14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/16


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10747 – BHC / DUSSUR / BAKER PETROLITE SAUDI COMPANY JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 271/12)

1.   

An 8 Iúil 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Baker Hughes Company (“BHC”) (SAM),

Saudi Arabian Industrial Investments Company JSC (“Dussur”), á rialú ag Saudi Aramco (Ríocht na hAraibe Sádaí) agus ag Saudi Arabian Public Investment Fund (“PIF”),

Baker Petrolite Saudi Company Limited (“JV Molta”) (Ríocht na hAraibe Sádaí).

Gheobhaidh BHC agus Dussur rialú comhpháirteach ar an JV Molta de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is é BHC máthairghnóthas grúpa teicneolaíochta fuinnimh de chuideachtaí a bhfuil punann éagsúil inniúlachtaí trealaimh agus seirbhíse acu a bhaineann leis an slabhra luachra fuinnimh agus tionsclaíoch ar fad agus a oibríonn i níos mó ná 120 tír,

Is cuideachta infheistíochta straitéisí é Dussur.

3.   

Beidh an JV Molta gníomhach i ngnó na gceimiceán speisialtachta i Ríocht na hAraibe Sádaí.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10747 – BHC / DUSSUR / BAKER PETROLITE SAUDI COMPANY JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.