16.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 479/18


P9_TA(2022)0212

Tuarascáil 2021 an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2021/2180(INI))

(2022/C 479/02)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3(1), Airteagal 3(3), an dara fomhír, Airteagal 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7,11, 19 agus 49 de,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe na hairteagail de a bhaineann le hurraim a thabairt don daonlathas, don smacht reachta agus do na cearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263, 265 agus 267,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”),

ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go háirithe do na cinntí i gCásanna C-156/21, an UngáirParlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (1) agus C-157/21, an PholainnParlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (2) maidir leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint,

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 maidir le Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2021)0700),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (3),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (4),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (5) (An Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (6),

ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

ag féachaint d’ionstraimí de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint chearta an duine agus cosaint saoirsí bunúsacha agus ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha atá in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,

ag féachaint do na moltaí agus tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),

ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Choiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile de Chomhairle na hEorpa,

ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 8 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais don chomhar le Comhairle na hEorpa 2020-2022,

ag féachaint don togra réasúnaithe ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2017 maidir le riosca soiléir a chinneadh i dtaca le sárú tromchúiseach ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE (COM(2017)0835),

ag féachaint do phlean gníomhaíochta frithchiníochais AE 2020-2025 dar teideal “Aontas an Chomhionannais”, a seoladh an 18 Meán Fómhair 2020 (COM(2020)0565),

ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 9 Samhain 2021 dar teideal “Frithsheimíteachas: Forléargas ar eachtraí frithsheimíteacha a taifeadadh san Aontas Eorpach 2010-2020”,

ag féachaint do thuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 22 Meán Fómhair 2021 dar teideal Protecting civic space in the EU [An spás sibhialta san Aontas a chosaint], agus dá tuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra AE a bhunú um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha (7),

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn (8),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta (9),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) CAE, an ann do riosca soiléir go bhfuil shárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe (10),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint (11),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir (12),

ag féachaint don rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha sa Bhulgáir (13),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú (14),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 ar thionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha (15),

ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 ar staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019 (16),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta (17),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 ar chruthú treoirlínte do chur i bhfeidhm an chórais ghinearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (18),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LADTIA san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire (19),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le cearta LADTIA san Aontas (20),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le saoirse na meán agus tuilleadh meatha ar an smacht reachta sa Pholainn (21),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 ar Mheáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (22),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí AE (23),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: an úsáid mhíchuí a bhaintear as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost (24),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 ar chomóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn (25),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis an meastóireacht ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid chistí AE agus cistí náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna (26),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2021 maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta sa tSlóivéin, go háirithe moill ar ainmniúchán ionchúisitheoirí OIPE (27),

ag féachaint do thuarascáil uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (28),

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Meitheamh 2021 dar teideal Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed [Bréagaisnéis a dhéanann difear do AE: tugtha fúithi seachas ceansaithe],

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: d’ainneoin iarrachtaí, tá fadhbanna bunúsacha ann fós],

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Rialú Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0139/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar mheas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar dhínit an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad – luachanna atá comhchoiteann idir Ballstáit an Aontais agus nach mór do thíortha is iarrthóirí cloí leo chun dul isteach san Aontas mar chuid de chritéir Chóbanhávan, nach féidir neamhaird a thabhairt orthu ná iad a léirmhíniú an athuair tar éis an aontachais; de bhrí gur luachanna a threisíonn a chéile iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt shistéamach ar an Aontas agus ar chearta agus ar shaoirsí a shaoránach; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ina cheangal ar an Aontas ina iomláine agus ar a Bhallstáit ar gach léibhéal rialachais lena n-áirítear eintitis fho-náisiúnta;

B.

de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a thig ó na Conarthaí, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, agus de bhrí go gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart is iomchuí a dhéanamh, go ginearálta nó go háirithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;

C.

de bhrí gur díol sásaimh é an timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta sna huirlisí atá ar fáil chun luachanna Airteagal 2 CAE a chaomhnú, trí aghaidh a thabhairt ar an staid i ngach Ballstát AE i dtuarascáil atá bunaithe ar cheithre cholún, agus go bhfuil tionchar díreach aige sin ar urraim don smacht reachta;

D.

de bhrí, gan moltaí nithiúla agus bearta leantacha éifeachtacha a dhéanamh, go bhféadfadh sé tarlú nach ndéanfadh an tuarascáil ar an smacht reachta dúshláin shistéamacha agus cúlú ar an smacht reachta, mar a chonacthas i roinnt Ballstát de chuid AE le blianta beaga anuas, a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach agus go tráthúil;

E.

de bhrí gur thug na Ballstáit bearta éigeandála isteach chun freagairt a thabhairt ar phaindéim COVID-19; de bhrí, chun iad a bheith dleathach, gur ghá prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú leo, agus srian á chur leo ar chearta bunúsacha nó ar shaoirsí bunúsacha; de bhrí gurbh ann do threocht dhiúltach maidir leis an smacht reachta i roinnt Ballstát mar go bhfuil úsáid bainte ag rialtais as na bearta urghnácha mar leithscéal chun srianta agus ceartúcháin daonlathais a lagú;

F.

de bhrí gur gá na sásraí atá ann cheana a neartú agus a shruthlíniú agus sásra cuimsitheach aonair AE a fhorbairt chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint go héifeachtach agus chun a áirithiú go gcloífear le luachanna Airteagal 2 CAE ar fud an Aontais agus go gcloítear leo i dtíortha is iarrthóirí, cé go bhfuil córais faireacháin éagsúla acu, ionas go gcoiscfear na Ballstáit ó dhlí náisiúnta a fhorbairt atá bunoscionn le cosaint Airteagal 2 CAE;

G.

de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun faisnéise agus an ceart chun rannpháirtíochta poiblí, i measc bhunchlocha an daonlathais;

H.

de bhrí gur ullmhaigh Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir leis an gcomhrac i gcoinne na fuathchainte dréachtmholadh ó Choiste na nAirí maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac, ar moladh é lena gcuirtear treoir neamhcheangailteach ar fáil maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan agus atá ag fanacht lena ghlacadh in 2022 (29); de bhrí go dtugtar de chúram ar an gCoiste Saineolaithe nuabhunaithe maidir le Coireacht a Chomhrac, dréachtmholadh ó Choiste na nAirí a ullmhú faoi dheireadh 2023 maidir leis an bhfuathchoireacht;

I.

de bhrí go gceadaítear leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna tacaíocht sholúbtha dhíreach a thabhairt do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a chuireann chun cinn agus a chosnaíonn na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach;

Tuarascáil 2021 ar an Smacht Reachta: breithnithe ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an dara tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire go mbaineann an Pharlaimint úsáid rialta as an tuarascáil bhliantúil sin mar fhoinse faisnéise agus ionchuir, agus staid an smachta reachta i mBallstát sonrach á plé aici; á chur in iúl gur oth léi nár thug an Coimisiún aghaidh ar bhealach iomlán ar na moltaí a rinne an Pharlaimint ina rún an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, go háirithe an leathnú ar raon feidhme a thuarascálacha chun na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chumhdach, an difreáil idir sáruithe sistéamacha agus aonair, agus measúnú trédhearcach níos doimhne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanamh mar fhreagairt ar sháruithe; á mheas go bhfuil na moltaí sin fós bailí agus athdhearbhaíonn sí iad;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil feidhmiú na gcóras ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha áirithe a bhaineann le córas srianta agus ceartúchán, lena n-áirítear go pointe áirithe, an spás sibhialta, go léir mar chuid den tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiúin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár cumhdaíodh saincheisteanna uile an smachta reachta ar bhealach a bhí mionsonraithe agus leathan go leor i dtuarascáil 2021; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta i ngach colún ó dhearcadh na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus na gceart bunúsach mar a thuairiscítear sa Chairt; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil bhliantúil gnéithe tábhachtacha eile de Sheicliosta Smacht Reachta Choimisiún na Veinéise 2016, amhail mí-úsáid cumhachtaí a chosc, comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú agus rochtain ar cheartas lena n-áirítear gnéithe den cheart chun triail chóir a fháil; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún meastóireacht ar dhálaí i bpríosúin a áireamh i dtuarascálacha amach anseo;

3.

á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil caibidlí tírshonracha sa tuarascáil; ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin dul i mbun plé le rialtais náisiúnta, le parlaimintí náisiúnta agus le Parlaimint na hEorpa, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe náisiúnta eile; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú go réamhghníomhach leis an gCoimisiún agus a n-aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil don phobal, ionas go mbeidh saineolaithe neamhspleácha agus grúpaí sochaí sibhialta in ann fíricí a sheiceáil agus freagairt orthu agus trédhearcacht iomlán a áirithiú; á mholadh don gCoimisiún leanúint den anailís a dhoimhniú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní cuí a áirithiú lena aghaidh sin, lena n-áirítear acmhainní daonna, chun iarracht a dhéanamh raon leathan éagsúil geallsealbhóirí a bhaint amach; á chreidiúint gur cheart níos mó ama a chur i leataobh do chuairteanna an Choimisiúin ar thíortha, agus an tábhacht a mheastar leo a mhéadú, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht níos mó a mhúscailt i measc an phobail maidir leis na cuairteanna sin chun cultúr an smachta reachta a chothú ar an leibhéal náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi na cuairteanna a thug an Coimisiún ar na parlaimintí náisiúnta chun torthaí na tuarascála a chur i láthair;

Modheolaíocht

4.

á chur i bhfáth go ndéantar grinnscrúdú ar na Ballstáit uile i gcomhréir leis na táscairí céanna agus an mhodheolaíocht chéanna, gan aon idirdhealú a dhéanamh i gcoinne aon Bhallstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún mionléiriú a dhéanamh ar na táscairí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar staid an smachta reachta sna mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún Seachtain Luachanna AE gach mí Mheán Fómhair a bhunú, lena linn a gcuirfí an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta ag an am céanna agus ina gcomhtháthofaí ar bhealach níos fearr í laistigh de Scórchlár Ceartais AE, den tuarascáil ar chearta bunúsacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’Fhaireachán Iolrachas na Meán; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an tuarascáil ar an smacht reachta ag fónamh faoi láthair mar dhoiciméadacht thuairisciúil ar an staid sna Ballstáit, ach gur cheart gur ionstraim anailíseach agus saintreorach a bheadh inti chun a cuspóirí coisctheacha agus maolaithe a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hanailís chuimsitheach agus meastóireacht fhoriomlán ar an smacht reachta sna Ballstáit chun anailís chríochnúil a dhéanamh ar staid na himeartha sna Ballstáit; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an baol ann go ndéanfadh easnaimh nó sáruithe de chineál nó déine éagsúil beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta; ag tathant ar an gCoimisiún idirdhealú a dhéanamh idir a thuairisciú tríd an éagsúlacht a léiriú ar bhealach níos soiléire agus níos sothuigthe idir sáruithe sistéamacha agus sáruithe d’aon ghnó ar an smacht reachta agus sáruithe aonair;

5.

á chur in iúl gur oth léi nach n-aithnítear go soiléir sa tuarascáil an próiseas lena ndéantar cúlú ar an smacht reachta d’aonghnó i dtíortha atá faoi réir nósanna imeachta leanúnacha Airteagal 7(1) CAE, go háirithe sa Pholainn agus san Ungáir, agus easnaimh sa smacht i roinnt Ballstát reachta a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú nuair a dhéantar sárú ar luachanna Airteagal 2 CAE go córasach, d’aon ghnó, go tromchúiseach agus go buan thar thréimhse ama, go bhféadfadh teip ar na Ballstáit na critéir uile lena sainítear cad is daonlathas ann a chomhlíonadh agus go bhféadfadh siad athrú ina réimis fhorlámhacha;

6.

á chur in iúl gur oth léi gur ghá don Choimisiún roinnt Ballstát, go háirithe an Ungáir agus an Pholainn, a lua roinnt uaireanta mar phointí imní sa tuarascáil sintéise agus nach ndearnadh aon fheabhsú inbhraite ó foilsíodh an tuarascáil; á mheabhrú go bhfuil aghaidh tugtha ag an bParlaimint freisin, ó mhí an Mheithimh 2021, ar staid an smachta reachta san Ungáir, sa Pholainn agus sa tSlóivéin ina rúin iomlánacha; á mheabhrú thairis sin gur thug Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Grúpa Faireacháin um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha agus an Coiste um Rialú Buiséadach aghaidh freisin ar fhadhbanna i roinnt Ballstát; á chur i bhfáth, tar éis roinnt toscaireachtaí ad-hoc a bheith curtha i gcrích chuig roinnt de na Ballstáit sin, gur léir anois go bhfuil staid an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach sna Ballstáit sin i bhfad níos measa ná mar a chuir an Coimisiún síos air sa tuarascáil uaidh; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún measúnú níos cuimsithí a dhéanamh ar na heilimintí céanna i gcaibidlí uile na dtíortha chun tíortha ina bhfuil cúlú á dhéanamh a shainaithint ar bhealach níos fearr;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún caibidil gach tíre a thabhairt i gcrích le measúnú ar fheidhmíocht na mBallstát i leith cholúin aonair na tuarascála, lena léirítear a mhéid a comhlíonadh coinníollacha an Rialacháin maidir le Comhréireacht maidir leis an Smacht Reachta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, i dteannta an mheasúnaithe cháilíochtúil, innéacs smachta reachta a fhorbairt do na colúin éagsúla bunaithe ar chóras atá oibiachtúil, inrochtana, trédhearcach, inléite agus neamh-idirdhealaitheach, a bheidh le déanamh ag saineolaithe neamhspleácha, rud a d’fhéadfadh leibhéal na hurraime don smacht reachta sna Ballstáit a chur in iúl;

8.

á mheas gur cheart go sainaithneofaí sa tuarascáil bhliantúil treochtaí trasghearrtha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear leochaileachtaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún cásanna a shainaithint ina ndéantar eiseamláirí de bhearta nó de chleachtais a bhaineann an bonn den smacht reachta i mBallstát amháin, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfaí eiseamláirí díobh do Bhallstáit eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil an díriú d’aon ghnó ar chearta grúpaí mionlaigh tar éis dul i nirt i roinnt Ballstát, rud atá le feiceáil tríd an dul ar gcúl ar chearta na mban, cearta daoine LGBTIQ agus cearta grúpaí mionlaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, aird a tharraingt ar an éifeacht dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith ag sáruithe ar an smacht reachta ar an Aontas ina iomláine;

9.

á mheas gur cheart dul níos faide sa tuarascáil ná léargais bhliantúla agus dearcadh atá ag forbairt agus atá dinimiciúil a thabhairt ar an urraim don smacht reachta nó an cúlú ar an smacht reachta atá i gcórais cheartais na mBallstát uile; ag moladh na hiarrachta a rinneadh i dtuarascáil 2021 chun an staid a chur i gcomparáid leis an staid i dtuarascáil 2020; á chreidiúint gur gá treochtaí dearfacha agus diúltacha a shainaithint go soiléir maidir le staid an smachta reachta agus anailís a chur ar fáil ar na cúiseanna bunúsacha leis sin;

10.

á mheas go mbeadh caibidil nua ar leith maidir le hinstitiúidí an Aontais inmhianaithe, ar caibidil i ina ndéanfaí measúnú ar an staid maidir le scaradh cumhachtaí, cuntasachta agus srianta agus ceartúchán;

Measúnú agus moltaí

11.

á mheas go bhféadfadh measúnuithe níos soiléire a bheith curtha ar fáil i dtuarascáil 2021, agus a lua an raibh easnaimh ann, an raibh baol ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach nó an ndearnadh sárú iarbhír ar luachanna Airteagal 2 CAE i ngach ceann de na colúin a ndearnadh anailís orthu sna caibidlí tíre; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú ar na bearta uile maidir leis an smacht reachta a cuireadh chun feidhme an bhliain roimhe sin a chur san áireamh, agus anailís ar éifeachtacht na mbeart sin agus ar na bealaí ina bhféadfaí iad a fheabhsú ag gabháil leis; á iarraidh go ndéanfaí anailís níos comhtháite ar na hidirnaisc idir na ceithre cholún agus an chaoi a bhféadfadh sé gurb ionann easnaimh chomhcheangailte agus sáruithe ar luachanna Airteagal 2 CAE nó gurb ionann iad agus baol go sárófaí iad; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé friotal díreach gan débhrí a úsáid, agus a thábhachtaí atá sé béim shoiléir a leagan ar an tsaincheist i dtrácht i gcomhréir le seasamh an Choimisiúin;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún moltaí tírshonracha a áireamh i dtuarascáil 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme, spriocanna agus gníomhaíochtaí nithiúla a bheidh le déanamh a chur leis na moltaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le cur chun feidhme a mholtaí a áireamh i dtuarascálacha ina dhiaidh sin, agus, ina theannta sin, í a bheith mar chuid den idirphlé struchtúrtha leis an bParlaimint le linn na bliana; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndírítear ina thuarascálacha bliantúla freisin ar aon mholtaí tírshonracha ábhartha don Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí sin a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus an ionchúisitheora phoiblí agus leis an éilliú a chomhrac agus trédhearcacht agus sláine a áirithiú;

13.

ag moladh go gcuirfeadh an Coimisiún in iúl in éineacht le gach ceann dá mholtaí an liosta neamh-uileghabhálach d’uirlisí is iomchuí a úsáid ag institiúidí an Aontais i gcás nach ndéanfar na heasnaimh a leigheas; á iarraidh ar an gCoimisiún gan aon drogall a bheith air na huirlisí sin a úsáid, go háirithe nuair nach bhfuil aon mhuinín ann i gcur chun feidhme tapa na moltaí nó más baol go mbeadh tuilleadh meatha ann, gan fanacht leis an gcéad timthriall tuairiscithe bliantúil eile;

Raon feidhme

14.

á chur in iúl gur oth léi nach gcuimsítear go hiomlán, i dtuarascáil 2020 ná i dtuarascáil 2021, luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach de chuid Airteagal 2 CAE, ar luachanna iad a ndéantar difear dóibh láithreach nuair a thosaíonn tíortha ag déanamh cúlú ar an smacht reachta; á athdhearbhú gurb ann do nasc bunúsach idir an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha;

Córais cheartais

15.

ag cur béim ar an bhfíoras gur codanna ríthábhachtacha den smacht reachta iad cuntasacht bhreithiúnach, neamhspleáchas ionchúisimh agus breithiúnach, agus forfheidhmiú breithiúnas; á chur in iúl gur saoth léi na fadhbanna tromchúiseacha struchtúracha a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach i mBallstáit áirithe; á chur i bhfáth go bhfuil ról bunúsach ag na gairmeacha dlíthiúla maidir le cosaint na gceart bunúsach a áirithiú agus an smacht reachta a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit breithiúna agus ionchúisitheoirí a chosaint ar ionsaithe polaitiúla agus ar bhrúnna lena ndéantar iarracht an bonn a bhaint dá gcuid oibre agus á áitiú nach mór do na Ballstáit dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le neamhspleáchas breithiúnach a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí nithiúla a chur isteach sa tuarascáil uaidh in 2022 chun neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú sna Ballstáit uile, agus chun neamhspleáchas dlíodóirí agus cumann barra a chumhdach sa tuarascáil bhliantúil, ar an ábhar go bhfuil siad bunriachtanach do chórais cheartais neamhspleácha;

16.

á mheabhrú go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar an dlí náisiúnta gan beann ar an gcaoi a n-eagraítear córais cheartais náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rialuithe na gcúirteanna náisiúnta maidir le tosaíocht dhlí AE ar reachtaíocht náisiúnta agus go háirithe neamh-chomhoiriúnacht airteagal áirithe de na Conarthaí le bunreachtanna náisiúnta; ag tathant ar an gCoimisiún freagairtí nithiúla, láithreacha agus leordhóthanacha a áirithiú do dhiúltuithe rialuithe ó CBAE a chur chun feidhme agus a urramú agus tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ina leith sin;

17.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag comhairlí na mbreithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú; á chur in iúl go bhfuil fadhbanna seanbhunaithe ag roinnt Ballstát maidir le comhdhéanamh a gcomhairlí de na breithiúna agus maidir le ceapadh na mbreithiúna, ar fadhbanna iad a mbíonn an baol ann uaireanta go ndéanfaí cur isteach polaitiúil míchuí orthu; á mholadh do na Ballstáit tuairim Choimisiún na Veinéise a iarraidh go córasach i gcás ina bhféachfaidh sé le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhlachtaí sin a oiriúnú agus obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin; á mheas gur gá don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an obair leantach sin sa tuarascáil bhliantúil;

18.

á chur in iúl gur príomhghné í an tseirbhís ionchúisimh sa chomhrac i gcoinne na coireachta, an éillithe agus na mí-úsáide cumhachta; á chur i bhfáth gur gá coimircí a chur i bhfeidhm chun neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh agus na n-ionchúisitheoirí aonair a chaomhnú ionas go mbeidh siad saor ó bhrú polaitiúil míchuí, go háirithe ón rialtas, agus coinníollacha riachtanacha cuntasachta á gcomhlíonadh acu chun mí-úsáid nó faillí a chosc; ag cur a dlúthpháirtíochta iomláine agus a tacaíochta iomláine d’íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta in iúl;

19.

á chur i bhfios nach amháin go mbaineann cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí SLAPPanna an bonn go mór ón gceart chun rochtana éifeachtaí ar cheartas atá ag a n-íospartaigh, agus dá bhrí sin ón smacht reachta, ach gur mí-úsáid iad freisin ar chórais cheartais agus creataí dlí na mBallstát, go háirithe trí bhac a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt go rathúil ar dhúshláin atá ann cheana amhail fad na n-imeachtaí agus cáilíocht na gcóras ceartais, mar aon le riar na gcásanna agus riaráistí na gcásanna;

Creat frithéillithe

20.

ag athdhearbhú a tuairime gur bagairt thromchúiseach é an t-éilliú, don daonlathas, do chistí Eorpacha agus don smacht reachta; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá ag teacht ar an éilliú agus ar an meath i mBallstáit áirithe, teacht chun cinn leanúnach na gcásanna éillithe lena mbaineann oifigigh ardleibhéil agus polaiteoirí agus insíothlú na coireachta eagraithe sa gheilleagar agus san earnáil phoiblí; á chur in iúl gur geal léi an fhaisnéis a áirítear i dtuarascáil 2021 ar an smacht reachta maidir leis an ábhar sin agus á iarraidh go ndéanfar soiléiriú i dtuarascálacha amach anseo maidir le cibé an ndearnadh difear do chistí AE;

21.

ag tathant ar an gCoimisiún beartas agus ionstraimí frithéillithe an Aontais a nuashonrú agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí shainmhíniú aonfhoirmeach a sholáthar ar choir an éillithe agus trí chaighdeáin agus tagarmharcanna comhchoiteanna a chruthú agus trína gcur chun feidhme agus a bhforfheidhmiú cuí a áirithiú; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit dul i dteagmháil le OIPE agus tacú go gníomhach lena chúraimí; á iarraidh ar Bhallstáit nach ndeachaigh isteach in OIPE go fóill déanamh amhlaidh; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Coimisiún litreacha fógra foirmiúil chuig beagnach gach Ballstát mar gheall ar nach ndearnadh an Treoir um Chosaint na Sceithirí (30) a thrasuí;

Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse agus iolrachas na meán

22.

á mheabhrú, maidir le saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear meáin nuachta ardcháilíochta, atá maoinithe ar bhealach inbhuanaithe agus trédhearcach, agus neamhspleách, idir na meáin thraidisiúnta agus na meáin dhigiteacha, le hiriseoirí neamhspleácha, seiceálaithe fíoras agus taighdeoirí, agus meáin láidre seirbhíse poiblí, go bhfuil siad ríthábhachtach don daonlathas, gur ráthú iad i gcoinne mhí-úsáid na cumhachta agus gurb iad an leigheas is fearr ar an mbréagaisnéis iad; á chur in iúl go bhfuil imní uirthi maidir le neamhspleáchas polaitiúil na meán i roinnt Ballstát mar go léiríonn tuairimí eagarthóireachta an deighilt láidir atá ann sa saol polaitiúil;

23.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil an timpeallacht ina bhfuil iriseoirí agus gníomhaithe na meán ag feidhmiú ag éirí níos naimhdí laistigh de roinnt mhaith Ballstát, go háirithe nuair a dhíríonn a gcuid oibre ar mhí-úsáid cumhachta, ar éilliú, ar sháruithe ar chearta bunúsacha agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar an imeaglú, na bagairtí (lena n-áirítear ar na meáin shóisialta), na cúisimh choiriúla, na hionsaithe fisiciúla, na teagmhais fhoréigneacha agus na dúnmharuithe atá á bhfulaingt ag iriseoirí agus eagraíochtaí na meán i roinnt Ballstát; ag cáineadh na straitéisí leatromacha a úsáideann rialtais i roinnt Ballstát amhail úsáid SLAPPanna agus feachtais chlúmhillte, chomh maith le rialú méadaitheach ag an stát ar na meáin phoiblí, ar an tsochaí shibhialta agus ar institiúidí acadúla, as a n-eascraíonn féinchinsireacht agus meathlú méadaitheach ar shaoirse na meán agus ar shaoirse acadúil; á mheabhrú, tráth a feallmharaíodh í, go raibh 47 gcás dlí clúmhillte idir shibhialta agus choiriúla os comhair an iriseora iniúchta Daphne Caruana Galizia, ar cásanna iad a bhfuil go leor acu fós os comhair a teaghlaigh; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh na heachtraí doghlactha sin a bheith ina gcúis le beaguchtach maidir le saoirse chun cainte agus saoirse an phreasa agus nár cheart go gceadófaí fasach a leagan síos leo laistigh den Aontas agus do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha araon;

24.

á chur in iúl gur oth léi nach léirítear i dtuarascáil 2021 a thromchúisí atá na treochtaí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialú stáit, le cásanna dlí straitéiseacha agus le feachtais chlúmhillte a dtéann Ballstáit áirithe ina mbun; ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na caibidlí a bhaineann leis na meáin trí mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcreataí náisiúnta chun saoirse na meán, iolrachas na meán agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chosaint, reachtaíocht de chuid an Aontais a thabhairt isteach i gcoinne úsáid SLAPPanna lena mbunaítear íoschaighdeáin agus creat uaillmhianach dlí a thíolacadh chun cur i gcoinne pholaitiú méadaitheach na meán i mBallstáit áirithe san Acht um Shaoirse na Meán atá ar na bacáin; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa tuarascáil measúnú críochnúil ar neamhspleáchas rialtóirí seirbhísí meán closamhairc na mBallstát, nach mór dóibh, faoi dhlí an Aontais, a bheith neamhspleách ar a rialtais faoi seach; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú breise agus níos solúbtha a áirithiú d’iriseoireacht iniúchta neamhspleách san Aontas;

25.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá meáin na seirbhíse poiblí atá neamhspleách ó thaobh na eagarthóireachta de chun clúdach ardchaighdeáin, neamhchlaonta agus saor ar ghnóthaí poiblí a chur ar fáil, go háirithe nuair a bhíonn toghcháin ar siúl; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú cobhsaí, oscailte, trédhearcach, inbhuanaithe agus leordhóthanach a áirithiú do mheáin na seirbhíse poiblí ar bhonn ilbhliantúil chun a gcáilíocht agus a neamhspleáchas ó bhrúnna rialtais, polaitiúla, eacnamaíocha agus eile a ráthú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil meáin na seirbhíse poiblí fágtha ar lár sa tuarascáil bhliantúil; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar mheáin na seirbhíse poiblí sna tuarascálacha uaidh amach anseo;

26.

á thabhairt faoi deara gur bagairt don daonlathas agus don smacht reachta san Aontas í an bhréagnuacht agus an mhífhaisnéis a thagann as sin agus atá dírithe ar shaoránaigh an Aontais, ós rud é go ndéanann scaipeadh na bréagaisnéise an daonlathas a dheighilt agus a lagú; á chur in iúl gur geal léi an cur síos a rinne an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil maidir le brú agus tionchar polaitiúil ar na meáin agus á iarraidh ar an gCoimisiún cur síos níos soiléire a dhéanamh ar na feachtais chórasacha bréagaisnéise agus ar an trasnaíocht eachtrach a bhfuil sé mar aidhm leo muinín an phobail as institiúidí stáit agus as na meáin neamhspleácha a laghdú; á aithint go bhféadfadh tionchar ollmhór suaiteach ar earnáil na meán a bheith ag ardáin dhomhanda ar líne; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, nach ndéantar foráil iomlán sa reachtaíocht reatha do thimpeallacht chothrom san éiceachóras ar líne, amhail sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus ar son na cuntasachta algartamaí; á mheas gur chéim sa treo ceart é reachtaíocht ábhartha a ghlacadh, go háirithe an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha, ach gur gá níos mó a dhéanamh san Ionstraim Eorpach um na Meáin chun dálaí cothroma a chruthú i bhfianaise chlaochlú digiteach earnáil na meán agus scaipeadh na n-ardán ar líne;

27.

á chur i bhfáth go bhfuil dlúthbhaint ag saoirse na meán le saoirse ealaíne agus acadúil; á cháineadh go láidir go bhfuil an tsaoirse cainte, saoirse na n-ealaíon agus saoirse comhthionóil, i roinnt Ballstát, ciorraithe agus srianta go mór; á chur i bhfios go láidir go mbíonn neamhspleáchas na gcóras oideachais faoi bhagairt aon uair nach ráthaítear struchtúr eagrúcháin uathrialach a chuid institiúidí; á iarraidh ar an gCoimisiún gach gné den tsaoirse cainte a áireamh ina thuarascáil ar an smacht reachta;

Daonlathas agus srianta agus ceartúcháin

28.

ag cosaint an tseasaimh go bhfuil prionsabal scaradh na gcumhachtaí bunriachtanach d’fheidhmiú éifeachtach an stáit, lena n-áirítear feidhmiú éifeachtach, neamhspleách, neamhchlaonta agus éifeachtúil na gcóras ceartais ar fud an Aontais, agus go n-éilítear leis sin go staonfadh institiúidí ó aon bhrú a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí, go háirithe brú ó leibhéil polaitiúla agus eacnamaíocha;

29.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil toghcháin chothroma agus shaora i measc na gcaighdeán is ísle ar fad is gá le haghaidh daonlathas feidhmiúil a bheith ann agus gur cheart gach próiseas toghcháin san Aontas a bheith gan tionchar míchuí ná neamhrialtachtaí míchuí; á chur i bhfáth, i gcás an bharúil ó ESCE nach raibh toghcháin ar siúl ar bhealach cothrom agus saor, nach mór gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh, lena n-áirítear faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh nuair a shainaithnítear an riosca cúblála ar thoghcháin i mBallstát, bíodh sin ag gníomhaithe stáit, gníomhaithe eachtracha nó gníomhaithe príobháideacha;

30.

á mheabhrú gur gné lárnach de shochaí shaor agus dhaonlathach é saoirsí bunúsacha a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun cáineadh a dhéanamh go poiblí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an spás do na saoránaigh a bheith ag dul i laghad i mBallstáit éagsúla, rud a léirítear trí úsáid SLAPPanna i gcoinne na meán agus i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe agus lucht gníomhaíochta na sochaí sibhialta, agus lucht an fhreasúra pholaitiúil, agus faireachas a bheith á dhéanamh orthu siúd; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiúin treoir a mholadh i gcoinne mí-úsáid na dlíthíochta lena spriocdhírítear ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine agus á chur i bhfios go láidir nach mór don raon feidhme a bheith cuimsitheach go leor chun iad siúd uile ar cosantóirí chearta an duine iad, lena n-áirítear gníomhaithe aonair, a chuimsiú;

31.

á chur i bhfáth gur bagairt dhíreach don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine é úsáid neamhdhleathach Pegasus agus spiairearraí comhionanna ag na Ballstáit i gcoinne iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí den fhreasúra agus daoine eile; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáid uirlisí faireachais agus ar a tionchar ar phróisis dhaonlathacha laistigh den Aontas chomh maith le sáruithe féideartha ar luachanna Airteagal 2 CAE agus ar an gCairt;

32.

á chreidiúint gur cheart go mbeadh caibidil ar leith sa tuarascáil maidir le staid an spáis shibhialta sna Ballstáit agus maidir le “Innéacs Eorpach Spás na Sochaí Sibhialta” a chruthú, i bhfianaise a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta chun sochaí atá iomlán dhaonlathach agus chuimsitheach a choinneáil, bunaithe ar urraim do chearta an duine agus ag féachaint do na dúshláin atá os comhair na sochaí sibhialta i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear bearta reachtacha agus riaracháin, rochtain theoranta ar chistiú agus feachtais chlúmhillte;

33.

á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún ceathrú colún na tuarascála bliantúla maidir le “saincheisteanna institiúideacha eile atá nasctha le srianta agus ceartúcháin” a fhorbairt ina cholún maidir leis an daonlathas agus srianta agus ceartúcháin, lena ndéanfaí measúnú ar ghnéithe amhail bagairtí féideartha ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus sna Ballstáit, lena n-áirítear ionramháil toghchán;

Tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha

34.

á mheabhrú go raibh tionchar mór ag na beart a bhain le paindéim COVID-19, lena n-áirítear córais éigeandála agus dlíthe foraithne, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha laistigh den Aontas, go háirithe i réimsí an cheartais, shaoirse na meán agus an fhrithéillithe;

35.

á chur in iúl gur oth léi cineál agus úsáid iomarcach na mbeart éigeandála le linn phaindéim COVID-19 agus nach raibh rialaithe ex-post déanta ag roinnt parlaimintí náisiúnta ar na bearta sin, agus gur dúnadh parlaimintí fiú in go leor Ballstát, rud a mhéadaigh cumhacht na rialtas agus a raibh easpa chuntasacht agus thrédhearcacht an fheidhmeannais mar thoradh air;

36.

á mheabhrú go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar rochtain ar an gceartas agus ar éifeachtúlacht na gcúirteanna náisiúnta araon, lena n-áirítear dúnadh páirteach cúirteanna náisiúnta; á thabhairt chun suntais gur léiríodh leis an staid urghnách a bhí ann de dheasca na paindéime go bhfuil géarghá le himeachtaí ceartais a nuachóiriú agus le gnéithe digiteacha a thabhairt isteach chun éifeachtúlacht na gcóras ceartais a mhéadú agus rochtain ar chúnamh dlí agus ar fhaisnéis a éascú;

37.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinn sa tuarascáil maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar an smacht reachta; á chur i bhfáth gur cheart leanúint le faireachán a dhéanamh ar úsáid agus ar chomhréireacht na mbeart sin go dtí go gcuirfear deireadh leis na bearta uile gan aon eisceacht; á thabhairt dá haire, maidir leis sin, go bhfuil baol ann go mbainfí mí-úsáid as cistí ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais; á athdhearbhú nach féidir na cistí sin a dháileadh go dtí go dtabharfar aghaidh go hiomlán ar na hábhair imní sin; ag tathant ar an gCoimisiún a mheas in am trátha an amhlaidh i ndáiríre a bhí na bearta a rinne na Ballstáit teoranta ó thaobh ama de, an raibh siad riachtanach agus comhréireach, agus an raibh srianta agus ceartúcháin i bhfeidhm agus iad á ndéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a leagan amach chun cabhrú leis na Ballstáit tionchar diúltach na paindéime i réimsí an cheartais, an fhrith-éillithe agus shaoirse na meán a mhaolú;

Cearta bunúsacha agus comhionannas

38.

á chur i bhfáth, agus é ina chúis imní di, maidir le mná agus daoine i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, leanaí, mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe tráth atá an frith-Sheimíteachas, an frithghiofógachas agus an fuath frith-Mhuslamach ag méadú san Eoraip, daoine Romacha, daoine de bhunadh na hAfraice agus na hÁise agus daoine eile a bhaineann le mionlaigh eitneacha agus teanga, imircigh, iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe, daoine LGBTIQ agus daoine scothaosta, go háirithe daoine a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí imeallaithe, nach bhfuil cearta na mban sin agus cearta na ndaoine sin i gcásanna leochaileacha á n-urramú go hiomlán go fóill ar fud an Aontais agus go bhfuil siad ag fulaingt go fóill mar gheall ar chleachtais idirdhealaitheacha; ag leagan béim ar an nasc soiléir idir caighdeáin an smachta reachta a bheith ag dul in olcas agus sáruithe ar chearta bunúsacha agus ar chearta mionlaigh, amhail úsáid fornirt iomarcaigh ag údaráis forfheidhmithe dlí le linn agóidí agus ag teorainneacha an Aontais; á mheabhrú, i gcásanna áirithe, go dtéann na Ballstáit i muinín beart d’aon ghnó a bhfuil amhras fúthu ó thaobh an smachta reachta de, amhail reachtaíocht a ghlactar trí nósanna imeachta meara gan comhairliúchán poiblí nó fiú, i gcásanna eisceachtúla, athruithe bunreachtúla mar bhealach chun beartais idirdhealaitheacha a dhlisteanú, ar beartais iad nach bhféadfaí a reachtú murach sin, amhail forálacha lena spriocdhírítear go sonrach ar dhaoine LGBTIQ nó toirmeasc beagnach iomlán a fhorchur ar an nginmhilleadh; á mheabhrú go bhfuil freagracht ar na Ballstáit i leith daoine aonair a chuirtear i gcásanna leochaileacha agus gur cheart dóibh sábháilteacht agus cosaint ar idirdhealú a thabhairt dóibh; á iarraidh go láidir an athuair ar an gCoimisiún measúnú domhain ar na sáruithe leanúnacha ar chearta bunúsacha ar fud an Aontais a chur san áireamh laistigh de raon feidhme tuarascálacha amach anseo, lena comhionannas agus cearta daoine a bhaineann le mionlaigh; á iarraidh ar institiúidí an Aontais, idir an dá linn, na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta a léamh i bhfianaise na dtuarascálacha maidir le cearta bunúsacha arna bhfoilsiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

39.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Cinneadh Réime ón gComhairle maidir le Ciníochas agus Seineafóibe (31) ionchorpraithe go hiomlán agus i gceart sa dlí náisiúnta ag roinnt Ballstát, agus nach bhfuil forálacha na Treorach maidir le Comhionannas Ciníocha (32) á gcur chun feidhme ina n-iomláine go fóill sna Ballstáit uile; á mholadh go dtabharfaí níos mó airde ar dhioscúrsaí polaitiúla agus meán a spreagann fuath i gcoinne mionlach agus ar an tionchar díreach a bhíonn acu sin ar dhlíthe nó cleachtais idirdhealaitheacha a bheith á nglacadh nó ar chleachtais lena mbaintear den smacht reachta do chách, lena n-áirítear i réimse na frithsceimhlitheoireachta agus na mbeartas slándála i bhfianaise rún George Floyd (33) a ghlac an Pharlaimint in 2020;

40.

á chur in iúl gur cúis imní ar leith di an meathlú atá tagtha ar staid na sláinte gnéis agus atáirgthe agus ar chearta na mban i roinnt Ballstát, lena n-áirítear dlíthe an-sriantacha a fhorchur ar an nginmhilleadh, agus na hionsaithe córasacha agus leanúnacha ar chearta bunúsacha daoine LGBTIQ, rud atá á atreisíodh le meathlú an smachta reachta i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi nach léirítear na cúrsaí sin go comhsheasmhach sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go córasach ar na saincheisteanna sin sna tuarascálacha tíre ábhartha uile agus sa tuarascáil sintéise;

41.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na nósanna imeachta maidir le sárú a thionscain an Coimisiún i ndáil leis an Ungáir agus an Pholainn mar chuid den phacáiste maidir le sárú i mí Iúil 2021 a bhaineann le hurraim do chearta daonna daoine LGBTIQ agus sáruithe ar dhlí an Aontais; á thabhairt dá haire gurb é sin an chéad uair a chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú chun cearta daoine LGBTIQ a choimirciú;

42.

ag cur suntas, agus iad ina gcúis imní di, sna tuarascálacha iomadúla maidir le sáruithe suntasacha córasacha ar chearta bunúsacha imirceach agus iarrthóirí tearmainn ar fud an Aontais agus go háirithe ag a theorainneacha seachtracha; á chur in iúl gur saoth léi gurb amhlaidh a ghlac roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian mór ar chearta na n-iarrthóirí tearmainn agus, i gcásanna áirithe, ar bagairt í fiú ar phrionsabal an non-refoulement agus ar an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin iarrataí ón bParlaimint, nár chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú ar chomhoiriúnacht an iliomad beart reachtach náisiúnta i réimse an tearmainn agus na himirce le dlí an Aontais; á athdhearbhú gur cuid dhílis d’fheidhmiú cuí an smachta reachta é cearta bunúsacha amhail na cearta chun tearmainn agus chun leighis éifeachtaigh a urramú;

Foinsí

43.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirphlé rialta, cuimsitheach agus struchtúrtha le rialtais agus le parlaimintí náisiúnta, ENRanna, institiúidí náisiúnta chearta an duine, ombudsmain, comhlachtaí comhionannais, cumainn ghairmiúla agus geallsealbhóirí eile a neartú tuilleadh agus á iarraidh air a bheith níos trédhearcaí maidir leis na critéir a úsáidtear chun faisnéis ó na geallsealbhóirí sin a roghnú agus a thuarascálacha bliantúla á ndréachtú aige; á mheas gur cheart dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta le gach céim den timthriall athbhreithnithe trí phróiseas trédhearcach, bunaithe ar chritéir shoiléire; á thabhairt chun suntais, dá rachfaí i mbun comhairliúcháin struchtúrtha de réir téama; go méadófaí éifeachtúlacht an phróisis agus an méid aiseolais luachmhair a gheofaí; á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an ceistneoir comhairliúcháin ar chumas na ngeallsealbhóirí anois gnéithe a thuairisciú thar an raon feidhme atá beartaithe ag an gCoimisiún, agus á iarraidh ar an gCoimisiún struchtúr na dtuarascálacha náisiúnta a oiriúnú más gá; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar uirlisí ar líne le haghaidh ionchur ó gheallsealbhóirí agus feabhas a chur orthu agus a bheith solúbtha maidir leis na teorainneacha ar an spás atá ar fáil;

44.

á mheas go raibh na teorainneacha ama le haghaidh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta róghearr nó míthráthúil san am a chuaigh thart agus gur cheart iad a oiriúnú go fóirsteanach agus a dhéanamh solúbtha chun lamháil d’ionchur iomlán agus cuimsitheach; á thabhairt le fios go bhfuil sé níos deacra ar gheallsealbhóirí a n-ionchur agus a ngníomhaíochtaí múscailte feasachta a ullmhú agus a phleanáil, agus na teorainneacha ar a n-acmhainneachtaí agus ar a n-acmhainní airgeadais á gcur san áireamh, go háirithe má tharlaíonn an comhairliúchán i gcomhthráth le laethanta saoire bliantúla; á iarraidh an gCoimisiún deis comhairliúcháin ar feadh na bliana a thabhairt isteach don tsochaí shibhialta seachas díriú go príomha ar ghlaonna ar ionchur atá teoranta ó thaobh ama de; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gceadaíonn an Coimisiún aighneachtaí ilteangacha i dteangacha oifigiúla uile an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a amlíne don tuarascáil atá ar na bacáin a shainiú agus a fhoilsiú roimh ré, agus dátaí á leagan síos do na céimeanna éagsúla sa phróiseas lena n-áirítear féilire de chuairteanna tíre chomh maith le dáta foilsithe na tuarascála; á thabhairt dá haire gur féidir bunús breise a thabhairt don chomhairliúchán agus á mholadh don Choimisiún obair leantach a dhéanamh le gníomhaithe na sochaí sibhialta maidir leis an ionchur a chuirfidh siad ar fáil;

45.

á mholadh don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí, faoi chuimsiú bheart na tuarascála bliantúla, ar achainíocha agus ábhair eile a léireoidh na saoránaigh aonair imní ina leith agus ar theistiméireachtaí maidir le heasnaimh smachta reachta; á chreidiúint, d’fhonn cultúr an smachta reachta agus rannpháirtíocht institiúidí an Aontais leis na saoránaigh a neartú, gur cheart fóraim agus struchtúir rannpháirtíochta a chur ar bonn chun treochtaí a shainaithint agus infheictheacht níos mó a thabhairt ar fud an Aontais maidir leis na bagairtí agus na heasnaimh agus na sáruithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

46.

á mheabhrú gur cheart don Choimisiún leanúint d’fhaisnéis ábhartha ó fhoinsí ábhartha agus ó institiúidí aitheanta a chur san áireamh ar bhealach córasach; á mheabhrú gur cheart torthaí na gcomhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta, amhail na cinn sin atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, ESCE agus Chomhairle na hEorpa, a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí agus na torthaí ó innéacsanna ábhartha amhail an tionscadal um Tháscairí Rialachais Dhomhanda (WGI), Innéacs an Tionscadail Dhomhanda um Smacht Reachta agus na Cineálacha Daonlathais (V-DEM) a chur san áireamh ar bhealach níos fearr;

47.

á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ón gComhairle maidir le sainordú Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a mhodhnú mar chéim chun tosaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an móiminteam sin agus á iarraidh ar FRA comhairle modheolaíochta a sholáthar agus taighde comparáideach a dhéanamh chun mionsonraí a chur le príomhréimsí den tuarascáil bhliantúil, á chur san áireamh go bhfuil naisc bhunúsacha idir an ceart chun triail chóir a fháil, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus cearta bunúsacha eile agus an smacht reachta, chomh maith leis an ionchur a thagann cheana ón nGníomhaireacht, mar shampla trí EFRIS agus a chuid tuarascálacha maidir le spás sibhialta;

48.

á mheas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le comhar le Comhairle na hEorpa agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha in AE a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh go córasach ar shonraí maidir le neamhchomhlíonadh bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) agus maidir le tuairimí Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe maidir le teachtaireachtaí aonair;

An sásra um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha

49.

á chur in iúl gur oth léi drogall an Choimisiúin agus na Comhairle freagairt dhearfach a thabhairt ar iarraidh na Parlaiminte, i rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020, ar shásra comhpháirteach AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha, lenar cheart raon feidhme iomlán luachanna Airteagal 2 CAE a chumhdach; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tús a chur láithreach le caibidlíochtaí leis an bParlaimint maidir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach;

50.

á mheabhrú a seasamh maidir le rannpháirtíocht painéil saineolaithe neamhspleácha chun comhairle a thabhairt do na trí institiúid, i ndlúthchomhar le FRA; á iarraidh ar a Biúró, i bhfianaise dhrogall an Choimisiúin agus na Comhairle, nós imeachta soláthair phoiblí a eagrú chun painéal den sórt sin a chruthú faoi choimirce na Parlaiminte, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh ina rún an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiúin ar an Smacht Reachta, chun comhairle a chur ar an bParlaimint maidir le comhlíonadh luachanna Airteagal 2 CAE i mBallstáit éagsúla agus chun a léiriú mar shampla conas a d’fhéadfadh painéal den sórt sin oibriú go hiarbhír;

51.

á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún féachaint ar athbhreithniú níos cuimsithí agus níos uaillmhianaí a dhéanamh ar Rialachán FRA (34); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint san fhadtéarma ar an acmhainneacht iomlán a bhaineann le forbairt FRA i gcomhréir le prionsabail a bhaineann le stádas agus feidhmiú na n-institiúidí náisiúnta maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn (Prionsabail Pháras) chun go mbeidh sé ina chomhlacht iomlán neamhspleách a sholáthróidh seasaimh a bheidh neamhchlaonta agus a bheidh ar fáil go poiblí maidir le staideanna tírshonracha i réimse an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach; á chur i bhfios go láidir gur cheart don fhorbairt sin a bheith fite fuaite le méadú sna hacmhainní atá ar fáil;

Comhlántacht le hionstraimí eile um an smacht reachta

52.

á athdhearbhú nach mór don tuarascáil bhliantúil a bheith oiriúnach chun fónamh mar fhoinse thábhachtach agus mar dhoiciméad tagartha tábhachtach chun cinneadh a dhéanamh an ngníomhófar ceann amháin nó níos mó d’uirlisí ábhartha amhail Airteagal 7 CAE, an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, ionstraimí eile atá ar fáil faoi reachtaíocht airgeadais AE agus na rialacha airgeadais agus earnála is infheidhme chun buiséad AE, Creat an Smachta Reachta nó nósanna imeachta um shárú a chosaint go héifeachtach, lena n-áirítear nósanna imeachta brostaithe, iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE agus gníomhaíochtaí maidir le neamh-chur chun feidhme breithiúnais CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a nascadh go sainráite sa tuarascáil le saincheisteanna maidir leis an smacht reachta atá sainaitheanta nó a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar na hinstitiúidí uirlisí agus ionstraimí den sórt sin a ghníomhú gan mhoill, lena n-áirítear Sásra Coinníollachta an Smachta Reachta, chun tacaíocht réamhghníomhach a sholáthar don smacht reachta agus chun dul i ngleic le cúlú ar an daonlathas san Aontas, ós rud é, i dTuarascáil 2021 ón gCoimisiúin maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil roinnt samplaí mionsonraithe ann de sháruithe ar an smacht reachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Coinníollachta; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún nasc díreach a chruthú idir na tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta, mar aon le foinsí eile maidir leis an smacht reachta, agus Sásra Coiníollachta an Smachta Reachta;

53.

á meabhrú gurb iad na nósanna imeachta um shárú an phríomhionstraim chun dlí an Aontais agus na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur laghdaíodh go mór líon na nósanna imeachta um shárú a sheol an Coimisiún ó 2004 i leith; á chur in iúl gur ábhar iontais di nach spreagtar nósanna imeachta um shárú go córasach ar a laghad a luaithe a dhéantar an sárú ábhartha a dhoiciméadú sa tuarascáil bhliantúil; ag cáineadh dhrogall an Choimisiúin faireachán gníomhach córasach a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus leas a bhaint as iomlán na bhféidearthachtaí maidir le nósanna imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát, mar an ionstraim is saincheaptha chun na saincheisteanna a réiteach go héifeachtúil agus gan mhoill, a ídiú; ag tabhairt dá haire gur iarradh ar na Ballstáit, mar thoradh ar an drogall sin, cásanna idirstáit a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 259 CFAE; á chur in iúl gur cúis imní di go dtiocfaidh meath ar chumas coisctheach na nósanna imeachta um shárú gan cur i bhfeidhm córasach agus tráthúil a bheith ann; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil forléargas ar na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin uile a rinne an Coimisiún do gach Ballstát, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú atá ar feitheamh, chomh maith leis an staid ina gcomhlíontar na bearta sealadacha agus na rialuithe ó CBAE agus ón ECtHR, lena gcuirfear le cur i bhfeidhm cuimsitheach Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh;

54.

á mheabhrú a thábhachtaí atá réamhrialuithe maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur chuidigh cásdlí ábhartha CBAE leis an smacht reachta a shainiú tuilleadh agus go bhféadfadh sé fónamh don Choimisiún chun a thagarmharcanna a bheachtú tuilleadh chun staid an smachta reachta sna Ballstáit a mheas;

55.

á chur in iúl gur cúis imní di mainneachtain leanúnach roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Ungáir agus an Pholainn, breithiúnais intíre, agus breithiúnais ó CBAE agus ó ECtHR a chur chun feidhme, rud a chuireann le creimeadh an smachta reachta; á chur i bhfáth go bhféadfaí sáruithe ar chearta an duine a fhágáil gan leigheas mar thoradh ar neamhchur chun feidhme breithiúnas; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh a thabhairt le tuiscint i measc an phobail gur féidir neamhaird a dhéanamh de bhreithiúnais, rud a bhainfeadh an bonn de neamhspleáchas na mbreithiúna agus de mhuinín ghinearálta as cumhacht an bhreithiúnais chothroim; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar chaibidlí na dtíortha faoi seach faoi chur chun feidhme breithiúnas na mBallstát i gcásanna cur chun feidhme páirteach nó easpa cur chun feidhme; á mholadh don Choimisiún dul i rannpháirtíocht leis na húdaráis chun teacht ar réitigh oiriúnacha le haghaidh cur chun feidhme iomlán agus chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil; á mheabhrú gurbh é an toradh a bhí ar mhainneachtain breithiúnas Coman & Hamilton ó CJEU (35) a chur chun feidhme ná go raibh ar na gearánaithe dul i muinín ECtHR le haghaidh sásaimh;

56.

á mheabhrú a thábhachtaí atá an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcás ina ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó go bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh na sáruithe difear dóibh; á chur in iúl gur geal léi na breithiúnais ó CBAE an 16 Feabhra 2022 agus na cinntí atá iontu gurb amhlaidh i ndairíre atá inniúlachtaí ag an Aontas maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus lena ndéantar na caingne arna dtionscnamh ag an Ungáir agus ag an bPolainn i gcoinne an Rialacháin maidir le Coinníollacht maidir leis an Smacht Reachta a chaitheamh amach; á iarraidh a athuair ar an gCoimisiún gníomhú láithreach faoin Rialachán, uirlis atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2021 i leith;

57.

á mheas gur sa tuarascáil bhliantúil is iomchuí roinn a dhíriú go hiomlán ar anailíse ábhartha a dhéanamh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; ag tabhairt dá haire gur thionscain an Coimisiún nós imeachta foirmiúil i gcoinne na hUngáire ar deireadh an 27 Aibreán 2022 faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta trí fhógra i scríbhinn a sheoladh; ag tathant ar an gCoimisiún an nós imeachta atá cumhdaithe in Airteagal 6(1) den Rialachán sin a sheoladh chomh maith ar a laghad i gcás na Polainne; á mheabhrú go bhfuil infheidhmeacht, cuspóir agus raon feidhme an Rialacháin sainithe go soiléir agus nach gá tuilleadh mínithe a thabhairt; ag cáineadh an chinnidh ón gCoimisiún leanúint de threoirlínte a dhréachtú fiú tar éis an rialaithe ó CBAE lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus bailíocht an Rialacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, trí bhíthin togra reachtach, b’fhéidir, nach ndéanfar difear go díreach ná go hindíreach do chur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht Reachta, ós rud é gur ionadaithe rialtais nó cinn stáit iad na daoine atá freagrach as sáruithe ar an smacht reachta, agus go bhféadfaidh institiúidí poiblí áitiúla nó eintitis phríobháideacha rochtain dhíreach a fháil ar na cistí sin atá fágtha i mbuiséad comhdhlúite an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine chun dul i ngleic le húsáid idirdhealaitheach chistí an Aontais, go háirithe aon úsáid de chineál atá spreagtha go polaitiúil agus chun féachaint ar acmhainneacht iomlán na n-ionstraimí sin agus an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint, agus ar an gcaoi sin, a áirithiú nach n-úsáidfear cistí an Aontais le haghaidh tionscnaimh nach gcomhlíonann luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus leasanna na dtairbhithe deiridh nach eintitis rialtais iad á n-urramú ag an am céanna;

58.

á chur in iúl gur cúis imní di torthaí Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil ciapadh agus imeaglú státurraithe ar eagraíochtaí LGBTIQ ag imirt tionchar ar a gcumas rochtain a fháil ar mhaoiniú i roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú níos dlúithe a dhéanamh ar an tsaincheist agus a áirithiú, trí na modhanna is gá, go ndéanfar prionsabal an neamh-idirdhealaithe lena rialaítear an rochtain ar chistí an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán i ngach áit san Aontas; á mheas go ndéanann na torthaí sin treisiú ar sheasamh seanbhunaithe na Parlaiminte gur cheart raon feidhme na tuarascála maidir leis an smacht reachta a leathnú chun na luachanna uile de chuid Airteagal 2 CAE a áireamh;

59.

á chur in iúl go láidir gur oth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fónta a dhéanamh i nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh éisteachtaí ann uair amháin in aghaidh na hUachtaránachta ar a laghad le linn nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 agus go dtabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí nua a bhfuil tionchar acu ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun go sainaithneofar riosca soiléir go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7(1) CAE, ná chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí nithiúla do na Ballstáit lena mbaineann agus chun spriocdhátaí a chur ar fáil chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an gComhairle é sin a dhéanamh, agus béim á leagan aici ar an bhfíoras gurbh ionann aon mhoilleanna breise ar ghníomhaíocht den sórt sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á áitiú go n-urramófar ról agus inniúlachtaí na Parlaiminte;

60.

á thabhairt dá haire go ndearnadh plé tírshonrach sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún ar an smacht reachta faoi chuimsiú Idirphlé Bliantúil na Comhairle maidir leis an Smacht Reachta; á mholadh go ndíreofaí an plé sin ar an gcéad dul síos ar na Ballstáit lena mbaineann na saincheisteanna is práinní maidir leis an smacht reachta, agus cleachtas ord na haibítre á choinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh trédhearcacht mhéadaithe feabhas ar an idirphlé faoin smacht reachta laistigh den Aontas agus á iarraidh ar an gComhairle, dá bhrí sin, na pléití tírshonracha sin a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear conclúidí poiblí mionsonraithe;

61.

Ag cáineadh go láidir na n-údarás de chuid na mBallstát a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh in Idirphlé bliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta; á mheas gur leor aon diúltú den sórt sin le bheith ina fhoras don Choimisiún dlús a chur leis an scrúdú ar staid an smachta reachta sna tíortha lena mbaineann agus an scrúdú sin a bheachtú tuilleadh; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim nach féidir leis an timthriall smachta reachta a bheith éifeachtach ach amháin má dhéanann na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit prionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE a urramú agus a chur i bhfeidhm a an mbealach céanna;

62.

ag tathant ar an gCoimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí poiblí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt faoi luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus uirlisí is infheidhme, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil, go háirithe sna tíortha sin a bhfuil ábhair imní thromchúiseacha iontu; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach chun cur i gcoinne insintí frithdhaonlathais, agus a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na hinsintí sin trí ghníomhaíochtaí an Aontais a mhíniú ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, feachtais chumarsáide a eagrú maidir lena thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún clár tiomnaithe a sheoladh a thacóidh le tionscnaimh nuálacha a bhfuil sé mar aidhm leo oideachas foirmiúil a chur chun cinn, go háirithe i measc gairmithe dlí, chomh maith le hoideachas neamhfhoirmiúil maidir leis an smacht reachta agus institiúidí daonlathacha i measc shaoránaigh AE de gach aois;

63.

á ghealleadh go rachaidh sí i mbun rannpháirtíochta rialta le rialtais agus parlaimintí na mBallstát maidir le torthaí na tuarascála bliantúla; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh a gcuid ionadaithe ar an leibhéal is airde is féidir páirt i malartuithe leis an bParlaimint maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Pholainn buaileadh le misean traschoiste de Pharlaimint na hEorpa i mí Feabhra 2022 agus nár thug sé freagairt ar an gcuireadh oifigiúil, rud atá go díreach i gcoinne Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 1) a ghabhann le Conarthaí AE maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach;

64.

á chur i bhfáth go bhféadfadh éifeacht dhochrach a bheith ag easnaimh inmheánacha smachta reachta ar chreidiúnacht bheartas eachtrach an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gharchomharsanacht agus lena iarrthóirí agus a iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht san Aontas;

65.

á thabhairt chun suntais gur cheart srianta agus ceartúcháin ar leibhéal an Aontais a mheasúnú go neamhspleách freisin; ag gealladh chun na críche sin, a iarraidh ar Choimisiún na Veinéise a staidéar a dhéanamh ar phríomhphrionsabail an daonlathais i rialachas an Aontais, go háirithe scaradh cumhachtaí, cuntasacht agus srianta agus ceartúchán;

o

o o

66.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an UngáirParlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97.

(2)  Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an PholainnParlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.

(3)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(4)  IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.

(5)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(6)  IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.

(7)  IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.

(8)  IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.

(9)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.

(10)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.

(11)  IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.

(12)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 91.

(13)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 63.

(14)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.

(15)  IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.

(16)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 107.

(17)  IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.

(18)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.

(19)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.

(20)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.

(21)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 151.

(22)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0428.

(23)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0439.

(24)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0451.

(25)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0455.

(26)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0502.

(27)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0512.

(28)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0064.

(29)  Dréacht-téacs den mholadh ó Choiste na nAirí maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac; is féidir é a rochtain ag https://rm.coe.int/draft-recommendation-on-combating-hate-speech-public-consultation-v-18/native/1680a2ef25; Nuacht fógartha ag https://www.coe.int/en/web/committee-antidiscrimination-diversity-inclusion/-/the-cdadi-finalised-important-deliverables-at-its-fourth-plenary-meeting.

(30)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(31)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).

(32)  Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 maidir le cóir chomhionann a chur chun feidhme idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(33)  Rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd (IO C 362, 8.9.2021, lch. 63).

(34)  Tuarascáil eatramhach an 25 Márta 2021 maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (COM(2020)0225).

(35)  Breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Relu Adrian Coman and OthersInspectoratul General pentru Imigrări and Ministerul Afacerilor Interne, C-673/16, ECLI:EU:C:2018:385.