27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/44


P9_TA(2022)0266

Tuarascáil 2021 maidir le Montainéagró

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2021/2247(INI))

(2023/C 32/08)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (1), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010,

ag féachaint d’iarratas Mhontainéagró an 15 Nollaig 2008 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le hiarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2010)0670), agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16-17 Nollaig 2010 chun stádas iarrthóra a dheonú do Mhontainéagró agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais an Aontais le Montainéagró,

ag féachaint d’aontachas Mhontainéagró le ECAT an 5 Meitheamh 2017,

ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do Chlár Oibre Tosaíochtaí Shóifia,

ag féachaint do Dhearbhú Shágrab ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Bealtaine 2020,

ag féachaint do Dharbhú Brdo ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,

ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, do Dhearbhú Cheannairí na mBalcán Thiar maidir le Cómhargadh Réigiúnach an 9 Samhain 2020 agus do Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar an 10 Samhain 2020,

ag féachaint do Phróiseas Bheirlín a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal “Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans” [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Economic and Investment plan for the Western Balkans [“Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar”] (COM(2020)0641),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (2),

ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal “2021 Communication on EU Enlargement Policy” [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2021)0644), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Montenegro 2021 Report [Tuarascáil 2020 maidir le Montainéagró] (SWD(2021)0293),

ag féachaint d’Forbhreathnú agus Measúnú Tíre an Choimisiúin ar Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch Mhontainéagró, mí Iúil 2021,

ag féachaint do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2021,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal “Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery” [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach] (COM(2020)0315),

ag féachaint don chúigiú cruinniú den Chomhdháil Aontachais le Montainéagró ar leibhéal na n-ionadaithe an 30 Meitheamh 2020 sa Bhruiséil, áit inar cuireadh tús le hidirbheartaíocht maidir leis an gcaibidil is déanaí a scagadh, Caibidil 8 (beartas iomaíochta),

ag féachaint do Chomhdháil Aontachais idir-rialtasach AE-Montainéagró an 22 Meitheamh 2021 agus an 13 Nollaig 2021,

ag féachaint do thuairimí Choimisiún Veinéis ó mhí an Mhárta agus mí Bhealtaine 2021 maidir leis na dréachleasuithe athbhreithnithe ar an dlí maidir le Seirbhís Ionchúisimh an Stáit agus dá thuairimí roimhe sin,

ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020 (3),

ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tír,

ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 20ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró (SAPC), a reáchtáladh an 2 Nollaig 2021,

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Dhara Cruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa – Spéicéirí na mBalcán Thiar an 28 Meitheamh 2021, a thionóil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,

ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (4),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar (5),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0151/2022),

A.

de bhrí go ndéantar gach tír atá sa phróiseas méadaithe a mheas ar a fiúntas féin, agus gurb é cur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha, go háirithe i réimse an smachta reatha, a chinntíonn tráthchlár agus dul chun cinn an aontachais;

B.

de bhrí gurb é Montainéagró an tír is faide chun cinn ina phróiseas caibidlíochta i measc na dtíortha is iarrthóirí, agus gach ceann de na 33 chaibidil scagtha d’acquis an Aontais oscailte aige, agus trí cinn acu dúnta go sealadach;

C.

de bhrí go dtacaíonn 80 % dá chuid saoránach leis an tír a bheith ina ball de AE amach anseo;

D.

de bhrí go raibh deighilt mhór le sonrú sa tréimhse i ndiaidh thoghcháin 2020 idir an tromlach i gceannas agus an freasúra, agus laistigh den tromlach i gceannas chomh maith; de bhrí gur chuir baghchait agus easpa fíor-rannpháirtíochta na ngeallsealbhóirí parlaiminteacha as do chinnteoireacht na Parlaiminte;

E.

de bhrí gur ghlac Montainéagró, le linn na Comhdhála Idir-Rialtasaí an 22 Meitheamh 2021, leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú atá bunaithe ar bhraislí caibidlí téamacha agus ar chéimniú isteach bheartais agus chláir aonair AE;

F.

de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó de chuid Mhontainéagró, lena ndearnadh 38 % de na honnmhairí go léir agus 44 % de na hallmhairí go léir in 2020; de bhrí gurb é AE an soláthraí a thugann an méid is mó cúnaimh airgeadais do Mhontainéagró agus de bhrí go mbaineann Montainéagró tairbhe as cúnamh réamhaontachais faoi IPA, agus EUR 504,9 milliún faighte aige ar an iomlán idir 2007 agus 2020;

G.

de bhrí gur léirigh AE a thiomantas go leanúnach maidir le peirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus go ndearna sé EUR 3,3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú;

H.

de bhrí go bhfuil an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar choinníollacht dhocht agus go ndéantar foráil ann do mhodhnú agus cur ar fionraí cúnaimh má tharlaíonn aon tarraingt siar ón daonlathas, ó chearta an duine agus ón smacht reachta;

I.

de bhrí go bhfuil Montainéagró i mbaol maidir le cur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise de bhunadh na Rúise agus tíortha eile;

Tiomantas do mhéadú

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas leanúnach Mhontainéagró do lánpháirtiú na hEorpa agus tacaíocht bhuanseasmhach a chuid saoránach do bhallraíocht AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn sa chaibidlíocht fós ag brath ar thagarmharcanna eatramhacha an smachta reachta a bhaint amach;

2.

ag tabhairt dá haire gur osclaíodh na 33 chaibidil scagtha, ach gur oth léi nár dúnadh aon cheann díobh ó 2017, ag cur moill ar thaifead teiste dearfach Mhontainéagró agus ar a stádás mar an tír a bhfuil an méid is mó dul chun cinn déanta aici chun aontachas AE a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh Mhontainéagró leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú; á mholadh do Mhontainéagró coinneáil air agus díriú go sonrach ar chomhlíonadh na dtagarmharcanna eatramhacha atá fós le comhlíonadh i gCaibidilí 23 agus 24 agus ina dhiaidh sin díriú ar na caibidlí deiridh;

3.

á athdhearbhú go bhfuil gá le tiomantas polaitiúil traspháirtí agus daonlathas parlaiminteach feidhmiúil maidir le hathchóirithe a bhaineann le AE agus ag iarraidh idirphlé polaitiúil cuiditheach agus cuimsitheach agus tiomantas na bpáirtithe parlaiminteacha go léir chun an timpleallacht pholaitiúíl dheighilte atá ann faoi láthair a shárú agus chun feidhmiú na n-institiúidí stáit agus comhoibriú eatarthu a neartú chun cobhsaíocht pholaitiúil a bhaint amach agus chun leanúint leis an dul chun cinn suntasach maidir le príomh-athchóirithe a bhaineann le AE a bhaint amach, go háirithe athchóirithe breithiúnacha agus toghcháin agus an comhrac i gcoinne coireacht eagraithe agus éillithe;

4.

ag tabhairt dá haire an vóta mímhuiníne sa rialtas an 4 Feabhra 2022 agus dífhostú chainteoir na Parlaiminte agus dífhostú Chomh-chathaoirleacht an Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire go raibh ceannaire pháirtí URA ceaptha ag Uachtarán Mhontainéagró mar phríomh-aire ainmnithe chun rialtas a dhéanamh;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh an rialtas mionlach nua comhdhéanta de pháirtithe atá i bhfabhar na hEorpa, rud ar fíordhíol sásaimh é i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin le déanaí agus i bhfianaise tionchar leanúnach sa tír ó pháirtithe polaitiúla agus insintí atá i bhfabhar na Rúise; á chur in iúl gur díol sásaimh toghadh cainteora nua, agus ag iarraidh go gceapfaí Comh-chathaoirleacht don Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró chomh luath agus is féidir; á chreidiúint go bhféadfadh diongbháilteacht pholaitiúil an rialtais nua cabhrú le dlús a chur faoin bpróiseas athchóirithe a bhfuil géarghá leis, ag léiriú obair Mhontainéagró maidir le luachanna Eorpacha agus toil fhormhór mór shaoránaigh Mhontainéagró a bheith ina bhall den Aontas Eorpach araon;

6.

ag iarraidh go gcuirfear tús an athuair le hidirphlé chuimsitheach i measc gach páirtí parlaiminteach agus geallsealbhóirí lena mbaineann d’fhonn ardán daonlathach atá go láidir i bhfabhar na hEorpa a thógáil a bheidh in ann an chobhsaíocht is gá a áirithiú agus deighlilt pholaitiúil agus radacú a laghdú i gcomhréir leis an mbunreacht, le haird ar phróisis, gnásanna agus caighdeáin dhaonlathacha agus leis an mian atá ag formhór mór shaoránaigh Mhontainéagró a bheith páirteach san Eoraip;

7.

ag tabhairt dá haire na léirsithe i gcoinne rialtas mionlach a dhéanamh a bhí eagraithe ag Democratic Front and Democratic Montenegro; á iarraidh ar gach páirtí polaitiúil a thuairimí a chur in iúl laistigh de nósanna daonlathacha institiúidithe agus á iarraidh orthu gan cur leis an teannas;

8.

ag cáineadh go láidir an tacaíocht do Chónaidhm na Rúise a chuir agadóirí agus roinnt ceannairí polaitiúla in iúl ar an lá a cuireadh tús le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ach ag tabhairt dá haire mionscála na léirsithe sin; á mheabhrú go bhfuil an Rúis go seasmhach agus go leanúnach ag iarraidh an tír agus réigiún na mBalacán Thiar ina iomláine a dhíchobhsú agus é a chur ar mhalairt slí ó shlí na hEorpa trí bhréagaisnéis slítheánta a scaipeadh agus trí thionchar a imirt ar ghníomhaithe stáit agus ar ghníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil géarú tagtha ar an obair i ndiaidh na n-ainmniúchán chuig struchtúir riaracháin i réimse an smachta reachta a thabhairt chun críche, ar ainmniúcháin iad a rabhathas ag fanacht go fada leo; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na príomhróil sna struchtúir chaibidlíochta fágtha gan líonadh le fada; ag tabhairt dá haire go ndearnadh iarrachtaí in 2021 an struchtúr chaibidlíochta a chomhdhlúthú agus a uasghrádú; ag tathant ar na húdaráis struchtúr caibidlíochta lánfheidhmiúil a athbhunú a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire nach mór céimeanna eile a ghlacadh ionas go gcoinneofar an próiseas aontachais ina thosaíocht pholaitiúil i ndiaidh cheapachán na bpíomhidirbheartaithe agus ceannaírí grúpaí oibre ar cuireadh moill orthu;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ailíniú leanúnach agus iomlán Mhontainéagró le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála AE, lena n-áirítear a cháineadh géar in aghaidh ionramh na Rúise ar an Úcráin agus a thacaíocht iomlán do na smachtbhannaí AE is déanaí in aghaidh na Rúise, lena n-áirítear an cosc ar eitiltí Rúiseacha eitilt thar a aerspás nó a gcuid aerfort a úsáid, an cosc ar idirbhearta a dhéanamh le Banc Ceannais na Rúise agus an cosc ar Russia Today agus Sputnik; ar ionaid meán iad chun bolscaireacht Rúiseach a scaipeadh; á mholadh don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar chúnamh eacnamaíoch agus airgeadais AE a thabhairt do thíortha na mBalcán Thiar atá tar éis smachbhannaí AE in aghaidh na Rúise a chur i bhfeidhm, d’fhonn iarmhairtí na géarchéime amach anseo a mhaolú;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh Mhontainéagró le sásraí cosanta sealadacha dá chuid féin do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, ag tabhairt cead dóibh fanacht sa tír ar feadh bliana, agus is díol sásaimh di ranníocaíocht Mhontainéagró maidir le cabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin;

12.

ag iarraidh go ngabhfar acmhainní na ndaoine ar ghearr údaráis Mhontainéagró smachtbhannaí orthu agus go n-áiritheofar nach mbeidh an tír ina áit shábháilte chun acmhainní olagarcaí Rúiseacha a bhfuil smachtbhannaí idirnáisiúnta á mbagairt orthu a chur i bhfolach; á mholadh don rialtas coinneáil leis ag tógáil na gcéimeanna is gá chun na húdaráis náisiúnta inniúla a chumasú le gur féidir leo na cinntí is gá a dhéanamh chun na smachtbhannaí aran nglacadh a chur i bhfeidhm;

13.

á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomach Mhontainéagró i misin agus oibríochtaí faoi Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála AE, agus i misin idirnáisiúnta eile chomh maith; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le comhghuaillíocht straitéiseach Mhontainéagró le AE agus le ECAT; ag cáineadh go géar iarrachtaí sna hearnálacha rialtais, slándála agus míleata chun amhras a chaitheamh ar a sheasamh straitéiseach; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró comhoibriú a dhéanamh le AE agus le ECAT araon maidir le cibearshlándáil agus maidir le seasmhacht in aghaidh tionchar eachtrach agus bréagaisnéis eachtrach shlítheánta;

14.

á mholadh do Mhontainéagró an leas is fearr is féidir a bhaint as maoiniú AE atá ar fáil faoi IPA III agus faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta na mBalcán Thiar chun tógáil instiúidí a neartú agus chun forbairt eacnamaíoch agus dhaonlathach a chothú, go háirithe i réimsí an smachta reachta, saoirsí bunúsacha agus folláine a chuid saoránach; á chur i bhfáth nach foláir go mbeadh aon infheistíocht i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe AE; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán géar a dhéanamh ar fheidhmiú agus measúnú córasach a dhéanamh ar thionchar an chistithe ó AE;

Daonlathas agus an smacht reachta

15.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas leanúnach polaitiúil idir agus laistigh de na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha, agus an bac a cuireadh le déanaí ar sheisiúin pharlaiminteacha, a d’imir tionchar díreach ar luas agus dul chun cinn athchóirithe Mhontainéagró a bhaineann le AE agus a leanann de mhoill a chur ar phróiseas aontachais AE; á mheabhrú gurb é an t-aon bhealach chun tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta thar ceann toghthóirí ná páirt a ghlacadh i bpróisis pholaitiúla; á iarraidh ar na húdaráis reachtacha agus feidhimiúcháin comhordú a fheabhsú agus tús áite a thabhairt do thosaíochtaí reachtacha chun athchóirithe AE a chur i bhfeidhm; á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le toil pholaitiúil, idirphlé traspháirtí leathan agus tacaíocht pharlaiminteach fheidhmiúil, chomh maith le feidhmiú mar is ceart institiúidí daonlathacha, maidir le dul chun cinn Mhontainéagró sna hidirbheartaíochtaí aontachais;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na ceapacháin a rinneadh le déanaí sa Chúirt Uachtarach agus sa Chúirt Achomhairc, agus ceapadh na mball nua ar an gComhairle Ionchúiseach, ball amháin ó ionadaithe eagraíochtaí neamhrialtasacha ina measc; á chur in iúl gur cúis imní di an easpa dul chun cinn maidir le hathchóiriú breithiúnach, lena n-áirítear maidir leis na ceapacháin chuig príomhinstitiúidí neamhspleácha agus na ceapacháin breithiúna atá fós ar feitheamh, ceapadh breithiúna nua chuig an gCúirt Bhunreachta san áireamh; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró céimeanna eile a ghlacadh chun neamhspleáchas agus feidhmiú na mbreithiúna agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile a fheabhsú, agus chun moltaí Choimisiún Veinéis maidir leis na rioscaí a bhaineann le polaitiú na Comhairle Ionchúisí a chur i bhfeidhm ina n-iomláine; á mholadh go ndéanfaí leanúint ar mholtaí a bhaineann leis na breithiúna a rinne Grúpa Stát i gCoinne na hÉillitheachta de chuid Chomhairle na hEorpa (GRECO);

17.

ag tathant ar an gCoimisiún fíor-aird a thabhairt ar thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus a cuid moltaí a chur i bhfeidhm, rud a chiallódh go mbeadh air a chuid infheistíochtaí a bhaineann leis an smacht reachta sna Balcáin Thiar a chur in oiriúint, infheistíochtaí i Montainéagró san áireamh; á iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha na mBalcán Thiar a bhunú chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí i réimse cistí AE a fheidhmiú go héifeachtach;

18.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac Parlaimint Mhontainéagró leis an Dlí leasaithe maidir le Féin-Rialtas Áitiúil, lena bhforáiltear go reachtálfar toghcháin sa 14 bhardas ar an dáta céanna; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an cinneadh a tógadh le déanaí toghcháin i 12 bhardas a reáchtáil ar dháta difriúil; á iarraidh, uair amháin eile, ar Mhontainéagró toghcháin áitiúla a reáchtáil ag an am céanna ar fud na tíre chun tuilleadh cobhsaíochta a thabhairt dá dhaonlathas, chun síorfheachtasaíocht a sheachaint agus chun teannas na timpeallachta polaitiúla a mhaolú;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun an toghchreat dlíthiúil a chomhoiriúniú agus chun gnéithe tábhachtacha toghchán a rialú trí phróiseas cuimsitheach, i bhfad roimh an gcéad toghchán eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil obair an Choiste um Athchóiriú ar thoghreachtaíocht ag dul ar aghaidh in ainneoinn briseadh isteach ag an tús, agus go bhfuiltear ag súil go leanófar leis an obair dhíograiseach chun athchóiriú fiúntach a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ionstraim Idirphlé Jean Monnet a bheith cabhrach i Montainéagró chun an comhthoil is gá a thógáil le cultúr parlaiminteach daonlathach a chothú;

20.

is cúis imní di an éillitheacht fhorleathan sa tír agus moltar do Mhontainéagró an fhreagairt dlí coiriúil ar éillitheacht ardleibhéal a neartú agus coinníollacha d’fheidhmiú éifeachtach agus neamhspleách institiúidí breithiúnacha agus gníomhaireachtaí neamhspleácha a bhíonn ag ple le héillitheacht a chruthú, an Ghníomhaireacht Fhrithéillitheachta agus Oifig an Ionchúisitheora Speisialta san áireamh, le gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach saor ó thionchar polaitiúil, i gcomhréir le moltaí GRECO; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró imscrúduithe cuimsitheacha a chur ar bun maidir le haon rud as bealach a tháinig chun solais sna Pandora Papers;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus maidir le comhoibriú póilíneachta idirnáisiúnta, go háirithe trí rochtain níos fearr ar bhunachair shonraí thábhachtacha a thabhairt do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus tríd an líon imscrúdaitheoirí agus saineolaithe a mhéadú, agus tríd an méadú ar líon na gcásanna coireachta eagraithe arna n-imscrúdú agus arna n-ionchúiseamh; ag moladh d’údaráis Mhontainéagró leanúint orthu ag dul i ngleic leis an easpa acmhainní atá ann faoi láthair le linn do chásanna coireachta eagraithe a láimhseáil agus le linn d’acmhainní coireachta a ghabháil agus a choigistiú;

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh di comhoibriú dearfach Mhontainéagró le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí AE, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Europol agus Eurojust, a chabhraíonn le Montainéagró i mbainistiú teorann agus sa chomharc i gcoinne coireacht thrasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar airm, drugaí, daoine agus an troid i gcoinne seimhlitheoireachta agus antoisceachais; ag tabhairt dá haire gur sampla dearfach idirghabháil na bpóilíní in Mojkovac chun dul i ngleic le gáinneáil ar thoitíní i Montainéagró agus ag athdhearbhú go bhfuil gá le tuilleadh beart chun dul i ngleic le smugláil drugaí agus toitíní sa tír, go háirithe i Saorlimistéar Chalafort Bar;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh leis an Straitéis maidir le hImirce agus Ath-lánpháirtiú Teifeach Fillte i Montainéagró don tréimhse 2021 – 2025; ag tabhairt dá haire gur síníodh an treochlár maidir le comhoibriú idir Montainéagró agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EASO) i mí na Nollag 2021;

24.

á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm athchóirithe sa riarachán poiblí agus ag iarraidh go mbeidh an próiseas deartha don Straitéis nua um Athchóiriú an Riaracháin Phoiblí cuimsitheach agus trédhearcach; á chur in iúl gur cúis imní di athruithe ar an Dlí maidir le Státseirbhísigh agus Fostaithe Stáit, lenar laghdaíodh earcú fiúntas-bhunaithe agus neamhspleáchas státseirbhíseach, agus lenar cuireadh i mbaol achmainn Mhontainéagró baill foirne a bhfuil taithí acu i bpróiseas aontachais AE a choinneáil; ag leagan béim ar an ngá le córas earcaithe fiúntas-bhunaithe do státseirbhísigh agus ar an tábhacht leis an tseirbhís phoiblí a dhípholaitiú;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ról dearfach an tsochaí shibhialta i Montainéagró agus ag moladh go neartófar a fíor-lánpháirtíocht in athchóiriú agus ag áirithiú go mbeidh sásraí comhairliúcháin agus comhoibrithe feidhmiúla ann trí chreataí dlí agus institiúideach na tíre a fheabhsú, chomh maith le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí áitiúla i reachtaíocht thábhachtach a ráthú;

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an chéad Tionól Saoránach a d’eagraigh Parlaimint Mhontainéagró an 4 Samhain 2021 i gcomhar le Parlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus a dtiomantas maidir le bearta frithéillitheachta a dhearadh; ag iarraidh ar údaráis Mhontainéagró leanúint ar chonclúidí an Chomhthionóil maidir leis an troid i gcoinne éillitheachta agus iad a chur i bhfeidhm, agus ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcleachtas rathúil sin a choinneáil ag imeacht amach anseo;

Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a urramú

27.

ag tabhairt dá haire an dul chun cinn teoranta maidir le saoirse cainte; á mholadh do Mhontainéagró dlús a chur lena iarrachtaí an bhréagaisnéis, an fhuathchaint, an ciapadh ar líne, tuairisciú atá claonta go polaitiúil agus tionchar eachtrach sna meáin i Montainéagró a chomhrac; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le dea-chleachtais a mhalartú le Ballstáit AE agus le ECAT, chomh maith le tús a chur le hidirphlé le sochaí shibhialta na mBalcán Thiar agus a hearnáil phríobháideach chun forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ina n-údair imní a aithint ag céim luath agus chun frithbhearta iomchuí leordhóthanacha a fhorbairt in aghaidh scaipeadh bréagaisnéise slítheánta as tríú tíortha, agus ag leagan béim ar thaighde agus ar anailís agus ar na dea-chleachtais is fearr sa réigiún a chur san áireamh;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an infreastructúr is gá a bheidh ag teastáil chun freagairtí ar bhagairtí bréagaisnéise sna Balcáin Thiar a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar thaighde: á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh, trí dhíriú ar chur le hinchreidteacht AE sa réigiún, agus trí fhaireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann a thagann as tíortha na mBalcán Thiar agus as a gcomharsana; á iarraidh ar Mhontainéagró gníomhaíochtaí cinntitheacha agus córasacha a ghlacadh chun na monarchana bréagaisnéise a shainaithint agus chun deireadh a chur leo; á iarraidh ar pholaiteoirí agus ar dhaoine atá i mbéal an phobail cáineadh láidir a dhéanamh ar aon teachtaireachtaí lena ndéantar iarracht an tsochaí a dheighilt agus an bonn a bhaint ó mhuinín sna meáin agus ó croíluachanna daonlathacha;

29.

ag tabhairt dá haire go bhfuil bailiú sonraí dhí-chomhiomlánaithe maidir leis an gciníochas agus le fuathchaint homa/trasfóbach fo-optamach i gcónaí; ag meabhrú chonclúidí 2020 ón tuarascáil faireacháin a rinne an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe de chuid Chomhairle na hEorpa (ECRI), inar luadh nár cuireadh moltaí a rinneadh roimhe sin i bhfeidhm (6); ag meabhrú an seasamh a ghlac an Pharlaimint ina rún deireanach maidir le Montainéagró, inar iarradh go ndéanfaí an beart seo, agus moltar do na húdaráis é a chur i bhfeidhm (7);

30.

á chur in iúl gur cúis imní di leibhéal ard na deighilte i réimse na meán, go háirithe an méadú atá ag teacht ar líon na bhfeachtas bréagaisnéise, cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha eachtracha agus baile, lena n-áirítear as an Rúis agus as an tSín, lena scaiptear insintí eitneannáisiúnacha a mbíonn tionchar diúltach acu ar phróisis dhaonlathacha sa tír agus a chuireann dearcadh Eorpach na tíre i mbaol dá bharr sin; is cúis imní di an méadú atá tagtha ar fhiachas poiblí Mhontainéagró i leith institiúidí airgeadais eachtracha agus comhlachtaí as tíortha forlámhacha nach ballstáit AE iad; ag athdhearbhú an tacaíocht atá aici d’ullmhacht an rialtais chun smachtbhannaí AE a chur i bhfeidhm i gcoinne ionaid bholscaireachta Rúiseacha;

31.

á chur i bhfios go bhfuil saoirse agus neamhspleáchas na meán, tuairisceoireacht d’ardchaighdeán agus inniúlacht ar na meáin a fheabhsú ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne bréagaisnéis shlítheánta; á iarraidh ar Mhontainéagró, na Ballstáit, SEGS agus Toscaireacht AE i Montainéagró leanúint orthu ag tabhairt faoi fheachtais chumarsáide agus fheiceálachta níos gníomhaí agus níos éifeachtaí chun béim a leagan ar ról agus tábhacht chúnamh AE i Montainéagró agus chun troid i gcoinne bréagaisnéise frithAE; lena n-áirítear trí ionad cumarsáide straitéiseach réigiúnach a bhunú sna Balcáin Thiar; á chur in iúl gur díol sásaimh di an suim atá léirithe ag Montainéagró comhoibriú a dhéanamh le AE tríd an Democracy Action Plan (EDAP) [Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas] agus obair thábhachtach Thascfhórsa um Chumarsáid Straitéiseach na mBalcán Thair de chuid SEGS;

32.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró bearta nithiúla a dhéanamh chun athléimneacht agus cibearshlándáil a thógáil, agus an brú atá á chur air ó thríú tíortha ag dul i méid; ar thíortha iad a dhéanann iarracht an bonn a bhaint dá státacht agus dá chlaonadh i dtreo an Iarthair, i ndlúthchomhar le cláir agus tionscnaimh iomchuí de chuid AE agus ECAT; á chur in iúl gur díol sásaimh di Straitéis Chibearshlándála Mhontainéagró 2022-2026 agus ag iarraidh go ndéanfar dul chun cinn gan mhoill leis an bpróiseas reachtach chun an Ghníomhaireacht um Chibearshlándáil a bhunú;

33.

ag cáineadh go láidir ionsaithe agus ciapadh i gcoinne iriseoirí agus ag iarraidh go ndéanfaí na hionsaithe agus an ciapadh sin a imscrúdú, go ngearrfaí pionós maidir leo agus go ndéanfaí bearta leantacha breithiúnacha éifeachtacha ina leith; á chur in iúl gur díol sásaimh di píonóis níos géire arna dtabhairt isteach maidir le bagairtí nó ionsaithe i gcoinne iriseoirí trí leasuithe ar an gCód Coiriúil arna nglacadh; á iarraidh ar gach páirtí poilitiúil níos mó a dhéanamh chun na coinníollacha maidir le meáin neamhspleách saor a áirithiú, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do thuairisciú maidir le leas an phobail, cistiú trédhearcach, caighdeáin rialaithe comónta agus timpeallacht oibre shábháilte atá saor ó ionsaithe agus bagairtí;

34.

á chur in iúl gur díol sásaimh di roinnt céimeanna dearfacha, amhail coimisiún ad hoc chun faireachán a dhéanamh ar an bhforéigean in aghaidh na meán, neartú an chreata dhlíthiúil chun iriseoirí agus oibrithe meán eile a chosaint go héifeachtach, athbhreithniú ar dhlíthe maidir leis na meáin agus maidir le beartas eagarthóireachta an chraoltóra phoiblí RTCG, a rinneadh níos iolraíche, agus comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis meán 2021-2025; á chur i bhfios an tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas rialaitheoirí na meán agus an chraoltóra seirbhíse poiblí i Montainéagró, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun RTCG a iompú ina fíorsheirbhís phoiblí agus go ndéanfaí rochtain ar fhaisnéis a fheabsú go ginearálta;

35.

ag cáineadh na ngníomhartha foréigneacha uile le linn na léirsithe in Cetinje a raibh baint acu le hinsealbhú Easpag líonra cathrach Mhontainéagró agus Ceann Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia; ag cáineadh na trasnaíochta ag an tSeirbia ina leith sin; ag iarraidh caoinfhulaingt reiligiúnach i gcomhréir le bunreacht Mhontainéagró agus le luachanna agus prionsabail Eorpacha;

36.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar eachtrach tarlú mar gheall ar fheidhmiú institiúidí reiligiúnacha; ag cáineadh iarrachtaí na Rúise leas a bhaint as teannas eitneach sna Balcáin Thiar chun coinbhleachtaí a ghéarú, comhphobail a roinnt, agus bréagaisnéis shlítheánta a scaipeadh, a bhféadfadh díchobhsú an réigiúin ina iomláine a bheith mar thoradh orthu;

37.

ag tabhairt dá haire moill eile maidir leis an áireamh daonra agus tithíochta i Montainéagró, agus táthar ag súil go dtarlóidh sé le linn na bliana seo i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus AE, i mbealach oscailte trédhearcach, saor ó aon bhaol imeaglaithe i gcás na mionlach náisiúnta aitheanta; á iarraidh ar na húdaráis aon pholaitiú sa phróiseas a sheachaint;

38.

á chur in iúl gur díol sásaimh di féiniúlacht il-eitneach na tíre agus á iarraidh go ndéanfar níos mó chun í a chur chun cinn agus meas a bheith uirthi ag gach leibhéal, lena n-áirítear na teangacha atá in úsáid, oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin na gcomhphobal áitiúil, chomh maith le níos mó a dhéanamh chun a gcearta polaitiúla a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cearta polaitiúla uile na mionlach náisiúnta a chosaint, go háirithe ós rud é nach bhfuil ionadaithe ag páirtithe mionlacha a thuilleadh i bParlaimint Mhontainéagró ag roinnt acu;

39.

ag cáineadh go láidir ionsaithe fisiciúla agus ó bhéal agus imeaglú ar aon mhionlach, mionlaigh náisiúnta san áireamh; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn leithcheal á imirt i gcónaí ar ghrúpaí leochaileacha, Romaigh agus Éigiptigh san áireamh, agus go mbíonn deacrachtaí i gcónaí acu a gcearta a fheidhmiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh na straitéise maidir le cuimsiú na Romach agus na n-Éigipteach 2021-2025, ina ndírítear go mór ar fhrith-ghiofógachas agus ina spreagtar na húdaráis chun níos mó a dhéanamh le dul i ngleic leis an leithcheal, rochtain cothrom ar oideachas, ceartas, tithíocht, cúram sláinte agus ar an margadh fostaíochta a áirithiú, agus chun bearta éifeachtacha in aghaidh fuathchainte a ghlacadh;

40.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró traidisiún agus oidhreacht chultúrtha an chomhphobail Chrótaigh i gcuan il-eitneach Kotor a aithint; ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, fógra díshealbhaithe an 15 Aibreán 2022 a fuair Tionól Náisiúnta na Cróite in Tivat;

41.

ág tabhairt dá haire gur cúis mhór imní i gcónaí iad foréigean i gcoinne leanaí agus foréigean ar bhonn inscne, agus go ndeachaigh rudaí in olcas le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh go bhfeabhsófar sainseirbísí tacaíochta do mhná, grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus íospartaigh a bhfuil foréigean sa bhaile á fulaingt acu, agus ag iarraidh ar Mhontainéagró cistiú leordhóthanach a chur ar fáil chuige sin, lena n-áirítear chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta a chuireann tacaíocht den chineál sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di an moladh go dtabharfaí isteach pionóis níos déine maidir le foréigean in aghaidh na mban agus leanaí;

42.

á mholadh d’údaráis Mhontainéagró caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme go críochnúil, feachtais mhúscailte feasachta poiblí a sheoladh, tuairisciú maidir le foréigean sa bhaile a spreagadh faoi choinníollacha sábháilte, agus méadú a dhéanamh ar líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus líon na mbreithiúna dea-oilte inscne-íogair chun imscrúdú agus ionchúiseamh cuí coireanna den chineál sin a áirithiú; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró bearta éifeachtacha i gcoinne ciapadh gnéasach a chur chun feidhme, lena n-áirítear san ionad oibre; á chur in iúl gur cúis imní i gcónaí di an fhuathchaint agus gnéasachas i gcoinne na mban a tharlaíonn go minic sa pholaitíocht agus sa saol poiblí agus ag iarraidh go nglacfaí bearta dlíthiúla agus beartais chun rannpháirtíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh di bunú Chomhairle um Chearta an Linbh; ag leagan béim ar an ngá le tuilleadh feabhais a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le leanaí le linn imeachtaí sibhialta agus ceartas atá fabhrach do leanaí; á chur in iúl gur cás léi cosaint easnamhach íospartach, go háirithe mná agus leanaí le linn agus i ndiaidh imeachtaí cúirte maidir le caomhnóireacht; á iarraidh ar gach comhlacht stáit dul i ngleic leis an gceist seo go córasach ar bhonn na gcaighdeán tacaíochta agus cosanta is fearr agus dea-chleachtais Eorpacha;

44.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh maidir le cearta LGBTIQ a chosaint agus a chur chun cinn agus an chéad pháirtnéireacht chomhghnéis arna clárú i mí Iúil 2021, agus eagrú síochánta Bhród in 2021; á iarraidh ar Mhontainéagró leanúint le dlíthe agus fodhlíthe eile a chomhchúibhiú agus a leasú, go háirithe maidir le sochair shóisialta agus cónaí, chun an dlí maidir le páirtnéireacht cláraithe a chur chun feidhme ina iomláine; ag iarraidh tuilleadh beart i gcoinne fuathchainte, eisiamh sóisialta agus idirdhealaithe i gcoinne chomhphobal LGBTIQ, agus rochtain níos fearr ar cheartas, fostaíocht, tithíocht agus cúram sláinte a chur ar fáil dóibh, trí inter alia rochtain ar theiripe hormón do dhaoine trasinscneacha a áirithiú, agus a n-iomláine meabhrach agus fisiceach a urramú;

45.

á iarraidh ar Mhontainéagró rannpháirtíocht shochaí sibhialta LGBTIQ a áirithiú in obair an ghrúpa oibre nua maidir le haitheantas dlíthiúil inscne, ar cheart dó a bheith ag obair i dtreo aitheantas dlíthiúil inscne bunaithe ar fhéinchinntiúchán;

46.

á chur in iúl gur oth léi go mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar idirdhealú de chineálacha éagsúla i gcónaí, rud a rinneadh níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19, agus is cás léi easpa ailínithe na reachtaíochta náisiúnta le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil athchóiriú ar an gCóras Náisiúnta um Dheimhniú Míchumais ar bun agus ag iarraidh cur chun feidhme éifeachtach straitéisí chun dul i ngleic le bearnaí maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a dhearbhú thar earnálacha agus bearta, lena n-áirítear cúram sláinte, an margadh fostaíochta agus in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin; ag leagan béim ar an ngá práinneach le straitéis um dhí-institiúidiú;

Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta

47.

ag moladh ról cuiditheach Mhontainéagró sa chomhar réigiúnach agus á chur in iúl gur díol sásaimh di cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Chomhmhargadh Réigiúnach na mBalcán Thiar; ag iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht nithiúil chun réiteach deimhneach agus ceangailteach a fháil agus a chur chun feidhme maidir le haighnis dhéthaobhacha atá ar siúl le fada an lá ar bhealach cuiditheach cáirdiúil, lena n-áirtítear aighneas faoi chúrsaí teorann le tíortha máguaird agus lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le líniú teorann leis an gCróit agus an tSeirbia;

48.

ag cur béim ar an bhfíoras go mba cheart go mbeadh aon chomhar eacnmaíoch réigiúnach sna Balcáin Thiar ionchuimsitheach agus inghlactha ag na sé thír go léir, comhar ar chomhchéim a chur ar bun, agus tuilleadh ailínithe le caighdeáin AE agus an acquis a neartú ag an am céanna; ag cur in iúl, sa chomhthéacs seo, an dearcadh faichilleach atá aici maidir le Tionscnamh na mBalcán Oscailte, nach gcuimsíonn na sé thír go léir, agus ag cur in iúl a tuairim go mba cheart go mbeadh sé bunaithe ar rialacha AE agus nach mbeadh ach tionchar dearfach aige ar phróiseas lánpháirtithe AE;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh di cealú táillí fánaíochta idir Montainéagró agus cúig stát eile na mBalcán Thiar ó 1 Iúil 2021; ag moladh don rialtas agus don Choimisiún plean a shocrú a mbeadh deireadh gan mhoill le táillí fánaíochta idir Montainéagró agus Ballstáit AE mar thoradh air;

50.

ag tabhairt dá haire go leanann Montainéagró de bheith i mbun comhar leanúnach faoi Phróiseas Dearbhú Sairéavó; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh rún maidir le Srebrenica an 17 Meitheamh 2021; á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh Aire Eachtrach Mhontainéagró i láthair den chéad uair riamh ag an gcóchomóradh ar íospartaigh champa Morinj; ag tabhairt dá haire, ó 2006, nach ndearnadh ach ocht gcinn de thrialacha coireachta cogaidh a reáchtáil agus nach ndearnadh ach déantóirí íseal-leibhéil coire a chur faoi thriail; á chur i bhfios go láidir nár cheart glacadh ar chor ar bith le séanadh cinedhíothaithe, le reitric ghríosaitheach ná le glóiriú coirpeach cogaidh;

51.

ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun tosaíocht a thabhairt do choireanna cogaidh agus glóiriú maidir leo, agus chun iad a phionósú, agus chun an scéal maidir le daoine atá ar iarraidh a shoiléiriú, agus a bheith gníomhach chuige sin; ag meabhrú an gá le cartlann rúnseirbhís na hiar-Iúgslaive a oscailt agus leis na nósanna imeachta dlíthiúla a leanúint chun comhaid ábhartha a aistriú chuig státchartlann Mhontainéagró;

52.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró na forálacha maidir le haontachas Iar-Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe a mhéid a bhaineann le sócmhainní míleata;

An geilleagar

53.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di ardleibhéal leanúnach na dífhostaíochta, go háirithe i measc na mban agus daoine óga, agus ag iarraidh ar na húdaráis níos mó a dhéanamh chun rochtain níos fearr ar an margadh fostaíochta a chur ar fáil dóibh agus chun dul i ngleic le himirce daoine oilte, an bhearna phá agus fostaíochta idir na fir agus na mná, agus cúram leanaí inacmhainne a chur ar fáil; á athdhearbhú gur gá an córas oideachais a ailíniú níos fearr leis an margadh saothair; ag tabhairt dá haire téarnamh an mhargaidh fostaíochta agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na céimeanna arna nglacadh chun Clár Ráthaíochta don Aos Óg a chur chun feidhme;

54.

ag tabhairt dá haire an fógra maidir le tionscnamh “Europe Now” [An Eoraip Anois], a bhfuil sé mar aidhm aige caighdeáin mhaireachtála níos airde agus geilleagar níos iomaíche a bhaint amach trí shamhlach fáis eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí;

55.

á chur in iúl gur cúis imní di cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch inbhuanaithe agus leochaileacht Mhontainéagró, leochaileacht atá ag méadú de bharr méadú ar a fhiachas poiblí, go háirithe don tSín, agus mar gheall ar an iasacht nua EUR 750 milliún a ghlac an rialtas air féin gan dul i gcomhairle le Parlaimint; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinneadh chun na leochaileachtaí fioscacha sin a laghdú, iad siúd a bhaineann leis an tSín san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún cúrsaí maicreacnamaíocha agus leochailteacht a fhiosrú sa chéad tuarascáil eile de réir tíre; ag tabhairt dá haire go bhfuil an baol ann go bhféadfaidh infheistíochtaí ag tríú tíortha agus ag comhlachtaí eachtrannacha in earnálacha straitéiseacha spleáchais eacnamaíocha gan údar a chruthú;

56.

ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, go bhfuil tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar Mhontainéagró; ag tabhairt dá haire na comharthaí spreagúla maidir le téarnamh eacnamaíoch Mhontainéagró in 2021 i ndiaidh an chúlaithe eacnamaíochta in 2020, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di fás láidir eacnamaíoch Mhontainéagró atá á thuar; ag iarraidh pleanáil eacnamaíoch agus airgeadais níos inbhuanaithe chomh maith le freagairt níos tráthúla agus níos dearfaí chun an damáiste a laghdú a tharla mar gheall ar an bpaindéim i measc grúpaí sóisialta sna cúinsí is leochailí; ag iarraidh ar an rialtas fíor-idirphlé shóisialta a eagrú mar chuid den phróiseas téarnaimh iarphaindéimeach;

57.

á chur in iúl gur díol sásaimh di eisíocaíocht EUR 60 milliún ó Phacáiste um Chúnamh Macrairgeadais COVID-19 atá dírithe ar thionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus ar cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomnú, chomh maith le heisíocaíocht EUR 14,2 billiún faoi IPA III chun tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar leis na ceanglais chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach;

58.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fógraíodh digitiú na seirbhísí poiblí agus gur forbraíodh seirbhísí leictreonacha rialtais idirbheartaíochta chun an téarnamh eacnamaíoch a fheabhsú; á iarraidh ar rialtas Mhontainéagró cuimsiú digiteach na ngrúpaí sóisialta go léir a chur chun cinn, agus ag moladh go ndéanfar forbairt ar bhearta coisctheacha spriocdhírithe agus ar spreagthaí chun gnóthaí agus fostaithe neamhfhoirmealta a dhlisteanú, ós rud é go bhfuil earnáil mhór neamhfhoirmeálta ag cur bac i gcónaí ar an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Montainéagró;

59.

á chur in iúl gur díol sásaimh di síniú an Chomhaontaithe Comhlachais don chlár Fhís Eorpach (2021-2027);

60.

ag cáineadh go láidir an scéim um phasanna óir, mar a tugadh air, agus ag cur in iúl gur oth léi gur cuireadh síneadh leis go dtí mhí na Nollag 2022 in ainneoin fógraí a rinneadh roimhe seo go gcuirfí deireadh leis an scéim de réir a chéile agus gan aon chomhairliúchán ar bhonn níos leithne le hinstitiúidí ábartha; ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun cosc a chur le sciúradh airgid; á chur i dtreis go bhfuil rioscaí slándála agus acmhainneacht maidir le héilliú, sciúradh airgid agus imghabháil cánach ag gabháil leis an tsaoránacht trí infheistíocht; ag iarraidh ar Mhontainéagró deireadh a chur leis an scéim láithreach bonn; ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, gur deonaíodh saoránacht ar bheagnach 200 náisiúnach Rúiseacha idir Nollaig 2020 agus 2022;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

61.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh plean náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus á mholadh do Mhontainéagró dlús a chur faoi athchóirithe i gcomhréir le creat beartais 2030 an Aontais maidir le haeráid agus fuinneamh agus a nósanna imeachta forfheidhme a neartú; ag iarraidh ar na húdaráis an úsáid is fearr is féidir a dhéanamh as cúnamh réamhaontachais AE chuige seo chun dul níos faide i dtreo thagarmharcanna Chaibidil 27 (comhshaol agus athrú aeráide) a bhaint amach;

62.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an pacáiste maidir le fuinneamh glan arna ghlacadh i mí na Samhna 2021; ag moladh do na húdaráis dul chun cinn a dhéanamh chun a gcuid plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dhréachtadh, ag díriú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe agus ag seachaint infeistíochtaí nua in infreastructúr atá bunaithe ar ghual agus ar bhreosla iontaise agus é a chur faoi bhráid Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a cuid moltaí a fháil; ag iarraidh ar Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun gearradh siar a dhéanamh ar chaillteanas óna líonra dáileacháin leitreachais, chun éagsúlú a dhéanamh ar fhoinsí in-athnuaite agus chun a spleáchas ar ghiniúint hidreachumhachta atá leochaileach ó thaobh aeráide de a laghdú; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh ar fionraí na comhaontuithe lámhaltais le haghaidh stáisiúin hidreachumhachta beaga agus ag iarraidh go dtabharfadh gach tionscadal nua aird ar chomhshaol AE, státchabhair agus caighdeáin lámhaltais; ag moladh do na húdaráis faireachán níos fearr a dhéanamh ar bhearta caighdeáin aeir i limitéir thruallaithe agus iad a chur chun feidhme;

63.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil stáisiún cumhachta guail Pljevlja fós ag feidhmiú tar éis dó líon na n-uaireanta oibriúcháin a shárú agus ag athdhearbú go práinneach ar údaráis Mhontainéagró é a shocrú in oiriúint le Conradh an Chomhpobail Fuinnimh láithreach bonn; ag tabhairt dá haire, go faichilleach, an méadú EUR 15 milliún ar an gcostas chun an stáisiún a ath-thógáil i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil, nár cuireadh tús leis go fóill; ag iarraidh ar na húdaráis an staidéar féidearthachta agus torthaí an imscrúdaithe arna dhéanamh ag an ionchúisitheoir poiblí maidir leis an bpróiseas tairisceana a fhoilsiú, agus machnamh a dhéanamh ar phlean aistrithe cuimsitheach d’fhonn dúnadh beartaithe an stáisiúin a dhéanamh;

64.

á iarraidh an athuair ar Mhontainéagró bearta práinneacha a dhéanamh chun limistéir faoi chosaint a chaomhnú ar bhealach éifeachtach, agus ag moladh di leanúint de láithreáin fhéideartha Natura 2000 a shainaithint; á chur in iúl gur díol sásaimh di forógra thrí limistéar muirí faoi chosaint (Platamuni, Katič agus Stari Ulcinj) agus ainmniú coillte feá Pháirc Náisiúnta Biogradska Gora le bheith ainmnithe ar liosta oidhreachta domhanda UNESCO; ag cur in iúl gur cúis imní di an damáiste arna déanamh ar limistéar uisce in aice le tionscadail infreastructúir, lena n-áirítear lochanna Skadar, Sinjajevina, Komarnica agus eile; ag cur in iúl gur oth léi nach bhfuarthas réiteach fós ar cheist Sinjajevina, in ainneoin dul chun cinn a rinneadh ag an tús; ag leagan béim ar an ngá le measúnú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach agus an Chreat-treoir Uisce, agus iad a chomhlíonadh; ag moladh d’údaráis Mhontainéagró pionóis chuí, neamh-áititheacha, éifeachtacha a fhorfheidhmiú i gcás gach coir comhshaoil agus deireadh a chur le héilliú san earnáil sin;

65.

ag cur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le hathchóirithe earnála tábhachtacha i mbeartas iompair; ag iarraidh ar Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun a Straitéis um Fhorbairt Iompair a chur chun feidhme agus chun acmhainneachtaí riaracháin maidir le cur chun feidhme líonraí tras-Eorpacha a neartú; á chur i bhfios go bhfuil an earnáil tógála sna Balcáin Thiar i measc na n-earnálacha is mó is leochailí i leith na coireachta eagraithe agus an éillithe; á chur i bhfios gur gá go mbeadh infheistíochtaí infreastructúir i gcomhréir le caighdeáin AE maidir le measúnacht tionchair timpeallachta agus anailísí costais is tairbhe agus rialacha AE maidir le tógáil i seilbh poiblí agus cúnamh Stáit á n-urramú ag an am céanna;

66.

ag tabhairt dá haire an spéis níos mó atá ag an tSín in infheistíocht a dhéanamh sna Balcáin Thiar agus i dtionscadail infreastructúir iompair i Montainéagró mar chuid dá Thionscnamh Creasa agus Bóthar; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Plean Eacnamaíocht agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus EU Global Gateway Initiative [Tionscnamh Tairsí Domhanda AE] mar roghanna níos glaise, níos trédhearcaí chun airgead a chur ar fáil do thionscadail infreastructúir;

67.

ag tabhairt dá haire, agus is oth léi, an damáiste a rinneadh ag Tearmann Bithsféir Abhantrach Tara agus ag an suíomh oidhreachta UNESCO, Páirc Náisiúnta Durmitor, mar gheall ar thógáil mhórbhealach Bar-Boljare; á iarraidh ar Mhontainéagró bearta chun leaba abhann a athbheochan a chur chun feidhme agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tógáil bonneagair iompair ar an gcomhshaol; ag cur in iúl gur cúis imní di go raibh costas mhórbhealach Bar-Boljare níos mó ná mar a measadh den chuid is mó, agus nach ndearnadh aon ghníomhaíocht in ainneoinn doiléireachta nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí, easpa cáipéisíochta pleanála agus imní éiceolaíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuil iarratas Mhontainéagró ar chomhaoiniú ó Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar ar feitheamh;

68.

ag iarraidh ar Mhontainéagró aghaidh a thabhairt ar dhiúscairt dramhaíola neamhdhleathaí agus tuilleadh céimeanna a ghlacadh chun nósanna imeachta maidir le háiseanna fuíolluisce a fheabhsú d’fhonn dlús a chur faoi iad a thógáil; ag tabhairt dá haire an easpa dul chun cinn agus an méadú ar chostaisí maidir le hionaid cóireála fuíolluisce riachtanacha a thógáil chun cosc a chur le truailliú séarachais i seacht mbardasacht;

69.

ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh maidir le hathchóirithe institiúideacha agus reachtacha ar shealgaireacht agus iascaireacht, agus aird ar leith a dhíriú ar limistéir agus speicis faoi chosaint;

o

o o

70.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró.

(1)  IO L 108, 29.4.2010, lch. 1.

(2)  IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.

(3)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.

(4)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 100.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0506.

(6)  Conclúidí ó ECRI maidir le cur chun feidhme na moltaí i leith Mhontainéagró faoi réir obair leantach eatramhach, 2 Meitheamh 2020, https://rm.coe.int/ecri-conclusions-on-the-implementation-of-the-recommendations-in-respe/16809e8273.

(7)  Rún an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (IO C 15, 12.1.2022, lch. 100).