An Bhruiséil,18.5.2022

JOIN(2022) 23 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú

{SWD(2022) 152 final}


1.Réamhrá

Tá an tAontas Eorpach agus an domhan ag tabhairt aghaidh ar bhagairt eiseach an athraithe aeráide agus ar ghéarchéim fuinnimh atá ag dul i méid. Mura gcuirimid dlús leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus mura dtroidimid i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta, ní bhainfear amach na spriocanna a comhaontaíodh i bPáras agus, dá bhrí sin, caillfear an deis géarchéim aeráide iomlán a sheachaint a mbeidh iarmhairtí millteacha aici do na daoine agus don chomhshaol ar fud an domhain.

Is é conclúid an séú tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide nach mór astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a laghdú 43 % faoi 2030 le fanacht ar an mbóthar ceart chun an sprioc a bhaint amach maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 ºC. Ós rud é go bhfuil earnáil an fhuinnimh lárnach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, beidh sí i gcroílár an aistrithe sin.

An tráth céanna, tá an Rúis tar éis rialacha idirnáisiúnta a bhriseadh trína cogadh foghach gan chúis gan údar in aghaidh na hÚcráine. Cuireadh na margaí fuinnimh agus bia trí chéile, rud a spreag luaineacht mhéadaithe i bpraghsanna agus neamhdheimhneacht fuinnimh, a mbíonn tionchar acu ní hamháin ar an gcomharsanacht máguaird, ach ar an domhan ar fad. Chuige sin, tá gá le freagairt lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais ghearrthéarmacha agus impleachtaí fadtéarmacha an Aontais agus a chuid comhpháirtithe araon. Seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus leanann sé de thacaíocht a thabhairt dá córas fuinnimh.

Is é an t‑aistriú chuig fuinneamh glas an t‑aon bhealach chun fuinneamh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú go comhuaineach ar fud an domhain. Dá bhrí sin, tá rún daingean ag an Aontas leanúint air agus teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe ar fud an domhain chun tíortha comhpháirtíochta a spreagadh lena n‑uaillmhian aeráide a fheabhsú agus a mbealaí i dtreo na haeráidneodrachta a shainiú, ach chun caidreamh fadtéarmach a bhunú freisin chun tairbhe an dá thaobh, go háirithe i réimse an fhuinnimh.

Leanfaidh an tAontas dá rannpháirtíocht ar fud an domhain agus cuirfidh sé dlús léi trí bhíthin comhpháirtíochtaí tiomnaithe. Is féidir é sin a dhéanamh trí thacaíocht airgeadais, cúnamh, aistrithe teicneolaíochta, agus/nó caidreamh trádála feabhsaithe.

Is gá don Eoraip freisin tabhairt faoin gcúrsa seo. D’ainneoin na mbeart éagsúlaithe agus na mbeart inmheánach slándála fuinnimh a glacadh ón ngéarchéim gáis in 2009, tá an Eoraip fós ró‑spleách ar sholáthróir atá toilteanach fuinneamh a úsáid mar arm. Chun an ceann is fearr a fháil ar an leochaileacht sin, chuir an Coimisiún Eorpach teachtaireacht REPowerEU i láthair an 8 Márta 2022, inar cuireadh treoirphlean ar fáil chun deireadh a chur le hallmhairiú fuinnimh iontaise ón Rúis i bhfad roimh 2030. Chuige sin, ní mór an soláthar fuinnimh san Aontas a éagsúlú, cur le coigiltí agus éifeachtúlacht fuinnimh agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas.

Freagraíonn an méid sin go léir do na dúshláin a bhaineann le domhan agus tírdhreach fuinnimh atá ag athrú go tapa. Sna blianta amach romhainn, tiocfaidh deiseanna nua chun cinn chun fuinneamh a tháirgeadh, mar aon le patrúin nua trádála agus riachtanais iompair nua. Cé go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar thrádáil i dtráchtearraí fuinnimh thraidisiúnta, cuirfear tús le trádáil idirnáisiúnta i dtráchtearraí nua amhail hidrigin agus amóinia agus tiocfaidh méadú ar an éileamh ar theicneolaíochtaí astaíochtaí ísle. Beidh gá le caighdeáin nua agus le socruithe nua rialachais chun comhpháirtíochtaí níos iontaofa agus níos tairbhí don dá thaobh a thógáil trí bhíthin cur chuige riailbhunaithe.

Ní mór don Aontas Eorpach a bheith réidh le gníomhú sa timpeallacht nua seo a bhíonn ag athrú agus réidh lena múnlú. Beidh deiseanna nua ann don Eoraip tógáil ar a ceannaireacht theicneolaíoch ghlas, agus forbairt níos córa agus níos inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain, ach dúshláin nua a chur chun cinn freisin maidir lena slándáil fuinnimh agus le hathléimneacht a slabhraí soláthair, go háirithe na hamhábhair chriticiúla, atá ríthábhachtach don aistriú fuinnimh.

Ar an gcaoi chéanna, tugann an ghéarchéim deis do go leor tíortha forbairt ar mór a lorg carbóin a scoitheadh agus tairbhiú de gheilleagar atá níos glaise agus níos cothroime agus a sholáthraíonn rochtain ar fhuinneamh do na milliúin daoine. I gcomhréir le SDG 7 oibreoidh an tAontas chun aistriú cóir cuimsitheach fuinnimh a áirithiú. Cabhróidh agus tacóidh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí leo siúd atá ag tabhairt faoin aistriú glas, rud a éascóidh infheistíocht inbhuanaithe fhadtéarmach, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an Tairseach Dhomhanda, arb í plean agus tairiscint bunaithe ar luach an Aontais Eorpaigh í le haghaidh infheistíocht mhór i bhforbairt bonneagair ar fud an domhain.

Leis na gnéithe sin uile, ceanglaítear ar an Aontas a straitéis sheachtrach fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, níos mó ná 10 mbliana tar éis an straitéis roimhe sin a ghlacadh, a rannpháirtíocht le comhpháirtithe a threisiú agus a thaidhleoireacht aeráide agus fuinnimh a neartú, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 25 Eanáir 2021.

Chun an méid sin a bhaint amach, is é is aidhm do bheartas seachtrach fuinnimh an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

·a shlándáil fuinnimh, a athléimneacht agus a uathriail straitéiseach oscailte a neartú trí sholáthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú agus borradh a chur faoi choigiltí agus éifeachtúlacht fuinnimh;

·dlús a chur leis an aistriú domhanda fuinnimh atá glas agus cóir chun fuinneamh inbhuanaithe slán inacmhainne a áirithiú don Aontas agus don domhan;

·tacú leis an Úcráin agus le tíortha eile a ndéanann fogha na Rúise difear dóibh go díreach nó go hindíreach;

·comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta fadmharthanacha a thógáil agus tionscail fuinnimh ghlain an Aontais a chur chun cinn ar fud an domhain.

2.Beartas seachtrach fuinnimh de chuid an Aontais le haghaidh REPowerEU

Mar a leagtar amach sa phlean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 a foilsíodh i gcomhthráth leis an straitéis seo, méadóidh córas fuinnimh na hEorpa a éifeachtúlacht agus aistreoidh sé chuig foinsí fuinnimh ghlais ar luas níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis roimh thús fhogha na Rúise faoin Úcráin. Cé go bhfuil an t‑aistriú chuig fuinneamh glas i gcroílár iarracht an Aontais neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach, beidh gá breoslaí iontaise ó sholáthróirí idirnáisiúnta eile a chur in ionad breoslaí iontaise na Rúise, toisc go bhfuil laghdú mór tagtha ar tháirgeadh intíre ola agus gáis an Aontais: déanaimid 90 % dár n‑ídiú gáis, 97 % dár n‑ola agus 70 % dár riachtanais ghuail a allmhairiú. Ós rud é go gcrapfaidh ar éileamh an Aontais ar ghás ar luas níos tapúla ná mar a bhí coinne leis agus d’fhonn riosca infheistíochtaí agus sócmhainní tréigthe a íoslaghdú, beidh an tAontas i bhfabhar straitéisí éagsúlaithe a chuimsíonn infheistíochtaí gáis agus infheistíochtaí hidrigine glaise araon.

2.1.Soláthar gáis an Aontais a éagsúlú

Sa lá atá inniu ann, is í an Rúis an soláthróir gáis is mó san Eoraip 1 . Is é is aidhm don phlean REPowerEU deireadh a chur lenár spleáchas ar ghás na Rúise a luaithe is féidir. Cuirfear foinsí inathnuaite fuinnimh, foinsí fuinnimh ísealcharbóin agus éifeachtúlacht agus coigiltí fuinnimh in ionad fhormhór an éilimh gáis sin. Is trí éagsúlú a dhéanamh ar sholáthróirí a chumhdófar aon riachtanas gáis nádúrtha atá fágtha.

Chun na soláthairtí gáis atá ag teastáil sna blianta atá le teacht a sholáthar, ní mór don Aontas a allmhairí gáis ó fhoinsí neamh‑Rúiseacha a mhéadú: gás nádúrtha leachtaithe (GNL) den chuid is mó (+ 50 billiún méadar ciúbach (bcm)), ach gás píblíne freisin (+ 10 bcm). Chun na críche sin, sheol an tAontas an tArdán um Fhuinneamh – chun éileamh a chomhthiomsú, úsáid bonneagair a chomhordú agus caibidlíocht a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun ceannach comhpháirteach gáis agus hidrigine a éascú, mar a leagtar amach sa Chumarsáid Achomair REPowerEU.

Cuireann sé sin leis an obair atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach ón bhfómhar seo caite, agus teagmháil á déanamh aige lenár bpríomhsholáthróirí GNL agus gáis píblíne. Ba é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí sin seachadadh curiarrachta míosúil GNL de 12.5 bcm i mí Aibreáin 2022 agus 42 bcm ó mhí Eanáir go mí Aibreáin 2022. Comhtháthóidh an tArdán iarrachtaí leanúnacha na mBallstát maidir le héagsúlú agus beidh sé ar oscailt don Úcráin, don Mholdóiv agus don tSeoirsia, chomh maith leis na Balcáin Thiar.

Chun na hiarrachtaí maidir le héagsúlú a éascú, d’aontaigh an Coimisiún Eorpach agus na Stáit Aontaithe 2 oibriú chun GNL breise a sheachadadh don Aontas (15 bcm ar a laghad in 2022 agus tuairim is 50 bcm in aghaidh na bliana go dtí 2030 ar a laghad), trí onnmhairí ó na Stáit Aontaithe ach i gcomhar freisin le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile. Bhunaigh an Coimisiún meitheal thiomnaithe le Ceanada freisin chun féachaint ar sheachadtaí GNL agus hidrigine a d’fhéadfadh a bheith ann sna blianta atá le teacht 3 .

Roimh an samhradh seo, tá sé mar aidhm ag an Aontas comhaontú tríthaobhach a thabhairt i gcrích leis an Éigipt agus le hIosrael maidir le GNL a sholáthar don Eoraip. Tá an tSeapáin agus an Chóiré tar éis roinnt lastaí GNL a atreorú chuig an Eoraip cheana féin agus leantar d’obair a dhéanamh le go n‑úsáidfear an rogha sin amach anseo. Tá Catar réidh le babhtálacha le tíortha na hÁise a éascú. Maidir le gás píblíne, tá an Iorua tar éis a seachadtaí chun na hEorpa a mhéadú cheana féin agus tá sé curtha in iúl ag an Ailgéir agus ag an Asarbaiseáin araon go bhfuil siad toilteanach é sin a dhéanamh freisin. Beidh sé d’aidhm ag an Aontas an tidirphlé fuinnimh leis an Ailgéir a atosú agus cuirfidh sé leis an gcomhar leis an Asarbaiseáin i bhfianaise thábhacht straitéiseach Chonair Gháis an Deiscirt. Dá gcuirfí le toilleadh na Píblíne Trasaidriadaí, mhéadófaí an soláthar gáis don Aontas agus do thíortha na mBalcán Thiar.

Cuireann tíortha san Afraic Fho-Shahárach, agus go háirithe tíortha san Afraic Thiar amhail an Nigéir (a raibh 15 % d’allmhairí an Aontais á sholáthar aici cheana féin in 2021), an tSeineagáil agus Angóla, poitéinseal GNL ar fáil nár baineadh leas as cheana. Dá gcuirfí an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach , d’éascófaí machnamh tiomnaithe maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an Iaráin ina soláthróir iontaofa gáis don Eoraip.

Beidh sé d’aidhm ag an Aontas a áirithiú go ndéanfar soláthairtí breise gáis ó sholáthróirí gáis atá ann cheana agus ó sholáthróirí nua gáis in éineacht le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun dul i ngleic le sceitheadh meatáin agus chun aghaidh a thabhairt ar scaoileadh agus bladhmadh, rud a chruthóidh leachtacht bhreise ar na margaí domhanda, agus tairbhí suntasacha don aeráid á náirithiú an tráth céanna. Chun na críche sin, oibreoidh an tAontas i gcomhar lena chomhpháirtithe soláthair breoslaí iontaise chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Cailltear ar a laghad 46 bcm de ghás nádúrtha 4 in aghaidh na bliana mar gheall ar scaoileadh agus bladhmadh sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith á sholáthar sin don Aontas. Tá an teicneolaíocht ann chun formhór an mheatáin sin (príomhchomhpháirt an gháis nádúrtha) a ghabháil ar bhealach inbhuanaithe eacnamaíoch. Tá an tAontas réidh le cúnamh teicniúil a sholáthar do chomhpháirtithe chun scéimeanna ‘má shábhálann sibhse, ceannóimidne’ mar sin a chur ar bun a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh.

Ina theannta sin, tionólfaidh an tAontas comhpháirtithe amhail an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus an Banc Domhanda chun dreasachtaí a chruthú chun gáis iontaise dramhaíola a bhailiú go tapa, lena n‑áirítear meatán, agus na caillteanais sin a chuachadh ina dtáirgí fiúntacha is féidir a dhíol le ceannaitheoirí idirnáisiúnta.

Déantar iarracht an Aontais maidir le héagsúlú i gcomhthéacs éileamh domhanda atá ag dul i méid agus praghsanna arda GNL. Ní mór leasanna na gcomhpháirtithe domhanda a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí sin.

I bhfianaise éabhlóid mheántéarma an mheascáin fuinnimh san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an tAontas comhpháirtíochtaí fuinnimh níos leithne chun cinn, lena gcomhcheanglófar comhar gáis le comhar fadtéarmach fuinnimh maidir le hidrigin, gáis in‑athnuaite (lena n‑áirítear bithmheatán) agus foinsí eile fuinnimh ghlais chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus chun an taistriú glas a áirithiú.

Beidh sé d’aidhm freisin ag beartas fuinnimh an Aontais margaí domhanda GNL a áirithiú a bheidh oscailte, solúbtha agus leachtach agus a fheidhmeoidh go maith, ina mbeidh na tíortha is mó táirgthe (SAM, an Astráil, Catar, an Nigéir, an Éigipt etc.) agus tomhaltóra (an tSín, an tSeapáin, an Chóiré) araon rannpháirteach. Soláthraíonn G7, G20, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) agus fóraim idirnáisiúnta eile deiseanna chuige sin.

Príomhghníomhaíochtaí:

·a áirithiú go gcuirfear Ardán an Aontais um Fhuinneamh agus a ardáin réigiúnacha i mbun feidhme go pras;

·na Ráitis Chomhpháirteacha leis na Stáit Aontaithe agus le Ceanada a chur chun feidhme ina niomláine;

·gealltanais pholaitiúla a chaibidliú le soláthróirí nua gáis nó le soláthróirí gáis atá ann cheana chun seachadtaí gáis chuig an Eoraip a mhéadú;

·scéimeanna trádála ‘má shábhálann sibhse, ceannóimidne’ a chur ar bun chun gás nádúrtha agus meatán a ghabháil agus a thrádáil.

2.2.An tAontas a ullmhú le haghaidh trádáil hidrigine inathnuaite

Leagtar amach sa phlean REPowerEU gur féidir 15 mhilliún tona breise (mt) hidrigine in‑athnuaite – anuas ar na 5.6 mt atá beartaithe cheana faoin tionscnamh Oiriúnach do 55 – a chur in ionad tuairim is 27 bcm de ghás Rúiseach allmhairithe faoi 2030. Áirítear leis sin 10 mt de hidrigin allmhairithe.

Agus acmhainní domhanda gaoithe agus gréine á gcur san áireamh, tá an cumas hidrigin in‑athnuaite a tháirgeadh i bhfad níos coitianta ar fud an domhain ná mar atá stoic ola agus gháis. Mar sin féin, ní mór an margadh sin a fhorbairt go fóill agus éilíonn sé, ar fud an domhain, méadú suntasach ar tháirgeadh in‑athnuaite agus ar infhaighteacht uisce.

Chun allmhairiú 10 milliún tona hidrigine isteach san Aontas a éascú, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Eorpach comhpháirtíochtaí um hidrigin a thabhairt i gcrích le tíortha comhpháirtíochta iontaofa chun caidreamh trádála agus infheistíochta atá oscailte agus neamhshaofa a áirithiú le haghaidh breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin. Beartaíonn sé trí chonair mhóra allmhairithe hidrigine ó réigiún na Mara Thuaidh (an Iorua agus an Ríocht Aontaithe), ón Meánmhuir Theas agus ón Úcráin, a luaithe a cheadóidh na coinníollacha é sin.

An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh In‑Athnuaite (IRENA): Acmhainneacht theicniúil maidir le hidrigin ghlas a tháirgeadh faoi USD 1.5/kg faoi 2050, ina EJ

Is réigiún í an Mheánmhuir theas ina bhfuil acmhainneacht thar a bheith ard hidrigin in‑athnuaite a ghiniúint. Chun deiseanna a chruthú chun tairbhe an réigiúin agus an Aontais araon, tá an Coimisiún Eorpach ag oibriú ar Chomhpháirtíocht um Hidrigin Ghlas sa Mheánmhuir idir an tAontas agus tíortha sa Mheánmhuir theas. Leis an obair sin, cuirtear leis an gClár Oibre nua don Réigiún Meánmhuirí atá ann cheana agus lena Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, agus is leis an gComhpháirtíocht um Hidrigin idir an tAontas agus an Éigipt a chuirfear tús leis an obair. Ba é sin an chéad chéim i dtreo comhar hidrigine in‑athnuaite níos leithne idir an Eoraip, an Afraic agus an Mhurascaill, limistéar eile ina bhfuil a lán acmhainní chun hidrigin a tháirgeadh.

Dá gcuirfí chun feidhme iad agus aird á tabhairt ar riachtanais áitiúla shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, chuirfí chun cinn, le comhar sa réimse seo, táirgeadh agus tomhaltas áitiúil leictreachais in‑athnuaite agus hidrigine in‑athnuaite agus forbairt slabhraí luacha don tionsclaíocht ghlas i dtíortha comhpháirtíochta. Le creat rialála an Aontais le haghaidh hidrigine ba cheart cothrom iomaíochta le haghaidh hidrigin a allmhairítear agus a tháirgtear sa bhaile a áirithiú.

San Afraic Fho-Shahárach, tá an Afraic Theas agus an Namaib ag dul chun cinn cheana féin maidir lena n‑earnáil hidrigine in‑athnuaite a fhorbairt agus is díol spéise do thionscal an Aontais iad. Tá comhar feabhsaithe maidir le hidrigin in‑athnuaite ina chuid freisin de chaidreamh déthaobhach an Aontais le tíortha amhail an Éigipt agus Maracó, mar a bhfuil obair ar Chomhpháirtíocht Ghlas idir an tAontas agus Maracó curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá obair ar siúl freisin ar chomhpháirtíocht straitéiseach leis an Úcráin maidir le gáis in‑athnuaite, lena n‑áirítear hidrigin agus bithmheatán, d’fhonn méadú suntasach a chur i bhfeidhm ar an obair sin a luaithe a bheidh na dálaí ann chuige.

Sa chomharsanacht máguaird, tá an tAontas réidh le tacú le forbairt gréasán tríd an Rialachán athbhreithnithe maidir le Gréasáin Fuinnimh ThrasEorpacha (GTE-F) 5 . Is féidir le tionscadail le tíortha nach bhfuil san Aontas ar tionscadail iad a chuireann go mór le cuspóirí GTE-F stádas Tionscadal Leasa Choitinn a bhaint amach, lipéad a léiríonn tionscadail chomhpháirteacha maidir le tarchur leictreachais, iompar hidrigine agus saoráidí líonra agus stórála CO2 a chomhlíonann caighdeáin sábháilteachta bheachta an Aontais. Go comhthreomhar leis sin, beidh gá le hinfheistíochtaí chun an acmhainn loingseoireachta agus an lóistíocht a áirithiú chun an tráchtearra sin a iompar.

Ní mór an margadh nua-fhorbartha domhanda hidrigine a bheith bunaithe ar rialacha comhchoiteanna, go háirithe maidir le caighdeáin, deimhniúchán agus dea-chleachtas rialála, ó thaobh rochtain ar bhonneagar agus trádáil. Is é creat rialála an Aontais le haghaidh hidrigine an creat is forbartha ar fud an domhain. Agus úsáid á baint aige as an taithí sin, ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le creat láidir a fhorbairt le haghaidh margadh hidrigine domhanda trédhearcach riailbhunaithe. Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas sin ceachtanna a foghlaimíodh i margaí gáis agus ola ionas go mbeidh na hearraí fuinnimh nua sin in ann gluaiseacht gan bhac thar theorainneacha, agus ar an gcaoi sin ár slándáil fuinnimh a neartú agus sinn ag aistriú ó bhreoslaí iontaise. Chun tús a chur leis an margadh domhanda hidrigine in‑athnuaite, tá forbairt Saoráide Hidrigine Eorpaí Domhanda á beartú ag an Aontas, mar a léirítear sa Chumarsáid Achomair REPowerEU.

Príomhghníomhaíochtaí:

·comhpháirtíochtaí um hidrigin a thabhairt i gcrích, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais agus san Afraic, chun allmhairiú 10 milliún tona hidrigine a éascú faoi 2030 agus chun margaí áitiúla hidrigine a fhorbairt;

·Meabhrán Comhair maidir le Hidrigin a shíniú leis an tSeapáin faoi dheireadh 2022;

·margadh domhanda trédhearcach riailbhunaithe hidrigine a chur chun cinn bunaithe ar thaithí an Aontais; 

·na chéad mhoil trádála le haghaidh hidrigin inathnuaite san Eoraip a thionscnamh agus iad a bhunú mar thagarmharc le haghaidh idirbhearta i hidrigin arna nainmniú in Euro;

·Comhpháirtíocht Straitéiseach a bhunú leis an Úcráin maidir le gáis inathnuaite in 2022;

·Saoráid Hidrigine Eorpach Dhomhanda a fhorbairt.

2.3.Spleáchas ar allmhairí fuinnimh na Rúise a laghdú seachas gás

Agus 8 milliún bairille á seoladh go laethúil, is í an Rúis an tonnmhaireoir ola is mó ar domhan. Dá bhrí sin, chruthaigh a hionradh ar an Úcráin suaitheadh agus éiginnteacht sa mhargadh ola domhanda, le praghsanna ag teacht gar ó am go chéile do USD 150 in aghaidh an bhairille, arbh é sin an praghas ab airde riamh.

Mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, is dócha go leanfaidh luaineacht agus ganntanas sa mhargadh agus bíonn tionchar acu ní hamháin ar an Aontas, ach ar gach tomhaltóir ola ar fud an domhain, go háirithe na tomhaltóirí is leochailí. Tá an tAontas ag oibriú i gcomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh dóthain soláthairtí ola ar fáil ar fud an domhain agus ar phraghsanna inacmhainne. I gcomhar le hairí fuinnimh ghrúpa G7, iarrann an tAontas ar na tíortha táirgeachta ola breathnú ar mhéadú a chur ar sheachadtaí don mhargadh domhanda agus úsáid á baint acu as an acmhainn bhreise iomlán atá ar fáil.

Sa chomhthéacs sin, le cur chun feidhme iomlán éifeachtach an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta d’éascófaí teacht isteach na soláthairtí Iaránacha ola atá ar fáil sa mhargadh, rud a laghdódh ar bhrú soláthair agus luaineacht praghsanna. Sa Teachtaireacht maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill, a foilsíodh i gcomhthráth leis an straitéis seo, leagtar amach cur chuige an Aontais maidir lena chaidreamh a neartú le tíortha Chomhairle Chomhair na Murascaille atá saibhir ó thaobh acmhainní ola de.

An tráth céanna, d’aontaigh comhaltaí IEA d’aon ghuth tarraingt ar stoic éigeandála chun 120 milliún bairille a scaoileadh, an scaoileadh stoic is mó i stair IEA. Léirigh sé sin an tábhacht a bhaineann le stoic éigeandála mar mhaolaire turrainge. Cé gur inniúlacht de chuid na mBallstát iad na cinntí maidir le stoic a scaoileadh, léirítear leis an taithí a fuarthas ó phróiseas comhchoiteann IEA a úsáidí atá sé nuair a ghlacann an tAontas ról comhordúcháin, dá mbeadh gá le scaoileadh breise.

Chinn an tAontas stop a chur leis na hallmhairí uile guail ón Rúis, mar chuid dá chúigiú pacáiste smachtbhannaí i mí Aibreáin 2022. Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa ghearrthéarma, ciallaíonn sé sin gur gá idir 44 agus 56 mhilliún tona guail a ionadú go bliantúil, trí allmhairiú den chuid is mó. San fhadtéarma, cuirfear deireadh de réir a chéile leis an ngual san Aontas, i bhformhór na dtíortha faoi 2030. Nuair a glacadh trádbhac an Aontais ar ghual na Rúise, mhéadaigh praghsanna san Aontas thart ar 15 % go EUR 325 in aghaidh an tona, ach ní mheastar go mbainfidh deacrachtaí móra leis an soláthar guail toisc gur fhill na praghsanna ag deireadh mhí Aibreáin ar an leibhéal réamh‑thrádbhaic.

Gné thábhachtach den obair atá in éagsúlú soláthairtí breosla do stáisiúin cumhachta núicléiche mar tá roinnt Ballstát ag brath go hiomlán ar bhreosla núicléach na Rúise go fóill. Tabharfaidh an tAontas cúnamh d’fhóntais núicléacha chun dlús a chur leis an bpróiseas ceadúnúcháin i gcomhair breosla ionadúil le haghaidh imoibreoirí VVER a dearadh sa Rúis 6 agus oibreoidh sé le heagraíochtaí idirnáisiúnta núicléacha amhail an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus an Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach (NEA) faoin Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun cur leis an gcomhar i réimse shlándáil an tsoláthair. Tá obair ar siúl cheana féin le comhpháirtithe amhail Ceanada.

Príomhghníomhaíochtaí:

·oibriú le G7, G20 agus fóraim idirnáisiúnta eile chomh maith le hobair dhéthaobhach le tíortha ábhartha chun margaí ola dea-fheidhmiúla a áirithiú a bhfuil soláthar maith acu;

·leanúint den idirphlé le hEagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam (OPEC) chun cobhsaíocht agus inacmhainneacht ar an margadh ola a áirithiú;

·comhordú a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais ar an mbrú ar mhargaí ola, lena náirítear scaoileadh stoc ola a d’fhéadfadh a bheith ann mar chuid de ghníomhaíocht chomhpháirteach IEA nó de fhreagairt an Aontais ar bhriseadh sa soláthar;

·dlús a chur le héagsúlú an tsoláthair breosla do stáisiúin cumhachta núicléiche, lena náirítear é sin a dhéanamh i gcomhar le EURATOM 7 .

2.4.Tosaíocht a thabhairt do choigiltí agus éifeachtúlacht fuinnimh

Agus an tAontas ag imeacht ó sholáthar fuinnimh na Rúise, tabharfaidh sé tosaíocht do choigiltí agus éifeachtúlacht fuinnimh, leis an aidhm laghdú 5 % a bhaint amach ar an éileamh ar ola agus ar ghás sa ghearrthéarma. Laghdóidh sé sin an brú praghsanna agus éilimh ar na margaí domhanda. Oibreoidh an tAontas i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta freisin chun go mbeidh coigiltí agus éifeachtúlacht fuinnimh ina dtosaíocht dhomhanda. In éineacht le geilleagair fhorbartha eile, díreoidh an tAontas go háirithe ar thomhaltas fuinnimh a laghdú, agus é ag cur le feachtas IEA ‘Playing My Part’ [Mo Chuidse á Dhéanamh Agam] i measc nithe eile.

Tá go leor tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le héifeachtúlacht fuinnimh. I gcás glan‑nialasach IEA, fásann an geilleagar domhanda 40 % faoi 2030, ach úsáideann sé 7 % níos lú fuinnimh phríomhúil agus tá na réitigh ina leith sin réidh go teicniúil, costéifeachtach agus ar fáil do gach earnáil cheana féin. Is féidir an acmhainneacht is mó coigilte a bhaint amach i dtéamh agus i bhfuarú foirgneamh poiblí agus príobháideach. Is féidir mórchoigiltí breise fuinnimh a ghnóthú ó phróisis níos éifeachtúla, ón aistriú chuig geilleagar ciorclach agus ón iompar, agus ó fhearais níos éifeachtúla chomh maith, i dtithe (amhail teaschaidéil) agus sa tionscal araon.

  IEA: Má dhéantar ráta na bhfeabhsaithe ar dhéine fuinnimh a dhúbailt sna 10 mbliana amach romhainn, cuideofar leis an éileamh ar fhuinneamh a laghdú faoi 95 EJ

taithí rialála, reachtaíochta, socraithe caighdeán agus lipéadaithe forbartha ag an Aontas, rud a d’fhéadfadh a bheith ina spreagadh do go leor tíortha. Cuirfidh an tAontas na caighdeáin agus na cleachtais sin chun cinn go hidirnáisiúnta, agus aitheantas á thabhairt do chúinsí sonracha a chomhpháirtithe. Tá sé ríthábhachtach freisin infheistíochtaí móra caipitil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon a shlógadh. Is féidir dea-chleachtais an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú a roinnt agus cur leo, i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí airgeadais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Léiríonn an cás ina stoptar sceitheadh meatáin gur féidir costais laghdaithe dhiúltacha a bheith ar bhearta coigilte fuinnimh: is féidir deireadh a chur le suas le 70 % d’astaíochtaí meatáin ó earnálacha na hola, an gháis agus an ghuail trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht an lae inniu, agus is féidir deireadh a chur le beagnach leath díobh ar bhrabús nó gan chostas 8 .

Cheana féin, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis um Meatán de chuid an Aontais 9 agus togra reachtach chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin lena mbaineann gné shoiléir idirnáisiúnta. Go hidirnáisiúnta, bhunaigh an tAontas an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán i gcomhar leis na Stáit Aontaithe 10 . Geallann na tíortha rannpháirteacha go laghdóidh siad a nastaíochtaí comhchoiteanna meatáin faoi 30 % ar a laghad de leibhéil 2020 faoi 2030. Tá breis agus 110 dtír páirteach sa ghealltanas sin cheana féin, as a dtagann tuairim is leath na nastaíochtaí meatáin de dhéantús an duine ar fud an domhain.

·Príomhghníomhaíochtaí: oibriú le comhpháirtithe le go mbeadh éifeachtúlacht agus coigiltí fuinnimh ina dtosaíocht dhomhanda;

·tacú leis an aistriú domhanda chuig geilleagar níos ciorclaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú;

·infhaighteacht maoinithe a éascú, mar aon le rochtain air, le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus infheistíochtaí coigiltis;

·an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán agus an ghné sheachtrach de straitéis an Aontais um meatán a chur chun feidhme.

3.Tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe a bhfuil tionchar ag ionradh na Rúise ar an Úcráin orthu

Tá gach uile ghné d’fhogha míleata na Rúise ina cúis le héifeachtaí scanrúla ar an ngeilleagar domhanda atá sistéamach agus iarmhartach, geilleagar atá thíos cheana féin le paindéim COVID‑19 agus leis an athrú aeráide, agus tá tionchair shuntasacha ar thíortha i mbéal forbartha go háirithe.

Sna réamhmheastacháin a rinne UNCTAD 11 le déanaí, meastar go mbeidh pointe céatadáin iomlán níos ísle d’fhás OTI sa gheilleagar domhanda ná mar a bhíothas ag súil leis de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud atá ag cur isteach go mór ar mhargaí bia, fuinnimh agus airgeadais ina raibh ganntanas cheana féin 12 . Tá praghsanna níos airde ná riamh á mbaint amach ag tráchtearraí: tháinig méadú tuairim is 60 % ar phraghsanna amhola, tá gás agus leasachán níos mó ná dhá oiread níos daoire, agus tá praghsanna bia 34 % níos airde ná an uair seo anuraidh.

Léirítear i measúnuithe a rinne na Náisiúin Aontaithe le déanaí go bhfuil aon trian de 1.7 billiún duine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht cheana féin le haghaidh a thabhairt ar bhriseadh sna córais bhia, fuinnimh agus airgeadais 13 . Mar thoradh air sin, titfidh go leor tíortha atá i mbéal forbartha siar a thuilleadh go heacnamaíoch, agus méadú á theacht an tráth céanna ar a leochaileacht de dheasca an teannais gheopholaitiúil atá ag dul in olcas agus na héiginnteachta eacnamaíche atá ag éirí níos measa.

Agus an tionchar sin á aithint aige, bainfidh an tAontas Eorpach leas as na hionstraimí uile atá ann cheana chun leanúint de thacú le geilleagair atá i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic agus i gcomharsanacht an Aontais, chun téarnamh as paindéim COVID‑19 agus chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe a bhaint amach, agus athléimneacht eacnamaíoch á cothú an tráth céanna atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na suaití sin agus ar ghéarchéim an athraithe aeráide. Tá iarrachtaí an Aontais tacú le haistriú domhanda fuinnimh atá cóir agus glas, mar a leagtar amach i gcaibidil 4, lárnach san obair sin. Déanfaidh an tAontas faireachán ar thionchar fhogha na Rúise ar chomhpháirtithe agus tabharfaidh sé aghaidh ar an tionchar sin trí rannpháirtíocht dhéthaobhach agus iltaobhach agus oibreoidh sé i dtreo freagairt dhomhanda aontaithe.

3.1.Córas fuinnimh na hÚcráine a athchumhachtú agus comhoibriú leis an gcomharsanacht máguaird

Ó thosaigh fogha míleata na Rúise, is cuid lárnach de bheartas fuinnimh an Aontais é cúnamh a thabhairt don Úcráin agus do náisiúin eile a ndearna an cogadh difear díreach dóibh. Le hobair an Aontais díríodh ar sholáthairtí fuinnimh gan bhriseadh agus ar shábháilteacht núicléach san Úcráin a áirithiú. Is céim mhór é sioncrónú na heangaí leictreachais éigeandála leis an Úcráin agus leis an Moldóiv i dtreo slándáil an tsoláthair a áirithiú. Is é an chéad tosaíocht pholaitiúil eile trádáil leictreachais leis an Aontas a cheadú bunaithe ar mhéaduithe de réir a chéile ar an toilleadh intrádála.

Leis na sreabha cúltreo atá ann faoi láthair, is féidir gás ón tSlóvaic agus ón Ungáir a thabhairt chun na hÚcráine cheana. Is comhartha soiléir tacaíochta é freisin ardán an Aontais le haghaidh ceannach comhpháirteach gáis, GNL agus hidrigine a oscailt don Úcráin, don Mholdóiv, don tSeoirsia agus do na Balcáin Thiar. Déantar trealamh fuinnimh a ndearnadh damáiste dó san Úcráin a dheisiú le saintrealamh fuinnimh a chuirtear ó na Ballstáit chuig an Úcráin tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Earraí nach féidir leis na Ballstáit a sholáthar, faightear iad tríd an gCiste Tacaíochta um Fhuinnimh le haghaidh na hÚcráine arna bhunú ag an gComhphobal Fuinnimh.

Le go bhféadfar margadh fuinnimh na hÚcráine a chomhtháthú go hiomlán amach anseo, tá tacaíocht theicniúil á soláthar ag an Aontas chun athchóirithe margaidh a áirithiú. Leis na hathchóirithe, beifear in ann fuinneamh in‑athnuaite a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus ailíniú le huaillmhian aeráide an Aontais. Tá an obair sin ar siúl faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais, agus faoin gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Tá ról tábhachtach ag an gComhphobal Fuinnimh agus ag Tascfhórsa nuabhunaithe Fuinnimh na hÚcráine san obair sin.

Is tosaíocht mhór i gcónaí í an tsábháilteacht núicléach, go háirithe i bhfianaise iompar meargánta na Rúise i suíomhanna núicléacha na hÚcráine. Tá an tAontas ailínithe go hiomlán le hiarracht na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach sábháilteacht shaoráidí núicléacha na hÚcráine a áirithiú i gcónaí. Úsáideann an tAontas an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus chun an tsábháilteacht núicléach a athbhunú chun an creat dlíthiúil idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus saothraíonn sé an tacaíocht atá ann le fada an lá d’údarás rialála na hÚcráine. Tá sé réidh cuidiú le hatógáil na hacmhainneachta sábháilteachta núicléiche is gá.

Agus aghaidh á tabhairt aige ar an todhchaí, leag an tAontas a chur chuige amach maidir le creat níos fadtéarmaí atógála sa Teachtaireacht maidir le Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine 14 . Oibreoidh an tAontas i gcomhar leis an Úcráin chun an tionscnamh REPowerUkraine a ullmhú, chun córas fuinnimh na hÚcráine a ‘atógáil le go mbeadh sé níos fearr ná mar a bhí’, d’fhonn earnáil fuinnimh na hÚcráine a dhícharbónú agus neamhspleáchas fuinnimh na hÚcráine á áirithiú ar an gcaoi sin. Ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh, ar hidrigin inathnuaite, ar bhithmheatán agus ar bhonneagar atá slán i bhfad na haimsire. Tacóidh an tAontas leis an bpróiseas sin ar bhonn airgeadais agus teicniúil araon.

Leis na Balcáin Thiar, leanfaidh an tAontas de thacú le Clár Oibre Glas agus neamhspleáchas fuinnimh an réigiúin, agus athchóirithe á gcur chun cinn a bhogfaidh an réigiún ar aghaidh ar an mbealach Eorpach. Tá an Comhphobal Fuinnimh, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, ag oibriú chun na spriocanna fuinnimh agus aeráide i gcomhair 2030 a chinneadh. Leis sin, seolfar na comharthaí cuí infheistíochta agus áiritheofar gealltanas polaitiúil maidir le céimniú amach an ghuail agus don aistriú fuinnimh i gcoitinne. Le cur chun feidhme na bpríomhghníomhartha dlí a ghlac an Comhphobal Fuinnimh i mí na Samhna 2021, beifear in ann foinsí in‑athnuaite fuinnimh, stóráil agus freagairt ar an éileamh a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

Molfaidh an tAontas na Balcáin Thiar a chomhtháthú go hiomlán i margadh inmheánach leictreachais an Aontais d’fhonn an tathrú ar tháirgeadh fuinnimh in‑athnuaite agus ar dhícharbónú an tsoláthair fuinnimh in Oirdheisceart na hEorpa a éascú. Dá dtabharfaí an phraghsáil carbóin isteach de réir a chéile, d’fhéadfaí cur le hailíniú níos fearr leis an Aontas.

Príomhghníomhaíochtaí:

·tacú le deisiú agus atógáil an bhonneagair fuinnimh san Úcráin;

·acmhainn trasteorann a mhéadú chun trádáil leictreachais a éascú;

·sreabh cúltreo gáis a éascú chun na hÚcráine trí Phoblacht na Slóvaice, an Ungáir agus an Pholainn agus chun na Moldóive agus na hÚcráine tríd an Rómáin (an phíblíne ThrasBhalcánach);

·iarraidh ar an Úcráin, ar an Moldóiv, ar an tSeoirsia agus ar thíortha na mBalcán Thiar a bheith rannpháirteach in Ardán an Aontais um Cheannach Fuinnimh;

·dlús a chur le hathchóirithe intíre agus le tionscnaimh suaitheanta fuinnimh na bPleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus do Chomhpháirtíocht an Oirthir, arna gcur in oiriúint don staid reatha, chun dlús a chur le himscaradh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, chun an taistriú chuig fuinnimh glas a áirithiú agus chun cuidiú leis an spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú;

·leas a bhaint as creat an Chomhphobail Fuinnimh chun spriocanna uaillmhianacha fuinnimh agus aeráide agus athchóirithe margaidh a spreagadh, agus chun foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chomh maith;

·an tionscnamh REPowerUkraine a sheoladh chun soláthar fuinnimh a áirithiú agus earnáil fuinnimh na hÚcráine a atógáil tar éis an chogaidh.

4.An taistriú domhanda fuinnimh atá glas agus cóir a threorú agus dlús a chur leis

Tá an taistriú chuig fuinneamh glas ríthábhachtach chun an téamh domhanda a theorannú go 1.5 céim, chun borradh a chur faoin bhfás, chun deiseanna a chur ar fáil agus chun dálaí maireachtála a fheabhsú ar fud an domhain, chomh maith le rioscaí maidir le praghsanna agus slándáil fuinnimh a mhaolú. I gcás ina dteorannófaí an téamh go 1.5 céim, chiallódh sé go mbeadh fás 2.3 % níos mó ar OTI ann go dtí 2030 ná mar a bheadh i gcás ‘gnó mar is gnách’ agus 85 mhilliún post nua a bhaineann leis an aistriú fuinnimh 15 .

Tá an tAontas tiomanta don aistriú glas domhanda a stiúradh agus do dhlús a chur leis agus do thacaíocht a thabhairt dá chomhpháirtithe idirnáisiúnta sa phróiseas. Áirítear leis sin oibriú le chéile ar fhuinneamh in‑athnuaite, ar éifeachtúlacht agus coigiltí fuinnimh, ar an ngeilleagar ciorclach, ar fhás glas, ar chosaint acmhainní nádúrtha, ar amhábhair chriticiúla, ar theicneolaíochtaí glana agus ar bhonneagar atá slán i bhfad na haimsire.

Sheol an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais an Tairseach Dhomhanda, straitéis Eorpach nua chun naisc chliste ghlana shlána a threisiú san earnáil dhigiteach agus sna hearnálacha fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus Comhaontú Pháras. Is trí chur chuige de chuid Fhoireann na hEorpa a sholáthrófar an Tairseach Dhomhanda, lena n‑áirítear iarracht láidir a dhéanamh ar an aistriú chuig fuinneamh glas, rud a thabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit le chéile lena n‑institiúidí airgeadais agus forbartha, lena n‑áirítear BEI agus BEAF, d’fhonn suas le EUR 300 billiún infheistíochta a ghiaráil in 2021-2027.

Tacaíonn an tAontas leis an aistriú glas domhanda freisin trína mhaoiniú don aeráid. Tá 30 % d’imchlúdach cabhrach an Aontais um fhorbairt dírithe ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide, earnáil an fhuinnimh san áireamh. D’fhéadfaí a rá gurb é an tAontas an rannpháirtí is mó a chuireann le gealltanas domhanda na náisiún is forbartha USD 100 billiún a chur ar fáil go bliantúil le haghaidh maoiniú don aeráid agus leanfaidh sé de bheith ag oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile le go ndéanfaidh siad amhlaidh.

Chun go n‑éireoidh leis, caithfidh an t‑aistriú glas a bheith cóir agus caithfidh cothroime shóisialta a bheith ag baint leis. Go háirithe i gcomhthéacs an téarnaimh mhall, an tsuaite eacnamaíoch agus iarmhairtí domhanda fhogha na Rúise faoin Úcráin, ní mór na gnéithe sóisialta a bhaineann le hathchruthú na gcóras fuinnimh a bheith lárnach san aistriú. Is tosaíocht de chuid an Aontais é sin agus is cuid lárnach é dár mbeartas seachtrach fuinnimh. Ar thaobh amháin, eascraíonn laghdú as sin ar an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise (gual go háirithe), agus ar an taobh eile cuirtear deiseanna nua ar fáil trí theicneolaíochtaí glasa (caibidil 4.1), ag dul i ngleic an tráth céanna le saincheisteanna amhail rochtain ar fhuinneamh, fóirdheontais breosla iontaise, forbairt scileanna agus éifeachtaí dáileacháin an aistrithe.

Cé nach é an gual an taon bhreosla iontaise amháin, is é an ceann is truaillithí é agus is é is cúis le 40 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain. Dá bhrí sin, tá sé i gcroílár iarrachtaí aistrithe chóir an Aontais a dhíríonn go háirithe ar na tíortha is mó a ídíonn gual.

Mar thoradh ar COP26, tá an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit an Fhrainc agus an Ghearmáin, chomh maith lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, ag cur comhpháirtíocht um aistriú cóir leis an Afraic Theas chun feidhme, a bhfuil buiséad USD 8.5 billiún aici chun dlús a chur le dícharbónú an gheilleagair, agus béim á leagan ar dheireadh a chur de réir a chéile le gual agus costais oiriúnaithe shóisialta na tíre a íoslaghdú. Tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí comhpháirtíochtaí um aistriú cóir a thabhairt i gcrích le comhpháirtithe eile amhail Vítneam, an Indinéis agus an India.

I gcomhréir le huaillmhianta sainráite na Síne a spleáchas ar ghual a laghdú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo a sprice a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2060, tá an tArdán um Chomhar Fuinnimh idir an tAontas agus an tSín agus an tIdirphlé Ardleibhéil bliantúil i ndáil le Fuinneamh idir an tAontas agus an tSín dírithe ar mhargaí carbóin, ar chórais fuinnimh, ar fhuinneamh in‑athnuaite, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chomhar gnó. Bhunaigh an tAontas idirphlé maidir le beartas saothair agus sóisialta freisin leis an India, leis an tSín agus le comharsanacht an Deiscirt laistigh den Aontas le haghaidh Ardán Réigiúnach Meánmhuirí maidir le Fostaíocht agus Saothar. Tacaíonn an tAontas freisin le deireadh a chur de réir a chéile leis an ngual sna Balcáin Thiar agus san Úcráin trína thionscnamh ‘Réigiúin Ghuail i mbun Aistrithe’.

Príomhghníomhaíochtaí:

·dlús a chur leis an aistriú domhanda chuig fuinneamh glas trí infheistíochtaí inbhuanaithe agus nascacht a éascú tríd an Tairseach Dhomhanda;

·oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta an Aontais, lena náirítear tíortha i gcomharsanacht an Aontais, maidir leis an aistriú cóir agus le deireadh a chur de réir a chéile le gual;

·oibriú chun gealltanas domhanda USD 100 billiún a áirithiú go bliantúil le haghaidh maoiniú don aeráid agus ranníocaíocht an Aontais a úsáid chun tacú leis an aistriú glas cóir;

·an chomhpháirtíocht chomhpháirteach um aistriú fuinnimh leis an Afraic Theas a chur chun feidhme agus féachaint an bhféadfaí comhpháirtíochtaí domhanda eile a chruthú ar bhonn na samhla sin;

·an tionscnamh ‘Réigiúin Ghuail i mbun Aistrithe’ a chur chun feidhme san Úcráin agus sna Balcáin Thiar;

·tionscnaimh dhomhanda a ailíniú agus a chur chun feidhme chun deireadh a chur le fóirdheontais breosla iontaise agus teagmháil a dhéanamh le tíortha a bhíonn ag brath go mór ar an gcumhacht gualbhreoslaithe chun an méid sin a bhaint amach;

·oibriú le IEA, IRENA agus EIS chun aistriú cóir cuimsitheach a chur chun cinn ar fud an domhain.

4.1.Teicneolaíochtaí inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta

Leictreachas atá bunaithe ar an ngaoth agus ar an ngrian, sin an rogha chumhachta is saoire anois i bhformhór na réigiún ar domhan. I ndomhan ina dteorannófaí an téamh go 1.5 céim, d’fhéadfadh foinsí inathnuaite fuinnimh a bheith i gceist i 90 % den táirgeadh domhanda fuinnimh faoi 2050. Na margaí domhanda, meastar gur fiú EUR 24 thrilliún iad le haghaidh fuinneamh inathnuaite agus EUR 33 thrilliún le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh go dtí 2050 16 . Is deis mhór é sin le haghaidh gheilleagar an domhain.

Athróidh dul chun cinn fuinnimh in‑athnuaite dinimic an chórais fuinnimh dhomhanda. Cé go raibh acmhainní hidreacarbóin comhchruinnithe i roinnt tíortha, tá sé d’acmhainn ag gach náisiún foinsí in‑athnuaite fuinnimh a fhorbairt agus páirt a ghlacadh i dtrádáil fuinnimh. Sa lá atá inniu ann, tá thart ar 80 % de dhaonra an domhain ina gcónaí i dtíortha ar glanallmhaireoirí fuinnimh iad. Tá sí sin ar tí athrú.

Tá spéis mhór ag an Aontas, as a dtagann 9 % d’astaíochtaí domhanda, i nglacadh fuinnimh inathnuaite a spreagadh agus i bhfeabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an domhain. Chun dlús a chur le rolladh amach fótavoltachais, tá Straitéis Ghréine na hEorpa 17  á foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach in éineacht leis an straitéis atá ann faoi láthair.

Chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a rolladh amach ar bhealach éifeachtúil agus chun cur le héifeachtúlacht fuinnimh, ní mór ‘cur chuige córais’ níos leithne a bheith ann faoina gcuirfear táirgeadh, tarchur agus tomhaltas leictreachais san áireamh ina n‑iomláine. Is éifeachtaí suiteáil acmhainne fuinnimh in‑athnuaite i gcás ina gcomhtháthaítear í i margaí réigiúnacha atá oscailte agus solúbtha. Is é an tAontas an ceannródaí maidir le margadh mór comhtháite fuinnimh a chruthú agus is féidir leis an taithí atá againn cuidiú le comhpháirtithe idirnáisiúnta dlús a chur lena n‑aistriú.

Tá úsáid an fhuinnimh in‑athnuaite ina réigiún á méadú de réir a chéile ag go leor tíortha sna Balcáin Thiar, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i gComharsanacht an Deiscirt. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos cheana féin ag tíortha amhail an India agus Maracó maidir le himscaradh foinsí in‑athnuaite fuinnimh, spriocanna a cuireadh chun feidhme agus a neartaíodh a thuilleadh faoin gComhpháirtíocht idir an tAontas agus an India i ndáil le Fuinneamh Glan agus an Aeráid agus faoin gComhpháirtíocht Ghlas idir an tAontas agus Maracó. Tá obair den chineál céanna ar siúl inár gcomhpháirtíocht leis an tSín (lena n‑áirítear obair ar Chórais Trádála Astaíochtaí bunaithe ar chóras an Aontais).

Is tosaíocht thábhachtach é an comhar fuinnimh cothrom cómhalartach leis an Afraic, ní hamháin chun rochtain ar fhuinneamh a áirithiú do 570 milliún duine atá gan leictreachas faoi láthair san Afraic Fho-Shahárach, ach chun tacú le hinfheistíochtaí freisin i gcórais fuinnimh inbhuanaithe agus i dtrádáil hidrigine in‑athnuaite, a luaithe a bheidh riachtanais áitiúla cumhdaithe. Faoi 2030, tá sé mar aidhm ag Tionscnamh na hAfraice um Fhuinneamh Glas tacú le himscaradh 50 GW ar a laghad de leictreachas in‑athnuaite, lena gcuirfear rochtain ar leictreachas ar fáil do 100 milliún duine ar a laghad. Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh sé ríthábhachtach infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a ghiaráil.

Faoin Tairseach Dhomhanda, slógfaidh an tAontas EUR 2.4 billiún i ndeontais don Afraic Fho-Shahárach agus EUR 1.08 billiún don Afraic Thuaidh chun tacú le fuinneamh in‑athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh, leis an aistriú cóir agus le glasú slabhraí luacha áitiúla. Tacóidh sé sin freisin le Plean Gníomhaíochta an Aontais Afracaigh maidir le Téarnamh Glas, lena bhféachtar leis an acmhainn giniúna fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú 300 GW sa bhreis ar a laghad faoi 2030.

Is deis é an dlús le glacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh ar fud an domhain chun an caidreamh trádála a neartú freisin. Chun a n‑acmhainneacht i dtaobh foinsí dúchasach in‑athnuaite fuinnimh a fhorbairt, teastaíonn rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha, ar eolas agus ar chaipiteal ó fhormhór na dtíortha ar domhan agus tá tionscal na teicneolaíochta glaise san Aontas in ann a bheith ina chomhpháirtí sna hiarrachtaí sin. Is ó thuirbíní arna monarú san Eoraip a thagann leath na cumhachta gaoithe ar domhan. Is ceannairí iad cuideachtaí de chuid an Aontais i gcodanna tábhachtacha den tionscal fótavoltach, de thionscal na hidrigine agus de thionscal an teaschaidéil agus tá siad ag breith suas leis an Áise maidir le teicneolaíochtaí ceallraí, a bhuí leis an gComhghuaillíocht Eorpach Ceallraí.

Le go mbeadh sé rathúil agus chun tuilleadh fáis a bhaint amach, ní mór do thionscal na teicneolaíochta glaise a bheith in ann brath ar chreat rialála cobhsaí, ar iomaíocht chóir, ar infheistíochtaí leordhóthanacha, agus ar chothroime iomaíochta fhioscach – tá sé sin chomh tábhachtach agus chomh tairbhiúil céanna don Aontas agus do ghníomhaithe áitiúla. Ní mór don bheartas seachtrach fuinnimh agus do bheartas tionsclaíoch agus trádála an Aontais oibriú as láimh a chéile, rud a áiritheoidh rochtain ar an margadh dár dtionscal agus lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin trí na Comhaontuithe Saorthrádála agus trí ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin.

Chun caidreamh gnólacht le gnólacht a fhorbairt, teastaíonn aird leanúnach: samhail atá le macasamhlú is ea na himeachtaí líonraithe gnó a eagraítear faoi Chomhairle Fuinnimh an Aontais agus na Stát Aontaithe, ar bhain an ceann is déanaí díobh le gaoth amach ón gcósta. Ar fud na hÁise (mar shampla i bPoblacht na Cóiré agus sa Téaváin) cuireadh imeachtaí ar bun chun deiseanna nua gnó a chur ar fáil do chuideachtaí teicneolaíochta glaise de chuid an Aontais.

Tá ionstraimí dí‑rioscaithe agus onnmhairithe creidmheasa ríthábhachtach freisin chun tacú le dul isteach i margaí nua. Tá méadú ag teacht ar an iomaíocht a bhíonn ag cuideachtaí teicneolaíochta glaine an Aontais le cuideachtaí eachtracha a fhaigheann tacaíocht dhíreach airgeadais óna rialtas. Forbróidh an Coimisiún straitéis AE le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a rachaidh chun tairbhe cuideachtaí teicneolaíochta glaise chun cothroime iomaíochta a fheabhsú do ghnólachtaí an Aontais i margaí tíortha nach bhfuil san Aontas. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún freisin rialacha ECFE a leasú chun tuilleadh dreasachta a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt do chreidmheas onnmhairiúcháin le haghaidh teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid.

Príomhghníomhaíochtaí:

·dlús a chur le rolladh amach foinsí inathnuaite fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh ar fud an domhain, lena náirítear iad a rolladh amach sna Balcáin Thiar, san Afraic, sa Mheánmhuir agus sa réigiún IndChiúinAigéanach;

·Tionscnamh na hAfraice um Fhuinneamh Glas a chur chun feidhme, ar tionscnamh é chun tairbhe an dá thaobh;

·tacú leis an aistriú glas san Áise Láir trí Thionscnamh Réigiúnach de chuid Fhoireann na hEorpa maidir leis an gcomhshaol/le fuinneamh/le huisce;

·cur le rolladh amach fuinnimh inathnuaite i gcathracha agus i mbardais tuaithe, mar shampla trí mhisean an Aistrithe Uirbigh a bhaineann leis an Misean um Nuálaíocht;

·teicneolaíochtaí glana a chur chun cinn i gcomhthéacs na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta le SAM;

·straitéis AE le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhorbairt.

4.2.Comhar i réimse an taighde agus na teicneolaíochta

Go leor de na teicneolaíochtaí is gá chun dícharbónú iomlán an gheilleagair dhomhanda a bhaint amach, níl siad aibí fós ná ní féidir leo dul in iomaíocht le teas agus cumhacht atá bunaithe ar bhreosla iontaise. Tá comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun dlús a chur le nuálaíocht agus rolladh amach an fhuinnimh ghlais, agus a gcostas a ísliú an tráth céanna, go háirithe i gcás fuinneamh in‑athnuaite agus hidrigine. I measc príomhréimsí eile taighde le haghaidh aistriú atá á spreagadh ag an nuálaíocht, áirítear forbairt a dhéanamh ar eangacha cumhachta cliste cibearshlána solúbtha, stóráil fhadtréimhseach fuinnimh, amhábhair inbhuanaithe, imoibreoirí modúlacha beaga agus breoslaí inbhuanaithe don tionscal agus don iompar.

Ós rud é nach mbeidh fuinneamh in‑athnuaite ná hidrigin in ann teacht in ionad na mbreoslaí iontaise go léir sa mheascán fuinnimh, beidh gá le haistrithe carbóin freisin, go háirithe in earnálacha tionsclaíocha nach mbeidh leictriú ná roghanna hidriginbhunaithe costéifeachtach iontu. Oibreoidh an tAontas i gcomhar lena chomharsana agus le tíortha eile chun réitigh nuálacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh tomhaltais nialasaigh a bhaint amach sna margaí domhanda, chomh maith le teicneolaíochtaí amhail gabháil, úsáid agus stóráil carbóin.

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don chomhar idirnáisiúnta agus do thionscnaimh iltaobhacha i gcomhréir lena chur chuige domhanda maidir le taighde agus nuálaíocht 18 . Soláthróidh an Coimisiún acmhainní le haghaidh comhar idirnáisiúnta ón gclár Fís Eorpach, clár maoinithe phoiblí an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta. Treiseoidh an tAontas freisin an rannpháirtíocht le mórthionscnaimh idirnáisiúnta, amhail an Misean um Nuálaíocht agus an Chomhdháil Aireachta um Fhuinneamh Glan, chun réitigh fuinnimh ghlais na todhchaí a fhorbairt le chéile.

Príomhghníomhaíochtaí:

·teicnící um cheapadh agus stóráil CO2 a fhorbairt chun aibíocht margaidh a bhaint amach, lena náirítear é sin a dhéanamh i gcomhar leis an Iorua;

·leanúint den Chomhpháirtíocht Chomhpháirteach Fhadtéarmach idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach maidir le Fuinneamh InAthnuaite agus a raon feidhme a leathnú chuig hidrigin inathnuaite.

4.3.Rochtain ar amhábhair chriticiúla a áirithiú

Cé go bhfuil an tAontas meáite ar dheireadh a chur lena spleáchas ar fhuinneamh na Rúise, tá sé chomh meáite céanna ar spleáchas nua a sheachaint amach anseo. De réir mar a thagann laghdú ar an éileamh ar bhreoslaí iontaise, d’fhéadfadh dúshláin nua soláthair teacht as an éileamh méadaithe ar amhábhair, lena náirítear dúile agus mianraí tearc-chré, le linn an aistrithe fuinnimh. De réir an staidéir fadbhreathnaitheachta ar Amhábhair Chriticiúla i dTeicneolaíochtaí agus in Earnálacha, tiocfaidh méadú suntasach ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla atá ag teastáil san earnáil fuinnimh ísealcharbóin agus tiocfaidh méadú suntasach ar na costais a bhaineann leo faoi 2050. San earnáil seo braitheann an tAontas go príomha ar dhúile tearc-chré, litiam, maignéisiam, niaibiam, gearmáiniam, bóráití agus scaindiam, ábhair nach féidir cuid acu a fháil sa bhaile 19 . 

Chun leanúint ar aghaidh leis an aistriú fuinnimh, beidh ar chuideachtaí an Aontais na hábhair sin a fhoinsiú i margaí ganna tráchtearraí nó iad a ionadú san fhadtéarma trí bhíthin próisis thionsclaíocha nua. I measc na leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun spleáchas an Aontais amach anseo a íoslaghdú sa réimse straitéiseach seo, áirítear slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú a thuilleadh, tosaíocht a thabhairt do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus infheistíochtaí fadtéarmacha i ngníomhaíochtaí nua mianadóireachta agus scagtha laistigh den Aontas a dhreasú, chomh maith le dlús a chur le hiarrachtaí ciorclaíochta chun a áirithiú go gcoinneofar ábhair sa gheilleagar chomh fada agus is féidir agus go ndéanfar dramhaíl a athchúrsáil.

Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an obair maidir le hamhábhair chriticiúla a sholáthar agus ullmhóidh sé togra reachtach. Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh seo slabhra luacha na hEorpa a neartú trí acmhainní mianraí agus tionscadail amhábhar a shainaithint ar mhaithe le leas straitéiseach na hEorpa, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil á áirithiú an tráth céanna. 20

Comhpháirtíochtaí Slabhra Luacha Amhábhair Inbhuanaithe bunaithe cheana féin ag an Aontas le Ceanada agus leis an Úcráin. Chun a shlabhraí soláthair a éagsúlú a thuilleadh, tá an Coimisiún ag oibriú chun tairbhe an dá thaobh chun comhpháirtíochtaí slabhra luacha amhábhair breise a bhunú san Afraic (e.g. an Namaib), i Meiriceá Laidineach, sna Balcáin Thiar agus leis an Astráil, trí chomhaontuithe trádála nó Meabhráin Tuisceana.

Sa mheántéarma ar a laghad, beidh rochtain ar sholáthairtí dea-éagsúlaithe ó na margaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun athléimneacht a áirithiú. Tá ról lárnach ag beartas trádála an Aontais maidir leis sin, trí rochtain oscailte ar sholáthairtí a áirithiú agus trí shaobhadh margaidh a sheachaint trí bhíthin comhaontuithe trádála a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá ról lárnach chuige sin ag na Caibidlí Fuinnimh agus Amhábhar maidir le Comhaontuithe Saorthrádála an Aontais.

Príomhghníomhaíochtaí:

·comhpháirtíochtaí slabhra luacha amhábhair a bhunú, lasmuigh den Úcráin agus de Cheanada, chun tairbhe an dá thaobh;

·an comhar a neartú maidir le slabhraí luacha amhábhar leis an Iorua faoin gComhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas Eorpach agus an Iorua;

·an úsáid a bhaintear as uirlisí beartais eacnamaíocha agus trádála an Aontais a threisiú chun rochtain neamhshaofa ar mhargaí idirnáisiúnta a áirithiú;

·éifeachtúlacht acmhainní agus ciorclaíocht dhomhanda a chur chun cinn, go háirithe trí bhíthin bearta maidir le dearadh táirgí 21 ;

·oibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECFE, IEA agus IRENA ar shlabhraí soláthair le haghaidh amhábhair chriticiúla a úsáidtear san aistriú fuinnimh.

5.Bunchloch an chórais nua fuinnimh dhomhanda a leagan síos

5.1.Comhghuaillíochtaí seanbhunaithe a neartú, comhpháirtíochtaí nua a thógáil

Ní chiallaíonn an córas nua fuinnimh domhanda nach ndéanfar ach foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur in ionad breoslaí iontaise, ach beidh sé difriúil go bunúsach agus go struchtúrach le córas an lae inniu. Beidh an comhar agus na comhpháirtíochtaí ríthábhachtach maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn sé. Agus an tAontas ag iarraidh an taistriú glas domhanda a chur i gcrích, déanfaidh sé teagmháil leis an domhan ar fad, éistfidh sé leis agus oibreoidh sé leis.

IRENA: Athruithe ar luach na trádála i dtráchtearraí fuinnimh, 2020 go 2050

Leanfaidh an tAontas de bheith ag oibriú i gcomhar leis na Stáit Aontaithe, lena bhfuil na tosaíochtaí ailínithe go maith ar fud speictream iomlán an bheartais fuinnimh. Trí Choiste Fuinnimh AE-SAM agus i bhfóraim idirnáisiúnta, féachfaidh an tAontas le hathrú dearfach a chur i bhfeidhm ar thírdhreach an fhuinnimh ar fud an domhain. Cuireadh dlús mór leis an gcaidreamh fuinnimh le Ceanada, ag tógáil ar an Idirphlé Ardleibhéil maidir le Fuinneamh a bhí ann cheana.

Leanfaidh Comharsanacht an Oirthir agus Comharsanacht an Deiscirt araon de bheith ríthábhachtach don Aontas. Ní mór an caidreamh fuinnimh le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh air, fad a leanfar de bheith dírithe ar an tslándáil fuinnimh inbhuanaithe agus ar an aistriú chuig fuinneamh glas, mar thoradh ar na gealltanais a tugadh ag an 6ú Cruinniú Mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir i mí na Nollag 2021. Tá athléimneacht, slándáil fuinnimh agus aistriú glas na hÚcráine, na Moldóive agus na mBalcán Thiar nasctha le hathléimneacht, slándáil fuinnimh agus aistriú glas an Aontais agus is tosaíocht lárnach iad dá bhrí sin. Ba cheart leanúint den chomhar leis an Tuirc maidir le dícharbónú, chun a áirithiú go mbeidh creat dlíthiúil na Tuirce ailínithe le acquis an Aontais, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí Ardán na Tuirce don Infheistíocht.

I gComharsanacht an Deiscirt, ba cheart comhbheartas fuinnimh Meánmhuirí a fhorbairt bunaithe ar Dhearbhú Aireachta an Aontais don Réigiún Meánmhuirí arna ghlacadh i mí an Mheithimh 2021. Tacóidh an tAontas leis an gcomhar réigiúnach i réigiún na Meánmhara Thoir agus Theas maidir leis an aistriú fuinnimh agus le hacmhainneacht an fhuinnimh in‑athnuaite a scaoileadh. Leanfaidh an tAontas den chomhar maidir le dícharbónú a shaothrú, lena n‑áirítear comhar maidir le hastaíochtaí meatáin le gach soláthróir breosla iontaise sa réigiún, amhail an Éigipt, Iosrael agus an Ailgéir.

Is comhpháirtí tábhachtach de chuid an Aontais í an Afraic. Chomh maith leis na cuspóirí beartais maidir le comhar, táthar ag súil go mbeidh baint níos láidre ag tíortha na hAfraice le trádáil agus infheistíocht mar go bhfuil siad ag iompú de réir a chéile ina margaí atá ag fás go tapa le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlais. Ina theannta sin, is féidir le tíortha na hAfraice rannchuidiú le slándáil fuinnimh an Aontais, le soláthairtí ola agus GNL sa lá atá inniu ann, agus amach anseo trí hidrigin ghlas agus breoslaí in‑athnuaite chomh maith le hamhábhair atá ríthábhachtach don aistriú chuig fuinneamh glas.

Leanfaidh an tAontas de bheith ag oibriú le comhpháirtithe amhail an Iorua, an tSeapáin, an Astráil, an tSile, an Ríocht Aontaithe agus comhpháirtithe eile maidir leis an aistriú fuinnimh agus le tosaíochtaí atá ábhartha don dá thaobh. Tá an tAontas i mbun caibidlíochta leis an Astráil faoi láthair maidir le comhaontú saorthrádála. Mar tháirgeoir suntasach hidrigine glaise amach anseo, ba cheart neartú nasc fuinnimh a bheith ina thosaíocht. Táthar ag súil freisin go mbeidh an tSile ina táirgeoir mór hidrigine glaise amach anseo, chomh maith le hamhábhair chriticiúla amhail litiam a sholáthar.

Mar chuid den Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an India i ndáil le Fuinneamh Glan agus an Aeráid, cuirfidh an tAontas dlús leis an gcomhar fuinnimh atá aige leis an India chun tacú le dlús a chur le rolladh amach áitiúil na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus le dícharbónú tapa a tionscail. Tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí comhpháirteacha i réimsí an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus fhuinneamh na gréine agus lena gcomhtháthú trí eangacha cliste.

Tá an tAontas ag leanúint de thuilleadh oibre a dhéanamh leis an tSín ar dhícharbónú, ar athchóiriú ar an margadh cumhachta agus ar an gcóras fuinnimh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Díreofar an comhar ar chórais trádála astaíochtaí, ar chórais leictreachais, ar shamhaltú eangaí, ar mhaoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar chomhar gnó.

Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Murascaill 22 , oibreoidh an tAontas i ndlúthchomhar le tíortha na Murascaille chun an taistriú chuig fuinneamh glas a chur chun cinn, lena náirítear infheistíochtaí i gComharsanacht an Deiscirt. D’fhonn struchtúr níos fearr a chur ar a chomhar leis an Murascaill, mhol an Coimisiún go dtionólfaí cruinnithe aireachta bliantúla maidir leis an aistriú glas agus iad a chomhlánú le tionscnaimh ghaolmhara ón earnáil phríobháideach.

Is réigiún lárnach é an Áise Láir atá saibhir ó thaobh acmhainní de. Agus é ag tógáil ar acmhainneacht an réigiúin maidir le fuinneamh gréine, gaoithe agus hidrileictreach, spreagfaidh an tAontas athchóirithe na hÁise Láir ar an earnáil fuinnimh agus an taistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, chomh maith le comhar maidir le hamhábhair chriticiúla le tíortha amhail an Chasacstáin.

5.2.An gheopholaitíocht agus ailtireacht an fhuinnimh dhomhanda

Is meabhrú géar é ionradh na Rúise ar an Úcráin go bhfuil iomaíocht mhór gheopholaitiúil agus eacnamaíoch sa domhan. Mura ndéanfaí é a fhrithchothromú, d’fhéadfadh sé go n‑éireodh an caidreamh idir cumhachtaí móra níos achrannaí agus níos aontaobhaí de réir a chéile, rud a d’fhágfadh go mbeadh físeanna agus cláir oibre iomaíocha ann.

Leis an aistriú domhanda chuig fuinneamh glas, is féidir tacú leis an Aontas a chuspóirí geopholaitiúla níos leithne a bhaint amach chun athléimneacht agus uathriail straitéiseach oscailte a threisiú. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí cuspóirí fuinnimh an Aontais chun cinn trí ról na taidhleoireachta fuinnimh sa bheartas eachtrach agus slándála a threisiú. Chuige sin, beidh gá sásraí faireacháin agus fadbhreathnaitheacht impleachtaí straitéiseacha an aistrithe dhomhanda fuinnimh ar thíortha comhpháirtíochta, agus an measúnú a dhéantar orthu, a neartú.

Tá gá le muinín agus comhar laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú domhanda fuinnimh. Treiseoidh an tAontas a iarrachtaí iltaobhacha chun tacú le cuspóirí an Aontais agus le gealltanais dhomhanda atá bunaithe ar phrionsabail an iltaobhachais riailbhunaithe éifeachtaigh a leagtar amach i dTeachtaireacht Chomhpháirteach 2021 maidir le rannchuidiú an Aontais leis an iltaobhachas riailbhunaithe a neartú 23 . Tá gá le comhpháirtíochtaí feabhsaithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, de G20 agus de G7, agus le comhar níos dlúithe leis na hInstitiúidí Idirnáisiúnta Maoinithe.

Eagraíochtaí agus fóraim iltaobhacha fuinnimh amhail IRENA, IEA, an Comhphobal Fuinnimh, an Comhaontas Gréine Idirnáisiúnta, an Chomhdháil Aireachta um Fhuinneamh Glan agus an Misean um Nuálaíocht, Cúnant Domhanda na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh, tá freagracht lárnach orthu uile maidir leis an aistriú fuinnimh a chur chun cinn ar fud an domhain. Tá nuachóiriú domhain de dhíth go géar ar roinnt eagraíochtaí, amhail an Chairt Fuinnimh, chun iad a ailíniú le spriocanna 2050, agus tá aghaidh á tabhairt go gníomhach ag an Aontas ar an méid sin. Mura féidir athchóiriú leordhóthanach a dhéanamh ar an gConradh um Chairt Fuinnimh, breithneoidh an tAontas ar a bhallraíocht a tharraingt siar.

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’ionadaíocht níos cuimsithí a dhéanamh in institiúidí idirnáisiúnta ar gheilleagair atá ag teacht chun cinn agus atá i mbéal forbartha. Mar chuid de chur chuige de chuid Fhoireann na hEorpa, rannchuideoidh an tAontas agus a Bhallstáit níos mó de réir a chéile le ceannaireacht agus le múnlú cinntí cuimsitheach trí thuilleadh rannpháirtíochta i gcomhlachtaí rialaithe na n‑eagraíochtaí ábhartha. Ba cheart don Aontas na tairbhí a mheas a bhaineann lena láithreacht chomhchoiteann a uasghrádú chuig ballraíocht iomlán sna fóraim fuinnimh a mheastar a bheith ríthábhachtach agus straitéiseach chun an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis seo a chur chun cinn.

Thairis sin, treiseoidh an tAontas an comhar laistigh d’eagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha agus iarrfaidh sé caidreamh níos dlúithe leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí, leis an Aontas Afracach agus lena ghníomhaireachtaí, le hEagraíocht Fuinnimh Mheiriceá Laidinigh nó le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus chun oibriú i gcomhar le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Príomhghníomhaíochtaí:

·faireachán tráthrialta a dhéanamh ar thionchar geopholaitiúil an aistrithe ghlais;

·tús a chur le hathbhreithniú ar rannpháirtíocht an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta fuinnimh atá ríthábhachtach don aistriú domhanda fuinnimh;

·dlús a chur leis an taidhleoireacht fuinnimh i mbeartas eachtrach an Aontais agus na mBallstát.

6.Conclúid

Is tréimhse ríthábhachtach é seo le haghaidh an bheartais dhomhanda fuinnimh. I ngeall ar an athrú aeráide, athruithe geopholaitiúla, forbairtí teicneolaíocha agus méadú ar an éileamh domhanda ar fhuinneamh, cruthaítear timpeallacht dhúshlánach atá ag athrú go tapa agus ina n‑éilítear ar ár gcórais fuinnimh agus ar ár gcaidreamh fuinnimh oiriúnú.

Chun cur leis an méid sin, tá iarmhairtí forleathana ag ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir leis an tslándáil fuinnimh, ní hamháin don Aontas ach don domhan ar fad. Spreag gníomhaíochtaí na Rúise luaineacht praghsanna nach bhfacthas a leithéid riamh cheana sna margaí fuinnimh agus cuireadh i dtábhacht an gá atá le comhpháirtíochtaí bunaithe ar mhuinín agus ar spriocanna coiteanna fadtéarmacha.

Is é an t‑aistriú chuig fuinneamh glas an t‑aon bhealach chun fuinneamh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú go comhuaineach ar fud an domhain. Ionas go mbeidh rath air, ní mór an taistriú sin a bheith cóir agus caithfidh cothroime shóisialta a bheith ag baint leis, agus ní féidir aon duine a fhágáil ar lár. Ní hamháin go gciallaíonn sé deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus le cleachtais atá as dáta, ach fuinneamh glas, teicneolaíocht nuálach, margaí níos fearr agus an geilleagar ciorclach a thabhairt isteach de réir a chéile. Ní mór dul i ngleic anois leis na rioscaí agus na spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Leis an aistriú sin, tugtar deis don Aontas agus dá chomhpháirtithe córas nua fuinnimh atá níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos comhoibríche a thógáil le chéile. Leagtar amach sa teachtaireacht seo straitéis an Aontais chun an sprioc sin a bhaint amach.

(1)

In 2021, tháinig níos mó ná 40 % d’ídiú gáis foriomlán an Aontais ón Rúis: Is ionann sin agus thart ar 155 bhilliún méadar ciúbach (bcm) a bhfuil 15 bcm acu i bhfoirm gáis nádúrtha leachtaithe (GNL).

(2)

  Ráiteas Comhpháirteach idir an Coimisiún Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le Slándáil Fuinnimh na hEorpa

(3)

  Ráiteas Comhpháirteach ón Uachtarán von der Leyen agus ón bPríomh-Aire Trudeau

(4)

 Is é 46 bcm/a meastachán bonnlíne IEA bunaithe ar thoimhdí dea-chleachtais.

(5)

  An Rialachán maidir le Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha

(6)

Seasann an giorrúchán Rúiseach VVER do ‘imoibreoir fuinneamhachais uisce-uisce’.

(7)

Cuimseofar gníomhaíocht nua sa leasú ar chlár oibre EURATOM 2021-2022 chun slándáil soláthair an Aontais a mhéadú trí thaighde a dhéanamh ar bhreosla malartach a fhoinseofar lasmuigh den Rúis le haghaidh imoibreoirí san Aontas agus san Úcráin a dearadh sa Rúis.

(8)

  Measann IEA ‘go bhfuil sé indéanta go teicniúil thart ar thrí cheathrú d’astaíochtaí meatáin an lae inniu ó oibríochtaí domhanda ola agus gáis a sheachaint. Níos suntasaí fós, d’fhéadfaí thart ar 40 % de na hastaíochtaí meatáin atá ann faoi láthair a sheachaint gan aon ghlanchostas’.

(9)

  Straitéis an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú, COM/2020/663 final

(10)

  An Gealltanas Domhanda maidir le Meatán

(11)

  Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (2022) Tuarascáil 2021 maidir le Trádáil agus Forbairt, nuashonrú mhí an Mhárta

(12)

  Na Náisiúin Aontaithe – Tionchar domhanda an chogaidh san Úcráin ar chórais bhia, fuinnimh agus airgeadais , mí Aibreáin 2022

(13)

  Na Náisiúin Aontaithe – An Grúpa um Fhreagairt ar an nGéarchéim Dhomhanda

(14)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Fóirithint agus atógáil na hÚcráine, COM/2022/233.

(15)

  Ionchas Aistrithe Fuinnimh Domhanda: Conair 1.5° C

(16)

  IRENA, Aistriú fuinnimh domhanda: treochlár go 2050, 2019

(17)

Straitéis Ghréine na hEorpa, COM/2022/221

(18)

  An teachtaireacht maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, COM/2021/252 final

(19)

  Fadbhreathnaitheacht Amhábhar Criticiúil i dTeicneolaíochtaí agus in Earnálacha, 2020

(20)

 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean REPowerEU, COM/2022/230.

(21)

  Forléargas ar bhearta an Aontais le go mbeadh táirgí inbhuanaithe caighdeánach san Aontas

(22)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill, (JOIN/13/2/2022)

(23)

  Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le rannchuidiú an Aontais le hiltaobhachas riailbhunaithe a neartú , (JOIN/2021/3 final)