An Bhruiséil,18.5.2022

JOIN(2022) 24 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh


1.Réamhrá

Thug Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais, i gcruinniú in Versailles an 11 Márta, gealltanas ‘ár gcumais cosanta Eorpacha a neartú’ i bhfianaise fogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chomhaontaigh siad an méid seo a leanas a dhéanamh: 1) caiteachas cosanta a mhéadú; 2) dlús a chur leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha; 3) easnaimh a dhúnadh agus cuspóirí cumais a chomhlíonadh; 4) borradh a chur faoin nuálaíocht lena náirítear trí shineirgí sibhialta/míleata; agus 5) ár dtionscal cosanta, lena náirítear FBManna, a neartú agus a fhorbairt. Thairis sin, d’iarr siad ‘ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, anailís ar na bearnaí infheistíochta i réimse na cosanta a chur ar aghaidh faoi lár mhí na Bealtaine agus aon tionscnamh eile is gá a mholadh chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú.’ Chomhtháthaíodh an cúram sa Chompás Straitéiseach maidir leis an tSlándáil agus an Chosaint 1 a ghlac an Chomhairle agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta 2022.

Leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach seo cuirtear an anailís a iarradh ar fáil don Chomhairle Eorpach agus é mar aidhm leis sin a áirithiú go mbeidh bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch cosanta an Aontais i bhfad níos láidre mar thoradh ar chaiteachas méadaithe na mBallstát i réimse na cosanta, rud a d’fhágfadh go mbeadh gnáthdhíspreagadh méadaithe ann d’aon chineál namhaid a d’fhéadfadh a bheith ann. Ag tógáil go háirithe ar an Teachtaireacht maidir le ‘pacáiste cosanta’ an 15 Feabhra 2022 2 , cuirtear bealaí nua ar fáil do na Ballstáit léi chun an soláthar comhpháirteach a mhéadú agus chun a bheith ag plé leis an tionscal le dlús a chur lena gcumas táirgthe chun freastal ar na riachtanais mhéadaithe, bunaithe ar éileamh comhdhlúite agus níos intuartha. Aibhsítear dearcadh na saoránach maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht níos láidre ón Aontas maidir le cosaint sa tuarascáil deiridh den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa 3 .

Tá na céimeanna sin ríthábhachtach i bhfianaise na n‑impleachtaí suntasacha atá ag an bhfogha míleata gan chúis a thug an Rúis faoin Úcráin ar chosaint na hEorpa. Toisc cogadh a bheith ar siúl arís san Eoraip, cuireadh béim ar éifeachtaí tearc-chaiteachais i réimse na cosanta thar na blianta, rud a fhágann go bhfuil bearnaí agus easnaimh sna fardail mhíleata chomhchoiteanna chomh maith le cumas táirgthe tionsclaíoch laghdaithe. Chomh maith leis an staid sin a cheartú, beidh ar chaiteachas breise i réimse na cosanta aghaidh a thabhairt, mar ábhar práinne, ar an ngá atá le stoic chosanta a athshlánú agus a leathnú, lena n‑áirítear an cúnamh míleata don Úcráin a chúiteamh.

Tá méaduithe ar a mbuiséid chosanta fógartha ag na Ballstáit ar fiú, go dtí seo, beagnach EUR 200 billiún breise sna blianta atá le teacht 4 . Cé go bhfuil na méaduithe sin ríthábhachtach, tá riosca tromchúiseach ann nach mbeidh siad in ann na heasnaimh atá ann faoi láthair a chúiteamh má chaitear iad ar bhealach neamhchomhordaithe. Dá bhrí sin, ní hamháin go gcaithfidh Ballstáit an Aontais níos mó airgid a chaitheamh, ach ní mór dóibh infheistíocht níos fearr a dhéanamh agus níos mó infheistíochta a dhéanamh le chéile – mar a aithnítear i ndearbhú Versailles agus sa Chompás Straitéiseach. Is trí oibriú i gcomhar le chéile amháin is féidir leis na Ballstáit barainneachtaí scála a uasmhéadú agus aghaidh a thabhairt ar chostais mhóra na gcumas ardleibhéil, agus, ag an am céanna, gan dul san iomaíocht le haghaidh acmhainn soláthair theoranta agus dúbláil neamhriachtanach a chosc.

Bunaithe ar an taifead stairiúil, tá baol ann, mar sin féin, go roghnódh na Ballstáit réitigh náisiúnta, mar gheall ar bhreithnithe tionsclaíocha agus slándála soláthair, nó, nuair nach bhfuil siad ar fáil go dtabharfadh siad tús áite do réitigh réamhdhéanta 5 neamhAE i bhfianaise na práinne, ar chostas réitigh AE a d’fhéadfadh agaí tionscanta coibhéiseacha a bheith acu. D’fhéadfadh tionscail chosanta a bheith claonta freastail ar a rialtas náisiúnta mar ábhar tosaíochta seachas ar bhonn cliant uile-Eorpach. Gan comhordú agus comhar, chuirfeadh na hinfheistíochtaí méadaithe le hilroinnt na hearnála cosanta Eorpaí, chuirfeadh siad teorainn leis an acmhainneacht comhair feadh shaolré an trealaimh, threiseodh siad spleáchais sheachtracha agus is dócha go gcuirfeadh siad isteach ar idir-inoibritheacht. Beidh tionchar níos fadtéarmaí ag éadálacha gearrthéarmacha i ndáil leis sin, agus beidh laghdú ar an neart margaidh agus ar dheiseanna ligthe thar ceal mar thoradh air sin sna blianta atá le teacht.

I mbeagán focal, is é an toradh a bhí ar thearc-chaiteachas leanúnach agus easpa comhair go raibh easnaimh ann i ndáil le cumais chriticiúla cosanta, go háirithe ag an gcuid is airde den speictream, thar réimsí, agus ilroinnt an tionscail ghaolmhair san Eoraip. Tá sé ríthábhachtach nach ndéanfaidh an tAontas botúin a rinneadh cheana arís, botúin as ar eascair neamhéifeachtúlachtaí, dúblálacha agus spleáchais ach go gcuirfidh sé le tionscnaimh chosanta agus uirlisí forbartha cumais an Aontais a bunaíodh le blianta beaga anuas chun comhar cosanta na mBallstát a neartú. Is é is aidhm do na tionscnaimh sin ilroinnt mhargadh cosanta na hEorpa a laghdú – go háirithe an Ciste Eorpach Cosanta (EDF) – agus beartais cosanta, pleanáil agus forbairt cumais na mBallstát a chomhordú ar bhealach níos fearr – go háirithe tríd an mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), tríd an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) agus tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas (CDP). Ina theannta sin, iarrtar sa Chompás Straitéiseach, ó 2022 ar aghaidh, go reáchtálfar cruinnithe bliantúla na n‑airí cosanta maidir le tionscnaimh chosanta an Aontais lena dtugtar aghaidh ar fhorbairt cumais, ar cruinnithe iad a bheidh faoi chathaoirleacht Ardionadaí/Leas‑Uachtarán an Choimisiúin/Cheann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus eagraithe acu, agus leas iomlán á bhaint as na formáidí atá ann cheana. Is céimeanna tábhachtacha iad sin go léir sa treo ceart chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann cheana ach ní mór iad a neartú a thuilleadh i bhfianaise na staide nua, go háirithe maidir le hinfheistíocht chomhpháirteach agus soláthar acmhainní cosanta. Tá na céimeanna sin ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leis an Eoraip cumais cosanta níos láidre agus níos idir-inoibritheacha a chothú agus ag an am céanna bonn cosanta tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa (EDTIB) a fheabhsú, ar nithe iad atá bunriachtanach do shlándáil fhadtéarmach agus do neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa.

Dá bhrí sin, is é an aidhm fhoriomlán atá ann infheistíocht a dhéanamh mar seo a leanas:

·I dteannta a chéile, trí leas a bhaint as barainneachtaí scála trí thionscadail chomhoibríocha agus trí sholáthairtí comhpháirteacha. Trí fhorbairt a dhéanamh le chéile agus trealamh a cheannach le chéile, laghdófar na praghsanna agus cuideofar freisin le cosc a chur ar na Ballstáit atá in iomaíocht le haghaidh acmhainní tionsclaíocha teoranta, rud a mhéadaíonn praghsanna nó a bhrúnn amach Ballstáit bheaga nó Ballstáit neamhchosanta, agus ar an gcaoi sin déanfar dlúthpháirtíocht a áirithiú. Tá cosúlachtaí ann le staid na vacsaíne COVID in 2020-21.

·Ar bhealach níos fearr, trí thacú leis na Ballstáit díriú ar thosaíochtaí sainaitheanta cumais an Aontais. Tá siad sin comhleanúnach le tosaíochtaí ECAT agus déanfar athbhreithniú orthu freisin i bhfianaise na treorach straitéisí polaitiúla a chuirtear ar fáil leis an gCompás Straitéiseach. Leagtar béim san anailís sin ar roinnt bearnaí práinneacha cumais sa chomhthéacs straitéiseach athraithe; agus

·San Eoraip, trí infheistíochtaí cosanta a dhreasú, ar infheistíochtaí iad a threisíonn an cumas tionsclaíoch, cumas tionsclaíoch fadtéarmach agus fás eacnamaíoch laistigh den Aontas trí thionscal cosanta Eorpach atá níos iomaíche. Tá tábhacht straitéiseach ag baint le feabhas a chur ar Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) mar go bhfuil an timpeallacht gheostraitéiseach ag dul in olcas.

Tá sé chun tairbhe de ECAT freisin, atá ina bhunchloch i gcónaí do chosaint chomhchoiteann bhaill na heagraíochta. Cabhraíonn tionscnaimh an Aontais chun an comhar cosanta a chothú chun comhroinnt dualgas Trasatlantach agus rannchuidiú Eorpach níos éifeachtaí a threisiú laistigh d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) freisin. Is féidir leis na Ballstáit a bhfórsaí aonair a úsáid ar an leibhéal náisiúnta nó laistigh de chreat an Aontas, ECAT, na Náisiún Aontaithe nó aon chreat eile. Tá tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt cumais comhleanúnach leis na tosaíochtaí a comhaontaíodh laistigh de ECAT, agus an difríocht idir cineál agus freagrachtaí an dá eagraíocht á gcur san áireamh agus athneartú frithpháirteach á áirithiú sna hiarrachtaí sin. Is príomhcholún den idirphlé agus comhar feabhsaithe idir an tAontas agus ECAT a comhaontaíodh faoi Dhearbhú Comhpháirteacha 2016 agus 2018 an cumas cosanta a fhorbairt.

Breathnaítear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach seo ar an méid seo a leanas: a) caiteachas cosanta laistigh den Aontas, b) cumas agus bearnaí tionsclaíocha nach mór aghaidh a thabhairt orthu, lena n‑áirítear na cinn is práinní, c) bealaí chun aghaidh a thabhairt orthu, agus d) roghanna chun soláthar na gcumas cosanta a threisiú.

2.Caiteachas cosanta laistigh den Aontas agus leibhéil tearcinfheistíochta

Mar fhreagairt ar na bagairtí nua slándála, in 2022 tá an chuid is mó de na Ballstáit ag fógairt méaduithe suntasacha ar a mbuiséid chosanta, i gcásanna áirithe níos mó ná 2 % dá nolltáirgeacht intíre fiú, ag tógáil ar an treocht mhéadaithe a thosaigh roinnt blianta ó shin. In 2020, chaith na Ballstáit le chéile os cionn EUR 200 billiún i réimse na cosanta 6 agus in 2021 meastar gur fiú EUR 220 billiún a gcaiteachas iomlán. Mar sin féin, tharla na forbairtí sin tar éis tréimhse fhada de chiorruithe suntasacha ar chaiteachas i réimse na cosanta tar éis na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais a tharla in 2007-08; tháinig laghdú ó EUR 183 bhilliún in 2008 go EUR 159 mbilliún in 2014 7 , agus níor tháinig an caiteachas ar ais go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim go dtí 2018-19 (féach an graf thíos). Idir 2009 agus 2018, na gearrthacha a rinne na Ballstáit bhí siad comhionann le tearcinfheistíocht chomhiomlán de thart ar EUR 160 billiún, i gcomparáid le leibhéal caiteachais 2008 8 .

 

Mar thoradh air sin, in éineacht le treocht struchtúrach an mhéadaithe ar chostais na gcóras cosanta agus an fócas ar oibríochtaí sluaíochta i roinnt Ballstát, tá laghdú mór tagtha ar mhéideanna na bhfórsaí náisiúnta, ar chainníochtaí trealaimh agus ar stoc-chairn – atá ídithe tuilleadh anois mar gheall ar an tacaíocht a tugadh don Úcráin. Mar thoradh air sin, rinneadh faillí ar an inniúlacht feidhmiú ag speictream iomlán agus ag déine ard, agus bhí easnaimh a bhí ann cheana agus cumais ardleibhéil in easnamh cumhdaithe, nuair ba ghá, ag comhghuaillithe de chuid ECAT nach baill de AE iad, go háirithe na Stáit Aontaithe.

Ina theannta sin, le deich mbliana anuas, tá na Stáit Aontaithe – agus, cúis níos mó imní fós, an Rúis – tar éis a mbuiséid cosanta a mhéadú ar ráta atá i bhfad níos airde ná ráta na hEorpa. Tá sé thar a bheith suntasach gur mhéadaigh an tSín a buiséad níos mó fós le linn na tréimhse céanna. Idir 1999 agus 2021, tháinig méadú 19.7 % ar chaiteachas an Aontais trí chéile i réimse na cosanta, i gcomparáid le 65.7 % i gcás SAM, 292% i gcás na Rúise agus 592% i gcás na Sine 9 . Ní chuirtear san áireamh leis sin an gannmheastachán suntasach ar chaiteachas cosanta na Síne agus na Rúise toisc go bhfuil cumhacht ceannaigh a mbuiséad níos airde ná an comhshó bunaithe ar rátaí malairte. Ar bhonn paireachta cumhachta ceannaigh, meastar gur fiú USD 178 mbilliún agus USD 332 bhilliún faoi seach buiséid cosanta 2021 na Rúise agus na Síne 10 . Anuas air sin, tá sciar na hinfheistíochta i gcaiteachas cosanta na Stát Aontaithe, na Síne agus na Rúise i bhfad níos airde ná sciar Bhallstáit an Aontais.

Cé nach bhfuil aon sprioc ann do leibhéil aonair chaiteachais cosanta náisiúnta do na Ballstáit atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chomhaontaigh an chuid is mó díobh, faoi chuimsiú ECAT agus/nó an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), an cuspóir maidir lena gcaiteachas cosanta a mhéadú 11 . Mar léiriú: dá mba rud é gur chaith na Ballstáit go léir 2 % dá nolltáirgeacht intíre (OTI) ar chosaint agus 20 % tiomnaithe don infheistíocht, ó 2006 go dtí 2020, bheadh tuairim is EUR 1,100 billiún breise caite acu i réimse na cosanta, agus EUR 270 billiún de sin ar an infheistíocht 12 .

Ina theannta sin, go stairiúil, is é an toradh a bhí ar chaiteachas cosanta na hEorpa ná éifeachtúlacht agus aschur níos ísle i gcomparáid lenár gcomhghuaillithe agus lenár niomaitheoirí. Meastar go gcosnaíonn easpa comhair idir na Ballstáit maidir le cosaint na billiún euro in aghaidh na bliana 13 . D’ainneoin an mhéadaithe ar chaiteachas cosanta na hEorpa in 2020, níor caitheadh ach 11 % 14 d’infheistíochtaí go comhoibríoch – i bhfad faoi bhun an tagarmhairc 35 % a chomhaontaigh na Ballstáit i gcreat GEC agus a socraíodh laistigh de PESCO – ísealphointe nua – i gcomparáid le 89 % a caitheadh ar bhonn náisiúnta. De dheasca na heaspa comhair, tá dúblálacha diomailteacha agus iolrú córas cosanta den chineál céanna ann laistigh den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, cé gur EUR 2.5 billiún a bhí i gcaiteachas cosanta Taighde agus Teicneolaíochta (R&T) na mBallstát trí chéile in 2020, níl ansin ach 1.2 % dá gcaiteachas iomlán cosanta, figiúr atá go mór faoi bhun an tagarmhairc 2 % a comhaontaíodh i gcreat GEC agus a socraíodh mar ghealltanas níos ceangailtí laistigh de PESCO 15 .

3.Na bearnaí tionsclaíocha cosanta

Is éard atá sa bhonn tionsclaíoch cosanta Eorpach tacar mór príomhchonraitheoirí, cuideachtaí meánchaipitlithe agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a fhorbraíonn agus a tháirgeann formhór na nardteicneolaíochtaí agus na gcumas cosanta atá de dhíth ar Fhórsaí Armtha na mBallstát agus a d’fhéadfadh siad a sholáthar. Ar an iomlán, is ionann láimhdeachas bliantúil measta earnáil cosanta an Aontais agus beagnach EUR 84 bhilliún, a thacaíonn le níos mó ná 196,000 post ardoilte go díreach, agus níos mó ná 315,000 post go hindíreach 16 .. 

D’ainneoin iomaíochas foriomlán na hearnála, tá deacrachtaí agus bearnaí ann. Tá cuideachtaí cosanta fós á struchtúrú ar feadh teorainneacha náisiúnta den chuid is mó, rud a bhaineann tairbhe as dlúthchaidreamh leis na rialtais náisiúnta. Mar thoradh ar struchtúr an mhargaidh, mar aon le caiteachas íseal infheistíochta, tá roinnt gníomhaithe náisiúnta ag feidhmiú i margaí beaga agus, dá bhrí sin, is beag an méid a tháirgeann siad 17 . Níor bhain sraith céimeanna comhdhlúthaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach comhdhlúthú tionsclaíoch na Stát Aontaithe amach. 

Dá bhrí sin, tá EDITB fós an‑ilroinnte, go háirithe lasmuigh d’earnálacha na haerloingseoireachta agus na ndiúracán. Laghdaíonn sé seo go mór a chumas iomaíochas a fheabhsú trí T&F agus barainneachtaí scála i dtáirgeadh a chomhthiomsú. Thairis sin, tá spleáchais ann le haghaidh roinnt den phríomhthrealamh cosanta nach bhfuil réitigh dhúchasacha á dtairiscint ag EDTIB ina leith.

Is iad bunchúiseanna na ndeacrachtaí a bhaineann le EDTIB na bearnaí tearcinfheistíochta atá ag na Ballstáit agus an caiteachas ilroinnte, agus toisc nach ndéantar cuid ansuntasach de chaiteachas na mBallstát a infheistiú in EDTIB, fiú nuair a bhíonn táirge a dhéantar san Aontas ar fáil. Mar léiriú air sin, idir 2007-16 18 meastar gur caitheadh os cionn 60 % de bhuiséad soláthair cosanta na hEorpa ar allmhairí míleata neamhAE, agus rialuithe nó srianta tríú tíortha mar thoradh air sin 19 .

Toisc coinbhleacht arddéine agus bagairt mhéadaithe chríochach a bheith ann arís san Eoraip, níor mór an t‑éiceachóras tionsclaíoch cosanta a thiontú san Aontas chun slándáil an tsoláthair a áirithiú agus na cumais mhonaraíochta a mhéadú i gcás inar gá sin nó borradh a chur faoin ullmhacht. Ina theannta sin, maidir le teicneolaíochtaí suaiteacha a bhfuil sé d’acmhainn acu athrú ó bhonn a dhéanamh ar choimhlintí amach anseo (e.g. intleacht shaorga, Quantum) agus trealamh amach anseo, is iad na bunchúiseanna a thuairiscítear a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iomaíochas EDTIB san fhadtéarma, agus a gcumas chun ardchumais a fhorbairt (e.g. córais hipearshonacha, comhrac comhoibritheach).

4.Bearnaí sa chumas

Sainaithníodh sa Chompás Straitéiseach gurb é uaillmhian fhoriomlán an Aontais forbairt bhreise a dhéanamh ar ‘fórsaí speictrim iomláin atá sách solúbtha agus soghluaiste, idir-inoibritheach, chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus athléimneach’. Mheabhraigh sé freisin na heasnaimh i ndáil le cumais chriticiúla a sainaithníodh cheana féin agus atá fíor-riachtanach chun a chur ar chumas an Aontais tabhairt faoi réimse iomlán chúraimí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a leagtar amach sa Chonradh, go háirithe na cúraimí sin atá sa speictream níos airde déine. Áirítear na heasnaimh sin sna tosaíochtaí a leag na Ballstáit síos sa Phlean Forbraíochta um Chumas 2018, a ndéanfar athbhreithniú air i bhfianaise an Chompáis Straitéisigh agus atá ina bpríomhthagairt i gcónaí don chomhleanúnachas i measc thionscnaimh chosanta an Aontais 20 .

Chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, tá tacaíocht airgeadais á cur ar fáil ag EDF chun cuidiú le cumasóirí straitéiseacha agus cumais mhóra a fhorbairt 21 agus tá na Ballstáit ag obair i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt orthu trí 60 tionscadal laistigh de PESCO.

Rinne an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) anailís ar na bearnaí infheistíochta i réimse na cosanta. Sa chomhthéacs sin, chuir GEC anailís faoi bhráid na mBallstát ar bhearnaí infheistíochta atá le líonadh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ar bhonn trí ghníomhaíocht: 1) a bheith ullmhaithe (an t‑ullmhacht a mhéadú lena n‑áirítear athshlánú atá nasctha leis an tacaíocht don Úcráin); 2) fórsaí agus cumais atá ann cheana a mhéadú; agus 3) cumais a threisiú agus a nuachóiriú, bunaithe ar thosaíochtaí cumais comhaontaithe an Aontais agus curtha in iúl ag CARD (féach an iarscríbhinn).

I bhfianaise na bagartha méadaithe slándála, agus ag tógáil ar an anailís chomhordaithe a rinne an Coimisiún agus GEC, molann an Coimisiún agus an tArdionadaí go ndíreofaí ar na bearnaí cumais is práinní seo a leanas a d’fhéadfadh tionscal cosanta na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu:

1.Stoc-chairn a athshlánú: Ullmhacht chun comhraic na bhfórsaí armtha a dhaingniú agus éilimh náisiúnta iomaíocha a chomhordú, bís phraghsanna a sheachaint agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag na tíortha is mó atá neamhchosanta ar na cumais riachtanacha.

2.Na nithe seo a athsholáthar: Deireadh a chur de réir a chéile le córais oidhreachta ré na Sóivéide atá fós in úsáid laistigh d’Fhórsaí Armtha an Aontais le réitigh Eorpacha (amhail: Na Príomhthancanna Catha, Feithiclí Troda Armúrtha, Feithiclí Troda Coisithe, Iompróirí Armúrtha Pearsanra, airtléire throm, etc.), mar chuid d’iarracht níos leithne cur leis na hacmhainní atá ann cheana agus tacú le hidir-inoibritheacht agus slándáil an tsoláthair a fheabhsú.

3.Na nithe seo a threisiú: Córais ilsraitheanna cosanta aeir agus diúracáin na mBallstát a neartú, ag tosú le córais lár-raoin sna Ballstáit is mó atá neamhchosanta. Is dúshlán ríthábhachtach sa staid nua slándála é limistéar daonra, fórsaí míleata agus/nó bonneagar criticiúil a chosaint ar bhagairtí aeir agus diúracán.

De bhreis ar na bearnaí práinneacha cumais sin, molann an Coimisiún agus an tArdionadaí go n‑oibreoidís ar na cumais straitéiseacha meántéarmacha go fadtéarmacha seo a leanas chun cumais cosanta na hEorpa a fheabhsú i bhfianaise bagairtí leanúnacha:

·An réimse aeir: Tháinig méadú ar an tábhacht a bhaineann le forbairt agus oibríochtú ‘Eurodrone’ meánairde (MALE RPAS) – atá mar chuid de thionscadail PESCO agus EDF. Is tosaíochtaí iad na hacmhainní maidir le hAthbhreoslú san Aer agus na flít aerárthaí atá ann cheana a uasghrádú agus a leathnú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, Aerchosaint ilsraitheanna a thógáil atá in ann bainistiú comhtháite a dhéanamh, chomh maith le hacmhainní i gcoinne ladrann agus ladrainn mheánmhéide armaithe a fhorbairt agus a sholáthar. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, is réimse eile é nuachóiriú na gcóras frithrochtana agus diúltaithe limistéir agus flít aerárthaí troda ilfheidhmeacha san Aontas, réimse ina bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit infheistíochtaí nua a dhéanamh agus ina gcabhródh cur chuige comhordaithe le hacmhainní a bharrfheabhsú, chun an chéad ghlúin eile de chórais a fhorbairt.

·An réimse talún: Tá sé práinneach do go leor Ballstát uasghrádú agus leathnú a dhéanamh ar fhardal reatha na bPríomhthancanna Catha agus na bhFeithiclí Troda Armúrtha, mar aon le córais na chéad ghlúine eile, i bhfianaise go bhfuil cogadh arddéine mór ar siúl arís san Eoraip. Ba cheart tacaíocht don chomhrac, go háirithe raon leathan córas fritancanna agus frithairtléire, a bheith san áireamh i dtreisiú an chumais chun talamh a chomhrac, agus béim á leagan ar bheachtionsaithe agus ar fhrithairtléire.

·An réimse muirí: tá sé ríthábhachtach fós fórsaí cabhlaigh na mBallstát a neartú a thuilleadh mar go bhfuil coimhlint ag géarú de réir a chéile sa Mhuir Dhubh, sa Mhuir Bhailt agus sa Mheánmhuir mar aon leis an ngá atá ann teilgean fórsa agus cumhachta a threisiú, mar aon le cumais frithrochtana diúltaithe agus cosanta cósta. Áirítear leis sin frigéid, fomhuireáin agus coirbhéid phatróil chun slándáil mhuirí a chinntiú. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, bainfidh cumais ISR agus cosaint na línte muirí cumarsáide tairbhe as longa ardleibhéil idirnasctha le hardáin gan foireann le haghaidh rialú dromchla agus faoi uisce agus na cogaíochta leictreonaí.

·Spás (nascacht, faireachas, cosaint): Léirigh an cogadh san Úcráin a thábhachtaí atá an nascacht shlán atá bunaithe ar shatailítí, lena náirítear clár Eorpach nascachta fíor-athléimneachta atá sárshlán lena náirítear criptiú candamach, chomh maith le breathnóireacht spásbhunaithe mar chumasóirí criticiúla. Ceann de na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs sin ná an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí le clár nascachta spásbhunaithe an Aontais. Is tosaíocht atá ag dul i méid freisin é bonneagar spáis an Aontais a chosaint ar bhagairtí (feasacht staide an spáis). Is féidir le sócmhainní spásbhunaithe a bheith ina gcumasóir tábhachtach freisin le haghaidh córas luathrabhaidh láidir a theastaíonn chun diúracáin a bhrath (e.g. diúracáin bhalaistíocha nó hipearshonacha) agus chun iad a rianú.

·An chibearchosaint: Chun dul i ngleic leis an riosca méadaitheach maidir le cibear-ionsaithe a dhéanann gníomhaithe stáit i gcomhthéacs an iomaíochais gheopholaitiúil, d’fhéadfadh an tAontas agus a chuid Ballstát tús a chur le hobair i dtreo cumas cibearchosanta lánspeictrim (ón taighde, ón mbrath agus cosaint agus freagairt, lena náirítear cumais ghníomhacha cosanta). Áirítear leis sin cumais maidir le feasacht chibearstaide agus comhroinnt faisnéise (ag cur freisin leis na sineirgí féideartha le bonneagar ‘Cibear-Sciath’ Eorpach na Lárionad Oibríochtaí Slándála (SOCanna) 22 ), le ceannas cibear-athléimneachta agus idir-inoibritheach agus le rialú d’oibríochtaí míleata agus do mhisin mhíleata, don chibirchleachtadh agus don chibearoiliúint, agus do chibearfhórsaí cúltaca ar an leibhéal náisiúnta. Is féidir leis an Aontas Eorpach ardán a chur ar fáil anseo le haghaidh comhar idir seirbhísí an Aontais agus na Ballstáit, lena náirítear sineirgí le cláir ábhartha de chuid an Aontais.

Ina theannta sin, leis an gcogadh san Úcráin athdhearbhaíodh an tábhacht a bhaineann le lóistíocht éifeachtach éifeachtúil, lena n‑áirítear cothabháil, caomhnú agus gluaiseacht fórsaí, trealaimh agus soláthairtí go dtí láthair na n‑oibríochtaí, ón láthair sin agus trasna na láithreach sin. Chuir an Coimisiún dlús le cur chun feidhme an bhuiséid soghluaisteachta míleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) agus tá sé réidh chun tús áite a thabhairt dó laistigh de na srianta a leagtar síos le CAI. Tá infheistíochtaí méadaithe ag teastáil go háirithe don bhonneagar iompair. Na comhairliúcháin leis na Ballstáit maidir lena bpíblínte tionscadal bonneagair iompair dé-úsáide agus an ró‑éileamh ar chomhchistithe sa chéad ghlao ar thograí, léiríonn sé sin an gá atá le buiséad níos mó agus an acmhainn atá ann buiséad níos mó a úsáid. Ba cheart don Aontas cur lena chuid oibre maidir le soghluaisteacht mhíleata fheabhsaithe, acmhainn ardaithe straitéiseach agus oirbheartaíochta a threisiú ar an talamh, san aer agus ar muir mar aon le sineirgí sibhialta/míleata i réimse an iompair, na hathléimneachta agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus sineirgí níos leithne idir cumais a mhéadú idir cosaint shibhialta, bainistiú teorainneacha agus riachtanais chosanta.

5.Creat feabhsaithe don chomhar cosanta

Chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, molann an Coimisiún agus an tArdionadaí an bealach chun cinn seo a leanas chun soláthar comhpháirteach trealaimh cosanta a chomhordú agus a dhreasú, ag tosú leis an athshlánú mar an chéim is práinní. Chomhlánódh sé tionscnaimh chomhoibríocha cosanta an Aontais atá ann cheana amhail EDF agus PESCO, agus sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais. Tá cumais agus táirgí láidre ag tionscal cosanta na hEorpa le cur ar fáil i ngach ceann de na réimsí sin.

Braitheann an rath a bheidh ar aon tionscnamh cosanta AE ar thiomantas na mBallstát caiteachas a dhéanamh ar bhealach níos fearr – chun infheistíocht agus soláthar a dhéanamh le chéile agus oibriú le chéile ar mhaithe leis an leas coiteann. Tá an cur chuige comhoibritheach atá beartaithe ríthábhachtach chun an t‑éileamh cosanta Eorpach (clársceidealú agus soláthar) agus soláthar (forbairt agus táirgeadh) a chuíchóiriú agus a neartú.

5.1. Bearta láithreacha: Tascfhórsa chun tacú le comhordú

I ngeall ar an ngá práinneach atá ann, bunóidh an Coimisiún, agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta go pras chun oibriú leis na Ballstáit ar mhaithe le tacú le comhordú a riachtanas soláthair fan‑ghearrthéarmach chun aghaidh a thabhairt ar an staid slándála nua. Ar dtús, dhíreodh an Tascfhórsa ar an díchoinbhleachtú agus ar chomhordú chun ruathar faoi orduithe a dhaingniú a sheachaint, rud a mbeadh bís phraghsanna mar thoradh air, mar aon le ró‑chomhchruinniú na n‑éileamh san am céanna, ganntanais soláthairtí agus deacrachtaí do na Ballstáit is mó atá neamhchosanta chun ítimí fíor-riachtanacha a dhaingniú, agus ar an gcaoi sin coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir iarrachtaí comhthreomhara náisiúnta soláthair a sheachaint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bailiú faisnéise a lárú, tacaíocht mhodheolaíoch a sholáthar agus ceannacháin a chomhordú nó a bhainistiú. Chomh maith leis sin, bhunódh an Tascfhórsa meastachán comhiomlán ar na riachtanais, agus dhéanfadh sé leathnú acmhainní monaraíochta tionsclaíochta an Aontais a mhapáil agus thacódh sé leo chun freagairt do na riachtanais.

Laistigh den Tascfhórsa, agus i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún, d’fhéadfadh GEC soláthar comhpháirteach anghearrthéarmach den sórt sin a éascú cheana féin, ag tógáil ar a shaineolas agus ar a thaithí i ndáil leis sin 23 . Chomh maith leis sin, dhéanfadh an Tascfhórsa comhordú le Cill an Tigh Imréitigh a bunaíodh laistigh de SEGS/Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun comhordú na tacaíochta míleata don Úcráin a éascú, d’fhonn tacú leis na Ballstáit na hítimí is práinní is gá a sholáthar chun na stoic a athshlánú.

5.2. Ionstraim ghearrthéarmach de chuid an Aontais chun cumais thionsclaíocha cosanta a threisiú trí sholáthar comhpháirteach

Mar a tugadh le fios, gan comhordú agus comhar, chuirfeadh infheistíochtaí méadaithe na mBallstát le hilroinnt na hearnála cosanta Eorpaí, chuirfeadh siad teorainn leis an acmhainneacht comhair feadh shaolré an trealaimh, threiseodh siad spleáchais sheachtracha agus is dócha go gcuirfeadh siad isteach ar idir-inoibritheacht. Beidh tionchar níos fadtéarmaí ag éadálacha gearrthéarmacha i ndáil leis sin, agus beidh laghdú ar an neart margaidh agus ar dheiseanna ligthe thar ceal mar thoradh air sin sna blianta atá le teacht.

Ní mór do na Ballstáit ullmhacht le haghaidh comhrac cosanta a athbhunú mar ábhar práinne i bhfianaise na staide slándála agus na n‑aistrithe a rinneadh chun na hÚcráine cheana féin. Go háirithe, dá ndéanfaí stoic ábhair a athshlánú, chuirfí ar a gcumas tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil don Úcráin. Faoi láthair, is féidir leis na Ballstáit a chuireann cúnamh míleata ar fáil don Úcráin aisíocaíocht airgeadais a fháil tríd an tSaoráid Eorpach Síochána. Agus a gcuid stoc-chairn agus a dtrealamh á n‑athshlánú acu, áfach, ba cheart dóibh an deis a thapú é sin a dhéanamh ar bhealach comhoibríoch chun luach níos mó ar airgead ar fáil, trí bharainneachtaí scála a urghabháil, agus idir-inoibritheacht a fheabhsú. Chuige sin, ní mór EDTIB a fheabhsú agus a threisiú a thuilleadh.

Chuige sin, molfaidh an Coimisiún ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe a ceapadh de mheon na dlúthpháirtíochta, chun na Ballstáit atá toilteanach an soláthar comhpháirteach a shaothrú chun na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh, go háirithe iad siúd a eascraíonn as an bhfreagairt don ionsaí reatha, chun na Ballstáit sin a dhreasú ar bhealach comhoibríoch. Chuideodh an ionstraim nua le soláthar cosanta comhpháirteach a threisiú agus, tríd an maoiniú gaolmhar ón Aontas, a gcumais thionsclaíocha cosanta a neartú agus a athchóiriú ar an gcaoi sin. Ba cheart do thacaíocht airgeadais ón Aontas infheistíochtaí cosanta nua a ghiaráil ó na Ballstáit agus go rachadh sé chun tairbhe an bhoinn thionsclaíoch Eorpa agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh na Ballstáit in ann gníomhú agus idir-inoibritheacht níos fearr a bhaint amach.

Ba cheart go leanfadh an ionstraim nua de bheith simplí sothuigthe agus í á cur chun feidhme ach a bheith coinníollach ar chomhlíonadh critéar sonrach ag na Ballstáit, cuir i gcás ag trí Bhallstát ar a laghad atá páirteach sa soláthar comhpháirteach. Agus an ionstraim nua seo á cur chun feidhme, beidh an Coimisiún ag brath ar chúnamh ón Tascfhórsa.

Tá an Coimisiún réidh chun EUR 500 milliún a infheistiú sa scéim seo thar dhá bhliain (2022-24). Chuige sin, molfaidh an Coimisiún do na comhreachtóirí rialachán a ghlacadh go mear lena gcumasófar cur chun feidhme na hionstraime agus an méadú gaolmhar ar an mbuiséad.

5.3.    Creat AE maidir le Soláthar Comhpháirteach Cosanta

Chomh maith leis na riachtanais phráinneacha ghearrthéarmacha atá nasctha leis an paraidím slándála nua, is gá dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chreat de chuid an Aontais maidir le Soláthar Comhpháirteach Cosanta. Tríd an gCiste Eorpach Cosanta, tá ionstraim láidir ag an Aontas chun T&F comhpháirteach agus comhchoiteann a dhreasú i réimse na cosanta suas go leibhéal na fréamhshamhlacha. Tá GEC inniúil chun soláthar comhpháirteach a dhéanamh agus déanann sé amhlaidh cheana féin, áfach, níor mhór é a threisiú chun go mbainfeadh an tAontas tairbhe as acmhainneacht atá go hiomlán oiriúnach don feidhm maidir le soláthar comhpháirteach.

I bhfianaise an mhéid sin, molfaidh an Coimisiún rialachán maidir leis an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP) sa tríú ráithe de 2022. Beidh sé d’aidhm aige na coinníollacha agus na critéir a bhunú do na Ballstáit chun cuibhreannais a bhunú a cháileoidh mar Chuibhreannas don Chumas Cosanta Eorpach (EDCC) a sholáthróidh, ar mhaithe le húsáid na mBallstát rannpháirteach, cumais cosanta a fhorbraítear ar bhealach comhoibríoch laistigh den Aontas agus a bhainfeadh tairbhe as díolúine ó CBL. Chomhlánódh sé sin na roghanna gaolmhara atá ann cheana faoi scáth GEC, agus d’fhéadfadh sé freastal ar thionscadail i gcreat PESCO freisin.

Maidir le comhoibriú bunaithe ar thaighde agus ar fhorbairt (T&F) táirge nua, bhainfeadh an EDCC tairbhe freisin as an tsolúbthacht dá bhforáiltear le hAirteagal 13(c) den Treoir maidir le Soláthar Trealaimh Cosanta, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le céimeanna níos déanaí de shaolré iomlán an táirge nó cuid de.

Chruthódh EDCC gné an‑láidir chomhoibritheach agus thabharfadh sé buntáistí breise amhail idir-inoibritheacht thar an saolré, comhchuibhiú nósanna imeachta agus curaclaim oiliúna maidir le hoibriú, cothabháil, deisiú agus athchóiriú, chomh maith le barainneachtaí scála. Bheadh feidhm ag an díolúine ó CBL freisin maidir le hoibriú, cothabháil agus díchoimisiúnú, ar costas mór iad thar shaolré an trealaimh cosanta. Bheadh na cumais arna soláthar trí EDCC ar fáil lena n‑úsáid ag na Ballstáit go náisiúnta nó i misin agus in oibríochtaí CBSC, agus i gcomhthéacs na Náisiún Aontaithe nó ECAT chomh maith. D’fhéadfadh sé gur modh a bheadh in EDCC freisin chun go bhféadfaí an t‑éileamh ar chumais atá ábhartha do chosaint shibhialta an Aontais, do bhainistiú teorainneacha agus do riachtanais ó thaobh na cosanta de a shineirgíú agus a chomhiomlánú.

D’fhéadfadh Rialachán EDIP a bheith mar bhonn do thionscadail chomhpháirteacha forbartha agus soláthair a bheidh ann amach anseo a mbeadh leas coiteann ag baint leo ó thaobh shlándáil na mBallstát agus an Aontais, agus tríd an loighic a bhaineann leis an ionstraim ghearrthéarma a leathnú, d’idirghabháil airgeadais ghaolmhar de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann chun bonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa a threisiú, go háirithe i gcás tionscadail nach bhféadfadh aon Bhallstát aonair iad a fhorbairt ná a sholáthar ina aonar.

5.4 I dtreo Clársceidealú agus Soláthar Straitéiseach Comhpháirteach de chuid an Aontais i réimse na cosanta

Sa bhreis ar na huirlisí agus an ionstraim chun comhar ‘iartheachtach’ a dhreasú, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfí comhordú réamhtheachtach níos uaillmhianaí chun cinn. Tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun 27 chur chuige náisiúnta neamh‑chomhordaithe a chosc. Ní próisis agus cur chuige uilechuimsitheach atá i bpróisis ná i gcur chuige an lae inniu agus ní féidir tosaíocht leordhóthanach a thabhairt dóibh. Ós rud é go dtosóidh na Ballstáit ar a bpróisis phleanála a chur in oiriúint chun an timpeallacht nua slándála a chur san áireamh, tá sé fíorthábhachtach go mbunófar cur chuige níos struchtúrtha – clársceidealú agus soláthar straitéiseach comhpháirteach de chuid an Aontais i réimse na cosanta– chun an uaillmhian nua sin a bhaint amach ar bhealach comhordaithe. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin leis na próisis agus na struchtúir atá ann cheana, agus ba cheart comhleanúnachas le próiseas pleanála ECAT a áirithiú.

Chuige sin, d’fhéadfaí a bheartú go mbeadh baint ag na Ballstáit, ag an Ardionadaí/Ceann na Gníomhaireachta agus ag an gCoimisiún le feidhm chomhpháirteach an Aontais maidir le clársceidealú agus soláthar comhpháirteach i réimse na cosanta. D’áiritheofaí comhphleanáil chuimsitheach ilbhliantúil – ag tógáil ar an bpeirspictíocht ilbhliantúil atá ag EDF, agus ar mhionchoigeartú riachtanas agus sonraíochtaí – agus bheadh sí ina comhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh sholáthar comhpháirteach an Aontais agus thacódh sí leis na Ballstáit maidir lena soláthar comhpháirteach, lena n‑áirítear go hiartheachtach ó na tionscadail atá á maoiniú ag EDF.

Maidir leis sin, d’fhéadfaí féachaint ar obair an Tascfhórsa faoi roinn 4.1 mar chéim phíolótach le haghaidh feidhm den sórt sin amach anseo.

5.5 Cumas tionsclaíoch cosanta na hEorpa a threisiú

Ina theannta sin, chun comhar feabhsaithe Eorpach i réimse na cosanta a bhaint amach, ní mór plean láidir gníomhaíochta a bheith ann lena gcuirfear soiléireacht agus infheictheacht ar fáil do thionscal na cosanta chun infheistíocht a dhéanamh, chun acmhainn monaraíochta cosanta an Aontais a nuachóiriú agus chun dlús a chur léi, agus lena gcuirfear ar a chumas freisin aghaidh a thabhairt ar scrogaill sa slabhra soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann agus aghaidh a thabhairt orthu agus slándáil soláthair an Aontais maidir le cumais cosanta a áirithiú.

Tacóidh an Coimisiún le hearnáil na cosanta agus é ag iarraidh a línte agus a phróisis táirgthe a nuachóiriú, acmhainní monaraíochta a mhéadú agus spleáchais chriticiúla a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar scrogaill ríthábhachtacha.

Sa chomhthéacs sin, molann an Coimisiún, i gcomhar le GEC, i gcás inarb infheidhme, roinnt beart a chur i bhfeidhm:

·Mapáil dhomhain a dhéanamh ar na cumais déantúsaíochta thionsclaíocha bhreise reatha agus riachtanach atá ag an Aontas, lena náirítear cur leis na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair faoin Straitéis Tionsclaíochta agus i bhfóraim eile (e.g. Príomhghníomhaíochtaí Straitéiseacha GEC 24 ). Is é an cuspóir a bheadh ann léargas comhpháirteach a fháil ar an gcumas táirgí a tháirgeadh agus ar na riachtanais chun cinnteacht soláthair na hEorpa a áirithiú do na Ballstáit, lena náirítear na Ballstáit is mó atá neamhchosanta.

·Machnamh a dhéanamh ar rochtain an tionscail cosanta ar Amhábhair Chriticiúla (CRManna) agus ar phríomhchomhpháirteanna eile a chumasú le linn géarchéime, lena náirítear uirlisí meaisín atá riachtanach don táirgeadh. Leagfaidh an Coimisiún síos tionscnamh maidir le hAmhábhair Chriticiúla, lena náirítear bearta reachtacha, atá dírithe ar athléimneacht agus slándáil an tsoláthair san Aontas a neartú i ndáil le CRManna, lena náirítear i réimse na cosanta.

·Déanfar bearta a mheas maidir le scileanna sonracha a bhaineann le reimse na cosanta, lena náirítear cibearscileanna, chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh rochtain ag an tionscal cosanta ar an lucht saothair is gá agus go gcoimeádfaidh sé na daoine sin, go háirithe i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM) agus in aon réimse eile atá nasctha leis an iarracht neamhghnách atá ann faoi láthair chun borradh a chur faoi na cumais táirgeachta. Tabharfar aird ar leith ar thallanna agus scileanna de gach cineál a mhealladh.

·Déanfaidh an Coimisiún obair ar bhearta breise (inter alia, glaonna comhordaithe i measc ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus iasachtaí BEI, cuir i gcás) chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt.

·Déanfaidh an Coimisiún leasuithe féideartha ar an gcreat le haghaidh taighde agus nuálaíocht dé-úsáide a mheas chun sineirgí idir ionstraimí sibhialta agus ionstraimí cosanta a fheabhsú.

5.6 An iarracht T&F a chothú

Sa lá atá inniu ann, is é an Ciste Eorpach Cosanta clár T&F cosanta an Aontais. Mar sin féin, i bhfianaise na paraidíme slándála nua, agus ailíniú nach bhfacthas riamh cheana maidir leis an méadú ar chaiteachas cosanta, ba cheart go mbeadh EDF in ann freagairt do na riachtanais nua.

Tá sé fíorthábhachtach pleanáil chúramach a shainiú chun tacú le T&T agus T&F atá comhoibríoch 25 , chun an bealach a réiteach le haghaidh soláthairtí agus cumais chomhpháirteacha amach anseo, agus teacht chun cinn spleáchas nua ar thríú tíortha a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair agus slándáil faisnéise fórsaí armtha an Aontais a lagú, go háirithe le linn coinbhleachta míleata.

Chun cumhacht dhreasaithe EDF a chosaint i gcomhthéacs an mhéadaithe ar an gcaiteachais náisiúnta i réimse na cosanta, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar a bhuiséad a neartú laistigh den athbhreithniú foriomlán ar thosaíochtaí san athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Ina theannta sin, mar a fógraíodh i bPacáiste Cosanta mhí Feabhra, tá an Coimisiún ag fiosrú conas athbhreithniú a dhéanamh ar bhónais EDF chun tacú níos mó fós le soláthar comhpháirteach na gcumas a fhorbraítear trí thacaíocht airgeadais EDF.

Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún an Ciste tarraingteach d’iontrálaithe nua agus tacóidh sé le nuálaíocht i réimse na cosanta, i gcomhar le GEC, trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais a fógraíodh. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún dlús le bunú CASSINI ar son na cosanta, a fógraíodh sa Phacáiste Cosanta mar chuid de Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais. Beidh saoráid mheasctha faoi InvestEU, lena dtacófar leis an nuálaíocht agus lena ndírítear ar FBManna agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe atá ag forbairt teicneolaíochtaí cosanta, i gcomhar leis an gCiste Eorpach Infheistíochta, mar chuid de.

5.7 Tacaíocht BEI don chosaint a fheabhsú

Mar gheall ar an mbagairt ardaithe slándála atá os comhair an Aontais agus ar an ngá atá ann an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil dó, iarrtar ar an mBanc Eorpach Infheistíochta an tacaíocht a thugann sé don tionscal cosanta Eorpach agus don soláthar comhpháirteach a fheabhsú sa bhreis ar an tacaíocht leanúnach a thugann sé don dé-úsáid. Cuirfidh Tionscnamh Straitéiseach an Bhainc maidir le Slándáil na hEorpa (SESI) maoiniú ar fáil don chosaint neamhlárnach le meastachán tosaigh de thart ar EUR 6 bhilliún faoi 2027, lena gcumhdófar réimsí ina bhfuil clistí léir-shainaitheanta sa mhargadh (e.g. gan díriú ar an gcumas monaraíochta). Díreoidh sé ar thaighde dé-úsáide, ar fhorbairt agus nuálaíocht, ar bhonneagar slándála sibhialta agus ar thionscadail teicneolaíochta cheannródaíocha idir Spás Nua, Intleacht Shaorga, teicneolaíochtaí candamacha agus cibearshlándáil agus bithshlándáil 26 . Ar an gcaoi chéanna, beidh rannpháirtíocht an Bhainc sa Sásra Comhoibríoch Airgeadais arna thionscnamh ag GEC teoranta d’fhorbairt teicneolaíochtaí dé-úsáide chun tacú le cuspóirí beartais CBSC nuair a chuirfear tús lena fheidhmiú.

Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Banc an infheistíocht a leathnú i dtreo tionscnóirí agus comhpháirtithe leasmhara maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail chomhair T&T, i.e. tionscadail arna ndéanamh go comhpháirteach ag dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát, lena n‑áirítear tionscadail PESCO. Thacódh Grúpa BEI freisin le FBManna agus cuideachtaí beaga meánchaipitlithe a neartú feadh an tslabhra soláthair trí iasachtú idirmheánaithe le comhpháirtithe airgeadais. Ar deireadh, trí bheith ag obair le tionscnóirí le linn luathchéimeanna a dtionscadal, d’fhéadfadh Grúpa BEI inmharthanacht shamhail ghnó na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a neartú, samhail atá ríthábhachtach do thodhchaí thionscal cosanta an Aontais.

D’fhéadfadh BEI ról a imirt freisin chun go bhféadfaí borradh gearrthéarmach a chur faoi tháirgeadh thionscal na cosanta agus iarrachtaí fadtéarmacha nuachóirithe. Chuige sin, ba cheart iarraidh ar BEI agus ar a scairshealbhóirí, agus ar na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar cheart, faoi na cúinsí margaidh agus geopholaitiúla atá ann faoi láthair, tacaíocht a leathnú chuig tionscadail thionsclaíocha a bhaineann leis an gcosaint, trí oiriúnú a dhéanamh, más gá, ar an mbeartas iasachtaithe.

Gníomhaíochtaí chun tacú leis an gcomhar Eorpach i réimse na cosanta

·Bunóidh an Coimisiún, agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta láithreach chun freagairt an Aontais ar riachtanais phráinneacha anghearrthéarmach a chomhordú, eadhon na stoic a athlíonadh.

·Seolfaidh an Coimisiún ionstraim ghearrthéarmach chun cumais thionsclaíocha cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhpháirteach

·Faoin tríú ráithe de 2022, molfaidh an Coimisiún Rialachán maidir le hInfheistíocht i Réimse Cosanta na hEorpa lena saineofar na coinníollacha agus na critéir chun Cuibhreannais don Chumas Cosanta Eorpach a bhunú, mar bhonn do dhíolúine ó CBL don soláthar comhpháirteach agus modh (lena náirítear cómhaoiniú féideartha) do thionscadail cosanta Eorpacha lena ngabhann leas coiteann.

·Feidhm clársceidealaithe agus soláthair comhpháirteach de chuid an Aontais i réimse na cosanta a bheartú.

·Déanfaidh an Coimisiún tionscnamh maidir le hAmhábhair Chriticiúla a mholadh, lena náirítear bearta reachtacha, chun rochtain an tionscail chosanta ar Amhábhair Chriticiúla a éascú, inter alia, rud a neartóidh teacht aniar an Aontais agus slándáil an tsoláthair.

·Déanfaidh an Coimisiún, laistigh den athbhreithniú foriomlán ar thosaíochtaí san athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach CAI, neartú ar bhuiséid an Chiste Eorpaigh Cosanta agus na soghluaisteachta míleata a mheas tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

·Ba cheart do BEI feabhas a chur ar an tacaíocht a thugann sé do thionscal cosanta na hEorpa agus don soláthar comhpháirteach sa bhreis ar a thacaíocht leanúnach don dé-úsáid.

·Déanfaidh an Coimisiún obair ar bhearta breise (amhail glaonna comhordaithe i measc ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus iasachtaí BEI, cuir i gcás) chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt.

·Déanfaidh an Coimisiún leasuithe féideartha ar an gcreat le haghaidh taighde agus nuálaíocht dé-úsáide a mheas chun sineirgí idir ionstraimí sibhialta agus ionstraimí cosanta a fheabhsú.

6.Moltaí

Molann an Coimisiún agus an tArdionadaí/Ceannaire na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint don Chomhairle Eorpach an anailís sin, a chuireann i dtábhacht an gá atá ann aghaidh a thabhairt go práinneach agus go comhpháirteach ar bhearnaí infheistíochta i réimse cosanta gearrthéarmacha agus meántéarmacha na hEorpa, a fhormhuiniú, agus na nithe seo a leanas a iarraidh:

·iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí/Ceann na Gníomhaireachta tascfhórsa a bhunú láithreach chun riachtanais soláthair cosanta anghearrthéarmach a chomhordú agus dul i dteagmháil leis na Ballstáit agus le monaróirí cosanta an Aontais chun tacú le soláthar comhpháirteach chun stoic a athshlánú, go háirithe i bhfianaise na tacaíochta a tugadh don Úcráin;

·iarrtar ar an gCoimisiún ionstraim ghearrthéarmach a mholadh chun cumais thionsclaíocha cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhpháirteach;

·iarrtar ar an gCoimisiún togra a thíolacadh faoin tríú ráithe de 2022 le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP), lena náirítear modh le haghaidh díolúine ón gCáin Bhreisluacha (CBL) agus le haghaidh tionscadail cosanta Eorpacha lena ngabhann leas coiteann;

·iarrtar ar na Ballstáit, ar an Ardionadaí/Ceann na Gníomhaireachta agus at an gCoimisiún feidhm chomhpháirteach clársceidealaithe agus soláthair an Aontais a bhreathnú i réimse na cosanta;

·iarrtar ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh chun mapáil a dhéanamh ar na cumais mhonaraíochta bhreise reatha agus riachtanach agus chun acmhainneacht agus athléimneacht na teicneolaíochta cosanta agus na hearnála tionsclaíche san Eoraip a threisiú;

·iarrtar ar BEI a mheas ar cheart dó, faoi na cúinsí margaidh agus geopholaitiúla atá ann faoi láthair, feabhas a chur ar an tacaíocht a thugann sé do chosaint na hEorpa, lena náirítear acmhainneacht na táirgeachta tionsclaíche, trí oiriúnú a dhéanamh, más gá, dá bheartas iasachtaithe, agus iarraidh ar na Ballstáit, a scairshealbhóirí, tacú leis an bpróiseas sin. 

(1) Comhairle an Aontais Eorpaigh 7371/22.
(2) Go sonrach: Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal: ‘Rannchuidiú an Choimisiúin le cosaint na hEorpa’ (COM(2022) 60 final) an 15 Feabhra 2022. 
(3)

  https://futureu.europa.eu/pages/reporting?format=html&locale=en

(4) Comhiomlánaithe ar bhonn faisnéise foinse oscailte.
(5) Go ginearálta, ní tháirgeann tionscal na cosanta trealamh ach amháin tar éis dó ordú daingean a fháil, gan aon stoc táirgí deiridh ar fáil. Tagraíonn ‘réamhdhéanta’ do tháirgí atá ann cheana, seachas trealamh nua a fhorbairt.
(6) Sonraí GEC: eda-defence-data-report‑2019-2020.pdf (europa.eu) . (Níl DK san áireamh)
(7) Sonraí Cosanta GEC 2019-2020, tairiseach EUR 2020.
(8) Sonraí GEC bunaithe ar an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD).
(9) SIPRI
(10) Foinse: Cothromaíocht Mhíleata 2022.
(11) Is é gealltanas #1 PESCO ‘na buiséid chosanta a mhéadú go rialta i bhfíorthéarmaí chun cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach’. In 2006, rinne Airí Cosanta ECAT iarracht 2 % de OTI náisiúnta a chaitheamh ar chosaint, agus bhí 20 % de sin tiomanta don infheistíocht. In 2014, ag cruinniú mullaigh na Breataine Bige, d’aontaigh na ceannairí stáit agus rialtais bogadh i dtreo an treoirlíne maidir le 2 % de OTI a chaitheamh ar chosaint a chomhlíonadh laistigh de dheich mbliana.
(12) Tá an dá mheastachán bunaithe ar shonraí GEC (níl DK san áireamh).
(13)   An Ciste Eorpach Cosanta (EDF) (europa.eu)
(14)    Sonraí a chuir 11 Bhallstát ar fáil.
(15) https://eda.europa.eu/docs/defaultsource/brochures/eda---defence-data-report2019-2020.pdf
(16) Foinse: Meastachán GEC bunaithe ar shonraí ó Aerspás agus ón gCumann Eorpach um Thionscail Chosanta (ASD).
(17) Is é Airbus (trasEorpach) an chuideachta is mó, agus ina dhiaidh sin tá roinnt de na cuideachtaí móra in FR, IT, DE, SE. Is iad monaróirí ardáin, soláthraithe trealaimh agus fosholáthraithe beaga a dhéanann formhór DTIBanna na mBallstát. Meastar gurb é 2 500 líon iomlán na FBManna san Aontas atá ag feidhmiú go minic sna slabhraí soláthair cosanta ilsraitheanna trasteorann. Freastalaíonn siad ar chustaiméirí i réimse na cosanta talún (39.6 %), na cosanta aeir (30.5 %), na cosanta muirí (18.7 %), na cibearcosanta (7.8 %), agus na cosanta spáis (3.4 %) .
(18) Gan 2013 a áireamh (níl figiúirí SAM ar fáil don bhliain sin); áirítear UK agus DK araon sna figiúirí maidir le hallmhairiú/onnmhairiú (foinse: Roinn Stáit na Stát Aontaithe (via ‘The poison pill: EU defence on US terms?’, EUISS, D. Fiott); I bhfigiúirí AE áirítear UK ach ní DK (foinse: Sonraí cosanta GEC coigeartaithe le rátaí comhshó Eurostat).
(19) Mar shampla trí Chlár Dreasachta um Athchaipitliú de chuid an Aontais agus na Stát Aontaithe (ERIP), a bunaíodh in 2018 chun dreasachtaí a thabhairt trealamh oidhreachta Sóivéadach a athsholáthar, a bhfuil de thoradh air sin deontais USD 277 milliún le haghaidh roinnt tíortha Eorpacha, rud a raibh USD 2.5 billiún i ndíolacháin arm sna Stáit Aontaithe mar thoradh air.
(20) Is é an Plean Forbraíochta um Chumas (CDP) uirlis tosaíochta an Aontais chun an cumas cosanta a fhorbairt. Cuirtear san áireamh ann na heasnaimh mhíleata a bhaineann le CBSC (i.e. oibríochtaí i raon feidhme Airteagal 43 CAE) a sainaithníodh trí phróiseas na bPríomhspriocanna, chomh maith leis na ceachtanna a sainaithníodh i misin agus in oibríochtaí, agus treochtaí teicneolaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus riachtanais náisiúnta cosanta á gcur san áireamh ag an am céanna. Is é próiseas na bPríomhspriocanna an creat atá bunaithe chun na heasnaimh mhíleata (Spriocanna Ardleibhéil um Chumas , HICGanna) a shainaithint bunaithe ar chásanna léiriúcháin díorthaithe ó leibhéal na huaillmhéine míleata don Chomhbheartas Slándála agus Cosanta. Cuirtear na HICGanna sin san áireamh in CDP. Déanann an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) monatóireacht ar an gcaoi a bhfuil na Ballstáit ag saothrú na dtosaíochtaí sin ina bpleanáil cosanta náisiúnta, chun deiseanna comhoibríocha a shainaithint, agus sé ‘réimse fócais’ sonracha don chomhar ann go dtí seo, eadhon: Príomhthancanna Catha, Córais Saighdiúirí, Longa Dromchla den Aicme Patról, Córais Aerárthaí gan Foireann, Feidhmeanna Cosanta maidir leis an spás agus an tsoghluaisteacht mhíleata. Tá na hiarrachtaí sin comhleanúnach leis na ceanglais a eascraíonn as na próisis de chuid ECAT, go háirithe Próiseas Pleanála um Chosaint ECAT, agus feabhsófar leo ullmhacht, stóinseacht agus idir-inoibritheacht fhoinse aonair fórsaí na mBallstát.
(21)  Mar shampla, an tionscadal MALE RPAS (ladrann meánairde fadaga), córais i gcoinne ladrann, an cumas maidir le feasacht staide an spáis, córais luathrabhaidh, an chéad ghlúin eile d’inniúlachtaí beachtionsaithe talamhbhunaithe, teicneolaíochtaí agus córais cibearchosanta a fhorbairt, agus tacaíocht do thionscadail ag fiontair nuálacha bheaga agus mheánmhéide.
(22)    Teachtaireacht Chomhpháirteach, Straitéis chibearshlándála an Aontais Eorpaigh le haghaidh na Deacáide Digití, JOIN(2020) 18 final, roinn 1.2; is cuid de chur chuige foriomlán an Aontais Slándála í an straitéis chibearshlándála.
(23) De réir Airteagal 42(3) CAE, aithnítear GEC mar ‘an Ghníomhaireacht i réimse fhorbairt na gcumas cosanta, an taighde, an tsoláthair, agus na narmálacha...’. Sainmhínítear cúraimí GEC in Airteagal 45 CAE ina luaitear gurb é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, faoi réir údarás na Comhairle,‘… b) comhchuibhiú na riachtanas oibríochtúil a chur chun cinn agus modhanna soláthair éifeachtacha comhoiriúnacha a ghlacadh...’.
(24)    Déanann Príomhghníomhaíochtaí Straitéiseacha GEC feasacht a ardú agus comhthuiscint a chur chun cinn maidir leis na Ballstáit, le hinstitiúidí an Aontais agus le gníomhaithe tionsclaíocha cosanta faoi réimsí tionsclaíocha agus teicneolaíocha chomh maith le scileanna agus inniúlachtaí sa cás go bhféadfadh spleáchais ó ghníomhaithe nach gníomhaithe de chuid an Aontais iad saoirse gníomhaíochta an Aontais i réimse na cosanta a chur i mbaol.
(25)    Agus na tionscnaimh atá ann cheana á gcur san áireamh amhail an Clár Oibre Uileghabhálach Straitéiseach um Thaighde agus na Bloic Tógála Teicneolaíochta a forbraíodh i gCreat na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.
(26) Comhdháil Bhliantúil GEC maidir le ‘Nuálaíocht i Réimse Cosanta na hEorpa’, 7/12/2021.