An Bhruiséil,27.4.2022

COM(2022) 195 final

2022/0138(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, mar gheall ar na hiarmhairtí tromchúiseacha do shaol na ndaoine, an gá díriú ar chosaint na críche, an líon mór daoine atá easáitithe agus ina theannta sin mar gheall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid mhaith de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith dúnta. Sa chomhthéacs deacair sin, d’iarr an Úcráin ar an Aontas na coinníollacha a éascú a mhéid is féidir chun cur ar chumas na tíre a seasamh trádála leis an gcuid eile den domhan a choinneáil agus a caidreamh trádála leis an Aontas a dhoimhniú a thuilleadh. Ar na bearta chuige sin, áirítear lóistíocht thar tír a éascú agus leibhéal an léirscaoilte margaidh a mhéadú. Chuirfeadh na bearta sin le solúbthacht agus cinnteacht do tháirgeoirí na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag moladh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtabharfar isteach bearta léirscaoilte trádála i bhfoirm na dtrí bheart seo a leanas, ar bearta iad ar cheart feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse bliana:

Na taraifí uile atá fós le híoc a chur ar fionraí go sealadach faoi Theideal IV den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhlachais’ anseo feasta) 1 lena mbunaítear limistéar saorthrádála domhain cuimsitheach (DCFTA). Baineann sé sin le trí chatagóir táirgí:

·táirgí tionsclaíocha a bhfuil deireadh le cur de réir a chéile ar na dleachtanna orthu faoi dheireadh 2022;

·torthaí agus glasraí faoi réir chóras an phraghais iontrála;

·táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir taraifchuótaí.

Gan dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine a bhailiú go sealadach ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; agus

Cur i bhfeidhm na gcomhrialacha maidir le hallmhairí (coimirce) 2 a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Beidh na bearta sealadacha agus eisceachtúla sin ina gcuidiú chun tacú leis na sreabha trádála atá ann cheana ón Úcráin go dtí an tAontas agus iad a chothú. Tá sé sin ag teacht le ceann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Chomhlachais, is é sin coinníollacha a bhunú do chaidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála as a dtiocfaidh comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh.

Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear faoin togra seo le haghaidh Rialacháin, déantar iad agus an gealltanas in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais á urramú, Airteagal ina gcuimsítear mar ghné bhunriachtanach den Chomhaontú urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, do dosháraitheacht teorainneacha agus don neamhspleáchas a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, bheadh na bearta léirscaoilte trádála faoi choinníoll go n‑urramófaí na bunphrionsabail chéanna atá leagtha amach in Airteagal 2, lena n‑áirítear iad siúd lena bhforáiltear gur bunghnéithe den Chomhaontú sin iad prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus prionsabal an smachta reachta a urramú.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na bearta léirscaoilte trádála atá sa togra seo a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 207(1) CFAE, go stiúrfar comhbheartas tráchtála an Aontais i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.

Beidh feidhm ag na gnáthnósanna imeachta coimirce.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Bheadh na bearta léirscaoilte trádála sin comhsheasmhach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus go háirithe le Teideal IV lena mbunaítear DCFTA, rud lena bhforáiltear go mbunóidh na Páirtithe limistéar saorthrádála de réir a chéile thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

Ina theannta sin, d’iarr an Úcráin in 2021 go ndéanfaí an t‑athbhreithniú faoi Airteagal 29(4) den Chomhaontú a ghníomhachtú d’fhonn féachaint ar dhlús a chur leis an raon feidhme maidir le deireadh a chur le dleachtanna custaim idir an Úcráin agus an tAontas agus an raon feidhme sin a leathnú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cháin an tAontas Eorpach go láidir ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus tá céimeanna nach bhfacthas riamh roimhe seo déanta aige chun tacú leis an tír sa chomhthéacs eisceachtúil sin, idir chúnamh airgeadais, lena n‑áirítear cúnamh macra‑airgeadais éigeandála, agus soláthar trealaimh mhíleata. Dá bhrí sin, chomhlíonfadh an Rialachán atá beartaithe oibleagáid an Aontais faoi Airteagal 21(3) CAE chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí, mar aon le hAirteagal 207(1) CFAE lena bhforáiltear go ndéanfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Sainítear an comhbheartas tráchtála mar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra seo riachtanach chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme agus chun an cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin faoi na deacrachtaí atá aici faoi láthair, i réimse na trádála leis an Aontas freisin.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, is den tábhacht an Rialachán a theacht i bhfeidhm a luaithe agus is féidir. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair le haghaidh an bhirt atá i gceist. Mar sin féin, bhí forálacha trádála agus forálacha maidir le cúrsaí trádála sa Chomhaontú Comhlachais faoi réir measúnú tionchair inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Trádála in 2007 agus cuireadh an measúnú sin san áireamh sa phróiseas caibidlíochta DCFTA. Deimhníodh sa staidéar sin gur dea‑thionchar eacnamaíoch an tionchar a d’imreofaí ar an Aontas Eorpach agus ar an Úcráin araon ach na forálacha sin maidir le trádáil agus cúrsaí trádála a chur chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.

Cearta bunúsacha

Chomhlíonfadh na bearta sin na bunphrionsabail chéanna agus a chomhlíonann na bearta sin a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais leis an Úcráin gur bunghnéithe den Chomhaontú sin urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus na bunsaoirsí agus do phrionsabal an smachta reachta.

Bheadh na bearta léirscaoilte trádála i gcomhréir freisin leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

De réir meastachán a rinneadh de réir leibhéal na n‑allmhairí ón Úcráin in 2021, caillfidh an tAontas Eorpach ioncam custaim ar lú é ná EUR 31 mhilliún in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, meastar go mbeidh EUR 34,6 milliún i gceist le cailliúint na ndleachtanna frithdhumpála. Is rídhócha go mbeidh an figiúr sin i bhfad níos ísle toisc go bhfuil tionchar ag an gcoinbhleacht ar leibhéal na n‑allmhairí ón Úcráin. Dá bhrí sin, is beag tionchar a bheidh aige sin ar acmhainní dílse an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá tuairisc ar líne ar éabhlóid na trádála déthaobhaí idir an tAontas agus an Úcráin le fáil ar shuíomhanna gréasáin atá ag an gCoimisiún Eorpach chuige sin.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, is é is aidhm don bheart na sreafaí trádála a bhaineann leis na hallmhairí uile ón Úcráin a mhéadú trí na taraifí uile atá fós le híoc agus na dleachtanna allmhairiúcháin uile a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí na hÚcráine a chur ar fionraí. Dheonófaí na bearta léirscaoilte trádála i bhfoirm deireadh iomlán a chur le dleachtanna allmhairiúcháin ar gach táirge.

2022/0138 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 3 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile 4 , (an ‘Comhaontú Comhlachais’), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus an Úcráin. Ón 1 Eanáir 2016 5 , bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tá feidhm iomlán aige ón 1 Meán Fómhair 2017 ar aghaidh tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)Le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais, bunaítear, i measc nithe eile, urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha chomh maith le meas ar phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, dosháraitheacht teorainneacha agus neamhspleáchas a chur chun cinn mar bhunghnéithe den Chomhaontú.

(4)Foráiltear le hAirteagal 25 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994. Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na sceidil a áirítear sa Chomhaontú Comhlachais agus foráiltear maidir leis an díothú sin a luathú agus a leathnú. Foráiltear le hAirteagal 48 den Chomhaontú Comhlachais go ndéanfar leas an phobail a bhreithniú sula gcuirfear bearta frithdhumpála i bhfeidhm idir na Páirtithe.

(5)Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, agus tá sin amhlaidh freisin i ngeall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid mhaith de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith dúnta. Chun tionchar diúltach eacnamaíoch an ionsaithe a mhaolú, tá gá le dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Úcráin chun tacaíocht a thabhairt go tapa d’údaráis na hÚcráine agus do mhuintir na hÚcráine sna himthosca eisceachtúla sin. Is iomchuí agus is gá, dá bhrí sin, sreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta léirscaoilte trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíochta seachtraí. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, stiúrfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(7)Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) dleachtanna allmhairiúcháin (‘dleachtanna custaim tosaíochta’) a bhaint go hiomlán de tháirgí tionsclaíocha a allmhairítear ón Úcráin; (ii) cur i bhfeidhm Chóras an Phraghais Iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; (iii) na taraifchuótaí nialais a chur ar fionraí agus dleachtanna allmhairiúcháin a bhaint go hiomlán; (iv) de mhaolú ar Airteagal 14(1), fomhír 1, de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena náirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag; agus (v) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 a chur ar fionraí go sealadach. Trí na bearta sin, cuirfidh an tAontas tacaíocht iomchuí eacnamaíoch agus airgeadais ar fáil ar bhonn sealadach chun leasa na hÚcráine agus na noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(8)Chun calaois a chosc, na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll go mbeidh na coinníollacha ábhartha uile chun socair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais comhlíonta ag an Úcráin, lena náirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus ina theannta sin, ba cheart iad a bheith faoi réir dhlúthchomhair na hÚcráine leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú sin.

(9)Ba cheart don Úcráin staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu agus ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach, sin nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó ar mhuirir atá ann cheana nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis sin i gcomhthéacs an chogaidh. I gcás nach gcomhlíonann Úcráin aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na socruithe fabhracha uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

(10)Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den chaidreamh leis an Úcráin iad, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le dul i ngleic le hairm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na narm sin. Ina theannta sin, tagraítear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais don smacht reachta, don dearialachas, don chomhrac i gcoinne na héillitheachta agus do chineálacha éagsúla coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus sceimhlitheoireachta, agus do chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh, ar rudaí iad atá ríthábhachtach ó thaobh an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na socruithe fabhracha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura nurramaíonn Úcráin prionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais, rud a rinneadh i gcomhaontuithe comhlachais eile arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.

(11)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena gcuirtear ar a chumas dó na socruithe fabhracha dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) nó (iii) d’aithris 7 a chur ar fionraí go sealadach agus bearta ceartaitheacha a thabhairt isteach i gcás ina mbeadh tionchar tromchúiseach ar tháirgeoirí de chuid an Aontais i ngeall ar allmhairí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 .

(12)Faoi réir imscrúdú ag an gCoimisiún, na dleachtanna custaim a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo, is gá foráil a dhéanamh ionas gur féidir na dleachtanna sin a thabhairt isteach arís, i gcás allmhairí aon táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar cúis iad, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo san Aontas Eorpach.

(13)Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le foráil idirthréimhseach iomchuí agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta léirscaoilte trádála

1.Na dleachtanna custaim fabhracha ar tháirgí tionsclaíocha áirithe de thionscnamh na hÚcráine a allmhairítear isteach san Aontas, dleachtanna a bhfuil deireadh á chur leo de réir a chéile le linn tréimhse seacht mbliana i gcomhréir le hIarscríbhinn IA a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, socrófar na dleachtanna sin ag nialas.

2.Déanfar cur i bhfeidhm Chóras an Phraghais Iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir leis na táirgí sin.

3.Na taraifchuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an gComhaontú, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí atá cumhdaithe faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

4.De mhaolú ar Airteagal 14(1), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena náirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag.

5.Déanfar cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar fionraí go sealadach maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

Beidh na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), (2) agus (3) faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)an Úcráin do staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, sin nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, lena náirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh;

(c)an Úcráin do thabhairt urraime do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha, marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 22 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Fionraíocht shealadach

1.Má chinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe fabhracha uile dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), (2) nó (3) a chur ar fionraí nó cuid díobh a chur ar fionraí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.I gcás ina niarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh nár chomhlíon Úcráin na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Clásal coimirce

1.I gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú ar théarmaí is cúis, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, féadfar na dleachtanna custaim a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo a thabhairt isteach arís tráth ar bith.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thionchar an Rialacháin seo, lena náirítear maidir le táirgí ar mhargadh an Aontais, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis maidir le honnmhairí, allmhairí agus táirgeacht AE na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála arna mbunú leis an Rialachán seo.

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh foirmiúil i leith imscrúdú a thionscnamh laistigh d’achar réasúnta ama:

(a)arna iarraidh sin do na Ballstáit,

(b)arna iarraidh sin d’aon duine dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann tionscal an Aontais, sin le rá táirgeoirí uile an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach nó cion mór de na táirgeoirí sin; nó

(c)ar thionscnamh an Choimisiúin uaidh féin más dealraitheach dó go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar na deacrachtaí móra faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘cion mór’ táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhaschur agus 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach arna dtáirgeadh ag an gcuid sin de thionscal an Aontais a chuir in iúl go dtacaíonn siad leis an iarraidh nó go gcuireann siad ina haghaidh agus a ionadaíonn do mhéid nach lú ná 25 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgí cosúla nó na dtáirgí atá in iomaíocht dhíreach a tháirgeann an tionscal an Aontais.

4.I gcás ina gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar tionscnamh an imscrúdaithe. Beidh achoimre san fhógra ar an bhfaisnéis a fuarthas agus sonrófar ann gur cheart aon fhaisnéis ábhartha a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sonróidh sé an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 4 mhí ó dháta foilsithe an fhógra.

5.Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach, agus féadfaidh sé an fhaisnéis a fhaightear a dheimhniú leis an Úcráin nó le haon fhoinse ábhartha eile. Féadfaidh oifigigh de chuid na mBallstát a bhféadfaí deimhniú a lorg ar a gcríoch a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, má iarrann an Ballstát sin cúnamh den sórt sin ar oifigigh.

6.Agus scrúdú á dhéanamh aige arbh ann do dheacrachtaí móra faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tosca seo a leanas, inter alia, maidir le táirgeoirí de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil:

(a)an sciar den mhargadh,

(b)táirgeacht,

(c)stoic,

(d)acmhainneacht táirgeachta,

(e)úsáid na hacmhainneachta táirgeachta,

(f)fostaíocht,

(g)allmhairí,

(h)praghsanna.

7.Críochnófar an timscrúdú faoi cheann 6 mhí tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, síneadh a chur leis an tréimhse sin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

8.Laistigh de 3 mhí tar éis an timscrúdú a chríochnú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh na dleachtanna custaim a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo a thabhairt isteach arís nó gan iad a thabhairt isteach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Tiocfaidh an gníomh cur chun feidhme sin i bhfeidhm faoi cheann mí amháin ó dháta a fhoilsithe.

Na dleachtanna a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo, féadfar iad a thabhairt isteach arís a fhad a mbeidh gá leo chun meathlú chúinsí eacnamaíocha agus/nó airgeadais tháirgeoirí an Aontais a fhritháireamh, nó a fhad a mbeadh baol an mheathlaithe sin fós ann. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú agus leis na himeachtaí i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

9.I gcás nach bhfuil sé indéanta imscrúdú a dhéanamh de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an méid sin a chur in iúl don Choiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1), aon bheart ceartaitheach is gá a dhéanamh.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún 9 . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú táirgí faoi Airteagal 1(3) ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 7

Foráil idirthréimhseach

3.Beidh feidhm ag na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), (2) nó (3) maidir le táirgí atá, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar idirthuras ón Úcráin go dtí an tAontas, sin nó faoi rialú custaim san Aontas, faoi réir éileamh chuige sin a bheith déanta ar údaráis chustaim an Aontais atá freagrach laistigh de 6 mhí ón dáta sin.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí [bliain amháin ó dháta a theacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile ( IO L 161, 29.5.2014, lch. 3 ) , shínigh na Páirtithe in dhá chuid é, i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh 2014. Tá codanna áirithe den Chomhaontú Comhlachais á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Samhain 2014 ann. Tá an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2016 agus tá sé i bhfeidhm go hiomlán ón 1 Meán Fómhair 2017 i ndiaidh do Bhallstáit uile an Aontais é a dhaingniú.
(2)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
(3)    (…)
(4)     IO L 161, 29.5.2014, lch. 3 .
(5)    Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara ( IO L 278, 20.9.2014, lch. 1 ).
(6)    Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad ( IO L 176, 30.6.2016, lch. 21 ).
(7)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 ).