Lucsamburg, 13.7.2022

COM(2022) 500 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta



Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach

{SWD(2022) 501 final} - {SWD(2022) 502 final} - {SWD(2022) 503 final} - {SWD(2022) 504 final} - {SWD(2022) 505 final} - {SWD(2022) 506 final} - {SWD(2022) 507 final} - {SWD(2022) 508 final} - {SWD(2022) 509 final} - {SWD(2022) 510 final} - {SWD(2022) 511 final} - {SWD(2022) 512 final} - {SWD(2022) 513 final} - {SWD(2022) 514 final} - {SWD(2022) 515 final} - {SWD(2022) 516 final} - {SWD(2022) 517 final} - {SWD(2022) 518 final} - {SWD(2022) 519 final} - {SWD(2022) 520 final} - {SWD(2022) 521 final} - {SWD(2022) 522 final} - {SWD(2022) 523 final} - {SWD(2022) 524 final} - {SWD(2022) 525 final} - {SWD(2022) 526 final} - {SWD(2022) 527 final}


1.RÉAMHRÁ

Aontas luachanna is ea an tAontas Eorpach: aontas ceart bunúsach, daonlathais, agus an smachta reachta. Sin bunchloch ár sochaí agus ár gcomhfhéiniúlachta 1 . Má thugtar dúshlán an smachta reachta i mBallstát amháin, cuirtear as do dhlíchóras agus d’fheidhmiú an Aontais ina iomláine. Tá an smacht reachta le leas gach aon duine san Aontas agus is léir go dtacaíonn saoránaigh i ngach aon Bhallstát le prionsabail an smachta reachta 2 .

Le blianta beaga anuas, is minice a thugtar dúshlán an smachta reachta, anseo san Aontas agus ar fud an domhain. Chuir paindéim COVID‑19 promhadh ar athléimneacht na gcóras náisiúnta chun an smacht reachta a chosaint in am géarchéime, nó chuir sí córais sheanbhunaithe bhunreachtúla na srianta agus na gceartúchán faoi bhrú mar aon le cumas na n‑institiúidí daonlathacha agus na bhforas faire a gcuid oibre a dhéanamh.

An fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus faoin mhuintir na hÚcráine, is dúshlán díreach é roimh luachanna an Aontais agus roimh an ord domhanda riailbhunaithe. Is sárú trom é ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, sárú a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, agus de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Ár n‑institiúidí agus ár luachanna daonlathacha a chaomhnú agus a chosaint, is freagracht chomhroinnte é ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Is mó fós a thábhacht sin tráth atá an tAontas agus na Ballstáit faoi bhagairt ó ghníomhairí eachtracha naimhdeacha a bhaineann feidhm as an mbréagaisnéis agus cibirionsaithe agus iad ag iarraidh an bonn a bhaint dár ndaonlathais.

Aithníonn an Coimisiún an cúram faoi leith atá air chun an fhreagracht chomhroinnte sin a chur chun feidhme, bíodh sin tríd an athrú a spreagadh, an comhar a chur chun cinn, nó lochtanna a léiriú agus beart a dhéanamh dá réir. Cuireann an Coimisiún an cúram sin i gcrích ar bhealaigh éagsúla leis na huirlisí éagsúla atá ar fáil dó, ach bíonn cuspóir soiléir ann i gcónaí: fíordhifear a dhéanamh don chaoi a n‑airíonn na saoránaigh tionchar an smachta reachta ar a saol laethúil. Rinne an Coimisiún deimhin de freisin gur tugadh tús áite sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta d’athchóirithe na mBallstát ar a gcórais bhreithiúnacha, a gcreataí frithéillithe agus a riarachán poiblí a spreagadh, chomh maith le digiteáil a gcóras ceartais, ós rudaí iad sin atá riachtanach chun timpeallacht infheistíochta láidir a chruthú.

Ba théama suntasach é an smacht reachta ar an gclár oibre Eorpach ar feadh na bliana seo caite. Chuir Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta go mór le bonn faisnéise na ndíospóireachtaí polaitiúla agus teicniúla, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Go deimhin, tá ról lárnach ag an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta inár n‑iarrachtaí tionchar praiticiúil a imirt ar chur chun cinn agus cosaint an smachta reachta san Aontas. Is tuarascáil í a chuireann na traidisiúin náisiúnta san áireamh mar is cuí, a áirithíonn an chóir chomhionann, agus atá bunaithe ar mhodheolaíocht oibiachtúil thrédhearcach. Sa chaoi sin is bunús í le plé tairbheach agus le malartú saibhir dea-chleachtas, bíodh sé sin idir na Ballstáit, ar leibhéal na Comhairle agus ar an leibhéal teicniúil araon, nó faoi chuimsiú na bpléití a rinneadh leis an gCoimisiún i bParlaimint na hEorpa agus sna Parlaimintí náisiúnta ar bonn thuarascáil 2021. Nuair a fhoghlaimíonn na Ballstáit ó thaithí a chéile, is fusa a bheidh siad in ann an cur chuige is fearr a aimsiú agus teacht chun cinn dúshlán roimh an smachta reachta, nó géarú na ndúshlán sin, a chosc.

Leis an tríú heagrán seo den tuarascáil tugtar an chéad chéim eile i gclár oibre an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta nó is é seo an chéad eagrán ina ndírítear moltaí sonracha ar na Ballstáit, rud a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen in aitheasc 2021 ar Staid an Aontais 3 . Ós cur chuige coisctheach atá ag an tuarascáil, is é is cuspóir do na moltaí tacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe atá ar bun acu nó atá beartaithe a chur chun cinn, forbairtí dearfacha a spreagadh, agus cuidiú a thabhairt dóibh cásanna a aithint inarbh fhéidir go mbeadh gá le feabhsuithe nó le hobair leantach ar athruithe nó athchóirithe a cuireadh i gcrích le déanaí. I gcásanna áirithe déantar sin d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chórasacha freisin.

Agus na moltaí á dtarraingt suas aige, thug an Coimisiún aird mhór ar iad a choinneáil spriocdhírithe agus fréamhaithe sa dlí agus sna caighdeáin Eorpacha, agus sonraíocht na gcóras dlí náisiúnta á cur san áireamh san am céanna. An chomhsheasmhacht agus na sineirgí le próisis agus uirlisí eile, amhail an Seimeastar Eorpach, an córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá siad sin lán chomh tábhachtach céanna. Sna heagráin eile den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta atá le teacht, breathnófar ar an obair leantach a dhéanfar ar na moltaí.

Mar a dhéantaí sna heagráin roimhe seo, i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta scrúdaítear forbairtí a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:

-Na córais cheartais sna Ballstáit, ag díriú ar an neamhspleáchas, an cháilíocht agus an éifeachtúlacht. Is príomhpharaiméadair iad sin lena náirithítear go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm agus go bhforchuirtear é go héifeachtach, go gcosnaítear an smacht reachta, agus go gcoinnítear an mhuinín fhrithpháirteach ar bun. Córais cheartais a bheith ann a fheidhmíonn go maith agus atá neamhspleách go hiomlán, is rud ríthábhachtach é chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an ceartas le leas na saoránach agus na ngnólachtaí. Tá sé fíor-riachtanach, freisin, don chomhar breithiúnach ar fud an Aontais, d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, agus do dhlíchóras an Aontais ina iomláine 4 .

-Na creataí frithéillithe, ag díriú ar éifeachtacht na mbeartas náisiúnta frithéillithe agus measúnú á dhéanamh ar phríomhréimsí na gníomhaíochta atá déanta ag na Ballstáit chun an téilliú a chosc agus a chomhrac. Creataí éifeachtacha frithéillithe, agus cumhacht an Stáit a fheidhmiú go hionraic trédhearcach, neartaíonn siad na córais dlí agus cuireann siad le muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as na húdaráis phoiblí.

-Saoirse agus iolrachas na meán, ag díriú ar réimsí lárnacha lena náirítear neamhspleáchas údaráis rialála na meán, trédhearcacht úinéireacht na meán, an trédhearcacht agus cothrom na Féinne ó thaobh leithdháileadh na fógraíochta Stáit de, sábháilteacht na niriseoirí, agus rochtain na faisnéise. I dtuarascáil na bliana seo, den chéad uair, déantar tuairisciú córasach ar na meáin seirbhíse poiblí. Timpeallacht shaor iolraíoch do na meáin, tá sé fíor-riachtanach le haghaidh an dlí, na cuntasachta daonlathaí, agus an chomhraic in aghaidh an éillithe. Ag féachaint dá thábhachtaí atá meáin shaora iolraíocha, rinneadh roinnt tionscnamh le déanaí ar leibhéal an Aontais 5 .

-Saincheisteanna institiúideacha maidir le srianta agus ceartúcháin, ag díriú ar réimsí mórthábhachta le haghaidh an smachta reachta, amhail cáilíocht agus cuimsitheacht an phróisis reachtaigh náisiúnta, ról na gCúirteanna Bunreachtúla agus na núdarás neamhspleách amhail an tOmbudsman, comhlachtaí comhionannais 6 , agus Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun an smacht reachta a chosaint. Tionchar athraitheach phaindéim COVID19 agus na freagairtí athraitheacha uirthi, is gné eile iad sin a chuimsítear san anailís. I dtuarascáil na bliana seo, tugtar forbhreathnú den chéad uair ar chur chun feidhme bhreitheanna na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Cuireann an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta forbairtí tábhachtacha ar leibhéal an Aontais i láthair freisin, agus ina theannta sin ba cheart í a léamh i gcomhthéacs leathan na ngnéithe oibre eile a chuireann le cosaint luachanna an daonlathais agus chearta an duine laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Tugtar achoimre sa tuarascáil seo ar an úsáid a bhain an Coimisiún as príomhuirlisí amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Rialachán Ginearálta um Choinníollacht 7 , agus Scórchlár Ceartais an Aontais. Déanann an Coimisiún bearta maidir le sáruithe freisin, nuair a sháraítear dlí an Aontais i saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta.

Sampla eile den obair chomhlántach is ea an obair chun na cearta bunúsacha a chosaint: i dTuarascáil 2022 maidir le cur i bhfeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 8 díreofar ar spás na sochaí sibhialta agus ar an ról atá aige chun na cearta sin a chosaint agus a chur chun cinn. Is príomhchomhpháirtí í an tsochaí shibhialta chun beartais an Aontais i réimse na gceart bunúsach a chur chun feidhme, agus tá díospóireacht ar bun ar leibhéal an Aontais faoin gcaoi ar féidir an tacaíocht di, agus a rannpháirtíocht ar leibhéal an Aontais, a mhéadú.

Léirigh fogha na Rúise ar an Úcráin an tábhacht a bhaineann le luachanna an daonlathais, le cearta an duine agus leis an smacht reachta. Tá ról faoi leith ag an Aontas na luachanna sin a chur chun cinn ar fud an domhain, de rogha ar na samhailtí forlámhacha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta agus cearta an duine, agus sa bhreis air sin is príomhghné de phróiseas mhéadaithe an Aontais é sin. Braitheann creidiúnacht ár mbeartas seachtrach ar staid an smachta reachta san Aontas féin.

2.PRÍOMHGHNÉITHE STAID AN SMACHTA REACHTA SNA BALLSTÁIT

Sa Tuarascáil seo leagtar amach téamaí agus treochtaí coiteanna mar aon le dúshláin shonracha agus forbairtí dearfacha a bhaineann leis na ceithre cholún. Na samplaí a thugtar mar léiriú ar na treochtaí sin, roghnaíodh iad as na measúnuithe atá sna 27 gcaibidil tíre, caibidlí is dlúthchuid den Tuarascáil seo agus ina dtugtar an comhthéacs mionsonraithe i leith gach Ballstáit  9 . Tá moltaí sonracha do na Ballstáit sa Tuarascáil freisin 10 .

Modheolaíocht na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta agus na moltaí atá inti

Ullmhaíodh an measúnú atá sna caibidlí tíre i gcomhréir leis an scóip agus an modheolaíocht a tugadh cothrom le dáta tar éis plé leis na Ballstáit 11 . Braitheann na caibidlí tíre ar mheasúnú cáilíochtúil a rinne an Coimisiún go neamhspleách agus é dírithe ar shintéis a dhéanamh de na forbairtí suntasacha ó mhí Iúil 2021, lena léirítear na dúshláin chomh maith leis na gnéithe dearfacha a sainaithníodh sna Ballstáit. I ngach caibidil tíre, dírítear an anailís go háirithe ar ábhair inar tharla forbairtí suntasacha, nó inar sainaithníodh dúshláin thábhachtacha sa tuarascáil roimpi seo a bhí fós ann le linn na tréimhse tuairiscithe.

Ós cur chuige coisctheach atá ag an Tuarascáil, is é is cuspóir do na moltaí cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun cinn, forbairtí dearfacha a spreagadh, agus cásanna a aithint inarbh fhéidir go mbeadh gá le feabhsuithe nó le hobair leantach ar athruithe nó athchóirithe a cuireadh i gcrích le déanaí, ar bhonn idirphlé leanúnach leo 12 .

Cloíodh leis na prionsabail seo a leanas agus na moltaí atá sa Tuarascáil seo á n‑ullmhú:

·Déantar moltaí tírshonracha i leith gach Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta.

·Is dlúthchuid den Tuarascáil iad na moltaí agus iad bunaithe ar mheasúnú domhain sna caibidlí tíre, trí chritéir oibiachtúla a chur i bhfeidhm atá fréamhaithe i ndlí an Aontais nó i gcaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta.

·Tá na moltaí i gcoibhneas leis na dúshláin a shainaithnítear. Is spreagadh iad freisin chun leanúint d’iarrachtaí athchóirithe dearfacha.

·Tá na moltaí sonrach a ndóthain lena chur ar a gcumas do na Ballstáit obair leantach choincréiteach inghníomhaithe a dhéanamh, agus na hinniúlachtaí náisiúnta, na córais dlí náisiúnta agus an comhthéacs institiúideach náisiúnta á gcur san áireamh de réir mar is ábhartha.

·Agus na moltaí á nullmhú aige, thug an Coimisiún aird faoi leith ar an gcomhsheasmhacht agus na sineirgí le próisis eile, amhail an Seimeastar Eorpach, an Rialachán Ginearálta um Choinníollacht, agus na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta 13 .

·Tuairisceofar an obair leantach a dhéanfar ar na moltaí mar dhlúthchuid de na heagráin eile den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta atá le teacht.

Toradh dlúthchomhair leis na Ballstáit is ea an Tuarascáil agus braitheann sí ar raon foinsí náisiúnta, idirnáisiúnta agus eile 14 . Iarradh ar gach Ballstát páirt a ghlacadh sa phróiseas, ionchur i scríbhinn a sholáthar 15 agus páirt a ghlacadh i gcuairteanna tíre tiomnaithe a reáchtáladh ó mhí Feabhra go mí Aibreáin 2022 16 . Fuarthas ionchur luachmhar, idir chothrománach agus thírshonrach, ó chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara freisin 17 . Ina theannta sin, sholáthair Comhairle na hEorpa forbhreathnú ar na tuairimí agus na tuarascálacha a d’eisigh sí le déanaí faoi Bhallstáit de chuid an Aontais 18 . Sular glacadh an Tuarascáil seo, tugadh deis do na Ballstáit faisnéis fhíorasach nua cothrom le dáta a sholáthar le haghaidh a gcaibidle tíre.

2.1 Córais cheartais

Is paraiméadair fhíor-riachtanacha le córas ceartais éifeachtach iad an neamhspleáchas, an dea-cháilíocht, agus an éifeachtúlacht. Córais cheartais éifeachtacha, is rud ríthábhachtach iad chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun an smacht reachta a chosaint. Is bunriachtanas é an neamhspleáchas breithiúnach le cothroime na nimeachtaí breithiúnacha. Is ceanglas é a chineann ó phrionsabal na cosanta dlí éifeachtúla, prionsabal dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus ón gceart chun leighis éifeachtaigh ós comhair cúirte nó binse, ceart a chumhdaítear le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 19 . Is ráthaíocht iad na breithiúna agus na cúirteanna neamhspleácha go gcosnófar cearta an duine aonair a chineann ó dhlí an Aontais, mar aon le comhluachanna na mBallstát a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe an smacht reachta 20 . Agus a gcórais cheartais á nathchóiriú acu, ní mór do na Ballstáit cloí go hiomlán leis na ceanglais a shocraítear le dlí an Aontais agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 21 .

Braistint an neamhspleáchais bhreithiúnaigh ar fud an Aontais

Tháinig feabhas ar bhraistint an neamhspleáchais i measc cuideachtaí in dhá thrian, nach mór, de na Ballstáit i gcomparáid le 2021, de réir Scórchlár Ceartais an Aontais 2022 agus suirbhéanna Eorabharaiméadair a rinneadh in 2022 22 . I measc an phobail i gcoitinne, áfach, léirigh na suirbhéanna meath ar bhraistint an neamhspleáchais bhreithiúnaigh i níos mó ná leath na mBallstát. Ba bheag an tathrú ar na braistintí coibhneasta idir na Ballstáit. San Fhionlainn, sa Danmhairg, san Ostair, i Lucsamburg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin, leanann leibhéal braite an neamhspleáchais de bheith anard i measc an phobail i gcoitinne (os cionn 75 %), ach sa tSlóvaic, sa Pholainn, agus sa Chróit, leanann sé de bheith aníseal (faoi bhun 30 %).

Comhairlí Breithiúna agus nósanna imeachta um cheapacháin bhreithiúnacha ina bpríomhchoimircí don neamhspleáchas breithiúnach

Is féidir le Comhairlí Breithiúna a bheith ina gcoimircí fíorthábhachtacha don neamhspleáchas breithiúnach, mar a aithnítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais 23 . Is féidir leo bheith ina sciath chosanta idir na breithiúna agus brainsí eile na cumhachta i gceisteanna amhail ceapadh na mbreithiúna agus na ngiúistísí agus a ngairmeacha, i dteannta an róil atá acu i mbainistíocht an chórais cheartais. Forbraíodh caighdeáin Eorpacha tábhachtacha faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa maidir leis an gcaoi ar cheart Comhairlí Breithiúna a bhunú chun a neamhspleáchas a chosaint mar is fearr, ó thaobh chomhdhéanamh na gComhairlí de freisin 24 . Teastaíonn acmhainní leordhóthanacha ó Chomhairlí Breithiúna freisin le go bhfeidhmeoidh siad go héifeachtach agus go gcomhlíonfaidh siad a sainorduithe.

Tionscnaíodh iarrachtaí reachtacha chun neamhspleáchas chomhairlí na mbreithiúna a neartú i roinnt Ballstát. I Lucsamburg , cuireadh leasuithe reachtacha síos chun comhdhéanamh na Comhairle Breithiúna atá le bheith ann a ailíniú le caighdeáin Eorpacha. Sonrófaí leo siúd inniúlachtaí Chomhairle na mBreithiúna maidir le bainistíocht ghairmeacha na ngiúistísí agus thabharfaí córas araíonachta nua isteach. Sa Chróit , neartaíodh ról an dá Chomhairle maidir le ceapachán na mbreithiúna agus na naturnaetha stáit trí leasuithe a ritheadh le déanaí. San Iodáil , glacadh dlí nua le déanaí chun an córas ceartais a athchóiriú, agus déantar foráil ann maidir le hArdChomhairle Breithiúna a bhunú agus maidir lena feidhmiú, lena náirítear an chaoi a dtoghfar a comhaltaí. Sa Chipir , ritheadh athchóirithe sa Pharlaimint le déanaí maidir le comhdhéanamh Chomhairle na mBreithiúna. San Ísiltír , tá coinne leis go bhféadfaí comhdhéanamh agus ceapadh Chomhairle na mBreithiúna a athrú. Sa tSualainn , ó 2020 tá Coiste Fiosrúcháin uile-pháirtí i mbun scrúdú ar an gcaoi a bhféadfaí neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú agus tá coinne leis an tuarascáil uaidh faoi mhí Feabhra 2023.

Is príomhthéama iad i roinnt Ballstát na forbairtí maidir le Comhairlí Breithiúna náisiúnta. Sa  Spáinn , tá imní fós ann maidir leis na moilleanna ar athnuachan Chomhairle na mBreithiúna, agus éilíodh athuair go nathrófaí córas ceapacháin na Comhairle. Sa Bhulgáir , tá imní mhéadaitheach ann maidir le feidhmiú na hArdChomhairle Breithiúnaí agus maidir le gá a bheith ann aghaidh a thabhairt ar chomhdhéanamh na Comhairle. In Éirinn , tá imní áirithe ag baint leis an gcomhdhéanamh a moladh le haghaidh an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha atá beartaithe. Sa tSlóvaic , tá cúraimí nua tugtha de láimh ag an gComhairle Bhreithiúnach tar éis an athchóirithe bhunreachtúil, ach tá imní fós ann maidir leis an gcóras chun comhaltaí a bhriseadh aisti. Sa Phortaingéil , tá críochnú an chreata reachtaigh le haghaidh ArdChomhairle na gCúirteanna Riaracháin agus Cánach ar feitheamh ó 2004, agus rinneadh bearta nua chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le leithdháileadh na gcásanna sna cúirteanna 25 .

I mBallstáit eile, níor tugadh aghaidh ar ábhair imní struchtúracha nó córasacha. Sa Pholainn , níor tugadh aghaidh go fóill ar ábhair imní thromchúiseacha maidir le neamhspleáchas chomhairle náisiúnta na mbreithiúna, siúd is gur tarraingíodh aird orthu i roinnt breithiúnas ón Chúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, rud a dheimhníonn na hábhair imní a shainaithin an Coimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE. Tá na hábhair imní chéanna i gceist sa mholadh tírshonrach leathan ón Seimeastar Eorpach go gcosnófaí an neamhspleáchas breithiúnach. San Ungáir , tá dúshláin fós roimh an Chomhairle Bhreithiúnach Náisiúnta maidir le cumhachtaí Uachtarán na hOifige Breithiúnaí Náisiúnta a chúiteamh ó thaobh bhainistíocht na gcúirteanna de, agus níor tugadh aghaidh go fóill ar an moladh tírshonrach a rinneadh sa Seimeastar Eorpach go neartófaí an neamhspleáchas breithiúnach, ná ar ábhair imní bainteacha a cuireadh in iúl i gcomhthéacs an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE 26 .

Modh ceaptha na mbreithiúna, is féidir leis tionchar mór a imirt ar an neamhspleáchas breithiúnach agus ar bhraistint an phobail faoin neamhspleáchas. Mar a shuigh an Chúirt Bhreithiúnais, chun an neamhspleáchas breithiúnach a ráthú, ní mór do na coinníollacha substainteacha agus do na rialacha nós imeachta lena rialaítear ceapacháin na mbreithiúna a bheith leordhóthanach chun amhras dlisteanach a chosc ar neamhthréscaoilteacht na mbreithiúna lena mbaineann i leith imthosca seachtracha agus ar a neodracht mar bhreithiúna 27 . 

Ó uair na tuarascála deireanaí, tá roinnt Ballstát dulta i mbun feabhsuithe ar nósanna imeachta na gceapachán breithiúnach. In Éirinn , cuireann an dréachtdlí nua faoi cheapacháin bhreithiúnacha srian ar dhiscréid an Rialtais sa nós imeachta. Sa Chróit , tugadh an próiseas chun Uachtarán na Cúirte Uachtaraí a cheapadh chun críche, agus leasaíodh an nós imeachta lena rialaítear an nós imeachta ceapacháin chun sáinneacha a sheachaint amach anseo. Sa tSeicia , tá sé d’aidhm ag reachtaíocht leasaithe córas earcaíochta agus roghnúcháin trédhearcach aonfhoirmeach a chur ar bun le haghaidh breithiúna agus uachtaráin chúirte. Sa  Chipir , vótáil an Pharlaimint le déanaí ar an athchóiriú ar na nósanna imeachta ceapacháin le haghaidh breithiúna agus Uachtaráin na Cúirte Bunreachtúla Uachtaraigh nua agus na hArdChúirte nua is beartaithe a bhunú. San Ísiltír , tá roinnt athruithe á meas chun an neamhspleáchas breithiúnach a neartú a thuilleadh, lena náirítear athruithe maidir le ceapachán bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí.

I mBallstáit eile a bhfuil bearta déanta acu chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta sin, tá dúshláin fós ann, go háirithe maidir le ceapacháin do na huaschúirteanna agus do phoist uachtaráin chúirte. I Málta , cé go ndearnadh bearta chun ceapachán an PhríomhBhreithimh a dhípholaitiú, níl aon pháirt ag na breithiúna sa phróiseas go fóill. Sa Ghréig , tá ábhar imní fós ann maidir leis an nós imeachta ceapacháin le haghaidh phoist na mbreithiúna agus na nionchúisitheoirí is sinsearaí, lena náirítear gan pháirt a bheith ag na breithiúna sa phróiseas roghnúcháin. San  Ostair , fógraíodh athchóiriú ar an bpróiseas ceapacháin le haghaidh Uachtarán agus LeasUachtarán na Cúirte Uachtaraí chun aghaidh a thabhairt ar easpa pháirt na mbreithiúna sa phróiseas, ach tá ábhar imní fós ann maidir leis an bpáirt theoranta atá ag na breithiúna i gceapacháin na nuachtarán agus na leasuachtarán cúirte sna cúirteanna riaracháin 28 .

Is príomhcheist fós iad na nósanna imeachta um cheapacháin do phoist bhreithiúnacha arda. Sa Liotuáin , tá ceapachán Uachtarán na Cúirte Uachtaraí ar feitheamh ó mhí Mheán Fómhair 2019, nó ní fhoráiltear sprioc-amanna le haghaidh an nós imeachta ceapacháin sa dlí agus tugtar discréid d’Uachtarán na Poblachta maidir le huainiú na nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh na Cúirte Uachtaraí. Sa Laitvia , tharla conspóidí maidir le tionchar polaitiúil míchuí a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis don Pharlaimint iarrthóir ar phost breithimh ar an gCúirt Uachtarach a dhiúltú. Sa Pholainn , tháinig ceapacháin shonracha don Chúirt Uachtarach faoi réir príomhbhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. San Ungáir , baineann imní faoi leith leis an bhféidearthacht cinntí discréide a dhéanamh maidir le ceapacháin agus arduithe céime breithiúnacha, lena náirítear toghadh Uachtarán na Cúirte Uachtaraí, leithdháileadh na gcásanna, agus bónais. Sa Bhulgáir , cruthaítear rioscaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna cheal comórtas tráthrialta a bheith ann ar cheapacháin bhreithiúnacha do phoist airde, i dteannta fostú forleathan trí iasachtaí 29 .

Féinriail agus neamhspleáchas na seirbhísí ionchúisimh, is gnéithe fíor-riachtanacha iad de dhea-fheidhmiú an chórais ceartais choiriúil

Cé nach bhfuil aon shamhail choiteann aonair ann san Aontas maidir le foirm institiúideach na seirbhísí ionchúisimh, bíonn coimircí institiúideacha ag teastáil i gcónaí chun a áirithiú go mbeidh an t‑ionchúiseamh féinrialach a dhóthain agus go mbeidh sé in ann imscrúduithe éifeachtacha neamhchlaonta a chur i gcrích agus cásanna a thabhairt os comhair na gcúirteanna gan aon bhrú polaitiúil. Rud fíor-riachtanach é sin ní hamháin le haghaidh an dlí choiriúil náisiúnta agus dhlí choiriúil an Aontais ach le haghaidh an iomad ceisteanna tábhachtacha eile fós amhail cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus an comhrac in aghaidh na fuathchainte sa timpeallacht dhigiteach.

Chuaigh roinnt Ballstát i mbun athchóirithe chun neamhspleáchas a seirbhíse ionchúisimh a neartú. San Ostair , leantar den obair ullmhúcháin i gcomhair athchóiriú na seirbhíse ionchúisimh d’fhonn a neamhspleáchas a neartú. Leis an athchóiriú atá á ullmhú sa tSeicia , leagfaí téarma oifige seasta síos le haghaidh an ArdIonchúisitheora agus príomhionchúisitheoirí eile, agus chuirfí coinníollacha soiléire i bhfeidhm maidir lena mbriseadh as a bpost. Sa Bhulgáir , tá gealltanas déanta ag an Rialtas faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta sásra éifeachtach a bhunú le haghaidh chuntasacht agus dhliteanas coiriúil an ArdIonchúisitheora agus na leasardionchúisitheoirí, mar aon le hathbhreithniú breithiúnach ar chinntí ó na hionchúisitheoirí gan imscrúdú a thosú. Sa Spáinn , glacadh leasuithe dlíthiúla d’fhonn trédhearcacht an chaidrimh idir an Rialtas agus an ArdIonchúisitheoir a mhéadú, ach tá ábhar imní fós ann maidir le comhthéarma oifige an ArdIonchúisitheora agus an Rialtais. Sa tSlóvaic , tá leasú á ullmhú ag an Roinn Ceartais chun srian a chur ar chumhacht an ArdIonchúisitheora cinntí ó ionchúisitheoirí i gcásanna aonair a neamhniú, tar éis imní a bheith curtha in iúl faoi chinntí lenar cuireadh deireadh le roinnt cásanna éillithe ardleibhéil 30 .

I roinnt Ballstát, áfach, tá ábhair imní ann maidir le neamhspleáchas agus féinriail na seirbhísí ionchúisimh. Sa  tSlóivéin , cuireadh imní in iúl faoin tionchar a imríonn cumhachtaí an Aire Gnóthaí Inmheánacha treoracha a thabhairt don phéas i gcásanna aonair ar obair neamhspleách na nionchúisitheoirí. Sa Pholainn , tá imní fós ann maidir le feidhmiú na seirbhíse ionchúisimh, agus poist an Aire Ceartais agus an ArdIonchúisitheora ag an duine céanna. Tá sé curtha in iúl ag cúirteanna na Polainne freisin go bhfuil imní ann gur féidir a mheas gur saghas íslithe céime agus idirdhealú atá sa chleachtas ionchúisitheoirí a thabhairt ar iasacht. San Ungáir , leasaíodh na rialacha maidir leis an ArdIonchúisitheoir a bhriseadh as a phost, níor tugadh aghaidh go fóill ar mholadh GRECO go gcuirfí ar ceal an fhéidearthacht an tArdIonchúisitheoir a choinneáil in oifig tar éis dá shainordú dul in éag, agus is ábhar imní é an easpa cuntasachta as gan imscrúduithe a thosú nó as deireadh a chur leo 31 .

Na creata araíonachta agus an chuntasacht le haghaidh breithiúna agus ionchúisitheoirí

Lean an Chúirt Bhreithiúnais dá cásdlí a fhorbairt maidir leis na coimircí fíor-riachtanacha lena áirithiú nach féidir an creat araíonachta a úsáid mar uirlis chun smacht polaitiúil a fháil ar chinntí breithiúnacha 32 . Áirítear ar na coimircí sin rialacha soiléire a bheith ann lena sainítear an tiompar a cháilítear mar chion araíonachta agus na smachtbhannaí is infheidhme. Ní mór páirt a bheith ag comhlacht neamhspleách sna himeachtaí araíonachta agus ní mór na cearta a chumhdaítear in Airteagal 47 agus 48 den Chairt, go háirithe na cearta cosanta, a chosaint go hiomlán leis na nósanna imeachta. Ar deireadh, ní mór rialacha a bheith ann lena náirithítear gur féidir agóid a dhéanamh sa Chúirt in aghaidh cinntí a dhéanann comhlachtaí araíonachta 33 .

I roinnt Ballstát, tá athchóirithe ar siúl chun coimircí le haghaidh an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a mhéadú in imeachtaí araíonachta. Sa Spáinn bunaíodh réimeas araíonachta nua le haghaidh na nionchúisitheoirí. Sa tSlóivéin , tá leasuithe á nullmhú, ar thionscnamh na mbreithiúna, chun feabhas a chur ar an gcreat araíonachta. Sa Bheilg , tugadh foirmeacha tuairiscithe caighdeánacha isteach le haghaidh imeachtaí araíonachta i leith breithiúna agus ionchúisitheoirí, agus tá an chéad tuarascáil chomhdhlúite faoi na nósanna imeachta araíonachta le hullmhú ag ArdChomhairle an Cheartais le linn 2022.

I mBallstáit eile, bhí ábhar imní fós ann go bhféadfaí imeachtaí araíonachta a úsáid chun srian a chur ar an neamhspleáchas breithiúnach. Thug an Pholainn gealltanas ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta dul i mbun athchóirithe ar an gcóras araíonachta i leith na mbreithiúna, deireadh a chur le Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí, agus nósanna imeachta um athbhreithniú a chur ar bun le haghaidh breithiúna a ndearna cinntí an Dlísheomra sin difear dóibh 34 . Tá sé d’aidhm ag an bplean roinnt gnéithe de neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú. Idir an dá linn, agus d’ainneoin bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais, leanann an Dlísheomra Araíonachta de chinntí a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le breithiúna, agus de bhreithiúna a chur ar fionraí in oifig sna cásanna sin. Sa Rómáin , tá ábhair imní fós ag eascairt as cur i bhfeidhm na smachtbhannaí araíonachta agus as ról na Cigireachta Breithiúnaí, cé go bhfuil coinne leis go ndéanfar athchóiriú ar an gcóras araíonachta le dréachtreachtaíocht atá á hullmhú faoi láthair. Tá coimircí ag teastáil ó shásraí cuntasachta eile freisin. Sa Chróit , cuireadh imní in iúl maidir le dlíthe nua lena gceanglaítear go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta seiceálacha slándála tréimhsiúla ar bhreithiúna agus aturnaetha stáit. Sa tSlóvaic , tá imní fós ann maidir le córas dhliteanas coiriúil na mbreithiúna i leith ‘mhíúsáid an dlí’. Sa tSlóivéin , tá na rialacha lena rialaítear fiosrúcháin pharlaiminte in easpa coimircí maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna agus na nionchúisitheoirí stáit 35 .

Infheistíocht i gcáilíocht agus in éifeachtúlacht an cheartais

Córas ceartais éifeachtúil, is córas é a dhéanann bainistíocht ar a ualach cásanna agus ar a riaráiste cásanna, agus a thugann a chinntí gan moill mhíchuí. Cé gurb iomaí na difríochtaí idir na Ballstáit agus laistigh díobh, de réir an chineáil imeachtaí (e.g. sibhialta agus tráchtála, coiriúil, riaracháin) agus chéimeanna na gcúirteanna, is rud iad imeachtaí ró‑fhadálacha agus riaráistí móra a bhaineann an bonn de mhuinín na saoránach agus na ngnólachtaí as na córais cheartais náisiúnta agus d’éifeachtacht an chomhraic in aghaidh an éillithe (féach Roinn 2.2 freisin). Is coinníollacha fíor-riachtanacha iad acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha le go mbeidh na córais ceartais éifeachtúil agus ar dhea-cháilíocht. Tá aitheantas tugtha dó sin ag roinnt Ballstát nó leithdháil siad acmhainní breise chun athléimneacht na gcóras ceartais a neartú trína bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta agus trí infheistíocht i ndigitiú an cheartais.

An infheistíocht sna hacmhainní daonna agus airgeadais, agus digitiú an chórais cheartais, tá siad fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éifeachtúlachta leathana atá ann i roinnt Ballstát. Sa Chróit , sa Chipir , i Málta agus sa Phortaingéil , tá tionscnaimh ar bun chun dul i ngleic le dúshláin sheanbhunaithe ó thaobh éifeachtúlacht an chórais cheartais de, lena náirítear dúshláin maidir le himeachtaí cúirte fadálacha. San Iodáil , glacadh athchóirithe cuimsitheacha ceartais shibhialta agus choiriúil d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht an chórais ceartais, riaráistí agus fad na nimeachtaí san áireamh. Sa Ghréig , glacadh an reachtaíocht nua maidir le heagraíocht na gcúirteanna agus stádas na mbreithiúna le déanaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le héifeachtúlacht agus cáilíocht an cheartais. San Ungáir , tháinig dlí nua i bhfeidhm maidir le cúiteamh airgid ar mhoilleanna in imeachtaí sibhialta, dlí lena bhforáiltear maidir le cúiteamh i gcás go sáraítear an ceart bunúsach go dtabharfaí imeachtaí sibhialta i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta. In Éirinn , moladh dréachtdlí lena mbunófaí scéim cúitimh le haghaidh cásanna faid iomarcaigh in imeachtaí cúirte.

Cuid den obair chun athléimneacht fhadtéarmach an chórais cheartais a áirithiú is ea é tarraingteacht na ngairmeacha dlíthiúla a áirithiú, lena náirítear trí luach saothar leordhóthanach, agus an líon folúntas oscailte le haghaidh breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann chúirte a íoslaghdú. Sa Bheilg , rinneadh iarrachtaí chun na hacmhainní a leithdháiltear ar an gcóras ceartais a mhéadú. Sa Ghearmáin , fógraíodh síneadh ar an ‘gComhaontú ar son an Smachta Reachta’ chun acmhainní breise a sholáthar do na breithiúna agus don digitiú, ach tá dúshláin fhadtéarmacha fós ann ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh leibhéal thuarastail na mbreithiúna. Sa Phortaingéil  agus sa Fhrainc , tá an Rialtas ag déanamh bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas na nacmhainní daonna a leithdháiltear ar an gcóras ceartais, cé go bhfuil dúshláin fós ann. Sa tSlóivéin , laghdaigh an Rialtas an buiséad a comhaontaíodh roimhe sin le haghaidh na gcúirteanna, Chomhairle na mBreithiúna agus an Ionchúisimh Stáit, gan dul i gcomhairle leis na húdaráis bhreithiúnacha, agus thionscain Comhairle na mBreithiúna nósanna imeachta um athbhreithniú bunreachtúil ar thuarastail na mbreithiúna. Sa Danmhairg , is dúshlán fadtéarmach fós iad an caiteachas teoranta ar an gcóras ceartais mar chéatadán OTI agus an líon beag breithiúna, go háirithe ó thaobh láimhseáil éifeachtúil na gcásanna a áirithiú 36 .

Leantar de thionscnaimh chun feabhas a chur ar dhigitiú an cheartais ina lán Ballstát, agus is minic dóibh bheith ag cur le taithí phaindéim COVID19. Tá sé tábhachtach go mbeidh na huirlisí digiteacha éifeachtach sa chleachtas. Sa Bheilg , sa Bhulgáir agus i Málta , tá dúshláin fós ann, ach tá feabhsuithe beartaithe i bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na dtíortha sin. San Iodáil , tá an digitiú ag dul chun cinn sna cúirteanna sibhialta, ach tá dúshláin fós ann sna cúirteanna coiriúla agus in oifigí na nionchúisitheoirí. Ar na Ballstáit a bhfuil tionscadail ar bun acu chun leibhéal digitithe an cheartais a fheabhsú a thuilleadh, tá an tSualainn , an Ísiltír , an Laitvia , an Phortaingéil , an Eastóin , an Danmhairg , an Ostair , an Rómáin , an tSlóivéin , an Spáinn , agus an  37 .

Na dlíodóirí ina bpríomhghníomhaithe ar son córas ceartais bunaithe ar an smacht reachta

Bíonn ról bunúsach ag dlíodóirí agus ag a gcomhlachtaí gairmiúla chun an smacht reachta a neartú agus cosaint na gceart bunúsach a áirithiú, lena náirítear an ceart chun trialach córa. Rinne roinnt Ballstát bearta ionsar rochtain na ndlíodóirí a éascú. Sa Laitvia , dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil rannpháirtíocht na ndlíodóirí in imeachtaí cúirte fíor-riachtanach chun an ceart chun trialach córa a áirithiú agus thug sí breith ar son cheart na ndlíodóirí faisnéis a rochtain chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. I Lucsamburg , d’fhorbair an Aireacht Cheartais agus Comhlachas an Bharra reachtaíocht i gcomhpháirt le go mbeadh an cúnamh dlí níos inrochtana. Sa Liotuáin , tá athchóiriú ar an gcóras cúnaimh dlí á ullmhú. In Éirinn , is ábhair imní fós iad na costais arda a bhaineann leis an dlíthíocht agus easnaimh sa chóras cúnaimh dlí, ach tá obair ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin 38 .

Gné fhíor-riachtanach den tsaoirse chun gairmeacha dlíthiúla a chleachtadh is ea go nurramaítear rúndacht an chaidrimh leis an gcliant. Cuirtear in iúl go soiléir i moltaí ó Chomhairle na hEorpa nach mór d’aon eisceacht ar phrionsabal na rúndachta a bheith i gcomhréir le prionsabail an smachta reachta. Sa Liotuáin , tá ceisteanna a bhaineann le hurraim rúndacht ghairmiúil na ndlíodóirí ar feitheamh os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

2.2 An creat frithéillithe

Déanann an t‑éilliú dochar don smacht reachta agus do mhuinín na saoránach agus na ngnólachtaí as na hinstitiúidí poiblí. Cur chuige cuimsitheach chun an t‑éilliú a chomhrac, ní mór dó a bheith bunaithe ar chumasc de bhearta coisctheacha agus diansmachta. Chuige sin is gá creat dlíthiúil agus institiúideach láidir, cumas riaracháin agus breithiúnach leormhaith, agus toil pholaitiúil forfheidhmiú a dhéanamh, lena n‑áirítear imscrúduithe agus ionchúisimh éifeachtacha. Ó thaobh na mbeart coisctheach de, i measc na mbeart ionracais atá iontaofa éifeachtach áirítear aghaidh a thabhairt ar na coinbhleachtaí leasa agus iad a chosc, trédhearcacht na brústocaireachta a áirithiú, córais nochta sócmhainní agus leasanna, cosaint éifeachtach do sceithirí, agus trédhearcacht mhaoiniú na bpáirtithe polaitíochta.

Braistintí i dtaca leis an éilliú ar fud an Aontais

Léiríonn torthaí Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú (IBÉ) 39 go bhfuil 10 mBallstát ar an 20 tír ar domhan a mbraitear gurb iad is lú éilliú, agus go bhfuil meánscór an Aontais go maith go ginearálta agus feabhas tagtha air ó anuraidh 40 . Tá feabhas curtha ag roinnt Ballstát ar a scór i gcomparáid leis na blianta deireanacha, ach tá cuid eile ann arb ísle i bhfad na scóir atá acu ná mar atá ag na Ballstáit eile.

Léiríonn Eorabharaiméadair 2022 maidir leis an éilliú 41 gur ábhar imní tromchúisí fós é an téilliú le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus ghnólachtaí san Aontas. Creideann beagnach seachtar Eorpach as deichniúr (68 %) go bhfuil an téilliú forleathan ina dtír féin agus measann níos mó ná ceathrar Eorpach as deichniúr (41 %) go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal an éillithe ina dtír féin. San am céanna, ní fheictear ach do 31 % den lucht freagartha go bhfuil éifeacht le hiarrachtaí a rialtais an téilliú a chomhrac. Sa bhreis air sin, measann breis agus sé chuideachta as deich san Eoraip (63 %) gur fadhb forleathan é an téilliú ina dtír féin agus measann tromlach na gcuideachtaí (51 %) nach dócha go mbéarfaí ar dhaoine nó ar ghnólachtaí éillitheacha ina dtír féin ná go dtuairisceofaí don phéas nó d’ionchúisitheoirí iad.

Straitéisí náisiúnta frithéillithe agus a gcur chun feidhme

Ceanglaítear ar na Ballstáit leis an dlí idirnáisiúnta beartais frithéillithe éifeachtacha chomhordaithe a choinneáil ar bun 42 . Is é an chaoi is coitianta a néascaítear sin, beartas náisiúnta frithéillithe a bhunú agus a chur chun feidhme 43 . Cé nach ceanglas ann féin é beartas den chineál sin a bheith ar bun, tá tábhacht ag baint lena leithéid le go naistreofar gealltanais pholaitiúla ina ngníomhaíochtaí coincréiteacha, chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar bhealach comhleanúnach cuimsitheach comhordaithe ar bhearnaí reachtacha agus institiúideacha, agus chun na hiarrachtaí frithéillithe a chur in oiriúint do thimpeallacht shíorathraitheach 44 . Tá beartas náisiúnta frithéillithe ar bun faoi láthair ag gach Ballstát nach mór, agus déanann siad meastóireacht agus athbhreithniú tráthrialta air. Ó mhí Iúil 2021, rinne an Chróit , an Rómáin , an Ghréig , an  Liotuáin , agus Málta  straitéisí a athbhreithniú nó a ghlacadh, mar aon leis na pleananna gníomhaíochta a ghabhann leo, agus tá a straitéisí féin á nathbhreithniú faoi láthair ag an nGearmáin , an tSeicia , an Iodáil  agus an Laitvia . D’eascair tograí athchóirithe tábhachtacha as an bpróiseas cur chun feidhme i roinnt Ballstát. Sa  Phortaingéil , glacadh pacáiste reachtach darb aidhm an téilliú a chosc agus a chomhrac san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, agus san Fhionlainn tá athbhreithnithe ar an reachtaíocht dlí choiriúil frithéillithe ar siúl 45 .

Neartú chumas na n‑institiúidí chun an t‑éilliú a chomhrac agus an chreata dhlíthiúil ábhartha

Tá reachtaíocht leathan ar bun ag na Ballstáit lena soláthraítear uirlisí dá gcóras ceartais coiriúil chun an téilliú a chomhrac. Lean roinnt Ballstát dá niarrachtaí bearnaí reachtacha a líonadh agus na creataí atá ann faoi láthair a thabhairt chun comhréireachta le caighdeáin frithéillithe idirnáisiúnta 46 agus le dlí an Aontais 47 . Mhéadaigh an  Pholainn na smachtbhannaí coiriúla ar an éilliú sa saol poiblí agus neartaigh an  Ghréig an sainiú ar an mbreabaireacht ghníomhach agus ar an mbreabaireacht éighníomhach. Tá athchóirithe ar an dlí coiriúil, idir shubstainteach agus nós imeachta, á bplé i mBallstáit eile. Tá sé beartaithe ag an  bhFionlainn an gháinneáil ar thionchar a choiriúlú, agus tá sé d’aidhm ag an tSlóvaic sainiú na breabaireachta sa dlí náisiúnta a leathnú. Rinne an Ghearmáin gealltanas na smachtbhannaí coiriúla ar bhreabaireacht ag feisirí a neartú. Tá bearnaí reachtacha sonracha fós ann i mBallstáit eile. Sa tSualainn , ní raibh ach ionchúisithe agus breithiúnais chríochnaitheacha teoranta ann de dheasca laigí sa sainiú dlíthiúil ar an mbreabaireacht eachtrach 48 .

An comhrac in aghaidh an éillithe, braitheann sé ní hamháin ar chreat dlí frithéillithe láidir a bheith ann, ach ar a áirithiú go gcuirtear an creat sin chun feidhme go éifeachtach freisin. Is fíor-riachtanach, ionas go gcomhraicfear an t‑éilliú go héifeachtach, go mbeidh sé de chumas ag na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis ionchúisimh agus na breithiúna forálacha frithéillithe an dlí choiriúil a fhorfheidhmiú. Braitheann sé sin ar inniúlachtaí agus féinriail na gcomhlachtaí ar a bhfuil an fhreagracht, agus ar a speisialtóireacht, a gcumas anailíse, agus a n‑acmhainní. Rochtain na faisnéise ábhartha agus nascadh na gclárlann, tá an méid sin rí‑thábhachtach freisin le go mbeidh na húdaráis in ann imscrúduithe casta airgeadais a chur i gcrích. Le go n‑éireoidh le himscrúduithe agus ionchúisimh frithéillithe, tá gá freisin le comhar éifeachtach idir údaráis forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí eile, amhail aonaid faisnéise airgeadais agus údaráis chánach, iniúchta agus iomaíochta.

I roinnt Ballstát, rinneadh athruithe struchtúracha agus eagraíochtúla, nó tá a leithéidí á meas, d’fhonn cumais na núdarás frithéillithe a mhéadú. Sa Danmhairg , bunaíodh aonad imscrúdaithe náisiúnta nua chun feabhas a chur ar an gcur chuige maidir leis an gcoiriúlacht thromchúiseach, lena náirítear cásanna éillithe casta. Sa Bhulgáir , tá athchóirithe beartaithe chun an Coimisiún Frithéillithe a athstruchtúrú, agus cuireadh deireadh leis na húdaráis bhreithiúnacha speisialaithe. An tráth céanna, ní mór tús áite a thabhairt d’imscrúdú éifeachtach an éillithe sna hathchóirithe sin, go háirithe maidir le cásanna éillithe ardleibhéil 49 .

Tá bearta déanta ag a lán Ballstát chun cumais na núdarás ionchúisimh atá freagrach as an gcomhrac in aghaidh an éillithe a mhéadú, mar shampla trí acmhainní breise a chur ar fáil ( Éire , an Laitvia ) nó trí oiliúint bhreise (an Eastóin , an  Spáinn ). Luann na seirbhísí ionchúisimh ina lán Ballstát gur dúshlán iad srianta ar acmhainní, agus i roinnt cásanna cuireann laigí eile chun donais é. Sa Rómáin , feictear gur bacainní iad na ceanglais sinsearachta roimh earcú na nionchúisitheoirí speisialaithe. I Lucsamburg  agus sa Phortaingéil , chonacthas gur cúis moilleanna ar ionchúiseamh cásanna í an easpa acmhainní. Sa tSlóvaic , mar gheall ar líomhaintí gur tosaíodh imscrúduithe éillithe ar chúiseanna polaitiúla, tá riosca ann go gcreimfear an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí mar aon le héifeachtacht an chomhraic in aghaidh an éillithe agus muinín an phobail as ionracas na ninstitiúidí. Sa tSlóivéin , cuireadh imní in iúl maidir le féinriail oibríochtúil an phéas in imscrúduithe éillithe 50 .

Bacainní roimh imscrúdú coiriúil agus ionchúiseamh an éillithe a dhíothú agus smachtbhannaí athchomhairleacha a chur i bhfeidhm ina leith

Is rud iad laigí nós imeachta ar féidir leo cur isteach go mór ar imscrúdú agus ionchúiseamh na gcásanna éillithe agus an bonn a bhaint d’éifeachtacht an chomhraic in aghaidh an éillithe. Samplaí dá leithéidí is ea forálacha ró‑anásta nó doiléire maidir le díolúintí a chur ar ceal, agus reachtanna tréimhsí gearra, rudaí is féidir leo críochnú na gcásanna casta a chosc, go háirithe má bhíonn gnéithe eile ann freisin a chuireann le fadálacht na n‑imeachtaí. Bíonn dochar faoi leith ag baint leis na bacainní sin i gcásanna éillithe ardleibhéil nó casta, nó is féidir leo riosca a chruthú go mbeidh ciontóirí saor ó phionós, rud a d’fhágfadh na hiarrachtaí frithéillithe gan éifeacht athchomhairleach.

Tá bearta tugtha isteach ag roinnt Ballstát chun na bacainní roimh an imscrúdú agus an ionchúiseamh éifeachtach a laghdú. Cuireadh bearta nua ar bun sa Phortaingéil d’fhonn éifeachtacht an chórais dhlíthiúil a fheabhsú agus cásanna éillithe á láimhseáil aige agus d’fhonn dlús a chur le hobair na nionchúisitheoirí, lena náirítear trí reacht na dtréimhsí a shíniú i gcás cionta éillithe. Sa Liotuáin , athraíodh an creat reachtach ionas go bhféadfar úsáid níos leithne a bhaint as uirlisí digiteacha 51 .

Fad iomarcach imeachtaí coiriúla i gcásanna éillithe, is féidir leis a chosc go gcríochnófar cásanna go tráthúil, rud a chuireann isteach ar chuntas teiste láidir de bhreithiúnais chríochnaitheacha a chur ar bun. I Málta , cé gur leithdháileadh acmhainní breise ar an imscrúdú agus an ionchúiseamh go foriomlán, bíonn na himscrúduithe ar chásanna éillithe ardleibhéil fadálach fós. Tá torthaí fós in easnamh ó thaobh breithiúnais chríochnaitheacha de. Luadh moilleanna ar ionchúiseamh cásanna éillithe ardleibhéil sa tSeicia freisin. Sa Spáinn , is ábhar imní fós é fad na nimscrúduithe agus na nionchúiseamh éillithe, go háirithe maidir le cásanna éillithe casta ardleibhéil 52 .

I roinnt Ballstát, b’ábhar imní í díolúine chomhaltaí an Rialtais i gciontaí éillithe. Tá leasuithe glactha le déanaí ag an gCróit lena gcuirtear deireadh le díolúine chomhaltaí an Rialtais i gcoireanna éillithe. Tá ábhar imní ann sa Pholainn maidir le raon leathan na ndíolúinte atá ag feidhmeannaigh sinsearacha ar feisirí iad freisin, agus maidir le forálacha lena ndeonaítear saoirse ó phionós d’oifigigh phoiblí a bhíonn freagrach as coireanna míúsáide oifige 53 .

Tá roinnt Ballstát ag leanúint dá gcuntas teiste a threisiú i leith imscrúdú agus ionchúiseamh an éillithe ardleibhéil agus forchur na smachtbhannaí i ndáil leis 54 . San Ostair , bíonn imscrúduithe ar an éilliú polaitiúil ardleibhéal faoi ghrinnscrúdú, lena náirítear scrúdú ó choiste fiosrúcháin parlaiminte. Sa Rómáin , cuireadh tuilleadh feabhas ar éifeachtacht imscrúdú agus phionósú an éillithe ardleibhéil, agus rinneadh dul chun cinn ar chásanna a bhí ar feitheamh le blianta ar chúiseanna nós imeachta. Tá an Fhrainc fós ag baint torthaí inbhraite amach i gcásanna éillithe ardleibhéal, d’ainneoin dúshláin a bhaineann le hacmhainní teoranta agus laigí struchtúracha.

Tá Ballstáit eile ann nár cuireadh cuntas teiste láidir ar bun iontu go fóill maidir le cásanna éillithe ardleibhéil a láimhseáil, go háirithe trí imscrúduithe agus ionchúisimh éifeachtacha a dhéanamh agus trí smachtbhannaí athcomhairleacha a fhorchur le ciontuithe críochnaitheacha. Sa Bhulgáir , tá cuntas teiste láidir de chiontuithe críochnaitheacha i gcásanna éillithe ardleibhéil fós in easnamh. Sa Ghréig , tugadh líon teoranta ionchúiseamh i leith éillithe ar aghaidh, ach tá dul chun cinn fós le léiriú maidir le cinntí críochnaitheacha. San Ungáir , tosaíodh roinnt cásanna éillithe ardleibhéil nua, ach is ábhar imní tromchúisí fós é an easpa cuntais teiste láidir maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus breithiúnais chríochnaitheacha i leith líomhaintí éillithe in aghaidh oifigigh ardleibhéil agus na ndaoine is gaire dóibh 55 .

An creat ionracais agus coiscthe éillithe a neartú

Is ríthábhachtach creataí rialachais agus ionracais trédhearcacha cuntasacha chun an t‑éilliú a chosc ar gach leibhéal den riarachán poiblí agus den rialtas. Lean na Ballstáit de bhearta a dhéanamh chun na creataí ionracais agus coiscthe éillithe a neartú le linn na bliana seo caite, agus ar na bearta sin bhí nuashonruithe ar na caighdeáin eitice, athbhreithnithe nó forfheidhmiú níos fearr ar na rialacha maidir le nochtadh sócmhainní agus leasanna, neamhréireachtaí agus coinbhleachtaí leasa, neartuithe ar na sásraí rialaithe inmheánacha, agus rialáil ar an mbrústocaireacht agus na doirse imrothlacha.

An t‑ionracas a chothú sa saol poiblí agus na coinbhleachtaí leasa a chosc

Bíonn coinbhleacht leasa ann nuair a bhíonn leas príobháideach nó gairmiúil ag oifigeach poiblí a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú neamhchlaonta oibiachtúil a chuid dualgas 56 . Chun a leithéid de choinbhleachtaí leasa a chosc, tá bearta i bhfeidhm ag formhór na mBallstát lena gcumhdaítear raon leathan d’oifigigh phoiblí, bíodh siad tofa nó ceaptha. Sainaithníodh dúshláin i roinnt Ballstát agus tá cuid acu ag déanamh beart chun a gcreataí a neartú. Sa Spáinn , tá an Oifig um Choinbhleachtaí Leasa ag neartú a róil chun treoraíocht eitice agus gníomhaíochtaí oiliúna a sholáthar d’oifigigh phoiblí. Sa  tSlóvaic , tá plé ar bun chun Oifig Chosanta an Leasa Poiblí a bhunú, oifig a dhéanfadh formhaoirseacht ar chur chun feidhme rialacha nua maidir le coinbhleachtaí leasa. I Málta , tugadh na rialacha ionracais sa tseirbhís phoiblí, an péas san áireamh, cothrom le dáta. San Ísiltír , tá obair ar siúl maidir le creat ionracais an phéas, agus struchtúir nua á gcur ar bun. Sa Rómáin, táthar ag baint torthaí dearfacha as a bheith ag díriú a thuilleadh ar ionracas na núdarás forfheidhmithe dlí. Lean an Bhulgáir  de bhearta a chur i bhfeidhm d’fhonn feabhas a chur ar ionracas earnálacha faoi leith, lena náirítear an péas agus na breithiúna. In Éirinn , tá leasú reachtach ar na bacáin darb aidhm an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a neartú ionas go mbeidh sé in ann an creat ionracais a fhorfheidhmiú níos fearr. San Eastóin , tá treoirlínte ann maidir le coinbhleachtaí leasa ach níl siad faoi réir sásra fíoraithe agus forfheidhmithe éifeachtach 57 .

Is minic a bhíonn oifigigh rialtais shinsearacha agus feisirí faoi réir rialacha ionracais sonracha. Tá cóid iompair agus rialacha chun coinbhleachtaí leasa agus neamhréireachtaí le gníomhaíochtaí eile a chosc ar bun ag formhór na mBallstát. Is tábhachtach go mbeidh cur chun feidhme praiticiúil na rialacha sin faoi réir fíorú agus meastóireacht thráthrialta. Áiríodh ar fhorbairtí na bliana seo caite rialacha neartaithe maidir le hobair agus gníomhaíochtaí na bhfeisirí lasmuigh den pharlaimint, amhail iad a bheith rannpháirteach i mboird nó coistí cuideachtaí i Lucsamburg . Bhí Coimisiún Eitice Thionól Náisiúnta na  Fraince gníomhach agus é ag eisiúint tuairimí agus ag fíorú ráitis airgeadais chun coinbhleachtaí leasa a bhrath. I roinnt Ballstát, sainaithníodh feabhsuithe nó tá siad ar siúl. San Ísiltír , tá Cód Iompair le haghaidh airí agus rúnaithe stáit á ullmhú. Tá an Fhionlainn ag ullmhú reachtaíochta chun na rialacha faoi leith maidir le coinbhleachtaí leasa le haghaidh oifigigh phoiblí agus airí a neartú. Tá an Bheilg  in easpa beartais ionracais fairsing le haghaidh airí agus a noifigí príobháideacha agus le haghaidh feisirí, agus tá bearnaí fós ann sna cód iompair atá ann faoi láthair. Tá an tSeicia in easpa Cóid Eitice chun an creat ionracais le haghaidh feisirí a rialáil. San Iodáil , tá moladh maidir le coinbhleachtaí leasa na sealbhóirí oifige poiblí, lena náirítear na feisirí, ar feitheamh sa Pharlaimint le roinnt blianta 58 .

-An bhrústocaireacht agus na doirse imrothlacha

Is gníomh rannpháirtíochta polaitiúla dlisteanach í an bhrústocaireacht 59 . Ní mór, áfach, ceangaltais láidre trédhearcachta agus ionracais a bheith ag gabháil léi chun an chuntasacht agus an chuimsitheacht a áirithiú sa chinnteoireacht 60 (féach Roinn 2.4 freisin). Tá athbhreithniú déanta ag roinnt Ballstát ar a gcreataí d’fhonn tuilleadh trédhearcachta a áirithiú ach i mBallstáit eile, tá rialacha fós in easnamh, sin nó d’fhéadfaí feabhas a chur orthu. Ghlac an  Chipir rialacha maidir leis an mbrústocaireacht chomh maith le cláir brústocairí agus cruinnithe atá ar fáil don phobal. Tháinig clár nua brústocaireachta na Gearmáine ar an leibhéal feidearálach i bhfeidhm in 2022 agus fógraíodh go dtabharfaí ‘lorg reachtach’ isteach.

I mBallstáit eile (an Bheilg , an Chróit , an Iodáil , an Spáinn , agus an Laitvia ) tá plé ar siúl maidir le reachtaíocht nua bhrústocaireachta. San Eastóin , tá treoirlínte ann maidir leis an mbrústocaireacht agus rinneadh plé faoin trédhearcacht agus faoin ionracas reachtach i dtaca leis an mbrústocaireacht. San Ostair , tugadh sainordú do mheitheal breis agus dhá bhliain ó shin athchóiriú a mholadh maidir leis an mbrústocaireacht ach níor éirigh léi teacht chun réitigh go fóill. Sa Fhrainc , tá ábhar imní ann maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na rialacha brústocaireachta ar gach cineál gníomhaí brústocaireachta. Tá roinnt Ballstát ann ina bhfuil rialáil thiomnaithe le haghaidh na brústocaireachta fós in easnamh nó ina bhféadfaí feabhas a chur uirthi 61 .

Réimse eile atá ag teacht faoi scrúdú poiblí ina lán Ballstát is ea rialáil na ‘ndoirse imrothlacha’ idir feidhmeanna poiblí agus príobháideacha agus forfheidhmiú na rialacha ábhartha. Sa Chróit méadaíodh an tréimhse mharana sular féidir oifigigh a cheapadh i bpoist bhainistíochta i gcuideachtaí ábhartha ó 12 go 18 mí. San Ísiltír , d’fhógair an rialtas go raibh sé i gceist aige srianta iarfhostaíochta níos déine a thabhairt isteach. I roinnt Ballstát, tá bearnaí nó easnaimh sna rialacha maidir le doirse imrothlacha. Tá rialacha na  Gearmáine maidir le srianta iarfhostaíochta agus tréimhsí marana fós ilroinnte agus iad neamhchomhsheasmhach i dtaca le feidhmeanna éagsúla. Sa tSualainn , is teoranta, go foriomlán, raon feidhme na rialacha maidir le doirse imrothlacha i dtaca le hardfheidhmeanna feidhmeannacha sa Rialtas, agus tá meastóireacht ar an gcreat atá ann faoi láthair seolta ag an Rialtas. Sa Danmhairg , níl aon rialacha ann le haghaidh na nairí maidir le doirse imrothlacha. Sa tSeicia , tá na tréimhsí marana i gcás státseirbhíseach agus comhaltaí rialtais fós teoranta 62 .

-Nochtadh sócmhainní agus leasanna

Dearbhaithe sócmhainní agus leasanna ag oifigigh phoiblí, is taca iad don trédhearcacht agus don chuntasacht san earnáil phoiblí ionas go gcuirfear an t‑ionracas chun cinn agus go gcoiscfear an t‑éilliú. Tá rialacha áirithe ar bun ag gach Ballstát chun a áirithiú go mbeidh catagóirí áirithe d’oifigigh san earnáil phoiblí faoi réir ceanglais nochta sócmhainní agus leasanna. Ní hionann na rialacha sin, áfach, ó thaobh raon, thrédhearcacht agus inrochtaineacht na faisnéise a nochtar de, ná ó thaobh leibhéal agus éifeachtacht an fhíoraithe agus an fhorfheidhmithe de.

Cé go bhfuil iarrachtaí athchóirithe ag dul chun cinn i roinnt Ballstát, tá dúshláin fós ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Sa Phortaingéil , leathnaíodh agus neartaíodh na hoibleagáidí dearbhaithe sócmhainní ar shealbhóirí oifigí poiblí sinsearacha agus polaitiúla. Cé nach bhfuil an comhlacht a bheidh i gceannas ar an bhfaireachán agus an bhfíorú i mbun feidhme go fóill, tá iarrachtaí ar bun chun é sin a réiteach. Sa Rómáin , is éigeantach nochtaí sócmhainní agus leasanna a chur isteach go leictreonach ó mhí Eanáir 2022, cé go bhfuil dúshláin áirithe fós ann maidir le fíorú éifeachtach ar na sonraí a chuirtear isteach. Sa Ghréig , cé go gcuireann líon mór oifigeach dearbhuithe sócmhainní isteach, ní dhéantar fíorú cruinnis ach ar chion beag acu. San Ungáir , tá ábhar imní fós ann maidir le heaspa na seiceálacha córasacha ar dhearbhuithe sócmhainní agus leis an bhformhaoirseacht easnamhach a dhéantar orthu. Sa Bheilg , is ábhair imní fós trédhearcacht na ndearbhuithe sin agus an fíorú a dhéantar orthu, nó ní féidir measúnú a dhéanamh ar inneachar na ndearbhuithe sócmhainní ach amháin le linn imscrúdú coiriúil. San Ostair , ní cheanglaítear ar fheisirí a gcuid sócmhainní, leasanna, fiach ná dliteanas a nochtadh 63 .

-Cosaint do sceithirí

Spreagadh agus cosaint a thabhairt dóibh siúd a nochtann an éagóiritheoireacht, is rud fíor-riachtanach é chun an téilliú a bhrath agus a chosc san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Trasuí Threoir (AE) 2019/1937 maidir le cosaint do sceithirí 64 , ba chúis é do roinnt Ballstát reachtaíocht a ghlacadh, agus tá a lán Ballstát eile fós i mbun athbhreithnithe ar an reachtaíocht náisiúnta a bhí ann cheana nó ag tabhairt rialacha nua isteach agus ag cuíchóiriú na socruithe institiúideacha chun tuairiscí ó sceithirí a láimhseáil.

Maoiniú na bpáirtithe polaitíochta

Is réimse riosca tábhachtach é maoiniú na bpáirtithe polaitíochta ó thaobh an éillithe de, agus tá athchóirithe glactha nó á meas ag roinnt Ballstát chun cur leis an trédhearcacht agus an bhformhaoirseacht. Sa Pholainn , rinneadh athbhreithniú ar na rialacha maidir le maoiniú na bpáirtithe polaitíochta chun cur leis an trédhearcacht. San  Ísiltír , leantar den phlé maidir le páirtithe polaitíochta a chosaint ar chur isteach eachtrach. San Eastóin , tá dréachtreachtaíocht á hullmhú arbh aidhm di cur le cumhachtaí an Choiste Faireachais ar Mhaoiniú na bPáirtithe Polaitíochta. San Ostair , tá an Pharlaimint i mbun athchóirithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seanbhunaithe sa chóras atá ann faoi láthair, saincheisteanna a bhaineann le cumhachtaí na Cúirte Iniúchóireachta san áireamh. Tá sé i gceist ag an  Danmhairg córas maoinithe na bpáirtithe polaitíochta a athbhreithniú agus a leasú, cé nach bhfuil aon amlíne coincréiteach ann. Tá dúshláin ann i mBallstáit eile, amhail san  Iodáil , mar a bhfuil an cleachtas tabhartais a chur chuig páirtithe polaitíochta trí fhondúireachtaí polaitiúla ina bhac ar an gcuntasacht phoiblí toisc nach ann do chlár leictreonach aonair 65 .

Scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí

Cruthaíonn scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí rioscaí éillithe agus is cúis imní iad ó thaobh na slándála, an sciúrtha airgid, agus na himghabhála cánach de 66 . Measann an Coimisiún go mbaintear an bonn de bhunbhrí shaoránacht an Aontais agus gur sárú ar dhlí an Aontais é saoránacht an Aontais a dheonú i gcomaoin íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, gan aon nasc dáiríre leis an mBallstát lena mbaineann 67 . Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a aisghairm agus bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí 68 . D’aisghair an Bhulgáir a scéim saoránachta d’infheisteoirí i mí an Mhárta 2022. Lig an Chipir d’iarratais nua a ghlacadh faoina scéim i mí na Samhna 2020, agus níl sí ag láimhseáil iarratas feasta ach oiread. Chuir Málta a scéim ar fionraí i leith náisiúnaigh na Rúise agus na Bealarúise an 2 Márta 2022, ach leanann sí de bheith á hoibriú le haghaidh náisiúnaigh eile 69 . 

Tionchar na paindéime ar an éilliú a fhreagairt

Tá treocht in airde ann ó 2020 maidir le rioscaí éillithe i dtaca le COVID19, agus áirítear fós ar na réimsí riosca eisiúint na ndeimhnithe um vacsaíniú, tástáil nó téarnamh i dtaca le COVID19, mar aon le soláthar an trealaimh cosanta leighis. Ba mhinic dámhachtain dhíreach nó nós imeachta soláthair neamhiomaíoch de thoradh an mhéadaithe ar úsáid nósanna imeachta soláthair luathaithe nó simplithe. Chun cásanna éillithe a bhrath agus a chosc sna nósanna imeachta sin, chuir Ballstáit dlús leis an trédhearcacht agus an bhfaireachán. Rinne na húdaráis fhreagracha i roinnt Ballstát iniúchtaí spriocdhírithe (an Ostair , an tSeicia , an tSlóivéin , an Phortaingéil ) nó gníomhaíochtaí faireacháin (an Liotuáin ). Sa Bheilg , d’fhoilsigh an Chúirt Iniúchóireachta raon táscairí speisialta chun cur leis an trédhearcacht maidir leis na bearta tacaíochta rialtais.

2.3 Iolrachas na meán agus saoirse na meán

Déanann meáin neamhspleácha agus saormheáin faire ar an daonlathas. Tá timpeallacht meán atá saor agus iolraíoch ríthábhachtach chun an smacht reachta a chosaint trí na cumhachtaí agus institiúidí a thabhairt chun cuntais. Baineann brú nó smacht polaitiúil nó stáit ar na meáin an bonn den tsaoirse cainte, den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus den tsaoirse chun faisnéis a lorg, a fháil agus a thabhairt. Rudaí eile a d'fhéadfadh an bonn a bhaint de shaoirse na meán is ea na coinbhleachtaí leasa agus margadh an‑chomhdhlúite a bhfuil forlámhas ag líon beag páirtithe air. San Aontas Eorpach, tá oibleagáid dhearfach ar na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin a ráthú d’iriseoirí, a sábháilteacht a chosaint agus iolrachas agus saoirse na meán a chur chun cinn. Mar thoradh ar dhúshláin sa réimse sin a sainaithníodh sna tuarascálacha roimhe seo maidir leis an smacht reachta, tá roinnt tionscnaimh de chuid an Aontais ann le déanaí, lena n‑áirítear moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí agus pacáiste beart chun aghaidh a thabhairt ar chásanna mí‑úsáideacha dlí i gcoinne rannpháirtíocht an phobail.

An Monatóir ar Iolrachas sna Meáin [The Media Pluralism Monitor]

Leis an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin, déantar measúnú ar na rioscaí do shaoirse agus d’iolrachas na meán i ngach Ballstát, agus dírítear ar cheithre réimse – cosaint bhunúsach shaoirse na meán, iolrachas an mhargaidh, neamhspleáchas polaitiúil agus cuimsitheacht shóisialta na meán 70 . Léirítear sna torthaí is déanaí ón Monatóir (MPM 2022) nach bhfuil athrú mór tagtha ar na réimsí sin ó bhí 2021 ann, cé go bhfuil éagsúlacht áirithe i dtáscairí sonracha sna réimsí ginearálta sin. Tá meathlú beag tagtha ar an táscaire a bhaineann le gairm na hiriseoireachta agus a cosaint. Tá feabhas tagtha ar an táscaire a bhaineann le trédhearcacht úinéireacht na meán tar éis do roinnt Ballstát reachtaíocht an Aontais lena rialaítear an tábhar sin a chur chun feidhme. Tá leibhéal riosca anard fód ann i ndáil le comhchruinniú na meán nuachta ar fud na mór-roinne agus níl aon dul chun cinn déanta ó thaobh neamhspleáchas polaitiúil de, rud lena mbaineann riosca meánach i gcónaí. Den chéad uair riamh, leis an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin tugadh isteach rangú foriomlán i ndáil leis Ballstát agus cuireadh iad i gcúig leibhéal riosca éagsúla ina meastar gur tíortha ardriosca iad an Bhulgáir, an Ghréig, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóivéin.

Feidhmiú neamhspleách rialtóirí na meán a neartú

Tá ról tábhachtach ag rialtóirí náisiúnta na meán maidir le hiolrachas na meán a chaomhnú. Chun an méid sin a áirithiú, ní mór dóibh a bheith neamhspleách go feidhmiúil agus go héifeachtach, acmhainní leordhóthanacha a bheith acu, agus a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú go neamhchlaonta agus go trédhearcach. Tá reachtaíocht i bhfeidhm ag gach Ballstát ina leagtar amach inniúlachtaí agus neamhspleáchas rialtóirí na meán. I dTreoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD) 71 a athbhreithníodh in 2018, áirítear liosta ceanglas – neamhspleáchas ón rialtas, neamhchlaontacht, trédhearcacht, cuntasacht, acmhainní, sásraí um cheapachán, um dhíbhe agus um achomharc– nach mór do na Ballstáit a áirithiú maidir lena núdaráis meán. Ó foilsíodh Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, lean an Chipir , an Eastóin , an Fhrainc , an Ísiltír , an tSlóvaic agus an tSlóivéin Ballstáit eile agus ghlac siad forálacha chun neamhspleáchas údaráis na meán a fheabhsú agus/nó inniúlachtaí na núdarás a leathnú chun réimsí nua a chumhdach. Tá athchóirithe ar feitheamh i mBallstáit eile.

I roinnt Ballstát, d’ainneoin an nuashonraithe fhoirmiúil ar an gcreat dlíthiúil, tá imní fós ann maidir lena éifeachtacht agus maidir le neamhspleáchas feidhmiúil na rialtóirí sa chleachtas. Baineann cuid de na hábhair imní sin le tionchar polaitiúil míchuí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an bpróiseas ainmniúcháin nó ar fheidhmiú na rialtóirí, agus baineann cuid eile acu le hacmhainní neamhleora. San Ungáir , tír a bhfuil maoiniú leordhóthanach agus creat dlíthiúil mionsonraithe i bhfeidhm maidir le hÚdarás na Meán a bhunú agus a oibriú, ní mór a neamhspleáchas feidhmiúil a neartú. Sa tSlóivéin , tá ceisteanna fós ann maidir le cé acu an áiritheoidh an creat dlíthiúil nua neamhspleáchas ar chur isteach polaitiúil, agus is dúshlán é go fóill na hinniúlachtaí fairsinge a chur chun feidhme go hiomlán leis na hacmhainní atá ar fáil . Sa Spáinn , tugann reachtaíocht nua inniúlachtaí nua don rialtóir closamhairc, ach tá imní fós ann maidir lena acmhainní. Sa Rómáin , tá imní fós ann faoi fheidhmiú agus faoi bhuiséad na Comhairle Náisiúnta Closamhairc, go háirithe i bhfianaise na gcistí is gá chun córais TF a fheabhsú 72 .

Feabhsuithe agus bacainní a bhaineann le trédhearcacht úinéireacht na meán

Tá nasc díreach idir trédhearcacht úinéireacht na meán agus saoirse agus iolrachas na meán, go háirithe nuair a bhíonn rialú díreach nó indíreach nó tionchar suntasach ar an ábhar a sholáthraítear mar thoradh ar úinéireacht. Tugann faisnéis maidir le húinéireacht deis d’úsáideoirí breithiúnais níos eolaí a dhéanamh faoin ábhar. Spreagann caighdeáin Eorpacha 73 na Ballstáit chun bearta sonracha a ghlacadh sa réimse seo, dá bhforáiltear freisin faoi reachtaíocht an Aontais 74 . Ó fhoilsiú na tuarascála deireanaí, glacadh reachtaíocht nua sa Chróit , sa Chipir , san Eastóin , sa Ghréig , sa Pholainn , sa Phortaingéil agus sa Spáinn chun feabhas a chur ar thrédhearcacht úinéireacht na meán nó chun feabhas a chur ar infhaighteacht phoiblí na faisnéise maidir le húinéireacht na meán. Tá dlíthe chun trédhearcacht a fheabhsú in úinéireacht na meán á meas sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic . Glacadh bearta praiticiúla chun trédhearcacht a fheabhsú sa Liotuáin , tír inar seoladh Córas Faisnéise sonrach um Tháirgeoirí agus Scaiptheoirí Faisnéise Poiblí.

Tá dúshláin ar leith ag baint le cur chun feidhme na rialacha i roinnt Ballstát. Sa tSeicia , maidir le rialacha chun trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla ar eagraíochtaí meán a achtaíodh in 2021 a fheabhsú, ní mór iad a chur chun feidhme ina niomláine agus tá imní fós ann maidir leis an easpa trédhearcachta iomláine i ndáil le húinéireacht agus coinbhleacht leasa. Tá dúshláin fós ann maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán san Ísiltír  agus sa Fhrainc . Sa tSlóivéin , tá dúshláin fós ann maidir le fíorstruchtúr úinéireachta eagraíochtaí meán áirithe a shainaithint 75 .

Na meáin a chosaint ar bhrú agus tionchar polaitiúil

Tagann méadú ar leochaileachtaí agus ar rioscaí don smacht reachta nuair a bhíonn na meáin faoi bhrú polaitiúil agus faoi thionchar polaitiúil, go háirithe ó údaráis phoiblí agus ó na páirtithe atá i gceannas, rud a bhaineann an bonn de neamhspleáchas na meán. Sainaithníodh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le rialacha trédhearcacha cothroma maidir le fógraíocht stáit a leithdháileadh, agus le coimircí chun polaitiú na meán seirbhíse poiblí a chosc. Is féidir brú polaitiúil a fheidhmiú ar bhealaí a bhaineann le ceadúnú.

-Rioscaí a bhaineann le heaspa trédhearcachta agus cothroime i leithdháileadh fógraíochta stáit a mhaolú

Cuimsíonn fógraíocht Stáit gach úsáid a bhaintear as buiséad an stáit, ar gach leibhéal, nó buiséad cuideachtaí atá faoi rialú an stáit chun fógraíocht agus feachtais a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go mbeidh na leithdháiltí trédhearcach agus go ndéanfar iad ar bhonn critéir chothroma, chun cosc a chur leis an riosca go núsáidfí fógraíocht stáit chun tionchar polaitiúil a imirt agus chun cistí a ghiaráil chun tús áite a thabhairt d’eagraíochtaí meán áirithe. Cé go bhfuil ceisteanna fós ann i roinnt Ballstát, rinneadh forbairtí i roinnt Ballstáit eile le dul i ngleic le hábhair imní shonracha faoi thrédhearcacht na fógraíochta stáit. Sa Chróit , glacadh rialacha nuashonraithe maidir le trédhearcacht na fógraíochta stáit, ach d’fhéadfaí feabhas a chur ar roinnt de na rialacha sin go fóill. Cé nach bhfuil siad cumhdaithe ina gcuid reachtaíochta, tá treoirlínte glactha ag Málta agus ag an gCipir . Chuir Málta caighdeáin ar bun maidir le heisíoc na fógraíochta rialtais agus ábhair cur chun cinn, agus chuir an Chipir treoirlínte ar bun a bhaineann le feachtais ardaithe feasachta agus fógraíochta ag preas an rialtais agus ag an oifig faisnéise. San Ostair , d’fhógair an Rialtas próiseas machnaimh i bhfianaise na himní faoi chaiteachas mór ar fhógraíocht stáit, faoi chothroime agus trédhearcacht a leithdháilte, agus faoin tionchar polaitiúil sa phróiseas 76 .

- Neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí a chosaint

Tá rialacha maidir le rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta na meán seirbhíse poiblí ríthábhachtach chun cur isteach polaitiúil san earnáil meán thábhachtach seo a chosc. Cé go bhfuil cistiú na craoltóireachta seirbhíse poiblí agus an cistiú a dheonaítear d’eagraíochtaí craoltóireachta chun an tseirbhís phoiblí sin a chomhlíonadh fós ina saincheart ag gach Ballstát sa mhéid nach ndéanann cistiú den sórt sin difear míchuí do thrádáil agus iomaíocht in Aontas 77 , tá caighdeáin Eorpacha agus prionsabail threoracha ann maidir le neamhspleáchas, an creat rialála agus beartais, cistiú, ceapacháin, cuntasacht, bainistíocht, trédhearcacht agus oscailteacht 78 . Tá córais reachtacha agus institiúideacha ag na Ballstáit uile chun na meáin seirbhíse poiblí a rialáil agus tá cuid acu ag iarraidh neamhspleáchas a gcraoltóra seirbhíse poiblí a neartú. Sa Bhulgáir , tá athbhreithniú ar an dlí atá dírithe ar shainchúram na seirbhíse poiblí agus a maoiniú gaolmhar a shainiú ar bhealach níos mionsonraithe á bhreithniú faoi láthair. Sa Rómáin , tá athchóiriú ar an dlí maidir leis na cuideachtaí craoltóireachta poiblí agus raidió arb é is aidhm dó bainistíocht níos neamhspleáiche agus níos gairmiúlaithe a bhaint amach á phlé. I Lucsamburg , cuireadh dréachtdlí faoi bhráid na Parlaiminte chun neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí a threisiú. I roinnt Ballstát, áfach, ní dhearna na rialacha atá ann cheana neamhspleáchas leordhóthanach a ráthú. I measc na nábhar imní tá an baol go bpolaiteofar ceapadh agus dífhostú bainisteoirí agus comhaltaí boird sa tSeicia , sa tSlóvaic agus sa Chipir , neamhspleáchas agus rialachas na meán seirbhíse poiblí i Málta , agus na dúshláin phraiticiúla atá ann faoi na rialacha atá ann cheana maidir le teorainn a chur leis an tionchar polaitiúil sa tSlóivéin . Sa Pholainn , tá imní fós ann maidir le neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí, lena náirítear coimircí i ndáil le ceapacháin i bpoist feidhmiúcháin. Sa Ghréig , cé go rialaítear na meáin seirbhíse poiblí le creat dlíthiúil láidir, tá imní ann maidir le tionchar polaitiúil a d’fhéadfadh a bheith ann agus comhaltaí den bhord á gceapadh. San Ungáir , feidhmíonn na meáin seirbhíse poiblí i gcóras institiúideach casta i measc ábhair imní faoi neamhspleáchas na heagarthóireachta 79 .

-    Brú agus tionchar polaitiúil ar na meáin trí shrianta agus cinntí ceadúnaithe

Cé go luaitear go sainráite sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nach gcuirfidh an ceart chun tuairimí a nochtadh cosc le Stáit fiontair chraoltóireachta agus theilifíse a chur isteach chuig córas ceadúnúcháin, ní mór, agus an saincheart sin á fheidhmiú, iolrachas thimpeallacht na meán a chur san áireamh agus a bheith bunaithe ar nósanna imeachta agus ar chritéir atá oibiachtúil agus trédhearcach. Sa Pholainn , ar deireadh chros an tUachtarán togra le haghaidh leasuithe reachtacha atá dírithe ar lamháltais chraolacháin a thoirmeasc d’oibreoirí arna rialú ag daoine atá cláraithe lasmuigh de LEE, rinne an tUachtarán an togra sin a chrosadh. Mar sin féin, bhí dhá stáisiún teilifíse i mbun imeachtaí riaracháin fada maidir le síneadh a chur lena gceadúnais ag an rialtóir 80 .

Rochtain ar fhaisnéis mar réamhriachtanas riachtanach le haghaidh na meáin, na sochaí sibhialta agus mhuinín an phobail

An ceart rochtana ar fhaisnéis atá i seilbh na núdarás poiblí, tá sé bunriachtanach d’iriseoirí chun a gcuid oibre a dhéanamh, agus don tsochaí shibhialta agus saoránaigh i gcoitinne freisin. Ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach maidir leis an Smacht Reachta, tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm san Ísiltír lena ndearnadh an rochtain ar fhaisnéis phoiblí níos leithne agus níos tapúla. San Fhionlainn , tá bearta á ndéanamh chun an tAcht um Oscailteacht Ghníomhaíochtaí an Rialtais a athchóiriú chun an rochtain ar dhoiciméid atá ráthaithe leis an mbunreacht a leathnú. Sa Spáinn , tá obair reachtach ar siúl chun rochtain ar fhaisnéis a neartú trí athchóiriú a dhéanamh ar an dlí maidir le rúin oifigiúla. Sa Danmhairg , tá plé polaitiúil ar siúl faoi láthair chun roinnt srianta ar an gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaint. I mBallstáit eile, tá roinnt ábhar imní praiticiúil nó dlíthiúil fós ann. Reachtaíocht a rinneadh le déanaí sa Bheilg lena dtugtar isteach forais diúltaithe nua agus moilleanna maidir le hiarratais phoiblí ar dhoiciméid, d’fhéadfadh sin difear a dhéanamh don cheart rochtana ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid phoiblí. Sa Liotuáin , tá imní ann go bhfuil srianta ar rochtain iriseoirí ar fhaisnéis mar thoradh ar léirmhíniú na núdarás ar rialacha cosanta sonraí. San Ostair , tá dúshláin fós ann maidir leis an easpa creat dlíthiúil atá cuimsitheach agus infhorfheidhmithe le haghaidh rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis phoiblí, agus níl dul chun cinn déanta maidir leis an dréachtreachtaíocht. I Málta , tá bacainní fós roimh iriseoirí agus rochtain á hairraidh acu ar fhaisnéis atá i seilbh na núdarás poiblí. San Ungáir , tá bac ar rochtain ar fhaisnéis phoiblí fós ann faoin ‘staid chontúirte’ 81 .

Bagairtí i gcoinne sábháilteacht iriseoirí

Tá bagairtí agus bacainní ar a gcuid oibre fós os comhair iriseoirí, lena náirítear ionsaithe fisiciúla a thuairiscítear i roinnt Ballstát. In 2021, shainaithin Ardán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chur chun Cinn agus an tArdán Mapping Media Freedom méadú suntasach ar fholáirimh 82 , lena náirítear méadú ar ionsaithe ar líne freisin. I measc na sáruithe tá ciapadh ó bhéal, bagairtí dlíthiúla, ionsaí fisiceach, ionsaithe ar mhaoin, gríosú, feachtais chlúmhillte agus cinsireacht. Áirítear i Moladh 2021 ón gCoimisiún maidir le sábháilteacht iriseoirí bearta a bhaineann le coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach agus go neamhchlaonta, freagairt neamhspleách agus sásraí tacaíochta, rochtain ar ionaid agus faisnéis, sábháilteacht le linn taispeántas, oiliúint agus sábháilteacht ar líne agus cumhachtú digiteach.

Tá bearta déanta ag roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar shábháilteacht iriseoirí, nó chuir siad dlús le bearta a bhí ann cheana. Sa Fhrainc , aithníodh ról iriseoirí i léirsithe sa reachtaíocht agus cumasaíonn coiste idirchaidrimh idir an Aireacht Gnóthaí Baile agus an preas idirphlé buan maidir le sábháilteacht le linn agóidí nó léirsithe. San Ísiltír , lean an Rialtas den ardán ‘PersVeilig’ a fheabhsú, a chistiú agus a fhorbairt agus de dhlúthchomhar idir ionchúisitheoirí, na póilíní agus páirtithe leasmhara na meán a chur chun cinn. Sa Ghearmáin , tá údaráis Länder, Comhairle an Phreasa agus páirtithe leasmhara eile sna meáin ag plé, faoi láthair, na prionsabail iompair atá ann cheana do na meáin agus do na póilíní a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht iriseoirí le linn agóidí. Sa Ghréig , is minic a tuairiscíodh bagairtí agus ionsaithe fisiciúla agus tá Meabhrán Tuisceana maidir le cosaint iriseoirí comhaontaithe ag an Rialtas le déanaí. I mBallstáit eile, bheadh gá le hiarrachtaí níos diongbháilte chun aghaidh a thabhairt staid cúrsaí. Sa Chróit , bíonn tionchar ag ionsaithe ó bhéal i gcoinne iriseoirí ar thimpeallacht ghairmiúil na niriseoirí, lena náirítear polaiteoirí. Sa tSlóivéin , is ábhair imní iad timpeallacht naimhdeach, ciapadh iriseoirí ar líne agus bagairtí ina gcoinne. Sa tSlóvaic , cuireadh siar glacadh na reachtaíochta atá beartaithe maidir le cosaint iriseoirí 83 .

Tá thrialacha coiriúla fós ar siúl i gcásanna iriseoirí a dúnmharaíodh san Aontas. I Málta , rinneadh príomhúdar líomhnaithe fheallmharú an iriseora Daphne Caruana Galizia a dhíotáil ar chúiseanna comhpháirteachais i ndúnmharú agus i gcomhlachas coiriúil agus tá imeachtaí coiriúla fós ar siúl. I mí Iúil 2021, foilsíodh tuarascáil ar leithligh den fhiosrúchán poiblí ar an bhfeallmharú, inar cinneadh gur theip ar an Stát agus ar a chuid eintitis an tiriseoir a chosaint go hiomlán ar na rioscaí fíora agus láithreacha, agus gur theip orthu gníomhú chun cosc a chur lena a feallmharú. Suíodh sraith moltaí sa tuarascáil a bhaineann leis an smacht reachta, lena náirítear timpeallacht na meán sa tír. Sa tSlóvaic , tá an triail a bhaineann le feallmharú Jan Kuciak agus a fiancée Martina Kusnirova fós ar siúl, agus san Ísiltír , tá tús curtha leis an triail a bhaineann le dúnmharú an iriseora Peter R. de Vries. Tá dúnmharú an iriseora Giorgios Karaivaz i mí Aibreáin 2021 faoi imscrúdú ag na húdaráis sa Ghréig .

Bagairtí dlíthiúla agus imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail

Is cineál áirithe ciaptha iad cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna) a úsáidtear i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí ceart atá i mbun rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí a bhaineann le leas an phobail. Tá an feiniméan seo ag dul chun cinn san Aontas Eorpach. Tá gá le coimircí éifeachtacha chun cosc a chur leis an gcineál sin ciaptha a chuireann iriseoirí ina dtost agus a chruthaíonn éifeacht fhuaraitheach ar shaoirse na meán agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Tá clúmhilleadh ar cheann de na forais is coitianta ar a dtugtar SLAPPanna i gcoinne iriseoirí.

Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt SLAPPanna, thosaigh roinnt Ballstát ag díospóireacht nó ag smaoineamh ar choimircí nós imeachta a thabhairt isteach agus/nó tá athbhreithniú á dhéanamh acu ar a ndlíthe maidir le clúmhilleadh. Sa Liotuáin , ullmhaíodh leasuithe reachtacha chun go bhféadfaí cásanna den sórt sin a díbhe go luath, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar an dliteanas coiriúil as clúmhilleadh. In Éirinn , chuir an Roinn Dlí agus Cirt tús le hathbhreithniú as ar eascair moltaí ag féachaint ar mheicníocht nua in aghaidh SLAPP lena ndéantar foráil maidir le díbhe luath. I Málta , mhol an Rialtas leasuithe reachtacha chun gnéithe nós imeachta áirithe den dlí maidir le clúmhilleadh a athchóiriú. San Iodáil , cé gur cuireadh deireadh den chuid is mó le pianbhreitheanna príosúnachta as clúmhilleadh tar éis rialú tábhachtach ón gCúirt Bhunreachtúil in 2021, is cúis imní é leitheadúlacht mhéadaitheach cásanna SLAPP agus an meascán de chlúmhilleadh coiriúil agus sibhialta. Tá leasuithe fós ar feitheamh sa tSlóvaic chun an pionós as clúmhilleadh a laghdú. Sa Chróit , tá an líon cásanna de dhlíthíocht míúsáideach atá dírithe ar iriseoirí fós ard, rud a chuireann eagraíochtaí beaga áitiúla meán agus saoririseoirí i mbaol. Tá roinnt samplaí fós ann de chásanna dlí den sórt sin i gcoinne iriseoirí ag polaiteoirí nó ag oifigigh phoiblí, lena náirítear breithiúna. Sa Pholainn , tá pobal na meán nuachta fós gan chosaint ar bhagairtí a eascraíonn as cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, bagairtí ar cosúil go bhfuil siad dírithe go príomha ar iriseoirí a dhéanann grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí an Rialtais 84 .

2.4    Saincheisteanna institiúideacha eile maidir le srianta agus ceartúcháin

Is cuid dhílis den smacht reachta i dtír dhaonlathach srianta agus ceartúcháin institiúideacha. Cuireann siad córas rialaithe fhrithpháirtigh ar fáil, rud a áirithíonn go mbeidh an chumhacht a fheidhmíonn údarás stáit amháin faoi réir grinnscrúdú daoine eile. Cé go bhféadfadh an bealach a ndéantar na srianta agus na ceartúcháin a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát de réir a dtraidisiún dlíthiúil agus bunreachtúil, ní mór dóibh uile a bheith faoi réir córas den sórt sin chun a áirithiú go n‑urramófar an smacht reachta agus na noirm dhaonlathacha. Is gné fhíor-riachtanach sa chóras srianta agus ceartúchán i ndaonlathas folláin eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus údaráis neamhspleácha amhail comhlachtaí comhionannais, an tOmbudsman agus Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, agus d’fhéadfadh iarrachtaí chun srian a chur lena spás oibriúcháin a bheith ina mbagairt ar an smacht reachta.

Cáilíocht agus cuimsitheacht an phróisis reachtaigh

De réir na treochta a tugadh faoi deara i dTuarascálacha 2020 agus 2021 maidir leis an Smacht Reachta, lean roinnt Ballstát d’fheabhas a chur ar cháilíocht an phróisis reachtaigh. Má chuirtear feabhas ar rannpháirtíocht na páirtithe leasmhara, lena náirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhéadfadh sin dul chun tairbhe cháilíocht na reachtaíochta agus thrédhearcacht an phróisis. Ghlac an Bhulgáir rialacha nua chun feabhas a chur ar an bpróiseas reachtóireachta agus tá an Spáinn ag tabhairt faoi thionscnamh chun rannpháirtíocht an phobail i gceapadh beartas a mhéadú. San Eastóin , tá iarrachtaí dírithe ar ardáin dhigiteacha nua a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas cinnteoireachta. Rinneadh cleachtas na gcomhairliúchán poiblí náisiúnta sa Fhrainc a threisiú tuilleadh agus a leathnaíodh é chun réimsí eile, lena náirítear an córas ceartais, a chumhdach. I Lucsamburg , tíolacadh dréachtathbhreithniú bunreachtúil a bhfuil sé d’aidhm aige tionscnamh reachtach a thabhairt isteach do shaoránaigh.

I roinnt Ballstát, is cúis imní i gcónaí é an easpa creat foirmiúil chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara nó a chur i bhfeidhm neamhleor sa chleachtas. Sa Chipir agus i Málta , níl aon phróiseas foirmiúil ann chun comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh agus ní bhíonn ach ról teoranta acu i gceapadh beartas. Sa Ghréig , is minic a eagraítear comhairliúcháin phoiblí maidir le dréachtreachtaíocht ródhéanach le go mbeadh tionchar ag an ionchur ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ón bpobal orthu. I Lucsamburg agus sa tSlóvaic , tá imní fós ann maidir le cuimsitheacht fhoriomlán an phróisis reachtaigh. Sa Laitvia , tá roinnt ábhar imní ann maidir le rannpháirtíocht theoranta eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil. Thug an Pholainn gealltanas faoina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta bearta a ghlacadh lena náiritheofaí creat rialála níos fearr níos cobhsaí. San Ungáir , mar gheall ar an easpa comhairliúcháin phoiblí, mar aon le próiseas reachtach luathaithe, tá cáilíocht na timpeallachta rialála níos laige fós. Sa Rómáin , tá imní fós ann maidir le húsáid rialta a bhaint as orduithe éigeandála Rialtais chomh maith le réaltachtaí praiticiúla na gcomhairliúchán poiblí, go háirithe maidir le hobair leantach éifeachtach ar thograí arna gcur isteach ag an tsochaí shibhialta 85 .

Ceachtanna a foghlaimíodh ó úsáid beart éigeandála agus ó phaindéim COVID‑19

I bhfianaise na ndúshlán a d’eascair as filleadh phaindéim COVID19 san fhómhar agus sa gheimhreadh in 2021, lean roinnt Ballstát de stáit éigeandála a chur i bhfeidhm, cé gur cuireadh deireadh de réir a chéile leis na córais sin agus leis na srianta gaolmhara ar chearta bunúsacha i bhformhór na mBallstát. Tá roinnt Ballstát ag baint leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí sin anois agus, i gcásanna áirithe, tá a gcreataí dlíthiúla á dtabhairt cothrom le dáta acu chun feabhas a chur ar ullmhacht do ghéarchéimeanna amach anseo. Sa Phortaingéil agus sa tSualainn , tá struchtúir thiomnaithe ag féachaint ar conas creataí dlíthiúla buana a chur i bhfeidhm chun imthosca eisceachtúla a rialú, agus tá machnamh den chineál céanna á dhéanamh san Ísiltír . Sa Danmhairg , rinne an Rialtas athbhreithniú ar úsáid an Ghnímh um Eipidéimí a glacadh i mí Feabhra 2021 agus cuireadh faoi réir comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara é. Sa tSeicia , rinne an Aireacht Sláinte iniúchadh ar phróiseas glactha na mbeart paindéime, tar éis do na cúirteanna roinnt de na bearta sin a neamhniú. Sa Fhrainc , thiomnaigh an Chomhairle Stáit a Staidéar Bliantúil ó 2021 ar na stáit éigeandála agus rinne sí moltaí chun iad a shainiú agus a eagrú ar bhealach níos fearr.

Leanadh freisin d’úsáid cumhachtaí éigeandála lasmuigh de chomhthéacs phaindéim COVID19 i ndáil le géarchéimeanna eile. Dhearbhaigh an Ungáir ‘staid chontúirte’ eile faoi fhorálacha bunreachtúla leasaithe, tar éis ionradh na hÚcráine. Thug an Pholainn staid éigeandála isteach maidir leis an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, rud a d’fhág go raibh imní ar pháirtithe leasmhara maidir le bunreachtúlacht agus le srianadh le cearta bunúsacha. D’fhógair an Liotuáin staid éigeandála freisin mar fhreagairt ar ionstraimiú na himirce ag an mBealarúis. Spreag na srianta le hobair na gcomhlachtaí faireacháin agus na niriseoirí cáineadh agus cuireadh deireadh leo de réir a chéile.

Ról na gCúirteanna Bunreachtúla i gcóras na srianta agus na gceartúchán

Tá ról lárnach ag Cúirteanna Bunreachtúla i gcóras na srianta agus na gceartúchán agus lean siad den ról sin a fheidhmiú i gcomhthéacs phaindéim COVID19. B’amhlaidh a bhí an cás sa Fhrainc inar shainigh an Chúirt Bhunreachtúil teorainneacha na gcumhachtaí feidhmeannacha agus reachtacha le linn réime na géarchéime sláinte, agus sa Ghearmáin , sa Spáinn agus san Iodáil , inar fheidhmigh Cúirteanna Bunreachtúla athbhreithniú bunreachtúil ar na bearta éigeandála a glacadh chun paindéim COVID19 a chomhrac.

Rinne Cúirteanna Bunreachtúla grinnscrúdú freisin i bpríomhréimsí eile, amhail toghcháin. Sa Phortaingéil , iarradh ar an gCúirt Bhunreachtúil athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha toghcháin. Cuireadh tús leis an téarma parlaiminteach nua tar éis an athbhreithnithe sin agus tar éis athdhéanamh na vótála ina dhiaidh sin. Tá tuilleadh machnaimh struchtúrtha á dhéanamh sa Chipir , agus cruthú Cúirte Bhunreachtúla fós á phlé sa Pharlaimint.

I mBallstáit eile, tá imní ann mart gheall ar roinnt cinntí a rinne Cúirteanna Bunreachtúla maidir le tosaíocht dhlí an Aontais. Sa Rómáin , tá gealltanas soiléir tugtha ag an Rialtas do phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ach tá imní fós ann maidir leis an agóid a rinne an Chúirt Bhunreachtúil in aghaidh an phrionsabail sin 86 . Sa Ghearmáin , tar éis gealltanais fhoirmiúla ó Rialtas na Gearmáine inar aithin sé tosaíocht dhlí an Aontais, chuir an Coimisiún clabhsúr ar an nós imeachta um shárú a bhain le breithiúnas ó Chúirt Bhunreachtúil na Gearmáine. Sa Pholainn , tá an Binse Bunreachtúil tar éis agóid a dhéanamh go sainráite in aghaidh thosaíocht dhlí an Aontais, agus mheas sé go raibh forálacha áirithe de Chonarthaí an Aontais míbhunreachtúil. Dá thoradh sin, chuir an Coimisiún tús le nós imeachta um shárú i gcoinne na Polainne , nós imeachta atá fós ar siúl 87 .

Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, Ombudsmain, comhlachtaí comhionannais agus cur chun feidhme rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine

Tá ról leanúnach ag Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRInna) 88 , ag Ombudsmain, ag comhlachtaí comhionannais agus ag údaráis neamhspleácha eile i gcóras náisiúnta na srianta agus na gceartúchán. I roinnt Ballstát, neartaíodh stádas na núdarás sin tuilleadh. Sa tSualainn , thosaigh an Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine nua-chruthaithe ag obair i mí Eanáir 2022. Sa Phortaingéil , rinneadh athchóiriú ar struchtúr inmheánach Oifig an Ombudsman chun a sainordú a thabhairt le fios ar bhealach níos fearr agus sa Laitvia , leasaíodh na rialacha maidir le ceapadh an Ombudsman. Sa Bheilg , tá go leor tuairimí agus moltaí eisithe ag an Institiúid Chónaidhmeach um Chearta an Duine le linn na chéad bhlianta a raibh sí gníomhach. Cuid thábhachtach de chóras éifeachtach srianta agus ceartúchán is ea a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí ar thorthaí na ninstitiúidí neamhspleácha 89 .

Mar sin féin, tá ráthaíochtaí struchtúracha neamhspleáchais ag teastáil ó NHRInna, ó ombudsmain agus ó chomhlachtaí comhionannais chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha chun oibriú go héifeachtach, agus tá dúshláin fós le sárú ag roinnt díobh. Sa Pholainn , tá ról lárnach fós ag an Ombudsman nua, duine a ceapadh i mí Iúil 2021, mar chosaint an smachta reachta, cé go bhfuil a cumas chun gníomhú srianta de dheasca acmhainní teoranta. Sa Liotuáin , tá imní ann nach bhfuil na hacmhainní ag Oifig an Ombudsman Pharlaimintigh chun a sainordú a chomhlíonadh agus cáineadh dréachtreachtaíocht nua as tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith aici ar a cuid oibre. San Ungáir , tá imní fós ann maidir le neamhspleáchas an Choimisinéara um Chearta Bunúsacha tar éis an tÚdarás um Chóir Chomhionann a lánpháirtiú in Oifig an Choimisinéara, agus, i mí an Mhárta 2022, choimeád Fhochoiste na Náisiún Aontaithe um Chreidiúnú de chuid Chomhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine a mholadh go ndéanfaí institiúid náisiúnta na hUngáire um chearta an duine a íosghrádú go stádas B. Sa Chróit , tá dúshláin ann maidir le hobair leantach agus faireachán a dhéanamh ar mholtaí an Ombudsman, agus maidir le rochtain ar fhaisnéis. Go dtí seo, níor bhunaigh roinnt Ballstát NHRI i gcomhréir le Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe. Cé go bhfuil an próiseas sin tosaithe ag an Iodáil , ag Málta agus ag an Rómáin , níl aon phlean ann ina leith sa tSeicia 90 .

Is táscaire tábhachtach freisin d’fheidhmiú an smachta reachta i dtír é an cuntas teiste maidir le príomhbhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, den chéad uair riamh, cuimsíonn na caibidlí tíre táscairí córasacha maidir le cur chun feidhme bhreithiúnais ECtHR ag na Ballstáit uile 91 . Cé go bhfuil an fheidhmíocht éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ar an iomlán níor cuireadh chun feidhme thart ar 40 % de na príomhbhreithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a bhain le Ballstáit an Aontais le deich mbliana anuas 92 .

Srianta agus ceartúcháin náisiúnta i ndáil le hearraí spiaireachta a úsáid

I mí Iúil 2021, fuair Amnesty International agus grúpa iriseoirí iniúchacha amach go raibh earraí spiaireachta thar a bheith ionsáite, ar a dtugtar ‘Pegasus’, in úsáid ag rialtais éagsúla ar fud an domhain. San Aontas Eorpach, díríodh ar iriseoirí, dlíodóirí, polaiteoirí náisiúnta agus Feisirí Eorpacha leis na hearraí spiaireachta sin. Tá an tábhar ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile le bliain anuas 93 : cé go bhfuil sé nasctha leis an tslándáil náisiúnta, tá gá le srianta agus ceartúcháin náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh coimircí i bhfeidhm agus go nurramaítear cearta bunúsacha. San Ungáir , tugadh imscrúduithe chun críche tar éis líomhaintí a bhain le húsáid bhogearraí faireachais Pegasus i gcoinne dlíodóirí agus iriseoirí, agus tá ábhair imní ann mar gheall ar easpa maoirseachta breithiúnaí éifeachtaí a mhéid a bhaineann le húsáid beart faireachais rúnda lasmuigh d’imeachtaí coiriúla. Sa Pholainn , d’ainneoin líomhaintí a bhaineann le húsáid Pegasus agus bogearraí faireachais spiaireachta coibhéiseacha, níor sheol an tseirbhís ionchúisimh aon imscrúdú. Sa Fhrainc , chuir Oifig Ionchúisitheora Pháras tús le himscrúdú coiriúil maidir le húsáid líomhnaithe earraí faireachais spiaireachta a bhí dírithe go háirithe ar iriseoirí. Sa Spáinn , cuireadh úsáid Pegasus agus bogearraí faireachais spiaireachta coibhéiseacha faoi réir imscrúdú ag an Ombudsman agus faoi réir imeachtaí breithiúnacha. Cé go bhfuil na Ballstáit inniúil chun a slándáil náisiúnta a ráthú, ní mór dóibh dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, lena náirítear cásdlí CBAE, agus sin á dhéanamh acu. Ceanglaítear leis an smacht reachta go mbeidh seirbhísí slándála na mBallstát in ann leas a bhaint as uirlisí den sórt sin faoi réir rialú leordhóthanach go nurramófar go hiomlán dlí an Aontais, lena náirítear cearta bunúsacha amhail cosaint sonraí pearsanta, sábháilteacht iriseoirí agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Agus úsáid á baint as modhanna faireachais in imscrúduithe coiriúla, ní mór cearta nós imeachta a urramú freisin, lena náirítear cearta an chosantóra. Dá bhrí sin, tá gá le srianta agus ceartúcháin institiúideacha láidre chun feidhmiú, comhar agus rialú frithpháirteach na norgán Stáit a ráthú, ionas go bhfeidhmeoidh údarás stáit amháin an chumhacht faoi ghrinnscrúdú údarás eile.

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta mar ghníomhaithe bunriachtanacha don smacht reachta

Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cosantóirí chearta an duine mar bhreathnóirí ar sháruithe ar an smacht reachta agus cuireann siad go gníomhach leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha a chothú ar an láthair. Leagtar amach i ndlí an Aontais 94 , arna chomhlánú le caighdeáin Eorpacha, 95 príomhcheanglais chun feidhmiú eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú gan cur isteach gan údar. Tar éis do na milliúin duine teacht go dtí an tAontas agus iad ag teitheadh ó ionsaí míleata na Rúise, tá ról lárnach ag an tsochaí shibhialta iad a fháiltiú isteach sna Ballstáit agus earraí agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil dóibh, lena náirítear tacaíocht shíceolaíoch agus leighis.

Tá bearta á ndéanamh chun feabhas a chur ar an staid d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i roinnt Ballstát. Sa Bhulgáir , tá Comhairle um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta a bunaíodh chun cuidiú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ag feidhmiú anois. Sa  Rómáin , cé go bhfuil dúshláin roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tá pleananna ann chun nósanna imeachta clárúcháin a shimpliú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Sa tSualainn , tá athbhreithniú á dhéanamh ar na creatrialacha maidir le hoibriú agus cistiú eagraíochtaí na sochaí sibhialta. I Málta , tugadh aghaidh ar na hábhair imní atá ann faoi láthair maidir le rochtain eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chistiú. Cé go bhfuil timpeallacht chumasúcháin agus thacúil ann don tsochaí shibhialta i bhformhór na mBallstát agus go meastar go bhfuil spás na sochaí sibhialta ‘oscailte’ 96 , i roinnt Ballstát, tá dúshláin fós le sárú ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Is féidir a áireamh orthu sin nósanna imeachta clárúcháin troma, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chistiú, reachtaíocht shriantach agus cosaint neamhleor i gcoinne ionsaithe agus bagairtí, lena náirítear feachtais SLAPP agus chlúmhillte. In Éirinn , tá bacainní dlíthiúla fós ann maidir le cistiú na sochaí sibhialta agus sa Ghearmáin , is cúis imní i gcónaí é go bhfuil stádas díolmhaithe ó cháin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cé go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an méid sin sna hathchóirithe atá le teacht. Sa tSlóivéin , bhí dúshláin roimh an tsochaí shibhialta a mhéid a bhaineann le hinsintí diúltacha, agus tugadh aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le cistiú agus srianta ar shaoirse comhthionóil. Sa tSeicia , tá roinnt ábhair imní ann maidir leis an rochtain atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chistiú poiblí agus sa tSlóvaic , leanann scéimeanna poiblí um fhóirdheontais gan eagraíochtaí atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann le comhionannas inscne agus cearta LGBTIQ a chur san áireamh. Sa Chipir , tá gníomh déanta ag an Rialtas chun cuidiú níos fearr leis an tsochaí shibhialta agus chun feabhas a chur ar an gcumarsáid le húdaráis phoiblí. San Iodáil , Tá na nósanna imeachta clárúcháin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta casta i gcónaí. Sa Ghréig , meastar go bhfuil roinnt ceanglais chlárúcháin díréireach i gcónaí, agus tá athbhreithniú ar an reachtaíocht atá ann cheana ar feitheamh os comhair na Comhairle Stáit. Sa Spáinn , tá an Pharlaimint ag obair ar athchóiriú Dhlí Slándála na Saoránach i bhfianaise na nábhar imní a cuireadh in iúl maidir leis an dlí sin, lena náirítear ag an tsochaí shibhialta. Sa Fhrainc , cé gur glacadh dlíthe nua chun feabhas a chur ar an timpeallacht airgeadais le haghaidh comhlachas, chuir roinnt páirtithe leasmhara ábhair imní in iúl maidir le tionchar an Dlí um prionsabail phoblachtacha ar an spás sibhialta 97 .

I roinnt Ballstát, tá srianta córasacha ann atá tar éis cur le cumas na sochaí sibhialta a bheith ag oibriú, agus d’fhéadfadh éifeacht athchomhairleach a bheith ann dá bharr. Sa Pholainn , tá an spás sibhialta tar éis dul in olcas tuilleadh agus d’fhéadfadh tionchar diúltach breise a bheith ag dréachtreachtaíocht a rinneadh le déanaí. San Ungáir , tá an tsochaí shibhialta neamhspleách fós faoi bhrú agus de réir tuairiscí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal LGBTIQ, tá feachtais chlúmhillte seolta ag an Rialtas a dhíríonn ar orthu, agus an tráth céanna, ardaítear ceisteanna faoi ról an Stáit i maoiniú na sochaí sibhialta 98 .

3.FORBAIRTÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS

3.1 Idirphlé agus obair leantach ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta

Idirphlé idirinstitiúideach

Lean an Chomhairle den chleachtas i ndáil lena hidirphlé bliantúil ar an smacht reachta a eagrú ar bhonn na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta. I mí Mheán Fómhair 2021, d’eagraigh Uachtaránacht na Comhairle plé cothrománach ar fhorbairtí ginearálta an smachta reachta sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta. Bhí plé tír-shonrach ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta freisin, inar díríodh ar na forbairtí ábhartha a cuireadh i dtábhacht sa chaibidil tíre den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, i mí na Samhna 2021 99 agus i mí Aibreáin 2022 100 . Bhí plé spriocdhírithe ann freisin maidir le hábhair a bhaineann leis an smacht reachta sa Chomhairle Ceartais, inar mhalartaigh na hAirí tuairimí uathu maidir le tionchar phaindéim COVID19 ar fheidhmiú na gcúirteanna i mí na Nollag 2021, agus phléigh siad saincheist na rochtana ar dhlíodóir agus ar an smacht reachta i mí an Mhárta 2022. Léirigh na Ballstáit gur léir gur spéis leo forbairtí agus dea-chleachtais a comhroinnt agus rannchuidiú le fadhbanna a chosc ar bhealach cuimsitheach agus cuiditheach.

Lean Parlaimint na hEorpa de dhíospóireachtaí a reáchtáil maidir leis an smacht reachta. Ó bhí mí Iúil 2021 ann, ghlac sí roinnt rún maidir leis an smacht reachta agus maidir le saincheisteanna níos sonraí amhail saoirse na meán agus an tsochaí shibhialta 101 . Ghlac an Pharlaimint rún sonrach freisin i ndáil le Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta 102 , inar cuireadh in iúl gur díol sásaimh di go háirithe an gealltanas moltaí sonracha do na Ballstáit a chur san áireamh. Athdhearbhaíodh sa rún moltaí a eisíodh roimhe seo, go háirithe maidir leis an ngá atá ann uirlisí a shainaithint ar féidir iad a úsáid mura dtugtar aghaidh ar easnaimh, chomh maith le tacaíocht na Parlaiminte do chomhaontú idirinstitiúideach maidir le Sásra de chuid an Aontais um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha. Is mór ag an gCoimisiún an comhar le Parlaimint na hEorpa agus tá sé curtha in iúl go soiléir aige go bhfuil ról lárnach ag an gcomhar idirinstitiúideach chun cumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta agus chun é a chaomhnú. Is freagra é an cinneadh moltaí a chur san áireamh i dtuarascáil 2022 ar ghlao ó Pharlaimint na hEorpa freisin.

D’eagraigh Parlaimint na hEorpa díospóireachtaí tírshonracha freisin, go háirithe sa Ghrúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha den Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de chuid Pharlaimint na hEorpa (LIBE). Rinne an Grúpa Faireacháin misin faireacháin sa Bhulgáir, i Málta, sa tSlóvaic agus sa tSlóivéin agus bhí plé aige maidir lena thorthaí. Sa bhreis ar dhíospóireacht maidir le tosaíocht dhlí an Aontais, tá rún glactha ag Parlaimint na hEorpa ina niarrtar go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann leis an smacht reachta sa Pholainn agus san Ungáir 103 .

Lean Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), trína ghrúpa Ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta, agus Coiste na Réigiún 104 , trína Choimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (CIVEX) 105 , de dhíospóireacht a dhéanamh ar an smacht reachta ar leibhéal an Aontais. I mí na Samhna 2021, d’eagraigh CESE comhdháil a bhí dírithe ar rannchuidiú na sochaí sibhialta leis Sásra an Smachta Reachta.

Idirphlé le húdaráis agus le páirtithe leasmhara sna Ballstáit

Lean an Coimisiún dá fhor-rochtain ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit. Tionóladh cruinnithe déthaobhacha ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil araon chun príomhathchóirithe a phlé mar obair leantach ar Thuarascáil 2021. Tá ról ríthábhachtach ag Parlaimintí náisiúnta maidir leis an smacht reachta a chaomhnú, mar reachtóirí agus maidir leis an bhfeidhmeannas a thabhairt chun cuntais, agus ba théama tábhachtach de chuairteanna na gCoimisinéirí ar Pharlaimintí náisiúnta iad na pléití a lean as Tuarascáil 2021 106 .

Foráiltear le líonra na bpointí teagmhála maidir leis an smacht reachta do chainéal oscailte le haghaidh malartú rialta idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Lean an líonra de bheith ag teacht le chéile ar bhonn rialta chun an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta a ullmhú agus tá sé ag gníomhú níos mó agus níos mó mar fhóram chun dea-chleachtas a mhalartú agus chun faisnéis a roinnt maidir le hathchóirithe atá beartaithe nó atá ar siúl ar an leibhéal náisiúnta.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag neartú an idirphlé le páirtithe leasmhara agus le húdaráis sna Ballstáit, agus díreoidh sé freisin ar an obair leantach ar na moltaí atá sa tuarascáil seo.

Idirphlé agus tacaíocht don tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais

Tá an tsochaí shibhialta fós ina príomhchomhpháirtí ag an gCoimisiún Eorpach agus an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta á hullmhú aici. I dteannta an lín mhóir mór aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas ón tsochaí shibhialta agus na gcruinnithe a bhí ann mar chuid de na cuairteanna ar thíortha, d’eagraigh an Coimisiún cruinnithe cothrománacha le roinnt príomhlíonraí eagraíochtaí sochaí sibhialta agus le príomhidirghabhálaithe eile 107 . Tá moltaí comhpháirteacha déanta ag na líonraí sin maidir leis an bpróiseas le haghaidh na tuarascála ar an smacht reachta 108 . Is féidir ról tábhachtach a bheith ag an tsochaí shibhialta freisin san obair leantach ar an tuarascáil, agus leanfaidh an Coimisiún den obair leantach sin leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta i gcomhar le hIonadaíochtaí ón gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha.

Tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV), tá dlús curtha ag an gCoimisiún leis na hiarrachtaí chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí beaga áitiúla a bhfuil srianta ar leith ag bagairt orthu. As an mbuiséad atá ar fáil don chlár (EUR 1.55 billiún), forchoimeádtar beagnach aon trian de d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta go sonrach, agus leithdháilfear 40 % ar a laghad den mhéid sin ar eagraíochtaí áitiúla agus réigiúnacha na sochaí sibhialta. Chomh maith le tacaíocht do thionscadail ar leith, tá roinnt forálacha ann freisin do dheontais chun tacú le forbairt acmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun a gcostais reatha a chistiú agus chun iad a fhorbairt.

Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí do mhachnamh a dhéanamh ar conas rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, líonraí gairmiúla agus páirtithe leasmhara eile a mhéadú sa díospóireacht maidir leis an smacht reachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Baineann sé sin le hullmhú na tuarascála agus leis an obair leantach ina leith. Ar bhonn níos ginearálta, agus mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, breithneoidh an Coimisiún bealaí chun raon feidhme a chuid oibre maidir leis an smacht reachta a leathnú chun go mbeidh na saoránaigh rannpháirteach ar bhealach níos dírí.

3.2 Comhar idirnáisiúnta

Is treoirphrionsabal lárnach é an smacht reachta maidir le gníomhaíocht an Aontais lasmuigh dá theorainneacha. Tá an smacht reachta lárnach do ghníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal domhanda, áit a bhfuil sé ina thosaíocht oibriú le comhpháirtithe chun cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn agus chun tíortha daonlathacha ar fud an domhain a neartú. Is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir is mó ar domhan de thacaíocht don daonlathas. Cuireann ionradh na Rúise ar an Úcráin i bhfios go láidir gur gá ár ngníomhaíochtaí a threisiú chun ár luachanna a chur chun cinn agus a chosaint, chun dea-shampla a thabhairt agus chun oibriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, mar shampla i bhfóraim na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa. Chuir an Coimisiún agus roinnt Ballstát le gealltanais an Chruinnithe Mullaigh don Daonlathas arna óstáil ag Uachtarán na Stát Aontaithe chun luachanna daonlathacha a chur chun cinn ar fud an domhain, agus is iadsan atá ag treorú na n‑iarrachtaí i rith na Bliana Gníomhaíochta chun iad a chur chun feidhme.

Is cosantóir daingean chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta é an tAontas ar fud an domhain, mar a léiríodh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 109 , agus i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 110 . Sa gharchomharsanacht, áirítear ar na príomhcheanglais maidir le ballraíocht san Aontas a leagtar amach i ‘gcritéir Chóbanhávan’ an smacht reachta, rud riachtanach do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha chun a bpeirspictíocht Eorpach a bhaint amach, agus an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadú, ina dtugtar áit lárnach don smacht reachta sa phróiseas aontachais. Leanfaidh an tAontas de chur chuige comhleanúnach a leanúint ina chomhar le tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí ar fud na comharsanachta agus ina ghníomhaíocht sheachtrach uile, ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus iltaobhach freisin. Tugann an tAontas aghaidh go rialta ar shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta san idirphlé maidir le cearta an duine le tíortha comhpháirtíochta agus ar leibhéal iltaobhach, go háirithe na Náisiúin Aontaithe.

Chun seasamh leis an smacht reachta ar an leibhéal domhanda, is gá an comhar a neartú maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha 111 . Is iad an smacht reachta, an daonlathas agus cearta an duine na príomhthosaíochtaí i gcónaí don chomhar idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa 112 . Sa chomhthéacs sin, tá athnuachan déanta ag an Aontas ar a thiomantas sochaí shibhialta neamhspleách a chosaint agus a chur chun cinn, agus cosantóirí chearta an duine agus saormheáin á gcosaint an tráth céanna. Is príomhphrionsabal treorach do rannpháirtíocht an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe é tiomantas an Aontais cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh go comhsheasmhach agus go comhleanúnach i ngach réimse dá ghníomhaíocht sheachtrach agus tiomantas an Aontais tacú le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine mar bhunchloch dá ghníomhaíocht sheachtrach. Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe príomhchomhlachtaí Chomhairle na hEorpa 113 , ina gcomhpháirtithe tábhachtacha agus an Tuarascáil á hullmhú, agus chun seasamh leis an smacht reachta san Eoraip, agus leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhoibriú go dlúth leo.

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an phríomhghné sin a neartú tuilleadh ina chuid oibre maidir leis an smacht reachta, chun cur lena dhlúthchaidreamh le Comhairle na hEorpa agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile.

3.3 Gníomhaíocht an Aontais chun an smacht reachta a chosaint

Is sásra coisctheach í an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, arb é is aidhm di feabhas a chur ar staid an smachta reachta ar fud an Aontais, feasacht a mhúscailt maidir le dúshláin agus réitigh a éascú go luath chun meathlú a chosc. Comhlánaíonn sé roinnt sásraí agus ionstraimí eile ar leibhéal an Aontais, gach ceann acu lena gcuspóir féin. Tugann an roinn seo forléargas ar ghníomhaíochtaí agus ar shásraí ábhartha.

Leanadh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir leis an smacht reachta de beith ag daingniú. Thug CBAE rialú ar roinnt iarrataí ar réamhrialuithe arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta. I mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021 114 , shoiléirigh CBAE na trí chineál cásanna inar féidir le cúirt náisiúnta céime deiridh staonadh ó iarraidh ar réamhrialú a chur faoi bhráid CBAE i gcás ina dtugtar ceist a bhaineann le léirmhíniú dhlí an Aontais os a comhair 115 . I gcás eile, rialaigh CBAE go gcuireann dlí an Aontais cosc ar chúirt uachtarach náisiúnta iarraidh ar réamhrialú a dhearbhú mar iarraidh neamhdhleathach ar fhorais nach bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear ábhartha ná riachtanach 116 . Dhearbhaigh CBAE freisin, de bhua thosaíocht dhlí an Aontais, nár cheart cosc a chur le cúirteanna náisiúnta, de bharr riosca smachtbhannaí araíonachta, cinntí ó Chúirt Bhunreachtúil atá contrártha le dlí an Aontais a fhágáil gan feidhm 117 .

Lean CBAE de chásanna um shárú a thug an Coimisiún os a comhair a scrúdú. Nuair nár comhlíonadh bearta idirlinne CBAE, d’iarr an Coimisiún ar CBAE pionóis airgeadais a fhorchur 118 . Lean an Coimisiún dá ról mar chaomhnóir chonarthaí an Aontais a fheidhmiú trí nósanna imeachta um shárú a sheoladh i gcás inarb ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe sonracha ar an smacht reachta 119 .

Maidir leis an nós imeachta chun luachanna coiteanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 7 CAE a chaomhnú, leanann sé ar aghaidh sa Chomhairle a mhéid a bhaineann leis an bPolainn agus leis an Ungáir . Leis an nós imeachta sin, is féidir leis an gComhairle a chinneadh an bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfar sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais agus is féidir léi obair leantach a dhéanamh ar na rioscaí sin. Thionóil an Chomhairle éisteachtaí maidir leis an bPolainn i mí Feabhra 2022, agus maidir leis an Ungáir i mí na Bealtaine 2022 chomh maith le staid ghinearálta na himeartha maidir leis an dá Bhallstát sin i mí na Nollag 2021 120 .

Is réamhchoinníoll bunúsach i gcónaí urraim don smacht reachta chun cistí an Aontais a bhainistiú go cuí. Is é is aidhm don Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta 121 bainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid sna Ballstáit uile ó tháinig an Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus tá treoirlínte glactha aige maidir lena chur i bhfeidhm 122 . Ina breithiúnais an 16 Feabhra 2022, dheimhnigh CBAE 123 go bhfuil an rialachán i gcomhréir le Conarthaí an Aontais. I mí Aibreáin 2022, sheol an Coimisiún den chéad uair an nós imeachta foirmiúil faoin Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta i ndáil leis an Ungáir 124 .

Creat gaolmhar chun roinnt cistí de chuid an Aontais a chosaint is ea Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR) 125 , Rialachán a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Ceanglaítear ar na Ballstáit leis sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm, mar chuid de na ‘coinníollacha cumasúcháin cothrománacha’, chun a áirithiú comhlíontacht na gclár a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí, agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndáil leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena náirítear an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil ag binse neamhspleách neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin sa dlí. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll cumasúcháin cothrománach agus clár á ullmhú acu agus go mbeidh sé á chomhlíonadh i gcónaí le linn na clárthréimhse.

Tá roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta - go háirithe maidir le héifeachtacht na gcóras ceartais, an comhrac i gcoinne an éillithe agus cáilíocht agus cuimsitheacht an phróisis reachtóireachta - ina gcuid den Seimeastar Eorpach sa mhéid go bhfuil na gnéithe sin atá ábhartha ó thaobh maicreacnamaíochta de agus go bhfuil tionchar acu ar an timpeallacht ghnó, ar infheistíocht, ar fhás eacnamaíoch agus ar phoist. Chun aghaidh a thabhairt ar roinnt moltaí tír-shonracha ábhartha faoin Seimeastar trí athchóirithe agus infheistíochtaí nithiúla ar an smacht reachta, rinne an Coimisiún garspriocanna nithiúla a phlé agus a chomhaontú le roinnt Ballstát faoi chuimsiú na bpleananna téarnaimh náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), garspriocanna a d’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil ina dhiaidh sin.

I bPacáiste an Earraigh de chuid Sheimeastar Eorpach 2022, mhol an Coimisiún don Chomhairle moltaí breise a thabhairt do dhá Bhallstát a bhain leis an smacht reachta 126 . Tá tacaíocht theicniúil á cur ar fáil ag an gCoimisiún freisin do na Ballstáit, go háirithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, chun éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas an riaracháin phoiblí agus na gcóras ceartais a fheabhsú. Leanann an Coimisiún den athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn trí Scórchlár Ceartais bliantúil an Aontais 127 . Áirítear i Scórchlár Ceartais an Aontais 2022 den chéad uair sonraí suirbhéanna maidir leis an gcaoi a mbraitheann cuideachtaí éifeachtacht na cosanta infheistíochta sna Ballstáit éagsúla 128 . Tugann na torthaí le fios go bhfuil iompar riaracháin, cobhsaíocht agus cáilíocht an phróisis reachtóireachta, chomh maith le héifeachtacht na gcúirteanna agus cosaint maoine, ina bpríomhthosca a bhfuil tábhacht inchomparáide leo ó thaobh muiníne as cosaint infheistíochta. Tá an Seimeastar Eorpach agus an Scórchlár Ceartais comhlántach leis an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus cuireann siad leis an tuarascáil i gcás inarb ábhartha.

Tá saoirse na meán agus iolrachas na meán ina réimse gníomhaíochta tábhachtach anois ar leibhéal an Aontais. Fógraíodh sraith tionscnamh i bPlean Gníomhaíochta 2020 um an Daonlathas Eorpach agus sa Phlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc chun tacú le saoirse agus iolrachas na meán agus chun iad a chosaint. I mí Mheán Fómhair 2021, chuir an Coimisiún Moladh 129 faoi bhráid na mBallstát maidir le sábháilteacht iriseoirí. I mí Aibreáin 2022, ghlac an Coimisiún pacáiste beart chun iriseoirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosaint ar dhlíthíocht mhíúsáideach (SLAPP) 130 . Tá Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán á ullmhú ag an gCoimisiún freisin.

4.CONCLÚIDÍ AGUS NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Tá an smacht reachta ríthábhachtach do thimpeallacht pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta atá cobhsaí, athléimneach, cothrom agus daonlathach ar fud an Aontais. Tá sé bunriachtanach do Mhargadh Aonair dea-fheidhmiúil agus don Aontas ina iomláine. Is léiriú é freisin ar thoilmhianta agus luachanna mhuintir na hEorpa, a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh. Tá an Coimisiún tiomanta an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn, mar chaomhnóir Chonarthaí an Aontais agus thosaíocht dhlí an Aontais. Ní mór leanúint d’Aontas Eorpach bríomhar, réamhbhreathnaitheach, atá ag aistriú chuig sochaí níos glaise, níos digití agus níos córa ó thaobh na sochaí de, a thógáil ar bhunchlocha láidre. Cuireann ionradh na Rúise ar an Úcráin i gcuimhne dúinn an brú atá ar luachanna caomhnaithe an Aontais. Chun ár saoránaigh agus a gcearta a chosaint, is gá an smacht reachta a chosaint ar bhealach diongbháilte agus comhsheasmhach ar fud an Aontais.

Is cuid thábhachtach í an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta de na hiarrachtaí chun an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint san Aontas, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. De réir rannpháirtíocht agus comhar leanúnach leis na Ballstáit, léirítear i dTuarascáil na bliana seo gur leanadh d’athchóirithe tábhachtacha ar an smacht reachta a dhéanamh i roinnt mhaith Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sna heagráin roimhe seo. Mar sin féin, tá ábhair imní thábhachtacha fós ann i roinnt Ballstát.

Leis an tríú heagrán seo, is cleachtadh seanbhunaithe í an tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus an timthriall plé a leanann as sin leis na Ballstáit, lena n‑áirítear na parlaimintí náisiúnta, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. I gcomhréir le cineál coisctheach na tuarascála, féachtar leis na moltaí a dhéantar den chéad uair i mbliana le tacú leis na Ballstáit ina n‑athchóirithe. I gcásanna áirithe, tugann moltaí treoir do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ar leith a luaitear sa Tuarascáil.

D’ullmhaigh an Coimisiún an tuarascáil seo bunaithe ar idirphlé leanúnach leis na Ballstáit, agus an fhreagracht pholaitiúil as a mheasúnú agus na moltaí a eisíodh á caomhnú aige an tráth céanna. Déanfar obair leantach sa chéad eagrán eile ar na forbairtí agus déanfar measúnú ar chur chun feidhme na moltaí atá ann.

Ag tús timthriall nua bliantúil idirphlé maidir leis an smacht reachta, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa leanúint de dhíospóireachtaí ginearálta agus díospóireachtaí tír-shonracha a thionól ar bhonn na tuarascála sin, agus leas á bhaint as na moltaí féachaint tuilleadh ar chur chun feidhme nithiúil. Is díol sásaimh don Choimisiún freisin tuilleadh díospóireachta ar an leibhéal náisiúnta, ina mbeidh parlaimintí náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus príomhghníomhaithe eile rannpháirteach, ach ar an leibhéal Eorpach freisin, le rannpháirtíocht mhéadaithe ó na saoránaigh. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a shainaithnítear sa Tuarascáil agus tá sé réidh chun cuidiú leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí moltaí na Tuarascála a chur chun feidhme.

(1)      ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’ (An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 2).
(2)      Léiríonn Eorabharaiméadar 508 faoi luachanna agus féiniúlachtaí shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (2021) go dtacaíonn 82 % de mhuintir na hEorpa leis na prionsabail sin.
(3)       An tAitheasc ar Staid an Aontais, 2021.  
(4)      Scórchlár Ceartais an Aontais 2022.
(5)      Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumasú na niriseoirí agus ghairmithe eile na meán a áirithiú san Aontas Eorpach, C(2021) 6650 final, 16.9.2021; togra le haghaidh Treoir maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó míúsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’), COM(2022)177, 27.4.2022; agus Moladh ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’), C(2022)2428, 27.4.2022. Tá an Coimisiún ag cur an Phlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc chun feidhme freisin, plean faoina méadaítear tacaíocht chistithe an Aontais le tionscnaimh maidir le saoirse agus iolrachas na meán.
(6)      In 2022 molfaidh an Coimisiún bearta chun ról agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais a neartú.
(7)      Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1.
(8)      Tá an tuarascáil le foilsiú i mí na Nollag 2022.
(9)      Tá na caibidlí tíre ar fáil anseo .
(10)      Déantar tagairt do na moltaí i bhfonótaí ar fud na Tuarascála seo, liostaítear san Iarscríbhinn iad, agus tá siad sna caibidlí tíre faoi leith freisin.
(11)      Tugadh an mhodheolaíocht cothrom le dáta tar éis plé leis na Ballstáit, go suntasach chun úsáid na bhfoinsí sa mheasúnú a shonrú níos fearr agus lena chur san áireamh go mbeadh moltaí sa Tuarascáil. Tá an mhodheolaíocht ar fáil anseo .
(12)      Tá na moltaí gan dochar d’aon imeachtaí a d’fhéadfadh an Coimisiún a thionscnamh faoi ionstraimí dlíthiúla eile, amhail imeachtaí um sháruithe nó an Rialachán Ginearálta um Choinníollacht.
(13)      I gcás inarb ábhartha, leagtar amach seasaimh sheanbhunaithe de chuid an Choimisiúin faoi na próisis sin i leith an Bhallstáit atá i gceist roimh na moltaí.
(14)      Áirítear ar fhoinsí na Tuarascála bliantúla maidir leis an Smacht Reachta, go háirithe, ionchur i scríbhinn a fuarthas ó na Ballstáit, aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas le linn an chomhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara, faisnéis arna heisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus faisnéis a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta agus ó pháirtithe leasmhara le linn na gcuairteanna tíre. Is foinsí eolais na foinsí sin le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin agus, dá réir sin, ní léiriú iad ar sheasamh an Choimisiúin.
(15)       2022 Rule of law report - input from Member States .
(16)      Gheofar faisnéis faoi na cuairteanna tíre sna caibidlí tíre. Le linn na gcuairteanna sin, chuaigh an Coimisiún i mbun plé le húdaráis náisiúnta na mBallstát, lena náirítear údaráis bhreithiúnacha agus neamhspleácha, le heagrais forfheidhmithe dlí, agus le páirtithe leasmhara amhail comhlachais iriseoirí agus an tsochaí shibhialta.
(17)      Rinneadh an comhairliúchán idir mí na Nollag 2021 agus mí Eanáir 2022. 2022 Rule of law report - targeted stakeholder consultation .
(18)       2022 Rule of law report - Council of Europe contribution .
(19)       Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh .
(20)      Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v. an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 míreanna 44 agus 58.
(21)

     Tá tagairt i roinn 4 do na príomhbhreithiúnais ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach.

(22)    Fíoracha 50 agus 52, Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2022.
(23)      D’aithin an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir le Comhairle Breithiúna a bheith ina coimirce don neamhspleáchas breithiúnach ar choinníoll go bhfuil sí neamhspleách a dóthain ar na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha agus ar an gcomhlacht a gcuireann sí aon tuairim faoina bhráid. Féach e.g. breithiúnas an 2 Márta 2021, AB et al (Ceapachán breithiúna ar an gCúirt Uachtarach – Caingní), C-824/18, míreanna 123-125, agus an cásdlí a luaitear ann.
(24)      Féach go háirithe Moladh CM/Rec(2010)12 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa.
(25)      Déantar moltaí i leith BG, IE, ES, IT, CY, LU, PT, SK, SE.
(26)      Déantar moltaí i leith HU.
(27)      Féach Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, breithiúnas an 2 Márta 2021, AB et al (Ceapachán breithiúna ar an gCúirt Uachtarach – Caingní), C-824/18, míreanna 117, 119, 123, agus an cásdlí a luaitear ann. Rannpháirtíocht comhlachtaí neamhspleácha, amhail comhairlí breithiúna, i bpróiseas na gceapachán breithiúnacha, féadfaidh i bprionsabal gur rud é a rannchuideoidh le hoibiachtúlacht an phróisis a mhéadú, ar choinníoll go mbíonn an comhlacht sin féin neamhspleách a dhóthain ar an reachtas agus ar an bhfeidhmeannas (Féach breithiúnais an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v. an Pholainn, C-791/19, míreanna 98-108; an 20 Aibreán 2021, C-896/19 ,mír 66; an 2 Márta 2021, AB et al (Ceapachán breithiúna ar an gCúirt Uachtarach – Caingní), C-824/18, míreanna 66, 124 agus 125; agus an 19 Samhain 2019, AK et al, cásanna uamtha C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, míreanna 137 agus 138).
(28)      Déantar moltaí i leith EL. CY, MT, AT.
(29)      Déantar moltaí i leith BG. LV, LT, HU.
(30)      Déantar moltaí i leith CZ, ES, AT, SK. Tá garsprioc ábhartha i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta BG.
(31)      Déantar moltaí i leith PL.
(32)      Mheabhraigh an Chúirt an prionsabal sin den uair dheireanach i gcásanna a bhain le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (Breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún Eorpach v. Poblacht na Polainne, C-791/19) agus le Cigireacht Bhreithiúnach na Rómáine (Breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia 'Forumul Judecătorilor din România' agus Eile v Inspecţia Judiciară agus Eile, cásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19).
(33) Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh an 25 Iúil 2018, LM, C-216/18 PPU, mír 67.
(34)      Glacadh roinnt athruithe reachtacha i mí an Mheithimh 2022.
(35)      Déantar moltaí i leith HR. PT, RO, SI, SK. Maidir le PL, bhí an córas araíonacht do bhreithiúna faoi réir imeachtaí um shárú. Tá garsprioc ábhartha sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta.
(36)      Déantar moltaí i leith BE, DK, DE, FR, MT.
(37)      Déantar moltaí i leith FR. IT, NL, FI.
(38)      Déantar moltaí i leith IE, LT, LU.
(39)      Innéacs a fhoilsíonn Transparency International go bliantúil: https://www.transparency.org/en/cpi/2021  
(40)      De réir thorthaí na bliana seo caite, tá scór 80/100 nó níos airde ar an innéacs ag sé Bhallstát (an Danmhairg, an Fhionlainn, an tSualainn, an Ísiltír, Lucsamburg, agus an Ghearmáin) agus tá scór os cionn 72/100 ag cúig Bhallstát eile (an Ostair, an Eastóin, Éire, an Bheilg, agus an Fhrainc).
(41)      Eorabharaiméadar Speisialta 523 faoin Éilliú (2022) agus FlaisEorabharaiméadar 507 maidir le dearcadh na ngnólachtaí i dtaca leis an éilliú san Aontas Eorpach (2022). Tugtar sonraí an Eorabharaiméadair maidir le dearcadh na ngnólachtaí i dtaca leis an éilliú cothrom le dáta gach re bliain. Sonraí an Eorabharaiméadair maidir le braistint agus taithí na saoránach agus na ngnólachtaí i dtaca leis an éilliú mar a tuairiscíodh an bhliain roimhe, tugtar cothrom le dáta iad gach re bliain. Is iad Eorabharaiméadar Speisialta 502 (2020) agus FlaisEorabharaiméadar 482 (2019) na tacair sonraí roimhe seo.
(42) .    Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe, cuirtear oibleagáid ar Pháirtithe Stáit, i gcomhréir le bunphrionsabail a gcóras dlí féin, beartais éifeachtacha chomhordaithe frithéillithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, nó a choinneáil ar bun, beartais lena gcuirfear rannpháirtíocht na sochaí chun cinn agus a bheidh i gcomhréir le prionsabail an smeachta reachta, cheartbhainistíocht na ngnóthaí poiblí agus na maoine poiblí, an ionracais, na trédhearcachta, agus na cuntasachta. Tá na Ballstáit uile agus an tAontas féin ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.
(43)      Féach freisin Ráiteas Kuala Lumpur maidir le Straitéisí Frithéillithe .
(44)      Mar a luadh i dtuarascáil na bliana seo caite, le go gcuirfear na straitéisí sin chun feidhme go héifeachtach agus go dtiocfadh torthaí inbhraite astu, is eilimintí tábhachtacha iad cuspóirí soiléire intomhaiste a bheith ann, mar aon le hacmhainní leordhóthanacha, tacaíocht thiomnaithe agus faireachán tiomnaithe ar an gcur chun feidhme, meastóireacht thráthrialta, agus freagrachtaí a shainítear go soiléir i gcás institiúidí speisialaithe, chomh maith le páirt láidir a bheith ag na páirtithe leasmhara ábhartha (COM(2021) 700 final, lch. 11).
(45)      Déantar moltaí i leith LV, LT, PT, SI, FI.
(46)      Go príomha, Coinbhinsiún Dlí Choiriúil Chomhairle na hEorpa maidir le hÉilliú agus a Coinbhinsiún Dlí Shibhialta maidir le hÉilliú; Coinbhinsiún ECFE maidir le hoifigigh phoiblí eachtracha a bhreabadh in idirbhearta gnó idirnáisiúnta a chomhrac; agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe.
(47)      Áirítear ar reachtaíocht an Aontais a bhfuil tionchar mór aige chun an comhrac in aghaidh an éillithe a éascú: rialacha maidir leis an éilliú a choiriúlú, reo agus coigistiú sócmhainní, cosaint leasanna airgeadais an Aontais, caighdeáin chun sceithirí a chosaint, rialacha athbhreithnithe in aghaidh sciúradh an airgid, go suntasach trí chláir úinéireachta tairbhiúla cuideachtaí a bhunú, agus bearta breise chun cuidiú le malartú na faisnéise airgeadais agus chun dlús a chur le himscrúduithe airgeadais.
(48)      Déantar moltaí i leith FI, SE.
(49)      Déantar moltaí i leith BG.
(50)      Déantar moltaí i leith CY, IT, FR, LU, RO, SI, SK.
(51)      I gcomhthéacs an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta.
(52)      Déantar moltaí i leith CZ, ES, MT. Tá garsprioc maidir le riaráistí agus fad na nimeachtaí a laghdú i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta HR freisin.
(53)      Déantar moltaí i leith PL.
(54)      Mar a luadh i dTuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, is deacair, mar gheall ar an easpa staitisticí aonfhoirmeacha comhdhlúite cothrom le dáta ar fud na mBallstát, rátaí ratha coibhneasta a rianú maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh na gcásanna éillithe. Tá an measúnú bunaithe ar shonraí arna soláthar ag na Ballstáit.
(55)      Déantar moltaí i leith BG, EL, HU.
(56)      Comhairle na hEorpa, Moladh Rec(2000)10 maidir le cóid iompair le haghaidh oifigigh phoiblí.
(57)      Déantar moltaí i leith BG. EE, IE, SK.
(58)      Déantar moltaí i leith BE, CZ, NL.
(59)

     ECFE (2021) Lobbying in the 21st century.

(60)      ECFE (2010), Recommendation of the Council on Principles for Transparency and Integrity in Lobbying; caighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le trédhearcacht na brústocaireachta, Moladh CM/Rec(2017)2.
(61)      Déantar moltaí i leith BE, DK, DE, EE, IE, ES, FR, HR, IT, LV, LU, HU, NL, PL, RO, SK. Tá garspriocanna ábhartha i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta CZ freisin.
(62)      Déantar moltaí i leith BE, DK, DE, IE, NL, SE.
(63)      Déantar moltaí i leith CZ, IE, EL, CY, HU, PL, AT, PT, SK. Tá garspriocanna ábhartha i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta HR freisin.
(64)      Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(65)      Déantar moltaí i leith DK, IT, AT.
(66)      Tuarascáil ón gCoimisiún, Report on Investor Citizenship and Residence Schemes in the EU [Tuarascáil maidir le Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí san Aontas Eorpach], arna glacadh an 23 Eanáir 2019, COM(2019) 12 final.
(67)      Sheol an Coimisiún nósanna imeachtaí um shárú maidir leis na scéimeanna a bhí á gcur i bhfeidhm ag an gCipir agus ag Málta.
(68)      Moladh i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin i ndáil le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí, arna ghlacadh an 28 Márta 2022, C(2022) 2028. Úsáidtear scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i 19 mBallstát san iomlán: an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, agus an tSlóvaic.
(69)      Lean an Coimisiún d’imeachtaí um shárú in aghaidh Mhálta.
(70)    Is foinse thábhachtach é an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin do Thuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta. Is uirlis eolaíoch agus iomlánaíoch é lena ndéantar sláinte na gcreataí meán a dhoiciméadú agus ina sonraítear na bagairtí ar iolrachas agus saoirse na meán sna Ballstáit agus i roinnt tíortha is iarrthóirí. Tá sé cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus tá sé á chur chun feidhme, ar bhealach neamhspleách agus ar bhonn rialta, ag an Lárionad um Shaoirse agus Iolrachas na Meán [Centre for Media Pluralism and Media Freedom] ó bhí 2013-14 ann. D’úsáid an Coimisiún foinsí eile freisin, amhail an tInnéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa de chuid Thuairisceoirí gan Teorainneacha agus Ardán Chomhairle na hEorpa chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí a chur chun cinn, mar a thagraítear dóibh sna caibidlí tíre.
(71)      Treoir (AE) 2018/1808 an 14 Samhain 2018.
(72)      Déantar moltaí i leith ES, HU.
(73)      Recommendation CM/Rec(2018)11 of the Committee of Ministers to member States on media pluralism and transparency of media ownership.
(74)      Treoir (AE) 2010/13/AE an 10 Márta 2010, Airteagal 5(2), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 an 14 Samhain 2018. Tá oibleagáidí ginearálta (neamhearnálacha) maidir le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla ann freisin sna Treoracha maidir le Frithsciúradh Airgid (Treoir (AE) 2018/843 an 30 Bealtaine 2018 agus Treoir (AE) 2015/849 an 20 Bealtaine 2015).
(75)      Déantar moltaí i leith CZ, FR.
(76)      Déantar moltaí i leith BG. HR, HU, AT.
(77)      Prótacal (Uimh. 29) maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(78)       Council of Europe Recommendation CM/Rec(2012)1 on public service media governance .
(79)      Déantar moltaí i leith CZ, CY, HU, MT, PL, RO, SI, SK.
(80)      Déantar moltaí i leith PL. Tá nós imeachta um shárú fós ar siúl maidir le HU.
(81)      Déantar moltaí i leith BE, DK, DE, EE, ES, LT, LU, MT, AT, FI.
(82)       Léiríonn Ardán Chomhairle na hEorpa méadú 42 % ar fholáirimh agus cláraíodh méadú 72 % ar fholáirimh i mBallstáit an Aontais idir 2020 agus 2021 ar Ardán MMF, agus bhain céatadán suntasach d’fholáirimh 2021 le ciapadh agus ionsaithe le linn agóidí a bhain le COVID.
(83)      Déantar moltaí i leith EL. HR, SI, SK.
(84)      Déantar moltaí i leith IE, HR, IT.
(85)      Déantar moltaí i leith EE, CY, LV, LU, PT, RO.
(86)      In dhá bhreithiúnas uaithi, rialaigh CBAE nár cheart cosc a chur le cúirteanna náisiúnta cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil atá contrártha le dlí an Aontais a fhágáil gan feidhm de bharr riosca smachtbhannaí araíonachta (Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., i gcásanna uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19) agus rialaigh sé freisin go gcoisctear le dlí Aontais aon riail nó cleachtas náisiúnta as a neascródh dliteanas araíonachta as mainneachtain na mbreithiúna náisiúnta cinntí den sórt sin a chomhlíonadh (Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Feabhra 2022, RS, i gcásanna C-430/21, mír. 87). Rud atá tábhachtach, d’eisigh ArdChúirt Achomhairc agus Bhreithiúnais na Rómáine roinnt breithiúnas lena gcuirtear cásdlí na Cúirte Bunreachtúla i leataobh maidir le comhdhéanamh phainéil na mbreithiúna agus leis sin, tugadh éifeacht do bhreithiúnas CBAE an 21 Nollaig 2021, agus ar an gcaoi sin tugadh tosaíocht do phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.
(87)      Preaseisiúint ón gCoimisiún IP/21/7070, an 22 Nollaig 2021. Féach thíos, Roinn 3.2.
(88)      I bPrionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe, a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 1993 (Rún A/RES/48/134), leagtar amach na príomhchritéir nach mór do NHRInna a chomhlíonadh. Déantar NHRInna a chreidiúnú go tréimhsiúil os comhair an Fhochoiste um Chreidiúnú de chuid Chomhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine.
(89)      Déantar moltaí i leith HR, NL, PL.
(90)      Déantar moltaí i leith CZ, IT, LT, MT, PL, RO, SI.
(91)      Is é Coiste Airí Chomhairle na hEorpa a dhéanann maoirseacht ar ghlacadh na mbeart is gá chun breithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a fhorghníomhú.
(92)      European Implementation Network and Democracy Reporting International, Justice Delayed and Justice Denied: NonImplementation of European Courts Judgments and the Rule of Law.
(93)      Bhunaigh Parlaimint na hEorpa coiste imscrúdaitheach sonrach (‘PEGA’) chun aghaidh a thabhairt ar úsáid earraí spiaireachta faireachais ‘Pegasus’ agus teicneolaíochtaí comhchosúla eile san Aontas.
(94)      Breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, An Coimisiún v. An Ungáir, C-78/18, EU:C:2020:476, míreanna 112 agus 113.
(95)      Féach go háirithe Moladh Rec(2007)14 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip.
(96)      De réir an rátáil a thug CIVICUS (eagraíocht neamhrialtasach). Tá rátálacha ar scála cúig chatagóir agus sainmhínítear iad mar a leanas: oscail, cúngaithe, bactha, curtha faoi chois agus dúnta. I gcomparáid le 2021, rinneadh dhá Bhallstát a íosghrádú ar an scála ó bheith oscailte go cúngaithe agus ceann amháin acu ó bheith cúngaithe go ‘bactha’.
(97)      Déantar moltaí i leith DE. IE, EL, SE.
(98)      Déantar moltaí i leith HU, PL.
(99)      Sa phlé, díríodh ar phríomhfhorbairtí sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, sa Laitvia agus sa Liotuáin.
(100)      Sa phlé díríodh ar phríomhfhorbairtí i Lucsamburg, san Ungáir, i Málta, san Ísiltír agus san Ostair.
(101)      Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó CBAE, P9_TA(2022)0074; Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás atá ann don tsochaí shibhialta san Eoraip, P9_TA(2022)0056; an 16 Nollaig 2021 maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta sa tSlóivéin, go háirithe ainmniú moillithe ionchúisitheoirí OIPE, P9_TA(2021)0512; an 15 Nollaig 2021 maidir le tionchar na coireachta eagraithe ar acmhainní dílse an Aontais agus maidir le míúsáid chistí an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar bhainistiú comhroinnte ó thaobh na hiniúchóireachta agus an rialaithe de, P9_TA(2021)0501; an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas Eorpach: an úsáid mhíchuí a bhaintear as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost, P9_TA(2021)0451.
(102)      Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (P9_TA(2022)0212).
(103)      Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE a mhéid a bhaineann leis an bPolainn agus an Ungáir, P9_TA(2022)0204; Ghlac Parlaimint na hEorpa trí rún san iomlán maidir leis an smacht reachta sa Pholainn agus san Ungáir ó bhí an 20 Iúil 2021 ann: rún an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí an Aontais, P9_TA(2021)0439; an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le saoirse na meán agus an meath breise ar an smacht reachta sa Pholainn, P9_TA(2021)0395; an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais agus ar chearta saoránach LADTIA san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire, P9_TA(2021)0362.
(104)      Is comhlacht cothrománach laistigh de CESE é an grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta (FRRL), comhlacht a bhfuil sé de chúram air fóram a chur ar fáil d’eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa chun teacht le chéile agus a measúnú ar staid na gceart bunúsach, ar an daonlathais agus ar an smachta reachta sna Ballstáit a chomhroinnt.
(105)      Áirítear ar shainchúram Choimisiún CIVEX Gnóthaí Bunreachtúla, Rialachas, Reachtóireacht Níos Fearr, Coimhdeacht agus Comhréireacht.
(106)      Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta.
(107)      An Gréasán um Chearta an Duine agus um an Daonlathas, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus Sochaí Shibhialta na hEorpa.
(108)       Moltaí ó sochaí shibhialta na hEorpa: an chaoi ar féidir leis an gCoimisiún inchreidteacht, cuimsitheacht agus tionchar na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta a fheabhsú, An Chomhpháirtíocht Eorpach um Dhaonlathas .
(109)       Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020‑2024 .
(110)       Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe .
(111)      Amhail na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).    
(112)       Conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais le haghaidh comhar le Comhairle na hEorpa 2020-2022 .
(113)      Coimisiún na Veinéise, an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE), Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE), an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR).
(114)      Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C-561/19, ECLI:EU:C:2021:799.
(115)      Bhí trí chás leagtha amach ag an gCúirt nach bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirteanna nó binsí náisiúnta céime deiridh tagairt a dhéanamh le haghaidh réamhrialú in Cilfit (Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 1982, Cilfit and Others, 283/81, ECLI:EU:C:1982:335): (i) tá an cheist ábhartha ó thaobh réiteach na díospóide de; (ii) rinne an Chúirt an fhoráil de dhlí an Aontais atá i gceist a léirmhíniú cheana féin; agus (iii) tá an léirmhíniú ceart ar dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon scóip d’aon amhras réasúnach. Os a choinne sin, mura mbaineann aon cheann de na cásanna sin leis an gceist a bhaineann le léirmhíniú dhlí an Aontais, ní mór don chúirt nó don bhinse céime deiridh an tábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.
(116)      Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Samhain 2021, IS, C-564/19, ECLI:EU:C:2021:949.
(117)      Breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., i gcásanna uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19.
(118)      An 27 Deireadh Fómhair 2021, d’fhorchuir an Chúirt Bhreithiúnais EUR 1 mhilliún mar íocaíocht phionósach laethúil ar an bPolainn fad is nach raibh ordú na Cúirte maidir le bearta idirlinne an 14 Iúil 2021, i ndáil le feidhmiú dhlísheomra araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne, á chomhlíonadh.
(119)      Go háirithe, an 22 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún tús a chur le nós imeachta um shárú i gcoinne na Polainne mar gheall ar ábhair imní thromchúiseacha maidir le Binse Bunreachtúil na Polainne agus a chásdlí le déanaí lena ndéantar agóid i gcoinne ardcheannas dhlí an Aontais.
(120)      Thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 7 CAE i gcoinne na Polainne in 2017 agus rinne Parlaimint na hEorpa iad a thionscnamh i gcoinne na hUngáire in 2018.
(121)      Rialachán (AE) 2020/2092 an 16 Nollaig 2020, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1.
(122)      C(2022) 1382 final. Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm chóras ginearálta an rialacháin maidir le coinníollacht.
(123)      Féach cásanna C-156/21 agus C-157/21. An 16 Feabhra 2022, thug CBAE a breithiúnais agus dhiúltaigh sí na caingne a thaisc an Pholainn agus an Ungáir chun an Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta a neamhniú.
(124)      An 27 Aibreán 2022, sheol an Coimisiún den chéad uair an chéim den nós imeachta a bunaíodh faoi Airteagal 6(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta.
(125)      Rialachán (AE) 2021/1060 an 24 Meitheamh 2021.
(126)     An Seimeastar Eorpach 2022: Pacáiste an Earraigh .
(127)      Foilsíodh Scórchlár Ceartais an Aontais 2022 an 19 Bealtaine 2022: Scórchlár Ceartais an Aontais .
(128)    Fíoracha 54 agus 55, Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2022.
(129) Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumasú na niriseoirí agus ghairmithe eile na meán a áirithiú san Aontas Eorpach, C(2021) 6650 final, 16.9.2021.
(130)      Togra le haghaidh Treoir maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó míúsáideach (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’), COM(2022)177 final, 27.4.2022 agus Moladh ón gCoimisiún    maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó míúsáideach (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’), C(2022)2428, 27.4.2022.

Lucsamburg, 13.7.2022

COM(2022) 500 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta

{SWD(2022) 501 final} - {SWD(2022) 502 final} - {SWD(2022) 503 final} - {SWD(2022) 504 final} - {SWD(2022) 505 final} - {SWD(2022) 506 final} - {SWD(2022) 507 final} - {SWD(2022) 508 final} - {SWD(2022) 509 final} - {SWD(2022) 510 final} - {SWD(2022) 511 final} - {SWD(2022) 512 final} - {SWD(2022) 513 final} - {SWD(2022) 514 final} - {SWD(2022) 515 final} - {SWD(2022) 516 final} - {SWD(2022) 517 final} - {SWD(2022) 518 final} - {SWD(2022) 519 final} - {SWD(2022) 520 final} - {SWD(2022) 521 final} - {SWD(2022) 522 final} - {SWD(2022) 523 final} - {SWD(2022) 524 final} - {SWD(2022) 525 final} - {SWD(2022) 526 final} - {SWD(2022) 527 final}


IARSCRÍBHINN

Moltaí do na Ballstáit

an Bheilg

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don Bheilg an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint le bearta chun acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a sholáthar don chóras ceartais ina iomláine, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní don chóras ceartais á gcur san áireamh

·An tathchóiriú reachtaíochta maidir le brústocaireacht a chur i gcrích, creat a bhunú lena náirítear clár trédhearcachta agus lorg reachtach, a chumhdaíonn feisirí na Parlaiminte agus feisirí an Rialtais araon.

·An creat sláine a neartú, lena náirítear trí Chód Iompair a ghlacadh lena gcumhdaítear comhaltaí uile na noifigí aireachta príobháideacha, rialacha maidir le bronntanais agus sochair do chomhaltaí na Parlaiminte agus an Rialtais agus rialacha maidir le doirse imrothlacha le haghaidh rialtais agus a noifigí príobháideacha.

·An creat maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla a neartú, go háirithe trí fheabhas a chur ar na próisis iarrata agus achomhairc agus trí theorainn a chur leis na forais chun iarrataí ar nochtadh a dhiúltú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh



an Bhulgáir

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe agus na gealltanais atá fágtha faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin a mheabhrú, moltar don Bhulgáir an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Gnáthchomórtais thráthúla le haghaidh ardú céime a áirithiú ionas nach dtabharfar breithiúna ar iasacht fhadtéarmach chun poist fholmha a líonadh, agus caighdeáin Eorpacha maidir le breithiúna a thabhairt ar iasacht á gcur san áireamh.

·Leanúint ar aghaidh leis na leasuithe reachtacha arb é is aidhm dóibh feidhmiú na Cigireachta chuig an Ardchomhairle Bhreithiúnach a fheabhsú agus an baol go mbeadh tionchar polaitiúil ann a sheachaint, go háirithe trí pháirt a thabhairt do chomhlachtaí breithiúnacha i roghnú a cuid comhaltaí.

·Céimeanna a ghlacadh chun comhdhéanamh na hUaschomhairle Breithiúnaí a oiriúnú, agus caighdeáin Eorpacha maidir leis na Comhairlí um na Breithiúna á gcur san áireamh.

·Leanúint le bearta a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar shláine earnálacha sonracha an riaracháin phoiblí, lena náirítear bearta atá oiriúnaithe do na póilíní agus do na breithiúna.

·A áirithiú go mbeidh éifeachtacht fheabhsaithe maidir le himscrúduithe agus cuntas teiste láidir ionchúisimh agus breithiúnas críochnaitheach i gcásanna ardleibhéil éillithe mar thoradh ar na hathchóirithe institiúideacha ar an gCoimisiún FrithÉillithe agus ar na húdaráis bhreithiúnacha speisialaithe.

·Trédhearcacht a fheabhsú agus fógraíocht stáit á leithdháileadh, go háirithe maidir le fógraíocht stáit atá ar conradh trí idirghabhálaithe, amhail gníomhaireachtaí meán.



an tSeicia

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar don tSeicia an méid seo a leanas a dhéanamh:

·An tathchóiriú ar an tseirbhís ionchúisimh a thabhairt ar aghaidh agus é mar aidhm bhunaidh aige coimircí a thabhairt isteach chun an PríomhIonchúisitheoir agus príomhionchúisitheoirí poiblí eile a dhífhostú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas agus uathriail an ionchúisimh á gcur san áireamh.

·Bearta a dhéanamh chun fad na nimeachtaí a laghdú chun cuntas teiste láidir a áirithiú maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus breithiúnais chríochnaitheacha i gcásanna éillithe ardleibhéil.

·An creat sláine d’Fheisirí na Parlaiminte a neartú, go háirithe trína áirithiú go bhfuil Cóid Eitice i bhfeidhm don dá Theach den Pharlaimint.

·An tathbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le dearbhuithe sócmhainní agus maidir le coinbhleacht leasa a thabhairt chun críche, lena náirítear an sainmhíniú ar úinéireacht thairbhiúil a shoiléiriú agus dul chun cinn a dhéanamh le hathchóirithe breise a bhaineann le trédhearcacht na faisnéise faoi úinéireacht na meán.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Céimeanna a ghlacadh chun Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine a bhunú agus Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh.



an Danmhairg

Moltar don Danmhairg an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a áirithiú don chóras ceartais sa chéad chreat ilbhliantúil eile, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní don chóras ceartais á gcur san áireamh.

·Reachtaíocht nua a ghlacadh maidir le maoiniú páirtithe polaitíochta lena dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ndeonachán iolrach agus anaithnid agus lena dtabharfar isteach smachtbhannaí as na rialacha maidir le creat na bpáirtithe polaitiúla a shárú.

·Rialacha a thabhairt isteach maidir le ‘doirse imrothlacha’ d’airí agus maidir le brústocaireacht, agus rialú leordhóthanach a áirithiú ar dhearbhuithe sócmhainní a chuireann daoine ar a bhfuil na príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin isteach.

·Leanúint leis an bpróiseas atá dírithe ar an Acht um Rochtain ar Dhoiciméid Riaracháin Phoiblí a athchóiriú chun an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid a neartú, go háirithe trí theorainn a chur leis na forais chun iarrataí ar nochtadh a dhiúltú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.



an Ghearmáin

Moltar don Ghearmáin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don chóras ceartais mar chuid de chomhshocrú nua an smachta reachta, lena náirítear maidir le leibhéal na dtuarastal do bhreithiúna, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní agus luach saothair don chóras ceartais á gcur san áireamh.

·Dul ar aghaidh leis na pleananna chun ‘lorg reachtach’ a thabhairt isteach chun go bhféadfar faireachán agus rianú a dhéanamh ar na hionadaithe sainleasa uile a fhéachann le tionchar a imirt ar théacsanna sonracha reachtacha agus cur leo.

·Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le doirse imrothlacha a neartú trí chomhsheasmhacht na rialacha éagsúla is infheidhme a mhéadú, trí thrédhearcacht na núdaruithe chun oifigigh phoiblí a fhostú amach anseo, agus trí fhad na dtréimhsí marana d’airí cónaidhme agus do státrúnaithe parlaiminteacha cónaidhme.

·An plean a thabhairt ar aghaidh chun bunús dlí a chruthú do cheart chun faisnéise an phreasa maidir le húdaráis chónaidhme, agus caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid á gcur san áireamh.

·An plean a thabhairt ar aghaidh chun an stádas díolmhaithe ó cháin a oiriúnú d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair maidir lena bhfeidhmiú sa chleachtas, agus caighdeáin Eorpacha maidir le cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta á gcur san áireamh.



an Eastóin

Moltar don Eastóin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go mbeidh na treoirlínte maidir le coinbhleacht leasa faoi réir sásra éifeachtach fíorúcháin, faireacháin agus forfheidhmithe.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun na treoirlínte maidir le brústocaireacht a chur chun feidhme go héifeachtach.

·A áirithiú go gcuirtear an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis chun feidhme ar bhealach praiticiúil comhsheasmhach éifeachtach, agus caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.

·Leanúint ar aghaidh leis an ardán digiteach chun an próiseas reachtach a dhéanamh níos infheicthe agus níos cuimsithí le haghaidh comhairliúchán poiblí.



Éire

Moltar d’Éirinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go gcuirtear na caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha san áireamh san athchóiriú ar cheapachán agus ardú céime na mbreithiúna, a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha.

·Leanúint de ghníomhaíochtaí arb aidhm dóibh costais na dlíthíochta a laghdú chun rochtain éifeachtach an cheartais a áirithiú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le costais díréireacha dlíthíochta agus le tionchar na gcostas sin ar rochtain na gcúirteanna á gcur san áireamh.

·An creat eitice atá ann faoi láthair a neartú maidir le cóid iompair, dearbhuithe sócmhainní, fáinní fí agus brústocaireacht i measc nithe eile, agus go háirithe ó thaobh inniúlacht faireacháin agus forfheidhmithe an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí de.

·Leanúint d’athchóiriú an Achta um Chlúmhilleadh chun an timpeallacht ghairmiúil le haghaidh iriseoirí a fheabhsú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint na niriseoirí á gcur san áireamh.

·Bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní dlíthiúla a bhaineann le rochtain eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gcistiú.



an Ghréig

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar don Ghréig an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le rannpháirtíocht na mbreithiúna i gceapadh Uachtarán agus LeasUachtarán na Comhairle Stáit, na Cúirte Uachtaraí agus na Cúirte Iniúchóireachta, agus caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha á gcur san áireamh.

·A áirithiú go ndéanfar fíorú éifeachtach agus córasach ar chruinneas na nochtuithe sócmhainní a chomhdaíonn gach cineál oifigeach poiblí.

·Cur leis na hiarrachtaí chun cuntas teiste láidir a bhunú maidir le hionchúisimh agus breithiúnais chríochnaitheacha i gcásanna éillithe.

·Coimircí reachtacha agus coimircí eile a bhunú chun feabhas a chur ar shábháilteacht fhisiciúil agus ar thimpeallacht oibre iriseoirí, i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana a glacadh le déanaí agus caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint iriseoirí á gcur san áireamh.

·A áirithiú go bhfuil na ceanglais chlárúcháin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta comhréireach d’fhonn creat oscailte a chothabháil a fheidhmeoidh siad.



an Spáinn

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don Spáinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Reacht an PhríomhIonchúisitheora a neartú, go háirithe maidir le téarmaí oifige an PhríomhIonchúisitheora a scaradh ó théarmaí oifige an Rialtais, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas agus uathriail an ionchúisimh á gcur san áireamh.

·Leanúint ar aghaidh le hathnuachan na Comhairle do na Breithiúna mar ábhar tosaíochta agus tús a chur, díreach i ndiaidh na hathnuachana, le próiseas chun an chaoi a gceaptar a comhaltaí breithiúna a oiriúnú, agus caighdeáin Eorpacha á gcur san áireamh.

·Leanúint leis na hiarrachtaí reachtaíocht a chur síos maidir le brústocaireacht, lena náirítear clár poiblí éigeantach brústocairí a bhunú.

·Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le fad na nimscrúduithe agus na nionchúiseamh chun cur leis an éifeachtúlacht agus cásanna éillithe ardleibhéil á láimhseáil.

·Acmhainní leordhóthanacha a áirithiú d’údarás rialála náisiúnta na meán closamhairc chun a chuid oibríochtaí a neartú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas rialtóirí na meán á gcur san áireamh, go háirithe maidir le leordhóthanacht acmhainní.

·Obair a dhéanamh chun rochtain ar fhaisnéis a neartú, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Dlí maidir le Rúin Oifigiúla.



an Fhrainc

Moltar don Fhrainc an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun na tionscadail atá ar siúl a thabhairt chun críche lena ndírítear ar dhigitiú iomlán a dhéanamh ar imeachtaí cúirte sibhialta agus coiriúla.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun acmhainní leordhóthanacha daonna a áirithiú don chóras ceartais, lena náirítear na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar a éifeachtacht, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní don chóras ceartais á gcur san áireamh.

·Leanúint de chionta ardleibhéil éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith go héifeachtach.

·A áirithiú go gcuirfear rialacha maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir leis na gníomhaithe ábhartha uile, lena náirítear ar an leibhéal feidhmiúcháin is airde.

·Feabhas a chur ar thrédhearcacht úinéireacht na meán, go háirithe maidir le struchtúir chasta scairsheilbhe, ag tógáil ar na coimircí dlíthiúla atá ann cheana.



an Chróit

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar don Chróit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Athmhachnamh a dhéanamh ar na seiceálacha slándála tréimhsiúla nua a rinne an Ghníomhaireacht Náisiúnta Slándála maidir leis na breithiúna agus na haturnaetha stáit go léir trína sláine a áirithiú bunaithe ar shásraí eile atá ann cheana, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach agus uathriail ionchúisitheoirí á gcur san áireamh, chomh maith le tuairim Choimisiún na Veinéise.

·Reachtaíocht chuimsitheach a thabhairt isteach i réimse na brústocaireachta, lena náirítear daoine a bhfuil ardphoist feidhmiúcháin acu, agus clár poiblí brústocairí a chur ar bun.

·An creat a neartú a thuilleadh chun fógraíocht stáit a leithdháileadh ar bhealach cothrom agus trédhearcach, trí chritéir shoiléire, deachleachtais agus bearta maoirseachta a bhunú chun a rathú go bhfeidhmeoidh an nós imeachta tairisceana poiblí nua do na meáin áitiúla agus réigiúnacha go héifeachtach.

·Aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcásanna straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail atá dírithe ar iriseoirí, lena náirítear trí aghaidh a thabhairt ar mhíúsáid forálacha dlí maidir le clúmhilleadh agus feasacht a spreagadh, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hiriseoirí a chosaint á gcur san áireamh.

·A áirithiú go ndéantar obair leantach níos córasaí ar mholtaí agus ar iarrataí faisnéise an Ombudsman.



an Iodáil

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar don Iodáil an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun feabhas breise a chur ar leibhéal digitithe an chórais cheartais, go háirithe i gcás oifigí cúirteanna coiriúla agus ionchúisitheoirí.

·Leanúint le hoibríochtaí éifeachtacha na seirbhíse póilíneachta agus ionchúisimh i gcoinne éilliú ardleibhéil, lena náirítear trí fheabhas a chur ar dhigitiú agus ar idirnascadh na gclár.

·Rialacha cuimsitheacha maidir le coinbhleacht leasa agus rialáil maidir le brústocaireacht a ghlacadh chun clár brústocaireachta oibríochtúil a bhunú, lena náirítear lorg reachtach.

·Dul i ngleic go héifeachtach leis an gcleachtas síntiúis a threorú trí fhondúireachtaí polaitiúla agus trí chomhlachais pholaitiúla agus clár leictreonach aonair a thabhairt isteach le haghaidh faisnéis faoi mhaoiniú páirtithe agus feachtais.

·Cosaintí reachtacha agus cosaintí eile a thabhairt isteach chun an córas maidir le clúmhilleadh a athchóiriú, rúndacht ghairmiúil agus foinsí iriseoireachta a chosaint, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hiriseoirí a chosaint á gcur san áireamh.

·Cur leis na hiarrachtaí chun Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine a bhunú agus Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh.



an Chipir

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar don Chipir an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go gcuirfear caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha agus tuairim Choimisiún na Veinéise san áireamh san athchóiriú leanúnach maidir le ceapadh na Cúirte Uachtaraí Bunreachta agus breithiúna na hArdChúirte.

·A áirithiú go gcuirfear caighdeáin Eorpacha maidir le Comhairlí na mBreithiúna agus maidir le tuairim Choimisiún na Veinéise san áireamh san athchóiriú leanúnach ar chomhdhéanamh Ardchomhairle na Breithiúnachta.

·Leanúint le feabhas a chur ar imscrúdú agus ar bhreithniú éifeachtach ar chásanna éillithe ardleibhéil, lena náirítear trí Oifig an ArdAighne agus a neamhspleáchas buiséadach a neartú.

·Rialacha a thabhairt isteach maidir le nochtadh sócmhainní d’oifigigh thofa chun comhdú rialta agus cuimsitheach a bhunú, mar aon le fíoruithe éifeachtacha, rialta agus iomlána.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Creat a bhunú chun dul i gcomhairle go héifeachtach agus go tráthúil leis na páirtithe leasmhara sa phróiseas reachtach.



an Laitvia

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don Laitvia an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Próiseas a thionscnamh d’fhonn cosaintí leordhóthanacha a áirithiú i gcoinne tionchair pholaitiúil mhíchuí agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí á gceapadh, agus caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha á gcur san áireamh.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun Plean Gníomhaíochta 20212024 a ghlacadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach chun an téilliú a chosc.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun an dréachtreachtaíocht maidir le brústocaireacht a ghlacadh, agus ina dhiaidh sin, a áirithiú go mbunófar clár brústocaireachta speisialta.

·Bearta a ghlacadh chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa chinnteoireacht ar an leibhéal áitiúil a mhéadú.



an Liotuáin

Moltar don Liotuáin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis an athchóiriú ar an gcóras um chúnamh dlíthiúil, lena náirítear trí choinníollacha leordhóthanacha a áirithiú do rannpháirtíocht na soláthraithe cúnaimh dhlíthiúil, agus caighdeáin Eorpacha maidir le cúnamh dlíthiúil á gcur san áireamh.

·Dul ar aghaidh leis na ceapacháin chun comhdhéanamh iomlán na Cúirte Uachtaraí agus ceapachán Uachtarán na Cúirte Uachtaraí a áirithiú.

·Próiseas a thionscnamh d’fhonn córas na gceapachán a oiriúnú do phoist bhreithiúnacha, go háirithe don Chúirt Uachtarach, lena náirítear trédhearcacht a fheabhsú agus caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha á gcur san áireamh.

·Tús a chur leis an gclár oibre frithéillithe 20222033 a chur chun feidhme.

·Leanúint le feabhas a chur ar an gcleachtas maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla a dheonú, go háirithe trína áirithiú nach núsáidtear na forais chun iarrataí ar nochtadh a dhiúltú chun srian míchuí a chur ar rochtain, lena náirítear iriseoirí, agus caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.

·Acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a chur ar fáil d’fheidhmiú Oifig an Ombudsman Pharlaimintigh, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hacmhainní d’Institiúidí Ombudsman agus Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh.



Lucsamburg

Moltar do Lucsamburg an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis an bpróiseas chun an tathchóiriú a ghlacadh maidir le cumhachtaí na Comhairle a bheidh ann amach anseo do na Breithiúna.

·Leanúint leis an bpróiseas chun an tathchóiriú a ghlacadh maidir le cúnamh dlíthiúil a dhéanamh níos inrochtana.

·Leanúint leis an reachtaíocht nua maidir le brústocaireacht a chur chun feidhme agus a mheas, lena náirítear an clár trédhearcachta.

·A áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ann do na seirbhísí ionchúisimh a dhéileálann le coireacht eacnamaíoch agus airgeadais.

·An tam a thógann sé iarrataí ar nochtadh doiciméad oifigiúil a phróiseáil a laghdú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.

·Feabhas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta reachtach trí dheiseanna níos leithne a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí.



an Ungáir

Chomh maith le meabhrú a dhéanamh ar an oibleagáid rialuithe na Cúirte Breithiúnais maidir leis an smacht reachta a chomhlíonadh, agus ar na nósanna imeachta um shárú a bhaineann leis an smacht reachta, dá dtagraítear sa chaibidil tíre, na hábhair imní a léiríodh faoin rialachán coinníollachta, na hábhair ábhartha imní a tarraingíodh anuas i nós imeachta Airteagal 7 CAE a thionscain Parlaimint na hEorpa agus na moltaí tír‑shonracha ábhartha faoin Seimeastar Eorpach, moltar don Ungáir an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Ról na Comhairle Breithiúnaí Náisiúnta a neartú, agus a neamhspleáchas a chosaint ag an am céanna, chun cumhachtaí Uachtarán na hOifige Náisiúnta do na Breithiúna a fhrithchothromú go héifeachtach.

·Na rialacha a bhaineann le Kúria a oiriúnú chun deireadh a chur le ceapacháin bhreithiúnacha lasmuigh den ghnáthnós imeachta, na critéir incháilitheachta a neartú d’Uachtarán Kúria, agus rialú na gcomhlachtaí breithiúnacha ar Uachtarán Kúria a neartú, agus caighdeáin Eorpacha á gcur san áireamh, agus deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfaí athbhreithniú ar an ngá atá le réamhthagairtí, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais.

·Athchóirithe cuimsitheacha a ghlacadh maidir le brústocaireacht agus doirse imrothlacha, agus córas na ndearbhuithe sócmhainní a neartú, lena bhforáiltear do mhaoirseacht agus d’fhorfheidhmiú éifeachtach.

·Cuntas teiste láidir a bhunú maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus breithiúnais chríochnaitheacha i gcás cásanna éillithe ardleibhéil.

·Sásraí a thabhairt isteach chun neamhspleáchas feidhmiúil údarás rialála na meán a fheabhsú agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas rialtóirí na meán á gcur san áireamh.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Reachtaíocht a ghlacadh lena áirithiú go ndáileann an stát agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit an caiteachas fógraíochta go cothrom agus go trédhearcach.

·Bacainní a chuireann isteach ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhaint.



Málta

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus den chreat frith‑éillithe a mheabhrú, moltar do Mhálta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le rannpháirtíocht na mbreithiúna sa nós imeachta chun an PríomhBhreitheamh a cheapadh, agus caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha agus tuairim Choimisiún na Veinéise á gcur san áireamh.

·Iarrachtaí a neartú chun éifeachtúlacht an cheartais a fheabhsú, go háirithe chun fad na nimeachtaí a laghdú.

·Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le fad na nimscrúduithe ar chásanna ardleibhéil éillithe, lena náirítear trí chuntas teiste láidir a bhunú maidir le breithiúnais chríochnaitheacha.

·Dul chun cinn a dhéanamh maidir le coimircí reachtacha agus cosaintí eile a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar thimpeallacht oibre iriseoirí, lena náirítear maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hiriseoirí a chosaint á gcur san áireamh.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Na hiarrachtaí chun Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine a bhunú a athsheoladh agus Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh.



an Ísiltír

Moltar don Ísiltír an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar leibhéal digitithe an chórais cheartais, go háirithe maidir le breithiúnais agus réitigh dhigiteacha a fhoilsiú le haghaidh imeachtaí cúirte.

·An tathbhreithniú ar na rialacha maidir le doirse imrothlacha a bhfuil iarairí agus státrúnaithe páirteach iontu a thabhairt chun críche, lena náirítear tréimhse mharana 2 bhliain agus srianta ar ghníomhaíochtaí íoctha.

·Cód Iompair a ghlacadh d’airí agus do státrúnaithe lena náirítear rialacha maidir le bronntanais, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus brústocaireacht, chomh maith le faireachán éifeachtach agus smachtbhannaí éifeachtacha.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuimsitheach ar liúntais cúraim leanaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear údaráis ábhartha uile an stáit.



an Ostair

Moltar don Ostair an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis an athchóiriú chun Oifig Ionchúiseamh Cónaidhme neamhspleách a bhunú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas agus uathriail an ionchúisimh á gcur san áireamh, lena náirítear oibriú neamhspleách an ionchúisimh speisialaithe frithéillithe a áirithiú.

·Aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le rannpháirtíocht na mbreithiúna sna nósanna imeachta chun uachtarán agus leasuachtarán na Cúirte Uachtaraí a cheapadh agus le haghaidh uachtaráin chúirte cúirteanna riaracháin, agus caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha agus roghnú uachtaráin na cúirte á gcur san áireamh.

·Leanúint leis an athbhreithniú reachtach ar rialacha maoiniúcháin na bpáirtithe polaitíochta lena náirítear an chumhacht a thabhairt don Chúirt Iniúchóireachta iniúchadh a dhéanamh ar mhaoiniúchán na bpáirtithe polaitíochta.

·Rialacha éifeachtacha a thabhairt isteach maidir le dearbhú sócmhainní agus leasanna d’Fheisirí na Parlaiminte, lena náirítear sásraí éifeachtacha faireacháin agus smachtbhannaí.

·Athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat maidir le leithdháileadh fógraíochta stáit ó údaráis phoiblí ar gach leibhéal, go háirithe chun cothroime agus trédhearcacht a dáilte a fheabhsú.

·Dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an athchóiriú ar rochtain ar fhaisnéis oifigiúil, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.



an Pholainn

Chomh maith le meabhrú a dhéanamh ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thromchúiseacha a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach, go háirithe iad siúd a leagtar amach i nós imeachta Airteagal 7 CAE arna dtionscnamh ag an gCoimisiún, chomh maith leis an oibleagáid rialuithe CBE a bhaineann leis an smacht reachta agus na nósanna imeachta um shárú a bhaineann leis an smacht reachta dá dtagraítear sa chaibidil tíre a chomhlíonadh, is iad na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais agus na an córas srianta agus ceartúchán, agus meabhrú a dhéanamh ar na moltaí tír‑shonracha ábhartha faoin Seimeastar Eorpach, moltar don Pholainn an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Feidhm an Aire Dlí agus Cirt a scaradh ó fheidhm an PhríomhIonchúisitheora agus a áirithiú go mbeidh feidhmiú na seirbhíse ionchúisimh neamhspleách ar an Rialtas.

·Na rialacha sláine atá ann cheana a neartú trí rialacha brústocaireachta agus córas caighdeánaithe ar líne le haghaidh dearbhuithe sócmhainní na noifigeach poiblí agus na bhFeisirí Parlaiminte a thabhairt isteach.

·Imscrúduithe agus ionchúisimh atá neamhspleách agus éifeachtach a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar raon feidhme leathan na ndíolúintí do na príomhfheidhmeannaigh agus staonadh ó chlásail a thabhairt isteach maidir le saoirse ó phionós sa reachtaíocht chun go mbeifear in ann cuntas teiste láidir a choinneáil maidir le cásanna ardleibhéil éillithe.

·A áirithiú go gcloítear le nósanna imeachta cothroma, trédhearcacha agus neamhidirdhealaitheacha maidir le ceadúnais oibríochta a dheonú d’eagraíochtaí meán.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·A áirithiú go ndéantar obair leantach níos córasaí ar thorthaí na hUasoifige Iniúchóireachta agus a áirithiú go gceapfar Comhaltaí an Choláiste den Uasoifig Iniúchóireachta go tapa.

·An creat ina bhfeidhmíonn an tsochaí shibhialta agus an tOmbudsman a fheabhsú, agus caighdeáin Eorpacha maidir leis an tsochaí shibhialta agus le hOmbudsman á gcur san áireamh.



an Phortaingéil

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don Phortaingéil an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint leis na hiarrachtaí acmhainní daonna leordhóthanacha a áirithiú don chóras ceartais agus a éifeachtúlacht a fheabhsú, go háirithe i gcás Cúirteanna Riaracháin agus Cánach, lena náirítear trí bhailchríoch a chur ar an gcreat reachtach d’fheidhmiú ArdChomhairle na gCúirteanna Riaracháin agus Cánach.

·Leanúint leis na hiarrachtaí trédhearcacht leithdháileadh na gcásanna a neartú.

·Acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun an téilliú a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena náirítear trí oibríochtú tapa an tSásra Nua FrithÉillithe a áirithiú.

·A áirithiú go gcuirfear tús le hoibríochtaí an Eintitis Thrédhearcaigh d’fhonn faireachán agus fíorú éifeachtach a dhéanamh ar dhearbhuithe sócmhainní.

·Leanúint leis na hathchóirithe chun trédhearcacht na reachtóireachta a fheabhsú, go háirithe maidir le huirlisí measúnaithe tionchair a chur chun feidhme.



an Rómáin

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais, an creat frith‑éillithe agus an próiseas reachtach agus na moltaí faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin a mheabhrú, moltar don Rómáin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go dtreisíonn an tathbhreithniú ar na Dlíthe Ceartais coimircí do neamhspleáchas breithiúnach, lena náirítear athchóiriú a dhéanamh ar an réimeas araíonachta do ghiúistísí agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh sna breithiúna, agus caighdeáin Eorpacha agus tuairimí ábhartha Choimisiún na Veinéise á gcur san áireamh.

·Rialacha a thabhairt isteach maidir le brústocaireacht d’Fheisirí na Parlaiminte.

·Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oibríochtúla na Stiúrthóireachta Náisiúnta FrithÉillithe, lena náirítear maidir le hionchúisitheoirí a earcú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar an chreata nua chun cionta éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh sa bhreithiúnacht.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus na caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Comhairliúchán poiblí éifeachtach a áirithiú sula nglacfar an dréachtreachtaíocht.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine a bhunú agus Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh.



an tSlóivéin

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don tSlóivéin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go bhfuil coimircí leordhóthanacha do neamhspleáchas breithiúna agus ionchúisitheoirí stáit sna rialacha maidir le fiosrúcháin pharlaiminteacha, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach á gcur san áireamh.

·Deireadh a chur le bacainní ar chásanna éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena náirítear trí neamhspleáchas oibríochtúil an Bhiúró Náisiúnta Imscrúdaithe a áirithiú, cur leis na hacmhainní Ionchúisimh Stáit agus athbhreithniú a dhéanamh ar an reacht um theorannú.

·An straitéis frithéillithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.

·Cosaintí reachtacha agus cosaintí eile a bhunú chun iriseoirí a chosaint, go háirithe ar líne, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hiriseoirí a chosaint á gcur san áireamh.

·A áirithiú go mbeidh na coimircí is gá le haghaidh neamhspleáchas buiséadach na gcomhlachtaí neamhspleácha i bhfeidhm.



an tSlóvaic

Chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le gnéithe áirithe den chóras ceartais a mheabhrú, moltar don tSlóvaic an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go mbeidh comhaltaí na Comhairle Breithiúnaí faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena ndífhostú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas na gComhairlí Breithiúnacha á gcur san áireamh.

·A áirithiú go bhfuil cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm agus go nurramaítear go cuí iad agus dliteanas coiriúil á chur ar bhreithiúna as an gcoir ‘mhíúsáid dlí’ maidir lena gcinntí breithiúnacha.

·Tograí a thabhairt isteach chun brústocaireacht a rialú agus chun an reachtaíocht maidir le coinbhleachtaí leasa agus dearbhuithe sócmhainní a neartú,

·Feabhas a chur ar an gcomhordú i measc na neintiteas éagsúil forfheidhmithe dlí agus oibiachtúlacht cinntí ionchúisimh a áirithiú, lena náirítear trí leanúint de na leasuithe reachtacha a chur ar aghaidh chun srian a chur ar chumhacht an PhríomhIonchúisitheora cinntí ionchúisimh a neamhniú d’fhonn cuntas teiste láidir a chur chun cinn maidir le cásanna éillithe ardleibhéil.

·Dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an bpróiseas chun coimircí reachtacha agus eile a bhunú chun feabhas a chur ar shábháilteacht fhisiciúil agus ar thimpeallacht oibre iriseoirí, lena náirítear an tathchóiriú ar dhlí an chlúmhillte, agus caighdeáin Eorpacha maidir le hiriseoirí a chosaint á gcur san áireamh.

·Na rialacha agus na sásraí a neartú chun feabhas a chur ar rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta mheáin na seirbhíse poiblí agus na caighdeáin Eorpacha maidir le meáin na seirbhíse poiblí á gcur san áireamh.



an Fhionlainn

Moltar don Fhionlainn an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint de thionscnaimh ó Riarachán na gCúirteanna Náisiúnta a fhorbairt chun tacú le hobair na gcúirteanna.

·Leanúint den chreat dlíthiúil coiriúil maidir le héilliú a neartú, go háirithe trí reachtaíocht a ghlacadh maidir le mangaireacht tionchair.

·Leanúint leis na hiarrachtaí chun an Straitéis Náisiúnta nua Frithéillithe agus an Plean Gníomhaíochta nua Frithéillithe 20212023 a chur chun feidhme, lena náirítear trí thús a chur le cur chun feidhme na mbeart go léir atá beartaithe.

·Leanúint leis an athchóiriú ar an Acht maidir le hOscailteacht Ghníomhaíochtaí an Rialtais chun rochtain éifeachtach agus níos leithne ar dhoiciméid a áirithiú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le rochtain ar dhoiciméid oifigiúla á gcur san áireamh.



an tSualainn

Moltar don tSualainn an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Leanúint den obair atá ar bun ag an gCoiste Fiosrúcháin maidir le cosaint an daonlathais agus neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna á gcur san áireamh.

·Meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme, tionchar agus cur chun feidhme na rialacha maidir le doirse imrothlacha a chumhdaíonn príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin an rialtais.

·An comhrac i gcoinne breabaireachta coigríche a neartú, lena náirítear trí shainmhínithe dlíthiúla atá ann cheana a leasú agus trí fheabhas a chur ar ionchúiseamh agus ar bhreithiúnais chríochnaitheacha cásanna.

·A áirithiú nach ndéanfaidh na hathchóirithe leanúnacha ar an gcreat dlíthiúil do chistiú agus d’fheidhmiú eagraíochtaí na sochaí sibhialta difear míchuí do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.