An Bhruiséil,19.9.2022

COM(2022) 459 final

2022/0278(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

{SEC(2022) 323 final} - {SWD(2022) 288 final} - {SWD(2022) 289 final} - {SWD(2022) 290 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí leis an togra

Tá an Margadh Aonair ar cheann de na sócmhainní is mó atá ag an Aontas Eorpach agus cuireann sé tacaíocht ar fáil d’fhás eacnamaíoch agus folláine an Aontais Eorpaigh. Léiríodh le géarchéimeanna le déanaí, amhail paindéim COVID-19 nó ionradh na Rúise ar an Úcráin, leochaileacht an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair i gcás cur isteach gan choinne agus, an tráth céanna, an méid a bhraitheann geilleagar na hEorpa agus a pháirtithe leasmhara go léir ar Mhargadh Aonair dea-fheidhmiúil. Chomh maith le héagobhsaíocht gheopholaitiúil, leis an athrú aeráide agus le tubaistí nádúrtha mar thoradh orthu sin, d’fhéadfadh cásanna éigeandála nua eile a bheith mar thoradh ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an éagobhsaíocht eacnamaíoch dhomhanda amach anseo. Ar an gcúis sin, is gá feidhmiú an Mhargaidh Aonair a ráthú i dtréimhsí éigeandála.

D’fhéadfadh a dhá oiread de thionchar a bheith ag géarchéim sa Mhargadh Aonair. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair a bheith mar thoradh ar ghéarchéim, rud a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh sin. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh géarchéim cur leis an nganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime má bhíonn an Margadh Aonair ilroinnte agus mura bhfuil sé ag feidhmiú. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí cur isteach go tapa ar shlabhraí soláthair agus bheadh deacrachtaí ag cuideachtaí earraí agus seirbhísí a fhoinsiú, a sholáthar nó a dhíol. Cuirtear isteach ar rochtain tomhaltóirí ar phríomhtháirgí agus ar phríomhsheirbhísí. Le heaspa faisnéise agus soiléireacht dhlíthiúil déantar an tionchar a bhíonn ag an gcur isteach a mhéadú tuilleadh. Chomh maith leis na rioscaí díreacha sochaíocha a bhí ann de bharr na géarchéime, tá tionchar láidir diúltach eacnamaíoch le sárú ag saoránaigh, ag grúpaí leochaileacha go háirithe. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra aghaidh a thabhairt ar dhá fhadhb, ar dhá fhadhb ar leith iad ach a bhfuil baint acu lena chéile: bacainní ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime agus ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

I ndlúthchomhar leis na Ballstáit uile agus le hionstraimí géarchéime eile an Aontais atá ann cheana, leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair (SMEI) soláthrófar struchtúr láidir sofhreagrúil rialachais chomh maith le bosca uirlisí spriocdhírithe chun feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a áirithiú in aon chineál géarchéime amach anseo. Is dócha nach mbeidh gá leis na huirlisí go léir sa togra seo go comhuaineach. Is é an cuspóir atá leis an tAontas Eorpach a réiteach don todhchaí agus é a ullmhú leis an méid a d’fhéadfadh a bheith riachtanach i gcás géarchéime ar leith a dhéanfadh difear mór don Mhargadh Aonair.

Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl, sna Conclúidí uaithi, an 1-2 Deireadh Fómhair 2020 1 go mbainfidh an tAontas Eorpach leas as ceachtanna phaindéim COVID-19 agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar ilroinnt, baic agus laigí an Mhargaidh Aonair atá fágtha agus cásanna éigeandála á sárú aige. Sa Nuashonrú ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Thionsclaíoch 2 , d’fhógair an Coimisiún ionstraim chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí, chomh maith le trédhearcacht agus comhordú níos fearr le linn géarchéime a áirithiú. Tá an tionscnamh ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2022 3 . Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh phlean an Choimisiúin Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a chur i láthair agus d’iarr sí ar an gCoimisiún í a fhorbairt mar uirlis struchtúrach atá ceangailteach ó thaobh dlí chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo 4 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leagtar síos i roinnt ionstraimí dlíthiúla an Aontais forálacha atá ábhartha chun géarchéimeanna a bhainistiú go ginearálta. Ar an taobh eile, leagtar síos i gcreataí áirithe an Aontais agus i dtograí ón gCoimisiún a glacadh le déanaí bearta níos spriocdhírithe lena ndírítear ar ghnéithe áirithe de bhainistiú géarchéime nó atá ábhartha d’earnálacha sonracha. Beidh feidhm ag an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair gan dochar do na forálacha arna gcur chun cinn leis na hionstraimí spriocdhírithe bainistithe géarchéime sin, a mheasfar mar lex specialis iad. Tá seirbhísí airgeadais, táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile agus táirgí sábháilteachta bia go háirithe eisiata ó raon feidhme an tionscnaimh toisc go bhfuil creat tiomnaithe atá ábhartha i gcás géarchéime sna réimsí sin ann.

Idirghníomhú le sásraí cothrománacha freagartha ar ghéarchéimeanna

Tá an sásra comhtháite um fhreagairt pholaitiúil do ghéarchéimeanna (IPCR) 5 i measc na sásraí cothrománacha freagartha ar ghéarchéimeanna 6 . Úsáideann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais IPCR chun comhroinnt faisnéise agus comhordú polaitiúil a éascú i measc na mBallstát chun freagairt ar ghéarchéimeanna casta. Rinneadh grinnscrúdú le IPCR den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2015 ar ghéarchéim na ndídeanaithe agus na himirce agus bhí ról lárnach aige i bhfaireachán a dhéanamh ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim agus tacú léi, ag tuairisciú do Coreper, don Chomhairle agus don Chomhairle Eorpach. D’oibrigh IPCR freagairt an Aontais ar mhór-ghéarchéimeanna mar gheall ar chibrionsaithe, ar thubaistí nádúrtha nó ar bhagairtí hibrideacha. D’oibrigh IPCR le déanaí freisin i ndiaidh ráig phaindéim COVID-19 agus ionsaí brúidiúil na Rúise ar an Úcráin.

Sásra eile de chuid an Aontais chun freagairt ghinearálta a thabhairt ar ghéarchéim is ea Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus a Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) 7 . Is é ERCC mol lárnach oibríochta 24/7 an Choimisiúin don chéad fhreagairt éigeandála, bunú stoc-charn straitéiseach ar leibhéal an Aontais don fhreagairt éigeandála (‘rescEU’), measúnuithe riosca tubaiste, cruthú creatlaí cáis, spriocanna athléimneachta tubaiste, forléargas leathan an Aontais Eorpaigh ar rioscaí tubaistí nádúrtha agus rioscaí tubaistí de dhéantús an duine, agus bearta coisctheacha agus ullmhachta eile, amhail oiliúint agus cleachtaí.

Idirghníomhú le sásraí cothrománacha an Mhargaidh Aonair

Nuair is iomchuí agus nuair is gá, ba cheart comhordú a áirithiú idir an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí Thascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Go sonrach, déanfaidh an Coimisiún bacainní a dtugtar fógra ina leith agus a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí earraí straitéiseacha agus seirbhísí lena bplé/lena n‑athbhreithniú a atreorú chuig an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Idirghníomhú le bearta a dhírítear ar ghnéithe sonracha den bhainistiú géarchéime

Forlíontar na sásraí cothrománacha um fhreagairt ar ghéarchéimeanna thuasluaite le bearta eile atá níos spriocdhírithe, ag díriú ar ghnéithe sonracha den Mhargadh Aonair amhail saorghluaiseacht earraí, comhrialacha maidir le honnmhairithe nó soláthar poiblí.

Creat amháin den sórt sin is ea Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit agus as a dtagann cur isteach tromchúiseach agus a néilítear beart láithreach ina leith ("Rialachán Sú) 8 . Déantar foráil sa Rialachán seo i leith sásra fógraí mar aon le córas chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. (Féach ar chodanna 8.1 agus 8.2 le haghaidh tuilleadh sonraí.)

Leis an Rialachán maidir le comhrialacha le haghaidh 9 onnmhairithe féadfaidh an Coimisiún catagóirí áirithe táirgí a chur faoi fhaireachas onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas nó faoi údarú onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas. Bhí an Coimisiún ag cur vacsaíní agus substaintí gníomhacha áirithe a úsáidtear chun vacsaíní den sórt sin a mhonarú faoi réir faireachas onnmhairithe 10 ar an mbonn sin.

Áirítear ar bhearta eacnamaíocha eile an nós imeachta idirbheartaithe agus soláthar comhpháirteach ó am go chéile ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát 11 .

Idirghníomhú le bearta géarchéime atá sonrach don earnáil

Leagtar síos bearta níos spriocdhírithe i gcreataí áirithe an Aontais nach ndíríonn ach ar ghnéithe sonracha áirithe den bhainistiú géarchéime nó nach mbaineann ach le hearnálacha sonracha áirithe.

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú’ 12 baintear leas as ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 agus le linn géarchéimeanna roimhe sin agus é mar aidhm comhordú agus bainistíocht géarchéime a mhéadú, lena náirítear ullmhacht. Chuige sin, leagtar amach sa phlean teagmhasach na príomhphrionsabail a leanfar chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo. Lena áirithiú go gcuirfear an plean teagmhasach agus na príomhphrionsabail a bhaineann leis chun feidhme, bhunaigh an Coimisiún, an tráth céanna, an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM), grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó thíortha nach tíortha den Aontas iad chomh maith le páirtithe leasmhara sa slabhra soláthair bia faoi chathaoirleacht an Choimisiúin chun comhordú a neartú, sonraí agus cleachtais a mhalartú. Tionóladh EFSCM den chéad uair i mí an Mhárta 2022 chun plé a dhéanamh ar thionchair na méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus ionchuir agus ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir le slándáil agus soláthar bia. Fóraim eile is ea na faireachlanna margaidh agus na grúpaí idirphlé shibhialta a áirithíonn trédhearcacht agus sreabhadh faisnéise san earnáil bhia.

Tá sé mar chuspóir leis Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Plean Teagmhasach don Iompar’ 13 ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus leanúnachas gnó a áirithiú san earnáil iompair. Bunaítear ‘lámhleabhar géarchéime’ leis an bplean ina gcuimsítear bosca uirlisí ina bhfuil 10 mbeart a dhíríonn ar aon tionchar diúltach ar an earnáil iompair, ar phaisinéirí agus ar an margadh inmheánach a mhaolú i gcás géarchéime. Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, bearta a fhágann go bhfuil dlíthe iompair an Aontais oiriúnach do chásanna géarchéime, a áirithiú go tacaíocht leordhóthanach ann don earnáil iompair, saorghluaiseacht earraí , seirbhísí agus daoine, comhroinnt faisnéise iompair, tástáil teagmhais iompair i staideanna fíorshaoil etc. a áirithiú 14 .

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta 15 (Rialachán CEM) chomh maith le Comhrialachán CEM maidir le hiascaigh 16 , cuirtear an bunús dlí ar fáil chun faisnéis ábhartha a bhailiú ó na Ballstáit chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú 17 .

Le Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 1308/2013 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 18 (Rialachán CEMID), soláthraítear an bunús dlí chun tacú leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe i gcás teagmhais eisceachtúla a chuireann isteach go mór ar mhargaí.

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953 lena mbunaítear Deimhniú Digiteach COVID 19 an Aontais creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh a éascú le linn phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moltaí sonracha maidir leis an gcur chuige comhordaithe i leith srianadh saorghluaiseachta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 20 . D’fhógair an Coimisiún sa tuarascáil maidir le saoránacht 2020 21 freisin go bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar threoirlínte 2009 maidir le saorghluaiseacht chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do shaoránaigh den Aontas a fheidhmíonn a gcearta saorghluaiseachta, agus chun cur i bhfeidhm níos éifeachtaí agus níos aonfhoirmí na reachtaíochta um shaorghluaiseacht ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart aghaidh a thabhairt sna treoirlínte athbhreithnithe, i measc nithe eile, ar chur i bhfeidhm beart sriantach maidir le saorghluaiseacht, go háirithe na cinn ar buarthaí sláinte poiblí is cúis leo.

Le Rialachán (AE) 2022/123 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le hullmhacht agus bainistíocht géarchéime le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis, soláthraítear creat chun faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais ionchasacha agus iarbhír táirgí íocshláinte atá údaraithe go lárnach agus go náisiúnta lena núsáid ag an duine a meastar iad a bheith ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ‘éigeandáil sláinte poiblí’ nó ‘mórtheagmhas’ ar leith 22 .

Ar deireadh, bunaíodh leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 an tÚdarás um Ullmhacht agus um Fhreagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte 23 le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun freagairt ar éigeandálaí sláinte, lena náirítear faireachán a dhéanamh ar riachtanais, ar fhorbairt ghasta, ar mhonarú, ar sholáthar agus ar dháileadh cothrom na bhfrithbheart leighis.

Idirghníomhú le tionscnaimh leanúnacha

An tráth céanna, baineann roinnt tionscnamh, a moladh le déanaí agus atá á bplé faoi láthair, le gnéithe a bhaineann leis an bhfreagairt agus an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Tá raon feidhme teoranta leis na tionscnaimh sin, áfach, lena gcumhdaítear cineálacha sonracha cásanna géarchéime agus níl sé beartaithe leo creat ginearálta cothrománach bainistíochta géarchéime a chur ar bun. A mhéid a áirítear leis na tionscnaimh sin creat earnála um fhreagairt agus ullmhacht i gcás géarchéime, tabharfar tús áite don chreat sin ar an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair mar lex specialis.

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte, lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (‘an Cinneadh maidir le Bagairtí Trasteorann ar Shláinte’) 24 creat slándála sláinte an Aontais a neartú, agus ról na hullmhachta agus na freagartha i gcás géarchéime atá ag príomhghníomhaireachtaí an Aontais i ndáil le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte a threisiú 25 . Nuair a ghlacfar é, neartófar pleanáil maidir le hullmhacht agus freagairt agus treiseofar faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch, feabhsófar tuairisciú sonraí agus neartófar idirghabhálacha an Aontais leis.

Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú 26 .

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais 27 , déantar soláthar d’uirlisí freagartha géarchéime amhail soláthar comhpháirteach, iarratais ar fhaisnéis éigeantach do ghnólachtaí maidir lena gcumas táirgthe, agus athearraíocht a bhaint as línte táirgthe i gcás géarchéimeanna sláinte poiblí a luaithe a dhearbhófaí éigeandáil sláinte poiblí. Le dearbhú um staid éigeandála de chuid an Aontais spreagfaí comhordú méadaithe agus éascófaí forbairt, stoc-charnadh agus soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. Cumhdaítear leis an togra frithbhearta leighis a shainítear mar tháirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine, feistí leighis agus earraí nó seirbhísí eile atá riachtanach chun críche ullmhachta agus freagartha i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.

Is é is aidhm leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim Eorpach 28 um Shliseanna éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú. Colún tábhachtach amháin den straitéis seo is ea sásra a bhunú le haghaidh faireachán comhordaithe agus freagairt chomhordaithe ar ghanntanais sa soláthar leathsheoltóirí, arb é is aidhm leis aon suaitheadh sa slabhra soláthair amach anseo a réamh-mheas agus freagairt dó go tapa, trí bhosca uirlisí éigeandála tiomnaithe, i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Baineann an sásra atá beartaithe go sonrach le géarchéim fhéideartha leathsheoltóirí agus beidh feidhm leis ar bhealach eisiach má chuirtear an modh géarchéime i ngníomh.

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Shonraí 29 , beidh comhlachtaí na hearnála poiblí ábalta rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh na hearnála príobháidí, ar sonraí iad atá riachtanach d’imthosca eisceachtúla, go háirithe chun sainordú dlíthiúil a chur chun feidhme mura bhfuil sonraí ar fáil seachas sin nó i gcás éigeandáil phoiblí (i.e. cásanna eisceachtúla a mbíonn tionchar diúltach acu ar dhaonra an Aontais, ar Bhallstát nó ar chuid de, agus an baol ann go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha agus marthanacha ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, nó díghrádú suntasach ar shócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát (sna Ballstáit) ábhartha).

Is é is aidhm leis an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen 30 freagairt choiteann a chur ar fáil ag na teorainneacha inmheánacha i gcásanna bagairtí a bhaineann le tromlach na mBallstát. Leis an leasú atá beartaithe, cuirfear cosaintí nós imeachta i bhfeidhm freisin i gcás rialuithe teorann inmheánacha a thabhairt isteach arís ar bhonn aontaobhach agus déanfar foráil maidir le bearta um maolú agus cosaintí sonracha do réigiúin trasteorann a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtugtar rialuithe teorann inmheánacha isteach arís. Téann rialuithe mar sin i gcion go háirithe ar dhaoine a thrasnaíonn an teorainn dá saol laethúil (obair, oideachas, cúram sláinte, cuairteanna teaghlaigh) mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19. Leis an togra cuirtear úsáid mhéadaithe beart malartach éifeachtach chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a sainaithníodh ar shlándáil inmheánach nó ar bheartas poiblí seachas ar rialuithe teorann inmheánacha, mar shampla, seiceálacha méadaithe a dhéanann na póilíní nó údaráis eile i réigiúin teorann, faoi réir coinníollacha áirithe. Áirítear leis an togra freisin an bhféidearthacht go bhféadfadh an Chomhairle rialacha ceangailteacha a ghlacadh go tapa lena leagtar amach srianta taistil sealadacha do náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha i gcás bagairt don tsláinte phoiblí. Soiléirítear leis freisin na bearta is féidir leis na Ballstáit a ghlacadh chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach i gcás ina mbaineann tríú tíortha leas as imircigh chun críocha polaitiúla.

Tá sé ina chuspóir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2020 31 feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí atá riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha tábhachtacha an Aontais a choinneáil ar bun. Is é is aidhm leis an tionscnamh sin creat cuimsitheach a chruthú chun tacú leis na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh eintitis ríthábhachtacha a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha ábalta teagmhais shuntasacha cur isteach amhail guaiseacha nádúrtha, timpistí nó sceimhlitheoireacht a chosc, cosaint a thabhairt ina gcoinne, freagairt orthu, cur ina gcoinne, iad a mhaolú, iad a ionsú, freastal orthu agus teacht slán uathu. Cumhdófar sa Treoir aon phríomhearnáil déag, lena náirítear fuinneamh, iompar, baincéireacht agus sláinte.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir le hAnailís ar Bhearnaí san Infheistíochta sa Chosaint agus an Bealach chun Tosaigh, sainaithníodh roinnt saincheisteanna lena n‑áirítear cumas Bhonn Tionsclaíochta Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (chomh maith leis an mBonn Teicneolaíochta Tionsclaíoch na Cosanta Domhanda) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais soláthair um chosaint na mBallstát atá le teacht, agus roinnt beart a chur ar aghaidh.

I gcomhthéacs athbhreithniú na Treorach Ginearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí 2001/95/CE, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna i dtaobh an bhféadfaí, agus a mhéid a d’fhéadfaí, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna táirgthe a dtugtar aghaidh orthu le rialacha Omnibus a mhéid a bhaineann le hearraí a chumhdaítear faoi chórais chomhchuibhithe éagsúla i gcomhthéacs ar leith na n‑earraí neamh-chomhchuibhithe agus cad iad na modúlachtaí a úsáidfí.

Comhsheasmhacht le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais

Tacóidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí leis an Ardionadaí agus é ag feidhmiú mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais laistigh den Choimisiún. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais faoi údarás an Ardionadaí a bhfeidhmeanna mar ionadaithe seachtracha de chuid an Aontais agus cuideoidh siad, de réir mar is ábhartha, le hidirphlé seachtrach.

Idirghníomhú le hionstraimí eile

Féadfaidh an Coimisiún tacú leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme chun tionchair géarchéimeanna nádúrtha nó géarchéimeanna de dhéantús an duine ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, a ullmhú agus freagairt orthu tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (TSI) 32 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 114, 21 agus 45 CFAE.

I gcomhthéacs géarchéime, d’fhéadfaí dul i bhfeidhm ar an Margadh Aonair mar gheall ar chuma an chur isteach shonraigh agus na nganntanas is gné den ghéarchéim sin, chomh maith leis na srianta a d’fhéadfadh a bheith laistigh den Aontas ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar iarracht aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sin. Is é an cuspóir ginearálta leis an tionscnaimh na sásraí agus na nósanna imeachta a leagan síos, lena n‑éascófar a cheadú chun ullmhú do ghéarchéimeanna féideartha agus do chur isteach féideartha ar fheidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Dírítear bearta den sórt sin freisin ar na bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Aontas a íoslaghdú le linn géarchéime. De bhrí go gcumhdaítear na bearta a bhaineann le saorghluaiseacht earraí agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi bhunús dlí an mhargaidh inmheánaigh, ceanglaítear le forálacha um shaorghluaiseacht daoine go mbraithfidh an Rialachán ar Airteagal 21 agus ar Airteagal 45 CFAE freisin. Maidir le géarchéim a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair an Mhargaidh Aonair, ní mór bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon ghanntanas arna shainaithint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ríthábhachtach i gcás géarchéime a chosaint ar fud an Aontais ar fad.

Maolóidh roinnt beart sa togra seo ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá ann cheana nó comhlánóidh siad í, bunaithe ar bhunús dlí ginearálta an mhargaidh inmheánaigh. Is bearta eisceachtúla iad bearta amhail méadú ar acmhainneacht táirgeachta le haghaidh gníomhaíochtaí earraí agus seirbhísí i gcás géarchéime a éascú, dlús a chur leis na nósanna imeachta maidir le ceadú, orduithe a chur in ord tosaíochta agus cúltacaí straitéiseacha a fhorbairt agus a dháileadh, agus tá sé mar aidhm leo freagairt chomhleanúnach ar ghéarchéimeanna amach anseo a áirithiú agus ilroinnt an Mhargaidh Aonair a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail cúltacaí straitéiseacha nó orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh na Margadh Aonair ar an ngnáthbhealach arís. Baineann cur chuige céimnithe de réir a chéile leis na bearta sin, agus leanann neamhghníomh oibreoirí eacnamaíocha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim lena mbaineann má roghnaítear bearta níos ceangailtí.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud an Mhargaidh Aonair comhtháite go domhain. Tá an caidreamh idir cuideachtaí, soláthraithe seirbhíse, cliaint, tomhaltóirí agus oibrithe atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla agus a bhraitheann ar a gcearta saorghluaiseachta ag éirí níos coitianta. Léirítear leis an géarchéimeanna a bhí ann roimhe seo, go mbíonn dáileadh na gcumas táirgthe ar fud an Aontais míchothrom go minic. An tráth céanna, i gcás géarchéime, d’fhéadfadh an téileamh ar earraí nó ar sheirbhísí i gcás géarchéime ar fud chríoch an Aontais a bheith míchothrom freisin toisc go bhfuil roinnt réigiún san Aontas atá leochaileach agus neamhchosanta go díréireach ar shuaití sa slabhra soláthair 33 , go háirithe na réigiúin is forimeallaí san Aontas atá suite na mílte ciliméadar ó mhórthír na hEorpa. Ní féidir an cuspóir um fheidhmiú rianúil gan bhriseadh an Mhargaidh Aonair a bhaint amach trí bhearta náisiúnta aontaobhacha. Thairis sin, fiú más féidir aghaidh a thabhairt go pointe áirithe le bearta arna nglacadh ina naonar ag na Ballstáit ar na heasnaimh a eascraíonn as géarchéim ar an leibhéal náisiúnta, is dócha i ndáiríre go ndéanfaí an ghéarchéim sin a mhéadú tuilleadh ar fud Aontais Eorpaigh leo, trí bhacainní breise a chur ar shaorghluaiseacht agus/nó trí bhrú breise a chur ar tháirgí a bhfuil tionchar ag ganntanais orthu cheana féin.

Inniúlacht is ea rialacha a thabhairt isteach lena rialaítear feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chomhroinntear idir an tAontas agus na Ballstáit. Tá líon suntasach de chreataí an Aontais lena rialaítear gnéithe éagsúla i bhfeidhm cheana féin agus cuireann siad le hoibriú rianúil an Mhargaidh Aonair trí shraitheanna comhleanúnacha rialacha a leagan síos a bhfuil feidhm acu ar fud chríocha uile na mBallstát. Leagtar síos go ginearálta i gcreataí an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, áfach, rialacha maidir le feidhmiú an Mhargaidh Aonair ó lá go lá, lasmuigh d’aon chás géarchéime ar leith. Níl aon sraith chothrománach rialacha agus sásraí ann faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe amhail an phleanáil theagmhasach, an réamh- mheastachán agus an faireachán géarchéimeanna agus na bearta freagartha géarchéime, a bheadh i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach ar fud earnálacha eacnamaíocha agus ar fud an Mhargaidh Aonair ar fad.

Tá sé mar chuspóir leis an ionstraim éigeandála cur chuige comhordaithe a áirithiú chun géarchéimeanna lena mbaineann éifeachtaí tábhachtacha thar theorainneacha nó go sonrach i réigiúin teorann nó sa dá chás sin a réamh-mheas, ullmhú ina leith agus freagairt orthu, agus a chuireann bagairt ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, agus i gcás nach bhfuil aon ionstraim de chuid an Aontais atá ann cheana nó i gcás nach leagtar síos forálacha atá ábhartha i gcás géarchéime atá ann cheana. Trí bhearta teagmhasacha agus faireachais a chur i bhfeidhm ar fud an Mhargaidh Aonair, féadfar comhordú na mbeart freagartha i gcás géarchéime a éascú. Ina theannta sin, is féidir bearta den sórt sin a chomhlánú trí chomhordú agus trí chomhar éifeachtach agus éifeachtúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit le linn na géarchéime lena áirithiú go nglacfar na bearta is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.

Níl sé i gceist leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair sraith mhionsonraithe forálacha ar leibhéal an Aontais a leagan síos ar cheart brath orthu go heisiach i gcás géarchéime. Ina ionad sin, tá sé i gceist leis an ionstraim cur i bhfeidhm comhleanúnach de mheascáin fhéideartha a leagan síos agus a áirithiú idir na forálacha a ghlactar ar leibhéal an Aontais mar aon le rialacha maidir le comhordú na mbeart a ghlactar ar leibhéal na mBallstát. I dtaca leis sin, dhéanfaí na bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh ar leibhéal an Aontais ar bhonn na hIonstraime Éigeandála le haghaidh Mhargaidh Aonair a chomhordú leis na bearta freagartha a ghlac na Ballstáit agus chomhlánódh siad iad. D’fhonn comhordú agus comhlántacht den sórt sin a éascú, leagtar amach san Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair bearta sonracha ar cheart do na Ballstáit staonadh óna bhforchur a luaithe a dhéanfar éigeandáil sa Mhargadh Aonair ar leibhéal an Aontais a ghníomhachtú.

Sa chomhthéacs sin, is éard a bheadh i gceist le breisluach don ionstraim seo ná sásraí a leagan síos le haghaidh bealach cumarsáide tapa agus struchtúrtha idir an Coimisiún agus na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise nuair a bheadh an Margadh Aonair faoi bhrú, agus a bheith ábalta na bearta is gá a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach – dlús a chur leis na sásraí atá ann cheana agus uirlisí nua spriocdhírithe a chur leis le haghaidh géarchéimeanna. D’áiritheofaí leis freisin trédhearcacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus d’áiritheofaí go mbeadh faisnéis iomchuí ar fáil do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a bhraitheann ar a gcearta saorghluaiseachta faoi na bearta is infheidhme sna Ballstáit uile. Méadófaí leis sin an deimhneacht dhlíthiúil, rud a chuirfeadh ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh.

Buntáiste eile a bhainfeadh le beart sa réimse seo is ea na huirlisí athléimneachta is gá a thabhairt don Aontas chun iomaíochas thionscal an Aontais a chothú i gcomhthéacs geopholaitiúil inar féidir lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta agus lenár n‑iomaitheoirí brath cheana ar ionstraimí dlí chun faireachán struchtúrtha a dhéanamh ar shuaití sa slabhra soláthair agus chun bearta freagartha féideartha amhail cúltacaí straitéiseacha a ghlacadh.

Comhréireacht

Rinneadh na bearta chuimsítear sa Rialachán seo a shaincheapadh go cúramach lena áirithiú nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach lena chuspóir a bhaint amach, is é sin, feidhmiú rianúil gan bhriseadh an Mhargaidh Aonair a áirithiú. Comhlánaítear leis na bearta gníomh na mBallstát i gcás nach féidir aidhmeanna an Rialacháin a bhaint amach trí ghníomh aontaobhach ag na Ballstáit. Cuirtear san áireamh iontu an gá go mbeadh na hoibreoirí eacnamaíocha ábalta na gnáthrioscaí gnó a bhainistiú, go mbeadh a bpleananna teagmhais féin acu agus go dtiocfaidís ar thionscnaimh chun saincheisteanna a bhaineann leis an slabhra soláthair a réiteach. Déantar freastal air sin go sonrach trí oibleagáidí an Choimisiúin dul i gcomhairle leis na hoibreoirí eacnamaíocha sula mbainfidh siad leas as bearta éigeandála éigeantacha sa Mhargadh Aonair, amhail iarratais ar fhaisnéis éigeantach agus orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo.

An rogha ionstraime

Is i bhfoirm Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá tionscnamh na hIonstraime Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair. De bhrí, i gcás forálacha atá leagtha síos i Rialachán, ní gá do na Ballstáit iad a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta faoi seach, éascófaí leis an ionstraim dlíthiúil shonrach sin a áirithiú go gcuirfí na forálacha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

Leis an Rialachán atá beartaithe, tabharfar isteach nósanna imeachta atá comhlántach leis an Treoir maidir le Trédhearcacht sa Mhargadh Aonair nó leis an Treoir maidir le Seirbhísí agus atá le cur i bhfeidhm ar an modh éigeandála. Soiléirítear leis an Rialachán an gaol idir na creataí dlíthiúla ábhartha ach gan na creataí dlíthiúla faoi seach a leasú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit agus as a dtagann cur isteach tromchúiseach agus a néilítear beart láithreach ina leith ("Rialachán Sú Talún"). De réir a meastóireachta a tugadh chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus atá tacaithe ag staidéar seachtrach, is annamh a úsáidtear an sásra seo agus tá a chóras malartaithe faisnéise easnamhach toisc go bhfuil sé rómhall agus as dáta 34 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara idir Deireadh Fómhair 2021 agus Bealtaine 2022. Áiríodh iad seo a leanas ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin: glao ar fhianaise a foilsíodh ar an tairseach ‘Tabhair do thuairim’ agus a bhí ar oscailte ón 13 Aibreán go dtí an 11 Bealtaine 2022, comhairliúchán poiblí a rinneadh trí cheistneoir a foilsíodh ar an tairseach chéanna sa tréimhse chéanna, trí cheardlann do pháirtithe leasmhara ar an 6 Bealtaine 2022, shuirbhé Ballstát i mBealtaine 2022 agus agus comhairliúcháin spriocdhírithe a rinneadh trí chruinnithe le Ballstáit agus le páirtithe leasmhara sonracha.

Aontaíonn páirtithe leasmhara den chuid is mó leis an ngá atá le saorghluaiseacht áirithiú chomh maith le trédhearcacht agus comhordú níos fearr i dtréimhsí géarchéime. Tháinig an chuid is mó de na heispéiris a ndearna páirtithe leasmhara cur síos orthu ó ghéarchéim COVID-19. Maidir le hinfhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, léirigh na Ballstáit tacaíocht do bhearta amhail an soláthar poiblí a chomhordú, mear-mheasúnú comhréireacht agus faireachas margaidh feabhsaithe. Chuir roinnt Ballstát imní in iúl faoi bhearta leathana ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a chur san áireamh i gcás nach bhfuil géarchéim ar bith romhainn, gan slabhraí soláthair spriocdhírithe a shonrú. Cé gur chuir roinnt páirtithe leasmhara gnó imní in iúl maidir le bearta éigeantacha a dhíríonn ar oibreoirí eacnamaíocha, léirigh roinnt eile díobh tacaíocht do chomhordú agus do thrédhearcacht níos fearr, do bhearta lena n‑áiritheofar saorghluaiseacht oibrithe, mearfhógraí faoi bhearta náisiúnta, nósanna imeachta meara maidir le caighdeáin Eorpacha, pointí faisnéise aonair an Aontais agus náisiúnta a fhorbairt agus a fhoilsiú, agus ionsamhlúcháin éigeandála do shaineolaithe.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an méid seo a leanas i measc na fianaise agus na sonraí a úsáideadh chun an Measúnú Tionchair a fhorbairt:

‘Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach’, staidéar a rinneadh ar iarratas ó Choiste EP IMCO;

Meastóireacht ar an ‘Rialachán Sú Talún’ (CE) Uimh. 2679/98 agus an staidéar seachtrach a thacaíonn leis;

Meastóireacht ar an gCreat Nua Reachtaíochta;

Faisnéis agus/nó fianaise ábhartha a bhailítear i gcomhthéacs tionscnaimh agus sásraí freagartha géarchéime an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe a ullmhú, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí comhairliúcháin nó staidéir measúnaithe tionchair (e.g. an Gníomh um Shonraí, Uirlis Faisnéise an Mhargaidh Aonair (SMIT), Creat Slándála Sláinte an Aontais, Cód Teorainneacha Schengen, Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú, an sásra freagartha géarchéime polaitiúla comhtháite (IPCR), Plean teagmhasach le haghaidh iompair, Rialachán Deimhnithe COVID-19 an Aontais, Moladh 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith srian ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus a hoiriúnuithe);

Staidéir acadúla agus litríocht ar an tionchar a bhí ag géarchéimeanna roimhe seo ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, chomh maith le páipéir seasaimh atá ann cheana agus doiciméid eile arna ndréachtú ag páirtithe leasmhara ábhartha;

Ailt nuachtáin agus ábhair nuachtáin.

Bhraith an Measúnú Tionchair tuilleadh ar an bhfaisnéis a fuarthas ó ghníomhaíochtaí comhairliúcháin mar a shonraítear sa tuarascáil achoimrithe atá in Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair.

Tá bonn fianaise na tuarascála teoranta go mór mar gheall ar líon réasúnta íseal na bhfreagraí ar an nglao ar fhianaise agus ar an gcomhairliúchán poiblí, agus easpa staidéar tacaíochta. Chun an cás sin a leigheas, ar an 6 Bealtaine 2022, reáchtáil an Coimisiún ceardlann do pháirtithe leasmhara ar ar fhreastail líon mór páirtithe leasmhara agus rinne sé sraith comhairliúcháin spriocdhírithe, go háirithe leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

I gcomhréir leis Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair 35 . Sa Mheasúnú Tionchair rinneadh meastóireacht ar thrí rogha beartais lena mbunaítear comhlacht rialachais agus creat maidir le pleanáil theagmhasach, faireachas agus modhanna éigeandála. Dhéanfaí modh faireachais an Mhargaidh Aonair agus modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú de réir critéir shonracha agus de réir sásraí spreagtha. Bheadh gníomhachtú breise de dhíth le haghaidh bearta áirithe sa bhosca uirlisí.

Ar bhonn anailíse ar spreagthaí fadhbanna agus ar bhearnaí sa reachtaíocht earnáilsonrach, sainíodh ocht mbloc tógála beart trí bhearta a ghrúpáil i mbloic a bhí á gcur i bhfeidhm ag amanna éagsúla (i gcónaí, sa mhodh faireachais agus sa mhodh éigeandála). I gcás na mbloc tógála go léir, rinneadh anailís ar thrí chur chuige beartais idir bhearta neamhreachtacha (cur chuige 1) agus chur chuige hibrideach (cur chuige 2) agus chreat reachtach níos cuimsithí (cur chuige 3). Ar bhonn na hanailíse sin, coinníodh roinnt cur chuige nó gach cur chuige do gach bloc tógála agus cuireadh le chéile iad i dtrí rogha beartais réalaíocha a thagann le leibhéil éagsúla uaillmhéine polaitiúla agus tacaíochta do pháirtithe leasmhara:

Modh

Bloic thógála

Rogha Beartais 1

TRÉDHEARCACHT

Rogha Beartais 2

COMHAR

Rogha Beartais 3

DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

I gcónaí

1. rialachas, comhordú agus comhar

Cur chuige 2

Grúpa Comhairleach Foirmiúil mar fhóram ar leibhéal teicniúil agus oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa in oirchill na géarchéime

I gcónaí

2. pleanáil theagmhasach géarchéime

Cur chuige 2

Moladh do na Ballstáit maidir le measúnú riosca, oiliúint agus druileanna & coimre beart freagartha géarchéime

Cur chuige 3

- Moladh do na Ballstáit maidir le measúnú riosca & coimre beart freagartha géarchéime agus

- Oibleagáid an Choimisiúin maidir le measúnú riosca ar leibhéal an Aontais

- Oibleagáid ar na Ballstáit oiliúint rialta a chur ar an bhfoireann bainistithe géarchéime ábhartha

Faireachais

3. Faireachais an Mhargaidh Aonair

Cur chuige 2

- Moladh do na Ballstáit maidir le bailiú faisnéise a bhaineann le slabhraí soláthair straitéiseacha sainaitheanta

- Moltaí do na Ballstáit maidir le cúltacaí straitéiseacha earraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a fhorbairt

Cur chuige 3

- Oibleagáid ar Bhallstáit faisnéis a bhailiú maidir le slabhraí soláthair straitéiseacha sainaitheanta

- Oibleagáid ar an gCoimisiún liosta a dhréachtú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta le spriocanna le haghaidh cúltacaí straitéiseacha

- Oibleagáidí ar na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha a 36 fhorbairt d’earraí roghnaithe lena mbaineann tábhacht straitéiseach má tá cúltacaí straitéiseacha na mBallstát i bhfad níos lú ná na spriocanna

Éigeandáil

4. príomhphrionsabail agus príomhbhearta tacaíochta chun saorghluaiseacht le linn éigeandála a éascú

Cur chuige 2

Príomhphrionsabail na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a threisiú i rialacha ceangailteacha i gcás inarb iomchuí le haghaidh bainistiú éifeachtach géarchéime

Éigeandáil

5. trédhearcacht agus cúnamh riaracháin le linn éigeandála

Cur chuige 3

Mearshásra ceangailteach fógrúcháin déanta, piarmheasúnú sealadach agus an fhéidearthacht go bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil na bearta ar tugadh fógra ina leith ar neamhréir le dlí an Aontais; pointí teagmhála agus ardán leictreonach

Éigeandáil

6. dlús a chur le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh le linn éigeandála

Cur chuige 2

Leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht um chomhchuibhiú an Mhargaidh Aonair atá ann cheana: táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh níos tapúla; Is féidir leis an gCoimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh; Tabharfaidh na Ballstáit tús áite don fhaireachas margaidh le haghaidh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime

Éigeandáil

7. soláthar poiblí le linn éigeandála

Cur chuige 2

Foráil nua maidir le soláthar comhpháirteach/ceannach comhpháirteach ag an gCoimisiún i gcás roinnt Ballstát nó i gcás gach Ballstát

Éigeandáil

8. bearta a théann i bhfeidhm ar shlabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime le linn modh éigeandála

Cur chuige 1

Treoir maidir le cur leis an acmhainneacht táirgeachta; nósanna imeachta ceadaithe a bhrostú; glacadh le horduithe earraí ábhartha i gcás géarchéime agus iad a chur in ord tosaíochta

Moltaí do ghnólachtaí faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a roinnt

Cur chuige 2

Moltaí do na Ballstáit maidir le táirgí stoc-charntha a dháileadh; nósanna imeachta ceadaithe a bhrostú; spreagadh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha glacadh le horduithe iad a chur in ord tosaíochta

Cumhacht a thabhairt do na Ballstáit 37 oibleagáid a chur ar oibreoirí eacnamaíocha cur leis an acmhainneacht táirgeachta agus aghaidh a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis cheangailteach chuig oibreoirí eacnamaíocha

Cur chuige 3

Oibleagáidí na mBallstát 38 táirgí a stoc-charnadh roimhe sin a dháileadh; nósanna imeachta ceadaithe a bhrostú,

Oibleagáidí gnólachtaí orduithe a ghlacadh agus iad a chur in ord tosaíochta; cur leis an acmhainneacht táirgeachta agus faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar

Níor cuireadh rogha tosaíochta i láthair leis an Measúnú Tionchair, ach fágadh roghnú na roghanna faoi chinneadh polaitiúil. Comhfhreagraíonn na bearta a roghnaíodh sa togra dlí do Rogha Beartais 3 maidir leis na bloic thógála go léir cé is moite de bhloc tógála 8. Maidir le bloc tógála 8, roghnaíodh meascán de Rogha Beartais 1 (chun cur le táirgeacht), Rogha Beartais 2 (maidir le táirgí stoc-charntha a dháileadh agus nósanna imeachta ceadaithe a bhrostú), agus Rogha Beartais 3 (maidir le hoibleagáidí gnólachtaí orduithe a ghlacadh agus iad a chur in ord tosaíochta agus faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar).

An 15 Meitheamh 2022, chuir an Coimisiún an Measúnú Tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB). Thug RSB tuairim dhiúltach, ag tabhairt dá aire go háirithe (1) an gá le faisnéis shoiléir mhionsonraithe a sholáthar a bhaineann le héigeandáil an Mhargaidh Aonair a tuaradh lena n‑áirítear sainmhíniú, na critéir agus na sásraí cinnteoireachta chun é a bhunú agus a fhoirceannadh agus na bearta a chuirfí chun feidhme lena linn; (2) an gá le measúnú críochnúil a sholáthar ar thionchair na roghanna beartais; agus (3) an gá le meascáin mhalartacha de roghanna beartais ábhartha a chur i láthair, chomh maith leis na cuir chuige beartais, agus an chomparáid a nascadh leis an anailís ar na tionchair. Chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin, sholáthair an Coimisiún sainmhíniú soiléir ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, shonraigh sé na critéir agus na sásraí cinnteoireachta, mhínigh sé na trí mhodh um fheidhmiú SMEI agus shonraigh sé bloc tógála SMEI a chuirfí i ngníomh faoin modh sin. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an measúnú tionchair chun níos mó cineálacha tionchair a chlúdach, i.e. tionchair eacnamaíocha do phríomhpháirtithe leasmhara (na gnólachtaí, na Ballstáit agus an Coimisiún), tionchair ar FBManna, tionchair ar iomaíochas, iomaíocht, trádáil idirnáisiúnta, agus tionchair idirdhealaithe a tharlódh leis na héifeachtaí láithreacha agus a bhféadfaí a bheith ag súil leo faoi na modhanna faireachais agus éigeandála. Ina theannta sin, leis an Measúnú Tionchair sainíodh trí rogha beartais mhalartacha bunaithe ar mheascán de chuir chuige éagsúla i leith roinnt de na bloic thógála, soláthraíodh measúnú ar thionchar na roghanna sin agus leathnaíodh an chomparáid idir na roghanna chun comhréireacht agus coimhdeacht a chlúdach.

An 29 Iúil 2022, chuir an Coimisiún an Measúnú Tionchair athbhreithnithe faoi bhráid RSB. Thug RSB tuairim dhearfach le barúlacha ansin. Bhain na tuairimí sin leis an ngá le hiniúchadh breise a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla géarchéime a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, chun an t‑idirghníomhú le bearta féideartha arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 4(2) CFAE a leagan amach ar bhealach níos soiléire agus chun bonn cirt leordhóthanach a thabhairt do chuid de na bearta atá beartaithe ó thaobh na coimhdeachta agus na comhréireachta de. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha sin, cuireadh tásca leis maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag géarchéimeanna amach anseo, tugadh míniú níos fearr ar idirghníomhú le bearta féideartha faoi Airteagal 4(2) CFAE agus cuireadh tuilleadh sonraí leis maidir leis na bearta éigeantacha dá bhforáiltear faoin modh éigeandála.

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a léirítear na moltaí maidir le RSB sa tuarascáil ar an Measúnú Tionchair le fáil in Iarscríbhinn 1, pointe 3, den Mheasúnú Tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

De réir Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ba cheart go mbeadh sé d’aidhm le gach tionscnamh darb aidhm reachtaíocht reatha an Aontais a athrú cuspóirí beartais sonraithe a shimpliú agus a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtúla (i.e. costais rialála neamhriachtanacha a laghdú).

Soláthraítear sa togra bosca uirlisí de bhearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, lena gcuimsítear sraith beart is infheidhme i gcónaí chomh maith le bearta áirithe nach infheidhme iad ach amháin i modhanna faireachais nó éigeandála, a ghníomhachtófar astu féin. Níl aon chostais riaracháin ann do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a chuirfí i bhfeidhm le héifeacht láithreach agus le linn ghnáthfheidhmiú an Mhargaidh Aonair.

I gcás beart ar dóigh go mbeidh tionchair láidre agus costais fhéideartha ar FBManna mar thoradh orthu, go háirithe bearta amhail iarratais ar fhaisnéis éigeantach, iarratais chun cur le táirgeacht agus glacadh le horduithe arna rátáil de réir tosaíochta, le linn ghníomhachtú breise na mbeart sin, déanfaidh an Coimisiún anailís agus measúnú sonrach maidir lena dtionchar agus lena gcomhréireacht, go háirithe maidir lena dtionchar ar FBManna. Beidh an measúnú sin ina chuid den phróiseas chun na bearta sonracha sin a ghníomhachtú tuilleadh trí ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún (sa bhreis ar ghníomhachtú foriomlán an mhodha éigeandála). Ag brath ar chineál na géarchéime agus na slabhraí soláthair straitéiseacha lena mbaineann agus na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, cuirfear chomhréitigh shonracha ar fáil do FBManna. Cé nach féidir micrifhiontair a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme na mbeart amhail iarratais ar fhaisnéis éigeantach, toisc go bhféadfadh fios gnó uathúil nó paitinní lena mbaineann tábhacht chriticiúil a bheith ag na fiontair sin i gcás géarchéime, áireofar i gcomhréitigh shonracha dearaí suirbhéireachta simplithe, riachtanais tuairiscithe nach bhfuil chomh tromchúiseach, agus spriocdhátaí níos faide do fhreagairtí, a mhéid is féidir i bhfianaise an ghá le práinn i gcomhthéacs géarchéim ar leith.

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 lena mbunaítear sásra freagartha chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar shaorghluaiseacht earraí atá inchurtha i leith Ballstáit agus as a dtagann cur isteach tromchúiseach agus a n‑éilítear beart láithreach ina leith ("Rialachán Sú Talún"). Mar thoradh air sin, déanfar an creat dlíthiúil a shimpliú.

Cearta bunúsacha

Leis an Rialachán seo agus go háirithe leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus leis na bearta lena n‑éascaítear athearraíocht a bhaint as línte táirgeachta chomh maith leis na bearta lena n‑éascaítear méadú na hacmhainneacht táirgeachta, déantar difear do shaoirse oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sa Mhargadh Aonair chun gnó a dhéanamh arna leagan amach in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair . Tá na srianta sin curtha in oiriúint go cúramach agus tá siad cothromaithe i gcoinne leasanna ríthábhachtacha na sochaí. Déantar foráil sna forálacha maidir le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo do roinnt cosaintí do na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir na n‑orduithe sin, d’fhonn déine an tsriain a chothromú.

D’fhéadfadh na hiarratais ar fhaisnéis éigeantach chuig oibreoirí eacnamaíocha dul i bhfeidhm freisin ar chosaint rún gnó agus faisnéise íogaire eile de chuid oibreoirí eacnamaíocha. Déantar foráil sa Rialachán, áfach, i leith cosaintí agus ráthaíochtaí nach ndéanfar iarratais den sórt sin ar fhaisnéis ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha fíor-riachtanach chun éigeandáil sa Mhargadh Aonair a réiteach agus nach mbeidh sí ar fáil ar bhonn deonach nó ó fhoinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, agus go ndéanfar an fhaisnéis a fhaightear a láimhseáil go cúramach, agus rúndacht agus neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó á n‑áirithiú, beidh na srianta sin comhréireach agus beidh údar maith leo.

Ar deireadh, is ionann na smachtbhannaí dá bhforáiltear i leith sáruithe ar na hiarratais ar fhaisnéis éigeantach chuig oibreoirí eacnamaíocha agus na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus srianta ar an gceart chun maoine atá leagtha amach in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Ós rud é gur socraíodh méideanna na bhfíneálacha ar leibhéil atá athchomhairleach mar is cuí, ach nach bhfuil iomarcach, agus go bhfuil tréimhse a n‑iarratais teoranta ó thaobh ama de, agus go bhféadfaí cur ina n‑éadan os comhair CBAE, is ionann iad agus srianta comhréireacha a bhfuil údar leo i ndáil leis an gceart chun maoine.

Urramaítear leis an Rialachán an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh agus chun trialach córa dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt. Athdhearbhaítear inti an ceart atá ag oibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir iarratais ar fhaisnéis agus orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a gcearta a chosaint os comhair CBAE agus déantar soláthar inti do dheiseanna cur i gcoinne iarratas den sórt sin ón gCoimisiún i nósanna imeachta riaracháin roimhe sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bhainfeadh impleachtaí buiséadacha na dtograí le trí chatagóir caiteachais. Bheadh costais athfhillteacha na foirne laistigh den Choimisiún cumhdaithe i bprionsabal faoin gceannteideal ‘Caiteachas riaracháin’ agus bheadh costais ar na gníomhaíochtaí oiliúna a bhí beartaithe agus méadú riachtanach na huirlise TF a úsáidtear don chóras fógraí cumhdaithe faoin gClár don Mhargadh Aonair. Faoin socrú reatha, maidir leis na costais a bhaineann leis an modh éigeandála, eadhon cúltacaí straitéiseacha a fhorbairt an soláthar slán, amhail na costais a bhaineann le soláthar earraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, is iad na Ballstáit amháin a íocfadh astu agus ní bheadh aon tionchar ar acmhainní an Aontais. Chumhdófaí i bprionsabal na costais bhreise bhainistíochta sa Choimisiún a eascraíonn as géarchéim, nach féidir a thuar de réir a gcineáil, trí athdháileadh inmheánach acmhainní an Aontais faoin gceannteideal 1 ‘Margadh aonair, nuálaíocht agus digiteach’ agus/nó faoi cheannteideal 7 ‘Caiteachas riaracháin’.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht, ar chomhleanúnachas, ar ábharthacht agus ar bhreisluach AE maidir leis an tionscnamh reachtach sin agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún cúig bliana i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha reachtacha. Féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh bunaithe ar an tuarascáil mheastóireachta maidir le feabhas a chur ar an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair.

Rachfar i gcomhairle leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe um maoiniú go léir arna n‑eisiúint ar bhonn an Rialacháin seo, lena áirithiú go ndéanfar clásail frithchalaoise a chomhtháthú go hiomchuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé d’aidhm ag SMEI ailtireacht chuimsitheach ullmhachta agus freagartha géarchéime a bhunú a bheidh comhdhéanta de na príomh-chomhpháirteanna seo a leanas:

grúpa comhairleach;

creat maidir le pleanáil theagmhasach;

creat maidir le faireachas an Mhargaidh Aonair agus

creat le haghaidh éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.

1.Grúpa comhairleach

Is é an ról a bheidh ag an ngrúpa seo comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar na géarchéime ar an Margadh Aonair a chosc nó aghaidh a thabhairt air. Féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i ngníomhú agus i raon feidhme mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair a chinneadh agus féadfaidh sé anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha a bhailítear go deonach nó go héigeantach, lena n‑áirítear ó na hoibreoirí eacnamaíocha. Beidh an comhlacht lárnach sin comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát ag a bhfuil saineolas ar chúrsaí an Mhargaidh Aonair mar chomhaltaí buana, agus de bhreathnóirí a dhéanann ionadaíocht do chomhlachtaí ábhartha géarchéime eile amhail Grúpa na Comhairle um Fhreagairt Chomhtháite ar Ghéarchéimeanna Polaitiúla, an Bord um Ghéarchéimeanna Sláinte, an Coiste Slándála Sláinte, Bord Eorpach Leathsheoltóirí, an Sainghrúpa Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt maidir le Sábháilteacht Bia, etc. Eagróidh an Coimisiún na cruinnithe agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu.

2.Creat maidir le pleanáil theagmhasach

I ngnáth-thréimhsí nuair nach dócha go mbeidh aon teagmhas tobann ann nó i gcás go bhfuil éifeachtaí diana cur isteach aige cheana féin ar an Margadh Aonair, áirithíonn fórsaí an mhargaidh feidhmiú na ngnólachtaí agus an Mhargaidh Aonair. Ní éilítear leis an gcreat pleanála teagmhais céim ghníomhachtaithe agus tá sé comhdhéanta de:

(a)Socruithe le haghaidh prótacail ghéarchéime agus cumarsáide agus oiliúint géarchéime agus insamhaltaí éigeandála d’fhonn comhar agus malartú faisnéise tráthúil a áirithiú idir an Coimisiún, na Ballstáit agus comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus oiliúint agus cleachtaí a eagrú maidir le cásanna féideartha éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.

(b)Foláirimh ad hoc don chóras luathrabhaidh maidir le haon teagmhais a chuireann isteach go suntasach/go dian ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí, nó a d’fhéadfadh cur isteach go suntasach/go dian orthu. Agus tábhacht nó tromchúis an chur isteach á cinneadh, cuirfear paraiméadair réamhchinntithe san áireamh, amhail líon na noibreoirí eacnamaíocha a ndeachthas i bhfeidhm orthu, an limistéar geografach nó fad an chur isteach.

3.An creat maidir le faireachas an Mhargaidh Aonair

Is é seo an creat a bheidh ann le haghaidh tionchair teagmhas suntasach nach bhfuil ina gcás iomlán éigeandála sa Mhargadh Aonair go fóill. Ní mór é a ghníomhachtú é, nuair a d’fhéadfadh teagmhas a tharla cur isteach go mór ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus atá ag brath ar ionchuir neamh-éagsúlaithe agus neamh-ionadacha nó a chruthaíonn comharthaí go bhfuil ganntanas mór earraí agus seirbhísí den sórt sin ann. Áirítear leis an gcreat sin sraith beart amhail:

(a)Faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a sainaithníodh sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear sa chreat um pleanáil theagmhasach agus a bhféadfaí cur isteach go mór ar a soláthar mar gheall gur tharla theagmhas. Déanfaidh na Ballstáit an faireachán sin ar bhonn iarratais dheonacha ar fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na nearraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach (amhail acmhainneacht táirgeachta, stoic, teorainneacha soláthraithe, féidearthachtaí maidir le héagsúlú agus ionadú, coinníollacha éilimh, baic) chuig na gníomhaithe uile ar feadh an tslabhra soláthair ábhartha earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus chuig páirtithe ábhartha eile atá bunaithe i gcríoch náisiúnta na mBallstát.

(b)Cúltacaí straitéiseacha a fhorbairt, ar beart é sin atá faoi réir gníomhachtú breise trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme breise ón gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún liostaí a dhréachtú de spriocanna aonair agus neamhcheangailteacha le haghaidh na gcúltacaí straitéiseacha ar cheart do na Ballstáit iad a choimeád. Déanfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach de mheon dlúthpháirtíochta, a ndícheall cúltacaí straitéiseacha na nearraí a shainaithnítear mar earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a fhorbairt. D’fhéadfadh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, as a stuaim féin, nó má iarrann 14 Bhallstát air é, measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta breise a dhéanamh chun cúltacaí straitéiseacha na nearraí sin a fhorbairt. I ndiaidh measúnú den sórt sin atá tacaithe ag sonraí oibiachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun go mbeidh an sprioc aonair éigeantach do Bhallstát amháin nó níos mó;

(c)Soláthar poiblí: i) soláthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát agus ii) soláthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach ag na Ballstáit

4.An creat le haghaidh éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.

Le gníomhachtú éigeandála sa Mhargadh Aonair cuirfear roinnt beart freagartha éigeandála i bhfeidhm láithreach, ina gcuimseofar:

(a)Bearta chun trédhearcacht a fheabhsú: Oibleagáidí ar na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le haon dréachtbheart a bhaineann le hearraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach chomh maith le srianta ar shaorghluaiseacht daoine i gcás géarchéime, mar aon leis na cúiseanna leis na bearta sin;

(b)Gníomhaíochtaí chun saorghluaiseacht a athbhunú agus a éascú: ceanglais ghinearálta maidir le srianta ar shaorghluaiseacht le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair (liosta de phríomhphrionsabail) chomh maith le forálacha maidir le srianta toirmiscthe.

(c)Cosc a chur ar shrianta ar chearta saorghluaiseachta le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair lena gceanglaítear ar na Ballstáit staonadh ó chosc a thabhairt isteach, mar shampla, ar earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus aon srian ar onnmhairiú táirgí nó seirbhísí

bac a chur ar a saorghluaiseacht;

cur isteach ar a gcuid slabhraí soláthair agus

ganntanais sa Mhargadh Aonair a chruthú nó a mhéadú;

(d)Soláthar poiblí: i) soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát agus ii) soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ag na Ballstáit

(e)Gníomhaíochtaí chun infhaighteacht agus soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú

éascaíocht a dhéanamh ar mhéadú nó athrú cuspóra na nacmhainní táirgeachta atá ann cheana, nó ar bhunú acmhainní nua táirgeachta le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;

méadú na nacmhainní atá ann cheana nó bunú acmhainní nua a bhaineann le gníomhaíochtaí a éascú;

tabhairt isteach beart lena náiritheofar solúbthacht rialála, lena náirítear maidir le ceadú, a dhírítear ar tháirgeadh agus ar chur ar an margadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú

(f)Leithdháileadh spriocdhírithe agus comhordaithe cúltacaí straitéiseacha

Féadfaidh an Coimisiún a mholadh do na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha de chuid an Aontais a dháileadh agus, i gcás nach mbeidh na cúltacaí sin ar fáil nó nach mbeidh siad leordhóthanach, cúltacaí straitéiseacha de chuid na mBallstát ar bhealach spriocdhírithe, i gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ann gur cuireadh isteach go mór ar an slabhra soláthair earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus as a dtagann ganntanas mór earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, lena n‑áirítear i limistéir gheografacha atá an-leochaileach i leith cur isteach den sórt sin, amhail na réigiúin is forimeallaí san Aontas.

(g)Bearta éigeandála de chineál eisceachtúil lena néilítear gníomhachtú breise:

iarratais ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha

Iarrfaidh an Coimisiún, más gá i gcás ganntanais mhóra earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó i gcás bagairt láithreach orthu agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach ainmnithe, ar eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíocha nó, más gá, ar oibreoirí eacnamaíocha aonair a bhfuil slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime acu faisnéis spriocdhírithe a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena n‑acmhainneacht táirgeachta agus leis na suaití atá sa slabhra soláthair faoi láthair.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán atá bunaithe ar aon iarratas spriocdhírithe ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha nó chuig eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíocha i láthair an Ghrúpa Chomhairligh ainmnithe.

orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo

Sa chéad chéim, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha glacadh le hord ionchur agus iad a chur in ord tosaíochta chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó orduithe chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó a sholáthar mar tháirgí deiridh.

Sa dara céim, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, ar a stuaim féin nó má iarrann 14 Bhallstát air é, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo maidir leis na hearraí sin, agus seasamh an oibreora eacnamaíoch agus na bpáirtithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist á chur san áireamh. I ndiaidh measúnú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún díriú ar ghníomh cur chun feidhme lena gceanglaítear ar oibreoir eacnamaíoch glacadh le horduithe ionchuir maidir le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó le horduithe earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar tháirgí deiridh agus iad a chur in ord tosaíochta. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha, laistigh de 10 lá oibre, diúltú glacadh leis an oibleagáid sin, agus míniú a thabhairt ar na cúiseanna a mbeidh údar cuí leis sin a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a chur ar fáil go poiblí. Tabharfar tús áite, má ghlactar léi, don oibleagáid ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó poiblí.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar imthosca an cháis, lena náirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Cuirfear phraghas cóir réasúnta ar an ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis;leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht um chomhchuibhiú an táirge

(b)Leis an mbeart sin, beifear ábalta dlús a chur leis na hearraí sainaitheanta atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh trí nósanna imeachta éigeandála a thabhairt isteach le haghaidh measúnú comhréireachta, sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla agus faireachas margaidh a ghlacadh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair.

2022/0278 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, 21 agus 45 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 39 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 40 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Léiríodh le géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, go bhféadfaí cur isteach go mór ar an margadh inmheánach (dá ngairtear an Margadh Aonair agus a shlabhraí soláthair freisin) mar gheall ar ghéarchéimeanna den sórt sin, agus go bhfuil uirlisí cuí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordaithe in easnamh, nach gclúdaítear iontu gach gné den Mhargadh Aonair nó nach néascaítear leo freagairt thráthúil ar thionchair den sórt sin.

(2)Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leor chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta, go háirithe i dtús phaindéim COVID-19 agus maidir leis na bearta ad hoc arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a athbhunú agus chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime le linn phaindéim COVID-19, ba bhearta frithghníomhacha iad a bhí dosheachanta ag an am. Léiríodh leis an bpaindéim freisin nach raibh forléargas leordhóthanach ar acmhainní monaraíochta ar fud an Aontais chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann leis na slabhraí soláthair domhanda.

(3)Cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar gheall ar easpa bearta pleanála teagmhais ar fud an Aontais agus mar gheall ar a shoiléire faoin cén pháirt den riarachán náisiúnta lena ndéanfaí teagmháil chun réitigh thapa a fháil ar an tionchar ar an Margadh Aonair de bharr na géarchéime. Ina theannta sin, bhí sé soiléir go ndéanfaí tionchair na géarchéime ar an margadh aonair níos measa fós leis na gníomhaíochtaí sriantacha neamh-chomhordaithe arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais a mhéid a bhaineann le pleanáil theagmhasach, comhordú ar an leibhéal teicniúil agus comhar agus malartú faisnéise.

(4)Thug eagraíochtaí ionadaíocha na noibreoirí eacnamaíocha le fios nach raibh go leor faisnéise ag oibreoirí eacnamaíocha faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna na mBallstát le linn na paindéime, mar gheall go páirteach nach raibh a fhios acu cá bhfaighidís an fhaisnéis sin, mar gheall go páirteach ar shrianta teanga agus ar an ualach riaracháin a bhain le fiosruithe a bheith á ndéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit go léir, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhí ag síorathrú. Chuir sé sin bac orthu cinntí gnó eolacha a dhéanamh maidir lena mhéid a fhéadfadh siad brath ar a gcearta saorghluaiseachta nó leanúint le hoibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais

(5)Leis na teagmhais sin a tharla le déanaí, leagadh béim freisin ar an ngá go mbeadh an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo , go háirithe agus iarmhairtí leanúnacha an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a eascraíonn as sin á meas againn, mar aon leis an gcóras domhanda eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Ós rud é nach fios cén cineál géarchéimeanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn san am atá romhainn agus go bhféadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair amach anseo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici maidir le tionchair réimse leathan géarchéimeanna ar an Margadh Aonair.

(6)D’fhéadfadh a dhá oiread de thionchar a bheith ag géarchéim sa Mhargadh Aonair. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair a bheith mar thoradh ar ghéarchéim, rud a chuirfeadh isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh sin. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh géarchéim cur le ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair. Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán ar an dá chineál tionchair ar an Margadh Aonair.

(7)Ós rud é gur deacair aon ghné shonrach de ghéarchéimeanna amach anseo a thuar a mbeadh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i leith creat ginearálta chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghéarchéim ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair a réamh-mheas, ullmhú dóibh, iad a mhaolú agus iad a íoslaghdú. .

(8)Ba cheart creat na mbeart a leagtar amach faoin Rialachán seo a dháileadh ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a choimeád, lena náirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht, an tord poiblí nó an tsláinte phoiblí a urramú, ar an bhfreagracht ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a chosaint agus ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna riachtanacha stáit eile a chosaint, lena náirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an dlí agus an tord a chaomhnú.

(9)Chun na críche sin, déanfar foráil sa Rialachán seo maidir le:

na modhanna is gá chun feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair, na ngnólachtaí a fheidhmíonn ar an Margadh Aonair agus a slabhraí soláthair straitéiseacha a áirithiú, lena náirítear saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí i gcás géarchéime do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime;

fóram le haghaidh comhordú, comhar leordhóthanach agus malartú faisnéise; agus

na modhanna maidir le hinrochtaineacht thráthúil agus infhaighteacht na faisnéise atá riachtanach le haghaidh freagairt spriocdhírithe agus iompar leordhóthanach margaidh ag gnólachtaí agus saoránaigh le linn géarchéime.

(10)Nuair is féidir, ba cheart go néascófar leis an Rialachán seo réamh-mheastachán teagmhas agus géarchéimeanna, ag forbairt ar anailís leanúnach a bhaineann le réimsí tábhachtacha straitéiseacha gheilleagar an Mhargaidh Aonair agus le hobair fhadbhreathnaitheach leanúnach an Aontais.

(11)Níor cheart go ndéanfar dúbláil leis an Rialachán seo ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena náirítear Rialachán (AE) …/… maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte [Rialachán SCBTH (COM/2020/727)], Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú [Rialachán Réime maidir le hÉigeandálaí (COM/2021/577)], Rialachán (AE )…/… maidir le sainordú leathnaithe ECDC [Rialachán ECDC (COM/2020/726)] agus Rialachán (AE) 2022/123 maidir le sainordú leathnaithe EMA [Rialachán EMA]. Dá bhrí sin, sula ndéanfar táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile, nuair a bheidh siad curtha ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6 (1) den Chreat Éigeandála déanfar iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht le linn na héigeandála sa Mhargadh aonair, agus go háirithe na cinn a bhaineann le saorghluaiseacht agus an sásra fógrúcháin a athbhunú agus a éascú.

(12)Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo an sásra maidir le Freagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil arna oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena hobair ar thionchair géarchéimeanna trasearnála sa Mhargadh Aonair a bhfuil cinnteoireacht pholaitiúil ag teastáil ina leith.

(13)Ba cheart go mbeadh Rialachán seo gan dochar do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’). Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo comhlántach le UCPM agus ba cheart go dtacódh sé leis, a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht earraí criticiúla agus saorghluaiseacht oibrithe cosanta sibhialta, lena náirítear a dtrealamh, i gcás géarchéimeanna a thagann faoi réimse freagrachta an tsásra sin.

(14)Ba cheart go mbeadh Rialachán seo gan dochar d’Airteagal 55 go hAirteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir leis an bplean ginearálta um bainistiú géarchéime i réimse an bhia agus na beatha, arna chur chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/300 ón gCoimisiún.

(15)Ba cheart go mbeadh an Rialachán gan dochar don Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM). Mar sin féin, ba cheart táirgí bia a rialú le forálacha an Rialacháin seo, lena náirítear na forálacha sin a bhaineann leis an sásra fogrúcháin agus a bhaineann le srianta ar chearta saorghluaiseachta. Féadfar na bearta a bhaineann le táirgí bia a dtugtar fógra ina leith faoin Rialachán seo a athbhreithniú freisin maidir lena gcomhlíonadh maidir le haon fhorálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais.

(16)Chun cineál eisceachtúil oibriú bunúsach Mhargadh Aonair éigeandáil Margaidh Aonair agus ar na hiarmhairtí forleathana a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis a chur san áireamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt go heisceachtúil don Chomhairle chun modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú de bhun Airteagal 281(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(17)Le hAirteagal 21 CFAE leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe leagtha síos i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais a fhéadfar a úsáid chun údar a thabhairt do bhearta den sórt sin. Is iad na forais sin beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar shaoirse gluaiseachta má bhíonn siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh i leith forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.

(18)A mhéid a bhaineann leis na bearta chun saorghluaiseacht daoine a athbhunú agus a éascú agus maidir le haon bheart eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá siad bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaítear leo siad Treoir 2004/38/CE gan dul i gcion ar chur i bhfeidhm na Treorach sin tráth a mbeadh éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar bhearta sin go dtabharfaí údarú nó údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó forálacha eile de dhlí an Aontais.

(19)Le hAirteagal 45 CFAE leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a threisiú, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Áirítear ar bhearta den sórt sin na pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá nionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin rialachán seo.

(20)Má ghlacann na Ballstáit bearta a bhaineann le saorghluaiseacht earraí nó daoine, earraí nó saoirse chun seirbhísí a sholáthar mar ullmhúchán d’éigeandálaí an Mhargaidh Aonair agus lena linn, ba cheart dóibh na bearta sin a theorannú don mhéid is gá agus iad a bhaint a luaithe is féidir de réir an cháis. Le bearta den sórt sin ba cheart prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú agus staid ar leith na réigiún teorann a chur san áireamh.

(21)Ba cheart go spreagfadh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le srianta saorghluaiseachta atá ábhartha i gcás géarchéime.

(22)Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhoiriúnacht aon dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith nó aon bheart a glacadh le prionsabal na comhréireachta, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag teacht chun cinn agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit a bhíonn teoranta go minic agus iad ag iarraidh na rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime a laghdú. I gcás ina mbeidh údar leis agus inar gá é sna himthosca, féadfaidh an Coimisiún breathnú, bunaithe ar aon fhaisnéis atá ar fáil, lena náirítear faisnéis speisialaithe nó eolaíoch, ar fhiúntas argóintí na mBallstát, ar argóintí iad a bhraitheann ar phrionsabal an réamhchúraim, mar chúis le srianta ar shaorghluaiseacht daoine a ghlacadh. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar leis na bearta sin dlí an Aontais agus nach gcruthaítear leo bacainní gan údar ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Ba cheart don Choimisiún freagairt d’fhógraí na mBallstát chomh tapa agus is féidir, ag cur san áireamh imthosca na géarchéime ar leith, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach leis an Rialachán seo.

(23)Lena áirithiú nach núsáidfear na bearta sonracha éigeandála de chuid an Mhargaidh Aonair dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun freagairt d’éigeandáil áirithe sa Mhargadh Aonair, ba cheart go gceanglófaí gníomhachtú aonair le bearta den sórt sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, ina léireofar na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin agus na hearraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(24)Ina theannta sin, d’fhonn comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus urraim chuí do ról na noibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú ach amháin i gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ábalta réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnta. Ba cheart an fáth leis sin a chur in iúl i ngach gníomh den sórt sin, agus maidir le gach gné ar leith géarchéime.

(25)Níor cheart don Choimisiún iarratais ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá chun freagairt go leordhóthanach d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair a fháil, amhail an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthair ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát nó chun acmhainneacht táirgeacht monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a mheas, ar earraí iad ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó de bharr faisnéise a cuireadh ar fáil go deonach.

(26)Le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, nuair is gá, ba cheart go spreagfaí cur i bhfeidhm nósanna imeachta áirithe freagartha i gcomhair géarchéimeanna lena dtugtar isteach coigeartuithe ar na rialacha lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais. Leis na nósanna imeachta sin um fhreagairt ar ghéarchéimeanna, ba cheart go mbeifí ábalta táirgí, arna nainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go tapa i gcomhthéacs éigeandála. Ba cheart do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tús áite a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime roimh aon iarratas leanúnach eile ar tháirgí eile. Ar an láimh eile, i gcásanna ina bhfuil moill mhíchuí ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla náisiúnta ábalta údaruithe a eisiúint chun táirgí, nach cuireadh faoin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme a chur ar a margadh faoi seach, ar n gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais sábháilteachta is infheidhme. Ní bheidh na húdaruithe sin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit eisiúna agus beidh siad teoranta d’fhad éigeandáil an Mhargaidh Aonair. Ina theannta sin, chun an méadú ar sholáthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú, ba cheart solúbthachtaí áirithe a thabhairt isteach i ndáil leis an sásra um thoimhde comhréireachta. I gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, ba cheart do mhonaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith ábalta brath freisin ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena gcuirtear leibhéal coibhéiseach cosanta ar fáil do na caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha. I gcásanna nach ann do na caighdeáin sin nó i gcás go meastar go bhfuil sé thar a bheith deacair iad a chomhlíonadh mar gheall ar an gcur isteach ar an Margadh Aonair, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a eisiúint a bhaineann le cur i bhfeidhm deonach nó le cur i bhfeidhm éigeantach chun réitigh theicniúla atá réidh le húsáid a sholáthar do na monaróirí.

(27)Chun na coigeartuithe atá ábhartha i gcás géarchéime ar rialacha comhchuibhithe ábhartha earnála an Aontais a thabhairt isteach, is gá coigeartuithe spriocdhírithe ar na 19 gcreat earnála seo a leanas: Treoir 2000/14/CE, Treoir 2006/42/AE, Treoir 2010/35/AE, Treoir 2013/29/AE, Treoir 2014/28/AE, Treoir 2014/29/AE, Treoir 2014/30/AE, Treoir 2014/31/AE, Treoir 2014/32/AE, Treoir 2014/33/AE, Treoir 2014/34/AE, Treoir 2014/35/AE, Treoir 2014/53/AE, Treoir 2014/68/AE, Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) 305/2011. Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála a bheith coinníollach ar éigeandáil an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú agus ba cheart go mbeadh sé teoranta do na táirgí atá ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(28)I gcásanna ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair ar an ngnáthbhealach arís.

(29)Chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a threisiú le linn mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair agus mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann.

(30)I gcás ina bhfuil ganntanas mór táirgí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, agus gur léir nach dtáirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar an margadh aonair aon earra den sórt sin, ach go mbeadh siad, i bprionsabal, ábalta athearraíocht a bhaint as a línte táirgeachta nó nach mbeadh sé d’acmhainn leordhóthanach acu na hearraí nó na seirbhísí is gá a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit mar rogha dheiridh bearta a dhéanamh chun cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht táirgeachta na monaróirí nó cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht na soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar a éascú nó a iarraidh. Agus é sin á dhéanamh aige, chuirfeadh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir le déine an ghanntanais agus an cineál earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a theastaíonn agus chuirfeadh sé tacaíocht agus comhairle ar fáil maidir leis an tsolúbthacht in acquis an Aontais chun na gcríoch sin.

(31)Leis na bearta lena náirithítear solúbthacht rialála, bheadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú a bheadh riachtanach chun feabhas a chur ar an gcumas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó chun seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.

(32)Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn i slabhraí soláthair i gcás géarchéime tús áite a thabhairt d’orduithe na nionchur is gá chun earraí deiridh i gcás géarchéime a tháirgeadh, nó d’orduithe na nearraí deiridh sin féin. I gcás go ndiúltódh oibreoir eacnamaíoch glacadh le horduithe den sórt sin agus tús áite a thabhairt dóibh, i ndiaidh fianaise oibiachtúil a bheith ann go bhfuil infhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime fíor-riachtanach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann glacadh le horduithe áirithe agus tús áite a thabhairt dóibh, agus beidh tosaíocht ag a gcomhlíonadh leo sin ar aon oibleagáid eile faoin dlí príobháideach nó poiblí. I gcás nach nglacfar leis an iarratas, ba cheart don oibreoir lena mbaineann na cúiseanna dlisteanacha leis an iarratas a dhiúltú a mhíniú. Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a phoibliú, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó.

(33)Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.

(34)I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, eadhon Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

(35)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht bearta tacaíochta a ghlacadh chun saorghluaiseacht daoine a éascú, chun liosta a bhunú de spriocanna aonair (cainníochtaí agus spriocdhátaí) le haghaidh na gcúltacaí straitéiseacha sin ar cheart do na Ballstáit iad a choinneáil, ionas go mbainfear na cuspóirí leis an tionscnamh amach. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an modh faireachais agus bearta faireachais a ghníomhachtú chun faireachán cúramach a dhéanamh ar na slabhraí soláthair straitéiseacha agus chun forbairt cúltacaí straitéiseacha d’earraí agus do sheirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a chomhordú. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le bearta sonracha práinnfhreagartha a ghníomhachtú tráth a bheadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair, chun freagairt thapa chomhordaithe a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(36)Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go sonrach, urramaítear leis ceart chun príobháideachta na noibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus an tsaoirse conartha, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus caingne a chosnaítear le hAirteagal 26 den Chairt agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh agus trialach cora dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Níor cheart go rachfaí i gcion leis an Rialachán ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear in CFAE.

(37)Tá an tAontas tiomanta go hiomlán i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bheart a mheastar is gá arna ghlacadh faoin Rialachán seo, lena náirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó chun faoiseamh a thabhairt ina leith, a chur chun feidhme ar bhealach atá spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(38)Cuimseofar i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhtháite ilearnála trasteorann um fhaireachas agus freagairt éigeandála an Mhargaidh Aonair a bhunú, go háirithe agus na hacmhainní, an acmhainneacht agus na leochaileachtaí ar fud na réigiún comharsanachta, go háirithe na réigiúin teorann á gcur san áireamh.

(39)Rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sa slabhra soláthair, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. Beidh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.

(40)Chun creat prótacal géarchéime a chur ar bun, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an creat rialála a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí maidir le comhar idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, malartú slán faisnéise agus malartú riosca agus cumarsáid i ndáil le géarchéimeanna a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos san Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(41)B’annamh a úsáideadh Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle lena bhforáiltear i leith sásra maidir le plé déthaobhach faoi bhacainní ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus tá sé as dáta. Léiríodh ina mheastóireacht nach féidir leis na réitigh dá bhforáiltear leis an Rialachán sin freastal ar na réaltachtaí a bhaineann le géarchéimeanna casta, nach bhfuil teoranta do theagmhais a tharlaíonn ag teorainneacha dhá Bhallstát chomharsanachta. Ba cheart é a aisghairm dá bhrí sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Cuid I
Forálacha Ginearálta

Teideal I
Raon feidhme

Airteagal 1
Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo creat beart chun tionchair géarchéimeanna ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh, chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair a áirithiú.

2.Áirítear leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:

(a)grúpa comhairleach chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, a chosc nó freagairt dóibh;

(b)bearta chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, a roinnt agus a mhalartú;

(c)bearta teagmhasacha atá dírithe ar réamh-mheas agus ar phleanáil;

(d)bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchair teagmhas suntasach de chuid an Mhargaidh Aonair nach raibh éigeandáil sa Mhargadh Aonair mar thoradh uirthi go fóill (faireachas sa Mhargadh Aonair), lena náirítear sraith beart faireachais agus

(e)bearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí an Mhargaidh Aonair, lena náirítear sraith de bhearta práinnfhreagartha.

3.Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ar gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhalartú go rialta eatarthu féin agus leis an gCoimisiún.

4.Féadfaidh an Coimisiún aon eolas speisialaithe agus/nó eolaíoch ábhartha a fháil, ar eolas é atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 2
An raon feidhme

1.Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le tionchair shuntasacha géarchéime ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair.

2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)táirgí íocshláinte dá sainítear in Airteagal 2, mír 2 de Threoir 2001/83/CE;

(b)feistí leighis arna sainiú i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ;

(c)frithbhearta leighis eile arna sainiú i bpointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… maidir le Bagairtí Tromchúiseacha Trasteorann ar Shláinte [Rialachán SCBTH]  44 agus a chuimsítear sa liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 (1) den togra le haghaidh] Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú 45 ;

(d)leathsheoltóirí arna sainiú in Airteagal 2(1) de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun an téiceachóras Eorpach leathsheoltóirí a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) 46 ;

(e)táirgí fuinnimh arna sainiú in Airteagal 2, mír 1, de Threoir 2003/96/CE 47 , leictreachas arna shainiú in Airteagal 2, mír 2 den Treoir sin agus táirgí eile dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 3, den Treoir sin.

(f)seirbhísí airgeadais amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena náirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36, chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus cúnta airgeadais eile.

3.De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 16 go 20 agus Airteagal 41 den Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.

4.Tá an Rialachán seo gan dochar do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a leagtar amach i gCinneadh 1313/13/AE agus don phlean ginearálta maidir le bainistiú géarchéime i réimse an bhia agus na beatha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

5.Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais (Airteagail 101 go 109 CFAE agus rialacháin cur chun feidhme), lena náirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.

6.Tá Rialachán seo gan dochar don Choimisiún:

(a)dul isteach, i gcomhairliúcháin nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun suaití sa slabhra soláthair a sheachaint, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí; nó

(b)measúnú a dhéanamh an iomchuí é srianta a fhorchur ar onnmhairiú earraí i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 .

7.Beidh aon ghníomhaíocht faoin Rialachán seo comhsheasmhach le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta

8.Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a chosaint nó dá gcumhacht feidhmeanna bunúsacha stáit a chosaint, lena náirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an tord poiblí a chaomhnú.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil gan choinne, tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál agus de scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas;

(2)ciallaíonn ‘modh faireachais an Mhargaidh Aonair’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go gcuirfí isteach go mór ar sholáthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a bhféadfadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair laistigh den chéad 6 mhí eile a bheith mar thoradh air;

(3)ciallaíonn ‘éigeandáil sa Mhargadh Aonair’ tionchar forleathan géarchéime ar an Margadh Aonair a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht an Mhargaidh Aonair nó ar fheidhmiú na slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha sa Mhargadh Aonair a choinneáil ar bun;

(4)ciallaíonn ‘limistéir a bhfuil tábhacht straitéiseach leo’ na limistéir sin a bhfuil tábhacht chriticiúil ag baint leo don Aontas agus dá Bhallstáit, is é sin le rá go bhfuil siad ríthábhachtach ó thaobh na slándála poiblí, na sábháilteachta poiblí, an oird phoiblí nó na sláinte poiblí de, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair;

(5)ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus nach féidir iad a ionadú ná a éagsúlú;

(6)ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun freagairt don ghéarchéim nó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair na géarchéime ar an Margadh Aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair;

(7)ciallaíonn ‘cúltacaí straitéiseacha’ stoc earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis agus a bhféadfadh sé go mbeadh gá le cúltaca a fhorbairt ina leith chun ullmhú d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, faoi rialú Ballstáit.

Teideal II
Rialachas

Airteagal 4
Grúpa comhairleach

1.Bunaítear grúpa comhairleach.

2.Beidh an grúpa comhairleach comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát. Ainmneoidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach.

3.Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa comhairleach agus áiritheoidh sé a rúnaíocht. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ionadaí ar Pharlaimint na hEorpa, ar ionadaithe ar Stáit CSTE ar páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad 49 , ar ionadaithe ar oibreoirí eacnamaíocha iad, ar eagraíochtaí páirtithe leasmhara iad, ar pháirtithe sóisialta agus ar shaineolaithe iad, freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh mar bhreathnóirí. Tabharfaidh sé cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an ghrúpa chomhairligh.

4.Chun críche pleanála teagmhais faoi Airteagal 6 go hAirteagal 8, tabharfaidh an grúpa comhairleach cúnamh agus comhairle don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na cúraimí seo a leanas:

(a)socruithe a mholadh maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit tráth mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair a bheadh sna prótacail ghéarchéime;

(b)measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha ar chuir na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina leith.

5.Chun críche chur i bhfeidhm mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 9, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)a dheimhniú an bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, agus raon feidhme na bagartha sin;

(b)fadbhreathnaitheacht, anailís sonraí agus faisnéis mhargaidh a bhailiú;

(c)dul i gcomhairle le hionadaithe na noibreoirí eacnamaíocha, lena náirítear FBManna, agus le lucht tionscail chun faisnéis faoin margadh a bhailiú;

(d)anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(e)malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena náirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(f)stór a choinneáil de bhearta géarchéime náisiúnta agus de bhearta an Aontais a úsáideadh i ngéarchéimeanna roimhe seo a raibh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair

6.Chun críche chur i bhfeidhm mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 14, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime arna bailiú ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún;

(b)a dheimhniú ar comhlíonadh na critéir maidir leis an modh éigeandála a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú;

(c)comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaítear chun freagairt d’éigeandáil an Mhargaidh Aonair ar leibhéal an Aontais;

(d)athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta géarchéime;

(e)malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena náirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta.

7.Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht gach comhlachta ar leibhéal an Aontais i gcás a ngéarchéime faoi seach. Comhoibreoidh agus comhordóidh an grúpa comhairleach go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí ábhartha eile i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú leis na bearta a chuirfear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) nó Creat Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an grúpa comhairleach go ndéanfar faisnéis a mhalartú leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM.

8.Tiocfaidh an grúpa comhairleach le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Ag a chéad chruinniú, ar thogra ón gCoimisiún agus le comhaontú ón gCoimisiún, glacfaidh an grúpa comhairleach a rialacha nós imeachta.

9.Féadfaidh an grúpa comhairleach tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh i gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach i mír 4 go mír 6.

Airteagal 5
Oifigí idirchaidrimh lárnacha

1.Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálacha, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile agus le hoifigí idirchaidrimh lárnacha ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú.

2.Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais le haghaidh teagmhálacha le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin Rialachán seo. Áiritheoidh an phríomhoifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais go ndéanfar comhordú agus malartú faisnéise le hoifigí lárnacha idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus a bhainistiú.

CUID II
Pleanáil teagmhasachta don Mhargadh Aonair

Airteagal 6
Prótacail ghéarchéime

1.Agus tuairim an ghrúpa chomhairligh agus ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais á cur san áireamh ag an gCoimisiún, tugtar de chumhacht dó, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creat lena leagtar amach prótacail ghéarchéime maidir le comhar i gcás géarchéime, le malartú faisnéise agus le cumarsáid i gcás géarchéimeanna i dtaca le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)comhar idir údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus modhanna éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair a bhainistiú;

(b)rialacha mionsonraithe ginearálta maidir le malartú slán faisnéise;

(c)cur chuige comhordaithe maidir le cumarsáid riosca agus géarchéime freisin i leith phobail agus ról comhordaithe don Choimisiún;

(d)bainistíocht an chreata.

2.Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit socruithe mionsonraithe riaracháin i bhfeidhm chun comhar tráthúil agus malartú slán faisnéise a áirithiú idir an Coimisiún, na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus na Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas:

(a)fardal údarás inniúil náisiúnta ábhartha, na hoifigí idirchaidrimh lárnacha arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Rialacháin seo faoin dlí náisiúnta;

(b)comhairliúchán le hionadaithe na noibreoirí eacnamaíocha agus na gcomhpháirtithe sóisialta, lena náirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí chun suaití féideartha sa slabhra soláthair a mhaolú agus freagairt dó agus chun ganntanais fhéideartha earraí agus seirbhísí sa Mhargadh Aonair a shárú;

(c)comhar teicniúil ar an leibhéal teicniúil sna modhanna faireachais agus éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair;

(d)cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordaithe don Choimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh go leordhóthanach;

3.Chun oibriú an chreata dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis, ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe le linn gnímh agus i ndiaidh gnímh a dhéanamh leis na Ballstáit, agus féadfaidh sé a mholadh do na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus do na Ballstáit an creat a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Airteagal 7
Oiliúint agus
ionsamhlúcháin

Eagróidh an Coimisiún an oiliúint maidir le comhordú géarchéime, comhar agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6 do bhaill foirne na n‑oifigí idirchaidrimh lárnacha ainmnithe. Eagróidh sé ionsamhlúcháin ina mbeidh foireann na n‑oifigí idirchaidrimh lárnacha ó na Ballstáit go léir páirteach bunaithe ar chásanna féideartha éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.



Airteagal 8
Foláirimh ad hoc le haghaidh luathrabhaidh

1.Tabharfaidh oifig idirchaidrimh lárnach Ballstáit fógra don Choimisiún agus do oifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile gan moill mhíchuí faoi aon teagmhais a chuireann isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha) nó a d’fhéadfadh cur isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha).

2.Déileálfaidh na hoifigí idirchaidrimh lárnacha agus aon údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena nurramófar a rúndacht, lena gcosnófar slándáil agus ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

3.Chun a chinneadh an bhfuil an cur isteach nó an cur isteach féideartha ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí suntasach agus ar cheart é a bheith ina ábhar i bhfoláirimh, cuirfidh oifig lárnach idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:

(a)líon na noibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cur isteach nó an cur isteach féideartha leo;

(b)fad nó fad réamh-mheasta cur isteach nó cur isteach fhéideartha;

(c)an limistéar geografach; an cion den Mhargadh Aonair a raibh tionchar ag an gcur isteach nó an gcur isteach féideartha orthu; an tionchar ar limistéir gheografacha shonracha go háirithe limistéir leochaileacha nó neamhchosanta i leith suaití sa slabhra soláthair, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas;

(d)éifeacht an chur isteach nó an chur isteach fhéideartha ar ionchuir neamh-in-éagsúlaithe agus neamh-ionadacha.

CUID III
Faireachas ar an Margadh Aonair

Teideal I
Modh faireachais

Airteagal 9
Gníomhachtú

1.I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin:

(a)measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim;

(b)liosta de na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach, agus

(c)na bearta faireachais atá le déanamh.

2.Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 10
Síneadh agus díghníomhachtú

1.Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé go bhfuil na cúiseanna leis an modh faireachais a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9(1) fós bailí, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, an modh faireachais a shíneadh ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme.

2.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann a thuilleadh, i ndáil le cuid de na bearta faireachais nó leis na bearta faireachais go léir nó i ndáil le cuid de na hearraí agus na seirbhísí, nó i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí go léir, déanfaidh sé an modh faireachais a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh cur chun feidhme.

3.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Teideal II
Bearta faireachais

Airteagal 11
Faireachán

1.Nuair a bheidh an modh faireachais gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.

2.Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe agus slána i leith faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil chun críche mhír 1, agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha. Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis bhailithe, lena náirítear rúin ghnó, a choinneáil faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát.

3.Déanfaidh na Ballstáit fardal a bhunú agus a choimeád de na hoibreoirí eacnamaíocha is ábhartha atá bunaithe ar a gcríoch náisiúnta faoi seach agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.

4.Ar bhonn an fhardail arna bhunú de bhun Airteagal 6, díreoidh na húdaráis náisiúnta inniúla iarratais ar sholáthar deonach faisnéise chuig na hoibreoirí is ábhartha feadh na slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 agus chuig páirtithe ábhartha eile atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta faoi seach. Sonrófar go háirithe sna hiarratais sin cén fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na nearraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a iarrtar. Gach oibreoir eacnamaíoch/páirtí leasmhara a chuirfidh faisnéis ar fáil go deonach, cuirfidh siad ar fáil í ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialófar an malartú faisnéise. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na torthaí ábhartha chuig an gCoimisiún agus chuig an ngrúpa comhairleach gan moill mhíchuí tríd an oifig idirchaidrimh lárnach faoi seach.

5.Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis agus áiritheoidh siad go gcoinneofar chomh híseal agus is féidir é.

6.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an ngrúpa comhairleach torthaí agus ionchais na héabhlóide a phlé, bunaithe ar an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach.

7.Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na torthaí comhiomlánaithe a sholáthar.

Airteagal 12
Cúltacaí straitéiseacha

1.Féadfaidh an Coimisiún, as measc na nearraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1), na hearraí sin a bhféadfadh sé go gcaithfí cúltacaí a fhorbairt ina leith a shainaithint chun ullmhú d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair a bhaint amach, agus dóchúlacht agus tionchar na nganntanas á gcur san áireamh. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi sin.

Déantar acmhainneachtaí ar cuid de chúltacaí rescEU iad i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

2.Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi na hearraí a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1), a mhéid a bhaineann le gach ceann díobh seo a leanas:

(a)an stoc reatha ina gcríoch;

(b)aon cheannachán breise a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(c)aon rogha maidir le soláthar malartach;

(d)faisnéis bhreise a d’fhéadfadh infhaighteacht earraí den sórt sin a áirithiú.

Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme na hearraí a bhfuil faisnéis le tabhairt ina leith.

Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún leibhéal na gcúltacaí straitéiseacha d’earraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach atá ina seilbh acu, agus leibhéil na stoc eile de na hearraí sin atá ina seilbh ina gcríoch.

3.Agus aird chuí á tabhairt ar stoic atá i seilbh oibreoirí eacnamaíocha nó á gcarnach acu ar a gcríoch, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall cúltacaí straitéiseacha a fhorbairt de na hearraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a shainaithnítear i gcomhréir le mír 1. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit lena niarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú.

4.I gcás inar féidir forbairt cúltacaí straitéiseacha earraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a shainaithnítear de bhun mhír 1 a dhéanamh níos éifeachtaí trí chuíchóiriú a dhéanamh i measc na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta a dhréachtú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de spriocanna aonair maidir leis na cainníochtaí agus na spriocdhátaí do na cúltacaí straitéiseacha sin ar cheart do na Ballstáit iad a choimeád. Agus na spriocanna aonair á leagan amach do gach Ballstát, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)dóchúlacht agus tionchar na nganntanas dá dtagraítear i mír 1;

(b)leibhéal stoic reatha na noibreoirí eacnamaíocha agus na gcúltacaí straitéiseacha ar fud an Aontais, agus aon fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha na noibreoirí eacnamaíocha chun a gcuid stoc a mhéadú;

(c)na costais a bhaineann le cúltacaí straitéiseacha dá leithéid a fhorbairt agus a choimeád.

5.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta faoi staid reatha a gcúltacaí straitéiseacha. I gcás ina mbeidh na spriocanna aonair dá dtagraítear i mír 4 bainte amach ag Ballstát, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas má bhíonn aon stoc de na hearraí lena mbaineann ar fáil dó de bhreis ar a sprioc. Míneoidh na Ballstáit nach bhfuil na spriocanna aonair bainte amach ag a gcúltacaí na cúiseanna leis sin don Choimisiún. Éascóidh an Coimisiún an comhar idir na Ballstáit a bhfuil a spriocanna bainte amach acu cheana féin agus na Ballstáit eile.

6.I gcás go dteipfidh go mór ar bhonn leanúnach ar chúltacaí straitéiseacha Ballstáit na spriocanna aonair dá dtagraítear i mír 4 a bhaint amach agus nach mbeidh oibreoirí eacnamaíocha ar a chríoch ábalta an teasnamh sin a chúiteamh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta breise a ghlacadh chun cúltacaí straitéiseacha earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo arna sainaithint de bhun mhír 1 a fhorbairt.

I ndiaidh measúnú den sórt sin, i gcás go ndeimhneoidh an Coimisiún, le tacaíocht ó shonraí oibiachtúla, an méid seo a leanas

(a)nach bhfuil aon athrú ar na riachtanais don earra lena mbaineann nó gur tháinig méadú air i gcomparáid leis an staid ag an am a socraíodh an sprioc dá dtagraítear i mír 4 den chéad uair nó nuair a leasaíodh go deireanach é de bhun mhír 4,

(b)go bhfuil rochtain ar an earra lena mbaineann fíor-riachtanach chun ullmhacht i gcomhair éigeandáil sa Mhargadh Aonair a áirithiú

(c)nár chuir an Ballstát lena mbaineann dóthain fianaise ar fáil chun an mhainneachtain an sprioc aonair a chomhlíonadh a mhíniú, agus

(d)go bhfuil imthosca eisceachtúla ann, sa mhéid go gcuireann mainneachtain an Bhallstáit sin, ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé don slabhra soláthair lena mbaineann cúltacaí straitéiseacha den sórt sin a fhorbairt, ullmhacht an Aontais i mbaol go mór i bhfianaise na bagartha atá ann go dtarlódh éigeandáil sa Mhargadh Aonair,

féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann a chúltacaí straitéiseacha de na hearraí lena mbaineann a fhorbairt faoi spriocdháta socraithe.

7.Agus é ag gníomhú faoin Airteagal seo, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú nach gcruthófar le cúltacaí straitéiseacha brú díréireach ar shlabhraí soláthair na nearraí a shainaithnítear i gcomhréir le mír 1, ná ar acmhainn fhioscach an Bhallstáit lena mbaineann.

Tabharfaidh an Coimisiún aird iomlán ar aon ábhar imní slándála náisiúnta a ardóidh na Ballstáit.

8.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 42(2).

Cuid IV
Éigeandáil sa Margadh Aonair

Teideal I
Modh éigeandála

Airteagal 13
Critéir maidir le gníomhachtú

1.Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a thromchúisí atá cur isteach lena fháil amach an gcáilíonn tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair mar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, déanfaidh sé an méid seo a leanas, bunaithe ar fhianaise láidir iontaofa, agus na táscairí seo a leanas á gcur san áireamh ar a laghad:

(a)bhí an ghéarchéim ina cúis le gníomhachtú aon sásra ábhartha freagartha géarchéime ón gComhairle, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nó na sásraí arna mbunú laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n áirítear [an togra le haghaidh] Rialachán (AE)... /… maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus [an togra le haghaidh] Rialachán (AE) …/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú;

(b)meastachán ar líon na noibríochtaí eacnamaíocha nó na núsáideoirí a bhraitheann ar earnáil shuaite ar earnálacha an Mhargaidh Aonair ar cuireadh isteach orthu chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;

(c)tábhacht na nearraí nó na seirbhísí lena mbaineann d’earnálacha eile;

(d)na tionchair i gcomhthéacs méide agus faid ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;

(e)ní raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta réiteach a sholáthar, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar ghnéithe áirithe na géarchéime ar bhonn deonach.

(f)staid margaidh na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann san earnáil nó sna hearnálacha lena mbaineann;

(g)an limistéar geografach atá buailte agus a d’fhéadfaí a bheith buailte, lena náirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha nó eacnamaíocha ríthábhachtacha sa Mhargadh Aonair a choimeád;

(h)tábhacht an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann maidir le leibhéal leordhóthanach soláthair na nearraí nó na seirbhísí a choimeád, agus infhaighteacht modhanna malartacha chun na hearraí nó na seirbhísí sin a sholáthar á cur san áireamh; agus

(i)easpa earraí, ionchuir nó seirbhísí ionaid.

Airteagal 14
Gníomhachtú

1.Féadfar modh Éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú i gcás nach ndearnadh modh faireachais an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna. I gcás ina ndearnadh an modh faireachais a ghníomhachtú roimhe seo, féadfar an modh éigeandála a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.

2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú.

3.Féadfaidh an Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonrófar fad tréimhse an ghníomhachtaithe sa ghníomh cur chun feidhme agus sé mhí ar a mhéad a bheidh i gceist leis.

4.Ní chuirtear cosc le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe ar ghníomhachtú ná ar chur i bhfeidhm leanúnach an mhodha faireachais agus dáileadh na mbeart a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.

5.A luaithe a ghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime trí ghníomh cur chun feidhme. Féadfar an liosta a leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme.

6.Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 15
Síneadh agus díghníomhachtú

1.I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim ón ngrúpa comhairleach á cur san áireamh aige, gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhachtaithe ina leith. Féadfaidh an Chomhairle cur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí ag an am trí ghníomh cur chun feidhme.

2.I gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ag an ngrúpa comhairleach gur cheart éigeandáil an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair a thuilleadh, molfaidh sé don Chomhairle gan mhoill modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú.

3.Na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 go hAirteagal 33 agus de bhun na nósanna imeachta éigeandála a tugadh isteach i gcreataí dlíthiúla an Aontais faoi seach trí bhíthin na leasuithe ar reachtaíocht earnála táirgí a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30 /AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach maidir le nósanna imeachta éigeandála maidir leis an maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, scoirfear d’fheidhm a bheith acu nuair a dhíghníomhófar fad mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dhul in éag na mbeart, ar bhonn na faisnéise a bhaileofar tríd an sásra faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 11.

Teideal II
saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair

Caibidil I
Bearta chun saorghluaiseacht a athbhunú agus a éascú

Airteagal 16
Ceanglais ghinearálta maidir le bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair

1.Agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh aonair agus ar an ngéarchéim is bun leo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh a ngníomhaíochtaí na Conarthaí agus dlí an Aontais ina niomláine agus, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

2.Beidh teorainn ama le haon srian agus cuirfear deireadh leis a luaithe de réir an cháis. Ina theannta sin, ba cheart staid na réigiún teorann a chur san áireamh le haon srian.

3.Ní chruthófar le haon cheanglas arna fhorchur ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí ualach riaracháin míchuí ná neamhriachtanach.

4.Cuirfidh na Ballstáit saoránaigh, tomhaltóirí, gnólachtaí, oibrithe agus a nionadaithe ar an eolas faoi bhearta a bhaineann lena gcearta saorghluaiseachta ar bhealach soiléir gan athbhrí.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na páirtithe uile lena mbaineann ar an eolas faoi bhearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena náirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhísí, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit idirphlé leanúnach leis na páirtithe leasmhara, lena náirítear cumarsáid le comhpháirtithe sóisialta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Airteagal 17
Srianta toirmiscthe ar chearta saorghluaiseachta le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair

1.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus le linn dóibh freagairt d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, staonfaidh na Ballstáit ó aon cheann díobh seo a leanas a thabhairt isteach:

(a)toirmisc ar onnmhairiú laistigh den Aontas nó bearta eile a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu ar earraí nó ar sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, mír 5;

(b)srianta ar onnmhairiú earraí laistigh den Aontas nó soláthar nó fáil seirbhísí, nó bearta a bhfuil éifeacht choibhéiseach leo, i gcás ina ndéantar aon cheann díobh seo a leanas leis na srianta sin

(i) cur isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, mír 5, nó

(ii) ganntanais earraí agus seirbhísí den sórt sin a chruthú nó a mhéadú ar an margadh aonair;

(c)idirdhealú idir Ballstáit nó idir saoránaigh, lena náirítear ina ról mar sholáthraithe seirbhíse nó oibrithe, bunaithe go díreach ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachtaí, suíomh na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh nó na príomháite gnó;

(d)srianta ar shaorghluaiseacht daoine a bhfuil baint acu le táirgeadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, mír 5 agus a gcodanna nó le soláthar seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, mír 5, nó bearta eile a bhfuil an éifeacht chéanna leo, ar earraí iad:

(i)    ina ganntanas lucht saothair riachtanach ar an Margadh Aonair a chruthú agus, dá bhrí sin, cur isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus ar sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó ganntanais earraí agus seirbhísí den sórt sin sa Mhargadh Aonair a chruthú nó a mhéadú nó

(ii)    bheith idirdhealaitheach go díreach bunaithe ar náisiúntacht an duine.

2.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus le linn dóibh freagairt d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, staonfaidh na Ballstáit ó aon cheann díobh seo a leanas, mura rud é gur gné dhílis de chineál na géarchéime é déanamh amhlaidh:

(a)rialacha níos flaithiúla a chur i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Ballstáit chomharsanachta, aon Bhallstáit eile nó grúpa Ballstát, i gcomparáid le hearraí de thionscnamh Ballstát eile;

(b)diúltú roghnaitheach d’iontráil earraí de thionscnamh Ballstáit shonraigh eile ina gcríoch;

(c)toirmisc ar oibriú iompair lasta a thabhairt isteach;

3.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus le linn dóibh freagairt d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, staonfaidh na Ballstáit ó aon cheann díobh seo a leanas, mura rud é gur gné dhílis de chineál na géarchéime/na héigeandála sa Mhargadh Aonair é déanamh amhlaidh:

(a)cineálacha seirbhísí nó modhanna soláthair seirbhíse a thoirmeasc;

(b)bac ar chur ar shreafaí iompair paisinéirí ;

4.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair agus le linn dóibh freagairt d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, staonfaidh na Ballstáit ó aon cheann díobh seo a leanas:

(a)rialacha níos flaithiúla a chur i bhfeidhm maidir le taisteal go dtí Ballstát amháin nó uaidh nó go dtí Ballstát eile nó uaidh go dtí grúpa Ballstát eile nó uaidh, i gcomparáid le taisteal agus go dtí Ballstáit eile agus uathu mura rud é gur gné dhílis de chineál na géarchéime/na héigeandála sa Mhargadh Aonair é déanamh amhlaidh;

(b)an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, an ceart chun dul isteach ar chríoch a mBallstát náisiúntachta nó cónaithe, an ceart chun imeacht as críoch na mBallstát chun taisteal go dtí an Ballstát náisiúntachta nó cónaithe, nó an ceart chun idirthuras trí Bhallstát chun an Ballstát náisiúntachta nó cónaithe a bhaint amach a dhiúltú do thairbhithe;

(c)toirmeasc a chur ar thaisteal gnó atá nasctha leis an taighde agus leis an bhforbairt, le táirgeadh earraí i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, mír 5, nó lena gcur ar an margadh nó leis na cigireachtaí gaolmhara;

(d)toirmisc a fhorchur ar thaisteal, lena náirítear taisteal ar chúiseanna fíor-riachtanacha teaghlaigh, nach bhfuil iomchuí chun aon leas dlisteanach poiblí a bhaint amach a bhfuil sé in ainm iad a bhaint amach le bearta den sórt sin nó a théann i bhfad thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm sin a bhaint amach;

(e)srianta a fhorchur ar oibrithe agus ar sholáthraithe seirbhíse agus ar a nionadaithe, ach amháin más gné dhílis de chineál na géarchéime/na éigeandála sa Mhargadh Aonair é agus nach dtéann sé i bhfad thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

5.I gcás gur gníomhachtaíodh éigeandáil sa Mhargadh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 14 agus nuair nach dtéann an ghéarchéim sa Bhallstát i bhfeidhm ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na soláthraithe seirbhíse, na hionadaithe gnó agus na hoibrithe, agus nuair is féidir taisteal sábháilte go sábháilte in ainneoin na géarchéime, ní chuirfidh an Ballstát sin srianta taistil ar na catagóirí sin daoine ó Bhallstáit eile lena gcuirfí cosc orthu rochtain a bheith acu ar a nionad oibre nó ar a nionad oibre.

6.I gcás gur gníomhachtaíodh éigeandáil sa Mhargadh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 14 agus mar gheall ar imthosca eisceachtúla de dheasca na géarchéime nach féidir le gach soláthraí seirbhíse, ionadaí gnó agus oibrí ó Bhallstáit eile taisteal agus rochtain gan bhac a bheith acu ar a nionad gníomhaíochta nó ar a nionad oibre, ach gur féidir taisteal fós, ní fhorchuirfidh na Ballstáit srianta taistil:

(a)Na soláthraithe seirbhísí sin a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5), nó ionadaithe gnó nó oibrithe a bhfuil baint acu le táirgeadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó le soláthar seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5) chun go mbeidh rochtain acu ar ionad a ngníomhaíochtaí, má cheadaítear gníomhaíochtaí san earnáil lena mbaineann fós sa Bhallstát;

(b)oibrithe cosanta sibhialta ionas go mbeidh rochtain gan bhac acu ar a nionad gníomhaíochta lena dtrealamh in aon cheann de na Ballstáit.

7.Agus na bearta dá dtagraítear san fhoráil seo á nglacadh ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go gcomhlíonfar go hiomlán na Conarthaí agus dlí an Aontais. Ní fhorléireofar aon ní san fhoráil seo mar ní lena núdaraítear nó lena dtugtar údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó ar fhorálacha eile dhlí an Aontais.

Airteagal 18
Bearta tacaíochta

1.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh i leith bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht daoine dá dtagraítear in Airteagal 17(6) agus in Airteagal 17 (7) a threisiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 422(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

2.Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, i gcás go ndeimhníonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhianú gur soláthraí seirbhíse é an toibreoir aonair nó an toibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaí nó oibrí gnó a bhfuil baint aige nó aici le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar nó gur oibrí cosanta sibhialta é nó í agus go measann sé go bhfuil úsáid teimpléid éagsúla ina bac ar shaorghluaiseacht tráth na héigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, má mheasann sé gur gá sin chun tacú le saorghluaiseacht na gcatagóirí sin daoine agus a dtrealaimh le linn na héigeandála reatha sa Mhargadh Aonair, chun a fhianú go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 17(6) i ngach Ballstát trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

3.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Caibidil II
Trédhearcacht agus cúnamh riaracháin

Airteagal 19
Fógra a thabhairt

1.Le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart atá ábhartha i gcás géarchéime, lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar aon le srianta ar shaorghluaiseacht daoine atá ábhartha i gcás géarchéime, lena náirítear oibrithe mar aon leis na cúiseanna leis na bearta sin.

Ní chuirfí le fógra den sórt sin cosc ar na Ballstáit na bearta lena mbaineann a ghlacadh má tá gá le gníomhaíocht láithreach mar gheall ar chúiseanna de bharr imthosca tromchúiseacha nach féidir a thuar. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin mbeart arna ghlacadh láithreach mar aon le húdar leis an ngá an beart a ghlacadh láithreach.

2.Soláthróidh na Ballstáit ráiteas don Choimisiún maidir leis na cúiseanna a fhágann go bhfuil údar le hachtú birt dá leithéid agus go bhfuil sé agus comhréireach, i gcás nár soiléiríodh na cúiseanna sin sa bheart dá dtugtar fógra cheana féin. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart nó a mionathraíodh leis an mbeart.

3.Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras faisnéise arna chur ar bun le haghaidh fógraí faoi Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 i gcomhair fógraí faoin Airteagal seo.

4.Cuirfidh an Coimisiún na bearta dá dtugtar fógra in iúl do na Ballstáit eile gan mhoill agus roinnfidh iad leis an ngrúpa comhairleach an tráth céanna.

5.Má roghnaíonn an grúpa comhairleach tuairim a thabhairt maidir le beart ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de cheithre lá oibre ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra maidir leis an mbeart sin.

6.Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear saoránaigh agus gnólachtaí ar an eolas faoi na bearta ar tugadh fógra ina leith, mura niarrfaidh na Ballstáit go na bearta a choinneáil faoi rún, nó mura measfaidh an Coimisiún go rachadh nochtadh na mbeart i bhfeidhm ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus ar na cinntí agus na barúlacha ó na Ballstáit arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

7.Cuirfidh na Ballstáit glacadh dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith siar ar feadh 10 lá ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear san Airteagal seo.

8.Laistigh de 10 lá ó dháta an fhógra a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon dréacht nó aon bheart a glacadh ag luí le dlí an Aontais, lena náirítear Airteagal 16 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith nuair a bheidh forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann chun a chreidiúint nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra barúlacha den sórt sin san áireamh. In imthosca eisceachtúla, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 10 lá a shíneadh. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin, socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.

9.Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt freisin don Bhallstát a thug fógra faoi bheart; cuirfidh an Ballstát sin barúlacha den sórt sin san áireamh.

10.Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra na bearta a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh chun na barúlacha a tugadh i gcomhréir le mír 8 a chomhlíonadh laistigh de 10 lá i ndiaidh dó iad a fháil.

11.Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra i gcomhréir le dlí an Aontais fós, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát sin gan an dréachtbheart dá dtugtar fógra a ghlacadh. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra téacs glactha dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.

12.Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil beart atá glactha cheana agus ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón bhfógra sin, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát é a dhíothú. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra téacs birt athbhreithnithe in iúl i gcás go mionathraigh sé an beart glactha ar tugadh fógra ina leith gan mhoill.

13.Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 a shíneadh ar bhonn eisceachtúil chun athrú ar imthosca a chur san áireamh, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag athrú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin agus socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.

14.Beidh na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus féadfar iad a eisiúint nuair atá forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann na bearta dá dtugtar fógra dlí an Aontais, lena náirítear Airteagal 16 nó Airteagal 17 den Rialachán seo, prionsabal na comhréireachta nó prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh glacadh na gcinntí sin gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún bearta a ghlacadh tráth níos déanaí, lena náirítear nós imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn Airteagal 258 CFAE.

15.Ní bheidh faisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo faoi rún ach amháin i gcás go niarrfaidh an Ballstát a bhfuil fógra á thabhairt aige an méid sin go sainráite. Bainfidh aon iarratas den sórt sin le dréachtbhearta agus tabharfar údar leis.

16.Foilseoidh an Coimisiún téacs na mbeart arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena náirítear oibrithe, a cuireadh in iúl trí bhíthin na bhfógraí dá dtagraítear san Airteagal seo agus trí fhoinsí eile. Foilseofar téacs na mbeart laistigh de lá oibre amháin i ndiaidh é a fháil trí bhíthin ardán leictreonach arna bhainistiú ag an gCoimisiún.

Airteagal 20
Nasc chuig sásraí eile maidir le fógra a thabhairt

1.I gcás go gceanglaítear ar Bhallstát fógra a thabhairt i leith birt faoi Airteagal 19 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2015/1535 51 , measfar go mbeidh an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 5 (1) de Threoir (AE) 2015/1535 comhlíonta freisin le fógra a thabharfar faoin Rialachán seo.

2.I gcás ina gceanglaítear ar Bhallstát fógra a thabhairt i leith birt faoi Airteagal 19 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 15(7) nó Airteagal 39 (5) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 , measfar go mbeidh na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach i dTreoir 2006/123/CE comhlíonta freisin le fógra a thabharfar faoin Rialachán seo. Mar an gcéanna, meastar gur Cinneadh a glacadh faoi Airteagal 15(7) de Threoir 2006/123/CE chun críocha na Treorach sin na Cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 19(11) agus Airteagal 19 (12) den Rialachán seo.

3.I gcás ina gceanglaítear ar Bhallstát fógra a thabhairt i leith birt faoi Airteagal 19 den Rialachán seo agus an Coimisiún a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , measfar gur chomhlíonadh leis an bhfógra sin an oibleagáid faisnéise a leagtar amach in Airteagal 59 (5) de Threoir 2005/36/CE freisin.

Airteagal 21
Pointí teagmhála aonair sna Ballstáit

1.Oibreoidh na Ballstáit pointí teagmhála aonair náisiúnta lena dtabharfar an cúnamh seo a leanas do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’oibrithe agus dá nionadaithe:

(a)cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe a bhaineann le héigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;

(b)cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a nionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shotuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é.

Airteagal 22
Pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais

1.Bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais.

2.Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an cúnamh seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá nionadaithe:

(a)cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha géarchéime ar leibhéal an Aontais atá ábhartha d’éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair nó a théann i gcion ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe;

(b)cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;

(c)liosta a chur le chéile leis na bearta náisiúnta géarchéime agus leis na pointí teagmhála náisiúnta ar fad.

Teideal III
Bearta práinnfhreagartha don Mhargadh Aonair

Caibidil I
Iarratais ar fhaisnéis spriocdhírithe agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime

Airteagal 23
Ceanglas maidir le déghníomhachtú

1.Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta ceangailteacha atá sa Chaibidil seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 26 agus le hAirteagal 27 (2) ach nuair a rinneadh Éigeandáil sa Mhargadh Aonair a ghníomhachtú trí gníomh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.I ngníomh cur chun feidhme lena dtabharfar isteach beart a áirítear sa Chaibidil seo liosta déanfar liosta soiléir sonrach de na hearraí agus na seirbhísí i gcéas géarchéime. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin ar feadh fad an mhodha éigeandála.

Airteagal 24
Iarratais ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha

1.I gcás ina bhfuil géarghanntanas atá ábhartha i gcás géarchéime nó ina bhfuil bagairt láithreach ganntanais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha nó ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn deonach, laistigh de theorainn ama shocraithe, maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus maidir le stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhpháirteanna díobh sin i saoráidí táirgthe an Aontais agus i saoráidí tríú tír ina noibríonn sé soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh aige nó ina gceannaíonn sé soláthar, chomh maith le faisnéis faoi aon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair laistigh de spriocdháta ar leith.

2.Mura dtarchuireann na seolaithe an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le mír 1 laistigh den teorainn ama agus mura dtugann siad bonn cirt bailí gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, a cheangal go dtarchuirfidh siad an fhaisnéis, ina léireofar sa ghníomh cur chun feidhme an fáth a bhfuil sé comhréireach agus riachtanach déanamh amhlaidh, agus na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann an tiarratas ar fhaisnéis agus ar an bhfaisnéis a iarrtar a shonrú, agus teimpléad a chur ar fáil, i gcás inar gá, leis na ceisteanna a d’fhéadfaí a dhíriú chuig na hoibreoirí eacnamaíocha.

3.Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na hiarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)faisnéis spriocdhírithe a thabhairt don Choimisiún maidir le hacmhainní táirgeacht agus maidir le stoic a d’fhéadfadh a bheith ann do na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhpháirteanna díobh i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i saoráidí táirgthe atá lonnaithe i dtríú tír a oibríonn an eagraíocht nó an toibreoir dá dtagraítear i mír 1 soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh acu nó ina gceannaíonn siad soláthar, agus lánurraim á tabhairt do rúin trádála agus gnó agus ceangal á chur orthu sceideal d’aschur táirgeachta ionchasach do na 3 mhí ina dhiaidh sin a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcás saoráid táirgthe atá lonnaithe san Aontas chomh maith le haon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair;

(b)faisnéis eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál nó ar mhéid aon chur isteach nó aon ghanntanas ar an slabhra soláthair.

4.I ndiaidh ghníomhachtú na niarratas ar fhaisnéis éigeantach chuig oibreoirí eacnamaíocha trí ghníomh cur chun feidhme, díreoidh an Coimisiún cinneadh foirmiúil chuig gach duine de na heagraíochtaí ionadaíocha sin nó chuig gach oibreoir eacnamaíoch i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme, ina niarrfar an fhaisnéis a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a sholáthar orthu. Beidh an Coimisiún ag brath, i gcás inar féidir, ar liostaí teagmhála ábhartha na noibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sna slabhraí soláthair roghnaithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, arna dtiomsú ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanacha a fháil faoi na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ó na Ballstáit.

5.Sna Cinntí ón gCoimisiún ina bhfuil iarratais aonair ar fhaisnéis, beidh tagairt don ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar a bhfuil siad bunaithe agus do chásanna géarghanntanas a bhaineann i gcás géarchéime nó bagairt láithreach ar ghéarchéimeanna ar eascair siad astu. Beidh údar cuí le haon iarratas ar fhaisnéis agus beidh sé comhréireach i dtéarmaí mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí, chomh maith le minicíocht na rochtana ar na sonraí arna niarraidh, agus beidh sé riachtanach do bhainistiú na héigeandála nó do thiomsú staidrimh oifigiúil ábhartha. Leagfar amach in iarratas teorainn réasúnta ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Cuirfear san áireamh ann an iarracht is gá chun na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch nó ag an eagraíocht ionadaíoch. Beidh cosaintí sa chinneadh foirmiúil freisin maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, cosaintí maidir le neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó atá sa fhreagra i gcomhréir le hAirteagal 25, agus faisnéis maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí conspóid ina leith os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 as mainneachtain comhlíonadh agus an amlíne le haghaidh freagra.

6.Féadfaidh úinéirí na hoibreoirí eacnamaíocha nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a mbunreachta, an fhaisnéis arna hiarraidh thar ceann an oibreora eacnamaíoch nó chomhlachas noibreoirí eacnamaíoch lena mbaineann a sholáthar. Cuirfidh gach oibreoir eacnamaíoch nó comhlachas oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis a iarradh ar fáil ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Dlíodóirí atá údaraithe go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin le bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

7.Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lena bhforchuir an Coimisiún iarratas éigeantach ar fhaisnéis ar oibreoir eacnamaíoch.

8.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta coiste dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 25
Rúndacht agus próiseáil na faisnéise

1.Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.

2.Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnda eile a gheofar agus a chruthófar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena náirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.

3.Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.

4.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán bunaithe ar aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 24 a chur i láthair an ghrúpa chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 4.

5.Ní roinnfidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar bhealach a d’fhéadfadh oibreoir aonair a shainaithint nuair a d’fhéadfadh damáiste tráchtála nó clú tarlú don oibreoir sin mar thoradh ar an bhfaisnéis a roinnt nó aon rún trádála a nochtadh.

Airteagal 26
Leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht chomhchuibhithe táirgí

Nuair a ghníomhachtaítear modh éigeandála an Mhargaidh Aonair trí ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, agus nuair a bheidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, féadfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta éigeandála atá i gcreataí dlí an Aontais arna leasú le [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/ 35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/ AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach i dtaca le nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs Margaidh Aonair] a mhéid a bhaineann le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena léireofar na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus na nósanna imeachta éigeandála atá faoi réir an ghníomhachtaithe, ag tabhairt cúiseanna le gníomhachtú den sórt sin agus a lena chomhréireacht, agus ina léireofar fad an ghníomhachtaithe sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 27
Orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo

1.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe áirithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i ndáil le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime (‘ ord a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’).

2.Mura nglacfaidh oibreoir eacnamaíoch le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus mura dtabharfaidh sé tús áite dóibh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin, nó arna iarraidh sin do ag 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus d’aon pháirtí ar féidir a léiriú go ndeachaigh an tordú féideartha a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis i gcion orthu, a seasamh a shonrú laistigh de theorainn réasúnta ama arna leagan síos ag an gCoimisiún i bhfianaise imthosca an cháis. In imthosca eisceachtúla, i ndiaidh measúnú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a dhíriú ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, á cheangal air nó uirthi glacadh leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme agus tús áite a thabhairt dóibh nó míniú a thabhairt ar an bhfáth nach féidir nó nach iomchuí don oibreoir sin déanamh amhlaidh. Beidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe ar shonraí oibiachtúla lena léirítear go bhfuil sé fíor-riachtanach tosaíocht den sórt sin a thabhairt chun a áirithiú go gcoimeádfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa tsochaí sa Mhargadh Aonair

3.I gcás ina nglacfaidh an toibreoir eacnamaíoch ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus tús áite a thabhairt dóibh, tabharfar tús áite don oibleagáid sin ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí.

4.I gcás go ndiúltóidh an toibreoir eacnamaíoch ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 glacadh leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus iad a chur in ord tosaíochta, soláthróidh sé nó sí don Choimisiún, laistigh de 10 lá ón bhfógra faoin gcinneadh sin, míniú réasúnaithe ina leagfar amach na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta nó iomchuí, i bhfianaise chuspóirí na forála seo, an ceanglas a chomhlíonadh. Áirítear ar chúiseanna den sórt sin neamhábaltacht an oibreora an tordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a dhéanamh mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó mar gheall ar riosca tromchúiseach go mbeadh cruatan nó ualach eacnamaíoch ar leith ar an oibreoir dá nglacfaí leis an ordú, nó toisc breithnithe eile den tromchúis cheanna.

Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a phoibliú, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó.

5.Nuair a bheidh oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas faoi réir birt ó thríú tír a bhfuil ordú tosaíochta rátaithe ag gabháil leis, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

6.Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena náirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin go sonrach leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an gcostas agus leis an iarracht is gá d’aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Sonrófar ann an bunús dlí lena ghlacadh, socrófar leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar an tordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus, i gcás inarb infheidhme, sonrófar ann an táirge agus an chainníocht. Sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 má mhainnítear an cinneadh a chomhlíonadh. An tordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta.

7.I gcás ina nglacfaidh oibreoir eacnamaíoch le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis agus ina dtabharfaidh sé nó sí tús áite dó, ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas i leith aon sárú oibleagáidí conarthacha arna rialú ag dlí Ballstáit a gceanglaítear air an tordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chomhlíonadh. Ní eisiafar dliteanas ach amháin a mhéid atá sárú ar oibleagáidí conarthacha riachtanach chun an beartú tosaíochta a cheanglaítear a chomhlíonadh.

8.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 28
Fíneálacha ar oibreoirí mar gheall ar mhainneachtain cloí leis an oibleagáid iarratais ar fhaisnéis éigeantach a fhreagairt nó orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chomhlíonadh

1.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinnidh, i gcás ina measfar gur gá agus go bhfuil sé comhréireach, fíneálacha a ghearradh:

(a)i gcás ina soláthraíonn eagraíocht ionadaíoch oibreoirí eacnamaíocha nó oibreora eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 24, nó mura soláthraíonn gnóthas nó eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas an fhaisnéis laistigh den teorainn ama atá forordaithe;

(b)i gcás nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid an Coimisiún a chur ar an eolas faoi oibleagáid tríú tír de bhun Airteagal 27 nó nach míníonn sé an fáth nár ghlac sé le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis;

(c)i gcás nach gcomhlíonfaidh oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, oibleagáid ar ghlac sé léi tús áit a thabhairt d’orduithe áirithe earraí atá ábhartha i gcás géarchéime(‘ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’) de bhun Airteagal 27

2.Fíneálacha a fhorchuirfear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b), ní sháróidh siad EUR 200 000.

3.Ní bheidh na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 (c) níos mó ná 1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin do gach lá oibre i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 27 (orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis) arna ríomh ón dáta a bunaíodh sa chinneadh agus nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin iad.

4.Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfar aird ar mhéid agus ar acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann, ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus chomh hiomchuí agus atá sé.

5.Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneáil. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 29
Tréimhse theorann chun fíneálacha a fhorchur

1.Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 30 faoi réir na dtréimhsí teorann seo a leanas:

(a)dhá bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hiarratais ar fhaisnéis de bhun Airteagal 24;

(b)trí bliana i gcás sáruithe forálacha a bhaineann leis an oibleagáid chun tús áite a thabhairt do tháirgeadh na nearraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 26(2).

2.Tosóidh an tréimhse ama ar dhul in éag ar an lá a thiocfaidh an Coimisiún ar an eolas faoin sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar ar áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú

3.Aon bheart a dhéanann an Coimisiún nó údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh na bhforálacha sa Rialachán seo a áirithiú, cuirfidh an beart sin isteach ar an tréimhse theorann.

4.Beidh an cur isteach ar an tréimhse theorann i bhfeidhm i gcás na bpáirtithe uile atá freagrach as bheith rannpháirteach sa sárú.

5.Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach cur isteach. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a mbeidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh leis an am ar cuireadh an tréimhse theorann ar fionraí lena linn mar tá cinneadh an Choimisiúin ina ábhar sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 30

Tréimhsí theorann chun fíneálacha a fhorfheidhmiú

1.An chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 28 a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir thréimhse theorann cúig bliana.

2.Tosófar ar áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh.

3.Brisfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha a fhorfheidhmiú:

(a)le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena nathraítear méid bunaidh na fíneála nó lena ndiúltaítear iarratas ar athrú;

(b)le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála a fhorfheidhmiú.

(4)Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach cur isteach.

(5)An tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í fad:

(a)is a cheadófar am chun íocaíocht a dhéanamh;

(b)is a chuirfear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 31

An ceart chun éisteacht a fháil chun fíneálacha a ghearradh

1.Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 28, tabharfaidh an Coimisiún an deis d’oibreoir eacnamaíoch nó d’eagraíochtaí ionadaíocha na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)réamhthorthaí an Choimisiúin, lena náirítear aon ábhar a ndearna an Coimisiún agóidí ina aghaidh;

(b)bearta a d’fhéadfadh a bheith beartaithe ag an gCoimisiún iad a dhéanamh i bhfianaise na réamhthorthaí de bhun phointe (a) den mhír seo.

2.Féadfaidh gnóthais agus eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíochta lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 21 lá.

3.Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar agóidí a raibh oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.

4.Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeacht. Beidh oibreoir eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach na noibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.

Caibidil II
Bearta eile chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú

Airteagal 32
Leithdháileadh spriocdhírithe agus comhordaithe cúltacaí straitéiseacha 

I gcás nach leor na cúltacaí straitéiseacha a chomhdhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12 chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le héigeandáil sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an tuairim a thug an grúpa comhairleach, a mholadh do na Ballstáit na cúltacaí straitéiseacha a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá nach gcuirfear isteach tuilleadh ar an Margadh Aonair, lena n‑áirítear i limistéir gheografacha a dtéann an cur isteach sin i gcion go mór orthu agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus úsáid is éifeachtúla as cúltacaí a bhunú d’fhonn deireadh a chur le héigeandáil sa Mhargadh Aonair.

Airteagal 33

Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú

1.Féadfaidh an Coimisiún, nuair a mheasann sé go bhfuil baol ann go mbeidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a chur chun feidhme chun atheagrú éifeachtúil na slabhraí soláthair agus na línte táirgeachta a áirithiú agus chun stoic atá ann cheana a úsáid chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a mhéadú a luaithe is féidir.

2.Go sonrach, d’fhéadfadh sé go náireofaí an méid seo a leanas ar na bearta dá dtagraítear i mír 1:

(a)éascaíocht a dhéanamh ar mhéadú nó athrú cuspóra na nacmhainní táirgeachta atá ann cheana, nó ar bhunú acmhainní nua táirgeachta le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(b)méadú na nacmhainní atá ann cheana nó bunú acmhainní nua a bhaineann le gníomhaíochtaí seirbhíse a éascú;

(c)díriú ar dlús a chur le ceadú earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

Cuid V
Soláthar

CAIBIDIL I
Soláthar earraí agus seirbhísí a
bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát le linn modhanna faireachais agus éigeandála

Airteagal 34
Iarratas ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún earraí agus seirbhísí a fháil thar a gceann

1.Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar ceann na mBallstát ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún ("na Ballstáit rannpháirteacha") ionadaíocht ar a son, chun earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 (1) nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5) a cheannach.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhóntas, ar riachtanas agus ar chomhréireacht an iarratais. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an tiarratas a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an tiarratas.

3.I gcás ina naontódh an Coimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann na mBallstát, dréachtóidh sé togra le haghaidh creat-chomhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha lena gceadófar don Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích ar a son. Leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar thar ceann na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 35
Sainordú caibidlíochta an Choimisiúin a bhunú agus a chur chun feidhme

1.Bunófar leis an gcomhaontú [dá dtagraítear in Airteagal 34(3) sainordú caibidlíochta don Choimisiún chun gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime thar ceann na mBallstát rannpháirteach trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích.

2.I gcomhréir leis an gcomhaontú, féadfaidh an Coimisiún a bheith i dteideal, thar ceann na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena náirítear táirgeoirí aonair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le hearraí agus seirbhísí den sórt sin a cheannach.

3.Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin nó saineolaithe arna nainmniú ag an gCoimisiún cuairteanna a thabhairt ar an láthair ag láithreacha saoráidí táirgthe earraí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

4.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí le hoibreoirí eacnamaíocha a thabhairt i gcrích thar ceann na mBallstát rannpháirteach.

Airteagal 36
Modheolaíochtaí soláthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát

1.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an soláthar faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 ar mhaithe lena sholáthar féin.

2.Féadfar clásal a chuimsiú sna conarthaí ina sonrófar go bhféadfaidh Ballstát nach raibh rannpháirteach sa nós imeachta soláthair bheith ina pháirtí sa chonradh nuair a shíneofar é, agus leagfar amach go mionchruinn an nós imeachta chun é sin a dhéanamh agus na héifeachtaí a bheidh i gceist leis.

CAIBIDIL II
Soláthar Comhpháirteach le linn na modhanna aireachais agus éigeandála

Airteagal 37
Nós imeachta um sholáthar comhpháirteach

I gcás inar gá soláthar comhpháirteach a dhéanamh idir an Coimisiún agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú ina n‑iomláine.

Caibidil III
Soláthar ag na Ballstáit le linn an mhodha éigeandála

Airteagal 38
Comhairliúchán agus comhordú maidir le soláthar aonair ag na Ballstáit

Nuair a ghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 14, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle lena chéile agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí leis an gCoimisiún agus le hionadaithe na mBallstát eile sa ghrúpa comhairleach sula seolfar soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ar earraí agus seirbhísí iad a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5), i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 .

Airteagal 39
Cosc ar ghníomhaíochtaí aonair soláthair ag na Ballstáit rannpháirteacha

I gcás gur gníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 16 agus inar seoladh soláthar ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 34 go hAirteagal 36, ní bhfaighidh údaráis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach earraí ná seirbhísí a chumhdaítear leis an soláthar sin ar mhodh eile.

Cuid VI
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 40
Cosaint sonraí pearsanta

1.Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, nó oibleagáidí an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu.

2.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ná a chur in iúl ach amháin i gcásanna ina bhfuil géarghá leis sin chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de réir mar is iomchuí.

3.I gcás nach bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun na sásraí a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar sonraí pearsanta anaithnid sa dóigh nach mbeidh an tábhar sonraí inaitheanta.

Airteagal 41

Uirlisí digiteacha

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF a bhunú a thacóidh le cuspóirí an Rialacháin seo. Féadfar uirlisí nó bonneagair den sórt sin a fhorbairt lasmuigh den thréimhse Éigeandála sa Mhargadh Aonair.

Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla na n‑uirlisí nó na mbonneagar sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Airteagal 42
An Coiste

1.Cuideoidh an Coiste um an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair leis an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 43
Gníomhartha tarmligthe

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 44
Tuairisciú agus athbhreithniú

1.De réir [OP: cuir isteach an dáta = cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na pleanála teagmhasaí, faireachais, agus an chórais um fhreagairt éigeandála don Mhargadh Aonair ag moladh aon fheabhsúchán, más gá, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi.

2.Áireofar sa tuarascáil sin meastóireacht ar obair an ghrúpa chomhairligh faoin gcreat éigeandála arna bhunú leis an Rialachán seo, agus ar a bhaint le hobair comhlachtaí ábhartha eile bainistithe géarchéime ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 45
Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle a aisghairm le héifeacht ón [dáta].

Airteagal 46
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hIonstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

An Margadh Inmheánach; saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 56

 síneadh ar bheart atá ann cheana

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair (SMEI) faireachas an Mhargaidh Aonair a fheabhsú maidir le cásanna géarchéime agus maidir lena fheidhmiú rianúil. Chuige sin, cuirfidh SMEI bosca uirlisí géarchéime ar fáil don Aontas Eorpach a bheidh dea-chalabraithe agus a éascóidh freagairt thapa agus éifeachtach ar aon ghéarchéim amach anseo a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, ag comhlánú sásraí eile an Aontais atá ann cheana féin, lena n‑áirítear trí chomhordú, trédhearcacht agus luas níos fearr. Is é an cuspóir feidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú agus réitigh thapa agus phraiticiúla a sholáthar ar shaincheisteanna na saorghluaiseachta earraí, seirbhísí agus daoine agus an tsoláthair le linn géarchéime.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Na bacainní ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime a íoslaghdú

Is é an cuspóir sonrach cuspóir 1 bacainní ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime a íoslaghdú trí bhosca uirlisí réiteach a chur ar fáil chun faireachas dea-chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a áirithiú agus chun freagairt do ghéarchéimeanna a mbíonn tionchar acu ar an Margadh Aonair. Chun na críche sin, táthar ag súil go gcuirfear bosca uirlisí ar fáil leis ina mbeidh réitigh a bheidh comhdhéanta de bhearta faireachais, comhordaithe agus trédhearcachta lena ndeimhneofar freagairtí níos ailínithe agus níos spriocdhírithe ó na Ballstáit agus lena gcuirfear trédhearcacht ar fáil nuair a bhaineann sé le bacainní ar shaorghluaiseacht.

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus infhaighteacht na n‑earraí agus na seirbhísí sin a chosaint

Tá sé d’aidhm ag an gcuspóir sonrach seo réitigh thapa agus phraiticiúla a éascú ar shaincheisteanna soláthair le linn géarchéime. Chuige sin, táthar ag súil go gcuirfear sásraí leordhóthanacha faireachais, comhordaithe agus trédhearcachta ar fáil maidir le freagairt spriocdhírithe beartais agus do ghníomhaithe uile an Mhargaidh Aonair trí mhalartú faisnéise agus dlúthchomhar leis an lucht tionscail/páirtithe leasmhara a éascú chun bac sa slabhra soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus riachtanais acmhainneachta a shainaithint agus trí bheart breise a dhéanamh nuair is gá chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandála.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Áiritheofar leis an tionscnamh rochtain ar an Margadh Aonair le linn tréimhsí géarchéime do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus soláthrófar tacaíocht leis do na slabhraí soláthair aitheanta lena n‑áiritheofar feidhmiú an Mhargaidh Aonair agus freagairt ghéarchéime níos fearr ar an iomlán ar leibhéal an Aontais a bhuí le hinfhaighteacht táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime mar fhreagairt ar ghéarchéim, agus cruthófar sochair shóisialta indíreacha leis freisin i dtéarmaí dhálaí maireachtála agus cháilíocht beatha na saoránach a fheabhsú agus beatha a shábháil, ag brath ar an gcineál géarchéime.

Meastar go gcuirfidh an tionscnamh le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), go háirithe SDG #1 Díothú na bochtaineachta, SDG # 8 Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch, SDG # 9 Tionscal, nuálaíocht agus bonneagar, SDG # 10 Neamhionannais laghdaithe agus SDG # 16 Síocháin, ceartas agus institiúidí láidre.

Déanfar difear dearfach do ghnólachtaí, go háirithe le linn éigeandála, mar gheall ar fhreagairt ghéarchéime níos fearr ar leibhéal an Aontais, rud a fhágfaidh nach mbeidh an oiread sin bacainní roimh an tsaorghluaiseacht agus go mbeidh fáil níos fearr ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. I measc na mbeart sa bhosca uirlisí a mbeadh tionchar dearfach díreach acu ar ghnólachtaí tá príomhphrionsabail chun saorghluaiseacht a áirithiú agus chun tacú le bearta, trédhearcacht agus cúnamh riaracháin le linn éigeandála, soláthar poiblí le linn éigeandála agus bearta chun táirgí a chur ar an margadh níos tapúla le linn éigeandála, agus dlús a chur le ceadú le linn éigeandála. D’fhéadfadh costais a bheith i gceist freisin do ghnólachtaí, áfach, agus d’fhéadfaí tionchar a imirt ar a n‑oibríochtaí, go háirithe mar gheall ar bhearta chun tacú le slabhraí soláthair le linn éigeandála, go háirithe iarratais ar fhaisnéise chuig cuideachtaí, oibleagáidí chun dlús a chur le táirgeadh agus glacadh le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo.

Bhainfeadh saoránaigh tairbhe as an bhfreagairt fhoriomlán ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais a bhuí leis na sásraí comhordaithe a bheith ann chomh maith leis na huirlisí chun níos lú bacainní ar shaorghluaiseacht agus infhaighteacht níos fearr táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú. Ina theannta sin, bhainfidís leas as príomhphrionsabail chun saorghluaiseacht a áirithiú, go háirithe mar a bhaineann sé le saorghluaiseacht daoine, ina gcáil mar oibrithe agus tomhaltóirí. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaidís tairbhe dhíreach a bhaint as dáileadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime roimhe sin agus a raibh tábhacht straitéiseach leo. Níl aon chostais dhíreacha ar shaoránaigh.

Bhainfeadh na Ballstáit tairbhe as freagairt fhoriomlán níos fearr ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais agus bhainfidís tairbhe dhíreach as comhlacht tiomnaithe rialachais a bheith ann lena n‑áiritheofaí comhordú le linn géarchéime a mbeadh tionchar aige ar an Margadh Aonair. Bheadh costais riaracháin agus comhlíonta ann do na Ballstáit maidir le raon beart dá bhforáiltear faoin mbosca uirlisí, lena n‑áirítear le haghaidh pleanáil theagmhasach, bailiú faisnéise faoi shlabhraí soláthair, rannpháirtíocht i meaitseáil agus comhdhéanamh cúltacaí straitéiseacha faoin modh faireachais, agus sa mhodh éigeandála chun príomhphrionsabail na saorghluaiseachta a chomhlíonadh, bearta maidir le trédhearcacht agus cúnamh riaracháin, comhlíonadh beart maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh, rannpháirtíocht i soláthar poiblí le linn éigeandála agus bearta a bhfuil tionchar acu ar shlabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime le linn éigeandála.

Maidir leis an gCoimisiún, measaimid gur cuid de na gnáthghníomhaíochtaí í an ghníomhaíocht maidir le treoir nua, moltaí agus comhordú bearta éigeantacha a fhorbairt. Thabhódh an Coimisiún costais shonracha bhreise mar sin féin, go háirithe chun cruinnithe Ghrúpa Comhairleach SMEI a eagrú, chun oiliúint agus ionsamhlú éigeandála a eagrú do shaineolaithe náisiúnta, chun meaitseáil idir cuideachtaí a eagrú, chun anailís a dhéanamh ar fhógraí faoi thrédhearcacht agus faoi chúnamh riaracháin.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht, ar chomhleanúnachas, ar chomhréireacht agus ar choimhdeacht maidir leis an tionscnamh reachtach sin agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún cúig bliana i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha reachtacha. Féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh sa tuarascáil mheastóireachta sin maidir le feabhas a chur ar an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair. Tá an sásra athbhreithnithe sin cosúil leis na sásraí athbhreithnithe a áirítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais agus leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun an t‑éiceachóras Eorpach leathsheoltóirí a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna).

Beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit agus ar eagraíochtaí ionadaíocha na n‑oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú a chur ar fáil don Choimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán rialta ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha dlí, go háirithe ar éifeachtacht na mbeart lena n‑éascaítear saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí le linn na géarchéime ar na daoine agus na gnólachtaí lena mbaineann chomh maith le feidhmiú an Mhargaidh Aonair, agus ar thionchair na n‑iarratas ar fhaisnéis agus na gcúltacaí straitéiseacha agus bearta eile lena méadaítear infhaighteacht táirgí agus seirbhísí ar an Margadh Aonair d’oibreoirí eacnamaíocha agus dá n‑ionadaithe.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

N/B de réir mar a bhraitheann cur i bhfeidhm na hionstraime ar theacht chun cinn géarchéime nach féidir a thuar mar gheall ar cineál.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn "breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex-ante): tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud an Mhargaidh Aonair comhtháite go domhain. Tá an caidreamh idir cuideachtaí, soláthraithe seirbhíse, cliaint, tomhaltóirí agus oibrithe atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla agus a bhraitheann ar a gcearta saorghluaiseachta ag éirí níos coitianta. Mar gheall ar an taithí a fuarthas ón ngéarchéim roimhe seo, is minic a bhíonn dáileadh na n‑acmhainneachtaí táirgeachta ar fud an Aontais míchothrom (e.g. i gcás línte táirgeachta táirgí áirithe atá suite go príomha i gcúpla Ballstát, amhail TCP). An tráth céanna, i gcás géarchéime, d’fhéadfadh an t‑éileamh ar earraí nó ar sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fud chríoch an Aontais a bheith míchothrom freisin. Ní féidir an cuspóir um fheidhmiú rianúil gan bhriseadh an Mhargaidh Aonair a bhaint amach trí bhearta náisiúnta aontaobhacha. Thairis sin, fiú más féidir aghaidh a thabhairt go pointe áirithe le bearta arna nglacadh ina n‑aonar ag na Ballstáit ar na heasnaimh a eascraíonn as géarchéim ar an leibhéal náisiúnta, is dócha i ndáiríre go ndéanfaí an ghéarchéim sin a mhéadú tuilleadh ar fud Aontais Eorpaigh leo, trí bhacainní breise a chur ar shaorghluaiseacht agus/nó trí bhrú breise a chur ar tháirgí a bhfuil tionchar ag ganntanais orthu cheana féin.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post): inniúlacht a chomhroinntear idir an tAontas agus na Ballstáit is ea rialacha a thabhairt isteach lena rialaítear feidhmiú an Mhargaidh Aonair. Tá líon suntasach de chreataí an Aontais lena rialaítear gnéithe éagsúla i bhfeidhm cheana féin agus cuireann siad le hoibriú rianúil an Mhargaidh Aonair trí shraitheanna comhleanúnacha rialacha a leagan síos a bhfuil feidhm acu ar fud chríocha uile na mBallstát.

Leagtar síos go ginearálta le creataí an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, áfach, rialacha maidir le feidhmiú an Mhargaidh Aonair ó lá go lá, lasmuigh d’aon chás géarchéime ar leith. Mar sin féin, tá forálacha áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime i dtograí áirithe a ghlac an Coimisiún le déanaí. Níl aon sraith chothrománach rialacha agus sásraí ann faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe, áfach, amhail an phleanáil theagmhasach, na bearta faireacháin agus freagartha ar ghéarchéimeanna, a bheadh i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach ar fud earnálacha eacnamaíocha agus ar fud an Mhargaidh Aonair ar fad.

Ní bhainfí leas as an ionstraim éigeandála ach amháin chun cur chuige comhordaithe a áirithiú maidir le freagairt do ghéarchéimeanna lena mbaineann éifeachtaí tábhachtacha trasteorann agus lena gcuirtear feidhmiú an Mhargaidh Aonair i mbaol, agus i gcás nach ann d’aon ionstraim de chuid an Aontais cheana nó i gcás nach leagtar síos forálacha atá ábhartha i gcás géarchéime leis na hionstraimí atá ann cheana. Trí bhearta teagmhasacha agus faireachais a chur i bhfeidhm ar fud an Mhargaidh Aonair, féadfar comhordú na mbeart freagartha i gcás géarchéime a éascú. Ina theannta sin, is féidir bearta den sórt sin a chomhlánú trí chomhordú agus trí chomhar éifeachtach agus éifeachtúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit le linn na géarchéime chun a áirithiú go nglacfar na bearta is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.

Níl sé i gceist leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair sraith mhionsonraithe forálacha ar leibhéal an Aontais a leagan síos ar cheart brath orthu go heisiach i gcás géarchéime. Ina ionad sin, tá sé i gceist leis an ionstraim cur i bhfeidhm comhleanúnach de mheascáin fhéideartha a leagan síos agus a áirithiú idir na forálacha a ghlactar ar leibhéal an Aontais mar aon le rialacha maidir le comhordú na mbeart a ghlactar ar leibhéal na mBallstát. I dtaca leis sin, dhéanfaí na bearta éigeandála a d’fhéadfaí a ghlacadh ar leibhéal an Aontais ar bhonn na hIonstraime Éigeandála le haghaidh Mhargaidh Aonair a chomhordú leis na bearta freagartha éigeandála a ghlac na Ballstáit agus chomhlánódh siad iad. D’fhonn comhordú agus comhlántacht den sórt sin a éascú, leagfaí amach leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair bearta sonracha ar cheart do na Ballstáit staonadh óna bhforchur a luaithe a dhéanfar éigeandáil sa Mhargadh Aonair ar leibhéal an Aontais a ghníomhachtú.

Sa chomhthéacs sin, is éard a bheadh i gceist le breisluach don ionstraim seo ná sásraí a leagan síos le haghaidh bealach cumarsáide tapa agus struchtúrtha idir an Coimisiún agus na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise nuair a chuirtear an Margadh Aonair faoi bhrú, agus a bheith ábalta na bearta is gá a dhéanamh ar bhealach trédhearcach – chun dlús a chur leis na sásraí atá ann cheana féin agus uirlisí nua spriocdhírithe a thabhairt isteach le haghaidh cásanna éigeandála. D’áiritheofaí leis freisin trédhearcacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus d’áiritheofaí go mbeadh faisnéis iomchuí ar fáil do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a bhraitheann ar a gcearta saorghluaiseachta faoi na bearta is infheidhme sna Ballstáit uile. Méadófaí leis sin an deimhneacht dhlíthiúil, rud a chuirfeadh ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh.

Buntáiste eile a bhainfeadh le beart sa réimse seo is ea na huirlisí athléimneachta is gá a thabhairt don Aontas chun iomaíochas thionscal an Aontais a chothú i gcomhthéacs geopholaitiúil inar féidir lenár n‑iomaitheoirí brath cheana ar ionstraimí dlí chun faireachán struchtúrtha a dhéanamh ar shuaití sa slabhra soláthair agus chun bearta freagartha féideartha amhail cúltacaí straitéiseacha a ghlacadh.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Le blianta beaga anuas, tá an domhan ag feiceáil sraith géarchéimeanna ó phaindéim COVID-19 go dtí ionradh na Rúise ar an Úcráin . Ní hiad sin na géarchéimeanna deireanacha a mbeidh ar an domhan dul i ngleic leo. Chomh maith le héagobhsaíocht gheopholaitiúil, leis an athrú aeráide agus le tubaistí nádúrtha mar thoradh orthu sin, d’fhéadfadh cásanna éigeandála nua eile a bheith mar thoradh ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an éagobhsaíocht eacnamaíoch dhomhanda. Ar an drochuair, níl aon liathróid criostail againn chun am agus cineál beacht na chéad ghéarchéime eile a thuar.

Mar a léiríodh le géarchéimeanna le déanaí, is féidir le Margadh Aonair lánoibríochtúil agus comhar rianúil na mBallstát maidir le saincheisteanna an Mhargaidh Aonair athléimneacht agus freagairt ghéarchéime an Aontais a neartú go mór. Dá bhrí sin, leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, a ndéantar anailís sa Mheasúnú Tionchair seo ina leith ar roghanna beartais, ba cheart treoirphlean a chur ar fáil do fhreagairt an Aontais maidir le cúrsaí an Mhargaidh Aonair i ngéarchéim amach anseo. Ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó éigeandálaí roimhe seo a chur san áireamh ann agus iad a eachtarshuíomh chuig éigeandálaí féideartha amach anseo.

Dúirt an Chomhairle Eorpach ina Conclúidí an 1-2 Deireadh Fómhair 2020 go mbainfidh an tAontas Eorpach leas as ceachtanna phaindéim COVID-19 agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar ilroinnt, baic agus laigí an Mhargaidh Aonair a bhfuil cásanna éigeandála le sárú aige. Sa Nuashonrú ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Thionsclaíoch, d’fhógair an Coimisiún ionstraim chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí, chomh maith le trédhearcacht agus comhordú níos fearr le linn géarchéime a áirithiú. Tá an tionscnamh ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin do 2022. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh phlean an Choimisiúin Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a chur i láthair agus d’iarr sí ar an gCoimisiún í a fhorbairt mar uirlis struchtúrach atá ceangailteach ó thaobh dlí chun saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra ina thosaíocht pholaitiúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus comhlíontar leis an gealltanas a tugadh chun feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a áirithiú. Cuirtear i láthair sa tionscnamh sineirgí le hionstraimí éagsúla, mar shampla le sásraí cothrománacha freagartha do ghéarchéimeanna (sásra um fhreagairt chomhtháite do ghéarchéimeanna polaitiúla - IPCR); le bearta atá dírithe ar ghnéithe sonracha den bhainistiú géarchéime (Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an 7 Nollaig 1998 maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát, Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’onnmhairí); le bearta géarchéime a bhaineann go sonrach leis an earnáil (an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna i Slándáil an Bhia – EFSCM; Rialachán (AE) 2021/953 lena mbunaítear Deimhniú Digiteach COVID an Aontais; Rialachán (AE) 123/2022 lena neartaítear an ról don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistíocht le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis; Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus um Fhreagairt in Éigeandálaí Sláinte; Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán CEM) chomh maith leis an gcomhrialachán CEM maidir le hiascaigh; Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Plean Teagmhasach don iompar’).

An tráth céanna, baineann roinnt tionscnamh, a moladh le déanaí agus atá á bplé faoi láthair, le gnéithe a bhaineann leis an bhfreagairt agus an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Tá raon feidhme teoranta leis na tionscnaimh sin, áfach, lena gcumhdaítear cineálacha sonracha cásanna géarchéime agus níl sé beartaithe leo creat ginearálta cothrománach bainistíochta géarchéime a chur ar bun. A mhéid a áirítear leis na tionscnaimh sin creat earnála um fhreagairt agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, tabharfar tús áite don chreat sin ar an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair mar lex specialis:

- an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte

- an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

- an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais

- an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna

- an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Shonraí

- an togra ón gCoimisiún chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú

- an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athdháileadh a dhéanamh

I gcás caiteachas athfhillteach, a eascraíonn as costais foirne laistigh den Choimisiún as na gníomhaíochtaí oiliúna a bhí beartaithe agus an síneadh riachtanach ar an uirlis TF a úsáidtear don chóras fógrúcháin, d’fhéadfaí foinse an mhaoinithe a shainaithint trí acmhainní an Aontais a athdháileadh faoin gClár don Mhargadh Aonair.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

Nóta: i bhfianaise chineál an tionscnaimh, a bhfuil dlúthbhaint aige le tarlú géarchéime de chineál agus de scála intuartha, ní féidir fad an tionscnaimh a chur in iúl.

 ​tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 ​tréimhse neamhtheoranta

Cuir chun feidhme le tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 57

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X a dhéanann a ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais leo;

comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Beidh feidhm ag na rialacha caighdeánacha chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas an Choimisiúin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Is é an Coimisiún a bhainistíonn an modh bainistíochta don tionscnamh seo go díreach agus bainfidh na freagrachtaí a bheidh air agus é á ionphlandú lena ranna.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle laistigh de chúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin maidir le feidhmiú na pleanála teagmhasaí, an faireachais agus an chórais práinnfhreagartha don Mhargadh Aonair lena dtugtar le tuiscint go bhfuil aon fheabhsú déanta más gá.

Áireofar san athbhreithniú sin meastóireacht ar obair an Bhoird Chomhairligh arna bhunú faoin Rialachán seo faoin gcreat éigeandála arna bhunú leis an Rialachán seo, agus ar a bhaint le hobair comhlachtaí ábhartha eile bainistithe géarchéime ar leibhéal an Aontais.

Rachfar i gcomhairle leis na Ballstáit agus léireofar a dtuairimí agus a moltaí maidir le cur chun feidhme an chreata éigeandála sa tuarascáil deiridh. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún tograí i láthair bunaithe ar an tuarascáil sin d’fhonn an Rialachán seo a leasú nó tograí breise a dhéanamh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas "costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú") agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Tá na rialuithe ina gcuid de chóras rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin. Ginfear costais bhreise neamhshuntasacha ó thaobh an rialaithe de ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta mar gheall ar na gníomhaíochtaí nua sin.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Nuair a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCinneadh seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí na suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, sa chás go mbraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.

Na bearta a chuirfidh an Coimisiún chun feidhme, beidh siad faoi réir rialuithe ex-ante agus ex-post i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Le conarthaí agus comhaontuithe lena maoinítear cur chun feidhme an Rialacháin seo, beidh an Coimisiún, lena n‑áirítear OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí, i dteideal go sainráite iniúchtaí agus imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Is é bainistíocht dhíreach, de réir airteagal 62.1(a) den Rialachán Airgeadais, an modh roghnaithe toisc gurb é an Coimisiún Eorpach a chuirfidh na gníomhaíochtaí chun feidhme, rud a áiritheoidh comhordú leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Faisnéis maidir leis na rioscaí arna sainaithint agus na córais rialaithe inmheánacha a bunaíodh chun iad a mhaolú

3.2.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 58 .

ó thíortha de chuid CSTE 59

ó thíortha is iarrthóirí 60

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1

03.010101 - Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chláir don Mhargadh Aonair

Neamhdhifreáilte

Le cinneadh 61

Le cinneadh60

NÍL

1

03.020101 - Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí

difreáilte

Le cinneadh60

Le cinneadh60

NÍL

3.3.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.3.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Líne bhuiséid 03.020101 - Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí

Gealltanais

(1a)

0250

0025

0025

0025

0325

Íocaíochtaí

(2a)

0125

0150

0025

0025

0325

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 62

Líne bhuiséid 03.010101 - Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chláir don Mhargadh Aonair

(3)

0038

0028

0028

0028

0122

IOMLÁN leithreasuithe 
do AS GROW

Gealltanais

=1a+1b +3

0288

0053

0053

0053

0447

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0163

0178

0053

0053

0447



 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0250

0025

0025

0025

0325

Íocaíochtaí

(5)

0125

0150

0025

0025

0325

 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

0038

0028

0028

0028

0122

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0288

0053

0053

0053

0447

Íocaíochtaí

=5+ 6

0163

0178

0053

0053

0447

 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0250

0025

0025

0025

0325

Íocaíochtaí

(5)

0125

0150

0025

0025

0325

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

0038

0028

0028

0028

0122

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0288

0053

0053

0053

0447

Íocaíochtaí

=5+ 6

0163

0178

0053

0053

0447




Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Ba cheart an chuid seo a chomhlánú trí úsáid a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le tabhairt isteach ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chun CINNEADH a dhéanamh chun críocha comhairliúchán idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Acmhainní daonna 

0628

0628

0628

0628

2512

 Caiteachas riaracháin eile

0030

0030

0030

0030

0120

IOMLÁN ARD-STIÚRTHÓIREACHT GROW

Leithreasuithe

0658

0658

0658

0658

2632

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0658

0658

0658

0658

2632

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0946

0711

0711

0711

3079

Íocaíochtaí

0821

0836

0711

0711

3079

3.3.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
 
Nóta: ag cur san áireamh cineál an tionscnaimh agus gné bhunúsach na géarchéime gan choinne, nach féidir a thuar, ní féidir an meastachán seo a dhéanamh i láthair na huaire.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 63

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 64 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.3.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0628

0628

0628

0628

2512

Caiteachas riaracháin eile

0030

0030

0030

0030

0120

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0658

0658

0658

0658

2632

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 65
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

0038

0028

0028

0028

0122

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0038

0028

0028

0028

0122

IOMLÁN

0696

0686

0686

0686

2754

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-úsáid laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.3.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain

2026

Bliain 2027

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4

4

4

4

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

20 02 01 (AC, END, INT ón "imchlúdach iomlánaíoch")

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 66

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

4

4

4

4

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ath-úsáideadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

1 FTE do rúnaíocht an bhoird chomhairligh

Pearsanra seachtrach

3.3.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

I gcás ina ndéantar an mód Éigeandála a ghníomhachtú, measfar ath-úsáid a bheith ar dtús laistigh den Chlár don Mhargadh Aonair.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   tá gá le hathbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.3.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 
N 67

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.4.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   acmhainní dílse

   ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 68

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal 4 2 9 - Fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis neamhshannta eile

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon trácht eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Ní féidir na hioncaim a shanntar a mheas ag an bpointe seo mar níl aon chinnteacht ann go dtiocfaidh aon fhíneáil chun cinn.

(1)     https://www.consilium.europa.eu/media/45910/021020-euco-final-conclusions.pdf .
(2)    COM(2021) 350 final.
(3)     https://ec.europa.eu/info/publications/2022-commission-work-programme-key-documents_ga .
(4)     Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánacha sa mhargadh aonair (2021/2043(INI) .
(5)     https://www.consilium.europa.eu/en/policies/ipcr-response-to-crises/ .
(6)    Bunaíodh go foirmiúil é le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Freagairt Chomhtháite Pholaitiúil an Aontais ar Ghéarchéimeanna, ar bhonn socruithe a bhí ann cheana.
(7)    Arna leagan síos le Cinneadh (AE) 1313/2013 lena rialaítear feidhmiú Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an 7 Nollaig 1998 maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát, IO L 337, 12.12.1998, lch. 8.
(9)    Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015.
(10)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2071 an 25 Samhain 2021 ón gCoimisiún.
(11)    Féadfar iad a ghlacadh ar bhonn Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE.
(12)    COM(2021) 689 final.
(13)    COM(2022) 211 final.
(14)    I measc na mbeart breise tá: sreabhadh dídeanaithe agus athdhúichiú paisinéirí agus oibrithe iompair atá sáinnithe a bhainistiú, cosaint íosta nascacht agus paisinéirí a áirithiú, comhordú beartais iompair a neartú trí Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta Iompair, an chibearshlándáil agus comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú.
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle. IO L 354, 28.12.2013, lch. 1.
(17)    I ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, cuireadh an oibleagáid ar na Ballstáit fógraí míosúla maidir le stoic arbhair a sholáthar san áireamh i leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 an 20 Aibreán 2017 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún i dtaca le faisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún, IO L 171, 4.7.2017, lch. 113.
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(19)    Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID an Aontais) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(20)    Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, IO L 337, 14.10.2020, lch. 3 agus a leasuithe ina dhiaidh sin. 
(21)    COM(2020) 730 final.
(22)    Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le hullmhacht agus bainistíocht géarchéime le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis. IO L 20, 31.1.2022, lch. 1
(23)    C(2021) 6712 final. 
(24)    COM(2020) 727 final.
(25)    Tuigtear go gcumhdaítear leis an téarma ‘trasteorainn’ aon chás a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin (‘thar theorainneacha’) agus, go sonrach, cás a dhéanann difear do réigiúin in dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil teorainn choiteann acu (‘réigiúin teorann’).
(26)    COM/2020/726 final.
(27)    COM(2021) 577 final.
(28)    COM(2022) 46 final.
(29)    COM (2022)68 final.
(30)    COM (2021)891 final.
(31)    COM(2020) 829 final.
(32)    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
(33)    Tá réigiúin is forimeallaí san Aontas - Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint-Martin (an Fhrainc), na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn) - suite san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, in abhantrach na Cairibe agus i Meiriceá Theas. I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, is féidir leis na réigiúin sin leas a bhaint as bearta sonracha agus as reachtaíocht shaincheaptha an Aontais chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá rompu mar gheall ar a suíomh, a n‑iargúltacht, a stádas oileáin, a mbeagmhéid, a leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus teagmhais adhaimsire.
(34)    De réir mar a measúnaíodh i staidéar tacaíochta na meastóireachta agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019)371 final an 8 Deireadh Fómhair 2019.
(35)    Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre tionlacain SWD(2022)289.
(36)

   Faoi réir spreagadh breise

(37)

   Faoi réir spreagadh breise

(38)

   Faoi réir spreagadh breise

(39)    IO C , , lch. .
(40)    IO C , , lch. .
(41)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán(CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(42)    Rialachán (AE) 2016/769 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(43)    Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le hullmhacht agus bainistíocht géarchéime le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis, IO L 20, 31.1.2022, lch. 12.
(44)    [tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
(45)    [tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
(46)    [tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
(47)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(48)    IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.
(49)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(50)    IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.
(51)    IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.
(52)    IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.
(53)    IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.
(54)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(55)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(56)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(57)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(58)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(59)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(60)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(61)    Comhaontuithe comhlachais sa Chlár don Mhargadh Aonair atá á thabhairt chun críche faoi láthair
(62)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(63)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(64)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."
(65)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(66)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(67)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(68)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.