2.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 102/1 |
MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 17 Feabhra 2022
do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige
(ECB/2022/3)
(2022/C 102/01)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an BCE agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
(2) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Bhanc na Gréige, Deloitte Certified Public Accountants S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh do na blianta airgeadais 2022. |
(3) |
Tá Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. roghnaithe ag Banc na Gréige mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2022 agus 2026, leis an rogha an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2027 agus 2028, |
TAR ÉIS AN MHOLTA SEO A GHLACADH:
Moltar go gceapfaí Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 agus 2026, leis an rogha an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2027 agus 2028.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 17 Feabhra 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE