AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.11.2022
COM(2022) 710 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí
Lena nascaítear seirbhísi poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil
I dtreo ‘Eoraip Idirinoibritheach’
{SWD(2022) 710 final}
Clár na nÁbhar
1.
An bealach a réiteach
2.
Digitiú idir-inoibritheach na hearnála poiblí a spreagadh
2.1
Cad is idir-inoibritheacht ann…
2.2
…agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach don Aontas idir-inoibritheacht a fheabhsú?
3.
An cur chuige maidir le comhar idir-inoibritheachta an Aontais a athrú
3.1
Rialachas idir-inoibritheachta comhroinnte a chruthú
3.2
Páirt a thabhairt do gach sraith den rialtas
3.3
Nuálaíocht agus comhar ‘GovTech’ a chur chun cinn
3.4
Monatóireacht a dhéanamh ar thionchar
4.
Beartais an Aontais a dhéanamh idir-inoibritheach trí dhearadh agus a dhéanamh réidh don dhigitiú
4.1
Beartais AE a dhearadh sa ré dhigiteach
4.2
Cistiú idir-inoibritheachta a dhíriú
4.3
Idir-inoibritheacht a leabú i mbeartais AE maidir le sonraí agus nuálaíocht
4.4
Comhar idirnáisiúnta maidir le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí a fhorbairt
1.An bealach a réiteach
Tá seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha riachtanach chun margadh aonair an Aontais Eorpaigh a dhigitiú go rathúil. Tá go leor le gnóthú ag an tionscal agus ag an tsochaí as a áirithiú go mbeidh claochlú digiteach earnáil phoiblí na hEorpa cuimsitheach, cothrom agus oscailte, inbhuanaithe, bunaithe ar luach agus idir-inoibritheach. Le claochlú digiteach na hearnála poiblí cruthaítear tosca tarraingthe agus brú an‑suntasach le haghaidh dhigitiú thionscal agus shochaí na hEorpa. D’aithin rialtais an Aontais agus pobail áitiúla agus réigiúnacha meáchan agus poitéinseal na hearnála poiblí maidir le ‘bealach Eorpach’ an claochlaithe dhigitigh atá bunaithe ar luach
, agus dhearbhaigh Compás Digiteach an Aontais, a shainaithníonn an earnáil phoiblí mar cheann de cheithre phointe bhunúsacha lena léirítear conair dhigiteach an Aontais. Tá córais riaracháin phoiblí dhigiteacha tar éis teacht chun cinn mar phointe fócais ar leith sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, agus infheistíocht bheartaithe EUR 47 billiún acu le chéile.
Tacaíonn fócas níos láidre ar idir-inoibritheacht na hearnála poiblí le hiarracht téarnaimh agus athléimneacht na hEorpa, lena nasctar riaracháin phoiblí agus beartais phoiblí, daoine agus gnó ar bhealach éifeachtach le haghaidh tairiscintí seirbhíse agus sreabha sonraí gan uaim. Áirítear leis sin beartais an Aontais a chur in oiriúint don ré dhigiteach, cur chun feidhme éifeachtach beartas a áirithiú trí mhodhanna digiteacha agus idir-inoibritheacht ó chéim an deartha beartas, i ndlúthchomhar idir lucht déanta beartas agus saineolaithe TFC. Áirítear leis sin freisin lúb comhair nuálaíochta a chruthú chun seirbhísí poiblí digiteacha a dhearadh agus a sheachadadh.
Tá an teachtaireacht seo ag gabháil leis an togra le haghaidh ‘Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach’, a bhfuil sé mar aidhm leis comhrialachas idir-inoibritheachta a bhunú agus comhchruthú éiceachóras de réitigh idir-inoibritheachta ar fud an Aontais Eorpaigh a éascú. Réitigh a fhorbairt go comhpháirteach, mar aon le comhroinnt agus athúsáid uirlisí cruthaithe, is cur chuige tapa costéifeachtúil é an méid sin chun seirbhísí poiblí digiteacha a dhearadh. Tá comhar idir-inoibritheachta neartaithe riachtanach chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht bunathraithe na hearnála poiblí, chun bloghadh a sheachaint agus chun nascacht agus comhroinnt sonraí a fheabhsú. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuideoidh an creat beartais atá beartaithe le ceannas digiteach na hEorpa a chosaint agus le coimhdeacht dhigiteach a chumhachtú. Trí bheartas idir-inoibritheachta rialtas an Aontais a neartú, seachadtar tosaíochtaí agus clár oibre beartais dhigitigh an Choimisiúin, rud a fhágann go bhfuil earnáil phoiblí na hEorpa oiriúnach don ré dhigiteach.
2.Digitiú idir-inoibritheach na hearnála poiblí a spreagadh
2.1Cad is idir-inoibritheacht ann…
Is éard atá i gceist le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí an chaoi a gcuirtear ar a gcumas don lucht riaracháin oibriú i gcomhar agus seirbhísí poiblí a chur ag feidhmiú thar theorainneacha, thar earnálacha agus thar theorainneacha eagrúcháin. Téann sé seo chun sochair do dhaoine agus do ghnólachtaí atá ag brath ar na seirbhísí nasctha sin. Téann sé chun tairbhe freisin do phobail agus do lucht riaracháin iad féin, a bhíonn ag brath ar shonraí iontaofa ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha éagsúla dá gcinntí, agus ar gá dóibh cuspóirí beartais, ar cuspóirí iad a bhíonn idirnasctha thar theorainneacha agus thar earnálacha go minic, a bhaint amach. Tá ról ag an idir-inoibritheacht laistigh agus ar fud eagraíochtaí agus earnálacha beartais, go háirithe na cinn a bhfuil ceangal láidir acu leis an earnáil phoiblí, amhail ceartas agus gnóthaí baile, cánachas agus custaim, iompar, comhshaol agus talmhaíocht, nó sláinte, chomh maith le rialáil gnó agus tionscail. Is téama seanbhunaithe é an idir-inoibritheacht ar fud bheartais dhigiteacha agus sonraí an Aontais.
Déantar seirbhísí poiblí a sholáthar agus a úsáid ar leibhéil éagsúla, go háitiúil ar an gcéad dul síos, ach ar leibhéil réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha freisin. Is annamh a fheidhmíonn siad astu féin, toisc go bhfuil gá le rochtain ar chláir a bhunaítear ar leibhéil éagsúla nó ar earnálacha éagsúla chun sonraí a mhalartú agus chun an tseirbhís a cheanglaítear a sholáthar do na húsáideoirí deiridh. Tá cuid mhór de na sonraí sin suite lasmuigh de chomhthéacs réimse beartais ar leith, riarachán poiblí ar leith agus, ag níos minice anois, thar theorainneacha. Ciallaíonn sé sin go léiríonn seirbhísí poiblí ar fud na hEorpa ‘líonra líonraí’ de ghníomhaithe ceannasacha atá ag teacht chun cinn den chuid is mó ar gach leibhéal rialtais, a bhfuil a gcreat dlíthiúil féin agus a sainorduithe féin ag gach ceann acu, ach iad go léir idirnasctha. Ar aon dul leis na Gréasáin Thras-Eorpacha bhunaithe Iompair agus Fuinnimh, tá seirbhísí poiblí ag cruthú a líonra Tras-Eorpach féin, atá bunaithe ar idir-inoibritheacht.
Feictear uaireanta gur ábhar teicniúil amháin é idir-inoibritheacht. Mar sin féin, ní leor na gnéithe teicniúla amháin a chur san áireamh chun córais riaracháin, sreabhadh sonraí agus seirbhísí a nascadh go héifeachtach. Is gá cumas nasc teicniúil agus tuiscint shéimeantach a áirithiú maidir le malartú agus próiseáil na sonraí lena mbaineann, agus an comhthéacs eagraíochtúil agus dlíthiúil is gá a bhunú, mar shampla i ndáil le cearta chun sonraí a rochtain, a mhalartú nó a athúsáid. Ar mhaithe le comhordú agus comhleanúnachas, teastaíonn cur chuige comhtháite rialachais ón idir-inoibritheacht freisin. Tá na bunchoinníollacha sin – nó ‘sraitheanna‘ - idir-inoibritheachta leagtha amach sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI), samhail choincheapúil a d'fhorbair cleachtóirí san earnáil phoiblí dhigiteach ó gach cearn den Eoraip in 2004 agus a nuashonraíodh faoi dhó ó shin. Le linn na tréimhse sin, i gcomhréir le domhan atá ag éirí níos nasctha, tháinig idir-inoibritheacht chun cinn mar ghné riachtanach den chlaochlú digiteach ar riaracháin agus ar sheirbhísí.
Is é CEI an creat beartais a nglactar go coitianta leis anois maidir le hidir-inoibritheacht san Aontas, agus níos faide i gcéin. I bhfianaise an mhisin shonraigh atá aige freastal ar an gcúis choiteann phoiblí, ní mór don fhondúireacht idir-inoibritheachta sin a bheith trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus slán, agus bunaithe go daingean ar luachanna an Aontais. Is éard is idir-inoibritheacht ann ná an méid lena gcuirtear ar a gcumas do ghníomhaithe na hearnála poiblí ceangal, oibriú i gcomhar agus sonraí a mhalartú agus, ag an am céanna, ceannasacht agus coimhdeacht a chosaint.
2.2…agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach don Aontas idir-inoibritheacht a fheabhsú?
D’fhéadfadh méadú measta 0.4% ar OTI AE a bheith mar thoradh ar fheabhsuithe ar fheidhmíocht na hearnála poiblí de bharr cur chun feidhme iomlán na hidir-inoibritheachta ar gach leibhéal riaracháin. D'fhéadfadh daoine aonair suas le 24 milliún uair an chloig in aghaidh na bliana nó EUR 543 milliún a shábháil. d'fhéadfadh gnólachtaí 30 billiún uair a shábháil nó EUR 568 billiún in aghaidh na bliana. Meastar an coigilteas bliantúil costais mar gheall ar idir-inoibritheacht trasteorann a bheith idir EUR 5.5 agus 6.3 milliún le haghaidh saoránach, agus idir EUR 5.7 agus 19.2 billiún le haghaidh gnólachtaí.
Léirítear i gcás-staidéir freisin go mbíonn tionchar dearfach ag an idir-inoibritheacht ar luachanna poiblí eile, taobh amuigh de ghnóthachain éifeachtúlachta. Mar shampla, cuireann seirbhísí poiblí réamhghníomhacha nó tacaíocht shéimeantach ilteangach feabhas ar rochtain agus ar chuimsitheacht i seirbhísí poiblí, rud a mhéadaíonn muinín an phobail.
Tá idir-inoibritheacht ríthábhachtach le linn géarchéime, mar a léiríodh le Covid-19. Ní hamháin go raibh idir-inoibritheacht riachtanach chun deimhnithe digiteacha Covid-19 a chruthú atá inrochtana ar fud an Aontais, ach freisin chun sonraí maidir le leapacha a bhí ar fáil i ndianchúram in ospidéil a roinnt i bhfíor-am. Cuidíonn an idir-inoibritheacht leis an Stát a bheith níos sofhreagrúla agus rochtain ar fhaisnéis fíor-ama a áirithiú ar fud earnálacha agus leibhéil riaracháin; cuidíonn sí le feidhmíocht beartais a mheas agus tugann sí dreasachtaí chun bheith nuálaíoch i gcónaí, iarrachtaí a roinnt agus bearnaí a dhúnadh ar fud réimsí beartais.
Mar sin féin, níl an creat beartais atá ann faoi láthair maidir le comhar idir-inoibritheachta neamhcheangailteach oiriúnach chun lántairbhe a bhaint as na gnóthachain mheasta sin. Cé go bhfuil acquis idir-inoibritheachta leathanréimseach de chuid an Aontais forbartha ag an rialtas digiteach agus ag saineolaithe sonraí – agus an‑tiomantas léirithe acu – acquis maidir le cleachtais, coincheapa, réitigh in‑athúsáidte, sonraíochtaí oscailte agus uirlisí comhair a thacaíonn le hiarrachtaí athchóirithe náisiúnta agus le beartais sheanbhunaithe de chuid an Aontais, léiríodh teorainneacha móra le meastóireachtaí a rinneadh le déanaí ar an gcur chuige iomlán deonach sin i leith an chomhair.
Is rómhinic a thugtar aghaidh ródhéanach ar ghnéithe digiteacha, lena n‑áirítear gnéithe a bhaineann le rochtain ar shonraí agus a bhaineann le comhroinnt sonraí, sa phróiseas ceaptha beartas. Ní dhéantar cúrsaí idir-inoibritheachta a ‘shreangú isteach‘ i seirbhísí poiblí. Ciallaíonn sé sin rioscaí agus costais arda cur chun feidhme, deiseanna caillte, agus, sa chás is measa, an bonn a bhaint de bheartais atá spleách ar dhigitiú ar mhórscála. Ní féidir le riaracháin phoiblí a bheith idir-inoibritheach ach amháin má dhéantar na measúnuithe agus na roghanna cearta go luath i gcéim deartha an bheartais. Mura ngníomhaíonn sé chun feabhas a chur ar an idir-inoibritheacht, d'fhéadfadh sé deis a thabhairt don Aontas an t‑ualach riaracháin a laghdú go mór. Laghdófaí leis sin athléimneacht na riarachán poiblí, laghdófaí leis a gcumas bheith nuálach agus, sa chás is measa, d’fhágfadh sé nach mbeidís in ann gníomhú le linn géarchéime. Ní mór do chomhar idir riaracháin phoiblí thar theorainneacha éirí chomh nádúrtha agus chomh héasca céanna le traenacha a thrasnaíonn teorainneacha, nó le sreabha fuinnimh idir líonraí náisiúnta. Níor leag an fhreagairt ar Covid-19 béim ach ar an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíocht sheasmhach san earnáil phoiblí dhigiteach thar theorainneacha agus thar earnálacha.
Sa chomhthéacs sin, agus móiminteam á bhailiú maidir le claochlú digiteach, tá airí an Aontais Eorpaigh atá freagrach as claochlú na hearnála poiblí agus príomhoifigigh faisnéise na mBallstát (CIOnna) ag éirí níos glóraí i gcónaí maidir leis an ngá atá le comhar idir-inoibritheachta Eorpach a neartú. Iarrann siad struchtúr eagraíochtúil seasmhach, cur i bhfeidhm CEI a ghinearálú, sonraíochtaí agus réitigh a bhfuil glacadh coitianta leo agus atá oscailte agus réidh le hathúsáid a ainmniú. Éilíonn siad freisin cur chuige ‘idir-inoibritheacht trí dhearadh’ agus chun tástáil agus nuálaíocht san earnáil phoiblí a chomhordú ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear comhar leis an earnáil phríobháideach (‘GovTech). Freagraíonn an togra ón gCoimisiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe in earnáil phoiblí an Aontais do na riachtanais sin.
3.An cur chuige maidir le comhar idir-inoibritheachta an Aontais a athrú
3.1Rialachas idir-inoibritheachta comhroinnte a chruthú
Dírítear san Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe ar chreat comhair struchtúrtha, trédhearcach agus uilechuimsitheach a fhorbairt, lena bhforáiltear don chumas inoiriúnaitheachta agus nuálaíochta a theastaíonn ón earnáil phoiblí i gcomhthéacs dinimiciúil teicniúil, sochaíoch agus polaitiúil. Ní féidir le heintiteas amháin idir-inoibritheacht a bhaint amach ón mbarr anuas, ná ní féidir le gníomhaithe aonair í a bhaint amach ón mbun aníos: teastaíonn comhar éifeachtach ina leith idir lucht déanta beartas agus lucht feidhmithe beartas ar gach leibhéal rialtais agus ar fud earnálacha. Teastaíonn creat rialachais oscailte ach cobhsaí agus comhtháite ina leith freisin. Creat lena n‑áirithítear coimhdeacht trí chomhúinéireacht éifeachtach a bhunú. Creat a bheidh inbhuanaithe don todhchaí mar go n‑éiríonn rud éigin atá ceaptha le bheith idir-inoibritheach as dáta go mall. Creat lena bhfíoraítear cumas claochlaithe na hearnála poiblí agus lena dtugtar cosaint do luachanna poiblí. Féachtar leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe leis an gcreat comhair sin a chur ar fáil. Foráiltear leis maidir le Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú chun an iarracht chomhchoiteann idir-inoibritheachta a stiúradh, lena dtugtar údaráis lárnacha chlaochlúcháin dhigitigh na mBallstát agus Institiúidí an Aontais le chéile. Foráiltear leis freisin maidir le Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach oscailte ina mbeidh saineolaithe, cleachtóirí agus páirtithe leasmhara chun trédhearcacht agus nasc le cleachtas an phobail a áirithiú.
Is sprioc ghluaisteach í an idir-inoibritheacht mar gheall ar luas tapa fhorbairt na teicneolaíochta agus riachtanais bheartais atá ag síorathrú. Éilítear léi bunú dlíthiúil tiomnaithe, atá oiriúnach don nuálaíocht agus oscailte a sheachnaíonn glasáil rialála agus teicneolaíochta. Bheadh baol ann go mbainfí an bonn de nuálaíocht amach anseo le roghanna eile, amhail na teicneolaíochtaí a úsáidtear sa dlí inniu a chumhdach agus chuirfí teorainn le cumas na riarachán chun oiriúnú do riachtanais atá ag athrú agus do theicneolaíochtaí nua. Ní mór don cheapadh beartas agus rialáil idir-inoibritheachta iad féin a bheith nuálach agus réitithe go digiteach. Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe, féachtar le creat nuálaíochta ionsuite den sórt sin a sholáthar don earnáil phoiblí.
Is é CEI an ionstraim tagartha le haghaidh idir-inoibritheacht na hearnála poiblí a chur chun feidhme. D'fhonn a áirithiú go mbeidh sé ábhartha i gcónaí, ní mór é a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta. Ní mór tuilleadh forbartha a dhéanamh leis ar mholtaí cur chun feidhme agus tacaíocht a thabhairt, mar shampla, chun tacú le spásanna sonraí earnála an Aontais atá le teacht, i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus riachtanais an Ghnímh um Shonraí atá le teacht. Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe, foráiltear do nuashonrú rialta den sórt sin, i gcomhréir le rialachán atá neamhdhíobhálach don nuálaíocht agus atá réidh don digitiú.
3.2Páirt a thabhairt do gach sraith den rialtas
Le rialachas idir-inoibritheachta AE neartaithe atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus an Aontais, cuirtear creat beartais agus tacaíochta feabhsaithe a bhfuil géarghá leis ar fáil do chuspóirí athchóirithe earnáil phoiblí an Aontais. Ní foláir go mbeidh an iarracht sin comhchoiteann agus go gcuimseofar gach leibhéal rialtais ann, d'fhonn an acquis idir-inoibritheachta saibhir maidir le coincheapa, treoirlínte, sonraíochtaí agus sócmhainní in‑athúsáidte a chothabháil agus a nuashonrú.
Is réamhriachtanas é rannpháirtíocht agus ionadaíocht leordhóthanach a bheith ag pobail réigiúnacha agus áitiúla, ní hamháin toisc gurb ionann iad agus ‘an chéad mhíle agus an míle deireanach’ de sheachadadh seirbhíse poiblí, ach freisin chun go mbeidh siad in ann leas a bhaint as cumas nuálaíochta suntasach na gcathracha agus na réigiún. Tá ról tábhachtach ag an nuálaíocht phríobháideach phoiblí agus ag an gcomhar seirbhíse anseo. Taispeánann gluaiseachtaí amhail ‘Ag Maireachtáil san Aontas’, chomh maith le comhar leathnaithe tionscadail amhail ‘Cathracha Cliste Oscailte agus Lúfara’, go bhfuil éileamh mór ar chomhar maidir le hidir-inoibritheacht agus ullmhacht chun bheith páirteach ó leibhéil réigiúnacha agus áitiúla. Is sócmhainn thábhachtach é éagsúlacht agus saineolas na réiteach idir-inoibritheachta a fhorbraítear go háitiúil agus ba cheart í a bheith ina rannchuidiú córasach le catalóga na n‑acmhainní idir-inoibritheachta atá aitheanta agus ar fáil go coitianta. Sin é an fáth gur cheart go mbeadh ionadaithe ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus grúpaí sochaíocha tuaithe agus uirbeacha san áireamh i rialachas idir-inoibritheach an Aontais atá beartaithe don todhchaí ar an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo agus go spreagtar saineolaithe ó gach leibhéal rialtais go gníomhach chun cur le hobair an Chomhphobail Eoraip Idir-inoibritheach amach anseo.
Chun freastal go sonrach ar dhálaí áitiúla agus réigiúnacha, d'fhorbair an Coimisiún, i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí ‘Creat Idir-inoibritheachta Eorpach do Chathracha Cliste agus do Phobail Chliste’ (EIF4SCC) atá ailínithe go hiomlán le CEI. Tar éis plé agus comhairliúchán poiblí fairsing, cuirtear an speisialtóireacht CEI seo i láthair sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an teachtaireacht sin. Molann an Coimisiún do shaineolaithe agus do chleachtóirí ó réimsí beartais eile an sampla seo de CEI a chur in oiriúint do chásanna úsáide sonracha agus/nó earnála. Beidh sé de chúram ar an rialachas idir-inoibritheachta a bheidh ann amach anseo measúnú a dhéanamh ar ailíniú na gcreataí idir-inoibritheachta speisialaithe le CEI. Mar shampla, forbraíodh speisialtóireacht de chuid CEI san am atá thart chun críocha na sláinte digití. Go traidisiúnta, tá ról tábhachtach ag an idir-inoibritheacht i mbeartas comhshaoil, i gceartas agus gnóthaí baile nó in iompar.
3.3Nuálaíocht agus comhar ‘GovTech’ a chur chun cinn
Dúshlán leanúnach don earnáil phoiblí is ea gan titim chun deiridh i gcomhtháthú na teicneolaíochta. Cé gur minic a cháintear iad as baol a bheith ann go dtarlódh a leithéid, ní mór d'údaráis phoiblí, ina ról uathúil agus iad ag freastal ar an gcúis choiteann, dualgas cúraim ar leith a léiriú a mhéid a bhaineann le glacadh teicneolaíochta agus maidir le húsáid teicneolaíochta atá dleathach, cothrom agus iontaofa. Mar sin féin, leis na teicneolaíochtaí nua is féidir seirbhísí poiblí a dhéanamh níos inrochtana, níos cuimsithí agus níos éifeachtúla ná riamh. Tá sé chomh dúshlánach céanna nuálaíocht dhigiteach leanúnach a áirithiú don earnáil phoiblí agus atá sé tábhachtach.
Tá na céadta gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa cheana féin lena ndéantar teicneolaíochtaí digiteacha a thástáil agus a phíolótú san earnáil phoiblí; tá sé riachtanach foghlaim faoi na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin. Tá Faireachlann um Sheirbhísí Poiblí Nuálacha á bunú ag an gCoimisiún chun anailís a dhéanamh ar threochtaí agus chun dea-chleachtais agus droch-chleachtais a shainaithint, chun bonn eolais a chur faoi ghlacadh na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú trí dhearadh. Déanfaidh an fhaireachlann measúnú ar an gcaoi a bhfuil teicneolaíochtaí amhail Intleacht Shaorga ag athrú phróisis na hearnála poiblí agus struchtúir rialachais. Cabhróidh sé sin leis an Aontas agus le húdaráis náisiúnta agus áitiúla cinntí eolasacha a ghlacadh maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a chur i bhfeidhm.
Tá an Eoraip lán d'éiceachórais réigiúnacha de chuideachtaí beaga teicneolaíochta nuálacha agus de ghnólachtaí nuathionscanta atá ag déanamh go maith, le tacaíocht, i measc nithe eile, ó líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití agus ó Chomhairle Nuálaíochta na hEorpa. Is sócmhainní tábhachtacha iad acmhainní idir-inoibritheachta atá ar fáil go hoscailte, in‑athúsáidte agus aitheanta do chuideachtaí beaga nuálacha agus do thionscnaimh de chuid na sochaí sibhialta chun oibriú leis an earnáil phoiblí.
Spreagann comhar ‘GovTech’ nó ‘CivicTech’ nuálaíocht san earnáil phoiblí, tacaíonn sé le ceannas teicneolaíochta na hEorpa agus osclaíonn sé conairí i dtreo an tsoláthair phoiblí. Is príomhchúram do chuideachtaí beaga é rochtain ar sholáthar poiblí a fháil, chun bheith in ann méadú a dhéanamh agus aitheantas agus ioncam oibriúcháin cobhsaí a fháil. Tá sraith thiomnaithe ag tacú le GovTech den Chlár Eoraip Dhigiteach agus den Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe, agus iad ailínithe go hiomlán le creat tacaíochta nuálaíochta an Aontais. Beidh nasc ag an tionscal leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach amach anseo trí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus tugtar cuireadh dó dul isteach sa Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo.
3.4Monatóireacht a dhéanamh ar thionchar
Leis an measúnú tionchair ar bheartas idir-inoibritheachta a bheidh ann amach anseo, léiríodh na deacrachtaí a bhaineann le sonraí a bhailiú agus costas agus tairbhí na hidir-inoibritheachta a mheas mar ghníomhaíocht nach é an cuspóir deiridh inti féin é ach ionstraim tacaíochta thábhachtach le haghaidh dhigitiú na hearnála poiblí. Tá sé úsáideach, áfach, aibíocht idir-inoibritheachta a thomhas d'fhonn infheistíochtaí a threorú agus dul chun cinn a thomhas. Tá an iliomad uirlisí tuairiscithe agus faireacháin ann don rialtas digiteach, ag brath ar fhócas sonrach úsáideora, earnála nó geografach. Ní dhéantar na huirlisí sin a ailíniú nó a nascadh go leordhóthanach i gcónaí, agus is annamh a chuirtear na torthaí i láthair i bhformáid meaisín‑inléite atá éasca le húsáid. D’fhéadfadh siad ualach suntasach a chur ar lucht riaracháin freisin toisc go bhfuil grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí poiblí curtha in iúl.
Ar na cúiseanna sin, tá sé tábhachtach uirlisí tuairiscithe agus faireacháin a fhorbairt atá trédhearcach, in‑athúsáidte agus réidh le haghaidh cúrsaí digiteacha, chun cabhrú le spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach. Ba cheart formáidí faireacháin atá ann cheana a chomhtháthú i loighic “aon‑uaire ”, sonraí agus suirbhéanna a athúsáid nuair is féidir agus na torthaí a chur ar fáil go hoscailte i bhformáidí meaisín‑inléite. Is gné é seo féin de cheapadh beartas atá réidh don ré dhigiteach, le huirlisí agus coincheapa in‑athúsáidte, comhtháite agus in‑aistrithe, chun leas cleachtóirí agus lucht déanta beartas.
Maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach:
-bunaítear leis comhar struchtúrtha de chuid an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht agus le comhúinéireacht le Ballstáit acquis idir-inoibritheachta an Aontais tríd an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a chruthú ar a mbeidh cleachtóirí digiteacha rialtais a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit; cruthaíonn sé an Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach mar fhóram oscailte gairmithe agus páirtithe leasmhara a thugann comhairle maidir le hidir-inoibritheacht agus nuálaíocht san earnáil phoiblí;
-tugann sé sainordú don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach an CEI a fhorbairt agus a fhorbairt amach anseo a áirithiú;
-tugtar isteach ar bhealach comhréireach measúnú idir-inoibritheachta éigeantach maidir le haon athrú ar chóras faisnéise nó ar chuid de chóras a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, nó maidir le haon athrú ar chóras nó ar chuid de chóras den sórt sin, ar athrú nó tabhairt isteach é lena n‑éascaítear seirbhísí poiblí a sheachadadh nó a bhainistiú go leictreonach;
-tugtar isteach catalóga sócmhainní idir-inoibritheachta aitheanta ar féidir le riaracháin iad a athúsáid agus iad a athúsáid i gceapadh beartas, amhail uirlisí digiteacha, sonraíochtaí nó réitigh; agus
-neartaítear leis an tacaíocht idir-inoibritheachta do bheartais AE atá réidh don ré dhigiteach agus an tacaíocht do chomhthionscadail nuálaíochta GovTech.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-glacadh le CEI athnuaite, bunaithe ar thogra ón mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo. Díreoidh an CEI nua ar mholtaí nithiúla cur chun feidhme, lena n‑áirítear do spásanna sonraí an Aontais, i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí;
-tacú le forbairt speisialtóireachtaí idir-inoibritheachta earnála atá ailínithe le CEI, amhail CEI do chathracha cliste agus do phobail chliste (EIF4SCC) arna bhfoilsiú in éineacht leis an teachtaireacht sin;
-a áirithiú go mbeidh dlúth-idirghníomhaíocht idir a ghníomhaíochtaí comhair agus tacaíochta GovTech agus ionstraimí nuálaíochta an Aontais amhail Moil Nuálaíochta Digití (DIHanna), an Chomhairle Eorpach um Nuálaíocht agus Éiceachórais (EIC agus EIE) agus an Institiúid Eorpach um Theicneolaíocht (EIT); agus
-a áirithiú go bhfuil tuairisciú agus faireachán ar idir-inoibritheacht ailínithe go hiomlán le rianta ábhartha faireacháin beartais AE agus, de réir mar is gá, comhtháite iontu (go háirithe an tInnéacs don Gheilleagar Digiteach agus don tSochaí Dhigiteach DESI, próiseas na Deacáide Digití, faireachán ar Dhearbhú Bheirlín agus ar Phleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta).
4.Beartais an Aontais a dhéanamh idir-inoibritheach trí dhearadh agus a dhéanamh réidh don dhigitiú
4.1Beartais AE a dhearadh sa ré dhigiteach
Go traidisiúnta, rinneadh gnéithe digiteacha i gcoitinne, agus idir-inoibritheacht go sonrach, a tharmligean chuig saineolaithe teicniúla agus níor tugadh aghaidh orthu ach go hiartheachtach, go déanach, nó fiú tar éis thabhairt chun críche an phróisis ceaptha beartas. Cuirtear rioscaí agus costais ard i bhfeidhm maidir le cur feidhme beartas mar gheall ar bhacainní agus ar theorainneacha neamhbheartaithe. Chun é sin a shárú, is gá cur chuige sistéamach idir-inoibritheachta trí dhearadh a ghlacadh maidir le ceapadh beartas.
Tá an timthriall um cheapadh agus cur chun feidhme beartas bunaithe níos mó agus níos mó ar shonraí agus níos digití anois, ó réamhfhéachaint agus measúnú tionchair, go bailiú agus faireachán sonraí, go seirbhísí agus uirlisí. Tá níos mó agus níos mó gnéithe digiteacha i mbeartais AE. Le cuspóirí beartais, tacair sonraí agus réitigh dhigiteacha atá idirnasctha go dlúth, ní féidir le ceapadh agus cur chun feidhme bheartas AE a bheith éifeachtach agus éifeachtúil ach amháin má tá tacaíocht á fáil ó chomhpháirtíocht idir lucht déanta beartas agus saineolaithe TFC. Ní mór tús a chur leis an gcomhpháirtíocht sin chomh luath agus is féidir sa phróiseas ceaptha agus forbartha beartais.
I gClár Oibre an Choimisiúin, Straitéis Dhigiteach agus um Rialáil Níos Fearr
, cuimsítear an smaointeoireacht dhigiteach go daingean i dtimthriall beartais AE, agus cuirtear an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ chun cinn i bhforbairt beartais. Ní mór gnéithe digiteacha agus idir-inoibritheachta a bhreithniú ag gach céim: dearadh beartais, comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, measúnuithe tionchair, cur chun feidhme beartais, faireachán agus meastóireacht.
Is é is aidhm do na ‘seiceálacha digiteacha’ mar ghné thiomnaithe atá ag teacht chun cinn de Bhosca Uirlisí an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, cuidiú leis an lucht déanta beartas na gnéithe digiteacha ábhartha a bhaineann le beartas a shainaithint go luath agus aghaidh a thabhairt orthu go luath. Ní mór seiceálacha a dhéanamh in éineacht le sainchomhairle struchtúrach, e.g. maidir le hailtireacht an chórais, le teicneolaíochtaí sonraí agus néalríomhaireachta agus le príobháideachas agus cibearshlándáil. Le hathúsáid sonraí ó fhoinsí údarásacha, athúsáid réiteach atá ann cheana agus glacadh le teicneolaíochtaí nuálacha, déanfar an cur chun feidhme níos simplí agus níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, agus réiteofar an bealach chun úsáid a bhaint as anailísíocht sonraí, sreabha sonraí slán agus sábháilte agus Intleacht Shaorga agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Tá cumas cruthaithe ag an gcleachtas sin chun an t‑ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú.
Maidir le tograí reachtacha, leagfar béim níos mó ar idir-inoibritheacht, ar mheasúnú córasach a dhéanamh ar chomhréireacht le CEI (agus, más ábhartha, ar aon cheann dá speisialtóireachtaí) agus ar shainaithint a dhéanamh ar an scóip atá ann chun córais, coincheapa agus comhpháirteanna idir-inoibritheacha a athúsáid. Cuireann sé sin ar a chumas don Choimisiún agus do na Ballstáit cleachtais bailithe agus faireacháin sonraí a struchtúrú agus cosc a chur ar fhorbairt córas atá dúbláilte agus contrártha, cleachtais gaibhnithe díoltóirí agus TFC neamh-inbhuanaithe. Leis an gcomhar struchtúrtha idir na riaracháin phoiblí ar fud thíortha an Aontais a mholtar faoin nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, tabharfar comhairle maidir le beartais an Aontais a bhfuil mórthionchair acu ar bhonneagar digiteach na mBallstát agus cumasófar cur chun feidhme tráthúil bheartais an Aontais.
Tacóidh ceapadh beartais atá réidh don ré dhigiteach agus idir-inoibritheacht trí dhearadh le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha fíor Tras-Eorpacha do dhaoine, do ghnólachtaí agus don bheartas poiblí, atá ábhartha don Mhargadh Aonair Digiteach. Méadóidh sé muinín trasteorann, mar atá léirithe ag, mar shampla, deimhnithe Covid-19 digiteacha AE, céannacht dhigiteach shlán, Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) agus líon méadaitheach seirbhísí trasteorann a chumasaíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach.
Cé go bhfuil an Coimisiún tiomanta do cheapadh beartas atá réidh don digitiú agus go n‑áiritheoidh sé go gcuirfí an méid sin i bhfeidhm maidir le tionscnaimh bheartais agus tograí reachtacha, níl ansin ach an tús. Chun reachtaíocht an Aontais a dhéanamh réidh go hiomlán don digitiú agus idir-inoibritheach trí dhearadh, tá sé tábhachtach comhthuiscint róil gach Institiúide a lorg, agus a áirithiú sa deireadh, idir na comhreachtóirí. Is uirlis riachtanach é an rialachas coiteann idir-inoibritheachta AE faoin nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe chun cabhrú le teacht chun cinn na comhthuisceana sin.
4.2Cistiú idir-inoibritheachta a dhíriú
Le cláir an Aontais cuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil le haghaidh thaighde, fhorbairt agus chothabháil acmhainní idir-inoibritheachta earnáil phoiblí an Aontais, amhail uirlisí measúnaithe idir-inoibritheachta, stór focal séimeantach, GovTech nó bloic thógála in‑athúsáidte le haghaidh malartú sonraí agus céannacht leictreonach. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh cleachtóirí TF agus cleachtóirí beartais na mBallstát – úsáideoirí deiridh na n‑acmhainní sin agus feidhmeoirí na mbeartas – comhairle ar fáil maidir leis na tosaíochtaí do mhaoiniú an Aontais i réimse na hidir-inoibritheachta. Beidh sé de chúram ar an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme beartas nó bearta tacaíochta nuálaíochta a mheastar a bheith riachtanach, mar atá sa Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe.
Chomh maith leis sin, tacaíonn maoiniú an Aontais le haghaidh idir-inoibritheachta le cur chun feidhme bheartais AE atá ábhartha don rialtas digiteach, amhail an Tairseach Aonair Dhigiteach, sparán eID an Aontais nó na Nasc Digiteach Áitiúil. Leis na Cistí Struchtúracha, an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (STI), tacaíonn an tAontas le hinfheistíochtaí nuachóirithe san earnáil phoiblí sna Ballstáit. Tá clár oibre nuachóirithe uaillmhianach á fhorbairt ag líonra riaracháin phoiblí an Aontais. Leis an togra um Dheacáid Dhigiteach agus an TSI, déantar foráil do thionscadail iltíre a thacaíonn leis an gclaochlú digiteach, lena n‑áirítear Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC). Le sraitheanna tacaíochta nuachóirithe agus athchóirithe den sórt sin, ba cheart comhordú luathchéime a áirithiú agus riachtanais idir-inoibritheachta a chur san áireamh, mar shampla trí mhalartú rialta agus trí chomhairle ó na cleachtóirí maidir leis an gComhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo.
4.3Idir-inoibritheacht a leabú i mbeartais AE maidir le sonraí agus nuálaíocht
Tá an beartas idir-inoibritheachta ina chomhlánú riachtanach ar thírdhreach beartais sonraí agus digiteach AE atá ag teacht chun cinn. Tógann sé ar reachtaíocht maidir le hinfhaighteacht sonraí agus malartú sonraí, ó dhearcadh na hearnála poiblí, agus críochnaíonn sé an reachtaíocht sin. Tacaíonn sé le huirlisí coiteanna lárnacha amhail ‘data.europa.eu’, an tairseach oifigiúil le haghaidh sonraí Eorpacha. Féadann sé an saineolas séimeantach a sholáthar a theastaíonn chun spásanna sonraí agus beartas néalríomhaireachta an Aontais a chruthú. Dá réir sin, agus chun go mbeidh beartas idir-inoibritheachta neartaithe AE lánéifeachtach, is gá dlúth-idirghníomhú le struchtúir ábhartha beartais dhigitigh oibríochtúla agus rialála a ráthú, go háirithe leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí. Aithnítear i gCompás Digiteach 2030, creat tagartha beartais dhigitigh an Aontais, go bhfuil rialtas digiteach ar cheann dá phríomh-veicteoirí agus tá beartas idir-inoibritheachta neartaithe AE ceaptha chun tacú le próiseas na Deacáide Digití.
Mar réamhshocrú, tá sócmhainní idir-inoibritheachta an Aontais ar fáil mar shonraíochtaí oscailte nó mar bhogearraí foinse oscailte. Ní mór dóibh a bheith oscailte ionas go mbeidh rochtain éasca ag riaracháin phoiblí ar gach leibhéal orthu, lena gcruthaítear córais agus seirbhísí idir-inoibritheacha, agus ag comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus sa tionscal atá ag obair leis na riaracháin sin. Cé nach é an foinse oscailte an t‑aon chur chuige amháin atá ann chun idir-inoibritheacht a chruthú, ba cheart tionscadail arna maoiniú ag an Aontas le haghaidh seirbhísí poiblí a bheith ina dtionscadail foinse oscailte mar réamhshocrú. Sin an fáth a ndéantar foráil leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe do rochtain ar réitigh in‑athúsáidte, lena n‑áirítear cód, nuair is iomchuí agus nuair is féidir. Cuireann an Coimisiún féin an cód ar fáil mar fhoinse oscailte agus cuireann sé le tionscadail foinse oscailte. Tá Ceadúnas Poiblí Eorpach (EUPL) tiomnaithe ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais le cúntóir ceadúnúcháin a sholáthraíonn tacaíocht dlí ar líne. Agus Oifigí Cláir Foinse Oscailte (OSPOnna) nó a macasamhail á mbunú ar fud riaracháin na mBallstát, beidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus an Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach ag tacú le malartuithe dea-chleachtais agus cabhróidh siad chun réitigh in‑athúsáidte agus riachtanais forbartha a shainaithint.
Tá dlúth-idirghníomhú le fóraim agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe thar a bheith tábhachtach d'fhorbairt an acquis Eorpaigh idir- inoibritheachta agus chun claochlú digiteach oscailte, cuimsitheach agus bunaithe ar luach a áirithiú. Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ag cur a chreat athnuaite um beartas um chaighdeánú chun feidhme, tabharfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo aghaidh go córasach ar chúinsí a bhaineann le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí. Áirítear leis sin rannchuidiú le ‘réimsí práinne‘ san earnáil phoiblí a chaighdeánú agus tacú le ról an Aontais i bhforbairt caighdeán le haghaidh seirbhísí poiblí.
Sa Chlár Oibre um Nuálaíocht a d'fhoilsigh an Coimisiún le déanaí, leagtar béim ar an ról tairbheach atá ag an earnáil phoiblí, ní hamháin mar rialálaí ach freisin mar chomhpháirtí soláthair agus trialach, maidir le cumas nuálaíochta an Aontais a neartú. Leagtar béim sa Chlár Oibre ar an acmhainneacht idir-inoibritheachta agus spreagtar leis turgnamh na hearnála poiblí i dtimpeallachtaí rialaithe (boscaí gainimh) agus comhar GovTech a fhiosrú.
4.4Comhar idirnáisiúnta maidir le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí a fhorbairt
Go traidisiúnta, bíonn beartas idir-inoibritheachta AE oscailte do chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Níl teorainn leis an idir-inoibritheacht agus tá acmhainní idir-inoibritheachta an Aontais ar fáil go hoscailte le hathúsáid ar fud an domhain. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás CEI, dá dtagraítear go hidirnáisiúnta. Chun comhar idirnáisiúnta bunaithe ar luachanna a fhorbairt tuilleadh sa rialtas digiteach, tá sé tábhachtach an comhar idir-inoibritheachta atá ann cheana le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECFE, na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda, chomh maith le comhpháirtithe domhanda a bhfuil an dearcadh céanna acu, a choimeád agus a fhorbairt.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhar le comharsanacht an Aontais atá ann cheana a neartú; Is comhpháirtithe iad Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an Úcráin le fada an lá i bhforbairt chomhar idir-inoibritheachta an Aontais agus léirigh tíortha eile an‑spéis i bheith páirteach san iarracht choiteann seo. Tá claochlú digiteach an riaracháin ina thosaíocht mhór ag na comhpháirtithe i gcomhthéacs an mhéadaithe agus na comharsanachta agus spreagann an Coimisiún idir-inoibritheachta ardleibhéil a bhaint amach i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Tríd an gcomhar a neartú tacaítear le comhtháthú réamhaontachais agus comhpháirtíochta eacnamaíche agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé ina ghné struchtúrach d'ionstraimí bheartas comharsanachta an Aontais. Ní caidreamh aontreo atá i gceist le forbairt comhair idirnáisiúnta. Leis an gcomhar sin, cuirfear ar a chumas don Aontas foghlaim óna gcomhpháirtithe agus an tráth céanna, foghlaim in éineacht leo agus tairbhiú de na réitigh, saineolas agus taithí atá acu, ar rudaí iad a bhíonn an‑fhorbartha ag na comhpháirtithe go minic.
Maidir leis an gCoimisiún:
-déanfaidh sé gnéithe digiteacha a ionchorprú sna céimeanna éagsúla de shainmhíniú forbairt, glacadh agus cur chun feidhm beartas, mar atá leagtha amach ina Straitéis Dhigiteach;
-áiritheoidh sé go gcuirfear CEI i bhfeidhm ina chleachtas oibriúcháin agus ceaptha beartas agus iarrfaidh sé aiseolas tráthúil ó na Ballstáit maidir leis na dúshláin chur chun feidhme a d'fhéadfadh a bheith ann do thograí beartais a bhfuil gnéithe suntasacha digiteacha agus idir-inoibritheacha ag baint leo;
-spreagann sé na comhreachtóirí prionsabail maidir le ceapadh beartas atá ullamh don dhigitiú a fhormhuiniú agus a áirithiú go dtabharfar aird leordhóthanach ar ghnéithe digiteacha ag céimeanna éagsúla de thimthriall beartais AE;
-áiritheoidh sé go n‑athúsáidfear acmhainní coiteanna idir-inoibritheachta (uirlisí, sonraíochtaí, réitigh) agus go ndéanfar tagairt dóibh in ionstraimí maoinithe, go háirithe le haghaidh thrasfhoirmiú na hearnála poiblí (lena n‑áirítear in TSI, cistí struchtúracha, tacaíocht chomharsanachta agus réamhaontachais, agus an RRF);
-déanfaidh sé nasc dlúth a áirithiú idir an rialachas idir-inoibritheachta agus sásraí reatha um shonraí, um chaighdeánú agus um rialachas earnála, go háirithe an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus tionscnaimh nuachóirithe earnála poiblí;
-áiritheoidh sé go mbeidh baint ag an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a bheidh ann amach anseo le dearadh gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta a mhaoineofar faoi roinn idir-inoibritheachta thiomnaithe an Chláir don Eoraip Dhigiteach; agus
-déanfaidh sé an comhar idirnáisiúnta maidir le hidir-inoibritheacht a dhoimhniú, go háirithe mar chuid dá bheartas comharsanachta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.