An Bhruiséil,29.3.2022

COM(2022) 152 final

2022/0101(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don tSualainn a fhormheas

{SWD(2022) 102 final}


2022/0101 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don tSualainn a fhormheas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1 , agus go háirithe Airteagal 20(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bhí tionchar suaiteach ag ráig COVID-19 ar gheilleagar na Sualainne. In 2019, 148 % de mheán an Aontais, b’shin é olltáirgeacht intíre (OTI) per capita na Sualainne. Tháinig laghdú 2.9 % ar fhíor-OTI na Sualainne in 2020 agus tháinig méadú 1.8 air go carnach in 2020 agus 2021. I measc na ngnéithe fadtéarmacha a bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht eacnamaíoch mheántéarmach tá leibhéal ard rannpháirtíochta lucht saothair, earnáil déantúsaíochta láidir dírithe ar an onnmhairiú, seasamh láidir fioscach agus líontán sábhála sóisialta ardfhorbartha ach míchothromaíochtaí seasmhacha a eascraíonn as an margadh tithíochta agus as fiachas ard teaghlaigh freisin. Cé go bhfuil an leibhéal táirgiúlachta i ngeilleagar na Sualainne ar an leibhéal is airde san Aontas Eorpach, tá fás na táirgiúlachta marbhánta agus tá neamhréireanna fós ann sa mhargadh saothair. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí, chun fás inbhuanaithe, cothrom agus cuimsitheach a chothú sa tSualainn, luas leormhaith nuálaíochta, soláthar leormhaith lucht saothair oilte a áirithiú in aimsir mórathruithe déimeagrafacha agus teicneolaíocha, agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a leachtú de réir a chéile.

(2)An 9 Iúil 2019 agus an 20 Iúil 2020, chuir an Chomhairle moltaí faoi bhráid na Sualainne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Go háirithe, mhol an Chomhairle don tSualainn an infheistíocht a dhíriú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, agus ar oideachas, scileanna, taighde agus nuálaíocht, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh. D’fhonn feidhmiú an mhargaidh tithíochta a bhaint amach, mhol an Chomhairle don tSualainn aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le fiachas ard teaghlaigh, infheistíocht a spreagadh i dtógáil chónaithe i gcásanna ina bhfuil an ganntanas is práinní, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh tithíochta. Mhol an Chomhairle freisin éifeachtacht agus forfheidhmiú an chreata frithsciúrtha airgid a fheabhsú. Iarradh ar an tSualainn gach beart is gá a dhéanamh, i gcomhréir le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh a thiocfaidh as sin. Nuair a bheidh dálaí eacnamaíocha ann chuige sin, ba cheart don tSualainn beartais fhioscacha a shaothrú ina ndírítear ar sheasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus an infheistíocht á feabhsú ag an am céanna. Ar deireadh, moladh don tSualainn athléimneacht an chórais sláinte a áirithiú. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha tráth a tíolacadh an plean téarnaimh agus athléimneachta (‘RRP’), measann an Coimisiún go bhfuil an moladh maidir le himscaradh 5G curtha chun feidhme go hiomlán. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le hiompar inbhuanaithe agus maidir leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an bpaindéim, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh a thiocfaidh as sin.

(3)An 2 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún grinn-athbhreithniú maidir leis an tSualainn faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Thángthas ar an gconclúid san anailís a rinne an Coimisiún go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann sa tSualainn, go háirithe maidir leis na rioscaí a bhaineann le ró-luacháil ar thithe mar aon le hardú leanúnach ar fhiachas teaghlaigh.

(4)An 28 Bealtaine 2021, chuir an tSualainn a RRP náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. Lean an aighneacht sin próiseas comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, a raibh údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile páirteach ann. Tá úinéireacht náisiúnta ar na RRPanna mar bhonn taca lena gcur chun feidhme rathúil agus lena dtionchar marthanach ar an leibhéal náisiúnta agus le creidiúnacht ar an leibhéal Eorpach. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an RRP, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

(5)Ba cheart cuspóirí ginearálta na Saoráide um Théarnamh agus Athléimneacht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 (an ‘tSaoráid’) agus cuspóirí ginearálta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle a shaothrú le RRPanna chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Ba cheart dóibh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí rannchuidiú leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Beidh cur chun feidhme RRPanna na mBallstát ina iarracht chomhordaithe lena ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí ar fud an Aontais. Trí chur chun feidhme comhordaithe agus comhuaineach agus trí chur chun feidhme tionscadal trasteorann agus ilnáisiúnta, déanfaidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin a chéile a atreisiú go frithpháirteach agus beidh iarmhairtí dearfacha acu ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tiocfaidh thart ar aon trian de thionchar na Saoráide ar fhás agus ar chruthú post na mBallstát as iarmhairtí ó Bhallstáit eile.

Freagairt chothrom lena gcuirtear leis na sé cholún

(7)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/241, agus le critéar 2.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, is é atá san RRP, den chuid is mó (Rátáil A), freagairt chuimsitheach agus chothromaithe leormhaith ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, rud a rannchuidíonn go hiomchuí le gach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, agus na dúshláin shonracha atá os comhair an Bhallstáit lena mbaineann agus an leithdháileadh airgeadais don Bhallstát lena mbaineann á gcur san áireamh.

(8)Áirítear san RRP bearta a chuireann le gach ceann de na sé cholún, agus roinnt comhchodanna ina dtugtar aghaidh ar cholúin éagsúla ag an am céanna. Cuidíonn an cur chuige sin lena áirithiú go dtugtar aghaidh ar gach colún ar bhealach cuimsitheach comhleanúnach. Leis na bearta chun an tionscal agus an t-iompar a dhícharbónú agus chun tacú le tionscadail áitiúla agus réigiúnacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT), meastar go gcuirfear an t-aistriú glas chun cinn. Tacaítear leis sin tuilleadh trí scéimeanna tacaíochta poiblí chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, lena n-áirítear trí chórais chliste fuinnimh a úsáid. Meastar go rannchuideoidh an RRP go cuimsitheach leis an gcolún digiteach, le bearta chun nascacht ardluais a fheabhsú tuilleadh, scileanna digiteacha a chothú trí oideachas agus oiliúint, agus seirbhísí ríomhrialtais agus seirbhísí poiblí digiteacha a fheabhsú.

(9)Meastar go gcabhróidh an tacaíocht a thugtar d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua sa réimse glas le geilleagar na Sualainne fás ar bhealach cliste inbhuanaithe. Meastar go gcuirfidh tacaíocht d’athoiliúint agus d’uasoiliúint le fás cuimsitheach do chách. Ina theannta sin, na bearta lena ndírítear ar dhul i ngleic leis an dúshlán déimeagrafach, eadhon na teorainneacha aoise maidir le pinsean agus slándáil shóisialta agus córais chánach a choigeartú, meastar go gcuideoidh siad le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht shamhail eacnamaíoch agus shóisialta na Sualainne a áirithiú. Maidir le comhtháthú sóisialta agus críochach, meastar go gcuideoidh an tacaíocht do thabhairt isteach leathanbhanda i gceantair thuaithe lena áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach ar nascacht ardluais agus, ar an gcaoi sin, comhtháthú críochach a chothú, agus measfar go gcothófar comhtháthú sóisialta trí bhearta lena ndíreofar ar oideachas agus ar oiliúint agus trí bhearta chun an soláthar tithíochta a mhéadú.

(10)Ba cheart athléimneacht chóras sláinte na Sualainne a fheabhsú trí bhearta spriocdhírithe chun soláthar foirne cuí-oilte a mhéadú, agus ba cheart feabhas a chur ar athléimneacht chóras airgeadais na Sualainne trí éifeachtacht an Údaráis um Maoirseacht Airgeadais a fheabhsú. Meastar go gcuirfidh an RRP le hathléimneacht shóisialta trí hionchais maidir le haistriú a chothú i margadh an tsaothair. Na bearta chun an riarachán poiblí a dhigitiú, mar aon le hathchóirithe chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, meastar go rachaidh siad chun tairbhe d’athléimneacht na n-institiúidí. Meastar go gcuirfidh RRP na Sualainne le beartais don chéad ghlúin eile ina mbeidh bearta maidir le teanga na Sualainne agus gairmoiliúint, trí acmhainní breise a chur ar fáil d’ollscoileanna, agus trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cosanta fostaíochta lenar cheart feabhas a chur ar ionchais fostaíochta don ghlúin óg.

Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha

(11)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go rannchuideoidh an RRP go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fho-thacar suntasach dúshlán (Rátáil A) arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, a dhírítear chuig an tSualainn, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(12)Áirítear san RRP sraith fhairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus a chuidíonn chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fad nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a dhírigh an Chomhairle chuig an tSualainn sa Seimeastar Eorpach in 2019 agus in 2020, go háirithe sna réimsí seo: athléimneacht an chúraim sláinte, an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach, forbairt oideachais agus scileanna, taighde agus nuálaíocht, frithsciúradh airgid agus feabhas a chur ar na dálaí soláthair agus ar an tsoghluaisteacht sa mhargadh tithíochta.

(13)Áirítear san RRP bearta chun inrochtaineacht agus acmhainneacht an chórais cúraim sláinte a mhéadú. Tá neartú ar athléimneacht an chúraim sláinte neadaithe i bplean níos leithne chun an córas cúraim sláinte a uasghrádú. Meastar go mbainfidh cúram sláinte na Sualainne tairbhe as an RRP trí oiliúint a chur ar sholáthraithe cúraim scothaosta, tríd an líon méadaithe áiteanna staidéir sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint (Yrkesvux) ina ndírítear ar shláinte agus ar chúram sóisialta agus go mbainfí tairbhe freisin as teideal cosanta a thabhairt isteach d’altraí cúnta, rud a fhágfaidh go mbeidh an ghairm seo níos tarraingtí d’fhostaithe féideartha.

(14)Tá an RRP dírithe go mór ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach, ar an aistriú ísealcharbóin agus an aistriú fuinnimh agus ar an mbonneagar inbhuanaithe. Tacaítear leis an aistriú glas le scéimeanna leathana fóirdheontais arb é is aidhm dóibh dlús a chur le dícharbónú na tionsclaíochta agus an iompair trí infheistíocht a chur chun cinn i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh réitigh saor ó iontaise. Tacaítear go háirithe leis an aistriú digiteach le hinfheistíochtaí tiomnaithe chun nascacht ardluais a fheabhsú a thuilleadh, agus trí bhearta lena dtacaítear leis an riarachán poiblí a dhigitiú.

(15)Tá roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí spriocdhírithe san RRP chun feabhas a chur ar fhorbairtí oideachais agus scileanna go háirithe trí líon na ndeiseanna oiliúna a mhéadú, lena n-áirítear deiseanna do bhaill foirne sa chúram do dhaoine scothaosta, agus áiteanna staidéir sa ghairmoiliúint agus san ardoideachas, lena ndírítear ar dhaoine aonair a bhfuil deacrachtaí ar leith acu i margadh an tsaothair. In éineacht leis an mbeart lena ndéantar nuachóiriú ar an reachtaíocht maidir le cosaint fostaíochta, meastar go gcuirfear dreasachtaí breise ar fáil leis chun an caipiteal daonna a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna athraitheacha, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

(16)Meastar go laghdóidh an RRP an baol i ndáil le sciúradh airgid sa chóras airgeadais, agus go ndéanfar sin trí dhá bheart lena neartófar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach an chreata frithsciúrtha airgid. Meastar freisin go bhfeabhsóidh sé an soláthar tithíochta ar cíos agus coinníollacha soláthair sa mhargadh tithíochta.

(17)Is féidir a mheas go bhfuil na moltaí a bhaineann le freagairt láithreach an bheartais fhioscaigh don phaindéim lasmuigh de raon feidhme RRP na Sualainne, d’ainneoin gur thug an tSualainn freagra leormhaith agus leordhóthanach ar an ngá láithreach atá ann tacú leis an ngeilleagar trí mheáin fhioscacha in 2020 agus 2021, i gcomhréir le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thuasluaite, meastar go rannchuideoidh an RRP ar bhealach teoranta freisin leis na míchothromaíochtaí a cheartú, mar a shainaithnítear iad sna moltaí a rinneadh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 in 2019 agus 2020 ar míchothromaíochtaí iad atá ann sa tSualainn, go háirithe maidir leis na rioscaí a bhaineann le ró-luacháil tithe mar aon le hardú leanúnach ar fhiachas teaghlaigh.

Cur leis an acmhainneacht fáis, le cruthú post agus le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach

(18)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/241, agus le critéar 2.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go mbeidh tionchar ard (Rátáil A) ag RRP ar an acmhainneacht fáis, cruthú post agus athléimneacht eacnamaíoch shóisialta agus institiúideach na Sualainne a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas.

(19)Léirítear in ionsamhlúcháin a rinne ranna an Choimisiúin go bhféadfadh an RRP, in éineacht leis an gcuid eile de bhearta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, OTI na Sualainne a mhéadú 0.2 % go 0.3 % faoi 2026, gan an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag athchóirithe struchtúracha a chur san áireamh. Meastar freisin go gcuirfidh an RRP leis an bhfostaíocht, go háirithe in 2021-2022. Meastar go n-eascróidh na héifeachtaí dearfacha is suntasaí ar fhás, ar tháirgiúlacht agus ar inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma nó san fhadtéarma as athchóirithe ar shlándáil shóisialta agus pinsin agus as athruithe ar reachtaíocht mhargadh an tsaothair.

(20)Cuirtear i láthair san RRP pacáiste infheistíochtaí agus athchóirithe ar oideachas, ar dhigitiú, agus ar chúram sláinte d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sna réimsí sin, agus go rannchuideofar ar roinnt bealaí le deiseanna comhionanna agus rochtain níos fearr ar an margadh saothair a bhaint amach, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leis an méadú ar an tairiscint ar ghairmoideachas chomh maith le níos mó áiteanna oideachais ar fud na Sualainne, d’fhéadfaí borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin táirgiúlacht, agus comhtháthú sóisialta a chothú ag an am céanna. Ina theannta sin, ba cheart tionchar dearfach a bheith ag an méadú ar sholáthar agus ar cháilíocht na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh ar shaol daoine scothaosta, agus ba cheart do na bearta tacaíochta speisialta a dhíríonn ar mhic léinn agus ar theaghlaigh ar ioncam íseal feabhas a chur ar sheasamh grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh tithíochta.

(21)Meastar go mbeidh geilleagar na Sualainne níos nuálaí agus níos inbhuanaithe mar thoradh ar bhearta chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú. Meastar, go háirithe, leis an tacaíocht a thabharfar d’fhorleathnú leathanbhanda go gcuirfear dlús breise le haistriú digiteach na hoibre agus go laghdófaí na leochaileachtaí do shuaitheadh sa slabhra soláthair. Na bearta chun feabhas a chur ar an gcomhoiriúnú ar mhargadh an tsaothair agus chun na bearnaí scileanna a dhúnadh, ba cheart dóibh cuidiú chun iomaíochas láidir na Sualainne a choimeád agus chun coigeartuithe a éascú i gcás imthosca díobhálacha eacnamaíocha. Ina theannta sin, an bhéim a chuirtear san RRP ar thionscnaimh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, meastar go laghdófar leis sin neamhchosaint ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe a bhfuil riosca dífheidhmeachta ag baint leo. Ar an iomlán, cuirtear chun cinn leis an RRP struchtúr tionscail atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí solúbtha eacnamaíocha nuálacha, atá fabhrach don athléimneacht.

Gan dochar suntasach a dhéanamh

(22)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (d) de Rialachán (AE) 2021/241, agus le critéar 2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go n-áiritheoidh leis an RRP nach ndéanfaidh aon bheart (Rátáil A) maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na dtionscadal infheistíochta a áirítear san RRP dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

(23)I gcomhréir leis an bhfógra ‘Treoir theicniúil maidir le cur i bhfeidhm “gan dochar suntasach a dhéanamh” faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’ a ghlac an Coimisiún Eorpach 4 , thug an tSualainn bonn cirt nach ndéanann na bearta uile a áirítear ina RRP dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil. Tugadh aird ar leith ar bhearta ar gá grinnscrúdú géar a dhéanamh ar a dtionchar ar chuspóirí comhshaoil. Tá fianaise shuntasach curtha ar fáil ag an tSualainn agus déanann sí foráil maidir le bearta maolaitheacha a chur chun feidhme chun dochar suntasach a sheachaint, rud ba cheart a áirithiú trí gharspriocanna ábhartha. Baineann sé seo go háirithe le scéimeanna infheistíochta taighde, forbartha agus nuálaíochta agus le scéimeanna tacaíochta leathana faoi ‘Industry Leap’ agus faoi na tionscnaimh ‘Climate Leap’ chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a bhféadfadh suiteálacha a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an AE (ETS) a bheith san áireamh iontu.

Rannchuidiú leis an aistriú glas lena n-áirítear an bhithéagsúlacht

(24)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (e) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá bearta san RRP a rannchuidíonn den chuid is mó (Rátáil A) leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a eascraíonn as sin. Is éard atá sna bearta a thacaíonn le cuspóirí aeráide méid arb ionann é agus 44.4 % de leithdháileadh iomlán an RRP arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin, tá an RRP comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030.

(25)Meastar go gcuirfidh athchóirithe agus infheistíochtaí go mór le cuspóirí an dícharbónaithe agus an aistrithe fuinnimh mar a leagtar amach i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na Sualainne, rud a chuirfidh le sprioc aeráide an Aontais do 2030. Tá roinnt beart uaillmhianach ann, agus iad grúpáilte le chéile i gcuid ‘glas’ tiomnaithe den RRP, a thacaíonn le cuspóirí aeráide, agus roinnt beart a thacaíonn freisin le cuspóirí comhshaoil eile, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta. Meastar go mbeidh tionchar marthanach ag cur chun feidhme na mbeart, go háirithe trí rannchuidiú leis an aistriú glas, le feabhsú na bithéagsúlachta agus le cosaint an chomhshaoil.

(26)Cuimsítear san RRP infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha tionsclaíocha atá dian ar astaíochtaí chomh maith le hinfheistíochtaí i dtionscadail aeráide áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil sé d’aidhm acu astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear bonneagair luchtaithe carranna leictreacha agus táirgeadh bithbhreosla inbhuanaithe. Tá sé d’aidhm freisin ag an RRP astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú trí infheistíochtaí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ilteaghaise a fheabhsú agus bonneagar iarnróid a uasghrádú, agus ag an am céanna, le hinfheistíochtaí i limistéir luachmhara dúlra a chosaint, go háirithe foraoisí, tacaítear go díreach le caomhnú na bithéagsúlachta agus na ngnáthóg nádúrtha. Déantar infheistíochtaí a chomhlánú le pacáiste athchóirithe uaillmhianacha chun tacú leis an aistriú glas, lena n-áirítear méadú ar an gcáin ar fhuinneamh, coigeartú ar ríomh na cánach ar shochar gluaisteán chun léiriú níos fearr a thabhairt ar lorg carbóin gluaisteán agus ar an méadú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite i mbreoslaí a úsáidtear in earnáil an iompair.

(27)Cuireann na bearta atá san RRP le sprioc aeráide an Aontais le haghaidh 2050 a bhaint amach chomh maith le sprioc na Sualainne neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2045.

Rannchuidiú leis an aistriú digiteach

(28)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá bearta sa RRP a rannchuidíonn ar (Rátáil A) leis an aistriú digiteach nó a thugann aghaidh ar na dúshláin a eascraíonn as. Baineann na bearta a thacaíonn le cuspóirí digiteacha le méid arb ionann é agus 20,5 % de leithdháileadh iomlán an RRP arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(29)Cuidíonn na bearta sa RRP chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an tSualainn i dtaca leis an aistriú digiteach. Go háirithe, cé go bhfuil nascacht dhigiteach na Sualainne ard go maith ar an iomlán, tá bearnaí nascachta ann i limistéir inar tearc an daonra. Ba cheart go gcuideodh an tacaíocht do sholáthar céimneach an leathanbhanda le rochtain ar naisc ardluais sna limistéir sin a fheabhsú. Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas na saineolaithe san earnáil Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide in ainneoin an ardleibhéil scileanna digiteacha i measc phobal na Sualainne ar an iomlán, tá bearta infheistíochta sa RRP chun an líon áiteanna staidéir gairmoideachais i réimsí ábhartha a mhéadú. Ina theannta sin, tá infheistíochtaí sa RRP chun méadú a dhéanamh ar an oideachas sna hollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile, agus beidh sciar mór díobh á leithdháileadh ar chláir a chuireann le scileanna digiteacha.

(30)Meastar go rannchuideoidh na bearta sa RRP leis an aistriú digiteach sa tSualainn trí thacú le digitiú an riaracháin phoiblí. Meastar go gcothófar leis an RRP sineirgí idir na hiarrachtaí ar mhaithe leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach trí thacú le córais chliste fuinnimh a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú.

Tionchar buan

(31)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.7 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go mbeidh tionchar buan láidir (Rátáil A) ag an RRP ar an tSualainn.

(32)Meastar go dtiocfaidh athrú struchtúrach sa gheilleagar as cur chun feidhme bhearta an RRP trína acmhainneacht nuálaíochta, a inbhuanaitheacht chomhshaoil, a scileanna digiteacha agus a chomhtháthú sóisialta a fheabhsú. Méadaíonn sé sciar na gcánacha comhshaoil, rud a chuidíonn le spriocanna aeráide na Sualainne a bhaint amach agus ar cheart go gcuirfeadh sé dlús le claochlú glas an gheilleagair. Cuirtear leis an méid sin a thuilleadh trí theicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn le haghaidh réitigh shaora ó bhreosla iontaise i dtionscail dianfhuinnimh.

(33)Tacaíonn an RRP leis an gcomhtháthú agus leis an gcóineasú sóisialta agus críochach, rud a mheastar go mbeidh tionchar dearfach aige san fhadtéarma freisin. Claontar an beart leathanbhanda le réigiún gan lánchlúdach leathanbhanda, rud a chuireann an comhtháthú réigiúnach chun cinn i ndáil le limistéir ar fud na tíre nach bhfuil an daonra dlúth iontu. Leis sin, ba cheart go mbeadh gach duine in ann páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht shóisialta agus eacnamaíoch dhearfach a bhfuil an digitiú mar bhonn léi. Maidir leis na hinfheistíochtaí san oideachas, lena ndírítear den chuid is mó ar an ngairmoideachas agus ar an oideachas le haghaidh daoine a bhfuil deacrachtaí ar leith acu ar mhargadh an tsaothair, agus ar chláir chun eolas na gcónaitheoirí uile ar an tSualainnis a fheabhsú, meastar go n-imreoidh siad tionchar dearfach fadtéarmach ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar an lánpháirtiú sóisialta. Bearta arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin nuálaíocht agus drochthionchair na dtreochtaí déimeagrafacha a chomhrac, tacaíonn siad le gnóthachain táirgiúlachta agus le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí. Cuidíonn siad le feabhas a chur ar an gcumas tacú le hinfheistíochtaí a chuirfidh leis an bhfás amach anseo.

(34)Is féidir tionchar buan an RRP a fheabhsú freisin trí shineirgí idir an RRP agus cláir eile, lena n-áirítear na cláir sin a mhaoinítear le cistí an bheartais comhtháthaithe, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chríochacha agus trí fhorbairt chothrom a chur chun cinn. Athchóirithe struchtúracha a ghabhann leis chun feabhas a chur ar an acmhainneacht fáis, chun bonn nuálaíochta gheilleagar na Sualainne a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothroimí maicreacnamaíocha, meastar go gcuideoidh siad a thuilleadh le conair fáis chothrom inbhuanaithe a bhaint amach tar éis na tréimhse a chumhdaítear leis an RRP.

Faireachán agus cur chun feidhme

(35)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (h) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.8 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, is leormhaith (Rátáil A) na socruithe atá beartaithe sa RRP chun faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach an RRP a áirithiú, lena n-áirítear an tráthchlár, na clocha míle agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara.

(36)Tá Aireacht Airgeadais na Sualainne freagrach as cur chun feidhme foriomlán RRP na Sualainne, agus tá Údarás Náisiúnta Airgeadais na Sualainne (ESV) freagrach as faireachán a dhéanamh ar bhaint amach na gcloch míle agus na spriocanna. Tá siad sin sách soiléir agus réalaíoch chun a áirithiú go ndéanfar a dtabhairt i gcrích a rianú agus a fhíorú agus tá siad bunaithe ar tháscairí ábhartha inghlactha láidre. Meastar go mbeidh na sásraí fíoraithe, bailiú na sonraí agus na freagrachtaí a dtugann údaráis na Sualainne tuairisc orthu sách láidir chun údar maith a thabhairt leis na hiarrataí eisíocaíochta ar bhealach leordhóthanach. Tá clocha míle agus spriocanna go hábhartha freisin maidir le bearta a cuireadh i gcrích cheana agus atá incháilithe faoi Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2021/241. Ceanglaítear na clocha míle agus na spriocanna sin a chomhlíonadh go sásúil le himeacht ama chun údar cuí a thabhairt le hiarraidh eisíocaíochta.

(37)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear tacaíocht airgeadais faoin tSaoráid in iúl agus go n-aithnítear í i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/241. Féadfar tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a RRPanna a chur chun feidhme.

Costáil

(38)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (i) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.9 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá an réasúnú a thugtar sa RRP maidir le méid chostais measta iomlán an RRP réasúnta agus inchreidte go measartha láidir (Rátáil B), tá sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus tá sé i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.

(39)Tríd is tríd, tá miondealuithe mionsonraithe ar na meastacháin ar chostais soláthraithe ag an tSualainn le haghaidh na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe faoi leith a bhfuil costas gaolmhar ag baint leo sa RRP. Tá an réasúnú maidir leis na costais bunaithe go príomha ar chomparáidí le tionscadail roimhe seo nó le tionscadail chomhthreomhara atá cosúil ó thaobh cineáil de leis na bearta atá beartaithe. I gcás na mbeart nach féidir a gcostais a chinneadh go mion ex-ante, amhail scéimeanna atá bunaithe ar an éileamh lena ngabhann glaonna ar thograí, tá fianaise soláthraithe ag an tSualainn chun a léiriú nach bhfuil an méid foriomlán a bheidh le caitheamh díréireach le riachtanais chistithe na n-earnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu. Léiríonn an measúnú ar chostais go bhfuil an chuid is mó de na costais sa RRP réasúnta agus inchreidte. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil an nasc idir an réasúnú agus an costas féin lánsoiléir i gcás roinnt beart, ní féidir rátáil ‘A’ a thabhairt maidir leis an gcritéar seo. Ar deireadh, tá costas iomlán measta an RRP i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus tá sé i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

(40)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (j) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.10 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, na socruithe atá beartaithe sa RRP agus na bearta breise atá sa Chinneadh seo, is leormhaith (Rátáil A) iad chun coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin Rialachán sin, agus meastar go seachnófar go héifeachtach leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile an Aontais. Tá an méid sin gan dochar do chur i bhfeidhm ionstraimí agus uirlisí eile chun comhlíonadh dhlí an Aontais a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear chun coinbhleachtaí leasa, éilliú, agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus chun buiséad an Aontais a chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

(41)Tá bearta cur chun feidhme ag gabháil leis an RRP, lena n-áirítear bearta coimirce cuimsitheacha i ndáil le rialú agus iniúchadh, faoi réir chur chun feidhme iomlán na gcloch míle tiomnaithe breise sa réimse seo. Is ar an Aireacht Airgeadais atá an fhreagracht fhoriomlán as an RRP a chur chun feidhme agus tá sí cuntasach thar ceann na n-eintiteas earnála poiblí uile maidir le gnéithe oibríochtúla agus riaracháin an RRP. Tá an Aireacht Airgeadais freagrach freisin as freagra lárnach a láimhseáil agus a áirithiú ar iarrataí faisnéise agus rochtana ar shonraí faoi na faighteoirí deiridh . Is iad na húdaráis atá freagrach as an RRP a chur chun feidhme a áirithíonn go mbailítear agus go stóráiltear na sonraí sin. Chun comhleanúnachas a áirithiú i gcur chun feidhme an RRP, is é Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) an t-údarás iniúchóireachta uileghabhálach, a chabhraíonn leis an Aireacht Airgeadais maidir lena dualgais chomhordaithe fhoriomlána. Rannchuidíonn an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (OIN) freisin trí iniúchtaí athfhillteacha ar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus iontaofacht na gcuntas, ag gníomhú di go neamhspleách ar an rialtas agus an sainordú a thug an Pharlaimint di á chur i bhfeidhm aici.

(42)An córas rialaithe inmheánaigh a dtugtar tuairisc air in RRP na Sualainne, tá próiseas agus struchtúr láidir ann lena sainítear róil agus freagrachtaí na n-eintiteas cur chun feidhme go soiléir agus lena ndéantar na feidhmeanna rialaithe ábhartha a lánscaradh go hiomchuí. Ba cheart clocha míle a bhunú lena gceanglaítear go dtabharfar leasuithe reachtacha i bhfeidhm, leasuithe lena mbunaítear sainorduithe dlíthiúla le haghaidh na gcomhlachtaí atá bainteach le comhordú, faireachán, rialú agus iniúchadh ar chur chun feidhme RRP na Sualainne, agus lena leagtar amach na sainorduithe go háirithe le haghaidh gach eintitis rialtais a bhfuil baint aige le gnéithe oibríochtúla chur chun feidhme an RRP, le hainmniú an údaráis iniúchóireachta agus leis an gcomhlachta atá freagrach as straitéis iniúchóireachta a ullmhú maidir le cur chun feidhme RRP. Leis na clocha míle sin, ba cheart a áirithiú go n-áireofar sa chóras na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad: (a) bailiú na sonraí agus an faireachán ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna; agus (b) bailiú agus stóráil na sonraí a cheanglaítear le hAirteagal 22(2), pointe (d)(i) go (iii), de Rialachán (AE) 2021/241 agus áirithiú na rochtana ar na sonraí sin.

Comhleanúnachas an RRP

(43)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (k) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.11 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa RRP bearta láidre (Rátáil A) le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha agus tionscadal infheistíochta poiblí ar gníomhaíochtaí comhleanúnacha iad.

(44)Is saintréith de chuid an RRP fís chomhsheasmhach chun an téarnamh a úsáid mar ghiaráil chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus chun an comhtháthú sóisialta a chothú, fís ina bhfuil na comhchodanna agus na bearta aonair comhleanúnach le chéile. Tá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i ngach comhchuid comhsheasmhach agus treisíonn siad a chéile, agus tá sineirgí agus comhlántachtaí ann idir na comhchodanna. Mar shampla, leis an athchóiriú chun an ghairmoiliúint sa chúram sláinte agus sóisialta a chothú i gcomhar leis an oiliúint sa tSualainnis, meastar go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste i margadh an tsaothair. An tráth céanna, ba cheart go gcabhródh an t-athchóiriú sin freisin le seirbhísí cúraim ardcháilíochta a áirithiú, ar seirbhísí iad lena gcomhlánaítear an tionscnamh tiomnaithe cúraim do dhaoine scothaosta agus an beart chun gairm na haltra a rialáil.

An Comhionannas

(45)Tá bearta ar leith sa RRP a meastar, go pointí éagsúla, go gcabhróidh siad leis an tSualainn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimpi i réimsí an chomhionannais inscne agus an chomhionannais deiseanna do chách, go háirithe maidir leis an oideachas agus an oiliúint, atá dírithe, i measc nithe eile, ar dhaoine óga, ar dhaoine de thionscnamh imirceach agus ar dhaoine atá faoi mhíchumas. Léiríonn an RRP sprioc bheartais fhoriomlán an Rialtais maidir leis an gcomhionannas inscne, mar atá, go mbeidh an deis chéanna ag mná agus ag fir an tsochaí agus a saol féin a mhúnlú. Meastar go mbeidh an RRP ina uirlis thábhachtach chun an comhionannas inscne agus an buiséadú inscne a chur chun cinn.

Féinmheasúnú slándála

(46)Níor soláthraíodh féinmheasúnú slándála toisc nár mheas an tSualainn é a bheith iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18(4), pointe (g) de Rialachán (AE) 2021/241.

An próiseas comhairliúcháin

(47)Ag céimeanna ullmhúcháin RRP na Sualainne, bhí a lán comhairliúchán ann leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na heagraíochtaí gnó, lena n-áirítear comhairliúcháin laistigh de chreat an chomhordaithe náisiúnta maidir leis an Seimeastar Eorpach ar leibhéal na seirbhísí. Tionóladh cruinniú le hionadaithe na sochaí sibhialta. Chuir páirtithe leasmhara ábhartha, amhail grúpaí sainleasa, gnólachtaí agus ionadaithe bardas agus réigiún moltaí isteach sa phróiseas. Na hathchóirithe nó na bearta sa RRP a bhaineann le hathrú ar an reachtaíocht atá ann cheana, cuireadh tograí maidir leo faoi bhráid na n-údarás, na mbardas, na gcomhlachas agus na ndaoine aonair ábhartha roimh ré, sin nó táthar ag súil leis go gcuirfear.

(48)I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na páirtithe leasmhara lena mbaineann leanúint de bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na mbeart faoi seach, chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis i dteagmháil leanúnach leis na saoránaigh, na cuideachtaí, na bardais agus na réigiúin. Chun an úinéireacht a áirithiú le haghaidh na ngníomhaithe ábhartha, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na húdaráis áitiúla agus na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach i gcur chun feidhme na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe atá sa RRP.

Measúnú dearfach

(49)Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún maidir le RRP na Sualainne agus an toradh a bhí air, mar atá, go go comhlíonann an RRP na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán sin agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, ba cheart go leagfaí amach leis an gCinneadh seo na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta is gá chun an RRP a chur chun feidhme, na clocha míle, spriocanna agus táscairí ábhartha, agus an méid a chuirtear ar fáil ón Aontas i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-iníoctha le haghaidh chur chun feidhme an RRP.

Ranníocaíocht airgeadais

(50)Is é costas iomlán measta RRP na Sualainne SEK 33 304 030 000, arb ionann é agus EUR 3 289 286 914 ar bhonn ráta tagartha EUR SEK BCE an 28 Bealtaine 2021. Ós rud é go gcomhlíonann an RRP na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241 go sásúil agus, ina theannta sin, ós rud é go bhfuil méid chostais mheasta iomlána an RRP níos airde ná an ranníocaíocht uasta airgeadais atá ar fáil i gcás na Sualainne, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais a leithdháiltear le haghaidh RRP na Sualainne a bheith comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá ar fáil i gcás na Sualainne.

(51)I gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241, déanfar ríomh na ranníocaíochta uasta airgeadais don tSualainn a nuashonrú faoin 30 Meitheamh 2022. Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den Rialachán sin, ba cheart méid nach mó ná an ranníocaíocht uasta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), den Rialachán sin a chur ar fáil anois le haghaidh gealltanais dhlíthiúil faoin 31 Nollaig 2022. I gcás inar gá tar éis nuashonrú a dhéanamh ar an ranníocaíocht uasta airgeadais, ba cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, an Cinneadh seo a leasú chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin, a chur leis gan moill mhíchuí.

(52)Tá an tacaíocht atá le soláthar le maoiniú ó iasachtaí a gheobhaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais ar bhonn Airteagal 5 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle 7 . Ba cheart an tacaíocht a íoc i dtráthchodanna a luaithe a bheidh na clocha míle agus spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an RRP comhlíonta go sásúil ag an tSualainn.

(53)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta a bhaineann le cistí de chuid an Aontais a dhámhachtain faoi aon chlár de chuid an Aontais seachas an tSaoráid nó do nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh a fhéadfar a ghabháil ar láimh, go háirithe faoi Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh faoi chásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Formheas an mheasúnaithe ar an RRP

Formheastar an measúnú ar RRP na Sualainne a rinneadh ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta faoin RRP, na socruithe agus an t-amchlár i ndáil le faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an RRP, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna beartaithe, agus na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 2
Ranníocaíocht airgeadais

1.Cuirfidh an tAontas ranníocaíocht airgeadais ar fáil don tSualainn i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha arb ionann í agus EUR 3 288 516 389 8 . Beidh méid EUR 2 910 807 980 ar fáil lena ghealladh go dlíthiúil faoin 31 Nollaig 2022. Más é atá mar thoradh ar an nuashonrú dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241 ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe le haghaidh na Sualainne arb ionann í agus EUR 3 288 516 389, nó ar mó ná sin í, beidh méid breise EUR 377 708 409 ar fáil lena ghealladh go dlíthiúil ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. Más é atá mar thoradh ar an nuashonrú dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241 ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe le haghaidh na Sualainne is lú ná EUR 3 288 516 389, beidh an difríocht idir an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe agus méid EUR 2 910 807 980 ar fáil lena ghealladh go dlíthiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(8) de Rialachán (AE) 2021/241 ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

2.Cuirfidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar fáil don tSualainn i dtráthchodanna i gcomhréir leis an Iarscríbhinn. Féadfaidh an Coimisiún na tráthchodanna a íoc i dtráinsí amháin nó i roinnt tráinsí. Beidh méid na dtráinsí faoi réir infhaighteacht an chistithe.

3.Maidir le tráthchodanna a scaoileadh i gcomhréir leis an gcomhaontú maoinithe, beidh sé sin ar choinníoll an chistithe a bheidh infhaighte agus ar choinníoll cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an RRP comhlíonta go sásúil ag an tSualainn. Chun a bheith incháilithe d’íocaíocht, comhlánóidh an tSualainn na clocha míle agus na spriocanna tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa 2026, faoi réir theacht i bhfeidhm na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 3
Seolaithe

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).
(3)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(4)    IO C 58, 18.2.2021, lch. 1.
(5)    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).
(7)    IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(8)    Comhfhreagraíonn an méid sin don leithdháileadh airgeadais tar éis sciar comhréireach na Sualainne de speansais Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2021/241 a asbhaint, arna ríomh i gcomhréir le modheolaíocht Airteagal 11 den Rialachán sin.

An Bhruiséil,29.3.2022

COM(2022) 152 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle

maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don tSualainn a fhormheas

{SWD(2022) 102 final}


IARSCRÍBHINN

ROINN 1: ATHCHÓIRITHE AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ FAOIN bPLEAN TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA

1.Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

A. COMHCHUID 1: Téarnamh glas

Tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh chuspóir na Sualainne neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2045. Táthar ag súil go méadóidh na bearta sa chomhchuid bearta áitiúla agus réigiúnacha chun astaíochtaí ó iompar de bhóthar agus ó fhoinsí eile dé-ocsaíde carbóin agus gáis eile a dhéanann dochar don aeráid a laghdú; infheistíochtaí a mhéadú in aistriú an tionscail chuig glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa; infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht a mhéadú; agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú trí nádúr luachmhar a chosaint.

Ar an gcéad dul síos, tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid dlús a chur le haistriú na hearnála iompair ionas go mbeidh sí saor ó iontaise trí infheistíochtaí a mhéadú i réitigh iompair inbhuanaithe, amhail stáisiúin luchtaithe iarnróid agus leictreacha agus bithgháis, a chomhlánaítear le pacáiste athchóirithe a bhfuil sé d’aidhm aige úsáid carranna truaillitheacha a dhíspreagadh. Is cuid d’athchóiriú na cánach glas iad na hathchóirithe chun cánachas a aistriú ó shaothar go dtí an comhshaol.

Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid líon na n-astaíochtaí a bhaineann le próisis a laghdú, atá réasúnta costasach a laghdú ós rud é nach bhfuil an teicneolaíocht ar fáil ar an margadh sa lá atá inniu ann. Tá gá le tuilleadh taighde, nuálaíochta, taispeántais agus cur chun feidhme ar scála níos mó. Tugann an chomhchuid aghaidh ar an dúshlán sin trí na hacmhainní atá ar fáil don Industry Leap a mhéadú, scéim infheistíochta a bhfuil sé mar aidhm aici an tionscal a dhícharbónú.

Ar an tríú dul síos, tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid éifeachtúlacht fuinnimh na hearnála tithíochta sa tSualainn a fheabhsú. Astaíonn an earnáil 11 milliún tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, go príomha ó leictreachas agus téamh spáis i dtithe.

Ar deireadh, tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid sin freisin cur leis an mbithéagsúlacht trí limistéir atá faoi chosaint fhoirmiúil a bhunú i bhfoirm tearmainn dúlra i ngnáthóga nádúrtha luachmhara.

Táthar ag súil go rannchuideoidh an chomhchuid le moltaí tírshonracha a bheidh dírithe ar an tSualainn, go háirithe ‘infheistíocht a choinneáil ar bun in iompar inbhuanaithe chun na modhanna éagsúla iompair a uasghrádú, ar iarnróid ar leith’ (moladh tírshonrach 2, 2019) agus ‘infheistíocht a dhíriú ar an aistriú [...] glas, go háirithe ar tháirgeadh glan agus éifeachtúil fuinnimh, earnálacha ardteicneolaíochta agus nuálacha, [...] agus iompar inbhuanaithe’ (moladh tírshonrach 2, 2020) agus ‘taighde agus nuálaíocht’ (moladh tírshonrach 2, 2019)

Táthar ag súil nach ndéanfaidh aon bheart sa chomhchuid seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an tuairisc ar na bearta agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh i gcomhréir leis an Treoir Theicniúil ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01).

A.1.    Tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Infheistíocht 1: Infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha i ngníomhú ar son na haeráide

Is scéim infheistíochta é an beart ar a dtugtar Climate Leap, a mhaoineoidh gníomhaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha chun astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus gáis eile a dhéanann dochar don aeráid a laghdú. Is eintitis phríobháideacha agus phoiblí iad na tairbhithe, go háirithe bardais, eagraíochtaí agus fiontair, gan daoine aonair a áireamh. Is iad na héifeachtaí a bhfuil súil leo freisin scaipeadh teicneolaíochtaí nua, glacadh sa mhargadh, sláinte agus fostaíocht níos fearr, chomh maith le tionchar dearfach ar chuspóirí comhshaoil eile.

Athneartóidh an beart scéim atá ann cheana ó thaobh airgeadais de. Áireofar sna gníomhaíochtaí dá dtabharfar tacaíocht gníomhaíocht nithiúil ar son na haeráide i réimsí amhail an t-iompar, an tionsclaíocht, an talmhaíocht agus an fuinneamh. Tá idir bhithghás agus bhonneagar amhail cosáin rothar nó pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha go téamh ceantair a chur in ionad ola.

Níl aon chlúdach réamhchinnte idir na cineálacha éagsúla tionscadal. Ina ionad sin, cuirfidh an Climate Leap maoiniú ar fáil don infheistíocht leis an laghdú is mó is féidir ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an SEK arna infheistiú. Urramóidh roghnú na dtionscadal critéir éagsúla. I gcás tionscadal maidir le comhshó go bithfhuinneamh le haghaidh téimh sa tionscal agus sa talmhaíocht, beidh sé de chuspóir ag an mbeart laghdú 80 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí úsáid na bithmhaise bunaithe ar an modh ríofa le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa agus ar an gcoibhéis iontaise coibhneasta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. I gcás tionscadal maidir le bithghás a tháirgeadh, tá sé de chuspóir ag an mbeart astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an tsuiteáil a laghdú 65 % ar a laghad trí úsáid na bithmhaise chun na críche sin bunaithe ar an modh ríofa le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa agus ar an gcoibhéis iontaise a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. I gcás tionscadal maidir le hiompar (stáisiúin seirbhíse), beidh cuspóir an bhirt i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001. I gcás tionscadal maidir le dramhaíl (athchúrsáil phlaistigh), beidh sé de chuspóir ag an mbeart 50 % ar a laghad, arna thomhas de réir meáchain, den dramhaíl neamhdhíobhálach phróiseáilte agus bhailithe ar leithligh a thiontú ina hamhábhair thánaisteacha. I gcás tionscadal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, beidh sé d’aidhm ag an mbeart laghdú 30 % ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha i gcomparáid le hastaíochtaí réamhríofa. I gcás tionscadal maidir le stáisiúin luchtaithe do charranna leictreacha agus don bhonneagar leictreach, beidh cuspóir an bhirt i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.

Táthar ag súil nach ndéanfaidh an beart seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, ag cur san áireamh tuairisc ar an mbeart agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis an Treoir Theicniúil ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01). Go háirithe, comhlíonfaidh bithbhreoslaí na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagail 29, 30 agus 31 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 (REDII) agus na rialacha maidir le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach in Airteagal 26 den Treoir sin, agus na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe gaolmhara arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin. Comhlíonfaidh an beart na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE freisin. Ní bheidh gníomhaíochtaí faoin gCóras Trádála Astaíochtaí incháilithe do chistiú, cé is moite de dhramhtheas a mbaintear úsáid as do théamh ceantair. Beidh astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa faoi bhun an tagarmhairc teasa a bhunaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún 1 ag aon chistiú den sórt sin le haghaidh dramhtheasa. Ina n-iomláine, déantar na gníomhaíochtaí seo a leanas a eisiamh tuilleadh ó mhaoiniú: (i) gníomhaíochtaí agus sócmhainní a bhaineann le breoslaí iontaise, lena n-áirítear úsáid iartheachtach 2 ; (ii) gníomhaíochtaí agus sócmhainní a bhaineann le láithreáin líonta talún, loisceoirí 3 agus ionaid cóireála bitheolaíche meicniúla 4 ; agus (iii) gníomhaíochtaí agus sócmhainní ina bhféadfadh diúscairt fhadtéarmach dramhaíola dochar a dhéanamh don chomhshaol.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta críochnaithe faoin 31 Nollaig 2025.

Infheistíocht 2: Infheistíochtaí i ngníomhú ar son na haeráide san earnáil thionsclaíoch (Industry Leap)

Is scéim infheistíochta é an beart ar a dtugtar Industry Leap. Tá sé d’aidhm ag an infheistíocht seo tacaíocht airgeadais a sholáthar i bhfoirm deontas d’infheistíochtaí, taighde, staidéir indéantachta, treoirthionscadail, agus tionscadail taispeántais chun cabhrú leis an tionscal aistriú i dtreo glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa. Maoineofar leis tionscadail a fhorbraíonn, a thaispeánann agus a chuireann teicneolaíocht nua chun feidhme nach bhfuil astaíochtaí nialasacha, ísle nó diúltacha gáis cheaptha teasa ag baint léi i dtionscail ina bhfuil astaíochtaí arda próisis.

Athneartóidh an beart scéim atá ann cheana. Leathnófar an tacaíocht do thionscadail thionsclaíocha a chuireann go mór le cuspóirí aeráide a bhaint amach, amhail táirgeadh bithbhreosla, scaglanna plaisteach athchúrsáilte, táirgeadh hidrigine, saoráidí athchúrsála agus táirgeadh ceallraí. Féadfar úsáid a bhaint as tacaíocht ón scéim le haghaidh caiteachas a bhaineann le bearta a chuireann le hastaíochtaí diúltacha buana gás ceaptha teasa, lena n-áirítear taighde, forbairt, tástáil, léiriú agus infheistíocht. Den imchlúdach buiséadach iomlán, déanfar ar a laghad 85 faoin gcéad de na cistí a thiomnú do thionscadail taighde agus forbartha a dhíríonn ar an ngeilleagar ísealcharbóin agus ní bheidh níos mó ná 15 faoin gcéad tiomnaithe do thionscadail taighde agus forbartha a dhíríonn ar an ngeilleagar ciorclach.

Tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas: (1) rannchuidíonn sé le hastaíochtaí tionsclaíocha gás ceaptha teasa a laghdú, ar astaíochtaí iad a bhaineann go díreach nó go hindíreach le próisis thionsclaíocha, (2) rannchuidíonn sé le hastaíochtaí diúltacha a bhaint amach trí gháis cheaptha teasa de thionscnamh bithghineach nó trí na gáis sin a tógadh amach as an atmaisféar a ghabháil, a iompar agus a stóráil go geolaíoch, nó (3) trí theicneolaíochtaí nua nó réitigh nuálacha eile a chur i bhfeidhm sa tionscal, rannchuidíonn sé go mór cuspóir comhshaoil náisiúnta na Sualainne ‘Tionchar Laghdaithe ar an Aeráid’ a bhaint amach.

Táthar ag súil nach ndéanfaidh an beart seo dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, ag cur san áireamh tuairisc ar an mbeart agus na céimeanna maolaitheacha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis an Treoir Theicniúil ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01). Go háirithe, comhlíonfaidh bithbhreoslaí na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagail 29, 30 agus 31 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 (REDII) agus na rialacha maidir le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach in Airteagal 26 den Treoir sin, agus na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe gaolmhara arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin. Comhlíonfaidh an beart na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE freisin. Beidh astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa ag gníomhaíochtaí faoin gCóras Trádála Astaíochtaí atá níos ísle ná na tagarmharcanna ábhartha arna mbunú le haghaidh leithdháileadh saor in aisce 5 . Ina n-iomláine, déantar na gníomhaíochtaí seo a leanas a eisiamh tuilleadh ó mhaoiniú: (i) gníomhaíochtaí agus sócmhainní a bhaineann le breoslaí iontaise, lena n-áirítear úsáid iartheachtach 6 ; (ii) gníomhaíochtaí agus sócmhainní a bhaineann le láithreáin líonta talún, loisceoirí 7 agus ionaid cóireála bitheolaíche meicniúla 8 ; agus (iii) gníomhaíochtaí agus sócmhainní ina bhféadfadh diúscairt fhadtéarmach dramhaíola dochar a dhéanamh don chomhshaol.

Measfar go gcomhlíonann na gníomhartha Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta seo a leanas faoin infheistíocht seo an Treoir Theicniúil ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01): Gníomhaíochtaí Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta faoin infheistíocht seo atá dírithe ar inbhuanaitheacht chomhshaoil cuideachtaí a mhéadú go mór (amhail dícharbónú, truailliú a laghdú agus an geilleagar ciorclach) má tá príomhfhócas ghníomhartha Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta faoin infheistíocht seo ar roghanna eile a fhorbairt nó a oiriúnú leis na tionchair chomhshaoil is ísle is féidir san earnáil.

Cuirfear an infheistíocht chun feidhme faoin 31 Nollaig 2025.

Infheistíocht 3: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí

Leis an scéim tacaíochta poiblí seo, scéim a bhunófar le rialachán atá beartaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí, dírítear ar úinéirí maoine a dhreasú chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh ilteaghaisí, rud nach gnách é a bheith brabúsach. Tabharfaidh an scéim tacaíochta tacaíocht d’infheistíochtaí lena mbainfear amach laghdú 20 % ar a laghad ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh ar leibhéal an fhoirgnimh. Beidh sé dírithe freisin ar dhreasachtaí a chruthú d’úinéirí maoine chun córais chliste fuinnimh a áireamh mar chuid den iarracht athchóirithe.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta críochnaithe faoin 31 Nollaig 2025.

Infheistíocht 4: Tacaíocht neartaithe d’iarnróid

Leis an mbeart sin, uasghrádófar iarnród sa tSualainn ionas go mbeidh níos mó daoine agus fiontar in ann úsáid a bhaint as iarnróid mar mhodh iompair. Feabhsóidh na huasghráduithe toilleadh iarnróid freisin. Baineann an t-uasghrádú leis na hiarnróid idir Gävle-Åänge (iarnród siúnta agus siúntadh), Västeraspby-Långsele (iarnród siúnta agus siúntadh), an droichead atá suite in Vänersborg a atógáil agus infheistiú i gcrosaire comhréidh uathoibríoch (‘Alex’).

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta críochnaithe faoin Dé Máirt 31 Márta 2026.

Infheistíocht 5: Cosaint nádúr luachmhar

Beidh sé d’aidhm ag an mbeart seo bithéagsúlacht a chosaint i limistéir a bhfuil ardluachanna nádúrtha iontu, trí limistéir ina bhfuil tearmainn dúlra faoi chosaint fhoirmiúil a bhunú. De réir chód comhshaoil na Sualainne, féadfaidh bord riaracháin contae talamh nó limistéar uisce a fhógairt mar thearmann dúlra chun críche éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú, chun timpeallachtaí nádúrtha luachmhara a chosaint agus a chaomhnú nó chun riachtanas limistéar áineasa faoin aer a shásamh. Féadfar tearmann dúlra a ainmniú freisin ar aon limistéar atá ag teastáil chun timpeallachtaí nádúrtha luachmhara nó gnáthóga luachmhara a chosaint, a athbhunú nó a bhunú do speicis ar fiú iad a chaomhnú. Is éard a bheidh sa bheart cúiteamh a thabhairt d’úinéirí talún príobháidí as ceannach limistéir talún nó cúiteamh i leith srianta arb í an chosaint fhoirmiúil is cúis leo. Sonrófar sa chinneadh chun tearmann dúlra a bhunú na srianta ar an gceart talamh agus limistéir uisce a úsáid is gá chun cuspóir an tearmainn a bhaint amach.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta críochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 1: Coigeartuithe ar an oibleagáid maidir le laghdú

Leis an athchóiriú seo, cuirfear de cheangal ar sholáthróirí breosla bithbhreoslaí inbhuanaithe a chumasc i ngásailín, i ndíosal agus i scairdbhreosla. Meastar go rannchuideoidh sé le cuspóir aeráide na Sualainne a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2045 a bhaint amach, mar go gcuireann sé breoslaí in-athnuaite chun cinn le haghaidh an stoic gnáthfheithiclí agus aerárthaí atá ann cheana. Tugadh isteach an oibleagáid maidir le laghdú i gcás scairdbhreosla an 1 Iúil 2021 agus ceanglaítear léi go laghdódh soláthróirí astaíochtaí ó scairdbhreosla de réir a chéile, ag tosú ag 0,8 % in 2021 go 27 % in 2030. Ón 1 Lúnasa 2021 méadaíodh na cuótaí maidir le laghdú i gcás gásailín agus díosail. Méadófar na cuótaí de réir a chéile ó 6 % in 2021 go 28 % in 2030 i gcás gásailín agus ó 26 % in 2021 go 66 % in 2030 i gcás díosail. I dtaca le bithbhreoslaí a úsáidtear chun an oibleagáid a chomhlíonadh, comhlíonfaidh siad na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29, 30 agus 31 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite 2018/2001/AE (REDII) agus na rialacha maidir le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach in Airteagal 26 den Treoir sin, agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe gaolmhara arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 30 Meán Fómhair 2021.

Athchóiriú 2: Deireadh a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Leis an mbeart seo, cuirfear deireadh de réir a chéile leis an laghdú atá ann faoi láthair ar an gcáin fuinnimh ar bhreoslaí a thomhlaítear le haghaidh téamh nó oibriú inneall do-aistrithe. Táthar ag súil go rannchuideoidh sé le cuspóir aeráide na Sualainne a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2045 a bhaint amach. Is iad na hearnálacha a áireofar sa bheart seo an earnáil monaraíochta chomh maith le gníomhaíochtaí gairmiúla talmhaíochta, foraoiseachta agus dobharshaothraithe.

Tabharfar cur chun feidhme an athchóirithe chun críche de réir a chéile, ag tosú le laghdú 50 % ar an mbuntáiste cánach faoin 30 Meán Fómhair 2021 agus ag críochnú le deireadh iomlán leis an laghdú cánach faoin 31 Márta 2022.

Athchóiriú 3: Rátaí brabúis inmheasúnaithe a choigeartú le haghaidh gluaisteáin chuideachta

Trí na rátaí brabúis inmheasúnaithe le haghaidh gluaisteáin chuideachta a choigeartú, coigeartófar leis an mbeart seo na costais choibhneasta chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na costais a bhaineann le húinéireacht gluaisteáin phríobháideach. I gcuid mhór cásanna, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar luach an bhrabúis inmheasúnaithe as an athchóiriú, rud a mhéadóidh an costas a bhaineann le gluaisteán cuideachta a bheith ag duine. Is é is aidhm don athchóiriú nach mbeidh difear sa chóras cánach idir sochair ghluaisteáin agus tuarastal airgid. Go hindíreach, tugann an t-athchóiriú aghaidh freisin ar an dúshlán a sainaithin údaráis na Sualainne, eadhon go spreagann córas cánach na Sualainne gluaisteáin a thiomáintear le breosla iontaise níos mó ná earraí agus seirbhísí eile.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 30 Meán Fómhair 2021.

A.2.    Clocha míle, spriocanna, táscairí agus tráthchlár maidir le faireachán agus cur chun feidhme i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Féach an tábla thíos. Is é an 1 Feabhra 2020 dáta na bonnlíne le haghaidh gach táscaire mura léirítear a mhalairt sa chur síos ar an ngníomhaíocht. Ní áirítear CBL sna méideanna sa tábla.

Uimhir

Beart

Cloch mhíle/Sprioc

Ainm

Táscairí cáilíochtúla (i gcás clocha míle)

Táscairí cainníochtúla (i gcás spriocanna)

Am

Tuairisc ar gach cloch mhíle agus sprioc

Aonad

Bonnlíne

Cuspóir

R

Bliain

1

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S1: Dámhachtain tionscadal a laghdaíonn astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 300 000 tona ionchais

Laghduithe nua CO2 nó coibhéisí CO2 ar astaíochtaí

0

300 000

R4

2021

Dámhfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil tionscadail a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus a laghdóidh ar an iomlán na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 300 000 tona sa bhreis in aghaidh na bliana thar thréimhse ionchasach 16 bliana.

2

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S2: Dámhachtain tionscadal a laghdaíonn astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 240 000 tona ionchais

Laghduithe nua CO2 nó coibhéisí CO2 ar astaíochtaí

300 000

540 000

R4

2022

Dámhfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil tionscadail a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus a laghdóidh ar an iomlán na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 240 000 tona sa bhreis in aghaidh na bliana thar thréimhse ionchasach 16 bliana.

3

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S3: Dámhachtain tionscadal a laghdaíonn astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 140 500 tona ionchais

Laghduithe nua CO2 nó coibhéisí CO2 ar astaíochtaí

540 000

680 500

R4

2023

Dámhfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil tionscadail a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus a laghdóidh ar an iomlán na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 140 500 tona sa bhreis in aghaidh na bliana thar thréimhse ionchasach 16 bliana.

4

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S4: Dámhachtain tionscadal a laghdaíonn astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 89 500 tona ionchais

Laghduithe nua CO2 nó coibhéisí CO2 ar astaíochtaí

680 500

770 000

R4

2024

Dámhfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil tionscadail a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus a laghdóidh ar an iomlán na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 89 500 tona sa bhreis in aghaidh na bliana thar thréimhse ionchasach 16 bliana.

5

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S5: Dámhachtain tionscadal a laghdaíonn astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 15 000 tona ionchais

Laghduithe nua CO2 nó coibhéisí CO2 ar astaíochtaí

770 000

785 000

R4

2025

Dámhfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil tionscadail a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus a laghdóidh ar an iomlán na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 15 000 tona sa bhreis in aghaidh na bliana thar thréimhse ionchasach 16 bliana.

6

Infheistíocht aeráide san earnáil tionsclaíochta

Sprioc

Dámhachtain tionscadal a d’fhéadfadh rannchuidiú le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú

Líon na dtionscadal arna ndámhachtain

0

100

R4

2025

Measfar an sprioc a bheith bainte amach nuair a bheidh méid carnach EUR 286,4 milliún dáfa ar líon carnach 100 tionscadal ar a laghad (i) a bheidh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart agus (ii) a d’fhéadfadh rannchuidiú le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú faoi 10 000 000 tona breise de dhé-ocsaíd charbóin in aghaidh na bliana faoi 2035 (nuair a bheidh na tionscadail lánoibríochtúil). Deimhneoidh tuarascáil neamhspleách na ríomhanna.

7

Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaise

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm reachta lena mbunaítear an scéim tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaise

An 1 Deireadh Fómhair 2021 a thiocfaidh an reacht i bhfeidhm i ndáil leis an scéim tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaise.

R4

2021

Tagann an reacht lena mbunaítear an scéim tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaise i bhfeidhm. Tabharfaidh an scéim tacaíochta tacaíocht d’infheistíochtaí lena mbainfear amach laghdú 20 % ar a laghad ar an éileamh fuinnimh phríomhúil ar leibhéal an fhoirgnimh.

8

Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaise

Sprioc

Tá athchóiriú déanta ar 600 000 méadar cearnach d’fhoirgnimh

Méadair chearnacha

0

600 000

R4

2025

Beidh athchóiriú déanta ar 600 000 méadar cearnach d’fhoirgnimh. Is é Atemp an t-aonad tomhais, téarma a shainíonn achar urláir an fhoirgnimh ar ar cheart an fheidhmíocht fuinnimh a bhunú.

Sainmhínítear Atemp mar achar na n-urlár, na n-urlár áiléir agus na n-urlár íoslach uile a bhfuil limistéir atá faoi rialú teochta acu agus a bhfuil sé beartaithe iad a théamh go dtí os cionn 10 °C agus a theorannaítear ag an taobh istigh d’imchlúdach an fhoirgnimh. Áirítear ann an t-achar a chlúdaítear le ballaí laistigh nó le hoscailtí le haghaidh staighrí, seaftaí agus nithe comhchosúla. Mar sin féin, ní áirítear achar i ngaráistí, atá san fhoirgneamh i bhfoirgneamh cónaithe nó in áitreabh neamhchónaithe, seachas más garáiste é an áitreabh neamhchónaithe.

9

Tacaíocht neartaithe d’iarnróid

Sprioc

Tá 60 km d’iarnróid feabhsaithe nó uasghrádaithe

 

Ciliméadair

0

60

R4

2021

Críochnófar uasghráduithe ar an mbonneagar iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar le haghaidh athrú ráille agus siúntadh, idir Gävle-Åänge thar achar 60 ciliméadar.

10

Tacaíocht neartaithe d’iarnróid

Sprioc

Tá 40 km d’iarnróid feabhsaithe nó uasghrádaithe

 

Ciliméadair

60

100

R4

2022

Críochnófar uasghráduithe ar an mbonneagar iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar le haghaidh athrú ráille agus siúntadh, idir Västeraspby-Långsele thar achar 40 ciliméadar.

11

Tacaíocht neartaithe d’iarnróid

Sprioc

Malartú, uasghrádú agus nascadh 160 saoráid cosanta bóthair

Líon na saoráidí nua/uasghrádaithe cosanta bóthair

0

160

R4

2023

Cuireadh saoráidí nua in ionad 160 saoráid cosanta bóthair ar a laghad, sin agus/nó rinneadh iad a uasghrádú. Cuimseofar leis sin bearta chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht agus chun í a mhéadú agus chun iontaofacht oibríochtúil níos airde a bhaint amach. Déanfar na saoráidí a uasghrádú agus cuirfear córas nua-aimseartha ina n-ionad ag a mbeidh teicneolaíocht nua lena ngabhfaidh cosaint fheabhsaithe ar ionradh. Is é dearadh agus riachtanais an tsuímh a chinneann an chaoi a ndéantar an obair. Cuirfear teicneolaíocht nua in ionad fhormhór na seansaoráide.

12

Tacaíocht neartaithe d’iarnróid

Cloch mhíle

Uasghrádú ar dhroichead atá suite in Vänersborg

Tá tógáil an droichid in Vänersborg tugtha chun críche.

Tógáil droichid

R1

2026

Áiritheofar go leanfar den trácht ar an iarnród trí Vänersborg tríd an droichead nua a chur in ionad an droichid tógála riain aonair atá ann. Déanfar an droichead nua a nuachóiriú agus a fheistiú le córais rialaithe nua-aimseartha a mhéadaíonn an iontaofacht.

13

Coigeartuithe ar an oibleagáid maidir le laghdú

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear cuótaí méadaithe maidir le laghdú san oibleagáid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghásailín agus ó dhíosal a laghdú trí cheangal a chur ar sholáthróirí breosla bithbhreoslaí a chumasc de réir a chéile

Foráil sa dlí lena mbunaítear cuótaí méadaithe maidir le laghdú san oibleagáid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghásailín agus ó dhíosal a laghdú, foráil lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R3

2021

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear cuótaí méadaithe maidir le laghdú san oibleagáid um laghdú lena gceanglaítear ar sholáthróirí breosla bithbhreoslaí a chumasc de réir a chéile i ngásailín agus i ndíosal.

14

Coigeartuithe ar an oibleagáid maidir le laghdú

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear oibleagáid um laghdú maidir le scairdbhreosla

Foráil sa dlí lena mbunaítear oibleagáid um laghdú maidir le scairdbhreosla, foráil lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R3

2021

Teacht i bhfeidhm oibleagáide um laghdú lena gceanglaítear ar sholáthróirí breosla bithbhreoslaí a chumasc i scairdbhreosla. Beidh sé de cheangal ar sholáthróirí scairdbhreosla astaíochtaí ón scairdbhreosla a laghdú de réir a chéile trí bhithbhreoslaí a chumasc, ag tosú le hastaíochtaí a laghdú faoi 0,8 % in 2021 go laghdú faoi 27 % in 2030.

15

Deireadh a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena gcuirtear deireadh i bpáirt le laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Foráil sa dlí chun deireadh i bpáirt a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe, foráil ina léirítear an teacht i bhfeidhm

R3

2021

Teacht i bhfeidhm dlí lena gcuirfear deireadh i bpáirt leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreoslaí sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus sa dobharshaothrú. Is é seo an chéad chéim de dhá chéim chun deireadh a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe. Laghdú 50 % ar an mbuntáiste cánach a bheidh sa chéad chéim.

16

Deireadh a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm an dlí chun deireadh iomlán a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Foráil sa dlí chun deireadh iomlán a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe, foráil ina léirítear an teacht i bhfeidhm

R1

2022

Teacht i bhfeidhm dlí, tar éis a ghlactha ag Parlaimint na Sualainne, lena gcuirfear deireadh iomlán leis an laghdú ar an gcáin fuinnimh ar bhreoslaí sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus sa dobharshaothrú. Is é seo an dara céim de dhá chéim chun deireadh a chur leis an laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe.

17

Rátaí brabúis inmheasúnaithe a choigeartú le haghaidh gluaisteáin chuideachta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí chun an ráta brabúis inmheasúnaithe le haghaidh gluaisteáin cuideachta a choigeartú

Foráil sa dlí chun an ráta brabúis inmheasúnaithe le haghaidh gluaisteáin cuideachta a choigeartú, foráil lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R3

2021

Teacht i bhfeidhm dlí chun an ráta brabúis inmheasúnaithe le haghaidh gluaisteáin cuideachta a choigeartú, dlí a choigeartóidh na rátaí brabúis inmheasúnaithe le haghaidh gluaisteáin cuideachta chun na costais a bhaineann le gluaisteáin faoi úinéireacht phríobháideach a léiriú ar bhealach níos fearr, agus arb é is cuspóir dó nach mbeidh difear sa chóras cánach idir sochair ghluaisteáin agus tuarastal airgid, agus ar an gcaoi sin tabharfar aghaidh go hindíreach ar an gclaontacht atá ann cheana sa chóras cánach i bhfabhar gluaisteáin a thiomáintear le breosla iontaise thar earraí agus seirbhísí eile.

18

Cosaint fhoirmiúil den dúlra luachmhar

Sprioc

Maoiniú arna eisíoc chun an dúlra a chosaint a bhfuil ardluachanna nádúrtha aici le haghaidh na bithéagsúlachta

Milliún SEK

0

2 500

R4

2023

Déanfar SEK 2.5 billiún ar a laghad a eisíoc le fiontair nó daoine aonair as talamh a cheannach nó mar chúiteamh as srianta ar thalamhúsáid talún a bhfuil ardluach nádúrtha aici le haghaidh na bithéagsúlachta, arb é is aidhm í a chosaint go foirmiúil.

Cuirfear toradh na hinfheistíochta i láthair i dtuarascáil a fhoilseoidh Gníomhaireacht na Sualainne um Chaomhnú an Chomhshaoil. Léireofar sa tuarascáil cé mhéad maoiniú a íocadh in 2021-2023 chun cúiteamh a thabhairt d’úinéirí talún príobháideacha as limistéar talún a cheannach nó mar chúiteamh as srianta a eascraíonn as an gcosaint fhoirmiúil. Áireofar sa tuairisciú freisin faisnéis maidir le líon na limistéar atá faoi chosaint fhoirmiúil agus maidir leis an achar iomlán atá faoi chosaint.

B. COMHCHUID 2: Oideachas agus aistriú

Áirítear sa chomhchuid ‘Oideachas agus aistriú’ athchóirithe agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta trí chaipiteal daonna a mhéadú i measc daoine dífhostaithe, chun claochlú struchtúrach a éascú, go háirithe oiriúnú do shochaí atá ag éirí níos digití, trí oideachas agus oiliúint a chur ar an lucht saothair, chun solúbthacht a mhéadú i margadh an tsaothair le dlí nuachóirithe maidir le cosaint fostaíochta agus le deiseanna níos fearr um aistriú.

Tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin táirgiúlacht san fhadtéarma trí chaipiteal daonna an lucht saothair a mhéadú agus trí fhreastal ar an éileamh ar bhealach níos fearr. Leis an gclaochlú struchtúrach, go háirithe an t-aistriú digiteach, cuirtear brú ar dheiseanna um athsciliú, nuair nach bhfuil na scileanna atá ag teastáil ó mhargadh an tsaothair ag an lucht saothair.

Is iad na daoine sin a rugadh lasmuigh den Aontas, daoine nach bhfuil meánoideachas uachtaraigh acu, daoine scothaosta atá dífhostaithe agus daoine faoi mhíchumas na daoine a bhfuil deacrachtaí ar leith acu i margadh saothair na Sualainne. Tá méadú tagtha ar an dífhostaíocht le linn na géarchéime. Tá sé beartaithe ag an gcomhchuid gníomhú i gcoinne daoine a bheith ag fágáil an luchta saothair agus a bhfágáil a sheachaint.

I ngeall ar ghéarchéim Covid-19, ní ann a thuilleadh d’an-chuid deiseanna fostaíochta in earnáil na seirbhíse do dhaoine óga nó d’inimircigh a tháinig go dtí an tSualainn le déanaí. Tá deacrachtaí ag earnálacha amhail an tsláinte, an t-oideachas nó TFC daoine a bhfuil na tacair chuí scileanna acu a aimsiú. Is bacainn ar an bhfás do ghnólachtaí na Sualainne í an easpa scileanna agus cuirtear srian léi ar an bhféidearthacht cáilíocht an chórais leasa a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

Áirítear sa chomhchuid athchóirithe agus infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar dheiseanna um an aistriú, deiseanna go ginearálta agus deiseanna le haghaidh daoine atá dífhostaithe. Tá sé d’aidhm ag an gcomhchuid líon na n-áiteanna staidéir a mhéadú agus tuilleadh deiseanna oiliúna a chur ar fáil, agus béim ar ghairmoiliúint agus ar oideachas aosach. Ina theannta sin, tá sé beartaithe aici cur le líon na n-áiteanna in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile.

Meastar go rannchuideoidh an chomhchuid le moltaí tírshonracha a dhírítear ar an tSualainn, go háirithe ‘an beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar oideachas agus ar scileanna’ (moladh tírshonrach 2, 2019) agus ‘tacaíocht a thabhairt d’oideachas agus d’fhorbairt scileanna’ (moladh tírshonracha 2, 2020).

B.1.    Tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Infheistíocht 1: Breis áiteanna staidéir i ngairmoideachas aosach réigiúnach

Is é is aidhm don infheistíocht seo go mbeidh níos mó daoine in ann gairmoiliúint a fháil ar leibhéal an mheánoideachais uachtaraigh agus, dá bhrí sin, go mbeidh siad in ann post a fháil. Tá coinne leis go gcuirfidh an infheistíocht feabhas ar an meaitseáil i margadh an tsaothair agus go gcuirfidh sí dlús leis an bhfostaíocht san fhadtéarma. Tá codanna den tionscnamh laistigh den ghairmoideachas aosach á spreagadh ag an ngá oiliúint a chur ar fáil do dhaoine atá faoi chúram do dhaoine scothaosta a ghlacann páirt sa Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta, ar cuid de chomhchuid 3 é.

Is éard a bheidh sa bheart neartú sealadach ar an mBorradh Eolais atá ann cheana, tionscnamh a chuireann gairmchláir ar fáil do dhaoine fásta ar leibhéal an mheánoideachais uachtaraigh. Féadfar é a chomhcheangal le Sualainnis d’Inimircigh nó le Sualainnis mar dhara teanga. Tabharfar tosaíocht do dhaoine aonair a bhfuil an gá is mó acu le hoideachas, amhail daoine atá dífhostaithe nó daoine aonair nach bhfuair ach oideachas gearr roimhe sin. Tá coinne leis gurb iad soláthraithe oiliúna príobháideacha a sholáthróidh cúrsaí oiliúna go príomha, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann cur leo go tapa agus go mbeidh solúbthacht ann chun freagairt d’éilimh oiliúna athraitheacha.

Cuirfear cur chun feidhme na hinfheistíochta i gcrích faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 1: Leibhéal cúitimh níos airde don ghairmoiliúint i gcomhar le Sualainnis d’Inimircigh agus Sualainnis mar dhara teanga

Is é is aidhm don athchóiriú sin dreasachtaí eacnamaíocha a chruthú do bhardais chun teaglaim de ghairmoiliúint agus oiliúint sa tSualainnis a thairiscint. Déanfar é sin trí leasuithe a dhéanamh ar an ngníomh dlí ábhartha lena méadófar méid an chúitimh stáit le haghaidh cúrsaí comhcheangailte den sórt sin. Meastar go ngiorróidh sé sin an tréimhse staidéir agus go mbeidh rannpháirtithe in ann fostaíocht a lorg agus a fháil ar bhealach níos tapúla. Leis an athchóiriú sin, tacófar le hInfheistíocht 1 agus meastar go méadóidh sé líon na n-áiteanna staidéir le haghaidh an spriocghrúpa, go háirithe daoine fásta nach bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí ná scileanna teanga leordhóthanacha acu.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 30 Meán Fómhair 2020.

Infheistíocht 2: Breis áiteanna staidéir san ard-ghairmoideachas

Is é is aidhm don infheistíocht seo feabhas a chur ar an oideachas, ar an oiliúint agus ar na hionchais aistrithe chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair le linn na géarchéime agus ina diaidh agus chun uasoiliúint a chur ar an lucht saothair, trí líon na n-áiteanna san ard-ghairmoideachas a mhéadú. Meastar go dtabharfar aghaidh leis an infheistíocht ar na riachtanais aistrithe i margadh an tsaothair, mar go raibh ganntanas saothair ann i gcás go leor gairmeacha fiú roimh an ngéarchéim, go háirithe san earnáil leasa, sonraí/TF agus san earnáil thionsclaíoch. Meastar go mbeidh 59 % de na háiteanna staidéir breise san ard-ghairmoideachas sna réimsí sonraí/TF nó go gcuirfidh siad leis an aistriú digiteach ar bhealach éigin eile.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2023.

Infheistíocht 3: Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Díreofar an infheistíocht ar uas-scálú a dhéanamh ar an oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile chun dul i ngleic leis na dúshláin i margadh an tsaothair. Mar gheall ar an meath eacnamaíoch a tharla de dheasca phaindéim Covid-19 tá méadú tagtha ar an dífhostaíocht i measc daoine aonair a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí acu, agus tá ardoideachas á lorg ag go leor de na daoine sin anois, agus tá líon na n-iarratasóirí ag leibhéil níos airde ná riamh. Díreofar ar chláir atá dírithe ar ghairmeacha a bhfuil ganntanas oibrithe iontu agus ar chláir a chumasóidh uas-sciliú agus tuilleadh staidéir. Leis an infheistíocht, méadófar cistiú ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile chun líon níos mó mac léinn lánaimseartha (áiteanna staidéir) a chumasú, chun an tsochaí a threisiú, chun riachtanais daoine maidir le hoiliúint as a n-eascraíonn poist a chomhlíonadh, chun aistriú a chumasú chun daoine aonair a ullmhú ar bhealach níos fearr don mhargadh saothair amach anseo agus chun feabhas a chur ar chaighdeáin an leasa agus chun borradh a chur faoi iomaíochas earnáil ghnó na Sualainne. Meastar go nginfidh an infheistíocht fostaíocht níos airde, táirgiúlacht níos fearr agus go mbeidh sé mar bhonn taca le soláthar lucht saothair dea-oilte. Ar an meán, meastar go méadóidh 27 % de na háiteanna staidéir breise scileanna digiteacha nó go gcuirfidh siad leis an aistriú digiteach ar bhealach éigin eile.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2025.

Athchóiriú 2: An gníomh um chosaint fostaíochta agus deiseanna aistrithe níos fearr

Beidh sé d’aidhm ag an athchóiriú an chosaint fostaíochta atá ann faoi láthair a oiriúnú chun an tsolúbthacht agus an tsoghluaisteacht araon i margadh an tsaothair a fheabhsú. Tá an margadh saothair Sualannach ag éirí níos scoilte idir daoine ardoilte a bhfuil taithí ghairmiúil acu agus daoine neamhoilte nach bhfuil taithí ghairmiúil acu agus a bhfuil sé níos deacra dóibh fostaíocht bhuan a fháil. Tá gá le níos mó soghluaisteachta agus pointí iontrála do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. Tá níos mó solúbthachta agus intuarthachta ag teastáil ó fhostóirí chun go mbeidh siad in ann oibríochtaí a oiriúnú agus iomaíocht a sheasamh, agus tá cosaint atá curtha in oiriúint do mhargadh nua an tsaothair ag teastáil ó fhostaithe, agus tá gá le huasoiliúint leanúnach agus, dá bhrí sin, le hinfhostaitheacht níos fearr mar fhachtóir tábhachtach slándála. Is é an cuspóir a bheidh leis an athchóiriú cosaint fostaíochta a nuachóiriú, agus an chothromaíocht bhunúsach idir na comhpháirtithe sóisialta á coimeád ag an am céanna.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta curtha i gcrích faoin 30 Meitheamh 2022.

 

B.2.    Clocha míle, spriocanna, táscairí agus tráthchlár maidir le faireachán agus cur chun feidhme i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Féach an tábla thíos. Is é an 1 Feabhra 2020 dáta na bonnlíne le haghaidh gach táscaire mura léirítear a mhalairt sa chur síos ar an ngníomhaíocht. Ní áirítear CBL sna méideanna sa tábla.  

Líon

Beart

Cloch mhíle/Sprioc

Ainm

Táscairí cáilíochtúla 
(i gcás clocha míle)

Táscairí cainníochtúla 
(i gcás spriocanna)

An t-am

Tuairisc ar gach cloch mhíle agus gach sprioc

Aonad

Bonnlíne

Cuspóir

R

Bliain

19

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S1: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

0

1 000

R4

2020

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2020 agus tosaíocht tugtha do dhaoine aonair a bhfuil an gá is mó acu le hoideachas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart, i gcomparáid le bonnlíne na n-áiteanna staidéir bliantúla de 34 000 in 2019. Tabharfaidh na háiteanna staidéir nua a chruthófar líon iomlán na n-áiteanna staidéir go 35 000. Sainmhínítear áiteanna staidéir mar áiteanna staidéir coibhéiseacha lánaimseartha.

20

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S2: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

1 000

7 800

R4

2021

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2021 agus tosaíocht tugtha do dhaoine aonair a bhfuil an gá is mó acu le hoideachas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart, i gcomparáid le bonnlíne na n-áiteanna staidéir bliantúil de 34.000 in 2019. Tabharfaidh na háiteanna staidéir nua a chruthófar líon iomlán na n-áiteanna staidéir go 40 800. Sainmhínítear áiteanna staidéir mar áiteanna staidéir coibhéiseacha lánaimseartha.

21

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S3: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

7 800

15 700

R4

2022

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2022 agus tosaíocht tugtha do dhaoine aonair a bhfuil an gá is mó acu le hoideachas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart, i gcomparáid le bonnlíne na n-áiteanna staidéir bliantúil de 34.000 in 2019. Tabharfaidh na háiteanna staidéir nua a chruthófar líon iomlán na n-áiteanna staidéir go 41 900. Sainmhínítear áiteanna staidéir mar áiteanna staidéir coibhéiseacha lánaimseartha.

22

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S4: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

15 700

16 900

R4

2023

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2023 agus tosaíocht tugtha do dhaoine aonair a bhfuil an gá is mó acu le hoideachas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart, i gcomparáid le bonnlíne na n-áiteanna staidéir bliantúil de 34 000 in 2019. Tabharfaidh na háiteanna staidéir nua a chruthófar líon iomlán na n-áiteanna staidéir go 35 200. Sainmhínítear áiteanna staidéir mar áiteanna staidéir coibhéiseacha lánaimseartha.

23

Leibhéal cúitimh níos airde don ghairmoiliúint i gcomhar le Sualainnis d’Inimircigh agus Sualainnis mar dhara teanga

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm an leibhéil chúitimh níos airde don ghairmoiliúint i gcomhar le Sualainnis d’Inimircigh agus Sualainnis mar dhara teanga

Foráil sa dlí lena leagtar síos leibhéal cúitimh níos airde don ghairmoiliúint i gcomhar le Sualainnis d’Inimircigh agus Sualainnis mar dhara teanga, lena léirítear an teacht i bhfeidhm

T3

2020

Teacht i bhfeidhm an dlí. Leis an dlí leagfar síos ráta cúitimh stáit méadaithe le haghaidh cúrsaí oiliúna ina gcomhcheanglaítear gairmoiliúint i gcúram sláinte agus sóisialta agus oiliúint sa tSualainnis.

24

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S1: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

0

2 000

R4

2020

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2020, i gcomparáid le bonnlíne an mhéadaithe a bhí beartaithe roimhe sin go 40 500 áit staidéir bhliantúla in 2020, rud a d’fhág go raibh 42 500 áit staidéir ar an iomlán ann in R4 2020. Díreofar an beart ar dhaoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí nó a chomhionann acu agus a bhfuil gairmcháilíocht cháilithe á lorg acu. Déanfar obair leantach ar an sprioc trí fhaireachán a dhéanamh ar líon iomlán na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha sa bhliain lena mbaineann.

25

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S2: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

2 000

6 300

R4

2021

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2021, i gcomparáid le bonnlíne an mhéadaithe a bhí beartaithe roimhe sin go 42 500 áit staidéir bhliantúla in 2021, rud a d’fhág go raibh 46 800 áit staidéir ar an iomlán ann in R4 2021. Díreofar an beart ar dhaoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí nó a chomhionann acu agus a bhfuil gairmcháilíocht cháilithe á lorg acu. Déanfar obair leantach ar an sprioc trí fhaireachán a dhéanamh ar líon iomlán na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha sa bhliain lena mbaineann.

26

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S3: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

6 300

11 000

R4

2022

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2022, i gcomparáid le bonnlíne an mhéadaithe a bhí beartaithe roimhe sin go 44 000 áit staidéir bhliantúla in 2022, rud a fhágann go mbeidh 48 700 áit staidéir ar an iomlán ann in R4 2022. Díreofar an beart ar dhaoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí nó a chomhionann acu agus a bhfuil gairmcháilíocht cháilithe á lorg acu. Déanfar obair leantach ar an sprioc trí fhaireachán a dhéanamh ar líon iomlán na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha sa bhliain lena mbaineann.

27

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S4: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

Líon na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha

11 000

14 900

R4

2023

Líon na n-áiteanna staidéir nua in 2023, i gcomparáid le bonnlíne an mhéadaithe a bhí beartaithe roimhe sin go 45 300 áit staidéir bhliantúla in 2023, rud a fhágann go mbeidh 49 200 áit staidéir ar an iomlán ann in R4 2023. Díreofar an beart ar dhaoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí nó a chomhionann acu agus a bhfuil gairmcháilíocht cháilithe á lorg acu. Déanfar obair leantach ar an sprioc trí fhaireachán a dhéanamh ar líon iomlán na n-áiteanna staidéir lánaimseartha coibhéiseacha sa bhliain lena mbaineann.

28

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S1: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

Líon na mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha

0

9 000

R4

2021

9 000 mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha breise a rinne aon chúrsa a thug an ollscoil le linn an tseimeastair reatha i gcoibhéis lánaimseartha i gcomparáid leis an mbonnlíne de 300 400 mac léinn lánaimseartha cláraithe in 2019, rud a d’fhág go raibh 309 400 mac léinn lánaimseartha san iomlán ann in Q4 2021.

29

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S2: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

Líon na mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha

9 000

19 000

R4

2022

10 000 mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha breise a rinne aon chúrsa a thug an ollscoil le linn an tseimeastair reatha i gcoibhéis lánaimseartha i gcomparáid leis an mbonnlíne de 300 400 mac léinn lánaimseartha cláraithe in 2019, rud a fhágann go mbeidh 310 400 mac léinn lánaimseartha san iomlán ann in Q4 2022.

30

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S3: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

Líon na mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha

19 000

25 000

R4

2023

6 000 mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha breise a rinne aon chúrsa a thug an ollscoil le linn an tseimeastair reatha i gcoibhéis lánaimseartha i gcomparáid leis an mbonnlíne de 300 400 mac léinn lánaimseartha cláraithe in 2019, rud a fhágann go mbeidh 306 400 mac léinn lánaimseartha san iomlán ann in Q4 2023.

31

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S4: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

Líon na mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha

25 000

30 600

R4

2024

5 600 mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha breise a rinne aon chúrsa a thug an ollscoil le linn an tseimeastair reatha i gcoibhéis lánaimseartha i gcomparáid leis an mbonnlíne de 300 400 mac léinn lánaimseartha cláraithe in 2019, rud a fhágann go mbeidh 306 000 mac léinn lánaimseartha san iomlán ann in Q4 2024.

32

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S5: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

Líon na mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha

30 600

35 900

R4

2025

5 300 mac léinn lánaimseartha cláraithe coibhéiseacha breise a rinne aon chúrsa a thug an ollscoil le linn an tseimeastair reatha i gcoibhéis lánaimseartha i gcomparáid leis an mbonnlíne de 300 400 mac léinn lánaimseartha cláraithe in 2019, rud a fhágann go mbeidh 305 700 mac léinn lánaimseartha san iomlán ann in Q4 2025.

33

An gníomh um chosaint fostaíochta agus deiseanna aistrithe níos fearr

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm na leasuithe reachtacha chun an chosaint fostaíochta a nuachóiriú agus deiseanna aistrithe níos fearr a fheabhsú

Foráil sa dlí lena leagtar síos cosaint fostaíochta níos fearr agus deiseanna aistrithe d’fhostaithe, rud a léiríonn an teacht i bhfeidhm.

R2

2022

Teacht i bhfeidhm na leasuithe reachtacha ar na gníomhartha reachtacha ábhartha, tar éis do pharlaimint na Sualainne iad a ghlacadh, lena n-áirítear go háirithe an gníomh um chosaint fostaíochta agus na dlíthe nua atá beartaithe maidir le maoiniú aistrithe mac léinn agus tacaíocht bhunúsach aistrithe agus scileanna i margadh an tsaothair.

Is é is cuspóir don phacáiste reachtach níos mó solúbthachta agus intuarthachta a thabhairt d’fhostóirí chun a gcuid gníomhaíochtaí a chur in oiriúint, chun dul san iomaíocht, agus chun cosaint fostaithe a chur in oiriúint do mhargadh nua an tsaothair, áit a mbaineann an tslándáil le forbairt leanúnach scileanna, agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas ar an infhostaitheacht.

Ar an dara dul síos, ba cheart an deis a bheith ag fostaithe tacaíocht bhunúsach aistrithe agus scileanna a fháil chun oiriúnú do phost nua a éascú. Ar an tríú dul síos, is é is aidhm don Scéim nua Maoinithe Mac Léinn don Aistriú agus don Athoiliúint deis a éascú d’fhostaithe páirt a ghlacadh san fhoghlaim ar feadh an tsaoil chun a seasamh sa mhargadh saothair a neartú le linn a ngairmréime.

C. COMHCHUID 3: Dálaí níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha

Is éard atá sa chomhchuid seo athchóirithe arb é is aidhm dóibh meánaois na bpinsean a mhéadú, inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a neartú, scileanna na foirne atá ag obair in ionaid chúraim do dhaoine scothaosta a fheabhsú, agus feabhas a chur ar mhaoirseacht agus ar fhorfheidhmiú an chórais airgeadais maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Shainaithin an tSualainn roinnt dúshlán maidir le cúram fadtéarmach, an déimeagrafaíocht (meastar go mbeidh impleachtaí buiséadacha fadtéarmacha aici), mar aon le saincheisteanna a bhaineann leis na sásraí forfheidhmithe le haghaidh frithsciúradh airgid/maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Ar an gcéad dul síos, is gá cáilíocht an chórais cúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú. Is éard atá i gceist le hathchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir sin ná aitheantas gairmiúil na gcúntóirí altranais a rialáil, agus comhlánaítear an t-athchóiriú sin trí uasghrádú a dhéanamh ar an gcaipiteal daonna le haghaidh na bhfeighlí atá fostaithe ag bardais ina n-ionaid, trí na costais a bhaineann lena n-oiliúint bhreise le linn uaireanta oibre íoctha a aisíoc.

Ar an dara dul síos, ba cheart go méadódh an mheánaois phinsin an tráth céanna agus a chuirfí feabhas ar inbhuanaitheacht an chórais pinsin phoiblí agus an meánionchas saoil ag dul i méid agus an daonra in aois oibre ag laghdú. Tugann an chomhchuid aghaidh ar an dúshlán sin trí athchóiriú a bhí ann cheana a chur san áireamh lena nasctar an aois scoir le tagarmharc (atá ailínithe leis an meánionchas saoil) chomh maith leis na teorainneacha aoise don chóras ranníocaíochta slándála sóisialta a choigeartú.

Ar an tríú dul síos, ba cheart dlús a chur leis na hiarrachtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Bhí roinnt beart forchurtha ag an tSualainn cheana féin, agus cuireann an chomhchuid le dhá thogra le haghaidh athchóiriú: (1) Fiosrúchán poiblí ar éifeachtacht an struchtúir mhaoirseachta institiúidigh i réimse an fhrithsciúrtha airgid maille le tograí le haghaidh feabhsuithe ar conas faisnéis a roinnt ar bhealach níos fearr idir institiúidí príobháideacha agus poiblí; (2) Trí bhille a rith maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cuntais bhainc agus taisceadáin a thabhairt do gach údarás inniúil iomchuí.

Meastar go cuirfidh an chomhchuid le moltaí tír-shonracha a díríodh ar an tSualainn, go háirithe ‘an infheistíocht a bhaineann le beartas eacnamaíoch maidir le hoideachas agus scileanna a dhíriú’ (moladh tírshonrach 2, 2019), ‘maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú an chreata frithsciúrtha airgid a áirithiú’ (moladh tírshonrach 2, 2019) agus ‘feabhas a chur ar éifeachtacht na maoirseachta frithsciúrtha airgid agus an creat frithsciúrtha airgid a fhorfheidhmiú go héifeachtach’ (moladh tírshonrach 3, 2020), agus ‘aghaidh a thabhairt ar bheartais fhioscacha atá dírithe ar staideanna fioscacha meántéarmacha stuama agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus infheistíocht á feabhsú (...), athléimneacht an chórais sláinte a áirithiú, lena n-áirítear soláthairtí leordhóthanacha táirgí leighis ríthábhachtacha, bonneagair agus lucht saothair’ (moladh tírshonrach 1, 2020).

C.1.    Tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Infheistíocht 1: Tionscnamh cúraim do dhaoine scothaosta

Beidh sé d’aidhm ag an infheistíocht sin feabhas a chur ar scileanna na mball foirne atá ag obair in ionaid chúraim do sheandaoine. Is éard a bheidh ann eisíocaíochtaí na gcostas tuarastail a bhaineann le huasoiliúint agus oiliúint na mball foirne (8000 rannpháirtí as grúpaí éagsúla) le linn a n-uaireanta oibre. Déanfaidh an rialtas láir na heisíocaíochtaí sin leis na bardais atá freagrach as cúram do sheandaoine.

Beidh cur chun feidhme na hinfheistíochta críochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 1: Teideal gairmiúil cúntóirí altranais a rialáil

Tabharfaidh an t-athchóiriú sin aghaidh ar an easpa forálacha atá ann sa dlí náisiúnta maidir leis na scileanna agus/nó an t-oideachas is gá le haghaidh teideal cúnta altranais aitheanta. Tiocfaidh togra reachtach i bhfeidhm faoin 30 Meán Fómhair 2023 ina léireofar na scileanna oideachais agus/nó na scileanna comhfhreagracha a bheidh ag teastáil ó dhaoine a bhfuil teideal an chúntóra altranais á lorg acu. Sonrófar idirthréimhse 10 mbliana (meastar go gcríochnóidh sí in 2033) ionas go mbeidh na fostaithe a bhfuil an ghairm acu faoi láthair in ann iarratas a dhéanamh ar an deimhniú aitheantais agus an deimhniú aitheantais a fháil. Is iad na torthaí a mheastar a bheidh ar chur chun feidhme an athchóirithe cosaint dhlíthiúil do ghairm na gcúntóirí altranais, agus cáilíocht níos fearr agus níos mó seirbhísí sábháilteachta i suíomhanna cúraim sláinte agus in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh.

Beidh cur chun feidhme an athchóirithe tugtha chun críche faoin 30 Meán Fómhair 2023.

Athchóiriú 2: Teorainneacha aoise coigeartaithe

Is é is cuspóir don athchóiriú seo meánaois na bpinsean a mhéadú agus inbhuanaitheacht chóras poiblí na bpinsean a fheabhsú a thuilleadh trí aois an scoir a mhéadú de réir a chéile, mar a léirítear sna coigeartuithe ar na córais slándála sóisialta agus cánach. Déanfar roinnt teorainneacha aoise a choigeartú de réir a chéile ó 2023 ar haghaidh, go sonrach méadófar an aois íosta chun sochair phinsin a thógáil ó 62 go dtí 63 agus méadófar an aois íosta chun an chosaint scoir a íoc ó 65 go 66. Ina dhiaidh sin, ag tosú ó 2026, déanfar na teorainneacha aoise scoir a nascadh le haois tagarmhairc a bheidh ailínithe leis an meánionchas saoil. Déanfar na teorainneacha aoise maidir le slándáil shóisialta, le cánacha agus le córais ranníocaíochta a choigeartú dá réir chun go mbeidh soláthar saothair níos mó agus ioncam cánach níos airde ann.

Beidh cur chun feidhme an athchóirithe tugtha chun críche faoin 30 Meitheamh 2026.

Athchóiriú 3: Bearta níos láidre i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

Rinneadh fiosrúchán poiblí a eagrú chun dhá chúram a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, chun tograí a sholáthar le haghaidh leasuithe reachtacha chun frithsciúradh airgid a dhéanamh níos déine agus níos éifeachtaí agus chun cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ar an dara dul síos, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht Údarás Maoirseachta Airgeadais na Sualainne ó thaobh acmhainní, foirne agus rialúcháin rialtais de, i measc nithe eile, agus ar éifeachtacht struchtúr institiúideach an chórais maoirseachta ina iomláine freisin. Cuireadh togra faoi bhráid an rialtais an 31 Bealtaine 2021 (SOU 2021:42) agus seoladh é chuig comhairliúchán poiblí a dúnadh an 16 Meán Fómhair 2021. Cuirfidh torthaí an fhiosrúcháin phoiblí le togra rialtais agus déanfar an reachtaíocht ábhartha a ghlacadh agus a theacht i bhfeidhm.

Beidh cur chun feidhme an athchóirithe tugtha chun críche faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 4: Córas nua maidir le cuntais bhainc agus taisceadáin

Baineann an t-athchóiriú seo le rochtain a thabhairt do na húdaráis ábhartha (Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, an Ghníomhaireacht Cánach, an tÚdarás Forfheidhmiúcháin, údaráis forfheidhmithe dlí) ar shonraí a bhaineann le céannacht shealbhóirí cuntas bainc agus taisceadán, chun dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le frithsciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac: Ní chumhdófar leis an mbeart seo sonraí maidir le stair an iarmhéid agus stair na n-idirbheart. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar ardán a bhainisteoidh Údarás Cánach na Sualainne. Cuireadh togra reachtach (Togra 2019/20:83) ar aghaidh chuig an Riksdag an 11 Feabhra agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 10 Meán Fómhair 2020 (2020:272); déanfaidh Gníomhaireacht Cánach na Sualainne an nasc idir tuairim is 150 institiúid airgeadais agus gníomhaireacht inniúil a chur i gcrích agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoin 30 Meitheamh 2022.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith tugtha chun críche faoin 30 Meán Fómhair 2020.

Athchóiriú 5: Ag áirithiú go gcuirfear an Plean Téarnaimh Athléimneachta chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil

Is é is aidhm don athchóiriú seo, maidir leis na sainorduithe nó na sannacháin dhlíthiúla ábhartha do na húdaráis a bhfuil baint acu le comhordú, faireachán, rialú agus iniúchadh a dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Sualainne, iad a bhunú ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241. Chun a áirithiú go mbeidh córas rialúcháin inmheánaigh leormhaith agus feidhmiúil ann maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, tiocfaidh na leasuithe reachtacha seo a leanas i bhfeidhm sula gcuirfear an chéad iarraidh ar íocaíocht faoi bhráid an Choimisiúin.

1) Leasuithe ar na rialacháin is infheidhme agus ar shannacháin do na heintitis rialtais uile a bhfuil baint acu le gnéithe oibríochtúla chur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 22 agus le ceanglais 34(2) de Rialachán (AE) 2021/241;

2) Teacht i bhfeidhm na sainorduithe foirmiúla uile chun cúraimí gaolmhara a chur i gcrích ag Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) mar an t-údarás iniúchóireachta atá freagrach as faireachán foriomlán a dhéanamh ar eisíocaíochtaí agus ar úsáidí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, agus an ceart aige faisnéis a bhailiú maidir le clocha míle agus le spriocanna a bhaint amach, i.e. rochtain ar shonraí ag na comhlachtaí cur chun feidhme agus an ceart iniúchóireachta lena n-áirítear rochtain ar shonraí faoi fhaighteoirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 22(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/241. Is é ESV an t-údarás iniúchóireachta inniúil maidir leis na torthaí agus na moltaí iniúchóireachta ábhartha go léir a thabhairt le chéile agus an fhaisnéis is gá a iarraidh chun na freagrachtaí sin a chur i gcrích. Ina theannta sin, údaráis shonracha a bheidh freagrach as gnéithe chur i gcrích na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, déanfaidh an rialtas cinneadh maidir le sainorduithe do na húdaráis sin chun tuairisc a thabhairt d’Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) agus don inniúlacht lárnach chomhordúcháin laistigh d’oifigí an rialtais (an Aireacht Airgeadais), tuairiscí maidir lena gcuspóirí agus le baint amach cloch míle agus spriocanna faoi seach, chun dearbhuithe bainistíochta a sholáthar, chun go bhféadfaidh ESV iniúchtaí a dhéanamh, agus chun infheictheacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú;

3) Teacht i bhfeidhm na sainorduithe foirmiúla uile mar aon leis an leithdháileadh buiséadach is gá chun na cúraimí gaolmhara maidir le hiniúchóireacht a chur i gcrích ag Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV).

Is féidir na cinntí is gá i bpointe 1) a shonrú mar seo a leanas:

·Déanfaidh an Rialtas na nithe seo a leanas:     cinneadh a dhéanamh maidir le sannacháin do na húdaráis seo a leanas chun tuairisciú ar a gclocha míle agus ar a spriocanna faoi seach, dearbhuithe bainistíochta a chur isteach agus iniúchtaí ag Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) a cheadú, agus infheictheacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú:

1.An Bord Náisiúnta Tithíochta, Tógála agus Pleanála,

2.An Ghníomhaireacht um Rialtas Digiteach,

3.Gníomhaireacht Náisiúnta na Sualainne um Ard-ghairmoideachas,

4.Gníomhaireacht na Sualainne um Chaomhnú Comhshaoil,

5.Údarás Poist agus Teileachumarsáide na Sualainne,

6.An Bord Náisiúnta Sláinte agus Leasa,

7.Gníomhaireacht Fuinnimh na Sualainne,

8.Gníomhaireacht Náisiúnta na Sualainne um Oideachas,

9.Údarás Iompair na Sualainne, agus

10.Sannadh d’údarás i réimse an oideachais

Tá sé ar intinn ag an Rialtas comhaontuithe a dhéanamh ar choinníollacha leasaithe    Ollscoil Teicneolaíochta Chalmers agus Ollscoil Jönköping.

·Más gá, forlíonfar na rialacháin agus na sannacháin seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 22(2), pointe (e) agus pointe (f), agus in Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/241. Ina theannta sin, déanfar na rialacháin a fhorlíonadh chun go mbeidh ESV freagrach as obair leantach a dhéanamh ar íocaíochtaí agus an fhaisnéis is gá a iarraidh ar fhaighteoirí deontas stáit de réir na rialachán:

1.Rialachán (2017:1319) [förordningen om statligt stöd till åtgärder som bidrar till industrins klimatomställning],

2.Rialachán (2015:517) [förordningen om stöd till lokala klimatinvesteringar],

3.Rialachán (2019:525) [förordningen om statligt stöd för installation av laddningspunkter för elfordon],

4.Teacht Rialachán [förordning om stöd till energieffektivisering av bostadshus (bereds för närvarande)],

5.Rialachán (2020:266) [förordningen om statligt stöd för utbyggnad av bredbandsinfrastruktur],

6.Rialachán (2016:881) [förordningen om statligt investmenteringsstöd för hyresbostäder och Bostäder för studerande],

7.Rialachán (2016:937) [förordningen om statsbidrag för regional yrkesinriktad vuxenutbildning],

8.Rialachán (2009:130) [förordningen om yrkeshögskolan],

9.na tascanna a bheidh ann le haghaidh 2022 agus 2023 maidir le deontais stáit a íoc le bardais mar gheall ar an tionscnamh cúraim do dhaoine scothaosta,

10.Sannadh/rialachán don Ghníomhaireacht um Rialtas Digiteach,

11.Sannadh d’údarás i réimse an oideachais,

12.Sannadh/rialachán do Ghníomhaireacht na Sualainne um Chaomhnú Comhshaoil,

13.Sannadh/rialachán don Bhord Náisiúnta Sláinte agus Leasa, agus

14.Sannadh/rialachán d’Údarás Iompair na Sualainne,

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith tugtha chun críche faoin 31 Nollaig 2021.

C.2.    Clocha míle, spriocanna, táscairí agus tráthchlár maidir le faireachán agus cur chun feidhme i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Féach an tábla thíos. Is é an 1 Feabhra 2020 dáta na bonnlíne do gach táscaire mura léirítear a mhalairt sa tuairisc ar an ngníomhaíocht. Ní áirítear CBL sna méideanna sa tábla.

Uimhir

Beart

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

Táscairí cáilíochtúla  
(le haghaidh clocha míle)

Táscairí cainníochtúla  
(le haghaidh spriocanna)

Am

Tuairisc ar gach cloch mhíle agus sprioc

Aonad

Bonnlíne

Cuspóir

R

Bliain

34

An Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Sprioc

Chuir 1 500 rannpháirtí tús le hoideachas faoin Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Líon na rannpháirtithe

0

1 500

R4

2021

Ar a laghad 1 500 ball foirne i gcúram do dhaoine scothaosta (ó thrí ghrúpa feidhmeacha: cúntóirí altranais, altraí, cinn aonaid), beidh tús curtha acu le hoideachas le linn na tréimhse 2020-2021

35

An Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Sprioc

Chuir 8 000 rannpháirtí tús le hoideachas faoi chuimsiú an Tionscnaimh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Líon na rannpháirtithe

1 500

8 000

R4

2023

Ar a laghad 8 000 ball foirne i gcúram do dhaoine scothaosta (ó thrí ghrúpa feidhmeacha: cúntóirí altranais, altraí, cinn aonaid), beidh tús curtha acu le hoideachas le linn na tréimhse 2020-2023.

36

Teideal gairmiúil faoi chosaint ghairm an chúntóra altranais

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena rialaítear teideal gairmiúil an chúntóra altranais

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm an dlí lena mbunaítear ceanglais cháilíochta maidir le teideal na gcúntóirí altranais, foilsítear san iris oifigiúil í agus tiocfaidh sí i bhfeidhm ar an dáta foilsithe

R3

2023

Tagann an gníomh reachtach maidir leis an oideachas is gá le haghaidh teideal altra dara leibhéal i bhfeidhm tar éis do pharlaimint na Sualainne é a ghlacadh. Bunófar leis an dlí ceanglais cháilíochta, chomh maith le hidirthréimhse 10 mbliana chun go mbeidh na fostaithe a bhfuil an ghairm acu faoi láthair in ann iarratas a dhéanamh ar an deimhniú aitheantais agus an deimhniú aitheantais sin a fháil.

37

Teorainneacha aoise coigeartaithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha chun teorainneacha aoise i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach a choigeartú

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm an dlí lena mbunaítear teorainneacha aoise coigeartaithe i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach, foilsítear san iris oifigiúil í agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta foilsithe

R4

2023

Teacht i bhfeidhm, tar éis do Pharlaimint na Sualainne leasuithe reachtacha a ghlacadh lena ndéantar teorainneacha aoise i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach a mhéadú faoi cheann bliana

38

Teorainneacha aoise coigeartaithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm choigeartú uathoibríoch na dteorainneacha aoise i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach i gcomhréir le forbairt an fhad saoil atá fágtha ag 65 bliana

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm an dlí lena mbunaítear nasc idir an aois scoir agus aois tagarmhairc atá ag teacht leis an meánionchas saoil, foilsítear san iris oifigiúil í agus tiocfaidh sí i bhfeidhm ar an dáta foilsithe

R2

2026

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha, tar éis do Pharlaimint na Sualainne iad a ghlacadh, lena nasctar na teorainneacha aoise scoir le haois tagarmhairc atá ag teacht leis an meánionchas saoil

39

Bearta i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha maidir le bearta níos láidre i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm forálacha reachtacha lena mbunaítear bearta níos éifeachtaí i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

R4

2023

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha, tar éis do Pharlaimint na Sualainne iad a ghlacadh, maidir le bearta níos éifeachtaí i gcoinne sciúradh airgid agus leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

40

Córas nua maidir le cuntais bhainc agus taisceadáin

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí nua i dtaca le córas nua maidir le cuntais bhainc agus taisceadáin

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm dlí lena dtugtar rochtain ar shonraí a bhaineann le céannacht shealbhóirí cuntas bainc agus taisceadán do na húdaráis ábhartha, tháinig sí i bhfeidhm ar an dáta a foilsíodh é (10 Meán Fómhair 2020).

R3

2020

Teacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh lena dtugtar rochtain ar shonraí a bhaineann le céannacht shealbhóirí cuntas bainc agus taisceadán do na húdaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear ionchúisitheoirí poiblí.

41

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

M1: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear socruithe maidir le hiniúchóireacht agus rialúchán

Teacht i bhfeidhm sainorduithe agus sannacháin

R4

2021

Déanfaidh an Rialtas cinntí maidir leis na sainorduithe/na sannacháin do na húdaráis ábhartha, mar a leagtar amach sa tuairisc ar an mbeart, údaráis a shanntar chun an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun críche, agus maidir le cinntí eile is gá chun an Plean sin a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, rud a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) 2021/241.

42

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

M2: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear socruithe maidir le hiniúchóireacht agus rialúchán

Teacht i bhfeidhm sainorduithe agus sannacháin

 

 

 

R4

2021

Tabharfaidh an Rialtas d’Údarás Bainistíochta Airgeadais Náisiúnta na Sualainne (ESV) na sainorduithe/sannacháin ábhartha maidir le bainistíocht faisnéise i ndáil le cur chun críche an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (bailiú sonraí maidir le clocha míle agus spriocanna a bhaint amach) agus le tuairisciú, taobh amuigh dá sainordú mar údarás iniúchóireachta.

43

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

M3: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear socruithe maidir le hiniúchóireacht agus rialúchán

Teacht i bhfeidhm sainorduithe agus sannacháin

 

 

 

R4

2021

Glacfaidh an Rialtas na cinntí maidir leis na sainorduithe/sannacháin ábhartha d’Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) maidir leis an iniúchóireacht.

D. COMHCHUID 4: Fairsingiú leathanbhanda agus digitiú an riaracháin phoiblí

Sa chuid sin de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne, tá infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh bonneagar digiteach na Sualainne a leathnú agus a riarachán poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos oiriúnaí dá fheidhm trí leas a bhaint as na deiseanna atá ann de bharr an digitithe.

Tá bonneagar leathanbhanda na Sualainne ar ardleibhéal tríd is tríd. Mar sin féin, chun cuspóir an rialtais a bhaint amach gur cheart go mbeadh rochtain ag an tSualainn ar fad ar leathanbhanda ardluais faoi 2025, is gá an rochtain a mhéadú go háirithe i limistéir inar tearc an daonra, áit nach n-áirithítear soláthar na seirbhísí sin le sásraí margaidh amháin. Trí luas agus infhaighteacht nasc leathanbhanda a mhéadú, tabharfar tacaíocht do theaghlaigh agus do chuideachtaí chun tairbhe a bhaint as mearaistriú digiteach.

Áireofar sa chomhchuid sin freisin infheistíochtaí i mbonneagar digiteach ar fud an riaracháin. Faoi láthair, tá an easpa bhonneagair sin léirithe i sraith ilchineálach creataí agus caighdeán éagsúil, rud a chuireann isteach ar an idir-inoibritheacht, agus méadaítear rioscaí d’éifeachtúlacht agus do shlándáil dá bhrí sin. Is é is aidhm do na hinfheistíochtaí a áirítear sa chomhchuid seo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí bhonneagar digiteach comhroinnte a bhunú.

Meastar go rannchuideoidh an chomhchuid le moltaí tírshonracha a bheidh dírithe ar an tSualainn, go háirithe ‘infheistíocht a dhíriú ar an aistriú glas agus digiteach, go háirithe ar [...] earnálacha ardteicneolaíochta agus nuálacha’ (moladh tír-shonrach 1 2020).

D.1.    Tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Infheistíocht 1: Bonneagar digiteach riaracháin phoiblí comhpháirteach

Is í an Ghníomhaireacht um Rialtas Digiteach na Sualainne a dhéanfaidh an infheistíocht a chomhordú le rannpháirtíocht gníomhaireachtaí éagsúla de chuid na Sualainne, agus is é a bheidh i gceist leis an infheistíocht seirbhísí digiteacha nua a fhorbairt agus uasghrádú agus nuachóiriú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ann cheana, go háirithe seirbhísí trína gcumasaítear seirbhísí digiteacha caighdeánaithe na hearnála poiblí digití le haghaidh gnólachtaí agus saoránaigh, amhail seirbhísí poist digiteacha agus seirbhísí tacaíochta lenar féidir faisnéis a mhalartú agus a láimhseáil amhail creata céannachta agus iontaoibhe. Is é an aidhm atá leis éifeachtúlacht agus slándáil níos fearr a bhaint amach agus sonraí poiblí á láimhseáil, agus ag an am céanna réitigh chaighdeánaithe ar fud an riaracháin phoiblí a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Déanfar cistí a leithdháileadh ar leithreasú comhchoiteann óna n-íocfar deontais leis na húdaráis rannpháirteacha, chun cuidiú leo bonneagar digiteach caighdeánaithe agus réitigh a forbraítear go comhpháirteach a fhorbairt agus a bhunú. Thar aon ní eile, is éard a bheidh san infheistíocht creat náisiúnta le haghaidh sonraí príomhúla, le haghaidh seirbhísí digiteacha nua agus feabhsaithe, chomh maith le seirbhísí tacaíochta chun faisnéis a mhalartú agus a láimhseáil agus creat coiteann iontaoibhe agus slándála.

Déanfar cur chun feidhme na hinfheistíochta a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2023.

Infheistíocht 2: An leathanbhanda a leathnú

Leis an mbeart maoineofar tacaíocht chun nascacht leathanbhanda a leathnú i gcás nach féidir le hoibreoirí margaidh leathnú ar bhonn tráchtála. Déanfaidh Údarás Sualannach na Teileachumarsáide agus an Phoist bainistiú ar an tacaíocht ón rialtas lárnach trí incháilitheacht a thástáil, cinneadh a dhéanamh maidir le deontais, íocaíochtaí a dhéanamh, agus maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme. Cuirfear tacaíocht ar fáil chomh fada le pointe nasctha, mar shampla snáithín, (‘bailte deimhnithe’) agus le haghaidh bonneagar ag a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad. Leis an gcinneadh deontais áireofar forálacha maidir le slándáil oibríochtúil agus le hiontaofacht agus oibleagáid ar fhaighteoir na tacaíochta nasc leathanbhanda a sholáthar do na húsáideoirí deiridh arna iarraidh sin dóibh, laistigh de thrí bliana tar éis an tionscadal a chríochnú (‘bailte nasctha’). Beidh an tacaíocht neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na tionscadail na luasanna a iarradh.

Déanfar cur chun feidhme na hinfheistíochta a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2025.

D.2.    Clocha míle, spriocanna, táscairí agus tráthchlár maidir le faireachán agus cur chun feidhme i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Féach an tábla thíos. Is é an 1 Feabhra 2020 dáta na bonnlíne le haghaidh gach táscaire mura léirítear a mhalairt sa tuairisc ar an ngníomhaíocht. Ní áirítear CBL sna méideanna sa tábla.

Uimhir

Beart

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

Táscairí cáilíochtúla  
(i gcás clocha míle)

Táscairí cainníochtúla  
(i gcás spriocanna)

An sprioc-am

Tuairisc ar gach cloch mhíle agus gach sprioc

Aonad

Bonnlíne

Cuspóir

R

Bliain

44

Bonneagar digiteach riaracháin phoiblí comhpháirteach

Cloch mhíle

Déanfar an creat náisiúnta le haghaidh sonraí bunúsacha agus bonneagar digiteach poiblí comhpháirteach a bunú agus beidh siad oibríochtúil

Déanfar an creat náisiúnta agus bonneagar digiteach poiblí comhpháirteach a bhunú agus beidh siad oibríochtúil chun faisnéis leictreonach a mhalartú ar bhealach slán éifeachtúil agus chun rochtain a fháil ar shonraí bunúsacha laistigh den earnáil phoiblí.

R4

2023

Maidir le creat náisiúnta le haghaidh sonraí bunúsacha (lena gcumhdaítear faisnéis phearsanta, faisnéis maidir le cuideachta agus le maoine agus faisnéis gheografach ar dtús) agus le haghaidh bonneagar digiteach poiblí comhpháirteach, lena n-áirítear bloic thógála le haghaidh faisnéis a mhalartú agus a láimhseáil, le haghaidh seirbhísí digiteacha nua agus creataí iontaoibhe agus slándála chun faisnéis a mhalartú ar bhealach slán éifeachtúil san earnáil phoiblí, bunófar iad agus beidh siad oibríochtúil.

45

An leathanbhanda a leathnú

Sprioc

S1: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Bailte Deimhnithe)

 

Rochtain nua ar fhoirgnimh ag leathanbhanda

0

23 500

R4

2021

23 500 foirgneamh breise ar a laghad a bheith i gcóngar líonra ag a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad (Bailte Deimhnithe) i dtionscadail a fhaigheann cabhair deontais. Is é atá i gceist le bheith i gcóngar, foirgnimh nach bhfuil nasctha le líonra fíor-ardacmhainne (e.g. snáithín), ach i gcás ina bhfuil an líonra sin (e.g. cábla snáithín) suite gar don fhoirgneamh.

46

An leathanbhanda a leathnú

Sprioc

S2: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Bailte Deimhnithe)

 

Rochtain nua ar fhoirgnimh ag leathanbhanda

23 500

41 900

R4

2022

18 400 foirgneamh breise ar a laghad a bheith i gcóngar líonra ag a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad (Bailte Deimhnithe) i dtionscadail a fhaigheann cabhair deontais. Is é atá i gceist le bheith i gcóngar, foirgnimh nach bhfuil nasctha le líonra fíor-ardacmhainne (e.g. snáithín), ach i gcás ina bhfuil an líonra sin (e.g. cábla snáithín) suite gar don fhoirgneamh.

47

An leathanbhanda a leathnú

Sprioc

S3: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Bailte Deimhnithe)

 

Rochtain nua ar fhoirgnimh ag leathanbhanda

41 900

50 900

R4

2023

9 000 foirgneamh breise ar a laghad i gcóngar líonra a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad (Bailte Deimhnithe) i dtionscadail a fhaigheann cabhair deontais. Is é atá i gceist le bheith i gcóngar, foirgnimh nach bhfuil nasctha le líonra fíor-ardacmhainne (e.g. snáithín), ach i gcás ina bhfuil an líonra sin (e.g. cábla snáithín) suite gar don fhoirgneamh.

48

An leathanbhanda a leathnú

Sprioc

S4: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Bailte Deimhnithe)

Rochtain nua ar fhoirgnimh ag leathanbhanda

  50 900

  59 400

R4

2024

8 500 foirgneamh breise ar a laghad i gcóngar líonra a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad (Bailte Deimhnithe) i dtionscadail a fhaigheann cabhair deontais. Is é atá i gceist le bheith i gcóngar, foirgnimh nach bhfuil nasctha le líonra fíor-ardacmhainne (e.g. snáithín), ach i gcás ina bhfuil an líonra sin (e.g. cábla snáithín) suite gar don fhoirgneamh.

49

An leathanbhanda a leathnú

Sprioc

S5: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Bailte Deimhnithe)

Rochtain nua ar fhoirgnimh ag leathanbhanda

59 400

66 100

R4

2025

6 700 foirgneamh breise ar a laghad i gcóngar líonra a bhfuil toilleadh 1 Gigighiotán sa soicind ar a laghad (Bailte Deimhnithe) i dtionscadail a fhaigheann cabhair deontais. Is é atá i gceist le bheith i gcóngar, foirgnimh nach bhfuil nasctha le líonra fíor-ardacmhainne (e.g. snáithín), ach i gcás ina bhfuil an líonra sin (e.g. cábla snáithín) suite gar don fhoirgneamh.

E. COMHCHUID 5: Infheistíocht le haghaidh fáis agus tithíochta

Leis an gcomhchuid seo áireofar athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh choimhlint a laghdú agus infheistíochtaí sa mhargadh tithíochta a chothú.

Ó cuireadh tús leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, aithníodh gur míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i ngeilleagar na Sualainne iad praghsanna arda tithe agus an ardleibhéal fiachais teaghlaigh, rud a d’fhág go ndearna moltaí tiomnaithe tírshonracha.

Beidh sé d’aidhm ag na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an margadh tithíochta an soláthar tithíochta sa mhargadh cíosa agus tithíocht do mhic léinn a mhéadú trí fhóirdheontais tógála, na réamhriachtanais i dtógáil tithíochta a fheabhsú, na scrogaill sa nós imeachta um chead foirgníochta a laghdú, agus an cháin ghnóthachan caipitiúil ar thithíocht a laghdú.

I bhfianaise an mhéid sin, is é is cuspóir don chomhchuid seo de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne rannchuidiú le méadú ar thógáil tithíochta agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh tithíochta. Is é atá sa chomhchuid beart amháin infheistíochta agus cúig bheart athchóirithe.

Is iad seo a leanas na nithe a dhéanfaidh na bearta athchóirithe a bhaineann leis an margadh tithíochta: (1) cead a thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála tógála, (2) éifeachtúlacht an chreata rialúcháin maidir le ceadanna tógála a shimpliú agus a mhéadú, (3) réamhriachtanais i dtógáil tithíochta a fheabhsú, (4) an uasteorainn ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha a ardú, agus (5) deireadh a chur le hioncam ríofa na cánach ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha.

Táthar ag súil go rannchuideoidh an chomhchuid le moltaí tírshonracha a dhírítear ar an tSualainn, go háirithe ‘dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le ardfhiachas teaghlaigh trí laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar inasbhainteacht chánach íocaíochtaí úis morgáiste nó trí chánacha athfhillteacha maoine a mhéadú. Infheistíocht a spreagadh i bhfoirgníocht chónaithe, earnáil ina bhfuil an ghanntanas is práinní, go háirithe trí dheireadh a chur le bacainní struchtúracha ar an bhfoirgníocht. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh tithíochta agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhearadh na cánach gnóthachan caipitiúil’ (moladh tírshonrach 1, 2019).

E.1.    Tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Infheistíocht 1: Cabhair infheistíochta le haghaidh tithíocht chíosa agus le haghaidh tithíocht do mhic léinn

Is sé is aidhm don bheart infheistíochta an ganntanas tithíochta a mhaolú tríd an soláthar teaghaisí nua cíosa a bhfuil cíos níos ísle acu i gcoibhneas le tithíocht nua neamh-fhóirdheontais a mhéadú. Mar aon le srianta a bhaineann le riachtanais maidir le hioncaim, beidh rochtain eacnamaíoch ag líon níos mó teaghlach ar na teaghaisí sin, rud a éascóidh an cás le haghaidh daoine atá sa leath íochtarach den réimse ioncaim, le haghaidh mic léinn nó le haghaidh daoine ag éirí gníomhach ar an margadh saothair. Íocfar fóirdheontais foirgníochta i leith tithe a bheidh curtha i gcrích in 2022 agus 2023. Cuirfear roinnt coinníollacha ag gabháil leis na fóirdheontais lena n-áirithiú go mbainfear amach an spriocghrúpa, is é sin go mbeidh an chabhair infheistíochta coinníollach ar chíos uasta, is é sin nach bhféadfaidh an tiarna talún diúltú do thionónta ionchasach teaghais faoi fhóirdheonú a thógáil ar cíos ar an bhforas go bhfuil ioncam ró-íseal aige, a fhad is go bhfuil an duine nó an teaghlach in ann an cíos a íoc. Leis an scéim tacaíochta tabharfar tacaíocht d’infheistíochtaí a bhaineann amach laghdú 20 % ar a laghad ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh ar leibhéal an fhoirgnimh. Meastar go mbeidh sé sin i gcomhréir leis an taithí stairiúil.

Déanfar cur chun feidhme na hinfheistíochta a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 1: Ceart tionscnaimh príobháideach – rannpháirtíocht páirtithe leasmhara pleanála i gcúrsaí criosaithe

Is é is aidhm don bheart athchóirithe tréimhsí pleanála don chriosú a ghiorrú, i limistéir ina gceadaítear an fhoirgníocht. Nuair a thiocfaidh an t-athchóiriú i bhfeidhm, tabharfar tuilleadh deiseanna do pháirtithe leasmhara amhail úinéirí maoine, forbróirí agus tógálaithe tús a chur leis an obair maidir le pleananna criosaithe mionsonraithe a fhorbairt agus an obair sin a dhéanamh go páirteach. Cuirfidh an bardas an páirtí leasmhar iarrthach ar an eolas maidir leis na doiciméid phleanála atá de dhíth le haghaidh pleanáil mhionsonraithe, lena n-áirítear na doiciméid sin a bhaineann le leasanna náisiúnta, cosaint trá, sláinte agus sábháilteacht. Déanfar athbhreithniú ar an Acht um Pleanáil agus Tógáil chun a shoiléiriú maidir le húinéirí maoine nó le daoine eile a ghlacann an tionscnamh chun plean foirgníochta a mholadh, gur féidir leis na daoine sin plean criosaithe mionsonraithe a chur i dtoll a chéile, d’ainneoin fhreagracht deiridh an bhardais.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2021.

Athchóiriú 2: Creat rialála simplithe agus éifeachtúil le haghaidh ceadanna foirgníochta

Is é is aidhm don bheart athchóirithe an creat rialála le haghaidh ceadanna foirgníochta a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Leis an mbeart athchóirithe, bunófar an méid seo a leanas: (i) an tráth ba cheart oibleagáid maidir le ceadúnas nó maidir le fógra a thabhairt a theacht chun cinn le haghaidh cineálacha éagsúla beart foirgníochta, (ii) cé hiad na saintreoracha ba cheart a chomhlíonadh chun an cead a fháil, ag áirithiú nach bhfuil na hoibleagáidí maidir le ceadúnais níos fairsinge ná mar is gá chun leas na sochaí agus na gcomharsan (iii) na hathruithe is gá ar rialacha an nós imeachta agus (iv) tograí eile a dhéanamh freisin sna rialacháin phleanála agus foirgníochta agus i rialacháin eile a mheastar údar a bheith leo ar bhonn anailísí agus iarrataí an imscrúdaitheora.

Déanfar cur chun feidhme an athchóirithe a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2023.

Athchóiriú 3: Réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta

Chun intuarthacht agus éifeachtúlacht mhéadaithe sa phróiseas tógála a chumasú agus d’fhonn próisis in-athdhéanta a éascú, chuir an Rialtas togra reachtaíochta ar aghaidh an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cuideachtaí deimhnithe tionscadail tógála – próiseas tógála níos intuartha. Déanfaidh an t-athchóiriú an tAcht um Pleanáil agus Tógáil (SCS 2010:900) a mhodhnú trí imreoir nua san Acht um Pleanáil agus Tógáil a thabhairt isteach, is é sin cuideachta tógála dheimhnithe (‘Certifierade byggprojekteringsföretag – en mer förutsägbar byggprocess’).

Beidh saineolas agus taithí ar leith ag cuideachta tógála dheimhnithe ar mheasúnú a dhéanamh ar na ceanglais deartha le haghaidh éifeachtachta agus inrochtaineachta chomh maith le ceanglais theicniúla maoine le haghaidh foirgnimh chónaithe a thógáil, ceanglais a leagfar amach i rialacháin rialtais, agus beidh an chuideachta sin in ann bunús a thabhairt leis sin le deimhniú arna eisiúint ag comhlacht atá creidiúnaithe chun na críche sin. Thairis sin, leis an athchóiriú, ceadófar don fhorbróir cuideachta tógála dheimhnithe a úsáid chun foirgnimh chónaithe nua a dhearadh. I gcás ina n-úsáidtear fiontar den sórt sin, ní chuirfidh an coiste Foirgníochta san áireamh na ceanglais a chumhdaítear leis an deimhniú, sula ndéanfar cinneadh maidir le ceadanna tógála ná maidir le fógraí tionscnaimh. Beidh sé roghnach don fhorbróir cuideachta tógála dheimhnithe a úsáid sa phróiseas.

Déanfar cur chun feidhme an athchóirithe a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2022.

Athchóiriú 4: Uasteorainn níos airde don mhéid iarchurtha sa cháin ghnóthachan caipitiúil

Is é is aidhm don bheart costais idirbhirt a laghdú maidir le ceannacháin réadmhaoine a dhéanann úinéirí tí príobháideacha, rud a dhéanfaidh tithíochta agus soghluaisteacht saothair a éascú. Ardaíodh uasmhéid na ngnóthachan caipitil iarchurtha ó SEK 1 450 000 go SEK 3 000 000.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 1 Iúil 2020, agus é le bheith curtha i bhfeidhm maidir le díolacháin tar éis 30 Meitheamh 2020.

Athchóiriú 5: An t-ioncam ríofa ó ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha a dhíothú

Is é is aidhm don bheart costais idirbhirt a laghdú maidir le hidirbhearta réadmhaoine a dhéanann úinéirí tí príobháideacha, rud a dhéanfaidh tithíocht agus soghluaisteacht saothair a éascú. Leis an beart déanfar an ioncam caighdeánach ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha a dhíothú. Roimhe sin, bhí na gnóthachain chaipitiúla iarchurtha faoi réir ioncaim chaighdeánaigh bunaithe ar an ráta úis socraithe. B’éigean an t-ioncam caighdeánach sin a chur le hioncam inchánach agus gearradh cáin air ag ráta 30 %.

Bhí cur chun feidhme an athchóirithe le bheith curtha i gcrích faoin 1 Eanáir 2021, agus feidhm aige maidir leis na blianta cánach a thosaigh tar éis an 31 Nollaig 2020.

E.2.    Clocha míle, spriocanna, táscairí agus tráthchlár maidir le faireachán agus cur chun feidhme i dtaca le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha

Féach an tábla thíos. Is é an 1 Feabhra 2020 dáta na bonnlíne le haghaidh gach táscaire mura léirítear a mhalairt sa tuairisc ar an ngníomhaíocht. Ní áirítear CBL sna méideanna sa tábla.

Uimhir

Beart

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

Táscairí cáilíochtúla  
(i gcás clocha míle)

Táscairí cainníochtúla  
(i gcás spriocanna)

Am

Tuairisc ar gach cloch mhíle agus gach sprioc

Aonad

Bonnlíne

Cuspóir

R

Bliain

50

Tacaíocht infheistíochta le haghaidh tithíocht ar cíos agus le haghaidh tithíocht do mhic léinn

Sprioc

S1: Tacaíocht a íoc le haghaidh teaghaisí críochnaithe nua

Teaghaisí críochnaithe nua

0

1,500

R4

2022

Staitisticí maidir leis na híocaíochtaí iomlána agus líon na dteaghaisí arna seachadadh a chomhlíonann na coinníollacha chun a áirithiú go mbaintear amach an spriocghrúpa, is é sin, tá an chabhair infheistíochta coinníollach ar chíos uasta, cé nach bhféadfaidh an tiarna talún diúltú do thionónta ionchasach teaghais fóirdheontais a fháil ar cíos ar an bhforas go bhfuil an t-ioncam ró-íseal, fad agus atá an duine nó an teaghlach in ann an cíos a íoc. Cuirfear na sonraí maidir le cíosanna i gcomparáid le teaghaisí nua neamh-fhóirdheontais.

51

Tacaíocht infheistíochta le haghaidh tithíocht ar cíos agus le haghaidh tithíocht do mhic léinn

Sprioc

S2: Tacaíocht a íoc le haghaidh teaghaisí críochnaithe nua

Teaghais chríochnaithe nua

1,500

4,800

R4

2023

Staitisticí maidir leis na híocaíochtaí iomlána agus líon na dteaghaisí arna seachadadh a chomhlíonann na coinníollacha chun a áirithiú go mbaintear amach an spriocghrúpa, is é sin, tá an chabhair infheistíochta coinníollach ar chíos uasta, cé nach bhféadfaidh an tiarna talún diúltú do thionónta ionchasach teaghais fóirdheontais a fháil ar cíos ar an bhforas go bhfuil an t-ioncam ró-íseal, fad agus atá an duine nó an teaghlach in ann an cíos a íoc. Cuirfear na sonraí maidir le cíosanna i gcomparáid le teaghaisí nua neamh-fhóirdheontais.

52

Ceart tionscnaimh príobháideach – rannpháirtíocht páirtithe leasmhara pleanála i bpleanáil forbartha mionsonraithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí maidir le ceart tionscnaimh príobháideach a bhunú

Foráil sa dlí lena mbunaítear ceart tionscnaimh príobháideach lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R4

2021

Teacht i bhfeidhm, tar éis do Pharlaimint na Sualainne leasuithe reachtacha a ghlacadh lena n-áirítear (1) oibleagáid ar bhardais faisnéis a chur ar fáil maidir leis na doiciméid phleanála is gá do pháirtithe príobháideacha a bhfuil baint acu le pleanáil forbartha, (2) ceart do pháirtithe leasmhara liosta na ndoiciméad a fháil a mheasann Bord Riaracháin na Tíre go bhfuil gá leo chun a mheas an mbaineann an phleanáil forbartha le leasanna a thagann faoi chúram Bhord Riaracháin an Chontae, amhail leasanna náisiúnta, cosaint an chladaigh agus sláinte agus sábháilteacht, mar aon le (3) soiléirithe ar an Acht um Pleanáil agus Tógáil maidir leis an doiciméad a bhíonn ag teastáil nuair a dhéantar plean forbartha mionsonraithe a ullmhú, go bhféadfaidh páirtithe eile an doiciméad sin a tháirgeadh seachas an bardas.

53

Creat rialála simplithe agus éifeachtach le haghaidh ceadanna tógála agus eile

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear creat rialála simplithe agus níos éifeachtaí le haghaidh ceadanna tógála

Foráil sa dlí lena mbunaítear creat rialála simplithe agus níos éifeachtaí le haghaidh ceadanna tógála lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R4

2023

Teacht i bhfeidhm, tar éis do Pharlaimint na Sualainne leasuithe reachtacha a ghlacadh i ndáil le creat rialála simplithe agus éifeachtach le haghaidh ceadanna tógála.

An oibleagáid cheadúnúcháin agus na ceanglais nach mór a chomhlíonadh chun cead a fháil, ní bheidh siad níos fairsinge ná mar is gá chun leasanna na sochaí agus na gcomharsan a áirithiú.

54

Réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe ar an Acht um Pleanáil agus Tógáil, lena mbunaítear cuideachta tógála dheimhnithe [Certifierade byggprojekteringsföretag – en mer förutsägbar byggprocess] as a dtiocfaidh réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta

Foráil sa dlí lena mbunaítear réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta lena léirítear an teacht i bhfeidhm

R4

2022

Tar éis do Pharlaimint na Sualainne leasuithe reachtacha ar an Acht um Pleanáil agus Tógáil (SCS 2010:900) a ghlacadh, tabharfar isteach gníomhaí nua, eadhon an chuideachta tógála dheimhnithe. Úsáid cuideachta den sórt sin i bpróisis tógála tithíochta, tiocfaidh sí in ionad luathsheiceáil an bhardais ar chomhlíontacht na rialachán foirgníochta a bhaineann leis an deimhniú. Is é an cuspóir atá leis sin intuarthacht agus éifeachtúlacht mhéadaithe sa phróiseas tógála a chumasú agus próisis in-athdhéanta a éascú.

55

Uasteorainn níos airde le haghaidh gnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm athrú ar an dlí cánach ábhartha lena n-ardaítear an uasteorainn le haghaidh gnóthachain chaipitiúla iarchurtha [ó SEK 1,450,000 go SEK 3,000,000)

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm an dlí lena n-ardaítear an uasteorainn le haghaidh gnóthachain chaipitiúla iarchurtha

R3

2020

Leis an mbeart athchóirithe, ardófar an t-uasmhéid a iarchuirfear i gcás cánachas ar ghnóthachain chaipitiúla ó SEK 1.450.000 go SEK 3.000.000.

56

Ioncam caighdeánach díothaithe ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm athrú ar an dlí cánach ábhartha lena ndíothaítear an ioncam caighdeánach ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Foráil sa dlí lena léirítear teacht i bhfeidhm dlí lena ndíothaítear an ioncam caighdeánach ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha

R1

2021

Leis an mbeart athchóirithe, díothaítear an ioncam caighdeánach ar na gnóthachain chaipitiúla iarchurtha don cháin ioncaim.

2.Costas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta

Is é an costas iomlán measta a bhaineann le plean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne, SEK 33 304 030 000, arb ionann é agus EUR 3 289 286 914 ar bhonn ráta tagartha EUR SEK an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 28 Bealtaine 2021.

ROINN 2: TACAÍOCHT AIRGEADAIS

1.Ranníocaíocht airgeadais

Déanfar na tráthchodanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a eagrú mar a leanas:

1.1.An Chéad Tráthchuid (tacaíocht neamh-inaisíoctha):

Uimhir Sheicheamhach

Beart Gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

1

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S1: Dámhachtain tionscadal a mheastar go laghdóidh siad astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 300 000 tona

7

Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm reachta lena mbunaítear an scéim tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí a fheabhsú

9

Tacaíocht neartaithe iarnróid

Sprioc

Rinneadh 60 km d’iarnróid a fheabhsú nó a uasghrádú

13

Coigeartuithe ar an oibleagáid maidir le laghdú

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear cuótaí laghdúcháin méadaithe maidir leis an oibleagáid astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghásailín agus ó dhíosal a laghdú trí cheangal a chur ar sholáthróirí breosla cumasc a dhéanamh le bithbhreoslaí de réir a chéile

14

Coigeartuithe ar an oibleagáid maidir le laghdú

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear oibleagáid maidir le breosla scairde a laghdú

15

Laghdú díothaithe ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena ndíothaítear i bpáirt laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

17

Rátaí brabúis inchánaigh coigeartaithe le haghaidh gluaisteáin chuideachta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí chun an ráta brabúis inchánaigh le haghaidh gluaisteáin chuideachta a choigeartú

19

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S1: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

20

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S2: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

23

Leibhéal cúitimh níos airde do ghairmoiliúint i gcomhar leis an tSualainnis le haghaidh Inimirceach agus don tSualainnis mar dhara teanga

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm an leibhéil níos airde cúitimh do ghairmoiliúint i gcomhar leis an tSualainnis le haghaidh Inimirceach agus don tSualainnis mar dhara teanga

24

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S1: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

25

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S2: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

28

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S1: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

34

An Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Sprioc

Thug 1.500 rannpháirtí faoin oideachas faoi chuimsiú an Tionscnaimh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

40

Córas nua cuntais bainc agus taisceadáin

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí nua maidir le córas nua cuntais bainc agus taisceadáin

41

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

CM1: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear leagan amach an iniúchta agus an rialaithe

42

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

CM2: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear leagan amach an iniúchta agus an rialaithe

43

Cinntí rialtais chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú

Cloch mhíle

CM3: Cinntí rialtais lena n-áiritheofar go gcuirfear an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil, lena n-áirítear leagan amach an iniúchta agus an rialaithe

45

Leathnú leathanbhanda

Sprioc

S1: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Homes Passed)

52

Ceart tionscnaimh príobháideach – rannpháirtíocht páirtithe leasmhara pleanála i bpleanáil forbartha mionsonraithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí maidir le ceart tionscnaimh príobháideach a bhunú

55

Uasteorainn níos airde le haghaidh gnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm athrú ar an dlí cánach ábhartha lena n-ardaítear an uasteorainn le haghaidh gnóthachain chaipitiúla iarchurtha ó SEK 1,450,000 go SEK 3,000,000

56

Ioncam caighdeánach díothaithe ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm athrú ar an dlí cánach ábhartha lena ndíothaítear an ioncam caighdeánach ar ghnóthachain chaipitiúla iarchurtha

Méid na Tráthchoda

EUR 1 098 663 704

1.2.An Dara Tráthchuid (tacaíocht neamh-inaisíoctha):

Uimhir Sheicheamhach

Beart Gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

2

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S2: Dámhachtain tionscadal a mheastar go laghdóidh siad astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 240 000 tona

10

Tacaíocht neartaithe iarnróid

Sprioc

Rinneadh 40 km d’iarnróid a fheabhsú nó a uasghrádú

16

Laghdú díothaithe ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena ndíothaítear go hiomlán laghdú ar cháin fuinnimh ar bhreosla in earnálacha áirithe

21

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S3: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

26

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S3: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

29

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S2: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

33

An gníomh um chosaint fostaíochta agus deiseanna aistrithe níos fearr

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm na leasuithe reachtacha chun an chosaint fostaíochta a nuachóiriú agus deiseanna aistrithe níos mó a fheabhsú

46

Leathnú leathanbhanda

Sprioc

S2: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Homes Passed)

50

Tacaíocht infheistíochta le haghaidh tithíocht ar cíos agus le haghaidh tithíocht do mhic léinn

Sprioc

S1: Tacaíocht a íoc le haghaidh teaghaisí críochnaithe nua

54

Réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe ar an Acht um Pleanáil agus Tógáil, lena mbunaítear cuideachta tógála dheimhnithe [Certifierade byggprojekteringsföretag – en mer förutsägbar byggprocess] as a dtiocfaidh réamhriachtanais níos fearr i dtógáil tithíochta

Méid na Tráthchoda

EUR 709 738 272

1.3.An Tríú Tráthchuid (tacaíocht neamh-inaisíoctha):

Uimhir Sheicheamhach

Beart Gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

3

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S3: Dámhachtain tionscadal a mheastar go laghdóidh siad astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 140 500 tona

11

Tacaíocht neartaithe iarnróid

Sprioc

Malartú, uasghrádú agus nascadh 160 saoráid cosanta bóthair

18

Cosaint fhoirmiúil de chineál luachmhar

Sprioc

Maoiniú a eisíocadh chun an dúlra a chosaint in áiteanna a bhfuil ardluachanna nádúrtha acu le haghaidh na bithéagsúlachta

22

Breis áiteanna staidéir sa ghairmoideachas aosach réigiúnach

Sprioc

S4: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach

27

Breis áiteanna staidéir bliantúla san ard-ghairmoideachas

Sprioc

S4: Áiteanna staidéir nua sa ghairmoideachas iar-mheánscoile

30

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S3: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

35

An Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

Sprioc

Thug 8.000 rannpháirtí faoin oideachas faoi chuimsiú an Tionscnamh Cúraim do Dhaoine Scothaosta

36

Teideal gairmiúil faoi chosaint le haghaidh ghairm an altra cúnta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena rialaítear teideal gairmiúil an altra cúnta

37

Teorainneacha aoise coigeartaithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha chun teorainneacha aoise i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach a choigeartú

39

Bearta a neartú i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha maidir le bearta níos láidre i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

44

Bonneagar digiteach riaracháin phoiblí comhpháirteach

Cloch mhíle

Tá an creat náisiúnta le haghaidh sonraí bunúsacha agus le haghaidh comhbhonneagar digiteach poiblí curtha ar bun agus oibríochtúil

47

Leathnú leathanbhanda

Sprioc

S3: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Homes Passed)

51

Tacaíocht infheistíochta le haghaidh tithíocht ar cíos agus le haghaidh tithíocht do mhic léinn

Sprioc

S2: Tacaíocht a íoc le haghaidh teaghaisí críochnaithe nua

53

Creat rialála simplithe agus éifeachtach le haghaidh ceadanna tógála agus eile

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm dlí lena mbunaítear creat rialála simplithe agus níos éifeachtaí le haghaidh ceadanna tógála

Méid na Tráthchoda

EUR 956 989 630

1.4.An Ceathrú Tráthchuid (tacaíocht neamh-inaisíoctha):

Uimhir Sheicheamhach

Beart Gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

4

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S4: Dámhachtain tionscadal a mheastar go laghdóidh siad astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 89 500 tona

31

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S4: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

48

Leathnú leathanbhanda

Sprioc

S4: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Homes Passed)

Méid na Tráthchoda

EUR 223 562 469

1.5.An Cúigiú Tráthchuid (tacaíocht neamh-inaisíoctha):

Uimhir Sheicheamhach

Beart Gaolmhar (Athchóiriú nó Infheistíocht)

Cloch mhíle / Sprioc

Ainm

5

Infheistíocht aeráide áitiúil agus réigiúnach

Sprioc

S5: Dámhachtain tionscadal a mheastar go laghdóidh siad astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 15 000 tona

6

Infheistíocht aeráide san earnáil tionsclaíochta

Sprioc

Tionscadail a dhámhachtain a d’fhéadfadh cuidiú le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú

8

Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí

Sprioc

Rinneadh athchóiriú ar 600 000 méadar cearnach d’fhoirgnimh.

12

Tacaíocht neartaithe iarnróid

Cloch mhíle

Uasghrádú droichid atá suite i Vänersborg

32

Acmhainní chun freastal ar an éilimh ar oideachas in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais eile

Sprioc

S5: Mic léinn breise atá cláraithe san ardoideachas

38

Teorainn aoise choigeartaithe

Cloch mhíle

Teacht i bhfeidhm coigeartú uathoibríoch na dteorainneacha aoise i gcórais slándála sóisialta agus i gcórais chánach i gcomhréir le forbairt an fhad saoil atá fágtha ag 65 bliana

49

Leathnú leathanbhanda

Sprioc

S5: Líon breise foirgneamh le rochtain ar leathanbhanda (Homes Passed)

Méid na Tráthchoda

EUR 299 562 314



ROINN 3: SOCRUITHE BREISE

1.Socruithe maidir le faireachán agus cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta

Maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne, déanfar an faireachán agus an cur chun feidhme air i gcomhréir leis na socruithe seo a leanas:

·Roinn idirnáisiúnta agus eacnamaíochta na hAireachta Airgeadais, ise a bheidh ina hÚdarás Comhordúcháin agus beidh freagracht iomlán uirthi as faireachán agus feidhmiú an phlean ina iomláine. Déanfaidh an t-údarás poiblí freagrach faireachán, fíorú agus bailíochtú ar ghnóthú clocha míle agus spriocanna. Is é an tÚdarás Comhordúcháin a ullmhóidh agus a shíneoidh an dearbhú bainistíochta agus beidh sé freagrach freisin as na hiarrataí ar íocaíocht a ullmhú agus a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach agus as íocaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta.

·Beidh údaráis phoiblí (myndigheter) freagrach as bearta aonair phlean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne a chur chun feidhme. Tuairisceoidh siad don Údarás Comhordúcháin maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme agus gnóthú na gclocha míle agus na spriocanna.

·Is é Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) an t-údarás iniúchóireachta uileghabhálach. Déanann an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (NAO) iniúchtaí tréimhsiúla go rialta ar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus iontaofacht na gcuntas.

2.Socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí a thabhairt don Choimisiún

Ionas go dtabharfaí rochtain iomlán don Choimisiún ar na bunsonraí ábhartha, beidh na socruithe seo a leanas i bhfeidhm ag an tSualainn:

·Is ar an Aireacht Airgeadais atá an fhreagracht fhoriomlán as an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme agus tá sí cuntasach thar ceann eintitis uile na hearnála poiblí maidir le gnéithe oibríochtúla agus riaracháin den phlean téarnaimh agus athléimneachta. Chun comhleanúnachas a áirithiú i gcur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, is é Údarás Náisiúnta Bainistíochta Airgeadais na Sualainne (ESV) an t-údarás iniúchóireachta uileghabhálach, a chabhraíonn leis an Aireacht Airgeadais lena dualgais chomhordaithe fhoriomlána. Tá freagracht ar ESV freisin as na sonraí a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar an Aireacht Airgeadais maidir le gnóthú na gclocha míle agus na spriocanna. Tá an Aireacht Airgeadais (an tÚdarás Comhordúcháin) freagrach as freagra lárnach a láimhseáil agus a áirithiú ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar rochtain ar shonraí faoi fhaighteoirí deiridh. Na húdaráis atá freagrach as an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, áirithíonn siadsan bailiú agus stóráil na sonraí sin.

·I gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/241, nuair a bheidh na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a comhaontaíodh i Roinn 2.1 den Iarscríbhinn seo curtha i gcrích, cuirfidh an tSualainn iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir le híocadh na ranníocaíochta airgeadais. Áiritheoidh an tSualainn, arna iarraidh sin di, go mbeidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar na sonraí ábhartha foluiteacha a thacaíonn leis an réasúnú cuí atá leis an iarraidh ar íocaíocht, chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2021/241 agus chun críoch iniúchóireachta agus rialaithe araon.

(1) I gcás ina mbaintear amach astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa nach bhfuil i bhfad níos ísle ná na tagarmharcanna ábhartha leis an ngníomhaíocht dá dtabharfar tacaíocht, ba cheart míniú a thabhairt ar na cúiseanna nach bhfuil baint amach na dtagarmharcanna sin indéanta. Tagarmharcanna arna mbunú le haghaidh leithdháileadh saor in aisce le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chórais Trádála Astaíochtaí, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún.
(2) Cé is moite de thionscadail faoin mbeart seo maidir le giniúint cumhachta agus/nó teasa, chomh maith le bonneagar gaolmhar tarchurtha agus dáileacháin, a bhaineann úsáid as gás nádúrtha, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Treoir Theicniúil ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01).
(3)

Níl feidhm ag an eisiamh sin maidir le gníomhaíochtaí faoin mbeart seo in ionaid atá dírithe go heisiach ar dhramhaíl ghuaiseach neamh-inathchúrsáilte a chóireáil, agus ar ionaid atá ann cheana, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí faoin mbeart seo chun críche éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, gáis sceite a ghabháil lena stóráil nó lena n-úsáid, nó ábhair a aisghabháil ó luaithreach ó loisceoirí, ar choinníoll nach mbeidh méadú ar acmhainneacht próiseála dramhaíola na n-ionad mar thoradh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin nó go gcuirfear síneadh le saolré na n-ionad; a bhfuil fianaise curtha ar fáil ina leith ar leibhéal an ionaid.

(4) Níl feidhm ag an eisiamh sin maidir le gníomhaíochtaí faoin mbeart seo in ionaid cóireála bitheolaíche meicniúla atá ann cheana, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí faoin mbeart seo chun críche éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú nó aisfheistiú le haghaidh oibríochtaí athchúrsála dramhaíola deighilte chuig bithdhramhaíl múiríne agus bith-dhíghrádú anaeróbach bithdhramhaíola, ar choinníoll nach mbeidh méadú ar acmhainneacht próiseála dramhaíola na n-ionad mar thoradh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin nó go gcuirfear síneadh le saolré na n-ionad; a bhfuil fianaise curtha ar fáil ina leith ar leibhéal an ionaid.
(5)  I gcás ina mbaintear amach astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa nach bhfuil i bhfad níos ísle ná na tagarmharcanna ábhartha leis an ngníomhaíocht dá dtabharfar tacaíocht, ba cheart míniú a thabhairt ar na cúiseanna nach bhfuil baint amach na dtagarmharcanna sin indéanta. Tagarmharcanna arna mbunú le haghaidh leithdháileadh saor in aisce le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chórais Trádála Astaíochtaí, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún.
(6) Cé is moite de thionscadail faoin mbeart seo maidir le giniúint cumhachta agus/nó teasa, chomh maith le bonneagar gaolmhar tarchurtha agus dáileacháin, a bhaineann úsáid as gás nádúrtha, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Treoir Theicniúil ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C58/01).
(7)

Níl feidhm ag an eisiamh sin maidir le gníomhaíochtaí faoin mbeart seo in ionaid atá dírithe go heisiach ar dhramhaíl ghuaiseach neamh-inathchúrsáilte a chóireáil, agus ar ionaid atá ann cheana, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí faoin mbeart seo chun críche éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, gáis sceite a ghabháil lena stóráil nó lena n-úsáid, nó ábhair a aisghabháil ó luaithreach ó loisceoirí, ar choinníoll nach mbeidh méadú ar acmhainneacht próiseála dramhaíola na n-ionad mar thoradh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin nó go gcuirfear síneadh le saolré na n-ionad; a bhfuil fianaise curtha ar fáil ina leith ar leibhéal an ionaid.

(8) Níl feidhm ag an eisiamh sin maidir le gníomhaíochtaí faoin mbeart seo in ionaid cóireála bitheolaíche meicniúla atá ann cheana, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí faoin mbeart seo chun críche éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú nó aisfheistiú le haghaidh oibríochtaí athchúrsála dramhaíola deighilte chuig bithdhramhaíl múiríne agus bith-dhíghrádú anaeróbach bithdhramhaíola, ar choinníoll nach mbeidh méadú ar acmhainneacht próiseála dramhaíola na n-ionad mar thoradh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin nó go gcuirfear síneadh le saolré na n-ionad; a bhfuil fianaise curtha ar fáil ina leith ar leibhéal an ionaid.