An Bhruiséil,28.9.2022

COM(2022) 489 final

2022/0298(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair

{SEC(2022) 342 final} - {SWD(2022) 310 final} - {SWD(2022) 311 final} - {SWD(2022) 312 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ceann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh is ea dea-bhail agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh atá an-iomaíoch agus é d’aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach 1 . Cumhdaítear in Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit. Luaitear i bPrionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 2 go bhfuil sé de cheart ag oibrithe ardleibhéal cosanta a fháil dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair.

Ina treoirlínte polaitiúla, gheall an tUachtarán von der Leyen plean Eorpach a chur chun cinn chun an ailse a chomhrac, chun tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar rialú agus ar chúram ailse 3 . Leis an togra seo, comhlíontar an gealltanas a tugadh i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa 4 , sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair do 2021-2027 5 chun nochtadh oibrithe d’aispeist a laghdú a thuilleadh, ar substaint charcanaigineach an-chontúirteach í. An togra seo, a cuireadh i dtábhacht mar cheann de na tosaíochtaí faoi ghníomhaíocht 3 - Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist - den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa , tá sé ar cheann de phríomhaidhmeanna insoláthartha chlár oibre an Choimisiúin 2022 6

Is príomhthosaíocht de chuid Pharlaimint na hEorpa freisin é oibrithe a chosaint ar nochtadh d’aispeist. Sa rún uaithi i mí Dheireadh Fómhair 2021 7 , leag Parlaimint na hEorpa amach cur chuige cuimsitheach chun déileáil le saincheisteanna neamhréitithe maidir le haispeist. Mar fhreagairt air sin, ghlac an Coimisiún Communication on working towards an asbestos-free future: a European approach to addressing the health risks of asbestos 8 [Teachtaireacht maidir le hoibriú i dtreo todhchaí atá saor ó aispeist: cur chuige Eorpach i leith aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a bhaineann le haispeist]. Sa teachtaireacht, tugtar aghaidh ar an riosca don tsláinte phoiblí a eascraíonn as aispeist ar bhealach iomlánaíoch, agus cuirtear i láthair bearta ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le haispeist ar feadh a saolré.

Is í an ailse cheirde an chéad chúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas 9 . Is é is cúis léi go príomha nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha amhail aispeist. Baineann suas le 78 % d’ailsí ceirde a aithnítear sna Ballstáit le haispeist 10 . Nuair a ionanálaítear snáithíní aispeiste aeriompartha, is féidir leo a bheith ina gcúis le meisitéilióma 11 agus le hailse scamhóg mar shampla, agus bíonn meánaga 30 bliain idir nochtadh agus na chéad chomharthaí den ghalar. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ailsí forbairt blianta fada tar éis nochtadh ceirde, lena náirítear nuair a théann oibrithe ar scor ón obair. Fágann sé sin go mbíonn sé deacair nochtadh roimhe sin a rianú agus nasc cúisíoch a aithint idir nochtadh a bhaineann leis an obair agus ailsí. Ar an gcúis sin, d’fhéadfadh sé go ndearnadh gannmheas ar an líon daoine atá buailte ag galair cheirde a bhaineann le haispeist.

Cuireadh tús leis an toirmeasc forchéimnitheach ar aispeist a úsáid san Aontas in 1988 leis an toirmeasc ar chroicidilít (ar a dtugtar aispeist ghorm freisin) 12 agus leathnaíodh é ina dhiaidh sin chun ábhair eile a bhfuil aispeist iontu a chumhdach. Ó bhí 2005 ann, tá toirmeasc ar gach cineál aispeiste san Aontas 13 .

Rinneadh an chéad ghníomhaíocht de chuid an Aontais in 1983 agus é d’aidhm aici oibrithe a chosaint ar na rioscaí sonracha a bhaineann le nochtadh d’aispeist, nuair a glacadh Treoir 83/477/CEE ón gComhairle 14 . Rinneadh an Treoir sin a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta go dtí go ndearnadh an leagan códaithe is déanaí di, Treoir 2009/148/CE (an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair (AWD)) 15 . Ina theannta sin, ós rud é gur substaint charcanaigineach í aispeist, na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair 16 (an Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh (CMRD)), tá feidhm acu aon uair atá siad níos fabhraí do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe. Áirítear leis sin ceanglas maidir le híoslaghdú nochta ós rud é nach raibh sé indéanta go fóill tairseach nochta a shainaithint nach mbaineann riosca ailse le nochtadh d’aispeist faoina bhun. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le CMRD, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go ndéanfar an riosca a bhaineann le hoibrithe a nochtadh d’aispeist san ionad oibre a laghdú a mhéid is féidir go teicniúil agus, in aon chás, go dtí leibhéal chomh híseal agus is féidir go teicniúil.

Cosnaíonn AWD oibrithe ar rioscaí dá sláinte a eascraíonn as nochtadh d’aispeist ag an obair, nó ar rioscaí ar dócha go n‑eascróidh siad as nochtadh d’aispeist ag an obair, lena n‑áirítear trí rioscaí den sórt sin a chosc. Faoi AWD, i gcás na ngníomhaíochtaí uile ina nochtar oibrithe do dheannach ó aispeist nó ó ábhair a bhfuil aispeist iontu, nó i gcás na ngníomhaíochtaí ina bhféadfadh oibrithe a bheith nochta dó, ní mór an nochtadh sin a laghdú a mhéid is féidir agus in aon chás faoi bhun na teorann ceangailtí socraithe nochta ceirde (OEL) 0.1 snáithín/cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n‑uair an chloig. Áirítear leis sin cásanna ina dtéann oibrithe isteach san ionad oibre arís tar éis dóibh gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail scartáil, obair chun aispeist a bhaint, deisiúchán agus cothabháil a bhfuil sé intuartha ina leith go sárófar an teorainnluach socraithe d’ainneoin na húsáide a bhaintear as bearta coisctheacha teicniúla chun tiúchan aispeiste san aer a theorannú. Má sháraítear an teorainnluach, ní mór na cúiseanna a shainaithint agus ní mór don fhostóir bearta iomchuí maidir le bainistíocht riosca (RMManna) a dhéanamh chun an scéal a leigheas sula dtosóidh an obair arís. Más rud é nach féidir cloí leis an teorainn nochta ceirde (OEL) ar mhodhanna eile, sonraítear freisin go gcaithfidh fostóirí trealamh cuí riospráide agus trealamh cosanta pearsanta eile a chur ar fáil d’oibrithe. Ina theannta sin, tá feidhm ag oibleagáidí diana maidir le cosaint, pleanáil agus oiliúint maidir le fostóirí.

Cé go bhfuil toirmeasc ar aispeist a bhaint, a mhonarú agus a phróiseáil, tá fadhb shuntasach neamhréitithe ann ar fud an Aontais, fadhb a léiríonn dúshlán sláinte poiblí agus ceirde, ós rud é go bhfuil aispeist fós i roinnt mhaith foirgneamh níos sine, ar dócha go ndéanfar iad a athchóiriú, a oiriúnú nó a scartáil sna blianta amach romhainn. Is é is aidhm don straitéis ‘rabharta athchóiriúcháin’ 17  faoin gComhaontú Glas don Eoraip dlús a chur le luas na nathchóirithe foirgneamh ar fud an Aontais go háirithe. Ós rud é go dtarlaíonn an riosca nochta d’aispeist go príomha le linn oibreacha athchóirithe, cothabhála agus scartála, tá sé tábhachtach bearta coisctheacha a threisiú chun nochtadh oibrithe d’aispeist a theorannú a thuilleadh.

Meastar go nochtar idir 4.1 agus 7.3 milliún oibrí d’aispeist san am i láthair 18 . Baineann riosca an nochta sin den chuid is mó le láimhseáil na nábhar a bhfuil aispeist iontu agus scaipeadh snáithíní aispeiste le linn oibreacha foirgníochta, amhail le linn athchóirithe, cothabhála, deisiúcháin agus scartála. Na hoibrithe uile a nochtar d’aispeist, oibríonn 97 % díobh san earnáil tógála, lena náirítear gairmeacha gaolmhara amhail díonadóireacht, pluiméireacht, siúinéireacht nó leagan urláir. Nochtar oibrithe d’aispeist in earnálacha eacnamaíocha eile freisin, e.g. bainistiú dramhaíola (2 % de na hoibrithe uile a nochtar d’aispeist), mianadóireacht agus cairéalú, comhrac dóiteáin, tochailt agus cothabháil tolláin, agus sampláil agus anailís aispeiste. Bíonn riosca nochta ann freisin nuair a dheisítear nó nuair a dhíchóimeáiltear longa, ardáin druileála agus modhanna iompair amhail traenacha agus aerárthaí a bhfuil insliú aispeiste iontu.

Chun a áirithiú go mbeidh bearta chun oibrithe a chosaint ar nochtadh d’aispeist chomh héifeachtach agus is féidir, ní mór AWD a choinneáil cothrom le dáta le heolas eolaíoch nua a forbraíodh ó rinneadh an t‑athbhreithniú suntasach deireanach air.

Socraíodh OEL reatha 0.1 snáithín/cm3 in AWD in 2003 bunaithe ar an eolas eolaíoch agus teicneolaíoch a bhí ar fáil ag an am sin. Áirítear in AWD ceanglais íosta ar cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu ar bhonn na taithí a fuarthas agus ar bhonn fhorbairt na teicneolaíochta sa réimse sin. Tar éis na bhforbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí, is féidir feabhas a chur ar chosaint oibrithe a nochtar d’aispeist agus ar an gcaoi sin is féidir an dóchúlacht go dtolgfaidh oibrithe galair a bhaineann le haispeist a laghdú a thuilleadh. Thairis sin, tá ceithre Bhallstát tar éis OELanna níos déine a thabhairt isteach ina reachtaíocht náisiúnta cheana féin 19 .

Leis an leasú atá beartaithe ar AWD, beidh an OEL faoin Treoir níos éifeachtaí trína tabhairt cothrom le dáta ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil. Tacaítear leis an leasú atá beartaithe leis an meastóireacht dhomhain is déanaí ar AWD (meastóireacht ex post 2017 ar Threoracha an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (OSH) 20 ) agus leis an measúnú is déanaí ar chur chun feidhme Threoracha an Aontais maidir le OSH, lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2013 go 2017. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht dhomhain is déanaí ar AWD go bhfuil AWD fós an-ábhartha agus gur cheart breithniú a dhéanamh ar a héifeachtacht a mhéadú i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch, lena nísleofaí an OEL a leagtar amach in AWD.

D’iarr an Coimisiún ar Choiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) measúnú a dhéanamh ar ábharthacht eolaíoch OEL reatha na haispeiste, chun bonn eolais a chur faoi ullmhú an togra chun AWD a leasú. Glacadh tuairim eolaíoch RAC i mí an Mheithimh 2021 21 . Dheimhnigh sé nach bhfuil leibhéal nochta sábháilte ag aispeist, rud a chiallaíonn go bhféadfadh aon nochtadh d’aispeist a bheith ina chúis le galar. Dá bhrí sin, díorthaíodh gaol idir leibhéil nochta agus an riosca gaolmhar (gaol idir nochtadh agus riosca, ERR), rud a léiríonn an riosca iomarcach maidir le hailse scamhóg agus mortlaíocht méisitéilióma (comhcheangailte) mar fheidhm de thiúchan na snáithíní san aer. Ina theannta sin, chomhaontaigh an Coiste Comhairleach trípháirteach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) d’aon toil gur gá an OEL reatha a ísliú.

Trí nochtadh d’aispeist san ionad oibre a laghdú tríd an OEL ar fud an Aontais a laghdú, cuidítear go héifeachtach le cásanna ailse agus básanna de dheasca na hailse a chosc. Dá réir sin, cuirtear feabhas ar chosaint oibrithe trí fhad, cáilíocht agus táirgiúlacht saol oibre oibrithe an Aontais a mhéadú agus trí íosleibhéal cosanta den chineál céanna a áirithiú ar fud an Aontais. Cruthaítear cothrom iomaíochta le haghaidh gnólachtaí freisin, toisc go gcuirtear cosc ar chuideachtaí nach ndéanann bearta iomchuí buntáiste iomaíoch a fháil orthu siúd a dhéanann iad.

Mura ndéantar aon ghníomh agus mar gheall ar thréimhse folaigh na n‑iarmhairtí a bhaineann le cosc neamhéifeachtach (i.e. na héifeachtaí ar an tsláinte), meastar go n‑íocfaidh gnólachtaí costais níos airde amach anseo agus go mbeidh siad thíos le táirgiúlacht laghdaithe mar gheall ar neamhláithreacht agus caillteanas saineolais. I gcás na mBallstát, thiocfadh méadú ar chostais slándála sóisialta (e.g. mar gheall ar chostais níos airde i leith cóireáil leighis agus sochair éagumais) agus chaillfí ioncam cánach mar thoradh air sin.

Trí athbhreithniú a dhéanamh ar an OEL faoi AWD, déanfar comhchuibhiú níos fearr ar theorainnluachanna ar fud an Aontais, agus meastar go mbainfear cothrom iomaíochta amach do ghnólachtaí mar gheall air sin. Cuideachtaí atá toilteanach oibriú i roinnt Ballstát, bainfidh siad tairbhe bhreise as na teorainnluachanna cuíchóirithe is infheidhme. D’fhéadfadh coigilteas a bheith mar thoradh air sin, ós rud é gur féidir réitigh choiteanna a ghlacadh ar fud saoráidí, seachas réitigh atá sonrach don láithreán a dhearadh chun riachtanais OEL éagsúla a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, cruthófar coinníollacha níos cothroime d’oibrithe ar postú, d’oibrithe trasteorann agus d’oibrithe taistil a nochtar d’aispeist san earnáil tógála (ina bhfuil líon suntasach oibrithe ar postú ag bogadh ó shuíomh amháin go suíomh eile, i roinnt Ballstát go minic) agus cruthófar dáileadh níos cothroime costas cúraim sláinte ar fud na mBallstát freisin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabal 10 maidir leis an gceart chun timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus curtha in oiriúint i gceart, agus lena phlean gníomhaíochta. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar OEL na haispeiste, is féidir ardleibhéal cosanta a bhaint amach do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe.

Leis an tionscnamh, cuirtear freisin leis an tiomantas a thug an Coimisiún i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair do 2021-2027 agus Plean Sáraithe Ailse na hEorpa chun OEL na haispeiste in AWD a laghdú a thuilleadh in 2022.

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair 22 a spreagadh (‘Treoir Réime OSH’) agus CMRD, níl aon tionchar acu ar rialacha níos déine ná ar rialacha sonracha faoi AWD.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le Rialachán REACH 23 (i bhfeidhm ó bhí 2007 ann), cruthaíodh, i measc nithe eile, dhá chur chuige rialála ar leith de chuid an Aontais: srianta agus údaruithe.

Ó bhí 1988 ann, tá toirmeasc ar chroicidilít agus táirgí a bhfuil croicidilít iontu a chur ar an margadh agus a úsáid. Cuireadh srian le táirgí a bhfuil cineálacha eile aispeiste iontu a chur ar an margadh. Leasaíodh na forálacha sin roinnt uaireanta sular tugadh isteach in 2005 an toirmeasc deiridh ar gach cineál aispeiste, agus earraí agus meascáin a bhfuil na cineálacha aispeiste sin iontu agus ar cuireadh na cineálacha aispeiste sin d’aon ghnó leo 24 , a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid.

I dteannta a chéile, tá AWD agus Rialachán REACH ábhartha maidir le cosaint oibrithe ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist.

Tá AWD agus Rialachán REACH comhlántach de réir dlí. Le Treoir Réime OSH 25 , leagtar síos na príomhphrionsabail maidir le rioscaí ceirde a chosc agus maidir le sábháilteacht agus sláinte a chosaint. Tá feidhm aige maidir le gach earnáil gníomhaíochtaí agus níl aon tionchar aige ar rialacha náisiúnta ná ar rialacha an Aontais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo lena náirithítear leibhéal níos airde cosanta do shláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair. Glacadh sraith Treoracha ar leith i réimse OSH ar bhonn Airteagal 16 de Threoir Réime OSH (lena náirítear AWD). Sonraítear i Rialachán REACH dá réir sin go bhfuil feidhm aige gan dochar do reachtaíocht maidir le cosaint oibrithe, lena náirítear AWD.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar foráil in Airteagal 153(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ‘trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí 1(a) go (i) [d’Airteagal 153 CFAE], ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide’. Sonraítear in Airteagal 153(1)(a) CFAE go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcomhlánóidh sé iad sa réimse a bhaineann leis ‘an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d’fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint’.

Glacadh AWD ar bhonn Airteagal 153(2)(b) CFAE chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú. Is é is aidhm don togra seo leibhéal cosanta sláinte oibrithe a neartú i gcomhréir le hAirteagal 153(1)(a) CFAE, i bhfoirm OEL athbhreithnithe lena ngabhann roinnt oiriúnuithe teicniúla. Dá bhrí sin, is é Airteagal 153(2)(b) CFAE an bunús ceart dlí atá leis an togra ón gCoimisiún.

De bhun Airteagal 153(2) CFAE, is gné den bheartas sóisialta é go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, gné den bheartas sóisialta ina roinneann an tAontas inniúlacht leis na Ballstáit.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De bhrí go bhfuil rioscaí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe a eascraíonn as nochtadh d’aispeist mórán ar aon dul le chéile ar fud an Aontais, tá ról soiléir ag an Aontas maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

Léirítear sna sonraí a bailíodh le linn na hoibre ullmhúcháin go bhfuil difríochtaí sna Ballstáit maidir le teorainnluachanna le haghaidh aispeiste a shocrú. Mar thoradh air sin, tá leibhéil éagsúla cosanta ag oibrithe san Aontas. Tá OELanna ceangailteacha leagtha síos ag trí Bhallstát faoi bhun OEL an Aontais (an Danmhairg 26 , an Ísiltír 27 agus an Fhrainc 28 ), agus tá teorainnluach socraithe ag Ballstát amháin (an Ghearmáin 29 ) a chomhfhreagraíonn do thiúchan inghlactha 30 sa bhreis ar an teorainnluach ceangailteach, lena ndéantar foráil maidir le cur chuige níos déine seachas OEL reatha an Aontais a úsáid.

Tá na ceithre Bhallstát sin tar éis a dteorainnluachanna nochta le haghaidh aispeiste a laghdú cheana féin faoi bhun an OEL atá cumhdaithe i reachtaíocht an Aontais, agus aitheantas á thabhairt acu don fhorbairt a rinneadh le déanaí ar an eolas agus ar an teicneolaíocht eolaíoch sa réimse sin.

Is bealach éifeachtach é AWD a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar bearta coisctheacha a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin i ngach Ballstát. Cuideoidh sé le leibhéal aonfhoirmeach íoscheanglas a bhaint amach, íoscheanglais a ceapadh chun caighdeán sláinte agus sábháilteachta níos fearr a ráthú, agus ar an gcaoi sin íoslaghdófar difríochtaí i gcosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe idir na Ballstáit agus ar fud mhargadh aonair an Aontais.

Dá bhrí sin, le OEL athbhreithnithe de chuid an Aontais, is féidir cosaint níos comhchuibhithe agus níos fearr a bhaint amach d’oibrithe, agus is féidir cothrom iomaíochta a bhaint amach do ghnólachtaí ar fud an Aontais.

Cuideachtaí atá toilteanach oibriú i roinnt Ballstát, is féidir leo tairbhe bhreise a bhaint as na teorainnluachanna cuíchóirithe is infheidhme. D’fhéadfadh coigilteas a bheith mar thoradh air sin, ós rud é gur féidir réitigh choiteanna a ghlacadh ar fud saoráidí, seachas réitigh atá sonrach don láithreán a dhearadh chun riachtanais OEL éagsúla a chomhlíonadh.

Tá sé an-chasta athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainnluach agus teastaíonn ardleibhéal saineolais eolaíoch ina leith. Buntáiste suntasach a bhaineann leis an athbhreithniú ar OEL an Aontais is ea go gcuirtear deireadh leis an ngá atá ann do na Ballstáit a n‑anailís eolaíoch féin a dhéanamh, agus is dócha go mbeidh coigilteas suntasach ann ar chostais riaracháin. Ina ionad sin, d’fhéadfaí na hacmhainní sábháilte sin a thiomnú do bheartais OSH a fheabhsú a thuilleadh i ngach Ballstát.

Fágann sé sin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach, ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, mar gheall ar scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe. Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní féidir AWD a leasú ach amháin ar leibhéal an Aontais agus i ndiaidh comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta (an bhainistíocht agus an lucht saothair) i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE.

Comhréireacht

Tá an leasú atá beartaithe ar AWD dírithe ar an méid seo a leanas: (i) athbhreithniú a dhéanamh ar OEL na haispeiste trí Airteagal 8 de AWD a leasú ar bhonn na sonraí eolaíocha agus teicneolaíocha atá ar fáil, dá bhforáiltear in aithris 3 de AWD; (ii) aghaidh a thabhairt ar roinnt gnéithe a bhaineann go díreach leis an OEL atá ann faoi láthair a ísliú (amhail teicnící tomhais); agus (iii) soiléirithe teicniúla a sholáthar ar théacs na Treorach.

Maidir leis an teorainnluach atá beartaithe, breithníodh tosca indéantachta socheacnamaíocha i ndiaidh plé críochnúil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ar fad (ionadaithe eagraíochtaí oibrithe, ionadaithe eagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe rialtas). Is é is aidhm don tionscnamh seo cur chuige cothrom a áirithiú, i.e. chun a áirithiú nach mbeadh ar chuideachtaí dul i ngleic le míbhuntáistí tromchúiseacha eacnamaíocha agus cosaint iomchuí a thabhairt d’oibrithe ar leibhéal an Aontais an tráth céanna. Meastar go bhfuil an tionscnamh cothrom agus go bhfuil údar cuí leis i bhfianaise na dtairbhí fabhraithe agus fadtéarmacha i dtéarmaí rioscaí sláinte a eascraíonn as nochtadh oibrithe d’aispeist a laghdú agus i dtéarmaí beatha daoine a shábháil, gan ualach díréireach a chur ar ghnólachtaí sna hearnálacha lena mbaineann, lena n‑áirítear ar mhicrifhiontair, agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

I gcomhréir le hAirteagal 153(4) CFAE, leagtar síos leis an togra seo íoscheanglais agus ní chuirtear cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach atá comhoiriúnach do na Conarthaí, mar shampla, i bhfoirm teorainnluachanna níos ísle nó forálacha eile lena n‑áirithítear cosaint níos fearr d’oibrithe.

Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a ghnóthú. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta ar fáil sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo (pointe 8.2).

An rogha ionstraime

Sonraítear in Airteagal 153(2)(b) CFAE gur féidir íoscheanglais i réimse cosanta sláinte agus sábháilteachta oibrithe a ghlacadh ‘trí bhíthin treoracha’.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa mheastóireacht dhomhain is déanaí ar AWD (meastóireacht ex post 2017 ar Threoracha an Aontais maidir le OSH 31 ), thángthas ar an gconclúid go bhfuil AWD fós an-ábhartha agus an-éifeachtach de réir na fianaise atá ar fáil. An tráth céanna, thángthas ar an gconclúid sa staidéar a ghabhann leis an meastóireacht sin gur cheart breithniú a dhéanamh ar OEL na haispeiste a laghdú chun ábharthacht agus éifeachtach AWD a mhéadú. Tugadh le fios sa staidéar freisin gur ghá anailís níos doimhne a dhéanamh ar an tsaincheist sin. Tugtar aghaidh sa togra seo ar na torthaí sin agus tá sé bunaithe ar anailís chríochnúil ar na saincheisteanna a sainaithníodh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Comhairliúchán dhá chéim le comhpháirtithe sóisialta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE

In 2020 agus 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na páirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 154(2) CFAE. Tháinig deireadh leis an gcéad chéim de chomhairliúchán na gcomhpháirtithe sóisialta an 11 Feabhra 2021 agus deimhníodh tacaíocht fhoriomlán na gcomhpháirtithe sóisialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar OEL reatha na haispeiste. An 30 Meán Fómhair 2021, tháinig deireadh leis an dara céim den chomhairliúchán, inar díríodh ar ábhar beartaithe an togra fhéideartha.

Leis an gcomhairliúchán sin, cuireadh ar a chumas don Choimisiúin tuairimí chomhpháirtithe sóisialta an Aontais a bhailiú maidir leis an treo agus maidir leis an ábhar a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gníomhaíocht an Aontais i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar OEL ceangailteach na haispeiste.

Le torthaí na chéad chéime den chomhairliúchán, deimhníodh tacaíocht fhoriomlán na gcomhpháirtithe sóisialta do chur chuige ar leibhéal an Aontais maidir le OELanna le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha d’oibrithe ar fud an Aontais.

D’aithin an dá eagraíocht oibrithe a thug freagra ar an gcomhairliúchán 32 a thábhachtaí atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar OEL reatha na haispeiste agus d’iarr siad raon feidhme níos leithne gníomhaíochta faoi AWD. I measc nithe eile, mhol siad: (i) raon feidhme AWD a leathnú chun liosta cothrom le dáta a chur san áireamh ina mbeidh gach cineál snáithín atá ar eolas ag a bhfuil éifeachtaí díobhálacha comhchosúla ar shláinte an duine; (ii) na coincheapa maidir le nochtadh fánach agus nochtadh ísealdéine, agus na coincheapa maidir le hábhair bhriosca agus neamhbhriosca a bhfuil aispeist iontu a scriosadh; agus (iii) toirmeasc a chur ar aispeist a imchochlú agus a shéalú. Thug siad moltaí freisin maidir le gnéithe teicniúla 33 , a bhfuil an chuid is mó díobh cumhdaithe cheana féin ag téarmaí ginearálta AWD, agus téann moltaí eile thar a raon feidhme. Tá a gcuid moltaí ar aon dul le tograí an rúin ó Pharlaimint na hEorpa 34 . Téann roinnt moltaí thar raon feidhme réimse beartais OSH, amhail scagadh éigeantach a dhéanamh ar fhoirgnimh nó clár náisiúnta aispeiste a chruthú. Téann moltaí eile thar inniúlachtaí an Aontais. amhail togra reachtach maidir le haitheantas a thabhairt do ghalair cheirde, lena ngabhann íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta aitheantais, agus maidir le híospartaigh a chúiteamh.

Thacaigh na trí eagraíocht fostóirí a thug freagra ar an gcomhairliúchán 35 leis an gcuspóir oibrithe a chosaint go héifeachtach ar nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha, lena náirítear trí OELanna ceangailteacha a shocrú ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí. Mheas siad gur chun leas na noibrithe agus na ngnólachtaí é sin agus go gcuidíonn sé le cothrom iomaíochta a bhaint amach do ghnólachtaí. Mar sin féin, chuir siad in iúl freisin go raibh imní orthu faoin gcur chuige a glacadh maidir le luachanna den sórt sin a shocrú. Chuir dhá eagraíocht fostóirí 36 i dtábhacht nach mór aon athbhreithniú ar OEL a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta agus ar mheasúnú críochnúil ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch agus ar thionchar socheacnamaíoch, a bhfuil ról lárnach ag ACSH ina leith.

Sa dara céim den chomhairliúchán, d’aithin dhá eagraíocht oibrithe a thug freagra ar an gcomhairliúchán 37 an tábhacht a bhaineann le tuilleadh feabhais a chur ar chosaint oibrithe ar nochtadh d’aispeist, agus thacaigh siad leis an athbhreithniú ar an OEL in AWD. D’athdhearbhaigh an dá eagraíocht oibrithe a seasamh ón gcéad chéim den chomhairliúchán, agus d’iarr siad na bearta céanna a moladh sa rún ó Pharlaimint na hEorpa.

D’athdhearbhaigh trí cinn as ceithre eagraíocht fostóirí a thug freagra ar an gcéad chéim agus ar an dara céim den chomhairliúchán 38 a ráitis roimhe sin. An Cumann Eorpach um Longchlóis & um Threalamh Muirí, nár thug freagra ach ar an dara céim den chomhairliúchán, thagair sé d’imchochlú mar an modh is fearr agus is sábháilte chun déileáil le haispeist sa tionscal muirí.

Comhairliúchán le ACSH

Tá ionadaithe rialtas náisiúnta agus eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí in ACSH trípháirteach. Chuathas i gcomhairle leis maidir leis an togra seo trína Mheitheal thiomnaithe um Cheimiceáin, i gcomhréir le sainordú ACSH. Sa sainordú sin, iarrann an Coimisiún ar an Meitheal um Cheimiceáin páirt ghníomhach a ghlacadh i dtosaíochtaí a mholadh le haghaidh meastóireachtaí eolaíocha nua nó athbhreithnithe. Cuirtear san áireamh sa tuairim ón Meitheal um Cheimiceáin ionchur eolaíoch RAC, agus tosca socheacnamaíocha agus indéantachta.

An 24 Samhain 2021, ghlac ACSH tuairim 39 maidir le OEL ceangailteach de chuid an Aontais faoi AWD. Sa tuairim sin, thángthas ar chomhaontú de chomhthoil maidir leis an ngá atá leis an OEL ceangailteach reatha a ísliú go mór chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar bhealach níos fearr, agus forbairtí eolaíocha agus teicniúla ó glacadh OEL reatha 0.1 snáithín/cm3 in 2003 á gcur san áireamh. Níor thángthas ar chomhaontú, áfach, maidir leis an teorainnluach atá le moladh. Chomhaontaigh Grúpa Leasmhar an Rialtais (GIG) agus Grúpa Leasmhar na bhFostóirí (EIG) gur cheart an teorainnluach nua a shocrú ag 0.01 snáithín/cm3, agus chuir Grúpa Leasmhar na nOibrithe (WIG) béim ar an rogha a bhí aige maidir le OEL nua atá cothrom le 0.001 snáithín/cm3, a chomhfhreagraíonn don teorainnluach a cuireadh chun cinn sa rún ó Pharlaimint na hEorpa.

Agus forbairtí teicniúla á gcur san áireamh, mhol ACSH freisin modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire bunaithe ar an micreascópacht leictreoin (EM) a chur in ionad na micreascópachta paschodarsnachta (PCM), arb í an mhodheolaíocht is mó a úsáidtear faoi láthair í chun snáithíní aispeiste san aer a thomhas san ionad oibre.

Ina leith sin, chuir GIG i dtábhacht go mbeidh gá le hidirthréimhse chun ligean do shaotharlanna trealamh nua a fháil, oiliúint a chur ar theicneoirí agus comparáid idirshaotharlainne a eagrú ós rud é go bhfuil PCM fós á úsáid ag roinnt Ballstát. Dúirt GIG freisin go mbeidh 2-3 bliana ag teastáil ó shaotharlanna chun iad féin a oiriúnú, bunaithe ar thaithí na mBallstát a úsáideann EM. Mhol GIG go gcuirfí an OEL nua chun feidhme tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí, agus mhol EIG spriocdháta níos faide (4-5 bliana). D’éiligh WIG go gcuirfí an OEL nua chun feidhme a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm AWD nuashonraithe.

Bailiú agus úsáid saineolais

Le linn don Choimisiún an teorainnluach a athbhreithniú faoi AWD, leanann sé nós imeachta seanbhunaithe a bhaineann le comhairle eolaíoch a iarraidh agus le dul i gcomhairle le ACSH. Tá bonn eolaíoch fónta fíor-riachtanach chun bonn taca a chur faoi ghníomhaíocht OSH ar bith, go háirithe i ndáil le haispeist. Maidir leis sin, d’iarr an Coimisiún comhairle ó RAC.

Forbraíonn RAC eolas comparáideach anailíseach ardchaighdeáin agus áirithíonn sé go bhfuil tograí, cinntí agus beartas ón gCoimisiún a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta. Is saineolaithe ardcháilíochta, speisialaithe, neamhspleácha iad comhaltaí RAC a roghnaítear ar bhonn critéir oibiachtúla. Cuireann siad tuairimí ar fáil don Choimisiún atá cabhrach chun beartas an Aontais a fhorbairt maidir le hoibrithe a chosaint.

Glacadh an tuairim eolaíoch ó RAC is gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar OEL na haispeiste i mí an Mheithimh 2021 40 . De réir na tuairime sin, níl leibhéal nochta sábháilte ag aispeist, rud a chiallaíonn go bhféadfadh aon nochtadh d’aispeist a bheith ina chúis le galar a bhaineann le haispeist. Dá bhrí sin, díorthaíodh ERR, a chuirtear i láthair mar an coibhneas idir leibhéil nochta agus an riosca gaolmhar.

I gcás an tionscnaimh seo, bhain an Coimisiún úsáid as tuairim RAC maidir le measúnú riosca nuashonraithe le haghaidh aispeiste. Sa tuairim, moltar ERR lena léirítear an riosca iomarcach maidir le mortlaíocht ailse (ailse scamhóg agus méisitéilióma) a bhaineann le leibhéil éagsúla nochta. An gaol idir na luachanna nochta éagsúla agus an baol ailse a fhorbairt, léiríonn sé an riosca d’oibrithe nochta ag OELanna éagsúla. Mar shampla, i gcás luach nochta atá coibhéiseach leis an OEL reatha, tá baol ann go bhféadfadh 125 as 100 000 oibrí nochta ailse scamhóg nó méisitéilióma a fhorbairt.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. Leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, bhí staidéar inar bailíodh faisnéis chun anailís a dhéanamh ar thionchair sláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i ndáil le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar AWD 41 . Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála agus rinne sé athbhreithniú air an 27 Aibreán 2022. Fuair sé tuairim dhearfach le forchoimeádais dar dáta an 29 Aibreán 2022. Tugadh aghaidh ar bharúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála sa tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair.

Rinneadh scrúdú ar na roghanna seo a leanas i gcomhair teorainnluachanna aispeiste éagsúla:

·Cás bunlíne gan aon ghníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais (rogha 1); agus

·roghanna le haghaidh OELanna éagsúla, agus measúnú eolaíoch RAC 42 , tuairim ACSH 43 , agus OELanna atá i bhfeidhm sna Ballstáit á gcur san áireamh (leis an meastóireacht eolaíoch, cuirtear cur chuige daingean fianaise-bhunaithe ar fáil, agus i dtuairim ACSH, tugtar faisnéis thábhachtach chun roghanna athbhreithnithe OEL a chur chun feidhme go rathúil).

Caitheadh roinnt roghanna eile i dtraipisí go luath ós rud é gur measadh gur roghanna díréireacha iad nó nach raibh an éifeacht chéanna leo chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Bhain na roghanna sin a caitheadh i dtraipisí leis an mbealach chun OEL a shocrú, le rogha ionstraime eile, nó le tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Níor measadh go raibh roghanna malartacha neamhrialála amhail treoirdhoiciméid nó samplaí den dea-chleachtas sách éifeachtach chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ós rud é go mbeadh forálacha neamhcheangailteacha mar thoradh orthu. Caitheadh i dtraipisí freisin réiteach difriúil a ghlacadh le haghaidh FBManna toisc go bhfuil líon an-mhór oibrithe atá thíos le nochtadh aispeiste fostaithe ag FBManna agus ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith ag gach oibrí go neamhspleách ar mhéid an fhiontair.

Rinne an Coimisiún anailís ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na roghanna beartais éagsúla. Cuirtear torthaí na hanailíse sin i láthair sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Cuireadh na roghanna beartais i gcomparáid le chéile agus roghnaíodh an rogha beartais ab fhearr bunaithe ar na critéir seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Ríomhadh costais agus sochair thar thréimhse 40 bliain. Measadh an tualach galair a bheidh ann amach anseo le linn na tréimhse céanna chun an tréimhse folaigh le haghaidh ailse a chur san áireamh i gceart. Rinneadh gach beart anailíseach i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 44 .

Rinne an Coimisiún comparáid idir na roghanna atá beartaithe agus chuir sé san áireamh seasaimh ghrúpaí leasmhara éagsúla ACSH. Ar bhonn an mhéid sin, roghnaigh an Coimisiún an rogha thosaíochta maidir le OEL a shocrú atá cothrom le 0.01 snáithín/cm3 mar TWA 8 n‑uair an chloig agus rinneadh foráil reachtach chomhfhreagrach a leagtar amach sa togra seo den rogha. Meastar go bhfuil an rogha sin cothrom agus go bhfuil údar cuí léi i bhfianaise na dtairbhí fabhraithe agus fadtéarmacha a bhaineann léi i dtéarmaí rioscaí sláinte a eascraíonn as nochtadh oibrithe d’aispeist a laghdú agus i dtéarmaí beatha daoine a shábháil, gan ualach díréireach a chur ar ghnólachtaí sna hearnálacha lena mbaineann, lena n‑áirítear ar mhicrifhiontair, agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Agus forbairtí teicniúla á gcur san áireamh, chomh maith leis an ngá atá le leibhéil nochta i bhfad níos ísle a thomhas chun comhlíonadh OEL a d’fhéadfaí a athbhreithniú a sheiceáil, chomhaontaigh grúpaí leasmhara uile ACSH go bhféadfaí úsáid a bhaint as modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire atá bunaithe ar EM nuair is féidir sa bhreis ar PCM (an modh tagartha chun snáithíní aispeiste san aer san ionad oibre a chainníochtú faoi láthair). Chuir GIG agus EIG i dtábhacht freisin go mbeidh roinnt ama ag teastáil chun an mhodheolaíocht tomhais nua a chur chun feidhme ós rud é go n‑úsáideann go leor Ballstát PCM go fóill. Dá bhrí sin, beidh gá le tréimhse oiriúnúcháin chun cead a thabhairt do shaotharlanna trealamh nua a fháil, oiliúint a chur ar theicneoirí agus comparáid idirshaotharlainne a eagrú.

Gan gníomhaíocht ón Aontas, meastar go mbeidh baol níos mó ann fós go bhforbróidh oibrithe a nochtar d’aispeist ailse cheirde. De réir cás bunlíne 45 , mura ndéanfar aon ghníomhaíocht, is é an toradh a bheidh ar na leibhéil nochta reatha ná 884 chás ailse atá inchurtha i leith nochtadh ceirde d’aispeist 46 in AE-27 sna 40 bliain amach romhainn, rud a fhágfaidh go bhfaighidh 707 nduine bás thar an tréimhse chéanna. Meastar sa staidéar a ghabhann leis an measúnú tionchair 47 go mbeidh costais sláinte idir EUR 228 milliún agus EUR 438 milliún ann mar thoradh ar na cásanna measta ailse sin.

Tionchar ar oibrithe

A mhéid a bhaineann leis an tionchar ar oibrithe, ba cheart go gcuideodh an tionscnamh seo le cásanna ailse a bhaineann leis an obair a sheachaint, agus laghdú á dhéanamh an tráth céanna ar éifeachtaí amhail oibrithe agus a dteaghlaigh faoina gcúram a bheith ag fulaingt, cáilíocht saoil laghdaithe nó an fholláine a bheith go dona. Meastar go bhféadfaí 663 chás ailse a chosc (ailse scamhóg, méisitéilióma, ailse laraingeach agus ailse ubhagáin). Meastar gur idir EUR 166 mhilliún agus EUR 323 mhilliún an sochar sláinte a bhfuil luach airgid curtha air. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an pobal i gcoitinne tairbhiú de laghduithe ar ghiniúint agus ar leathadh deannaigh aispeiste sna ceantair máguaird mar thoradh ar RMManna méadaithe/feabhsaithe.

Tionchar ar fhostóirí

A mhéid a bhaineann leis an tionchar ar fhostóirí, d’fhéadfadh costais oibriúcháin níos airde a bheith ar chuideachtaí mar thoradh ar an tionscnamh seo, agus beidh orthu a gcleachtais oibre a choigeartú chun cloí leis an OEL nua. Is éard a bheidh sna costais sin costais incriminteacha RMManna (lena n‑áirítear trealamh cosanta riospráide), costais maidir le fógra a thabhairt agus faireachas sláinte, costais faireacháin agus costais oiliúna. Chuirfí ualach riaracháin breise an-teoranta ar chuideachtaí de bharr na gcostas a d’fhéadfadh a bheith i gceist le tomhais bhreise mar gheall ar theorainnluach níos ísle. Bheadh na costais is ísle ar chuideachtaí i gceist leis an rogha a roghnaítear.

Meastar nach n‑imreofar tionchar measartha diúltach ach ar líon beag cuideachtaí i líon teoranta earnálacha (e.g. trealamh leictreach a dheisiú). Is dócha, den chuid is mó, go gcuirfear na costais ar aghaidh chuig custaiméirí.

Ní mheastar go scoirfeadh líon mór cuideachtaí d’oibríochtaí mar thoradh ar an rogha thosaíochta. Dá réir sin, ní thuartar aon ghlanchaillteanas mór fostaíochta 48 . Na tairbhí a bhaineann le baill foirne níos sláintiúla, d’fhéadfadh éifeachtaí indíreacha a bheith acu ar chlú cuideachtaí, ós rud é go bhféadfaí an obair le haispeist a mheas mar obair chontúirteach a bhfuil baint aici le saincheisteanna sláinte. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé a bheith níos éasca do chuideachtaí foireann a earcú agus a choinneáil, rud a laghdódh costas na hearcaíochta agus a mhéadódh táirgiúlacht na noibrithe.

Ní ghabhann aon oibleagáid faisnéise leis an togra agus ní thiocfaidh méadú ar an ualach riaracháin ar ghnólachtaí dá bhrí sin.

Tionchar ar an gcomhshaol

Is beag sonra tomhaiste atá ann ar an tionchar ar an gcomhshaol. Mar sin féin, creidtear go bhfuil scaoileadh aispeiste sách íseal bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le dramhaíl aispeiste agus maidir le gníomhaíochtaí scartála nó cothabhála a bhaineann le haispeist i bhfoirgnimh 49 . Mar gheall ar na leibhéil ísle scaoilte sin, creidtear go bhfuil tionchair chomhshaoil na haispeiste sách íseal d’ainneoin sheasmhacht agus thocsaineacht na snáithíní aispeiste. D’fhéadfadh tuilleadh RMManna chun cloí le OEL níos déine cuidiú le feabhas beag a chur ar nochtadh comhshaoil d’aispeist, cé nach dócha go bhfeicfear difríochtaí suntasacha. Laghdaítear tionchar comhshaoil na haispeiste le reachtaíocht reatha an Aontais maidir le dramhaíl, lena rialaítear go cuimsitheach bainistíocht dramhaíola aispeiste atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nuair a ghintear an dramhaíl 50 . Aicmítear dramhaíl aispeiste mar dhramhaíl ghuaiseach 51 . Dá bhrí sin, faoi reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl, tá feidhm ag rialacha sonracha agus níos déine maidir le dramhaíl den sórt sin a ghiniúint, a iompar agus a bhainistiú, lena náirítear oibleagáidí tuairiscithe agus inrianaitheachta chun a áirithiú go ndéantar an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach a chosnaíonn an comhshaol.

Ós rud é go bhféadfadh cuideachtaí costais bhreise a ghearradh ar thomhaltóirí mar gheall ar OELanna níos déine, ba cheart breithniú a dhéanamh ar na tionchair dhiúltacha fhéideartha ar athchóiriú agus ar chuspóirí glasa (e.g. athchóirithe a cuireadh siar agus coigilteas fuinnimh caillte). Dá dhéine an OEL, is mó a bheidh na tionchair dhiúltacha sin. Is iad foirgnimh is cúis le 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh. Ós rud é go mbeidh 85 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoi 2050, beidh athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 52 a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an straitéis ‘rabharta athchóiriúcháin’ 53 an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh a dhúbailt faoi 2030. Le hoibreacha athchóirithe speisialaithe chun ídiú fuinnimh a laghdú, is féidir borradh a chur faoi luach fadtéarmach réadmhaoine agus poist agus infheistíocht a chruthú, a bhíonn fréamhaithe go minic i slabhraí soláthair áitiúla.

Tionchair ar an athrú aeráide

Is féidir le haispeist móilíní dé-ocsaíde carbóin a ionsú a thuaslagtar in uisce báistí nó atá ar snámh san aer 54 , agus dá bhrí sin is féidir léi ról a imirt san athrú aeráide. Mar sin féin, ós rud é go mbeidh an scaoileadh isteach sa chomhshaol íseal, ní mheastar go mbeidh tionchar ag an togra ar an athrú aeráide.

Ar an taobh eile, d’fhéadfadh dálaí adhaimsire mar gheall ar an athrú aeráide creimeadh na n‑ábhar aispeiste atá fós i bhfeidhm a mhéadú (e.g. leatháin dín agus ábhair thógála sheachtracha eile a bhfuil aispeist iontu) agus dá bhrí sin, d’fhéadfaidís iad a scaoileadh isteach sa chomhshaol.

Tionchar ar na Ballstáit / údaráis náisiúnta

A mhéid a bhaineann leis an tionchar ar na Ballstáit / údaráis náisiúnta, imreofar tionchar níos lú ar na Ballstáit ag a bhfuil OEL i bhfeidhm le haghaidh aispeiste ar leibhéal an teorainnluacha a shocraítear sa tionscnamh seo nó ar leibhéal níos ísle i gcomparáid leis na Ballstáit ag bhfuil OEL níos airde i bhfeidhm. Na costais ar na húdaráis náisiúnta a mheastar a bheith thart ar EUR 390 míle in aghaidh na tíre agus in aghaidh na bliana, ní mheastar go mbeidh siad suntasach. Baineann na costais sin leis na nithe seo a leanas: (i) costais trasuímh chun forálacha náisiúnta a ghlacadh chun freastal ar na hathruithe ar an OEL; (ii) costais chun treoirlínte a athrú (lena náirítear bearta molta chun a áirithiú go bhfuil tiúchain nochta ceirde i bhfad faoi bhun an OEL); agus (iii) costais forfheidhmithe, faireacháin agus bhreithnithe. Eascraíonn na costais faoi phointe (iii) go heisiach as fógraí nua a phróiseáil 55 , agus meastar go mbeidh siad idir EUR 650 milliún agus EUR 2.18 billiún thar 40 bliain nó idir EUR 16.25 milliún agus EUR 54.5 milliún in aghaidh na bliana.

Ar bhonn na taithí a bailíodh ó obair Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) agus an chaoi a ndéantar gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a eagrú sna Ballstáit éagsúla á cur san áireamh, ní dócha go mbeadh aon tionchar ag an athbhreithniú ar an teorainnluach le haghaidh aispeiste in AWD ar chostas foriomlán na gcigireachtaí. Is iondúil go ndéantar cigireachtaí a phleanáil go neamhspleách ar an togra, agus is minic a dhéantar sin tar éis gearáin a fháil, nó i gcomhréir le straitéis chigireachta údaráis ar leith. Mar sin féin, féadfar aghaidh a thabhairt sna cigireachtaí ar thionscail ábhartha ina bhfuil aispeist.

Ba cheart go gcuideodh an tionscnamh seo le caillteanas airgeadais a mhaolú ó thaobh chórais slándála sóisialta agus cúraim sláinte na mBallstát de, tríd an droch-shláinte a chosc. Tá na tairbhí measta d’údaráis phoiblí (EUR 3.4 milliún thar 40 bliain) níos lú ná na costais chainníochtaithe (thart ar EUR 421 milliún thar 40 bliain).

A mhéid a bhaineann leis an reachtaíocht reatha a shimpliú agus í a dhéanamh níos éifeachtúla, cuireann an rogha thosaíochta deireadh leis an ngá atá ann do na Ballstáit a n‑anailís eolaíoch féin a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an OEL. Leis an simpliú, is féidir le fostóirí comhlíontacht dhlíthiúil a áirithiú freisin, go háirithe fostóirí a fheidhmíonn i roinnt Ballstát.

Rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe

Leis an tionscnamh, bainfear amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) maidir le sláinte mhaith agus dea-bhail ( SDG 3 ) agus obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch ( SDG 8 ). Meastar freisin go mbeidh tionchar dearfach aige ar SDG maidir le tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar ( SDG 9 ) agus maidir le táirgeadh agus tomhaltas freagrach ( SDG 12 ).

Tionchar ar dhigitiú

Cé nach ndearnadh anailís mhionsonraithe ar an tionchar ar dhigitiú, is féidir a mheas go mbeidh sé dearfach, mar shampla mar gheall ar uirlisí intleachta saorga a fhorbairt in éineacht le teicnící tomhais chun feabhas a chur ar chomhaireamh snáithíní, nó eastóscadh róbatach aispeiste ó fhoirgnimh a fhorbairt .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tionchar ar FBManna

Níl aon eisceacht sa togra seo le haghaidh micrifhiontar ná le haghaidh FBManna. Faoi AWD, níl FBManna díolmhaithe ón oibleagáid nochtadh oibrithe do dheannach ó aispeist nó d’ábhair a bhfuil aispeist iontu ag an ionad oibre a laghdú a mhéid is féidir agus in aon chás faoi bhun an teorainnluacha a leagtar síos in Airteagal 8 de AWD.

Níor cheart aon tionchar a bheith ag an athbhreithniú ar an teorainnluach le haghaidh aispeiste dá bhforáiltear sa togra seo ar FBManna lonnaithe sna Ballstáit ina bhfuil na teorainnluachanna náisiúnta ar aon dul leis na luachanna atá beartaithe nó níos ísle ná iad. Mar sin féin, d’fhéadfaí tionchar eacnamaíoch a imirt ar FBManna agus ar ghnólachtaí eile sna Ballstáit a bhfuil OELanna níos airde le haghaidh aispeiste i bhfeidhm acu faoi láthair.

Maidir le cuideachtaí beaga, arb ionann iad agus 99.32 % de chuideachtaí atá ag obair le haispeist i ngach earnáil, is mó seans go mbeidh tionchar ag OEL laghdaithe na haispeiste orthu.

Meastar go mbeidh tionchar beag ag na costais (cóimheas costais/láimhdeachais idir 2 agus 4 %) sna hearnálacha a bhaineann le deisiú trealaimh leictrigh, deisiú agus cothabháil long agus bád, agus cothabháil agus deisiú mótarfheithiclí (0.02 % de na cuideachtaí uile a bhíonn ag déileáil le haispeist). Cé is moite de FBManna sna hearnálacha sin, ní gá go mbeadh tionchar ag méaduithe ar chostais ar fhormhór na FBManna.

Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid gur cuireadh san áireamh go cuí sainiúlachtaí, teorainneacha agus dúshláin áirithe FBManna san anailís fhoriomlán a cuireadh i láthair sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Tionchar ar iomaíochas an Aontais nó ar thrádáil idirnáisiúnta

Beidh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar an iomaíocht sa mhargadh aonair tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) laghdú a dhéanamh ar dhifríochtaí iomaíochta idir gnólachtaí a fheidhmíonn i mBallstáit a bhfuil OELanna náisiúnta éagsúla acu le haghaidh aispeiste; agus (ii) deimhneacht níos fearr a thabhairt maidir le teorainn nochta infhorfheidhmithe ar fud an Aontais.

Trí OEL níos ísle a thabhairt isteach, imreofar tionchar níos lú ar iomaíochas cuideachtaí atá níos gaire cheana féin d’aon OEL a bhfuil measúnú á dhéanamh air. Tá sé sin ábhartha go háirithe do chuideachtaí atá ag obair sa Fhrainc, sa Danmhairg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin, áit a bhfuil OELanna cosúil le rogha OEL atá beartaithe (0.01 snáithín/cm3) nó níos ísle ná sin.

D’fhéadfadh sé go mbeadh na cuideachtaí sin níos iomaíche ó thaobh costais de ná cuideachtaí a oibríonn go traidisiúnta in áiteanna eile san Aontas nó lasmuigh den Aontas. Mar sin féin, déantar an chuid is mó den obair a bhaineann le haispeist in situ (i.e. ag suíomh an fhoirgnimh). Dá bharr sin, ní féidir le cuideachtaí tairbhiú d’aon bhuntáiste iomaíoch a eascraíonn as ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna ina dtír thionscnaimh. Cé gur cuideachtaí atá ag obair in aon Bhallstát amháin a dhéanann formhór na ngníomhaíochtaí a bhaineann le haispeist, d’fhéadfadh cuideachtaí móra (agus, ar bhonn níos lú, cuideachtaí meánmhéide freisin) a bhfuil saoráidí acu i roinnt Ballstát tairbhiú de shimpliú riaracháin, mar gheall ar shraith chomhchuibhithe ceanglas maidir le comhlíontacht.

Cearta bunúsacha

Meastar go bhfuil an tionchar ar chearta bunúsacha dearfach, go háirithe maidir le hAirteagal 2 (an ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (Dálaí oibre cothroma agus córa) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

I dtéarmaí an chomhionannais inscne, is fir iad 97 % de na hoibrithe san earnáil tógála 56 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilítear sa togra buiséad ná acmhainní foirne breise do bhuiséad an Aontais ná do na comhlachtaí arna gcur ar bun ag Aontas Eorpach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí a úsáidtear agus faireachán á dhéanamh ar thionchair na Treorach seo: (i) an líon galar ceirde agus an líon cásanna ailse a bhaineann leis an obair san Aontas; agus (ii) laghdú ar na costais a bhaineann le hailse cheirde do ghnólachtaí agus do chórais slándála sóisialta san Aontas.

Tá faireachán ar an gcéad táscaire bunaithe ar na nithe seo a leanas: (i) na sonraí atá ar fáil arna mbailiú ag Eurostat; (ii) sonraí a chuir fostóirí in iúl do na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le cásanna ailse a sainaithníodh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta a eascraíonn as nochtadh ceirde d’aispeist i gcomhréir le hAirteagal 14(8) CMRD, agus is féidir leis an gCoimisiún rochtain a fháil orthu i gcomhréir le hAirteagal 18 CMRD; agus (iii) sonraí a chuir na Ballstáit isteach de bhun Airteagal 22 AWD maidir le tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaca le cur chun feidhme praiticiúil AWD i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir Réime OSH.

Chun faireachán a dhéanamh ar an dara táscaire, tá gá le comparáid a dhéanamh idir na sonraí measta maidir le hualach na hailse ceirde i dtéarmaí caillteanas eacnamaíoch agus costais chúram sláinte agus na sonraí arna mbailiú maidir leis na cúrsaí sin tar éis ghlacadh an leasaithe. Is féidir an caillteanas táirgiúlachta agus na costais cúraim sláinte a ríomh trí úsáid a bhaint as líon na gcásanna ailse ceirde agus líon na mbásanna mar gheall ar an ailse cheirde.

Déanfar comhlíontacht thrasuí na bhforálacha leasaithe a mheasúnú in dhá chéim (seiceálacha trasuí agus comhréireachta). Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil an leasaithe atá beartaithe mar chuid den mheastóireacht thréimhsiúil nach mór dó a dhéanamh de bhun Airteagal 17ú de Threoir Réime OSH. Déanfaidh údaráis náisiúnta, go háirithe cigireachtaí náisiúnta saothair, faireachán ar an gcur i bhfeidhm agus ar an bhforfheidhmiú.

Ar leibhéal an Aontais, cuireann SLIC an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhadhb phraiticiúil a bhaineann le AWD a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear deacrachtaí maidir le teorainnluach ceangailteach le haghaidh aispeiste a chomhlíonadh.

Tá sé casta sonraí iontaofa a bhailiú sa réimse sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ag obair go gníomhach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht sonraí, ionas gur féidir tionchar iarbhír an tionscnaimh atá beartaithe a thomhas ar bhealach níos cruinne agus ionas gur féidir táscairí breise a fhorbairt (e.g. maidir le mortlaíocht de bharr ailse cheirde).

I measc na dtionscadal atá ar siúl lena ngintear sonraí úsáideacha tá comhar leis na húdaráis náisiúnta maidir le bailiú sonraí an Staidrimh Eorpaigh um Ghalair Cheirde 57 agus an suirbhé ar nochtadh oibrithe i dtaca le tosca riosca ailse atá le cur chun feidhme ag EU-OSHA 58 . Ní mór cur chun feidhme éifeachtach san ionad oibre a dhéanamh i ndiaidh na gníomhaíochta reachtaí. Is féidir le cuideachtaí úsáid a bhaint as an raon leathan uirlisí, faisnéise agus dea-chleachtas a chuireann EU-OSHA ar fáil mar chuid d’Fheachtas na nIonad Oibre Sláintiúil maidir le substaintí contúirteacha 59 .

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún freisin, i gcomhar le ACSH, treoirlínte a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm AWD a luaithe a ghlacfar an leasú atá beartaithe. Sna treoirlínte, d’fhéadfaí faisnéis dhomhain a sholáthar maidir le forálacha atá sa leagan reatha de AWD cheana féin (mar shampla maidir le hoiliúint agus trealamh cosanta pearsanta a úsáid). Tagann cuid de na forálacha sin faoi réim inniúlacht na mBallstát (amhail deimhniú gnólachtaí bainte aispeiste), ach d’fhéadfadh soiléiriú agus comhairle ina leith a bheith tairbheach.

Tá sé ríthábhachtach oiliúint iomchuí a chur chun cinn le haghaidh oibrithe a láimhseálann aispeist mar chuid d’oibreacha tógála, athchóirithe agus scartála. D’fhéadfadh na treoirlínte cuidiú leis na Ballstáit agus le fostóirí, go háirithe FBManna, a áirithiú go bhfuil oibrithe ar an eolas faoi na réamhchúraimí atá le déanamh, chun an leibhéal cosanta is airde a bhaint amach.

Leis na treoirlínte, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna eile a bhaineann leis an nós imeachta dí-éillithe, lena bhforlíontar forálacha reatha AWD maidir leis an méid seo a leanas:

plean oibre a tharraingt suas sula gcuirfear tús le hobair scartála nó le hobair maidir le haispeist agus/nó táirgí a bhfuil aispeist iontu a bhaint d’fhoirgnimh, struchtúir, gléasraí, suiteálacha nó longa, agus, arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla, ní mór faisnéis maidir le cosaint agus dí-éilliú na ndaoine sin atá i mbun na hoibre (Airteagal 13(2), an tríú fomhír, pointe (d)(i)); agus

oiliúint oibrithe, lena gcuirtear ar a gcumas dóibh an t‑eolas agus na scileanna is gá a fháil ó thaobh coisc agus sábháilteachta de, go háirithe a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta dí-éillithe (Airteagal 14(2)(g)).

Leis na treoirlínte, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt forálacha a thagann faoi réim inniúlacht na mBallstát (amhail deimhniú gnólachtaí bainte aispeiste). D’fhéadfadh tacaíocht bhreise maidir leis na forálacha sin a bheith tairbheach. Leis na treoirlínte, d’fhéadfaí faisnéis phraiticiúil a sholáthar freisin maidir le coincheapa a bhaineann le cur chun feidhme AWD, amhail nochtadh fánach agus ísealdéine, neamh-inmharthanacht, sampláil, pleananna oibre, fógraí d’údaráis náisiúnta, seiceálacha feistiúcháin ar threalamh cosanta pearsanta, coimeád taifead leighis agus deimhnithe leighis. Nuair is iomchuí, beidh freagairtí earnáilsonracha sna treoirlínte. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na daoine lena mbaineann an líon athchóirithe lena bhfuil coinne a dhéanamh, lena n‑áiritheofaí an leibhéal is airde cosanta d’oibrithe ar nochtadh d’aispeist.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní mór do na Ballstáit téacs na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear AWD a chur chuig an gCoimisiún chomh maith le tábla comhghaoil idir na forálacha sin agus AWD. Tá gá le faisnéis shoiléir ar thrasuí na bhforálacha nua chun comhlíonadh na gceanglas íosta a leagtar síos leis an togra seo a áirithiú.

I bhfianaise an mhéid thuas, moltar go dtabharfadh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina mbearta trasuí trí dhoiciméad amháin nó níos mó a sholáthar ina mínítear an gaol idir na gnéithe de AWD agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí trasuí náisiúnta.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1

Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le leasú ar AWD, go háirithe maidir leis an teorainnluach le haghaidh aispeiste a nuashonrú agus maidir le mionghnéithe eile a bhaineann leis an OEL reatha a ísliú (amhail teicnící tomhais agus soiléirithe agus oiriúnuithe teicniúla agus teanga ar théacs AWD).

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe Airteagal 8 nua a chur in ionad Airteagal 8 lena gceanglaítear ar fhostóirí a áirithiú nach nochtar aon oibrí do thiúchan aispeiste san aer atá níos airde ná 0.01 snáithín/cm3 mar TWA 8 n‑uair an chloig. Ós rud é gur féidir OEL atá cothrom le 0.01 snáithín/cm³ a thomhas le PCM, níl gá le haon idirthréimhse chun OEL athbhreithnithe a chur chun feidhme.

Tar éis tuairim ACSH a fháil, áfach, luaitear go sainráite san airteagal úsáid a bhaint as modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire atá bunaithe ar EM nuair is féidir, chomh maith le comhaireamh snáithíní a mholtar le PCM, mar mhodh a thugann torthaí coibhéiseacha nó níos fearr ná PCM.

Áiríodh foráil shainráite go bhfuil aispeist, de réir bhrí AWD, carcanaigineach agus go gciallaíonn aispeist sileacáití snáithíneacha a aicmítear mar charcanaiginí 1A de réir Rialachán (CE) 1272/2008 60 chun débhríochtaí agus léirmhínithe éagsúla a sheachaint.

Soiléirítear in Airteagal 1 freisin an oibleagáid atá ar fhostóirí nochtadh oibrithe do dheannach ó aispeist nó ó ábhair a bhfuil aispeist iontu san ionad oibre a laghdú a mhéid is féidir, agus luaitear go beacht go gcaithfidh sé, in aon chás, a bheith chomh híseal agus is féidir go teicniúil faoi bhun na teorann a leagtar síos leis an togra.

An oibleagáid atá ar fhostóirí gach beart is gá a dhéanamh chun ábhair a mheastar go bhfuil aispeist iontu a shainaithint sula gcuirtear tús le hobair scartála nó chothabhála trí fhaisnéis a fháil ó úinéirí na n‑áitreabh, leathnaítear an oibleagáid sin chun foinsí ábhartha eile faisnéise, amhail cláir ábhartha, a chumhdach.

Airteagail 2 go 4

Tá forálacha maidir le trasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát in Airteagal 2 go 4. In Airteagal 3 leagtar síos dáta theacht i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe.

2022/0298 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le mír 1, pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 61 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 62 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Threoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a eascraíonn as nochtadh don aispeist san ionad oibre. Leis an Treoir sin, déantar foráil maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann leis an nochtadh ceirde don aispeist trí bhíthin chreat na bprionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ceanglais íosta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is é is aidhm do na híoscheanglais sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais, agus is féidir leis na Ballstáit forálacha níos déine a leagan síos.

(2)Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo gan dochar d’fhorálacha níos déine agus/nó níos sonraí atá i dTreoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 .

(3)Is oibreán carcanaigineach an-chontúirteach í an aispeist, agus bíonn tionchar aici fós ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail tógáil agus athchóiriú, mianadóireacht agus cairéalú, bainistiú dramhaíola agus comhrac dóiteáin, earnálacha lena mbaineann baol mór go nochtfar oibrithe. Aicmítear snáithíní aispeiste mar charcanaiginí 1A de réir Rialachán (CE) 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  65 . Nuair a nionanálaítear snáithíní aispeiste aerbheirthe, is féidir leo a bheith ina gcúis le galair thromchúiseacha amhail méisitéilióma agus ailse scamhóg, agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh na chéad chomharthaí den ghalar 30 bliain ar an meán chun iad a léiriú ó thráth an nochta, rud as a leanfaidh básanna a bhaineann leis an obair ar deireadh.

(4)I bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha nua sa réimse, tá scóip ann feabhas a chur ar chosaint oibrithe a nochtar don aispeist agus, ar an gcaoi sin, an dóchúlacht go dtolgfaidh oibrithe galair a bhaineann le haispeist a laghdú. I gcás aispeiste, ar carcanaigin neamhthairsí í, ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha sláinte mar thoradh ar nochtadh faoina mbun. Ina ionad sin, is féidir gaol idir nochtadh agus riosca (ERR) a dhíorthú, lena néascaítear socrú teorann nochta ceirde (‘OEL’) trí leibhéal inghlactha riosca barrachais a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an OEL le haghaidh aispeiste chun an riosca a laghdú trí leibhéil nochta a ísliú.

(5)Le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 66 , tacaítear leis an ngá atá le gníomhaíocht i réimse na cosanta oibrithe ar shubstaintí carcanaigineacha. Beidh cosaint fheabhsaithe d’oibrithe a nochtar don aispeist tábhachtach freisin i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena náirítear go háirithe an rabharta athchóiriúcháin don Eoraip 67 . Le moltaí na saoránach faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa 68 , leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le dálaí córa oibre, go háirithe an tathbhreithniú ar Threoir 2009/148/CE.

(6)Is cuid thábhachtach de na socruithe ginearálta maidir le cosaint oibrithe a bunaíodh le Treoir 2009/148/CE é teorainnluach ceangailteach nochta ceirde le haghaidh na haispeiste, ar luach é nár cheart a shárú, sa bhreis ar na bearta iomchuí bainistithe riosca (RMManna) agus ar sholáthar trealamh riospráide agus trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach eile.

(7)Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainnluach le haghaidh aispeiste a leagtar amach i dTreoir 2009/148/CE i bhfianaise mheastóireachtaí an Choimisiúin agus na fianaise eolaíche agus na sonraí teicniúla is déanaí. Is bealach éifeachtach é an tathbhreithniú ar an teorainnluach sin freisin chun a áirithiú go ndéanfar bearta coisctheacha agus cosantacha a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin i ngach Ballstát.

(8)Ba cheart teorainnluach athbhreithnithe nua a leagan amach sa Treoir seo i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear fianaise eolaíoch agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící um nochtadh a thomhas san áit oibre. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar thuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ar thuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 69 .

(9)Agus aird á tabhairt ar an saineolas eolaíoch ábhartha agus ar chur chuige cothrom lena náiritheofar, an tráth céanna, cosaint leordhóthanach d’oibrithe ar leibhéal an Aontais agus lena seachnófar míbhuntáistí agus ualaí eacnamaíocha díréireacha ar na hoibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh (lena náirítear FBManna), ba cheart OEL athbhreithnithe a bhunú atá cothrom le 0.01 snáithín/cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 nuaire an chloig. Tá cuspóir sláinte poiblí mar bhonn taca leis an gcur chuige cothrom sin, cuspóir arb é is aidhm dó an aispeist a bhaint go sábháilte. Cuireadh san áireamh freisin OEL a mholadh lena gcuirtear cúinsí eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh chun gur féidir baint éifeachtach a dhéanamh.

(10)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis an lucht bainistíochta agus saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh. Chuaigh sé i gcomhairle le ACSH freisin, a ghlac tuairim lena dtugtar faisnéis maidir le roghanna athbhreithnithe OEL a chur chun feidhme go rathúil freisin. Ghlac Parlaimint na hEorpa rún 70 lena niarrtar togra chun Treoir 2009/148/CE a thabhairt cothrom le dáta chun bearta an Aontais a neartú chun oibrithe a chosaint ar bhagairt na haispeiste.

(11)Is í an mhicreascópacht optúil, cé nach féidir na snáithíní is lú atá díobhálach don tsláinte a chomhaireamh léi, an modh is mó a úsáidtear faoi láthair chun an aispeist a thomhas go rialta. Ós rud é gur féidir OEL atá cothrom le 0.01 f/cm³ a thomhas le micreascóp paschodarsnachta (PCM), níl aon idirthréimhse ag teastáil chun an OEL athbhreithnithe a chur chun feidhme. I gcomhréir leis an tuairim ó ACSH, ba cheart úsáid a bhaint as modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse leordhóthanach oiriúnaithe agus le tuilleadh comhchuibhithe ar mhodheolaíochtaí micreascópachta leictreoin ar leibhéal an Aontais.

(12)Agus na ceanglais maidir le híoslaghdú nochta a leagtar amach i dTreoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go ndéanfar an riosca a bhaineann le hoibrithe a nochtadh don aispeist ag an ionad oibre a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir go teicniúil.

(13)Tá gá le bearta rialaithe speisialta agus réamhchúraimí speisialta d’oibrithe a nochtar don aispeist nó ar dócha go nochtfar iad don aispeist, amhail oibrithe a chur faoi réir nós imeachta dí-éillithe agus oiliúint ghaolmhar, chun rannchuidiú go suntasach leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh den sórt sin a laghdú.

(14)Bearta coisctheacha chun sláinte oibrithe a nochtar don aispeist a chosaint agus an gealltanas atá beartaithe do na Ballstáit maidir le faireachas a dhéanamh ar a sláinte, tá tábhacht ag baint leo, go háirithe an leanúint le faireachas sláinte tar éis dheireadh an nochta.

(15)Ba cheart d’fhostóirí gach beart is gá a dhéanamh chun ábhair a dtoimhdítear go bhfuil aispeist iontu a shainaithint, más iomchuí trí fhaisnéis a fháil ó úinéirí an áitribh chomh maith le foinsí eile faisnéise, lena náirítear cláir ábhartha. Ba cheart dóibh taifead a dhéanamh, sula gcuirfear tús le haon tionscadal bainte aispeiste, gurb ann don aispeist nó go síltear gurb ann don aispeist i bhfoirgnimh nó i suiteálacha agus an fhaisnéis sin a chur in iúl do dhaoine eile a d’fhéadfadh a bheith nochta don aispeist mar thoradh ar a húsáid, ar chothabháil nó ar ghníomhaíochtaí eile i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

(16)Maidir le cuspóir na Treorach seo, eadhon oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena náirítear rioscaí den sórt sin a chosc, is rioscaí a eascraíonn as nochtadh d’aispeist ag an obair, nó rioscaí ar dócha go neascróidh siad as, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(17)Ós rud é gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe san ionad oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

(18)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/148/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/148/CE

Leasaítear Treoir 2009/148/CE mar seo a leanas:

(1)    in Airteagal 1(1), cuirtear an tríú fomhír seo a leanas leis:

Beidh feidhm ag forálacha Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* aon uair a bheidh siad níos fabhraí do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe ag an obair.

* Treoir 2004/37 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50), arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 (IO L 88, 16.3.2022, lgh. 1-14).;

(2)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘aispeist’ na sileacáití snáithíneacha seo a leanas, a aicmítear mar charcanaiginí 1A de réir Rialachán (CE) 1272/2008*:

* Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lgh. 1-1355).;

1.(a) aispeist, achtainilít, CAS* 77536-66-4

(b) aispeist, amaisít (grúnairít), CAS 12172-73-5;

(c) aispeist, antaifillít, CAS 77536-67-5;

(d) aispeist, crisitíl, CAS 12001-29-5;

(e) aispeist, croicidilít, CAS 12001-28-4;

(f) aispeist, treimilít, CAS 77536-68-6.’

       *CAS: Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.’;

(3)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Maidir leis na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfar nochtadh oibrithe do dheannach a eascraíonn as aispeist nó ábhair a bhfuil aispeist iontu ag an ionad oibre a laghdú go dtí leibhéal chomh híseal agus is féidir go teicniúil faoi bhun an teorainnluacha a leagtar síos in Airteagal 8, go háirithe trí na bearta seo a leanas:

(a) beidh líon na n‑oibrithe a nochtar nó ar dócha go nochtfar iad do dheannach a eascraíonn as aispeist nó as ábhair a bhfuil aispeist iontu teoranta don fhigiúr is ísle is féidir;

(b) dearfar próisis oibre sa chaoi nach dtáirgfear deannach aispeiste nó, má léirítear nach féidir déanamh amhlaidh, ionas nach scaoilfear deannach aispeiste san aer;

(c) féadfar gach áitreabh agus trealamh a bhaineann le cóireáil aispeiste a ghlanadh agus a chothabháil go rialta agus go héifeachtach;

(d) déanfar aispeist nó ábhar a ghineann deannach ina bhfuil aispeist a stóráil agus a iompar i bpacáistíocht shéalaithe oiriúnach;

(e) déanfar dramhaíl a bhailiú agus a bhaint den áit oibre a luaithe is féidir i bpacáistíocht shéalaithe oiriúnach ar a mbeidh lipéid lena gcuirfear in iúl go bhfuil aispeist inti; ní bheidh feidhm ag an mbeart seo maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta; mar sin, déileálfar le dramhaíl den sórt sin i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

* Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).’;

(4)    in Airteagal 7(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfar comhaireamh na snáithíní trí mhicreascóp paschodarsnachta (PCM) i gcomhréir leis an modh a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 1997* nó, i gcás inar féidir, trí mhodh ar bith eile lena dtugtar torthaí coibhéiseacha nó torthaí níos fearr, amhail modh atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin (EM).

* Tiúchan snáithíní aerbheirthe a chinneadh. Modh molta, trí mhicreascópacht optúil phaschodarsnachta (modh scagaire scannáin), EDS, an Ghinéiv 1997 (ISBN 92 4 154496 1).’;

(5)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Áiritheoidh fostóirí nach nochtfar aon oibrí do thiúchan aerbheirthe aispeiste os cionn 0.01 snáithín in aghaidh an cm³ mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n‑uaire an chloig.’

(6)    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Sula gcuirfear tús le scartáil nó obair chothabhála, déanfaidh fostóirí, más iomchuí, trí fhaisnéis a fháil ó úinéirí an áitribh agus ó fhoinsí eile faisnéise, lena n‑áirítear cláir ábhartha, gach beart is gá chun ábhair a dtoimhdítear go bhfuil aispeist iontu a shainaithint.’

(7)    In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Déanfaidh an fostóir an fhaisnéis maidir leis na hoibrithe atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a iontráil i gclár. Léireofar san fhaisnéis sin cineál agus fad na gníomhaíochta agus an nochtadh ar cuireadh faoina réir iad. Beidh rochtain ar an gclár sin ag an dochtúir agus/nó ag an údarás atá freagrach as faireachas leighis. Beidh rochtain ag gach oibrí ar na torthaí sa chlár a bhaineann leis nó léi go pearsanta. Beidh rochtain ag na hoibrithe agus/nó ag a n‑ionadaithe ar fhaisnéis chomhchoiteann anaithnid sa chlár. ’

Airteagal 2

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(2)    https://op.europa.eu/webpub/empl/european-pillar-of-social-rights/en/
(3)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/political-guidelines-next-commission_en_0.pdf
(4)    https://ec.europa.eu/health/system/files/2022-02/eu_cancer-plan_en_0.pdf
(5)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0323&qid=1626089672913#PP1Contents
(6)     https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar%3A9fb5131e-30e9-11ec-bd8e-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF  
(7)     https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0427_EN.html  
(8)    [crostagairt le cur isteach tráth a glactha]
(9)    Le sciar 52 %, is í ailse cheirde an chéad chúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas, roimh thinnis imshruthaithe (24 %), gortuithe (2 %) agus gach cúis eile (22 %) (sonraí 2017, lena gcumhdaítear an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ( https://visualisation.osha.europa.eu/osh-costs#!/ )).
(10)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/experimental-statistics/european-occupational-diseases-statistics  
(11)    Is cineál ailse é méisitéilióma a fhorbraíonn ón gciseal tanaí fíocháin a chumhdaíonn roinnt mhaith de na horgáin inmheánacha (ar a dtugtar an méisitéiliam).
(12)    Treoir 83/478/CEE ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 1983 lena leasaítear den chúigiú huair (aispeist) Treoir 76/769/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid (IO L 263, 24.9.1983, lch. 33).
(13)    Cuireadh toirmeasc ar aispeist a chur ar an margadh agus a úsáid san Aontas le Treoir 1999/77/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 1999 lena noiriúnaítear don dul chun cinn teicniúil den séú huair Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid (aispeist). Rinneadh an Treoir sin a aisghairm le Rialachán REACH (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ( IO L  396, 30.12.2006, lch. 1), féach Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis, iontráil 6, maidir le snáithíní aispeiste).
(14)    IO L 263, 24.9.1983, lch. 25.
(15)    Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).
(16)    IO L 158, 30.4.2004, lch. 50 (Airteagal 1(4)).
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol daoine a fheabhsú] (COM(2020) 662 final).
(18)    Staidéar seachtrach, RPA, 2021. An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Lassen, C., Christens, F., Vencovska, J., et al., Study on collecting information on substances with the view to analyse health, socio-economic and environmental impacts in connection with possible amendments of Directive 98/24/EC (Chemical Agents) and Directive 2009/148/EC (Asbestos): final report for asbestos, [Staidéar ar fhaisnéis a bhailiú faoi shubstaintí d’fhonn anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sláinte, socheacnamaíocha agus comhshaoil i ndáil le leasuithe féideartha ar Threoir 98/24/CE (Gníomhairí Ceimiceacha) agus ar Threoir 2009/148/CE (Aispeist)], Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2767/981554 .
(19)    An Ghearmáin, an Danmhairg, an Fhrainc agus an Ísiltír.
(20)     SWD(2017) 10 final.
(21)    RAC, Opinion on scientific evaluation of occupational exposure limits for Asbestos [Tuairim maidir le meastóireacht eolaíoch ar theorainneacha nochtadh ceirde le haghaidh Aispeiste] (ECHA/RAC/A77-O-0000006981-66-01/F).
(22)    IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32006R1907 .
(24)    Treoir 1999/77/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 1999 lena noiriúnaítear don dul chun cinn teicniúil den séú huair Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid (aispeist), a aisghairtear le Rialachán REACH (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 396. 30.12.2006, lch. 1), féach Iarscríbhinn XVII, iontráil 6, maidir le snáithíní aispeiste).
(25)    Féach fonóta 22.
(26)    Ó bhí 2022 ann, is é 0.003 snáithín/cm3 an teorainnluach le haghaidh aispeiste ( https://asbest-huset.dk/graensevaerdi/ ).
(27)    Ó bhí 2017 ann, níor cheart do shnáithíní aispeiste den chineál crisitíle ná do shnáithíní amfabóil aispeiste, faoi seach, 0.002 snáithín/cm3 a shárú.
(28)    Ó bhí 2015 ann, is ionann OEL agus 0.01 snáithín/cm3, a thomhaistear le micreascópacht leictreoin tarchurtha, lena náirítear, dá bhrí sin, ‘snáithíní tanaí aispeiste’.
(29)    Cé gurb ionann an OEL ceangailteach reatha agus 0.1 snáithín/cm3 sa Ghearmáin, ceanglaítear le treoirlínte sainordaitheacha bearta a mheastar go dtugann siad an tiúchan nochta faoi bhun an ‘leibhéil inghlacthachta’ (0.01 snáithín/cm3) sa chleachtas.
(30)    Is é an riosca inghlactha atá ann an baol breise ailse a nglactar leis, rud a chiallaíonn, go staitistiúil, go dtiocfaidh ailse ar 4 as 10,000 duine a nochtar don tsubstaint le linn a saoil oibre. BAUA, National Asbestos Profile for Germany, 2014.
(31)     SWD(2017) 10 final.
(32)    Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann agus Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmaid.
(33)    Mar shampla, íoscheanglais theicniúla a leagan síos chun tiúchan snáithíní aispeiste a ísliú, sampláil ionadaíoch ar nochtadh pearsanta oibrithe, agus tuilleadh.
(34)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist (2019/2182(INL, IO C 184, 5.5.2022, lch. 45).
(35)    Cónaidhm na nGnóthas Eorpach (BusinessEurope), SMEunited (an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide) agus Cónaidhm Eorpach Thionscal na Foirgníochta.
(36)    BusinessEurope agus SMEunited.
(37)    Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann agus Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmaid.
(38)    BusinessEurope, SMEunited, Cónaidhm Eorpach Thionscal na Foirgníochta. agus an Cumann Eorpach um Longchlóis & um Threalamh Muirí.
(39)     ACSH, Opinion on an EU Binding Occupational Exposure Limit Value (BOEL) for Asbestos under the Asbestos at Work Directive 2009/148/EC [Tuairim maidir le teorainnluach nochta ceirde ceangailteach an Aontais le haghaidh Aispeiste faoin Treoir maidir le hAispeist ag an Obair 2009/148/CE] (Doc. 008-21), a glacadh an 24.11.2021 .
(40)    Tuairim ó RAC. Féach fonóta 21.
(41)    Féach fonóta 18.
(42)    Tuairim ó RAC. Féach fonóta 21.
(43)    Féach fonóta 39.
(44)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/better-regulation-guidelines-and-toolbox_en .
(45)    Chomh gar agus is féidir don staid amach anseo.
(46)    Lena náirítear méisitéilióma agus ailse scamhóg, ailse laraingeach agus ailse ubhagáin.
(47)    Féach fonóta 18.
(48)    Féach fonóta 18.
(49)    An Treoir Réime Dramhaíola (2008/98/CE) agus an Treoir maidir le Líonadh Talún (1999/31/CE), lena dtugtar aghaidh ar bhainistiú dramhaíola aispeiste atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh agus na Treoirlínte maidir le hiniúchtaí dramhaíola sula gcuirtear tús le hoibreacha scartála agus athchóirithe i bhfoirgnimh, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún, a bhfuil sé d’aidhm acu cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí aispeist a bhaint agus a bhainistiú go sábháilte.
(50)    De réir Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl, eisiatar‘foirgnimh atá nasctha go buan leis an talamh’ ó raon feidhme na Treorach ós rud é nach meastar gur dramhaíl iad.
(51)    I gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl agus le Cinneadh 2000/532/CE maidir leis an liosta dramhaíola.
(52)     https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:c51fe6d1-5da2-11ec-9c6c-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF  
(53)     https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/eu_renovation_wave_strategy.pdf
(54)     https://www.technologyreview.com/2020/10/06/1009374/asbestos-could-be-a-powerful-weapon-against-climate-change-you-read-that-right/
(55)    Ní dhéantar athrú ar an gcóras fógartha leis an athbhreithniú atá beartaithe ar AWD. Tríd an OEL a ísliú, is féidir na costais a mhéadú go hindíreach do na Ballstáit agus do ghnólachtaí má thagann méadú ar an líon fógraí. Ina ionad sin, bheadh an costas sin nasctha leis an gcaoi a gcuirtear AWD chun feidhme faoi láthair sna Ballstáit (i ndáil leis an gcóras fógartha) seachas le hoibleagáid riaracháin a fhorchuirfí leis an athrú ar an OEL.
(56)     Eurostat, Jobs still split along gender lines.
(57)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/experimental-statistics/european-occupational-diseases-statistics  
(58)     https://osha.europa.eu/en/facts-and-figures/workers-exposure-survey-cancer-risk-factors-europe . Déanfar an suirbhé ar dtús ar roghnú 6 Bhallstát atá ionadaíoch den chuid is mó agus cumhdófar 24 thoisc riosca ailse ann, lena náirítear aispeist, agus meastar go mbeidh na chéad torthaí ann in 2023.
(59)    San fheachtas, féachadh le roinnt cuspóirí a bhaint amach, lena náirítear feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le rioscaí ó shubstaintí contúirteacha a chosc, measúnú riosca a chur chun cinn, feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí ag an obair, nó eolas ar an gcreat reachtach a mhéadú. Rinneadh in 2018-2019 é. Ceann de na gnéithe sin is ea bunachar sonraí treoraíochta agus dea-chleachtas atá le fáil ag https://osha.europa.eu/en/themes/dangerous-substances/practical-tools-dangerous-substances .
(60)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(61)    IO C 56, 16.2.2021, lch. 63.
(62)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an XXXXX (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an XXXXX.
(63)    Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)IO L 330, 16.12.2009, lch. 28.
(64)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach maidir le síolrú ag an obair (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).
(65)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.
(66)     https://ec.europa.eu/health/system/files/2022-02/eu_cancer-plan_en_0.pdf
(67)    Rabharta Athchóiriúcháin: lena ndéantar an ráta athchóiriúcháin a dhúbailt chun astaíochtaí a laghdú, borradh a chur faoin téarnamh agus bochtaineacht fuinnimh a laghdú, COM(2020) 662 final
(68)    An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tuarascáil ar an toradh deiridh (Bealtaine 2022). https://prod-cofe-platform.s3.eu-central-1.amazonaws.com/8pl7jfzc6ae3jy2doji28fni27a3?response-content-disposition=inline%3B%20filename%3D%22CoFE_Report_with_annexes_EN.pdf%22%3B%20filename%2A%3DUTF-8%27%27CoFE_Report_with_annexes_EN.pdf&response-content-type=application%2Fpdf&X-Amz-Algorithm=AWS4-HMAC-SHA256&X-Amz-Credential=AKIA3LJJXGZPDFYVOW5V%2F20220917%2Feu-central-1%2Fs3%2Faws4_request&X-Amz-Date=20220917T104038Z&X-Amz-Expires=300&X-Amz-SignedHeaders=host&X-Amz-Signature=6806caf5fd75a86ad4e907b934b2194de4c3c0c756a8d2a34c5e8b68985ffbde  
(69)    Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).
(70)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar an aispeist (2019/2182(INL)) (IO C 184, 5.5.2022, lch. 45.)