mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta arna cur isteach ag óstach de bhun Airteagal 5(1) agus 5(2).

2.I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil, tar éis fíorú de bhun mhír 1, go bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna cur isteach de bhun Airteagal 5(1) agus 5(2) neamhiomlán nó mícheart, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil sin iarraidh ar an óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cheartú, arb í sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (d), laistigh de thréimhse a bheidh le sonrú ag an údarás inniúil.

3.I gcás ina mainneoidh óstach an fhaisnéis arna hiarraidh a cheartú de bhun mhír 2, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n‑iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint nó rochtain orthu a dhíchumasú gan moill mhíchuí.

4.I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil, tar éis fíorú de bhun mhír 1, go bhfuil amhrais fhollasacha agus thromchúiseacha ann a mhéid a bhaineann le barántúlacht agus le bailíocht na faisnéise nó na doiciméadachta arna cur isteach de bhun Airteagal 5(1) agus 5(2), beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n‑iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint nó rochtain orthu a dhíchumasú gan moill mhíchuí.

5.I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil bailíocht uimhreach nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 3 nó 4, tabharfaidh sé fógra don óstach i scríbhinn lena sonrófar na cúiseanna leis sin a bheith de rún aige a dhéanamh. Tabharfar deis éisteachta don óstach agus, i gcás inarb iomchuí, deis chun an fhaisnéis nó an doiciméadacht i gceist a cheartú laistigh de thréimhse réasúnach a bheidh le sonrú ag an údarás inniúil. I gcás inarb amhlaidh, tar éis don údarás inniúil éisteacht leis an óstach, go ndeimhneoidh an t‑údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige bailíocht uimhreach nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don óstach faoin gcinneadh sin, agus cóip den ordú dá dtagraítear i míreanna 3 nó 4 in éineacht leis.

6.Beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas in orduithe a eiseofar de bhun míreanna 3, 4 agus 10:

(a)ráiteas ar na cúiseanna;

(b)faisnéis shoiléir lena gcuirfear é ar a chumas do sholáthraí an ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an liostú nó na liostuithe lena mbaineann a shainaithint agus a lonnú, amhail aon aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainní (URL) beacht amháin nó níos mó mar aon le haitheantas an údaráis inniúil;

(c)aitheantas an óstaigh agus an aonaid arna thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

7.Fanfaidh bailíocht uimhreach clárúcháin ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha ceartaithe ag an óstach leis na húdaráis inniúla. Ar dóibh é sin a ghlacadh, tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (d), agus cruinneas agus iomláine na faisnéise agus na doiciméadachta arna soláthar ag an óstach a fhíorú, mar aon lena fhíorú go bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ceart, tabharfaidh na húdaráis inniúla an uimhir chlárúcháin ar ais.

8.Cuirfidh an t‑údarás inniúil na hóstaigh ar an eolas faoi na sásraí cúitimh atá ar fáil i ndáil leis na céimeanna arna ndéanamh de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7.

9.I gcás ina gceanglóidh Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh sé forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht sin, ar choinníoll go mbeidh an ceanglas i gceist neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach agus go gcomhlíonann sé dlí an Aontais.

10.I gcás ina mbeidh feidhm ag nós imeachta clárúcháin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear é ar a chumas do na húdaráis inniúla leis an dlí náisiúnta ordú do sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne liostuithe a bhaint ar liostuithe iad a bhaineann le haonaid arna dtairiscint gan uimhir chlárúcháin nó arna dtairiscint in éineacht le huimhir chlárúcháin neamhbhailí.

Airteagal 7

Comhlíontacht trí dhearadh

1.Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:

(a)a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gceanglaítear ar óstaigh féindearbhú a dhéanamh ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an t‑aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis;

(b)i gcás ina ndearbhóidh an t‑óstach go bhfuil an t‑aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis, dearfaidh agus eagróidh siad a gcomhéadan ar líne ar bhealach lena gcuirfear é ar a gcumas d’óstaigh ligean d’úsáideoirí an t‑aonad a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, agus chun a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthraithe ag óstaigh sula gceadófar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i leith an aonaid sin;

(c)iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhú na n‑óstach a sheiceáil go randamach maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a) á chur san áireamh, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, lena n‑áirítear trí úsáid na bhfeidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na Pointí Iontrála Aonair Digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú.

2.Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na húdaráis inniúla agus na hóstaigh ar an eolas gan mhoill faoi thorthaí na seiceálacha randamacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a bhaineann le dearbhuithe míchearta ó óstaigh nó le huimhreacha clárúcháin neamhbhailí.

3.Áireoidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, i roinn shonrach den chomhéadan ar líne ar a bhfuil rochtain dhíreach go héasca, tagairt don fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun Airteagal 17(1).

CAIBIDIL III

Tuairisciú sonraí

Airteagal 8

Nósanna imeachta clárúcháin chun sonraí a thuairisciú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar nó go gcoinneofar nós imeachta clárúcháin ar bun le haghaidh aonaid atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear i Airteagal 13(1), pointe (b).

Airteagal 9

Oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur

1.I gcás ina mbainfidh liostú le haonad atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), baileoidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht leis an uimhir chlárúcháin chomhfhreagrach arna soláthar ag an óstach agus ag URL an liostaithe agus, ar bhonn míosúil, tarchuirfidh an méid sin chuig Pointe Iontrála Aonair Digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t‑aonad lonnaithe. Tarlóidh an tarchur sin trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín.

2.De mhaolú ar mhír 1, maidir le hardáin bheaga nó micrea‑ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne nár shroich, sa ráithe roimhe sin, meánlíon míosúil de 2 500 óstach ghníomhacha nó níos mó, tarchuirfidh siad na sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht le huimhir chlárúcháin chomhfhreagrach agus URL an liostaithe, ag deireadh an ráithe, trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín nó de láimh, chuig Pointe Iontrála Aonair Digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t‑aonad lonnaithe.

Airteagal 10

Bunú agus feidhmiúlachtaí na bPointí Iontrála Aonair Digiteacha

1.I gcás ina mbeidh nós imeachta clárúcháin amháin nó níos mó bunaithe ag Ballstát de bhun Airteagal 8, bunóidh an Ballstát sin Pointe Iontrála Aonair Digiteach chun sonraí gníomhaíochta a fháil agus a chur ar aghaidh, mar aon le huimhir chlárúcháin ábhartha agus URL na liostuithe arna soláthar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 9. Ainmneoidh an Ballstát sin an t‑údarás a bheidh freagrach as an bPointe Iontrála Aonair Digiteach a oibriú.

2.Déanfar an méid seo a leanas leis an bPointe Iontrála Aonair Digiteach dá dtagraítear i mír 1:

(a)comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lena gcumasófar tarchur na sonraí gníomhaíochta ar bhonn meaisín le meaisín agus de láimh, mar aon leis an uimhir chlárúcháin ábhartha agus URL na liostuithe;

(b)éascóidh seiceálacha randamacha ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7(1), pointe (c) ar bhailíocht na n‑uimhreacha clárúcháin arna soláthar ag óstaigh;

(c)comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh na n‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 chun sonraí gníomhaíochta a fháil, mar aon le huimhir chlárúcháin ábhartha agus le URL na liostuithe arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne chun na gcríoch a shainaithnítear in Airteagal 12(2) le haghaidh aonaid ina gcríoch agus chun na gcríoch sin amháin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil leis an bPointe Iontrála Aonair Digiteach dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)idir‑inoibritheacht leis na clárlanna dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(b)an fhéidearthacht athúsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó doiciméadacht a bheidh le soláthar ag óstaigh de bhun Airteagal 5, más rud é go n‑iarrfar an fhaisnéis nó an doiciméadacht chéanna le clárlanna iomadúla dá dtagraítear in Airteagal 4(3) laistigh den Bhallstát céanna;

(c)rúndacht, sláine agus slándáil phróiseáil na sonraí gníomhaíochta agus na n‑uimhreacha clárúcháin agus URL an liostaithe arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.Ní dhéanfar faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a stóráil sa Phointe Iontrála Aonair Digiteach dá dtagraítear i mír 1. Áiritheofar leis próiseáil dhíomuan, láithreach agus uathoibríoch na sonraí pearsanta lena bhfuil fíorghá chun rochtain a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 12 ar shonraí gníomhaíochta, uimhreacha clárúcháin agus URL liostuithe arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta coiteanna chun idir‑inoibritheacht a áirithiú maidir le réitigh le haghaidh fheidhmiú na bPointí Iontrála Aonair Digiteacha agus malartú saoráideach na sonraí, lena n‑áirítear struchtúr na n‑uimhreacha clárúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Comhordú na bPointí Iontrála Aonair Digiteacha

1.Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. Gníomhóidh na comhordaitheoirí náisiúnta sin mar phointí teagmhála le haghaidh na rialtas faoi seach dá gcuid le haghaidh gach ábhar a bhaineann leis an bPointe Iontrála Aonair Digiteach.

Beidh an comhordaitheoir náisiúnta le haghaidh gach Ballstát freagrach as teagmhálaithe leis an gCoimisiún i leith gach ábhar a bhaineann leis an bPointe Iontrála Aonair Digiteach. Cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi ainm agus faoi shonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta. Coimeádfaidh agus coinneoidh an Coimisiún liosta ar bun de na comhordaitheoirí náisiúnta agus dá sonraí teagmhála.

2.Leis seo, bunaítear grúpa comhordúcháin (‘an grúpa comhordúcháin’) na bPointí Iontrála Aonair Digiteacha. Beidh an grúpa comhordúcháin comhdhéanta den chomhordaitheoir náisiúnta ó gach Ballstát agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht air. Glacfaidh an grúpa comhordúcháin a rialacha nós imeachta. Tacóidh an Coimisiún le feidhmiú an ghrúpa comhordúcháin.

3.Tacóidh an grúpa comhordúcháin le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na Pointí Iontrála Aonair Digiteacha. Go háirithe, déanfaidh an grúpa comhordúcháin na cúraimí seo a leanas:

(a)éascóidh sé le malartú na ndea‑chleachtas maidir le hábhair a bhaineann le comhordú an chur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 10;

(b)tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún chun úsáid na réiteach idir‑inoibritheachta a chur chun cinn le haghaidh fheidhmiú na bPointí Iontrála Aonair Digiteacha agus malartú na sonraí;

(c)tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le formáid na dteachtaireachtaí chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur agus maidir le struchtúr coitianta na n‑uimhreacha clárúcháin.

Airteagal 12

Rochtain ar shonraí

1.Bunóidh na Ballstáit liosta de na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as limistéir i gcás ina mbeidh feidhm ag nós imeachta clárúcháin de bhun Airteagal 8.

2.Deonófar rochtain ar an bhfaisnéis arna tarchur de bhun Airteagal 9 don údarás inniúil i gcás inarb é ceann de na cuspóirí seo a leanas cuspóir beartaithe na próiseála agus sa chás sin amháin:

(a)faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na nósanna imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)rialacha a chur chun feidhme lena rialaítear an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin, ar choinníoll go mbeidh na rialacha sin neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach agus go gcomhlíonfaidh siad dlí an Aontais.

3.Coinneoidh na húdaráis inniúla a liostaítear de bhun mhír 1 sonraí gníomhaíochta ar bhealach slán go rúnda a fhad is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 agus ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bhliain amháin tar éis fháil na sonraí sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin, i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit, sonraí gníomhaíochta a chomhroinnt gan aon sonraí lenar féidir aonaid nó óstaigh aonair a shainaithint, lena n‑áirítear uimhreacha clárúcháin agus URLanna, go háirithe leo seo a leanas:

(a)údaráis ar a bhfuil sé de chúram dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin a fhorbairt maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;

(b)eintitis nó daoine a dhéanann taighde eolaíoch, gníomhaíochtaí anailíseacha nó forbairt shamhlacha nua ghnó, i gcás inar gá an chomhroinnt sin chun críoch na ngníomhaíochtaí sin.

4.Comhiomlánóidh na Ballstát na sonraí gníomhaíochta arna bhfáil de bhun Airteagal 9 agus tarchuirfidh ar bhonn míosúil iad chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 . Déanfar sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach agus áireofar iontu faisnéis faoin líon iomlán aonad agus faoin uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal i ngach foroinn gheografach. Déanfar na sonraí sin a mhiondealú de réir chineál an aonaid ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 5(1), pointe (a) den Rialachán seo. Ainmneoidh na Ballstáit an t‑eintiteas náisiúnta a bheidh freagrach as sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú agus a tharchur chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

CAIBIDIL IV

Faisnéis, maoirseacht agus forfheidhmiú

Airteagal 13

Oibleagáidí faisnéise

1.Tarraingeoidh na Ballstáit na liostaí seo a leanas suas agus cuirfidh ar fáil iad, saor in aisce:

(a)liostaí limistéar i gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin ina gcríoch;

(b)liostaí limistéar dá bhfuil sonraí iarrtha ag údaráis inniúla ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla feasacht ar na cearta agus ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo chun cinn ina gcríocha faoi seach.

Airteagal 14

Faireachán

Ainmneoidh gach Ballstát údarás, a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme na n‑oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo ar a chríoch agus tuairisceoidh an cur chun feidhme sin gach 2 bhliain don Choimisiún.

Airteagal 15

Forfheidhmiú

1.Chun críche fhorfheidhmiú Airteagal 7(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065, agus measfar go n‑áireofar Airteagal 7(1) den Rialachán seo in aon tagairt do chomhlíontacht le forálacha ábhartha na Rialachán (AE) 2022/2065. A mhéid a thugtar cumhachtaí don Choimisiún faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065, cumhdófar leo cur i bhfeidhm Airteagal 7(1) den Rialachán seo freisin.

2.Beidh údaráis arna n‑ainmniú ag Ballstát an Phointe Iontrála Aonair Dhigitigh ábhartha inniúil chun Airteagail 7(2), 7(3) agus 9 den Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

3.Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i dtaca le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne ar Airteagail 7(2), 7(3) agus 9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

4.Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun mír 2 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin] agus tabharfaidh fógra don Choimisiún faoi gan mhoill.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 16

An coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:

1.in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘Seirbhísí N.’, cuirtear isteach an pointe 4 seo a leanas:

‘4. faisnéis faoi rialacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n‑áirítear na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724]’.

2.Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)sa dara colún, sa ró ‘Gnólacht a thosú, a choimeád ar bun agus a dhúnadh’, cuirtear an méid seo a leanas isteach mar ró nua:

‘Dearbhuithe ó óstaigh le haghaidh nósanna imeachta clárúcháin i ndáil le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach’;

(b)sa tríú colún, sa ró ‘Gnólacht a thosú, a choimeád ar bun agus a dhúnadh’, cuirtear an méid seo a leanas isteach mar ró nua:

‘Uimhir chlárúcháin a eisiúint’.

Airteagal 18

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí dá chuid faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar na meastóireachtaí arna gcur isteach ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta de bhun Airteagal 14.

2.Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1:

(a)tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(b)tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh san Aontas trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne; agus

(c)a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar agus ar chomhréireacht na mbeart reachtach, rialála nó riaracháin náisiúnta a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin, lena n‑áirítear i gcás ina soláthrófar na seirbhísí sin ar bhonn trasteorann.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta =24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Bhí líon na STRanna a cuireadh in áirithe níos airde i gcaitheamh samhradh na mblianta 2020 agus 2021 ná i gcaitheamh samhradh na bliana 2018; féach sonraí ó Eurostat .
(2)    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1-102.
(3)    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, IO L 376, 27.12.2006, lgh. 36-68.
(4)    Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020 i gcás, Cali Apartments SCI agus HX v Procureur général près la cour d'appel de Paris and Ville de Paris, C-724/18, EU:C:2020:743, mír 88.
(5)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.
(7)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí, COM(2022) 68 final.
(8)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE.
(9)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38.
(10)    Le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais leathnaíodh creat an Aontais maidir le malartú uathoibríoch faisnéise i réimse an chánachais. Ní mór do na Ballstáit an Treoir seo a chorprú ina ndlíthe náisiúnta faoin 31 Eanáir 2022 agus na forálacha nua a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.
(11)     Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú COM/2020/67 final .
(12)     Teachtaireacht ón gCoimisiún, ‘Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’, COM(2020) 103 .
(13)     Conair aistrithe le haghaidh na turasóireachta – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) .
(14)     Plean Gníomhaíochta Deiridh de chuid na Comhpháirtíochta ar Chultúr agus Oidhreacht Chultúrtha | Futurium (europa.eu) .
(15)     NA 17 SPRIOC | Forbairt Inbhuanaithe (un.org) .
(16)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an Toradh Deiridh, togra 12, https://futureu.europa.eu/pages/reporting ; féach freisin COM/2022/404 final.
(17)    Amhail Comhaontuithe Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ar fáil anseo , agus comhaontuithe trádála ábhartha eile.
(18)     COM/2022/28 final .
(19)    Teachtaireacht maidir leis an gClár Oibre Eorpach don gheilleagar comhoibríoch (COM/2016/0356 final).
(20)     Conclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2019 maidir le hiomaíochas na hearnála turasóireachta mar thionscnóir d'fhás inbhuanaithe, do phoist agus do chomhtháthú sóisialta san Aontas sna deich mbliana atá romhainn. .
(21)     Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách .
(22)    IO C , , lch. .
(23)    IO C , , lch. .
(24)    IO C , , lch. .
(25)    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle (IO L 192, 22.7.2011, lch. 17).
(27)    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), (IO L 277, 27.10.22, lch. 1).
(28)    Rialachán (AE) Uimh.  910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(29)    Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(30)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(31)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(32)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(33)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(34)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘aonuaire’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle C/2022/5628 (IO L 231, 6.9.2022, lch. 1.)
(35)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39–98).
(36)    [OP: Fonóta nuair a bheidh sé ar fáil].
(37)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
(38)    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).
(39)    Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (códú) (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(40)    Treoir 2010/24/AE an 16 Márta 2010 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú. (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).
(41)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(42)    Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t‑aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO 393, 30.12.2006, lch. 1).
(43)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).