An Bhruiséil,18.5.2022

COM(2022) 222 final

2022/0160(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

A bhuí leis an gComhaontú Glas don Eoraip, is iad éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite is croílár don aistriú chuig fuinneamh glan. I ngeall ar an teannas idirnáisiúnta atá ann faoi láthair tar éis ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin, mar aon leis an gcomhthéacs geopholaitiúil foriomlán agus praghsanna fuinnimh a bheith an‑ard, is measa arís an gá le dlús a chur le héifeachtúlacht fuinnimh agus le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite san Aontas agus é mar chuspóir go mbeidh córas fuinnimh ag an Aontas atá níos neamhspleáiche ó thríú tíortha. Trí dhlús a chur leis an aistriú glas chuig fuinneamh in‑athnuaite agus le héifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh, laghdófar astaíochtaí, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus soláthrófar praghsanna inacmhainne fuinnimh do shaoránaigh na hEorpa agus do gnólachtaí i ngach earnáil den gheilleagar.

Ba cheart a léiriú le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite an gá práinneach le dlús a chur le héifeachtúlacht fuinnimh agus le himscaradh fuinnimh inathnuaite agus dá bhrí sin ba cheart na spriocanna sin a mhéadú. Cuirtear na spriocanna athbhreithnithe sin in ionad an mhodhnaithe ar na spriocanna atá beartaithe sna tograíchun Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 1 a athmhúnlú agus chun Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn 2 a leasú, ar togra é a glacadh an 14 Iúil 2021.

Ina theannta sin, ós rud é gurb iad foirgnimh is cúis le 40 % den fhuinneamh a thomhlaítear agus 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha a bhaineann le fuinneamh, is gá imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a mhéadú. Tá an méid sin ar cheann de na bealaí is tapúla chun fuinneamh in‑athnuaite a chur in úsáid ar scála mór, chun úsáid breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú agus chun dlús a chur le dícharbónú agus leictriú thomhaltas na bhfoirgneamh.

Thairis sin, sainaithníodh nósanna imeachta riaracháin atá fada agus casta ar cheann de na príomhbhacainní roimh infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. Sa tuarascáil eatramhach den staidéar maidir le foinsí inathnuaite fuinneamh a shimpliú (RES Simplify), a ullmhaíodh don Choimisiún 3 agus a foilsíodh in éineacht leis an togra seo, léiríodh gurb iad na saincheisteanna a bhaineann le riarachán agus leis an eangach is cúis le thart ar 46 % de na bacainní uile a sainaithníodh agus meastar go dtiocfaidh méadú air sin amach anseo. I gcás roinnt teicneolaíochtaí forleathana inathnuaite, amhail cumhacht ghaoithe agus fótavoltachas, tá bacainní riaracháin ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile ná mar atá cineálacha eile bacainní. Leis an aistriú fuinnimh á chur chun cinn, agus teicneolaíochtaí inathnuaite ag teacht in aibíocht agus na tionscadail ag brath níos lú ar scéimeanna tacaíochta, éiríonn bacainní riaracháin níos feiceálaí.

Is iad na bacainní is coitianta a bhaineann leis an bpróiseas riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a sainaithníodh sa staidéar RES Simplify 4 an tualach maorlathach, próisis neamhtrédhearcacha, easpa comhleanúnachais dhlíthiúil mar aon le creat neamhiomlán doiléir agus treoracha a mbíonn léirmhínithe éagsúla ar an reachtaíocht atá ann cheana ag na húdaráis inniúla mar thoradh orthu.

Is iad earraí poiblí atá ag teacht salach ar a chéile is cúis leis an dara príomhfhoinse bacainní ar imscaradh suiteálacha in‑athnuaite. Is amhlaidh atá an scéal go háirithe i gcás cumhacht ghaoithe, cumhacht gheoiteirmeach agus hidreachumhacht mar aon le fótavoltachas gréine. Baineann na bacainní is feiceálaí díobh le cosaint an chomhshaoil (an bhithéagsúlacht agus cosaint speiceas atá i mbaol agus cosaint dobharlach), úsáidí eile talún agus saincheisteanna míleata/aerchosanta.

Sainaithníodh bacainní eile sa staidéar a bhaineann leis an easpa tacaíochta ó chinnteoirí beartas nó le freasúra a mhaireann i bhfad ó institiúidí poiblí nó príobháideacha nó ón bpobal féin.

Ar deireadh, sainaithníodh fadhbanna a bhaineann le ceangal leis an eangach agus le nósanna imeachta oibríochta freisin mar fhadhbanna a chuireann isteach go mór ar imscaradh fuinnimh in‑athnuaite i roinnt Ballstát.

An 18 Eanáir 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún Glao ar Fhianaise agus comhairliúchán poiblí oscailte chun aiseolas a bhailiú ó na páirtithe leasmhara maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite 5 . Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí sin i gcomhthéacs ullmhú an Mholta ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (PPA), a glacadh an 18 Bealtaine, in éineacht leis an togra seo. Le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí sin, deimhnítear gur príomhbhac iad na bacainní riaracháin maidir le dlús a chur le himscaradh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite (féach roinn 3 thíos chun tuilleadh sonraí a fháil).

Mar thoradh ar na bacainní sin, is féidir le haga tionscanta na dtionscadal fuinnimh inathnuaite a bheith suas le 10 mbliana. Dá bhrí sin is réamhchoinníoll le dlús a chur le tionscadail fuinneamh inathnuaite é an ceadú a shimpliú agus a ghiorrú, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón Aontas dar teideal REPowerEU 6 . Tá sé d’aidhm ag an togra na próisis riaracháin deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh inathnuaite a shimpliú agus a ghiorrú a thuilleadh ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá an méid sin riachtanach chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh inathnuaite ar fud an Aontais d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach spriocanna uaillmhianacha aeráide agus comhshaoil an Aontais le haghaidh 2030 agus an cuspóir maidir le haeráidneodracht faoi 2050.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leasaítear leis an togra seo Treoir (AE) 2018/2001 atá ann cheana maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn. Leis an togra seo cuirtear leis an gcreat atá ann cheana chun nósanna imeachta riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a chuíchóiriú, rud lena dtugtar isteach, inter alia, uasfhad don phróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le gléasraí fuinnimh in‑athnuaite. Mar sin féin, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá gá le bearta breise chun an soláthar fuinnimh in‑athnuaite san Aontas a mhéadú a thuilleadh. Go sonrach, tá gá le beartaithe feabhsaithe chun dlús a chur le nósanna imeachta um cheadú le haghaidh gléasraí nua fuinnimh in‑athnuaite, nó chun suiteálacha atá ann cheana a oiriúnú.

Ina theannta sin, is gá do sprioc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a bheith níos uaillmhianaí. In Airteagal 1(2)(a) den togra a glacadh an 14 Iúil 2021 7 chun Treoir (AE) 2018/2001 a leasú, ardaíodh an sprioc sin cheana ó 32 % go 40 %. Mar sin féin, i bhfianaise an athraithe ó bhonn atá tagtha ó shin ar dhálaí an mhargaidh le haghaidh breoslaí iontaise a úsáidtear i gcumhacht, teas agus iompar, lena náirítear maidir le praghsanna méadaithe agus an gá don Aontas deireadh a chur lena spleáchas ar allmhairí fuinnimh ón Rúis de réir a chéile, is gá sprioc 2030 maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite a mhéadú go 45 % ionas go rannchuideofar ar bhealach níos fearr leis an gcuspóir sin agus go mbeidh praghsanna iomaíocha fuinnimh ann.

Leasaítear freisin, leis an togra seo, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Leis an togra seo, cuirtear leis an gcreat atá ann cheana maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus fuinneamh in‑athnuaite. Tugtar isteach leis oibleagáidí ar na Ballstáit chun imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a chur chun cinn.

Le hAirteagal 4(1) den togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a glacadh an 14 Iúil 2021, méadaíodh sprioc an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh cheana féin go 9 % i gcomparáid leis na réamh‑mheastacháin i gCás Tagartha 2020. Mar sin féin, i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus an athraithe ó bhonn atá tagtha ar dhálaí an mhargaidh as a eascraíonn costéifeachtacht mhéadaithe na mbeart maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus an gá don Aontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus allmhairí fuinnimh ón Rúis a shárú, tá sé riachtanach sprioc 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú go 13 % lena áirithiú go mbainfear amach an cuspóir sin agus na spriocanna maidir le dícharbónú go pras agus ar bhealach costéifeachtach. Dá bhrí sin, leasaítear leis an togra freisin Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun éifeachtúlacht fuinnimh a neartú agus chun sprioc 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. 

Cuirfidh an Coimisiún na comhreachtóirí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

- gur cheart a mheas gur ghabh Airteagal 1(2) den togra seo ionad Airteagal 1(2)(a) den togra chun Treoir (AE) 2018/2001 a leasú arna ghlacadh i mí Iúil.

- gur cheart a mheas gur cuireadh Airteagal 2 den togra seo leis an togra le haghaidh athmhúnlú ar Threoir 2010/31/AE arna chur i láthair an 15 Nollaig 2021 8 . Dá bhrí sin, má ghlactar an togra sin, ba cheart an méid sin a léiriú in athmhúnlú na Treorach sin.

- gur cheart a mheas gur cuireadh Airteagal 3 den togra seo in ionad Airteagal 4(1) den togra le haghaidh athmhúnlú ar Threoir 2012/27/AE a chur i láthair an 14 Iúil 2021. Dá bhrí sin, má ghlactar an togra sin, ba cheart an méid sin a léiriú in athmhúnlú na Treorach sin. 

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tacar níos leithne tionscnamh chun athléimneacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus chun ullmhú i gcoinne staideanna féideartha éigeandála, eadhon tograí ‘Oiriúnach do 55’ ón gCoimisiún. go háirithe am t‑athbhreithniú ar Threoir (AE) 2018/2001 agus na hathmhúnluithe ar Threoracha 2010/31/AE agus 2012/27/AE.

I bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla a tharla le déanaí, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht REPowerEU i mí an Mhárta 2022. I gcomhréir leis an Teachtaireacht REPowerEU, d’fhoilsigh an Coimisiún moladh maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, in éineacht le treoir lena gcuidítear leis na Ballstáit dlús a chur leis an gceadú le haghaidh gléasraí fuinnimh in‑athnuaite. Tabharfaidh an méid sin uirlisí do na Ballstáit chun tús a chur le laghdú an ama a thógtar chun iarratais ar ghléasraí fuinnimh in‑athnuaite a fhormheas, agus ar an gcaoi sin freagairt go tapa don ghéarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo arb é an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair is cúis léi. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún an togra seo i láthair lena áirithiú go ndéantar na tionscadail a fhormheas ar bhealach níos simplí agus níos tapúla ar fud an Aontais. Leis an togra dlíthiúil a thiocfaidh i ndiaidh an mholta, tabharfar deimhneacht níos fearr do thionscnóirí tionscadal agus d’infheisteoirí, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith ag tabhairt faoi dhlús a chur leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna cheana féin i gcomhréir leis an Moladh. Thairis sin, is féidir príomhról a bheith ag cur chun feidhme pras éifeachtúil an Mholta chun a áirithiú go gcomhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí nua atá orthu faoin togra seo.

Is é is aidhm don togra céimeanna éagsúla na bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le fuinneamh inathnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh, lena náirítear measúnú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol. Saothraítear go dlúth cuspóirí idirnasctha leis na beartais chomhshaoil agus na beartais fuinnimh inathnuaite ós rud é go bhfuil an cuspóir foriomlán céanna acu maidir le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach. Leis an togra neartaítear ról féideartha na measúnuithe comhshaoil ar phleananna nó ar chláir a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 i ndáil le fuinnimh inathnuaite a chur in úsáid níos tapúla, go háirithe maidir le sprioclimistéir athnuaiteán a ainmniú. Soláthraítear leis an togra freisin creat sonrach maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail aonair fuinnimh inathnuaite atá lonnaithe i sprioclimistéir athnuaiteán agus lasmuigh de na sprioclimistéir sin. Maidir leis an ngá formhór na dtionscadal nach dócha go neascróidh rioscaí don chomhshaol astu a údarú ar bhealach pras simplí, sa chreat sin comhcheanglaítear an méid sin ar bhealach éifeachtúil le leibhéal ard cosanta trína áirithiú go ndéanfar grinnscrúdú níos dlúithe ar na tionscadail is mó fadhb.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar dhá bhunús dlí:

- Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 10 (CFAE), lena gcuirtear an bunús dlí ar fáil chun bearta a mholadh chun cineálacha fuinnimh nua agus inathnuaite a fhorbairt agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, ar spriocanna iad de bheartas fuinnimh an Aontais a leagtar amach in Airteagal 194(1)(c) CFAE.

- Airteagal 192(1) de CFAE, lena soláthraítear an bunús dlí chun cur i bhfeidhm acquis comhshaoil an Aontais a leasú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

An gá le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh

Ní féidir leis na Ballstáit imscaradh fuinnimh in‑athnuaite inbhuanaithe atá costéifeachtúil, pras agus ar mórscála agus i gcomhréir le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Teachtaireacht REPowerEU a ghnóthú leo féin. Tá gá le cur chuige an Aontais chun na dreasachtaí cearta a chur ar fáil do na Ballstáit ag a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine chun dlús a chur, ar bhealach comhordaithe, leis an aistriú fuinnimh ón gcóras fuinnimh traidisiúnta atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise go córas fuinnimh atá níos comhtháite agus níos fuinneamhéifeachtúla atá bunaithe ar fhuinnimh in‑athnuaite.

Agus na beartais fuinnimh éagsúla i measc na mBallstát á gcur san áireamh, is mó seans go mbainfear amach sprioc aeráide an Aontais agus an méadú is gá in imscaradh foinsí fuinnimh in‑athnuaite le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, arna tacú le creat láidir rialála ná gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin.

Is príomhbhacainn iad nósanna imeachta riaracháin atá fada agus casta roimh infheistíochtaí i bhfuinneamh in‑athnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. Maidir le fad agus castacht na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, tá éagsúlacht mhór i gceist idir na teicneolaíochtaí éagsúla fuinnimh in‑athnuaite agus idir na Ballstáit. Cé gur féidir leis na Ballstáit gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin atá ann ar an leibhéal náisiúnta, tá gá le cur chuige comhordaithe Eorpach maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus próisis riaracháin a ghiorrú agus a shimpliú chun dlús a chur leis an imscaradh fuinnimh in‑athnuaite is gá. Is gá an méid sin a dhéanamh chun go mbainfidh an tAontas amach a spriocanna aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030 agus an cuspóir fadtéarmach atá aige maidir le haeráidneodracht mar aon le deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise de réir a chéile agus praghsanna fuinnimh a laghdú. Agus na beartais fuinnimh, na tosaíochtaí agus na próisis éagsúla i measc na mBallstát á gcur san áireamh agus i bhfianaise na práinne maidir le dlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite i ngach Ballstát, is mó seans go mbainfear amach na cuspóirí is gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ná gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go rannchuideoidh na Ballstáit leis an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus go ndéanfar an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach comhchoiteann agus costéifeachtach. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, forlíonfar agus treiseofar an ghníomhaíocht náisiúnta agus áitiúil chun iarrachtaí i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

Breisluach Eorpach

Tá breisluach ag baint le gníomhaíocht de chuid an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh toisc go bhfuil sí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ná gníomhaíochtaí na mBallstát aonair, rud lena seachnaítear cur chuige ilroinnte trí aghaidh a thabhairt ar aistriú chóras fuinnimh na hEorpa ar bhealach comhordaithe.

Le cur chuige Eorpach beidh na Ballstáit uile in ann leas iomlán a bhaint as na poitéinsil atá acu maidir leis an imscaradh costéifeachtach fuinnimh in‑athnuaite is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, agus déanfar a áirithiú go gcuirfear toilleadh ginte fuinnimh in‑athnuaite in úsáid go rianúil i ngach Ballstát.

Is spriocanna comhchoiteanna iad spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais le haghaidh 2030. I ndáil leis sin, is mó an seans atá ag beartais chomhordaithe an Aontais chun an tAontas a iompú ina ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050.

Comhréireacht

Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I bhfianaise na staide geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéis riamh roimhe seo, ar staid í a tháinig chun cinn de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin agus de bharr na bpraghsanna arda fuinnimh, tá gá soiléir le gníomhaíocht chomhordaithe phráinneach chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Meastar gurb iomchuí an chothromaíocht idir oibleagáidí agus solúbthacht a fhágtar faoi na Ballstáit maidir leis an gcaoi chun na cuspóirí a bhaint amach i bhfianaise a thábhachtaí atá sé spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach mar aon leis an gcuspóir maidir le haeráidneodracht a leagtar síos sa Dlí Aeráide Eorpach agus an phráinn a bhaineann le spleáchas fuinnimh an Aontais agus praghsanna fuinnimh a laghdú.

An rogha ionstraime

Is Treoir é an togra seo lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, agus lena méadaítear sprioc fuinnimh in‑athnuaite an Aontais le haghaidh 2030 agus lena neartaítear na forálacha a bhaineann le ceadú sa Treoir sin (Airteagail 15-17). Leis an togra seo leasaítear Treoir 2010/31/AE freisin, lena gcuirtear suiteálacha gréine ar fhoirgnimh chun cinn agus leasaítear Treoir 2012/27/AE lena méadaítear sprioc an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Tá an t‑athbhreithniú seo ar Threoracha (AE) 2018/2001, 2012/27/AE agus 2010/31/AE teoranta don mhéid a mheastar a bheith riachtanach chun go mbeidh spriocanna maidir le fuinneamh in‑athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh ann atá comhsheasmhach leis an gcomhthéacs práinneach atá ann faoi láthair agus chun suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a mhéadú agus nósanna imeachta um dheonú ceadanna a chuíchóiriú chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 18 Eanáir 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún Glao ar Fhianaise agus comhairliúchán poiblí oscailte 3 mhí chun aiseolas a bhailiú ó na páirtithe leasmhara maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite. Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí sin i gcomhthéacs ullmhú an Mholta ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (PPA), a glacadh an 18 Bealtaine, in éineacht leis an togra seo. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Coimisiún imeacht ardleibhéil le haghaidh páirtithe leasmhara agus dhá cheardlann freisin arb é is aidhm dóibh na bacainní agus na dea-chleachtais atá ann cheana i bpróisis deonaithe ceadanna na mBallstát éagsúil a phlé.

De thoradh phráinn an togra, a chuirtear ar aghaidh mar fhreagairt ar an ngéarchéim de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an gá atá ann mar thoradh air sin dlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite go práinneach, cuireann an Coimisiún le torthaí na gcomhairliúchán sin agus leis an ionchur a chuir na príomhpháirtithe leasmhara ar fáil i gceardlanna, cruinnithe agus fóraim éagsúla, go háirithe comhdháil ardleibhéil maidir le ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta (PPA) agus dhá cheardlann maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail in earnálacha an fhuinnimh gaoithe agus na hidreachumhachta a athchumhachtú.

Achoimre ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara

Sa chomhairliúchán poiblí oscailte iarradh tuairimí ar dhá ghrúpa páirtithe leasmhara maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna: údaráis phoiblí, agus tionscnóirí agus comhlachais tionscadal.

Sna freagraí a thug siad, léirigh 7 n‑údarás poiblí as 8 (87.5 %) go bhfuil easpa infhaighteachta ar shuíomhanna ar an talamh nó ar muir ar an dúshlán is mó maidir le fuinneamh in‑athnuaite a leathnú ina ndlínse, agus gurb iad an easpa acmhainneachta eangaí (62.5 %), an easpa glactha ag an bpobal / an choinbhleacht idir earraí poiblí (50 %) agus fad na nósanna imeachta (50 %) na dúshláin is mó ina dhiaidh sin. Nuair a cuireadh ceist orthu faoi na príomhbhaic maidir le ceadanna a phróiseáil le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, léirigh na húdaráis phoiblí gurb é an príomhbhacainn an chastacht a bhaineann leis na leibhéil éagsúla rialtais nó riaracháin a chomhordú (75 %), agus gurb iad an easpa acmhainní daonna (50 %) agus an easpa glactha ag an bpobal nó an choinbhleacht idir earraí poiblí (50 %) na bacainní is mó ina dhiaidh sin.

Rinne thart ar leath de na tionscnóirí agus comhlachais tionscadal (70 / 155) fad na nósanna imeachta riaracháin a rangú mar an bhacainn ba thábhachtaí a chuireann cosc ar theacht chun cinn na dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite agus tharraing 62 acu aird ar shaincheisteanna a bhaineann le ceangal leis an eangach. Rinne na freagróirí an iomaíocht le rialacháin chomhshaoil (44) agus castacht na gceanglas nó na nósanna imeachta is infheidhme (35) a rangú i measc na mbacainní is tábhachtaí. Sna freagraí ar na ceisteanna téacs oscailte, chuir na freagróirí béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúil, léirigh siad tacaíocht d’úsáidí iomadúla spáis, amhail agra-fótavoltachas, agus d’iarr siad go mbeadh an pobal áitiúil rannpháirteach. Sa chomhairliúchán poiblí freisin iarradh go soiléir go gcuirfí tacar comhchuibhithe critéar ar fáil maidir le limistéir oiriúnacha do thionscadail a ainmniú.

Agus an togra seo á ullmhú cuireadh san áireamh tuairimí na bpáirtithe leasmhara mar a cuireadh in iúl iad sa chomhairliúchán poiblí oscailte agus le linn na gceardlann.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra seo le torthaí staidéar RES Simplify, lena soláthraítear forbhreathnú cuimsitheach ar na bacainní atá ann faoi láthair maidir le ceadú, táscairí feidhmíochta náisiúnta chomh maith le dea-chleachtais a bhaineann le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh foinsí fuinnimh in‑athnuaite, agus aird ar leith á tabhairt ar bhacainní riaracháin in earnáil na cumhachta. Foilsítear tuarascáil eatramhach an staidéir in éineacht le glacadh an tionscnaimh seo agus an Mholta maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta (PPAnna). Léirítear leis an togra seo freisin na tuairimí a chomhroinn na páirtithe leasmhara ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin.

Measúnú tionchair

I ngeall ar íogaireacht pholaitiúil an togra agus a phráinní atá sé, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair sonrach.

Mar sin féin, leis an staidéar, an comhairliúchán poiblí oscailte agus na ceardlanna fairsinge a eagraíodh leis na páirtithe leasmhara a luaitear thuas, mar aon le hanailís an Choimisiúin féin, soláthraítear léargas láidir ar na fadhbanna a bhaineann leis an bpleanáil agus le nósanna imeachta um dheonú ceadanna chomh maith le roghanna chun dul i ngleic leo.

Cearta bunúsacha

I dtéarmaí comhsheasmhachta leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, is é aidhm uileghabhálach an athbhreithnithe seo éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú agus astaíochtaí GCT a laghdú, agus tá an méid sin i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 37 den Chairt faoina gcaithfear ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leasaítear leis an togra seo Treoir atá ann cheana maidir le fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn, agus mar sin meastar go mbeidh an tionchar riaracháin agus na costais riaracháin measartha, ós rud é gurb ann d’fhormhór na struchtúr agus na rialacha riachtanacha cheana féin. Beidh roinnt costas le híoc ag na Ballstáit agus an oibleagáid nua á cur chun feidhme acu maidir ‘sprioclimistéir athnuaiteán’ a shainaithint ach meastar le cuíchóiriú foriomlán na nósanna imeachta go mbeidh coigiltí móra costas ann do na Ballstáit. Déanfar na costais bhreise a bhaineann le sprioc níos airde maidir le fuinneamh in‑athnuaite san Aontas a chothromú le tairbhí eile eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta amhail méadú ar chinnteacht an tsoláthair, trí ionadú a dhéanamh ar bhreoslaí iontaise allmhairithe ó thríú tíortha, agus athléimneacht níos fearr i gcoinne seachtrachtaí, agus san am céanna rannchuideofar leis an linn carbóin agus le truailliú aeir a laghdú. Níl aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

Maidir leis an leasú ar an Treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ar an Treoir maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, níl aon impleacht ag an togra seo i ndáil le buiséad an Aontais. Maidir leis na costais le haghaidh na mBallstát, leasaítear leis an togra seo Treoracha atá ann cheana agus tá sé ag brath go príomha ar struchtúir agus ar rialacha atá i bhfeidhm cheana féin, go háirithe agus na forálacha nua a gcur san áireamh, ar forálacha iad a chuirtear ar aghaidh leis na tograí chun an dá Threoir a athmhúnlú. Beidh roinnt costas le híoc ag na Ballstáit maidir le bearta breise a chur chun feidhme chun rannchuidiú le baint amach na spriocanna agus leis an oibleagáid nua maidir le foirgnimh, ach meastar go mbeidh coigiltí móra costais ann le haghaidh teaghlach agus fiontar. 

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis do na comhreachtóirí an Treoir leasaitheach seo a ghlacadh, le linn na tréimhse trasuite, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas chun trasuí na Treorach a éascú:

Cruinnithe a eagrú le saineolaithe ó na Ballstáit a bhfuil sé de chúram orthu codanna éagsúla den Treoir a thrasuí chun plé a dhéanamh ar conas iad a thrasuí agus chun amhras a réiteach, i gcomhthéacs na Gníomhaíochta Comhbheartaithe um Fhoinsí Fuinnimh Inathnuaite (CA-RES), na Gníomhaíochta Comhbheartaithe um Fheidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (CA-EPBD) agus na Gníomhaíochta Comhbheartaithe um Éifeachtúlacht Fuinnimh (CA-EED) nó i bhformáid choiste.

Infhaighteacht le haghaidh cruinnithe déthaobhacha agus glaonna leis na Ballstáit i gcás ceist shonrach maidir le trasuí na Treorach.

Tar éis na sprioc-amanna don trasuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar cé acu atá nó nach bhfuil an Treoir trasuite go hiomlán agus i gceart ag na Ballstáit.

Le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, bunaíodh creat comhtháite pleanála, faireacháin agus tuairiscithe fuinnimh agus aeráide, chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna aeráide agus fuinnimh i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta Chomhaontú Pháras. Bhí ar na Ballstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh 2019, pleananna lena gcumhdaítear na cúig ghné den Aontas Fuinnimh don tréimhse 2021-2030. Ó 2023 ar aghaidh, ní mór do na Ballstáit tuarascáil a thabhairt gach re bliain ar an dul chun cinn a dhéanfar i gcur chun feidhme na bpleananna agus ina theannta sin, faoin 30 Meitheamh 2023, ní mór dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena ndréacht‑nuashonruithe ar na pleananna, agus beidh na nuashonruithe deiridh dlite an 30 Meitheamh 2024. Ní chruthófar sa togra seo córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach bheadh sé faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Le hathbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán maidir le Rialachas, d’fhéadfaí na ceanglais tuairiscithe sin a chomhdhlúthú.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Mar thoradh ar an rialú a thug an Chúirt Bhreithiúnais i gcás C-543/17, An Coimisiún v an Bheilg, ní mór do na Ballstáit faisnéis atá soiléir agus beacht go leor a chur leis na fógraí a thugann siad faoi bhearta náisiúnta trasuite, faisnéis lena sonraítear na forálacha sin den dlí náisiúnta lena dtrasuitear na forálacha de threoir. Ní mór an méid sin a dhéanamh maidir le gach oibleagáid, ní hamháin ag ‘leibhéal na n‑airteagal’. Má chomhlíonann na Ballstáit an oibleagáid sin, ní bheadh orthu, i bprionsabal, doiciméid bhreise mhíniúcháin maidir leis an trasuí a chur chuig an gCoimisiún.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha lena ndéantar athrú substaintiúil ar Threoracha (AE) 2018/2001, 2012/27/AE agus 2010/31/AE nó lena gcuirtear eilimintí nua leo:

Le hAirteagal 1(1) cuirtear sainmhíniú nua le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001, chun ‘sprioclimistéir athnuaiteán’ a shainmhíniú.

Le hAirteagal 1(2) modhnaítear Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 trí sprioc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a mhéadú go 45 %. Gabhann an tAirteagal sin ionad an leasaithe ar Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 a chuimsítear sa togra chun Treoir (AE) 2018/2001 a mhodhnú a glacadh an 14 Iúil 2021 11 .

Le hAirteagal 1(3) cuirtear isteach mír 2a nua in Airteagal 15 lena gceanglaítear ar na Ballstáit tástáil ar theicneolaíochtaí nua fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn agus san am céanna coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm.

Le hAirteagal 1(4) cuirtear isteach Airteagal 15b nua maidir leis an oibleagáid ar na Ballstáit na limistéir talún agus farraige a shainaithint, ar limistéir iad is gá chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in‑athnuaite ionas go mbeidh siad in ann a rannchuidithe náisiúnta a chomhlíonadh i dtreo sprioc 2030 maidir le fuinneamh in‑athnuaite.

Le hAirteagal 1(5) cuirtear isteach Airteagal 15c nua maidir leis an oibleagáid ar na Ballstáit plean nó pleananna lena n‑ainmnítear ‘sprioclimistéir athnuaiteán’ a ghlacadh, ar limistéir iad atá an‑oiriúnach do shuiteálacha chun fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in‑athnuaite.

Cuirtear Airteagal 1(6) in ionad Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/2001, lena leathnaítear raon feidhme an phróisis deonaithe ceadanna, lena soiléirítear tús an phróisis deonaithe ceadanna agus lena n‑iarrtar na nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha is gasta atá ar fáil le haghaidh achomharc i gcomhthéacs iarratas ar thionscadail fuinnimh in‑athnuaite.

Le hAirteagal 1(7) cuirtear isteach Airteagal 16a nua, lena rialaítear an próiseas deonaithe ceadanna i sprioclimistéir athnuaiteán.

Le hAirteagal 1(8) cuirtear isteach Airteagal 16b nua, lena rialaítear an próiseas deonaithe ceadanna lasmuigh de sprioclimistéir athnuaiteán.

Le hAirteagal 1(9) cuirtear isteach Airteagal 16c nua, lena rialaítear an próiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil i struchtúir shaorga.

Le hAirteagal 1(10) cuirtear isteach Airteagal 16d nua lena áirithiú maidir le gléasraí le haghaidh giniúint fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite, ceangal na ngléasraí sin leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin nó na sócmhainní stórála gaolmhara, go meastar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo chun críoch sonrach.

Le hAirteagal 2 cuirtear isteach Airteagal 9a nua le Treoir 2010/31/AE maidir leis an oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh foirgnimh nua oiriúnach do threalamh gréine agus maidir leis an oibleagáid atá orthu suiteálacha grianfhuinnimh a shuiteáil ar fhoirgnimh. Ba cheart an tAirteagal 9a nua sin a léiriú san athmhúnlú ar Threoir 2010/31/AE, ar athmhúnlú é a chuir an Coimisiún isteach togra ina leith an 15 Nollaig 2021 12 .

Le hAirteagal 3 modhnaítear Airteagal 3 de Threoir 2012/27/AE chun sprioc an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Ba cheart an leasú sin a chur in ionad an leasaithe a rinneadh le hAirteagal 4(1) den athmhúnlú ar Threoir 2012/27/AE, ar athmhúnlú é a chuir an Coimisiún isteach togra ina leith an 4 Iúil 2021 13

Baineann Airteagal 4 le trasuí.

Baineann Airteagal 5 le teacht i bhfeidhm.

Baineann Airteagal 6 le seolaithe.

2022/0160 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 16 , leagadh síos le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 an cuspóir go mbeidh an tAontas aeráidneodrach in 2050, mar aon leis an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de 55 % faoi 2030. Dá réir sin, tá gá le haistriú fuinnimh agus le sciartha i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite.

(2)Tá ról bunúsach ag fuinneamh inathnuaite chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % de na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa san Aontas faoi láthair. Trí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú, is cuidiú é fuinneamh inathnuaite freisin chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, amhail cailliúint na bithéagsúlachta agus chun truailliú a laghdú i gcomhréir le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú.

(3)Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 sprioc cheangailteach don Aontas gur ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a thiocfaidh sciar 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide 19 , ba ghá an sciar fuinnimh inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go 40 % faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach 20 . Sa chomhthéacs sin, i mí Iúil 2021 mhol an Coimisiún, mar chuid den phacáiste maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, an sciar fuinnimh inathnuaite sa mheascán fuinnimh in 2030 a mhéadú faoi dhó i gcomparáid le 2020, chun leibhéal 40 % ar a laghad a bhaint amach. Sa Teachtaireacht REPowerEU 21 leagadh amach plean chun go mbeidh an tAontas neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh dheireadh na 10 mbliana seo. Forálann an Coimisiún go ndéanfar fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh a thúsualú, lena méadaítear an meánráta úsáide mar aon le hacmhainn fuinnimh inathnuaite breise faoi 2030 chun freastal ar tháirgeadh níos airde hidrigine inathnuaite. D’iarr sé ar na comhreachtóirí freisin féachaint le sprioc níos airde nó níos luaithe a thabhairt isteach maidir le fuinneamh inathnuaite. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí sprioc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a mhéadú go 45 % chun dlús mór a chur leis an luas ag a gcuirtear fuinneamh inathnuaite in úsáid faoi láthair, agus ar an gcaoi sin dlús a chur le deireadh a chur le spleáchas an Aontais de réir a chéile trí infhaighteacht fuinnimh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe san Aontas a mhéadú.

(4)Is príomhbhacainn iad nósanna imeachta riaracháin fada roimh infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. I measc na mbacainní sin, tá castacht na rialacha is infheidhme maidir le suíomhanna a roghnú agus údaruithe riaracháin le haghaidh tionscadal, castacht agus fad an mheasúnaithe ar thionchair na dtionscadal ar an gcomhshaol, saincheisteanna a bhaineann le ceangal leis an eangach, srianta maidir le sonraíochtaí teicneolaíochta a oiriúnú le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna, nó saincheisteanna foirne na núdarás deonaithe ceadanna nó oibreoirí na neangaí. Chun dlús a chur leis an luas ag a gcuirtear tionscadail fuinnimh inathnuaite in úsáid, is iomchuí rialacha a ghlacadh lena ndéanfaí na próisis deonaithe ceadanna a shimpliú agus a ghiorrú.

(5)Maidir leis na ceanglais chun na nósanna imeachta riaracháin maidir le húdarú gléasraí fuinnimh inathnuaite a shimpliú, le Treoir (AE) 2018/2001 déantar na ceanglais sin a chuíchóiriú trí rialacha a thabhairt isteach maidir le heagrú agus uasfhad na coda riaracháin den phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite, lena gcumhdaítear le gach cead ábhartha go gceadófaí gléasraí a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú, agus lena gcumhdaítear ceangal na ngléasraí sin leis an eangach.

(6)Tá gá leis na próisis riaracháin deonaithe ceadanna a shimpliú agus a ghiorrú a thuilleadh ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030 amach mar aon leis an gcuspóir maidir le haeráidneodracht faoi 2050, agus prionsabal na neamhdhíobhála den Chomhaontú Glas don Eoraip á chur san áireamh san am céanna. Trí sprioc-amanna níos giorra agus níos soiléire a thabhairt isteach do chinntí atá le glacadh ag na húdaráis inniúla maidir le húdarú a eisiúint do shuiteálacha fuinnimh inathnuaite bunaithe ar iarratas comhlánaithe, cuirfear dlús le himscaradh tionscadal fuinnimh inathnuaite. Is iomchuí, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir tionscadail i limistéir atá anoiriúnach d’imscaradh tionscadal fuinnimh inathnuaite, ar féidir sprioc-amanna a chuíchóiriú go háirithe le haghaidh na limistéar sin (sprioclimistéir athnuaiteán), agus tionscadail atá lonnaithe lasmuigh de na limistéir sin.

(7)I measc cuid de na saincheisteanna is coitianta a mbíonn ar thionscnóirí tionscadal fuinnimh inathnuaite aghaidh a thabhairt orthu, tá saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal atá beartaithe ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is iomchuí gnéithe áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol de na nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus de na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a chuíchóiriú.

(8)D’fhéadfaí tacú le cur i bhfeidhm níos tapúla na dtionscadal fuinnimh inathnuaite le pleanáil straitéiseach a dhéanfadh na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit na limistéir talún agus farraige a shainaithint, ar limistéir iad is gá chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite ionas go mbeidh siad in ann a rannchuidithe náisiúnta a chomhlíonadh i dtreo sprioc athbhreithnithe 2030 maidir le fuinneamh inathnuaite a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001. Ba cheart do na limistéir sin a bheith ag teacht le conairí measta na mBallstát mar aon leis an toilleadh iomlán suiteáilte atá beartaithe agus ba cheart iad a shainaithint leis an teicneolaíocht fuinnimh inathnuaite atá leagtha amach i bpleananna náisiúnta nuashonraithe fuinnimh agus aeráide na mBallstát de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Agus na limistéir talún agus farraige á sainaithint ba cheart a chur san áireamh infhaighteacht na nacmhainní fuinnimh inathnuaite agus an poitéinseal a bhaineann leis na limistéir éagsúla talún agus farraige le haghaidh tháirgeadh fuinnimh inathnuaite trí na teicneolaíochtaí éagsúla, an téileamh fuinnimh foriomlán réamhmheasta agus i réigiúin éagsúla Ballstáit, agus infhaighteacht an bhonneagair eangaí ábhartha, stóráil agus uirlisí solúbthachta eile agus aird á tabhairt ar an acmhainneacht is gá chun freastal ar mhéid an fhuinnimh inathnuaite atá ag méadú.

(9)Ba cheart do na Ballstáit na limistéir sin atá anoiriúnach le haghaidh forbairt tionscadal fuinnimh inathnuaite a ainmniú mar sprioclimistéir athnuaiteán, ar tionscadail iad lena núsáidtear teicneolaíochtaí éagsúla agus ar limistéir iad nach meastar go mbeidh tionchar mór ag imscaradh na gcineálacha sonracha foinsí fuinnimh inathnuaite ar an gcomhshaol. Agus na sprioclimistéir athnuaiteán á nainmniú, ba cheart do na Ballstáit limistéir faoi chosaint a sheachaint a mhéid is féidir agus ba cheart dóibh pleananna athchóirithe a mheas. Féadfaidh na Ballstáit sprioclimistéir athnuaiteán a bhaineann go sonrach le cineál gléasra fuinnimh inathnuaite amháin nó níos mó a ainmniú agus ba cheart dóibh an cineál nó na cineálacha fuinnimh inathnuaite atá oiriúnach lena tháirgeadh nó lena dtáirgeadh i ngach sprioclimistéar athnuaiteán a léiriú.

(10)Le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 leagtar síos measúnuithe comhshaoil mar uirlis thábhachtach chun cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú agus i nglacadh na bpleananna agus na gclár. Chun sprioclimistéir athnuaiteán a ainmniú, ba cheart do na Ballstáit plean nó pleananna a ullmhú lena gcuimsítear sainaithint na limistéar agus na rialacha agus bearta maolaithe is infheidhme le haghaidh na dtionscadal atá lonnaithe i ngach sprioclimistéar. Féadfaidh na Ballstáit plean aonair amháin a ullmhú le haghaidh gach sprioclimistéar athnuaiteán agus gach teicneolaíocht, nó pleananna a bhaineann le teicneolaíochtaí sonracha a ullmhú lena sainaithnítear sprioclimistéar athnuaiteán amháin nó níos mó. Ba cheart gach plean a bheith faoi réir measúnú comhshaoil a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE chun measúnú a dhéanamh ar thionchair gach teicneolaíochta inathnuaite ar na limistéir ábhartha arna na-ainmniú sa phlean sin. Trí mheasúnú comhshaoil a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE chun na críche sin, chuirfí ar chumas na mBallstát cur chuige níos comhtháite agus níos éifeachtúla a bheith acu maidir le pleanáil agus chun cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh ag céim luath sa phróiseas pleanála ar leibhéal straitéiseach. Rannchuideodh an méid sin le dlús a chur le himscaradh na bhfoinsí éagsúla fuinnimh inathnuaite ar bhealach ní ba thapa agus ní ba chuíchóirithe agus tionchair dhiúltacha na dtionscadal sin ar an gcomhshaol á níoslaghdú san am céanna.

(11)Tar éis an phlean nó na bpleananna lena nainmnítear sprioclimistéir athnuaiteán, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí móra chur chun feidhme an phlean nó na bpleananna ar an gcomhshaol chun, inter alia, éifeachtaí díobhálacha gan choinne a shainaithint ag céim luath, agus chun a bheith in ann gníomh feabhais iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE.

(12)Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil 23 (‘Coinbhinsiún Aarhus’) a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, leanann na forálacha sin, go háirithe na forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme, i gcás inarb ábhartha.

(13)Ba cheart é a bheith mar aidhm ag ainmniú na sprioclimistéar athnuaiteán a áirithiú gur leor an táirgeadh fuinnimh inathnuaite ó na limistéir sin, in éineacht le gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana, gléasraí fuinnimh inathnuaite lasmuigh de na limistéir sin agus sásraí comhair a bheidh ann amach anseo chun rannchuidiú na mBallstát a chomhlíonadh i ndáil le sprioc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

(14)Sna sprioclimistéir athnuaiteán ainmnithe, i ndáil le tionscadail fuinnimh inathnuaite a chomhlíonann na rialacha agus na bearta a shainaithnítear sa phlean nó sna pleananna arna ullmhú nó arna nullmhú ag na Ballstáit, ba cheart do na tionscadail sin tairbhiú den toimhde nach bhfuil éifeachtaí móra acu ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine a bheith ann ón ngá measúnú sonrach a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol ag leibhéal na dtionscadal de réir bhrí Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , cé is moite de thionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí móra acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina niarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear mór dó an méid sin. Ba cheart do na hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún UNECE Espoo maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann an 25 Feabhra 1991 leanúint de bheith infheidhme maidir leis na Ballstáit inar dócha go mbeidh tionchar mór trasteorann ag an tionscadal i dtríú tír.

(15)Le hainmniú na sprioclimistéar athnuaiteán, ba cheart do ghléasraí fuinnimh inathnuaite, a gceangal leis an eangach mar aon le saoráidí comhshuite stórála fuinnimh a bheith in ann tairbhiú den intuarthacht agus de nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe. Go sonrach, ba cheart do thionscadail atá lonnaithe i sprioclimistéir athnuaiteán tairbhiú de nósanna imeachta riaracháin brostaithe, lena náirítear comhaontú intuigthe i gcás nach dtugann an túdarás inniúil freagra maidir le céim riaracháin faoin sprioc-am arna leagan síos, ach amháin i gcás ina bhfuil an tionscadal sonrach faoi réir measúnú tionchair ar an gcomhshaol. Ba cheart do na tionscadail sin tairbhiú freisin de sprioc-amanna a bhfuil teorainn shoiléir leo agus de dheimhneacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann leis an toradh a mheastar a bheidh ar an nós imeachta. Tar éis d’iarratais a bheith déanta ar thionscadail i sprioclimistéar athnuaiteán, ba cheart do na Ballstáit scagadh tapa a dhéanamh ar na hiarratais sin agus é d’aidhm acu a shainaithint más dócha go neascróidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne as aon cheann de na tionscadail sin i bhfianaise íogaireacht chomhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn measúnú comhshaoil ar an bplean nó ar na pleananna lena nainmnítear sprioclimistéir athnuaiteán a dhéantar i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE. Ag deireadh an phróisis scagtha sin ba cheart a mheas go bhfuil na tionscadail uile atá lonnaithe i sprioclimistéir athnuaiteán formheasta. Níor cheart do na Ballstáit tionscadal a chur faoi réir measúnú comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2011/92/CE agus, i gcás inarb ábhartha, Treoir 92/43/CEE 25 ach amháin má tá fianaise shoiléir ag na Ballstáit lena meas gur dócha go neascróidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne as an tionscadal sonrach sin agus tar éis údar a thabhairt leis an gcinneadh sin. Ós rud é gur gá dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh inathnuaite, ba cheart an measúnú sin a dhéanamh laistigh de 6 mhí.

(16)Ós rud é gur gá dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh inathnuaite, níor cheart do shainaithint na sprioclimistéar athnuaiteán cosc a chur ar shuiteáil tionscadal fuinnimh inathnuaite atá ar siúl faoi láthair nó suiteálacha a dhéanfar amach anseo i ngach limistéar atá ar fáil maidir le himscaradh fuinnimh inathnuaite. Ba cheart do na tionscadail sin leanúint de bheith faoi réir na hoibleagáide measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE agus ba cheart do na tionscadail a bheith faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear maidir le tionscadail fuinnimh inathnuaite atá lonnaithe lasmuigh de sprioclimistéir athnuaiteán. Chun dlús a chur le ceadú ar an leibhéal is gá chun an sprioc maidir le fuinneamh inathnuaite a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach, ba cheart freisin na nósanna imeachta is infheidhme maidir le tionscadail lasmuigh de sprioclimistéir a shimpliú agus a chuíchóiriú mar aon le sprioc-amanna uasta soiléire a thabhairt isteach le haghaidh gach céim den nós imeachta, lena náirítear measúnuithe tiomnaithe comhshaoil in aghaidh an tionscadail.

(17)Trí úsáidí iomadúla a bhaint as an spás le haghaidh táirgeadh fuinnimh inathnuaite agus úsáidí eile talún agus farraige (amhail táirgeadh bia nó caomhnú an dúlra nó athchóiriú), maolaítear baic maidir le húsáid na talún nó na farraige. Sa chomhthéacs sin, is uirlis thábhachtach í an phleanáil spásúil chun sineirgí maidir le húsáid talún agus farraige a shainaithint agus a threorú ag céim luath. Maidir le húsáidí iomadúla na limistéar a shainaithnítear mar thoradh ar na bearta pleanála spásúla arna nglacadh, ba cheart do na Ballstáit na húsáidí iomadúla sin a fhiosrú, a chumasú agus a chur chun cinn.

(18)D’fhéadfadh sé go mbeadh marú agus corraí éan agus speiceas eile atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE nó faoi Threoir 2009/147/CE 26 ó am go chéile mar thoradh ar thógáil agus ar oibriú gléasraí fuinnimh inathnuaite. Mar sin féin, ní mheasfaí gur marú nó corraí d’aon ghnó iad an marú ná an corraí sin de réir bhrí na dTreoracha sin má ghlac an tionscadal, le linn a thógála agus a oibrithe, bearta maolaithe iomchuí chun imbhualadh a sheachaint nó corraí a chosc, agus má dhéanann sé faireachán iomchuí chun éifeachtacht na mbeart sin a mheas agus, i bhfianaise na faisnéise arna mbailiú, má dhéanann sé bearta breise de réir mar is gá chun a áirithiú nach mbeidh aon tionchar diúltach mór ar phobal na speiceas lena mbaineann.

(19)Anuas ar ghléasraí nua fuinnimh inathnuaite a shuiteáil, tá poitéinseal ag baint le gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana a athchumhachtú chun rannchuidiú le baint amach na spriocanna maidir le fuinneamh inathnuaite. Ós rud é, de ghnáth, go suiteáiltear na gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana ar shuíomhanna a bhfuil poitéinseal mór acmhainne fuinnimh inathnuaite ag baint leo, is féidir a áirithiú le hathchumhachtú go leanfar de na suíomhanna sin a úsáid agus san am céanna laghdófar an gá maidir le suíomhanna nua a ainmniú le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite. Tá tairbhí breise ag baint le hathchumhachtú amhail an ceangal leis an eangach atá ann cheana, an dóchúlacht go mbeidh glacadh níos airde ann ón bpobal agus eolas ar na tionchair ar an gcomhshaol. Le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh inathnuaite tá athruithe ar thionscadail atá ann cheana nó leathnú na dtionscadal atá cheana i gceist ar leibhéil éagsúla. Ba cheart an próiseas deonaithe ceadanna maidir le tionscadail fuinnimh inathnuaite a athchumhachtú, lena náirítear measúnuithe comhshaoil agus scagadh, a bheith teoranta do na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh.

(20)Le Treoir (AE) 2018/2001 tugtar isteach nósanna imeachta cuíchóirithe um dheonú ceadanna maidir le hathchumhachtú. Chun freastal ar an ngá atá ag méadú maidir le gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana a athchumhachtú agus chun leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis sin, is iomchuí nós imeachta níos giorra fós a bhunú maidir le gléasraí fuinnimh inathnuaite atá lonnaithe i sprioclimistéir a athchumhachtú, lena náirítear nós imeachta scagtha níos giorra. Maidir le gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana agus atá lonnaithe lasmuigh de sprioclimistéir, ba cheart do na Ballstáit próiseas deonaithe ceadanna simplithe agus pras a áirithiú, ar próiseas é nár cheart dul thar thréimhse 1 bhliain, agus prionsabal na neamhdhíobhála den Chomhaontú Glas don Eoraip á chur san áireamh san am céanna.

(21)Maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, mar aon leis an stóráil chomhshuite agus ceangal leis an eangach a bhaineann leis sin, i struchtúir atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, ar struchtúir iad a cruthaíodh chun críoch eile seachas chun grianfhuinneamh a tháirgeadh cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, amhail díonta, limistéir pháirceála, bóithre agus iarnróid, ní hábhair imní iad de ghnáth a bhaineann le húsáidí iomaíocha den spás nó le tionchar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin d’fhéadfadh na suiteálacha sin tairbhiú de nósanna imeachta um dheonú ceadanna atá níos giorra.

(22)Tá foinsí fuinnimh inathnuaite ríthábhachtach chun an tathrú aeráide a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus cinnteacht sholáthair an Aontais a áirithiú. Chun críocha reachtaíocht ábhartha an Aontais, sna measúnuithe riachtanacha de réir an cháis chun a fhionnadh i gcás áirithe cé acu atá leas poiblí sáraitheach ag baint le gléasra chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite, le ceangal an ghléasra sin leis an eangach, leis an eangach ghaolmhar féin nó leis na sócmhainní stórála nó nach bhfuil, ba cheart do na Ballstáit a mheas go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leis na gléasraí sin agus leis an mbonneagar gaolmhar agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann lena léirítear go bhfuil éifeachtaí díobhálacha móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Trína mheas go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leis na gléasraí sin agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, beidh na tionscadail sin in ann tairbhiú de mheasúnú simplithe.

(23)Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo ar bhealach rianúil éifeachtach, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil 27 lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena náirítear na hathchóirithe sin lena méadaítear úsáidí fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, lena gcothaítear comhtháthú córas fuinnimh ar bhealach níos fearr, lena sainaithnítear limistéir shonracha atá anoiriúnach do shuiteáil gléasraí chun fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh, agus lena ndéantar an creat maidir le húdarú agus próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a chuíchóiriú. Maidir leis an tacaíocht theicniúil, mar shampla, baineann sé leis an acmhainneacht riaracháin a neartú, na creataí reachtacha a chomhchuibhiú agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt.

(24)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2018/2001 a leasú dá réir.

(25)Tá géarghá le spleáchas breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú agus le dlús a chur le hiarrachtaí chun tomhaltas na bhfoirgneamh a dhícharbónú agus leictriú. Ionas go mbeifear in ann teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil ar bhealach chostéifeachtach ag céim níos déanaí, ba cheart do na foirgnimh nua uile a bheith ‘oiriúnach do threalamh gréine’, is é sin, go mbeidh siad deartha chun an poitéinseal giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ghrianionradantas an tsuímh, rud lena gcumasaítear suiteáil thairbheach teicneolaíochtaí gréine gan idirghabhálacha struchtúracha costasacha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go núsáidfear suiteálacha gréine oiriúnacha ar fhoirgnimh nua, foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon, agus ar fhoirgnimh neamhchónaithe atá ann cheana. Trí ghrianfhuinneamh a chur in úsáid ar fhoirgnimh ar mórscála, rannchuideofaí go mór leis na tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna méadaithe agus luaineacha breoslaí iontaise ar bhealach níos éifeachtaí, laghdófaí neamhchosaint na saoránach leochaileach ar chostais arda fuinnimh agus bheadh tairbhí comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta níos forleithne ann dá bharr. Chun poitéinseal na suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a shaothrú go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit critéir a shainiú maidir le cur chun feidhme imscartha suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, mar aon le díolúintí féideartha ó imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, i gcomhréir le poitéinseal measta teicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin.

(26)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/31/AE a leasú dá réir.

(27)Is príomhréimse gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh, agus gan í ní féidir neamhspleáchas ó bhreoslaí iontaise agus ó allmhairí fuinnimh ón Rúis agus dícharbónú iomlán gheilleagar an Aontais a bhaint amach.  Beartas an Aontais atá ann faoi láthair maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, is mar thoradh ar an ngá maidir le leas a bhaint as na deiseanna costéifeachtacha coigilte fuinnimh atá sé ann. I mí na Nollaig 2018 cuimsíodh sprioc nua an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar chuid den phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, ar sprioc é de 32,5 % ar a laghad (i gcomparáid leis an úsáid réamhmheasta fuinnimh in 2030). Chun neamhspleáchas agus athléimneacht a mhéadú agus chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, ba cheart feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú a thuilleadh go 39 % ar a laghad maidir le fuinneamh deiridh agus go 41,5 % maidir le fuinneamh príomhúil, bunaithe ar na réamhmheastacháin le haghaidh 2030 i gCás Tagartha 2007. 

(28)Mar sin féin, i ngeall ar an athrú atá tagtha ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamhmheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bhonnlíne a athrú. Dá bhrí sin, tríd an gcur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, is é sin é a chur i gcomparáid leis na réamhmheastacháin don bhonnlíne a bheidh ann amach anseo, ba cheart sprioc 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a shocrú i gcomparáid leis na réamhmheastacháin i gCás Tagartha 2020 le haghaidh 2030 lena léirítear rannchuidithe náisiúnta na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna). Leis an mbonnlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas an uaillmhian atá aige maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 13 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid le leibhéal na niarrachtaí faoi Chás Tagartha 2020. Ní dhéanann an bealach nua seo chun leibhéal uaillmhéine an Aontais a shloinneadh difear do leibhéal iarbhír na niarrachtaí is gá. 

(29)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir.

(30)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon astaíochtaí gás ceaptha teasa, spleáchas fuinnimh agus praghsanna fuinnimh a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(31)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 28 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais sa chás An Coimisiún v An Bheilg 29 (cás C-543/17).

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 
Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/2001

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)In Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

(9a) ciallaíonn ‘sprioclimistéir athnuaiteán’ suíomh sonrach, cé acu atá sé ar an talamh nó ar muir, ar suíomh é atá ainmnithe ag Ballstát mar shuíomh atá an‑oiriúnach chun gléasraí a shuiteáil maidir le fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in‑athnuaite, seachas gléasraí dócháin bithmhaise.

(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a thiocfaidh 45 %, ar a laghad, dá sciar iomlán d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030.’

(3)in Airteagal 15, cuirtear an mhír 2a seo a leanas leis:

‘2a. Cuirfidh na Ballstáit tástáil ar theicneolaíochtaí nua fuinnimh in‑athnuaite i dtionscadail phíolótacha i bhfíorthimpeallacht chun cinn, ar feadh tréimhse theoranta, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus coimircí iomchuí ag gabháil léi chun oibriú slán an chórais leictreachais a áirithiú agus chun tionchair dhíréireacha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, agus déanfar an méid sin faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil.’

(4)Cuirtear an tAirteagal 15b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15b
Mapáil ar na limistéir is gá maidir le rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc 2030 maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite

(1)Faoi [1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] déanfaidh na Ballstáit na limistéir talún agus farraige a shainaithint, ar limistéir iad is gá maidir le gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite ionas go mbeidh siad in ann a rannchuidithe náisiúnta a chomhlíonadh i dtreo sprioc 2030 maidir le fuinneamh inathnuaite i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo. Beidh na limistéir sin comhchuimseach le conairí measta na mBallstát mar aon leis an toilleadh iomlán suiteáilte atá beartaithe ag teicneolaíocht fuinnimh inathnuaite a leagtar amach i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát, mar a tugadh iad cothrom le dáta de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(2)Agus na limistéir dá dtagraítear i mír 1 á sainaithint, cuirfidh na Ballstáit an méid a leanas san áireamh:

(a)infhaighteacht na nacmhainní fuinnimh inathnuaite agus an poitéinseal a bhaineann leis na teicneolaíochtaí éagsúla sna limistéir éagsúla talún agus farraige maidir le táirgeadh fuinnimh inathnuaite;

(b)an téileamh fuinnimh réamhmheasta;

(c)infhaighteacht an bhonneagair eangaí ábhartha, stórála agus uirlisí solúbthachta eile nó an poitéinseal maidir leis an mbonneagar eangaí nó an stóráil sin a chruthú.

(3)Tabharfaidh na Ballstáit fabhar d’úsáidí iomadúla na limistéar arna sainaithint mar thoradh ar an oibleagáid i mír 1.’

(5)Cuirtear an tAirteagal 15c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15c
Sprioclimistéir athnuaiteán

(1)Faoi [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach], glacfaidh na Ballstáit plean nó pleananna lena nainmneofar, laistigh de na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 15b(1), sprioclimistéir athnuaiteán le haghaidh cineál amháin foinsí fuinnimh inathnuaite nó níos mó. Sa phlean nó sna pleananna sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)Limistéir talún agus farraige atá sách aonfhoirmeach a ainmniú, ar limistéir iad a mheastar nach mbeidh tionchar mór ag imscaradh na gcineálacha sonracha cineálacha fuinnimh inathnuaite sin ar an gcomhshaol, i bhfianaise shaintréithe na críche a roghnaítear. Agus an méid sin á dhéanamh ag na Ballstáit déanfaidh siad mar a leanas:

·tosaíocht a thabhairt do dhromchlaí saorga agus tógtha, amhail díonta, limistéir bonneagair iompair, limistéir pháirceála, láithreáin dramhaíola, láithreáin tionscail, mianaigh, dobharlaigh shaorga intíre, lochanna nó taiscumair, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh, mar aon le talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte don talmhaíocht;

·láithreáin Natura 2000 agus páirceanna agus tearmainn dúlra, bealaigh imirce sainaitheanta éan chomh maith le limistéir eile a shainaithnítear bunaithe ar mhapaí íogaireachta agus ar na huirlisí dá dtagraítear sa chéad phointe eile a eisiaimh seachas dromchlaí saorga agus tógtha atá lonnaithe sna limistéir sin amhail díonta, limistéir pháirceála nó bonneagar iompair.

·na huirlisí agus na tacair sonraí iomchuí uile a úsáid chun na limistéir a shainaithint nach mbeadh tionchar mór ag na gléasraí fuinnimh inathnuaite ar an gcomhshaol iontu, lena náirítear mapáil íogaireachta fiadhúlra.

(b)Rialacha iomchuí a leagan síos le haghaidh na sprioclimistéar sainaitheanta athnuaiteán, lena náirítear maidir leis na bearta maolaithe atá le glacadh i dtaca le gléasraí fuinnimh inathnuaite a shuiteáil, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh a shuiteáil, mar aon leis na sócmhainní is gá chun iad a cheangal leis an eangach, chun na tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó mura féidir é sin a dhéanamh, chun na tionchair dhiúltacha sin a laghdú go mór. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí i bhfeidhm chun na staideanna a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 6(2) agus Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CEE agus Airteagal 4(1)(a)(i) agus (ii) de Threoir 2000/60/CE a chosc. Díreofar na rialacha sin ar shainiúlachtaí gach sprioclimistéir athnuaiteán shainaitheanta, ar an teicneolaíocht nó na teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite atá le himscaradh i ngach limistéar agus ar na tionchair shainaitheanta ar an gcomhshaol. De thoradh ar chomhlíontacht leis na rialacha sin agus cur chun feidhme na mbeart maolaithe iomchuí ag na tionscadail aonair, measfar nach sáraíonn na tionscadail na forálacha sin gan dochar do mhíreanna 4 agus 5 d’Airteagal 16a. I gcás nach ndearnadh tástáil fhorleathan ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú agus corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus Treoir 2009/147/CEE, nó chun aon tionchar eile ar an gcomhshaol a chosc, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go núsáidfear iad i dtionscadal píolótach amháin nó i roinnt tionscadail phíolótacha ar feadh tréimhse theoranta, ar choinníoll go ndéanfar faireachán géar ar éifeachtacht na mbeart sin agus go nglacfar céimeanna láithreach má léirítear nach bhfuil siad éifeachtach. .

Sa phlean míneoidh na Ballstáit an measúnú a rinneadh chun gach sprioclimistéar ainmnithe a shainaithint ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i bpointe (a) agus chun bearta maolaithe iomchuí a shainaithint.

(2)Sula nglacfar é nó iad, beidh an plean nó na pleananna lena nainmnítear na sprioclimistéir athnuaiteán faoi réir measúnú comhshaoil a dhéanfar i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE, agus i gcás inarb infheidhme, má chuimsítear dromchlaí saorga agus tógtha atá lonnaithe i láithreáin Natura 2000, agus más dócha go mbeidh tionchair mhóra i gceist do na láithreáin sin, beidh an plean nó na pleananna faoi réir an mheasúnaithe iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE.

(3)Cuirfear an plean nó na pleananna lena nainmnítear sprioclimistéir athnuaiteán ar fáil don phobal agus déanfar iad a athbhreithniú go tréimhsiúil, ar a laghad i gcomhthéacs nuashonrú na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.’

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16
Eagar agus príomhphrionsabail an phróisis deonaithe ceadanna

(1)Cumhdóidh an próiseas deonaithe ceadanna na ceadanna riaracháin ábhartha uile maidir le gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú mar aon leis na saoráidí comhshuite stórála fuinnimh agus na sócmhainní atá riachtanach lena gceangal leis an eangach, lena náirítear ceadanna maidir le ceangal leis an eangach agus measúnuithe comhshaoil i gcás inar gá leo sin. Beidh an próiseas deonaithe ceadanna comhdhéanta de na nósanna imeachta uile ón tráth a nadmhaítear bailíocht an iarratais i gcomhréir le mír 2 go dtí go dtugann an túdarás nó na húdaráis ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an nós imeachta.

(2)Tráth nach déanaí ná 14 lá i gcás gléasraí atá lonnaithe i sprioclimistéir agus 1 mhí i gcás gléasraí atá lonnaithe lasmuigh de sprioclimistéir, tar éis an tiarratas a fháil, déanfaidh an túdarás inniúil an tiarratas a bhailíochtú nó, mura bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun iarratas a phróiseáil seolta ag an bhforbróir, iarrfaidh sé ar an bhforbróir iarratas comhlánaithe a chur isteach laistigh de 14 lá ón iarraidh sin. Mura gcuirfidh an forbróir iarratas comhlánaithe isteach laistigh den sprioc-am sin, féadfaidh an túdarás inniúil an tiarratas a dhiúltú i scríbhinn. I gcás diúltaithe, tabharfaidh an túdarás inniúil údar lena chinneadh. Féadfaidh an forbróir iarratas nua a chur isteach arís tráth ar bith tar éis an diúltaithe sin. Is é an dáta ar a admhaíonn an túdarás inniúil bailíocht an iarratais dáta tosaigh an phróisis deonaithe ceadanna.

(3)Bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó. Treoróidh agus éascóidh na pointí teagmhála sin, ar iarraidh ón iarrthóir, an próiseas iomlán riaracháin maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh agus maidir le cead a dheonú. Ní cheanglófar ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh le níos mó ná pointe teagmhála amháin don phróiseas ar fad. Treoróidh an pointe teagmhála an tiarrthóir tríd an bpróiseas riaracháin iarratais ar chead, lena náirítear na céimeanna a bhaineann leis an gcomhshaol, ar bhealach trédhearcach go dtí go ndéanfaidh na húdaráis fhreagracha cinneadh nó roinnt cinntí ag deireadh an phróisis, cuirfidh sé an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil don iarrthóir agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé rannpháirt do na húdaráis riaracháin eile. Áiritheoidh an pointe teagmhála go gcomhlíonfar na sprioc-amanna maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach sa Treoir seo. Ligfear do na hiarrthóirí na doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach. Faoin [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] áiritheoidh na Ballstáit gur i bhformáid leictreonach a dhéantar na nósanna imeachta uile.

(4)Cuirfidh an pointe teagmhála lámhleabhar nósanna imeachta ar fáil d’fhorbróirí gléasraí na táirgeachta fuinnimh inathnuaite agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil ar líne freisin, agus díreofar go sainiúil ar thionscadail ar scála beag agus ar thionscadail inathnuaite féintomhaltóirí chomh maith. San fhaisnéis ar líne, tabharfar le fios an pointe teagmhála is ábhartha d’iarratas an iarrthóra. Má tá níos mó ná pointe teagmhála amháin ag Ballstát, tabharfar le fios san fhaisnéis ar líne an pointe teagmhála is ábhartha d’iarratas an iarrthóra.

(5)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarrthóirí ar nósanna imeachta simplí chun díospóidí a bhaineann leis na bpróisis deonaithe ceadanna a réiteach agus chun ceadanna a eisiúint maidir le gléasraí fuinnimh inathnuaite a thógáil agus a oibriú lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí réitigh díospóide malartacha.

(6)Beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 16a, 16b agus 16c gan dochar d’achomhairc, leigheasanna agus imeachtaí eile breithiúnacha os comhair cúirte nó binse agus d’achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha agus do shásraí réitigh díospóide malartacha, lena náirítear nósanna imeachta gearáin, achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha, agus féadfar iad a shíneadh a fhad is a bheidh na nósanna imeachta sin ar siúl.

(7)Maidir le hachomhairc riaracháin agus bhreithiúnacha i gcomhthéacs tionscadail le haghaidh forbairt gléasra táirgthe fuinnimh inathnuaite nó a cheangal gaolmhar leis an eangach, lena náirítear na hachomhairc sin a bhaineann le gnéithe comhshaoil, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir na nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha is gasta atá ar fáil ar an leibhéal ábhartha náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.’

(7)Cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:

Airteagal 16a
An próiseas deonaithe ceadanna i sprioclimistéir athnuaiteán

(1)Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 1 bhliain le haghaidh tionscadal i sprioclimistéir athnuaiteán. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar an bhforas gurb ann d’imthosca urghnácha, féadfar síneadh suas le 3 mhí a chur leis an tréimhse bliana sin. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit an forbróir ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thug bonn cirt leis an síneadh.

(2)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun gléasraí agus suiteálacha nua a bhfuil acmhainn leictreach níos lú ná 150 kW acu a athchumhachtú, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh mar aon lena gceangal leis an eangach, ar gléasraí agus suiteálacha iad atá lonnaithe i sprioclimistéir athnuaiteán, ní rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna sin thar 6 mhí. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar an bhforas gurb ann d’imthosca urghnácha, amhail ar fhorais cúiseanna sábháilteachta sáraitheacha i gcás ina mbíonn tionchar mór ag an tionscadal athchumhachtaithe ar an eangach nó ar acmhainn bhunaidh, ar mhéid nó ar fheidhmíocht na suiteála, is féidir síneadh suas le 3 mhí a chur leis an tréimhse bliana sin. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar leis an síneadh.

(3)Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5, de mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE, agus Iarscríbhinn II, pointe 3(a), (b), (d), (h), (i), agus pointe 6(c) ina aonar nó i gcomhar le pointe 13(a) den Treoir sin a mhéid a bhaineann le tionscadail fuinnimh inathnuaite, maidir le hiarratais nua ar ghléasraí fuinnimh inathnuaite, gan gléasraí dócháin bithmhaise a bheith san áireamh, iarratais ar athchumhachtú gléasraí san áireamh, i sprioclimistéir athnuaiteán atá ainmnithe cheana féin le haghaidh na teicneolaíochta lena mbaineann, saoráidí comhshuite stórála, mar aon lena gceangal leis an eangach, díolmhófar iad ón gceanglas maidir le measúnú tiomanta a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail sin na rialacha agus na bearta a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 15c(1), pointe (b). Maidir leis an díolúine ó chur i bhfeidhm Threoir 2011/92/AE a luaitear thuas, ní bheidh feidhm aici maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí móra acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina niarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear mór dó amhlaidh, mar a fhoráiltear in Airteagal 7 den Treoir sin.

De mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, ní bheidh na gléasraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir measúnaithe maidir lena n‑impleachtaí do láithreáin Natura 2000.

(4)Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát scagadh ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 3. Is é is aidhm don scagadh sin a shainaithint más dócha go neascróidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne as aon cheann de na tionscadail sin i bhfianaise íogaireacht chomhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn measúnú comhshaoil ar an bplean nó ar na pleananna lena nainmnítear sprioclimistéir athnuaiteán a dhéantar i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE agus, más ábhartha, le Treoir 92/43/CEE. Beidh an scagadh a dhéanfar maidir le tionscadail a athchumhachtú teoranta do na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh.

Chun críocha an scagtha sin, cuirfidh forbróir an tionscadail faisnéis ar fáil maidir le saintréithe an tionscadail, comhlíontacht an tionscadail leis na rialacha agus na bearta arna sainaithint de réir Airteagal 15c (1), pointí (b) agus (c), le haghaidh an sprioclimistéir shonraigh, maidir le haon bheart breise arna ghlacadh ag an tionscadal agus maidir leis an gcaoi a dtéitear i ngleic le tionchair ar an gcomhshaol leis na bearta sin. Tabharfar an scagadh sin chun críche laistigh de 30 lá ón dáta ar cuireadh isteach na hiarratais ar ghléasraí nua fuinnimh in‑athnuaite, cé is moite de na hiarratais ar shuiteálacha a bhfuil acmhainn leictreach níos lú ná 150 kW acu. Maidir leis na suiteálacha sin agus maidir le hiarratais nua ar ghléasraí a athchumhachtú, tabharfar an scagadh sin chun críche laistigh de 15 lá.

(5)Tar éis an phróisis scagtha, beidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 údaraithe ó thaobh an chomhshaoil de gan aon cheangal maidir le cinneadh sainráite ón údarás inniúil, ach amháin má ghlacann an túdarás inniúil cinneadh riaracháin atá cuíréasúnaithe agus bunaithe ar fhianaise shoiléir, a léiríonn gur dócha go neascróidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne as tionscadal sonrach i bhfianaise íogaireacht chomhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nach féidir a mhaolú leis na bearta a shainaithnítear sa phlean nó sna pleananna lena nainmnítear sprioclimistéir nó le bearta atá beartaithe ag forbróir an tionscadail. Cuirfear an cinneadh sin ar fáil don phobal. Beidh na tionscadail sin faoi réir measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2011/92/CE agus, más infheidhme, faoi réir measúnaithe faoi Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, a dhéanfar laistigh de 6 mhí tar éis an chinnidh maidir le scagadh.

(6)I bpróiseas deonaithe ceadanna na niarratas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás easpa freagra ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh den sprioc-am a leagadh síos, measfar na céimeanna sonracha riaracháin a bheith formheasta, seachas i gcásanna ina bhfuil an tionscadal sonrach faoi réir measúnú tionchair ar an gcomhshaol i gcomhréir le mír 5. Cuirfear na cinntí uile a thagann as sin ar fáil don phobal.

(8)Cuirtear an tAirteagal 16b seo a leanas isteach:

Airteagal 16b
An próiseas deonaithe ceadanna lasmuigh de sprioclimistéir athnuaiteán

(1)Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 2 bhliain maidir le tionscadail atá lasmuigh de sprioclimistéir athnuaiteán. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar fhorais gurb ann d’imthosca urghnácha, féadfar síneadh suas le 3 mhí a chur leis an tréimhse 2 bhliain sin. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit an forbróir ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thug údar leis an síneadh.

(2)I gcás ina néilítear measúnú comhshaoil faoi Threoir 2011/92/AE nó Treoir 92/43/CEE, déanfar an measúnú i nós imeachta amháin ina gcomhcheanglaítear na measúnuithe ábhartha uile le haghaidh tionscadal áirithe. Nuair is gá an measúnú tionchair ar an gcomhshaol sin a dhéanamh, agus an fhaisnéis a chur an forbróir ar fáil á cur san áireamh, eiseoidh an túdarás inniúil tuairim maidir le raon feidhme agus leibhéal sonraí na faisnéise a bheidh le cuimsiú ag an bhforbróir sa tuarascáil mheasúnachta ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus ní leathnófar a raon feidhme ina dhiaidh sin. I gcás ina bhfuil bearta maolaithe iomchuí glactha ag na tionscadail shonracha, ní mheasfar gur marú nó corraí d’aon ghnó iad aon mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. I gcás nach ndearnadh tástáil fhorleathan ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú agus corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus Treoir 2009/147/CEE, nó chun aon tionchar eile ar an gcomhshaol a chosc, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go núsáidfear iad i dtionscadal píolótach amháin nó i roinnt tionscadail phíolótacha ar feadh tréimhse theoranta, ar choinníoll go ndéanfar faireachán géar ar éifeachtacht na mbeart sin agus go nglacfar céimeanna láithreach má léirítear nach bhfuil siad éifeachtach. Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail agus suiteálacha nua a bhfuil acmhainn leictreach níos lú ná 150 kW acu a athchumhachtú, saoráidí comhshuite stórála mar aon lena gceangal leis an eangach, ar gléasraí agus suiteálacha iad atá lonnaithe lasmuigh de sprioclimistéir athnuaiteán, ní rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna sin thar 1 bhliain, lena náirítear measúnuithe comhshaoil i gcás ina gceanglaítear sin leis an reachtaíocht ábhartha. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar an bhforas gurb ann d’imthosca urghnácha, féadfar síneadh suas le 3 mhí a chur leis an tréimhse bliana sin. Cuirfidh na Ballstáit na forbróirí ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thug údar leis an síneadh.

Éascóidh na Ballstáit athchumhachtú tionscadal atá lonnaithe lasmuigh de sprioclimistéir trína áirithiú, más gá measúnú comhshaoil a dhéanamh le haghaidh tionscadail faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go ndéanfar an measúnú sin a theorannú do na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh. ’

(9)Cuirtear an tAirteagal 16c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16c
An próiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil i struchtúir shaorga

(1)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) i ndáil le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, lena náirítear suiteálacha gréine comhtháite san fhoirgneamh, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit, nach rachaidh an próiseas sin thar 3 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm na struchtúr sin grianfhuinneamh a tháirgeadh. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus Iarscríbhinn II, pointe 3(a) agus (b), ina aonar nó i gcomhar le pointe 13(a) den Treoir sin, beidh suiteáil trealaimh ghréine den sórt sin díolmhaithe ón gceanglas, más infheidhme, maidir le measúnú tiomanta ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE.’

(10)Cuirtear an tAirteagal 16d seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16d
Leas poiblí sáraitheach

Faoin [3 mhí ó theacht i bhfeidhm na Treorach], go dtí go mbainfear aeráidneodracht amach, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite, ceangal na ngléasraí leis an eangach agus an eangach ghaolmhar féin agus na sócmhainní stórála gaolmhara, go meastar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sna cásanna aonair chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)(c) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE.’

Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2010/31/AE

Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:

(1)Cuirtear isteach an tAirteagal 9a seo a leanas:

‘Airteagal 9a
Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach foirgneamh deartha chun a phoitéinseal giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ghrian‑ionradantas an tsuímh, rud lena gcumasaítear teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil ar bhealach costéifeachtach tráth níos déanaí.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha in úsáid:

(a)faoin 31 Nollaig 2026, ar na foirgnimh nua phoiblí agus tráchtála uile a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 250 méadar cearnach acu;

(b)faoin 31 Nollaig 2027, ar na foirgnimh phoiblí agus tráchtála uile atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 250 méadar cearnach acu; agus

(c)faoin 31 Nollaig 2029, ar na foirgnimh chónaithe nua uile.

Déanfaidh na Ballstáit critéir a shainiú ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n‑oibleagáidí sin, agus maidir le díolúintí féideartha le haghaidh cineálacha áirithe foirgneamh, i gcomhréir le poitéinseal measta teicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin, agus cuirfidh na Ballstáit na critéir sin ar fáil don phobal.

Airteagal 3
Leasú ar Threoir 2012/27/AE 

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas: 

(1)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: 

‘5. Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile go laghdófar an tomhaltas fuinnimh de 13 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid leis na réamh‑mheastacháin i gCás Tagartha 2020 ionas nach mó ná 750 Mtoe tomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais agus nach mó ná 980 Mtoe tomhaltas fuinnimh phríomhúil an Aontais in 2030.’

Airteagal 4
Trasuí

(1)Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (10) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí.

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointí (1), (2), (3), (4), (6), (8) agus (9), agus Airteagal 3 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí.

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointí (5) agus (7), agus Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí.

Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

(2)Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5 
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6 
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2021)558
(2)    COM(2021)557
(3)    Tacaíocht theicniúil d’fhorbairt agus do chur chun feidhme foinsí fuinnimh inathnuaite (RESanna) – Simpliú na nósanna imeachta um cheadú agus na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh suiteálacha foinsí fuinnimh inathnuaite (‘RES Simplify’). https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077
(4)    Leis an staidéar RES Simplify sainaithnítear na cineálacha éagsúla bacainní riaracháin a mbíonn ar thionscadail fuinnimh inathnuaite dul i ngleic leo agus déantar iad a rangú. Tuarascáil eatramhach RES Simplify, leathanaigh 14-16.
(5)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13334-Renewable-energy-projects‑permit‑granting-processes‑&-power-purchase-agreements_en .
(6)    REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, COM(2022)108 final (‘Teachtaireacht REPowerEU’).
(7)    COM(2021)557
(8)    COM(2021)802.
(9)    Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol.
(10)    IO C 326, 26/10/2012, lch. 1
(11)    COM(2021)557
(12)    COM(2021)802
(13)    COM(2021)558
(14)    IO C , , lch. .
(15)    IO C , , lch. .
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM/2019/640 final, An Comhaontú Glas don Eoraip.
(17)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(18)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(19)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562 final an 17.9.2020, Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire.
(20)    Pointe 3 den Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562
(21)    REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, COM(2022)108 final (‘Teachtaireacht REPowerEU’).
(22)    Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol.
(23)    Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).
(24)    Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol.
(25)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992).
(26)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(27)    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
(28)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(29)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, An Coimisiún v An Bheilg, C-543/17, ECLI: AE: C:2019:573.