AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.2.2022
COM(2022) 32 final
2022/0021(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is eagraíochtaí príobháideacha iad na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (ESOanna), a bhfuil ról ar leith acu laistigh den chóras Eorpach um chaighdeánú. Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012, is iad na páirtithe leasmhara lena mbaineann a eagraíonn caighdeánú Eorpach agus is ar a son siúd a eagraítear é ar bhonn na hionadaíochta náisiúnta (sa Choiste Eorpach um chaighdeánú, in CEN, agus sa Choiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil, CENELEC) agus ar rannpháirtíocht comhaltaí díreacha (in Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, ETSI). Nuair a dhéanann an Coimisiún iarraidh ar chaighdeánú, is iad na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012) agus iad sin amháin na comhlachtaí atá in ann caighdeáin agus táirgí caighdeánúcháin a eisiúint. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta sonracha a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 den ‘Rialachán um Chaighdeánú’ a dhéanann siad an méid sin. Foráiltear leis an Rialachán um Chaighdeánú freisin go bhféadfaidh an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.
Sainmhínítear na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú in Airteagal 2, pointe 8 agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán um Chaighdeánú. Is ann do thrí eagraíocht Eorpacha um chaighdeánú: CEN, CENELEC agus ETSI. Tá ról eisiach acu maidir le hobair chaighdeánúcháin a dhéanamh, ar obair í a d’iarr an Coimisiún chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais.
Baineann cúiseanna stairiúla leis sin den chuid is mó. Sna 1980idí, nuair a bunaíodh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú atá ann faoi láthair agus nuair a bunaíodh a ról maidir le caighdeáin a bhaint amach, bhí an córas dírithe den chuid is mó ar pháirtithe leasmhara an Aontais Eorpaigh.
Sa lá atá inniu ann, tá athrú tagtha ar an scéal agus is iomaí athrú atá tagtha ar rialachas inmheánach na ESOanna, ar a nósanna imeachta cinnteoireachta agus ar a struchtúr ballraíochta. Oibríonn na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhar le raon leathan páirtithe leasmhara anois, lena n‑áirítear ó thríú tíortha, agus cuireann siad ar a gcumas páirt a ghlacadh ní hamháin san obair theicniúil ach freisin i gceapadh beartas inmheánach agus i gcinnteoireacht inmheánach na n‑eagraíochtaí sin. Is díol sásaimh é an comhar sin; nuair ba cheart do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú díriú ar thacaíocht a thabhairt do reachtaíocht agus do bheartais an Aontais, áfach, bíonn gá le coimircí chun nós imeachta fónta agus ionadaíocht chothrom ar leasanna na bpáirtithe leasmhara a áirithiú, i gcomhréir leis na tosaíochtaí straitéiseacha agus leis na riachtanais reachtacha. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le cinntí inmheánacha chun caighdeáin agus táirgí caighdeánúcháin a fhorbairt, mar a d’iarr an Coimisiún ar bhonn Airteagal 10(1) den Rialachán um Chaighdeánú. Is féidir go gcumhdóidh na cinntí inmheánacha sin saincheisteanna amhail cinntí maidir le glacadh le hiarrataí ar chaighdeánú, glacadh le míreanna nua oibre, agus glacadh, athbhreithniú nó tarraingt siar táirgí Eorpacha caighdeánúcháin. Sna cásanna sin, go háirithe nuair a thacaíonn na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais agus nuair a fhorbraíonn siad caighdeáin atá ríthábhachtach do phobal an Aontais i gcoitinne agus do chuideachtaí, ní mór do rialachas inmheánach na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile (lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta) a chur san áireamh go cuí. Tá sé sin níos ábhartha fós ós rud é gur oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil cearta vótála acu a bhíonn i roinnt eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú go príomha agus go bhfuil teorainn i roinnt cásanna le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údarás poiblí.
Dá bhrí sin, i ndáil leis an bpróiseas cinnteoireachta inmheánach maidir le caighdeáin agus táirgí caighdeánúcháin a eisiúint, arna iarraidh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 10(1) den Rialachán maidir le Caighdeánú, tá gá le soiléiriú níos fearr chun a áirithiú go mbeidh an próiseas sin ina iomláine i gcomhréir leis an méid a bhfuil coinne ag institiúidí an Aontais Eorpaigh leis ó chomhlacht forbartha caighdeán a aithnítear go hoifigiúil mar eagraíocht Eorpach um chaighdeáin.
Dá mbeadh gá le hionadaíocht agus cumhacht chinnteoireachta áirithe a bheith ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú a mhéid a bhaineann le caighdeáin arna n‑iarraidh ag an gCoimisiún, chuirfí srianta agus ceartúcháin leordhóthanacha i bhfeidhm chun comhsheasmhacht le reachtaíocht agus beartais an Aontais a áirithiú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
D’fhógair an Coimisiún go molfadh sé leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 sa tionscnamh uaidh Updating the 2020 new industry strategy [Straitéis an tionscail nua 2020 a nuashonrú] (COM(2021)350) mar aon le straitéis um chaighdeánú, rud a thíolactar in éineacht leis an togra seo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
An leasú reachtach atá beartaithe, tá sé i gcomhréir leis an tábhacht pholaitiúil a bhaineann le caighdeáin, mar a léiríodh i dtionscnaimh thábhachtacha eile de chuid an Choimisiúin, amhail Shaping Europe's digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)67), an Tairseach Dhomhanda (JOIN(2021)30), nó ráiteas na Comhairle ina bhfáiltítear roimh ‘intinn an Choimisiúin straitéis a fhorbairt maidir le caighdeánú chun an córas Eorpach um chaighdeánú agus a rialachas a neartú’ (Conclúidí ón gComhairle an 09.06.2020).
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais an bunús dlí atá leis an tionscnamh seo.
•Coimhdeacht (le haghaidh gníomhaíochta nuair nach bhfuil inniúlacht eisiach ag na ESOanna)
Níl coimhdeacht ina saincheist. Tá an tionscnamh seo le leasú a dhéanamh ar Rialachán ón Aontas Eorpach lena rialaítear an córas Eorpach um chaighdeánú. Is é is aidhm dó go sonrach prionsabail an dea-rialachais a chosaint agus na caighdeáin arna n‑iarraidh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 10(1) den Rialachán um Chaighdeánú á mbaint amach. Neartóidh an tionscnamh seo ról na n‑ionadaithe náisiúnta (i.e. comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú) sa chóras.
•Comhréireacht
Tá an leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 an‑teoranta agus spriocdhírithe ar obair na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún. Tagann na hiarratais sin sna sála ar shainordú beartais phoiblí agus, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach prionsabail an dea-rialachais a áirithiú i gcomhréir le cinnteoireacht an Aontais Eorpaigh. Leis an togra seo, comhlíontar prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach, eadhon a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht/rannpháirtíocht náisiúnta a ráthú ag gach céim den phróiseas i ndáil le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, bunaithe ar iarratas faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a fhorbairt.
•An rogha ionstraime
Rialachán lena leasaítear Rialachán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinne an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara maidir leis an ábhar seo (go háirithe na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, Ballstáit an Aontais, agus páirtithe leasmhara tionsclaíocha agus na sochaí sibhialta). Tugadh an deis do na páirtithe leasmhara sin a dtuairimí a chur in iúl agus ionchur a chur ar fáil d’obair an Choimisiúin.
Le linn an chomhairliúcháin maidir leis an treochlár don straitéis um chaighdeánú, chuir na páirtithe leasmhara aiseolas luachmhar ar fáil ar thairseach an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr maidir le rialachas agus trédhearcacht sa chóras Eorpach um chaighdeánú. Fuair an Coimisiún aiseolas comhchosúil trí na tuarascálacha a d’eisigh eagraíochtaí páirtithe leasmhara Eorpacha faoi Airteagal 24(2) den Rialachán um Chaighdeánú.
•Measúnú tionchair
Ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair (IA) ar an tionscnamh seo. Baineann an tionscnamh beartaithe le cinntí riaracháin laistigh de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, cinntí a dhéantar tar éis iarrataí a fháil ón gCoimisiún bunaithe ar bheartas nó ar riachtanas dlíthiúil. Cumhdaítear leis na cinntí riaracháin sin cinntí rialachais/riaracháin maidir le beartais an Aontais. Tá tionchar na gcinntí riaracháin sin teoranta do pháirtithe leasmhara inaitheanta. Mar fhocal scoir, ní raibh aon ghá le IA agus leis an gcomhairliúchán poiblí a bhain leis ós rud é go mbeadh nó go bhfuil an leasú teoranta ó thaobh raon feidhme de, spriocdhírithe agus go ndéantar leasuithe teicniúla leis ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le saincheist an rialachais.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is togra chun dhá airteagal a leasú, agus an méid sin amháin, atá ann.
Chun cur ar chumas na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú – i gcás inar gá – a rialacha nós imeachta inmheánacha a oiriúnú, foráiltear leis an leasú d’idirthréimhse sé mhí sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Cuideoidh an Coimisiún leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun cúnamh a thabhairt dóibh a rialacha inmheánacha a leasú maidir le cinntí a dhéanamh i ndáil le caighdeáin agus táirgí caighdeánúcháin arna n‑iarraidh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 10(1) den Rialachán um Chaighdeánú a leasú.
2022/0021 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear rialacha maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a bhunú le haghaidh táirgí agus seirbhísí a thacaíonn le reachtaíocht agus beartais an Aontais.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú.
(3)Tá ról tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin don mhargadh inmheánach. Mar shampla, féadfar caighdeáin chomhchuibhithe a úsáid chun toimhde a thabhairt go bhfuil táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais i leith na dtáirgí sin nuair a chomhlíonann siad na caighdeáin chomhchuibhithe.
(4)Le blianta beaga anuas, tá athrú tagtha ar na cleachtais sna heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir lena nósanna imeachta um rialachas inmheánach agus lena nósanna imeachta cinnteoireachta. Mar thoradh air sin, mhéadaigh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a gcomhar le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta agus Eorpacha. Is díol sásaimh é an comhar sin toisc go gcuireann sé le próiseas caighdeánúcháin atá trédhearcach, oscailte, neamhchlaonta agus bunaithe ar chomhthoil. Mar sin féin, tráth a fheidhmíonn eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iarrataí ar chaighdeánú chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh cinntí ann nach gcuireann san áireamh go hiomlán leasanna, cuspóirí beartais agus luachanna an Aontais chomh maith le leas an phobail i gcoitinne mar thoradh ar rannpháirtíocht neamhshrianta ag aon pháirtí leasmhar sa chinnteoireacht inmheánach.
(5)Tá ról fíor-riachtanach ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú sa chóras um chaighdeánú, ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus ar leibhéal na mBallstát araon. Dá bhrí sin, is iad na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú is fearr atá in ann a chinntiú go dtugtar aird chuí in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ar leasanna, ar chuspóirí beartais agus ar luachanna an Aontais agus ar leasanna an phobail i gcoitinne. Is gá, dá bhrí sin, a ról i gcomhlachtaí cinnteoireachta na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a neartú nuair a dhéanann na comhlachtaí sin cinntí maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí caighdeánúcháin arna n‑iarraidh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
(6)Is féidir le ní hamháin comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú ach eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú ó thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha don Aontas, i measc eagraíochtaí eile, páirt a ghlacadh i gcomhlachtaí cinnteoireachta na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. Ionas nach n‑eisiafar na heagraíochtaí sin ó bheith rannpháirteach in obair na gcomhlachtaí cinnteoireachta lena mbaineann, na cinntí sna comhlachtaí sin maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a iarrtar faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ní gá ach foráil a dhéanamh gurb iad ionadaithe comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú amháin a ghlacfadh na cinntí sin , gan aon cheanglas eile a fhorchur maidir le hobair chomhlachtaí cinnteoireachta na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.
(7)Chun go mbeidh éifeacht leis an gceanglas go mbeadh cinntí i gcomhlachtaí cinnteoireachta na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a iarrann an Coimisiún faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 á nglacadh ag ionadaithe na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú amháin, is gá a fhoráil nach bhféadfaidh an Coimisiún iarrataí den sórt sin a chur ach chuig eagraíocht Eorpach um chaighdeánú a chomhlíonann an ceanglas sin.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a leasú dá réir sin.
(9)Chun go mbeidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú in ann a rialacha nós imeachta inmheánacha a oiriúnú, i gcás inar gá, do cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 10 i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 mar a leanas:
(1) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de na teorainneacha ar na hinniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, a iarraidh ar eagraíocht Eorpach amháin um chaighdeánú nó roinnt díobh caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú faoi spriocdháta a leagfar síos, ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann mír 2a.’;
(2)
cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a.
Áiritheoidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú gurb iad ionadaithe de chuid na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú laistigh de chomhlacht cinnteoireachta inniúil na heagraíochta sin, agus na hionadaithe sin amháin, a dhéanfaidh na cinntí seo a leanas maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear i mír 1:
(a) cinntí maidir le hiarrataí ar chaighdeánú a ghlacadh, a dhiúltú agus a fheidhmiú;
(b) cinntí maidir le hítimí nua oibre a ghlacadh;
(c) cinntí maidir le caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a ghlacadh, a athbhreithniú agus a tharraingt siar.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón ... [IO: cuir isteach an dáta - 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán