21.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 83/2 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10566 – P66/H2 EE/JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 83/02)
1.
An 10 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Phillips 66 Company (’P66’, na Stáit Aontaithe), |
— |
H2 Energy Europe AG (’H2 EE’, an Eilvéis), |
— |
Comhfhiontar láithreán úrnua (’NewCo’, an Ostair). |
Gheobhaidh P66 agus H2 EE rialú comhpháirteach ar NewCo de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is cuideachta fuinnimh é P66, a reáchtálann stáisiúin bhreosla le cois nithe eile, |
— |
Tá H2 EE gníomhach i dteicneolaíocht na hidrigine agus i bhforbairt éiceachóras le haghaidh hidrigin in-athnuaite, |
— |
Beidh Newco agus a fhochuideachtaí gníomhach i bhforbairt agus oibriú stáisiún athbhreoslúcháin hidrigine (HRS) san Ostair, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10566 – P66/H2 EE/JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
An Coimisiún Eorpach |
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
Clárlann na gCumasc |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).