An Bhruiséil,18.5.2022

COM(2022) 240 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean an Aontais maidir le 'Fuinneamh a Choigilt'


1.Réamhrá

Fuinneamh a choigilt, i.e. tomhaltas fuinnimh a laghdú trí bhíthin comharthaí praghais, bearta éifeachtúlachta fuinnimh nó iarrachtaí deonacha, is minic gurb é sin an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun ár spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a laghdú. Thairis sin, trí níos lú fuinnimh a úsáid, tacaítear le slándáil soláthair, éascaítear ceanglais stórála agus cuirtear bonn taca faoin aistriú chuig fuinneamh glan.

Laghdófar méid an ghanntanais gáis agus ola a bheidh ann i gcás go gcuirfear isteach ar shreabha ón Rúis trí thomhaltas fuinnimh neamhriachtanach a laghdú go deonach agus trí dhlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Mar sin, is gné chriticiúil níos lú fuinnimh a úsáid chun na margaí a chobhsú agus chun tuilleadh luaineachta praghsanna a chosc. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, chuirfí le praghsanna fuinnimh a ísliú trí fhuinneamh a choigilt, agus chuideofaí le bheith ag freagairt go héifeachtach ar arduithe tobanna praghsanna agus ar ghanntanais soláthair.

Is cúis dhíreach coigilteas fuinnimh le laghdú ar ár mbillí fuinnimh agus cuirtear le geilleagar níos athléimní dá bharr. Cuireadh isteach ar theaghlaigh cheana féin le praghsanna arda ar fhuinneamh atá bunaithe ar bhreosla iontaise, agus ar gach earnáil tionsclaíochta, ó sheirbhísí go monaraíocht agus ó thalmhaíocht go hiompar. I gcás na dteaghlach fuinneamhbhocht leochaileach, na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus meánmhéide agus na dtionscal dianfhuinnimh, bíonn orthu cinntí deacra a dhéanamh maidir le húsáid fuinnimh a sheachaint de bharr na bpraghsanna. Cuirtear isteach ar iomaíochas coibhneasta gnólachtaí mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh freisin agus d’fhéadfadh tionchair iarmhartacha a bheith acu ar an bhfostaíocht agus ar ioncaim chomh maith.

An bhliain seo chaite, mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, agus an Comhaontú Glas don Eoraip á chur i gcrích, mhol an Coimisiún méadú ar an uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh faoi dheireadh na deacáide seo. Cé go bhfuil sé de phríomhaidhm ag an togra tacú le dícharbónú gheilleagar an Aontais, tugtar le fios ann freisin go mbainfear tairbhí eile as amhail slándáil fuinnimh níos airde agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar thruailliú aeir agus ar ídiú acmhainní nádúrtha.

Dá gcuirfí an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun feidhme ina iomláine, thiocfadh laghdú 30 % ar ár dtomhaltas gáis (méid atá comhionann le 100 bcm) faoi 2030. Thiocfadh níos mó ná trian de sin as sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ar sprioc é a cuireadh chun cinn i dtogra athmhúnlaithe na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Bhainfí an sprioc amach trí na tograí beartais éifeachtúlachta fuinnimh ábhartha a chur chun feidhme, amhail an Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh í féin, athmhúnlú na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD), reachtaíocht maidir le hÉicidhearthóireacht nó Lipéadú Fuinnimh, chomh maith le hionstraimí beartais eile a bhfuil tionchar acu ar thomhaltas fuinnimh amhail na caighdeáin astaíochtaí CO2 i gcomhair feithiclí, Córas Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais agus an CTA nua atá beartaithe le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar.

Thiocfadh laghdú struchtúrach ar úsáid fuinnimh dá gcuirfí na beartais sin chun feidhme. I ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, ba cheart na hathruithe sin a chur i bhfeidhm níos tapúla chun athléimneacht agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a mhéadú ar luas níos tapúla.

An tráth céanna, coigilteas suntasach fuinnimh a spreagtar le roghanna deonacha, is féidir an coigilteas sin a bhaint amach go measartha tapa. Sa tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) 1 , léirítear gur féidir ár dtomhaltas fuinnimh a laghdú go mór trí athraithe a dhéanamh ar ár stíleanna maireachtála agus ár niompraíocht. Agus rogha á déanamh againn teochtaí córas téimh a laghdú, a bheith ag tiomáint ar bhealach níos tíosaí agus úsáid níos mó a bhaint as iompar poiblí agus soghluaisteacht ghníomhach, úsáid níos éifeachtúla a bhaint as fearais tí agus córais aerchóiriúcháin agus na soilsí a mhúchadh, féadtar coigilteas suntasach gearrthéarmach a bhaint amach 2 .

Dá bhrí sin, tá cur chuige dhá chéim ag plean an Aontais maidir le ‘Fuinneamh a Choigilt’:

(1)Coigilteas fuinnimh láithreach a bhaint amach trí bhíthin roghanna deonacha; agus

(2)Dlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh struchtúrtha meántéarmacha agus fadtéarmacha agus iad a neartú.

Is gá tacú leis an dá chur chuige le creat airgeadais agus struchtúr rialachais atá éifeachtach.

2.Coigilteas fuinnimh láithreach a bhaint amach trí roghanna pearsanta

I bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus staid reatha an mhargaidh, ní féidir linn fanacht go dtí go mbeidh na bearta éifeachtúlachta fuinnimh struchtúrtha tábhachtacha i bhfeidhm. Tá sé ríthábhachtach deiseanna láithreacha a lorg chun tomhaltas fuinnimh a laghdú a fhad agus a leanann an ghéarchéim reatha. Sa ghearrthéarma, thiocfadh an chuid is mó de na deiseanna sin ó roghanna deonacha, agus d’fhéadfadh cuid acu leanúint ar aghaidh go meántéarmach agus go fadtéarmach má thagann athruithe ar nósanna dá mbarr.

Ba cheart díriú go príomha ar na deiseanna inar féidir an coigilteas ola agus gáis is mó a bhaint amach leis na roghanna sin. Tá an ról is mó ag an ngás nádúrtha i leith téimh, ar mhéid tuairim is 42 % é den fhuinneamh iomlán a úsáidtear le haghaidh téamh spáis sna hearnálacha teaghlaigh agus seirbhísí. Is í ola an dara breosla iontaise is tábhachtaí le haghaidh téimh as a dtagann 14 % den mhéid iomlán, agus tagann tuairim is 3 % den mhéid iomlán as an ngual. 288 milliún tona de choibhéis ola atá sa mhéid breosla iontaise a úsáidtear i gcórais iompair gach bliain, nó 93 % de riachtanais fuinnimh na hearnála iompair. Tá aeriompar agus loingseoireacht ag brath go hiomlán, nach mór, ar bhreoslaí iontaise, agus úsáidtear breoslaí iontaise le haghaidh 93 % den úsáid fuinnimh in iompar de bhóthar agus le haghaidh 23 % den úsáid fuinnimh in iompar d’iarnród. Déantar thart ar 25 % de ghníomhaíocht gluaisteán paisinéirí sa timpeallacht soghluaisteachta uirbeach.

Dá bhrí sin, is iad téamh i dteaghlaigh agus seirbhísí, agus iompar agus soghluaisteacht na príomhearnálacha maidir le coigilteas gearrthéarmach, chomh maith le hacmhainneacht ghearrthéarmach bhreise áirithe sna earnálacha tionsclaíochta. Gníomhaíochtaí chun tomhaltas gáis a laghdú láithreach, tá na gníomhaíochtaí sin an‑tábhachtach mar cuirfear le hathlíonadh stórála le haon choigilteas is féidir a dhéanamh luath, agus mar sin laghdófar na rioscaí soláthair i rith an gheimhridh. An tráth céanna, tá sé tábhachtach leictreachas a choigilt mar go n‑úsáidtear gás, ola agus gual freisin le haghaidh giniúint chumhachta. Is dócha go mbainfear amach na príomhlaghduithe úsáide ola trí iompar gluaisteán príobháideach agus aeriompar a laghdú, chomh maith le tiomáint éiceolaíoch na dtrucailí a mhéadú.

Is féidir éileamh fuinnimh a laghdú leis na roghanna sin, rud ar féidir leis cuidiú le hallmhairí breoslaí iontaise a laghdú agus le ganntanais níos dáiríre a sheachaint, agus dá réir sin féadtar cur i bhfeidhm beart maidir le ciorrú, agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a ghabhann leo, a sheachaint.

Ar ndóigh, spreagtar athruithe cheana féin leis na praghsanna arda margaidh atá ann faoi láthair agus bealaí á lorg ag teaghlaigh agus gnólachtaí chun srian a chur leis an méadú ina mbillí fuinnimh. D’fhéadfadh sé nach leor coigilteas den chineál sin atá faoi thionchar an mhargaidh, áfach, ar chúiseanna éagsúla. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gníomhaithe ar an eolas faoi na deiseanna coigiltis is fearr. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhordú chun na torthaí is fearr a bhaint amach. Ní cinnte gur féidir cothroime agus dlúthpháirtíocht a ráthú ach an oiread: d’fhéadfadh sé go n‑athródh nó nach n‑athródh na daoine saibhre a n‑iompraíocht. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine eile, go háirithe iad siúd is leochailí, bearta deacra a dhéanamh. Ar deireadh, ní hé go mbeidh iarracht iomchuí ó thaobh chuspóirí REPowerEU ina toradh cinnte ar phraghsanna margaidh.

Dá bhrí sin, féadtar na cineálacha gníomhaíochtaí tacaíochta is féidir a dhéanamh a roinnt mar seo a leanas:

·Gníomhaíochtaí faisnéise – chun a áirithiú go dtuigeann cineálacha éagsúla úsáideoirí fuinnimh an tábhacht a bhaineann le héileamh fuinnimh a laghdú agus go bhfuil a fhios acu céard is féidir leo a dhéanamh chun cur leis an laghdú sin.

·Gníomhaíochtaí spreagtha agus tacaíochta – chun cuidiú a thabhairt d’úsáideoirí fuinnimh leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu a dtomhaltas fuinnimh a laghdú, mar shampla trí lacáistí a thairiscint nuair a cheannaítear na fearais is éifeachtúla.

Is é príomhbhuntáiste na n‑athruithe a spreagtar leis na bearta den chineál sin go mbíonn tionchar láithreach acu ar thomhaltas fuinnimh, mbíonn gá le hinfheistíocht tosaigh (nó ní bhíonn gá ach le hinfheistíocht an‑bheag), agus nach mbíonn gá ach le hathrú beag ar nósanna, rud a fhágann nach mbíonn tionchar ar leas na ndaoine, nó nach mbíonn ach tionchar an‑teoranta air, toisc nach ndéanfaidh ach daoine atá ag iarraidh agus atá in ann na hathruithe sin a dhéanamh na hathruithe sin, agus iad siúd amháin.

An chuid is mó de bhearta den chineál sin, beidh siad deonach agus beidh siad ag brath ar dhea-mhéin, agus ar chur in iúil éifeachtach na gcéimeanna is éifeachtaí atá le déanamh d’úsáideoirí fuinnimh. Toisc go bhfuil príomhúsáidí gáis agus ola teoranta go leor (úsáidtear gás le haghaidh téimh agus ola le haghaidh iompair, go príomha), is féidir na teachtaireachtaí a spriocdhíriú go measartha maith.

Tá sé ríthábhachtach faisnéis spriocdhírithe a thabhairt do shaoránaigh ionas go mbeidh siad in ann roghanna eolasacha a dhéanamh. Is gá na teachtaireachtaí a chur in iúl ag an am ceart. Is dócha go mbeidh méid beag beart atá spriocdhírithe go forleathan i gceist leis seo, agus a bhfuil bonn taca faisnéise inrochtana fúthu.

Ba cheart do chomhlachtaí iontaofa na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, ar comhlachtaí iad a bhfuil tuiscint mhaith acu ar na cúinsí áitiúla agus atá in ann réimse leathan an phobail a spreagadh chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh. Is minic gur fearr is féidir leis na Ballstáit gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh a chur chun cinn ag an am iomchuí agus i bhfianaise a gcúinsí áitiúla. Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla, mar shampla trí ghníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, Cúnant na Méaraí agus an misean go mbeidh 100 Cathair aeráidneodrach agus cliste.

Féadfar gníomhaíochtaí faisnéise a neartú freisin trí scileanna a bhaineann le coigilteas fuinnimh a chur san áireamh i gcuraclaim na scoileanna agus trí fháil scileanna a chur chun cinn sna hearnálacha atá ríthábhachtach chun spriocanna uaillmhianacha phlean REPowerEU a bhaint amach.

Tá gníomhaíochtaí déanta ag roinnt mhaith Ballstát cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an acmhainneacht le haghaidh coigilteas fuinnimh gearrthéarmach 3 ach d’fhéadfaí níos mó a dhéanamh. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, tugtar faisnéis shimplí ar roinnt príomhchéimeanna is féidir le daoine aonair agus cuideachtaí a ghlacadh go deonach chun cabhrú le hallmhairí fuinnimh ón Rúis a laghdú san fheachtas comhpháirteach ‘Playing my part [Mo Chuidse á Déanamh Agam]’ ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA).

Ina theannta sin, chun tacú le custaiméirí fearais níos éifeachtúla a roghnú, tá an comhéadan tomhaltóirí an bhunachair sonraí de Tháirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL) 4 á sheoladh ag an gCoimisiún. Tá obair á déanamh ag an gCoimisiún freisin ar fheachtas faisnéise chun faisnéis agus ábhair mhúscailte feasachta a chur ar fáil lena núsáid ag comhlachtaí eile le haghaidh cumarsáid le daoine aonair. Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as na deiseanna atá ar fáil dóibh chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn amhail rátaí CBL laghdaithe le haghaidh córais téimh ardéifeachtúlachta, rud a áirithíonn go spreagtar aistriú chuig teaschaidéil le praghsáil fuinnimh agus fearais níos éifeachtúla a cheannach. Is iad na Ballstáit is fearr a bheidh in ann na deiseanna is éifeachtaí agus is cothroime a aithint le haghaidh a gcúinsí féin

Is féidir go leor moltaí láithreacha sonracha a bheartú agus tugtar léiriú ar na cineálacha beart san iarscríbhinn, lena náirítear acmhainneachtaí coigilte measta táscacha, agus tugtar achoimre ar na cinn is mó sa tábla thíos 5 .

 

Coigilteas ola (Mtoe) 

Coigilteas gáis (bcm) 

Bearta coigilte gáis 

Coigilteas de bharr téamh a ísliú, córais téimh i seomraí neamhúsáidte a mhúchadh, séideáin a chosc etc.

≈1.5 

≈6  

Faisnéis a chur ar fáil maidir le teochtaí coirí comhdhlúthúcháin a choinneáil faoi 60 céim agus daoine a spreagadh chun na cinn atá acu a sheiceáil.

 

≈3 

Faisnéis maidir le seirbhís a dhéanamh ar choirí, bearta inslithe simplí, foirgnimh a dhéanamh díonmhar ar shéideáin, comhlaí radaitheoirí teirmeastatacha agus rialaitheoirí téimh a fheistiú agus daoine a spreagadh chun gníomhú. 

≈0.3 

≈1  

 

Machnamh a dhéanamh ar phraghsáil fuinnimh a mhodhnú agus struchtúir taraifí comhleanúnacha agus réitigh eile a thabhairt isteach chun coigilteas fuinnimh agus an t‑aistriú ó ghás go leictreachas a spreagadh.

 

≈1   

Tionscal

Iniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme a dhreasú chun caillteanas téimh ó phróisis ardteochta a sheachaint, rud lena dtacaítear leis an aistriú ó fhuinneamh iontaise.

 

≈2  

Bearta iompair 

Laghdú ar luasanna mótarbhealaigh a mholadh.

≈8  

 

Siúl, rothaíocht, iompar poiblí, micrea-shoghluaisteacht a spreagadh i gceantair uirbeacha.

≈5  

 

Iompar traenach a spreagadh.

≈2

 

Acmhainneacht léiriúcháin 

16  

13  

Measann an IEA go bhféadfaí laghdú 5 % in úsáid (deiridh) gháis (thart ar 13 bcm) a bhaint amach thar bhliain leis na cineálacha beart gearrthéarmach sin a bhaineann le gás. Ar an gcaoi chéanna, agus ag brath ar an mBallstát agus an t‑éileamh ar iompar atá aige, d’fhéadfaí laghdú suas le 5 % in úsáid (deiridh) ola (thart ar 16 mtoe) a bhaint amach le bearta, gan turais riachtanacha a chosc.

Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Feachtas a fhorbairt i gcomhthéacs fhreagairt an Aontais ar thionchair chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar praghsanna arda fuinnimh, ar feachtas é atá ceaptha feasacht a ardú agus ábhair a sholáthair lena núsáid ag comhlachtaí eile.

·Faisnéis a scaipeadh faoin bhfeachtas ‘Playing my part’ [Mo Chuidse á Déanamh Agam] maidir le gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh le haghaidh daoine aonair agus obair a dhéanamh le grúpaí páirtithe leasmhara chun cumhacht na mbeart sin a mhéadú agus an tionchar is mó a chruthú.

·An comhéadan tomhaltóirí an bhunachair sonraí de Tháirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL) a sheoladh chun tacú le tomhaltóirí agus soláthróirí fearais níos éifeachtúla a roghnú.

3.Dlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh struchtúrtha meántéarmacha agus fadtéarmacha agus iad a neartú

Cuirtear go mór le huaillmhianta aeráide an Aontais le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais atá ann faoi láthair. Na spriocanna 20-20-20 agus na spriocanna aeráide 2030 a leagtar síos faoin Dlí Aeráide, léirítear leo cásanna inar spreagadh fás agus inar laghdaíodh tomhaltas fuinnimh le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a raibh ról tábhachtach acu i dtaca leis an sprioc maidir le laghdú gás ceaptha teasa a bhaint amach. Mar a deimhníodh le taighde 6 , le beartais éifeachtúlachta fuinnimh soláthraíodh tairbhí níos leithne freisin ar féidir airgead a shaothrú astu ar leibhéil éagsúla. Áirítear iontu sin gnéithe amhail bochtaineacht fuinnimh laghdaithe, sláinte agus leas feabhsaithe, iomaíochas gnólachtaí méadaithe agus slándáil fuinnimh fheabhsaithe.

Bhunaigh na Ballstáit na creataí agus na socruithe institiúide is gá chun a seanspriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus a spriocanna reatha a bhaint amach. Tá struchtúr rialachais ann trí na Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) chun comhsheasmhacht na n‑uaillmhianta sin le cuspóirí foriomlána an Aontais a áirithiú. Tá sé práinneach anois dlús a chur leis na feabhsuithe éifeachtúla fuinnimh sin chun athléimneacht an Aontais a mhéadú. Agus laghdú ag teacht ar an tréimhse aisíoca infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh de bharr praghsanna fuinnimh níos airde, tá gá le hiarracht eile chun srianta leachtachta agus faisnéise a bhaint, ar srianta iad a chuireann bac ar infheistíocht bhrabúsach den chineál sin.

Mar gheall ar an obair atá déanta le 10 mbliana anuas, níor cheart gá a bheith le struchtúir nó comhlachtaí nua a bhunú agus dlús á chur leis an iarracht sin. Mar shampla, tá straitéisí athchóirithe fadtéarmacha ag na Ballstáit ar fad, tá sé de cheangal ar ghnólachtaí iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh gach bliain agus rinneadh iarrachtaí oiliúint leormhaith agus dearbhú cáilíochta a chur ar fáil. D’fhéadfadh sé gur ghá na leibhéil acmhainní atá ann faoi láthair a neartú chun ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú, áfach, mar shampla comhairle agus faisnéis a chur ar fáil chomh maith le sásraí chun tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha a éascú.

De thoradh rialacha reatha an Aontais maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh, tá laghdú 10 % tagtha ar thomhaltas bliantúil fuinnimh na dtáirgí atá faoi raon feidhme na rialacha sin, lena laghdaítear éileamh príomhúil an Aontais ar fhuinneamh agus costais le haghaidh tomhaltóirí. Le togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 7 , leathnaítear raon feidhme an chreata Éicidhearthóireachta chun an raon táirgí is leithne is féidir a chumhdach. Toisc go bhfuil lorg mór fuinnimh ag úsáid ábhar i dtáirgí, tiocfaidh méadú mór ar choigilteas fuinnimh leis an gcreat seo trí bhorradh a chur faoi éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhar araon.

3.1.Léiriú ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh AE níos airde

Tá sprioc éifeachtúlachta fuinnimh níos airde de 9 % faoi 2030 san áireamh i dtogra athmhúnlaithe EED an Choimisiúin ó mhí Iúil 2021 (i gcomparáid le cás tagartha 2020).

In 2021 thug an Coimisiún faoi staidéar ar acmhainneachtaí coigilte fuinnimh na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh freisin, staidéar lena léiríodh go bhféadfadh an acmhainneacht coigilte eacnamaíoch le haghaidh 2030 a bheith chomh hard le 13 % de thomhaltas fuinnimh deiridh (752 Mtoe) má chuireann an tAontas le cistiú agus iarrachtaí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. De réir an staidéir sin 8 , d’fhéadfadh an acmhainneacht theicniúil le haghaidh coigilteas fuinnimh a bheith chomh hard le 19 % de thomhaltas fuinnimh deiridh (696 Mtoe).

I ndiaidh na teachtaireachta REPowerEU an 8 Márta, tugtar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh costéifeachtach de 13 % in 2030 le tuilleadh samhaltaithe ar an gcás REPowerEU 9 ina núsáidtear praghsanna gáis atá níos airde go struchtúrtha.

3.2.Neartú féideartha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh

I bhfianaise an ghá atá ann borradh a chur faoi neamhspleáchas an Aontais ó allmhairí breosla iontaise, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar dhlús a chur leis na bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann faoi láthair agus ar bhearta breise a chur chun feidhme. Beidh an léargas is fearr ag na Ballstáit féin maidir leis na gnéithe ar cheart díriú orthu agus thairis sin, tá réimsí soiléire ar leibhéal an Aontais inar féidir breisluach a thabhairt isteach le cur chuige coiteann.

Sna próisis chomhchinnteoireachta leanúnacha maidir le gnéithe éagsúla den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, féadfaidh na comhreachtóirí an creat rialála le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a neartú sa ghearrthéarma agus tuilleadh coigiltis fuinnimh a sholáthar sa mheántéarma agus san fhadtéarma i gcomhthéacs REPowerEU, lena n‑airítear:

·An uaillmhian maidir leis an oibleagáid náisiúnta coigiltis fuinnimh a mhéadú.

·Oibleagáidí a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear le héifeachtúlacht fuinnimh, go gcuirfear stop le fóirdheontais le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí iontaise, go gcuirfear teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite chun cinn go comhsheasmhach agus go bhforbrófar teicneolaíochtaí agus trealamh coigilte fuinnimh go tapa sna príomhearnálacha.

·Torthaí ó iniúchtaí fuinnimh a neartú chun cur chun feidhme beart costéifeachtach a áirithiú agus chun cuideachtaí (go háirithe FBManna) agus eintitis eile amhail comhlachtaí poiblí, nach bhfuil faoi réir oibleagáid an iniúchta fuinnimh, a dhreasú chun iniúchtaí den chineál sin a dhéanamh agus gníomhú ar na torthaí. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar ionaid sonraí agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas sa chomhthéacs sin freisin.

·Íoschaighdeáin Feidhmíochta Fuinnimh breise a thabhairt isteach le haghaidh foirgneamh chun borradh a chur faoi athchóirithe lena gcumhdaítear córais téimh (agus fuaraithe), ina mbeidh amlínte atá uaillmhianach go leor agus lena leagtar amach bealach chun na foirgnimh is neamhfheidhmiúla atá in ‘aicme G’ suas le ‘aicme D’ den Teastas Feidhmíochta Fuinnimh a uasghrádú.

·Deireadh a chur le fóirdheontais na mBallstát le haghaidh coirí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise i bhfoirgnimh de réir a chéile ó 2025 ar aghaidh mar sprioc íosta (ag tabhairt ar aird go dtagann dreasachtaí den chineál sin salach ar Airteagal 7(2) den Rialachán maidir le Lipéadú Fuinnimh i bhformhór na gcásanna) agus seachas sin, spreagadh a thabhairt dul i dtreo eile agus scéimeanna tacaíochta le haghaidh teaschaidéal a dhreasú.

·Ceanglais náisiúnta fuinnimh foirgneamh nua (agus ceanglais maidir le héifeachtúlacht acmhainní) a neartú trí cheanglais córas téimh agus trí chaighdeáin astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach roimh 2030 (roimh 2027 i gcás foirgnimh phoiblí).

·Ceanglais náisiúnta córas téimh a dhéanamh níos doichte le haghaidh foirgnimh atá ann cheana féin agus aghaidh a thabhairt ar athchóirithe móra agus athsholáthar coirí agus an ceangal le córais téimh ceantair éifeachtúla i limistéir a bhfuil daonra dlúth iontu. Bheadh sé sin fite fuaite le teorainneacha éicidhearthóireachta níos déine a leagan síos le haghaidh córais téimh ar leibhéal an Aontais, lena dtugtar le fios go mbeadh 2029 mar dháta deiridh chun coirí breosla iontaise ‘neamhspleácha’ a chur ar an margadh agus lipéad fuinnimh a athaicmiú an tráth céanna (faoi 2025/2026), rud a fhágfaidh go mbeidh coirí agus fearais eile atá bunaithe ar bhreosla iontaise ag bun na naicmí fuinnimh. Le bearta EPBD agus éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh den chineál sin, déanfar cur i bhfeidhm teaschaidéal a dhreasú agus cuirfear leis an sprioc an ráta suiteála teaschaidéal a dhúbailt.

·Toirmisc náisiúnta ar choirí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a thabhairt isteach le haghaidh foirgnimh atá ann cheana féin agus foirgnimh nua trí cheanglais a leagan síos maidir le gineadóir teasa, ar ceanglais iad atá bunaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó an cineál breosla a úsáidtear. Cé go dtugtar bunús dlí soiléir isteach le haghaidh an chineáil toirmeasc náisiúnta sin leis an EPBD athmhúnlaithe chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann faoi láthair, is féidir é sin a dhéanamh cheana féin faoin gcreat reachtach atá ann cheana chun na bearta sin a chur i bhfeidhm, ar bearta iad atá á dtabhairt isteach ag roinnt Ballstát cheana féin.

‑‑Sa mheántéarma agus san fhadtéarma beidh sé tábhachtach freisin go gcuirfear le héifeachtúlacht fuinnimh i gcórais iompair d’fhonn tomhaltas ola a laghdú, an taistriú chuig roghanna éifeachtúla inathnuaite eile a spreagadh agus éifeachtúlacht fuinnimh i gcórais iompair a fheabhsú, mar shampla trí bhíthin na mbeart seo a leanas:

·Iarfheistiú aeraidinimiciúil feithiclí tromshaothair agus saoráidí chun leantóirí cuisniúcháin a phlugáil; trucailí níos faide a sholáthar ag a bhfuil éicidhearthóireacht amhail gairis aeraidinimiciúla ar a leantóirí;

·tuilleadh ceanglas éicidhearthóireachta nó spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh níos airde le haghaidh feithiclí agus leantóirí a chur san áireamh san athbhreithniú atá le déanamh ar na caighdeáin feidhmíochta CO2 le haghaidh feithiclí nuadhíolta, a bhfuil coinne leo i mí na Nollag 2022;

·glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhreasú agus borradh a chur faoi acmhainneacht coigilte fuinnimh na dtrucailí atá níos faide agus níos troma le haghaidh turais trasteorann laistigh den Aontas san athbhreithniú atá le déanamh ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí;

·borradh a chur faoi úsáid iompair chomhcheangailte lena ngintear coigilteas fuinnimh san athbhreithniú atá le déanamh ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte;

I bhfianaise an mhéid sin, tá an Coimisiún:

·Ag moladh go méadófar an sprioc cheangailteach sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh go 13 %;

·Ag iarraidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle na bearta a leagtar amach thuas a mheas, le linn na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair, chun tuilleadh coigilteas agus gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh a éascú tríd an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh;

·Ag iarraidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle tacú le huaillmhian thogra an Choimisiúin le haghaidh Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 10 , agus beidh tuilleadh coigiltis fuinnimh mar thoradh ar chur in úsáid an togra sin trí éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní feabhsaithe de réimse leathan táirgí;

·Le smaoineamh ar thionscnamh reachtach chun an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú i bhflíteanna gluaisteán poiblí agus corparáideach os cionn méid áirithe;

·Ag cur pacáiste reachtaigh maidir le hiompar lasta a ghlasú chun cinn

Molann an Coimisiún freisin do na Ballstáit an t‑athchóiriú ar an Rialachán maidir le hAerspás Eorpach Aonair a ghlacadh go tapa, ar athchóiriú é a bhaineann le nuachóiriú bainistíochta aerthráchta san Eoraip, i bhfianaise an laghduithe mhóir a thiocfadh ar thomhaltas breosla trí éifeachtúlacht eitilte níos airde.

4.Maoiniú

Maidir le maoiniú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh, is túsphointe maith iad na hinfheistíochtaí a chuirtear chun cinn sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, agus gealltar níos mó ná 67 mbilliún euro do na hinfheistíochtaí sin faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Díríodh an sciar is mó den tacaíocht chistiúcháin ar athchóirithe foirgneamh (foirgnimh chónaithe agus phoiblí den chuid is mó), díríodh an chéad chuid eile di ar fhoirgnimh fuinneamhéifeachtúla a thógáil, agus de ghnáth díríodh ar éifeachtúlacht fuinnimh in FBManna, sa tionscal agus i bhfoirgnimh neamhchónaithe ar bhonn níos annaimhe. Is deis mhaith é an plé REPowerEU atá ar siúl faoi láthair sna Ballstáit ar fad chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a neartú sna limistéir sin.

Meastar go gcuirfear ioncam foriomlán ar an leibhéal céanna ar a laghad le Córas Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais, lena n‑airítear an Ciste don Nuachóiriú agus an CTA nua atá beartaithe le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar agus an Ciste Aeráide Sóisialta atá gaolmhar, agus beidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh mar phríomhchuspóir le haghaidh úsáid ioncaim. Thairis sin, laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair faoi na cístí comhtháthaithe (CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir), cuirfear tacaíocht mhór ar fáil d’éifeachtúlacht fuinnimh agus d’iompar inbhuanaithe. Go háirithe, leis an gClár InvestEU, slógfar maoiniú príobháideach chun tacaíocht a thabhairt do réimse leathan infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, trí rioscaí a chomhroinnt le comhpháirtithe cur chun feidhme, lena n‑airítear Grúpa BEI. Ina theannta sin, tugtar tacaíocht d’infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh leis an gComhbheartas Talmhaíochta, le Fís Eorpach agus leis an gclár LIFE. San iomlán, faoi na hionstraimí sin ar leibhéal an Aontais, tá 626 bhilliún euro in acmhainní airgeadais a leithdháiltear ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid le haghaidh CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU (cé go dtugtar aghaidh ar roinnt réimsí beartais sa bhreis ar éifeachtúlacht fuinnimh leis na hacmhainní sin).

Bearta a bhaineann le Státchabhair, tá na bearta sin faoi réir rialacha maidir le Státchabhair. Leis na Treoirlínte maidir le Cabhair le haghaidh na hAeráide, an Fhuinnimh agus an Chomhshaoil (CEEAG), tugtar neart deiseanna chun tacú le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh. Cé go gcuirtear maoiniú poiblí ar fáil d’éifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal an Aontais, agus ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ní bheidh an maoiniú sin leordhóthanach chun riachtanais infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chumhdach agus, mar sin, tá sé fíor-riachtanach infheistíochtaí príobháideacha a mhéadú chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá riachtanais chistithe bhreise ann de bharr uas‑scilithe agus athscilithe oibreoirí chun dul in ngleic leis an nganntanas oibrithe oilte chun go leor de na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme, lena n‑airítear uirlisí coigilte fuinnimh, fearais éifeachtúla, nó giniúint leictreachais in‑athnuaite a shuiteáil, agus bearta tógála agus athchóirithe, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd amháin.

Is éard is brí leis sin, ar thaobh amháin, an úsáid is costéifeachtaí a bhaint as an tacaíocht airgeadais phoiblí trí ionstraimí maoinithe agus scéimeanna maoinithe nuálacha. Chun é sin a bhaint amach, leanfaidh an Coimisiún de chúnamh teicniúil le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, glacadh scéimeanna maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh nuálacha (amhail téarnamh trí bhillí agus trí cháin, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus samhlacha feidhmíochtbhunaithe) agus táirgí airgeadais (amhail morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh agus iasachtaí glasa agus scéimeanna maoinithe chun flíteanna iompair astaíochtaí nialasacha a fháil) a chur chun cinn.

I bhfianaise na tábhachtacha a bhaineann le scéimeanna maoinithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt, trí ionstraimí airgeadais agus deontais, cuireann an Coimisiún samhail 11 ar fáil chun tacú leis na Ballstáit Ionstraimí Airgeadais Éifeachtúlachta Fuinnimh a fhorbairt agus glacadh na scéimeanna sin a mhéadú faoi Chístí an Bheartais Comhtháthaithe, i ndáil leis an tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Ar an taobh eile, tá sé ríthábhachtach chun comhar leis na hinstitiúidí airgeadais a neartú maidir le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus chun a dtiomantas gníomhach a shlógadh i dtreo chuspóirí REPowerEU agus an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. I ndáil leis sin, leanann an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, de bheith ag neartú obair an Ghrúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEFIG), grúpa atá rathúil, mar shampla d’fhonn Comhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh d’ardleibhéal leis an earnáil airgeadais a dhéanamh de. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar bhealaí breise chun tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh, e.g. trí chaighdeáin punainne morgáiste nó scéimeanna íocaíochta i leith na feidhmíochta.

I bhfianaise an ghá atá ann maidir le maoiniú príobháideach méadaithe, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Comhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh d’ardleibhéal a sheoladh leis an earnáil airgeadais, i gcomhar leis na Ballstáit, ar bhonn an Ghrúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEFIG) atá rathúil;

·déanfaidh sé scrúdú ar bhearta breise chun tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh, e.g. trí chaighdeáin punainne morgáiste nó scéimeanna íocaíochta i leith na feidhmíochta.

5.Rialachas agus Comhpháirtithe

Is fearr is féidir leis na Ballstáit, agus a n‑údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus a n‑eagraíochtaí, dul i dteagmháil le saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais chun iad a spreagadh le bearta coigilte fuinnimh a dhéanamh nó infheistíocht a dhéanamh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh. Comhlánóidh an Coimisiún na hiarrachtaí sin trí shaineolas a aithint agus a roinnt idir na Ballstáit maidir leis na gníomhaíochtaí is éifeachtaí, trí struchtúir atá ann cheana i gcás inar féidir, mar shampla na Gníomhaíochtaí Comhbheartaithe maidir leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus EPBD, tionscnaimh áitiúla, etc. Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tá an Coimisiún ag cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a aithint chun deireadh a chur le hallmhairí breosla iontaise ón Rúis de réir a chéile, lena n‑áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí chun dlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus chun iad a neartú. Is mian leis an gCoimisiún a bheith ag obair leis na gníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha go léir chun an tacaíocht agus an chomhroinnt faisnéise is mó a thabhairt.

Tá trí cheathrú de phobal an Aontais i gcathracha agus i mbailte agus tá an acmhainneacht is mó acu maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí coigilte fuinnimh práinneacha. Tá saineolas acu freisin ar dhaoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh, agus bíonn siad i dteagmháil leis na daoine sin. Sa chomhthéacs sin, is príomh‑comhpháirtíochtaí le haghaidh gníomhaíochta iad Cúnant na Méaraí agus an misean go mbeidh 100 Cathair Aeráidneodrach agus Cliste. Na líonraí atá ann cheana féin a neartú i gcomhar le rialtais áitiúla agus réigiúnacha, agus líonraí saineolaithe agus páirtithe leasmhara atá gníomhach ar na leibhéil sin, is gné thábhachtach é sin chun a áirithiú gur féidir leis na tomhaltóirí ar fad a gcion féin a dhéanamh. Ar an leibhéal domhanda, tugtar bealach seanbhunaithe chun freastal ar 11 000 cathair le Cúnant Domhanda na Méaraí, agus cathracha san Úcráin san áireamh, ar cathracha iad is féidir a chomhtháthú i ngníomhaíocht chomhchosúil i ndiaidh na coimhlinte.

Tá gnéithe áirithe ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu in earnálacha éagsúla gnó agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí comhpháirtíochtaí coigilte fuinnimh áirithe a chruthú le páirtithe leasmhara iomchuí sna hearnálacha ábhartha (e.g. na hearnálacha iompair, tionsclaíochta, agraibhia, TFC lena n‑áirítear lárionaid sonraí, uisce, agus fuinnimh). D’fhéadfaí tionscnaimh eile a úsáid chun creat a thabhairt do theaghlaigh, fiontair agus seirbhísí, mar shampla an tionscnamh ‘Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais’ agus an tionscnamh maidir le Réigiúin Ghuail i mbun Aistrithe.

I dtréimhsí práinne, tá gá le heolas áitiúil cuimsitheach agus tacaíocht shaincheaptha phraiticiúla chun comhairle a thabhairt do dhaoine maidir leis an gcaoi is fearr úsáid fuinnimh in‑athnuaite agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur le chéile, nó conas is féidir leo a bheith ina mball de chomhphobal fuinnimh in‑athnuaite. Ní mór a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag na saoránaigh go léir chun cinntí a dhéanamh. Fiú le gníomhaíochtaí práinneacha, ní mór cuimsitheacht, comhionannas agus neamh‑idirdhealú a áirithiú.

I bhfianaise an mhéid sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·leanfaidh sé de na páirtithe leasmhara ábhartha, na comhpháirtíochtaí coigilte fuinnimh, na heagraíochtaí tomhaltóirí, na comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí scileanna, Coiste na Réigiún, líonraí áitiúla agus réigiúnacha agus údaráis lárnacha na mBallstát a thabhairt le chéile chun comhroinnt dea-chleachtas maidir le bearta coigilte fuinnimh a éascú i gcoitinne agus tionchair na mbeart coigilte fuinnimh a fhiosrú i dtreo an gheimhridh seo chugainn;

·leanfaidh sé de chúnamh teicniúil tiomnaithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil, amhail tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, beartas comhtháthaithe agus an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, rud a chabhróidh leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara baic a bhaint ón chur in úsáid chláir éifeachtúlachta fuinnimh;

·tionólfaidh sé na Ballstáit chun tuairisciú a dhéanamh faoin 1 Iúil ar na gníomhaíochtaí atá déanta acu chun laghdú gearrthéarmach ar éileamh a bhaint amach. Iarrfar orthu na gníomhaíochtaí breise atá beartaithe acu a leagan amach agus tionchar na ngníomhaíochtaí sin a bhfuil coinne leis, lena náirítear faisnéis maidir le lárionaid sonraí agus dramhtheas tionsclaíoch.

6.Conclúid

Tá an éifeachtúlacht fuinnimh ina príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip agus de straitéis an Aontais chun geilleagar dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050 ar bhealach costéifeachtach. Leis na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair agus an cogadh san Úcráin, tugtar spreagadh nua don ghá atá ann fuinneamh a choigilt chun a áirithiú go mbeidh an tAontas neamhspleách ó allmhairí breosla iontaise ón Rúis chomh luath agus is féidir.

Mar a léirítear sa phlean seo, teastaíonn bearta éifeachtúlachta fuinnimh struchtúrtha meántéarmacha agus fadtéarmacha chomh maith le hathruithe láithreacha chun é sin a bhaint amach. Beidh gá le comharthaí praghais iomchuí, úsáid chliste chistiú poiblí atá gann agus níos mó infheistíochtaí príobháideacha, agus tuilleadh tacaíochta chomh maith le bearta éagsúla le haghaidh gníomhaíocht nithiúil ar an láthair. Beidh gá le rannpháirtíocht níos láidre ó na saoránaigh, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus gníomhaithe chun úinéireacht láidir agus cur in úsáid tapa na mbeart coigilte fuinnimh a bhfuil gá leo a áirithiú.

Agus na moltaí agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht seo ón Aontas maidir le ‘Fuinnimh a Choigilt’ á gcur chun feidhme, beidh gach duine in ann fuinnimh a choigilt agus sa chaoi sin, cuirfear le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa.


Bosca uirlisí neamheisiach de bhearta chun coigilteas fuinnimh láithreach a bhaint amach

Sa tábla thíos, tugtar liosta neamheisiach de bhearta spriocdhírithe chun coigilteas mór fuinnimh a ghiniúint sa ghearrthéarma (in imeacht tréimhse bliana). An coigilteas fuinnimh measta a léirítear, tá sé ag brath ar réimse leathan gnéithe lena n‑áirítear a mhéid a fhreagraíonn daoine aonair do phoiblíocht agus feachtais faisnéise agus ábhair spreagtha eile. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart é a mheas mar chomhartha lena dtugtar tásc ar mhéid féideartha an tionchair ar leibhéal an Aontais.

Thairis sin, is féidir go mbeadh forluí idir tionchair na mbeart. Mar shampla, d’fhéadfaí coigilteas fuinnimh den mhéid céanna a bhaint amach trí na bearta maidir leis an bhfeachtas faisnéise nó trí chur i bhfeidhm Dheimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh agus seiceálacha fuinnimh spriocdhírithe. I bhfianaise an mhéid sin, ní féidir na tionchair mheasta a ríomh chun figiúr coigilte foriomláine fuinnimh a chinntiú.

Bearta féideartha

Tuairisc ar na bearta

Tionchair mheasta i mbliain amháin (Mtoe)

Seirbhísí fuinnimh agus bearta maoinithe trasearnálacha

Feachtas faisnéise maidir le cur amú fuinnimh éagsúil i dteaghlaigh agus i gnólachtaí beaga

Feachtas faisnéise spriocdhírithe, lena spreagtar saoránaigh chun teochtaí córas téimh agus coirí a ísliú, tomhaltas fuinnimh a sheachaint le linn na mbuaicuaireanta, dorais a dhúnadh, córais téimh i seomraí neamhúsáidte a mhúchadh, séideáin a chosc, úsáid fuinnimh i siopaí miondíola a laghdú. Ba cheart seirbhísí comhairliúcháin a chur san áireamh sa mhéid sin freisin, amhail ionaid ilfhreastail nó fearais éifeachtúlachta fuinnimh, le haghaidh saoránach agus FBManna.

11 Mtoe

Deimhniú agus cothabháil

Comhairle, cigireachtaí, iniúchtaí fuinnimh agus deimhnithe feidhmíochta fuinnimh saor in aisce chun feasacht a mhúscailt agus moltaí a thabhairt maidir le coigilteas fuinnimh, chomh maith le seiceálacha ar an láthair i gcórais téimh grianteasa agus dlús a chur le cothabháil chun cur amú fuinnimh a laghdú

3.5 Mtoe

Praghsáil fuinnimh a athrú chun úsáid fuinnimh agus breosla níos ísle a spreagadh

Cóir fhabhrach i leith breosla iontaise agus rátaí comhréidh le haghaidh fuinnimh a bhaint. Taraifí comhleanúnacha agus réitigh eile a thabhairt isteach chun coigilteas a chothú agus an t‑aistriú ó ghás chuig leictreachas a spreagadh

2.4 Mtoe

Ceannach fearas níos éifeachtúla a spreagadh

Soláthróidh na Ballstáit faisnéis agus dreasachtaí. Soláthraítear faisnéis inchomparáide a bhfuil rochtain éasca uirthi leis an comhéadan tomhaltóirí EPREL.

Rolladh amach chleachtais maoinithe nuálacha agus tuilleadh tacaíocht do Chuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh

Féadtar tacaíocht a thabhairt do ghlacadh méadaithe beart éifeachtúlachta fuinnimh agus féadtar coigilteas fuinnimh a ghiniúint sa ghearrthéarma (scéimeanna maoinithe trí bhillí agus trí cháin, morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh, maoiniú Chuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh) trí dlús a chur le scéimeanna maoinithe nuálacha

0.7 Mtoe

Cleachtais rialaithe níos cliste i bhfostáisiúin téimh ceantair

Rialaitheoir cliste agus faireachán ar fhostáisiúin téimh ceantair láraithe a thabhairt isteach, ar fostáisiúin iad nach féidir leo smacht a áirithiú agus deireadh a chur le luaineacht i dteochtaí soláthair agus leis an sreabhadh méadaithe uisce isteach i radaitheoirí

2.5 Mtoe

Foirgnimh

Úsáid téimh agus aerchóiriúcháin i bhfoirgnimh

Is minic is féidir na réamhshocruithe ar choirí comhdhlúthúcháin a athrú chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus suas le 8 % den fhuinneamh a úsáidtear chun seomraí agus uisce a théamh a choigilt.

2.5 Mtoe

Cur i bhfeidhm tapa na dteaschaidéal trí thionscnaimh maoinithe tiomnaithe

Dreasachtaí airgeadais agus fioscacha a chur i bhfeidhm chun dlús a chur le cur i bhfeidhm tapa na dteaschaidéal, mar shampla trí laghdú CBL agus oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh. Deontais bhónais chun coirí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a ionadú chun an t‑éileamh ar ghás nádúrtha a chúiteamh go díreach.

1.5 Mtoe

Córais uathoibrithe foirgneamh agus bhainistíochta fuinnimh

Feistiú chórais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh a spreagadh i bhfoirgnimh, ar córais iad lena ndéantar faireachán ar úsáid fuinnimh agus lena n‑athraítear an úsáid sin go huathoibríoch.

1.5 Mtoe

Faisnéis a chur ar fáil maidir le bearta inslithe atá éasca le suiteáil i bhfoirgnimh

Bearta inslithe atá éasca le suiteáil in áileirí agus i ndíonta a mholadh, agus fuinneoga ardfheidhmíochta agus déghloiniú a úsáid

1.5 Mtoe

Tionscal

Iniúchtaí fuinnimh agus gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le caillteanas téimh

Iniúchtaí agus gníomhaíochtaí caillteanais téimh a dhreasú chun caillteanas téimh ó phróisis ardteochta a sheachaint. FBManna a spreagadh chun iniúchtaí a dhéanamh.

2.5 Mtoe

Dlús a chur le foinsí in‑athnuaite a chur in ionad breosla iontaise agus tacaíocht airgeadais a thabhairt don phróiseas sin

Dreasachtaí, amhail buntáistí cánach nó fóirdheontais, chun dlús a chur le foinsí in‑athnuaite a chur in ionad breosla iontaise, go háirithe i bhfoirgnimh atá ann cheana féin ina bhfuil coirí atá níos sine ná 12 bhliain d’aois.

5 Mtoe

Maidir le hiompar, d’fhéadfaí bearta éagsúla atá ina dtairbhí a ghlacadh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta mar a léirítear sa tábla thíos, i gcomhréir leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus go háirithe leis an gcreat beartais soghluaisteachta uirbí nua. Is féidir le húdaráis poiblí, oibreoirí iompair agus fostóirí nó gníomhairí eile na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfeidhm go tapa nó dlús a chur leo (ar bhonn aonair i gcás gach birt).

Beart féideartha

Tionchar féideartha (ag brath ar an dearadh áirithe)

Tuairisc ar an mbeart 

Glacadh gluaisteán, veaineanna, trucailí agus busanna leictreacha agus gluaisteán, veaineanna, trucailí agus busanna atá níos éifeachtúla a athneartú

Mórthionchar

 

·Tacaíocht phoiblí/leanúnach chun feithiclí inbhuanaithe a cheannach

·Scéimeanna tacaíochta tiomnaithe le haghaidh flíteanna speisialaithe agus faoi chuing (tacsaithe, flíteanna comhroinnte, flíteanna lóistíochta, busanna)

·Infheistíocht i mbonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a bhfuil rochtain phoiblí air (gníomhaithe poiblí agus príobháideacha)

·Tacaíocht le haghaidh chur in úsáid bonneagair athluchtaithe príobháideach (sa bhaile/in oifigí/i ngnólachtaí) trí bhíthin fóirdheontais nó dreasachtaí cánach

·Infheistíocht i mbonneagar iompair poiblí atá saor ó astaíochtaí d’fhonn úsáid gluaisteán príobháideach a laghdú (meitreo, tram, traenacha uirbeacha, bus tralaí)

Laghdú luais le linn tiomána a spreagadh

Meánthionchar go mórthionchar

·Luasanna mótarbhealaigh a laghdú

·Criosanna luais laghdaithe a mholadh i gceantair uirbeacha criosanna atá saor ó ghluaisteáin a fhorbairt chun soghluaisteacht bhog a éascú

Praghas iompair poiblí agus iarnróid a laghdú

Meánthionchar go mórthionchar

·Laghdú ar phraghsanna le haghaidh iompar poiblí agus iompar d’iarnród ar bhonn tacaíocht phoiblí d’oibreoirí 

Siúl, rothaíocht agus micrea-shoghluaisteacht a spreagadh i gcathracha

Meánthionchar go mórthionchar

·Tacaíocht le haghaidh comhroinnt rothar saor in aisce agus réitigh mhicrea-shoghluaisteachta eile

·Ceannach rothar a dhreasú trí fhóirdheontais cheannaigh rothar agus laghduithe cánach/CBL

·Dreasachtaí/luaíochtaí le haghaidh fostaithe a úsáideann iompar poiblí nó modhanna gníomhacha chun an turas chun na hoibre a dhéanamh

·Infheistíocht a dhéanamh i lánaí rothar nua i gcathracha agus timpeall orthu/ina dtreo

·Seachadadh an mhíle deiridh le rothair lasta nó feithiclí seachadta leictreacha níos lú a chur chun cinn/a dhreasú

·Deiseanna chun taisteal ar iompar poiblí (traein, meitreo) le rothar a mhéadú

Tiomáint níos éifeachtúla agus feidhmiú feithiclí lasta níos éifeachtúla agus seachadadh earraí níos éifeachtúla a chur chun cinn

Meánthionchar

·Lastáil feithiclí tromshaothair níos fearr/iomlán a áirithiú trí pleanáil níos fearr/sonraí níos fearr

·Barr feabhais a chur ar réitigh seachadta ilmhódaigh, lena náirítear trí réitigh an mhíle deiridh atá saor ó astaíochtaí agus stáisiúin bhailithe

·Oiliúint tiomána éiceolaíche a chur ar fáil

·Dlús a chur le cur i bhfeidhm sheirbhísí ITS

Laethanta saor ó ghluaisteáin

Tionchar íseal go meánthionchar

Laethanta saor ó ghluaisteáin a eagrú i gcathracha

Scéimeanna muirearaithe ar úsáid bóithre atá ann cheana féin a oiriúnú

Tionchar íseal go meánthionchar

Scéimeanna muirearaithe ar úsáid bóithre lena laghdaítear brú tráchta le linn buaicuaireanta agus/nó feithiclí níos oiriúnaí a dhreasú

(1)      An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), 2022: Climate Change 2022 [Athrú Aeráide 2022]: Athrú Aeráide a Mhaolú. Contribution of Working Group III to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [Rannchuidiú Mheitheal III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide]
(2)    Analysis of behaviour change due to electricity crisis [Anailís ar athrú iompraíochta de bharr géarchéim leictreachais]: Japanese household electricity consumer behaviour since the earthquake [Iompraíocht tomhaltóirí leictreachais na dteaghlach Seapánach ó tharla an crith talún]; Murakoshi et al, 2013. Can Rationing Affect Long Run Behavior [An gCuirtear Isteach ar Iompraíocht Fhadtréimhseach de bharr Ciondála]? Evidence from Brazil [Fianaise ón mBrasaíl]; Costa, 2012. Féach freisin Policies for energy conservation and sufficiency [Beartais le haghaidh caomhnú fuinnimh agus leordhóthanacht fuinnimh]: Review of existing policies and recommendations for new and effective policies in OECD countries [Athbhreithniú ar bheartais atá ann cheana agus moltaí le haghaidh beartais nua éifeachtacha i dtíortha ECFE]: Bertoldi, 2022 (https://doi.org/10.1016/j.enbuild.2022.112075)
(3)    Mar shampla, sheol rialtas na Beilge an feachtas ‘J’ai un impact/ik heb impact’ arb é is aidhm dó coigilteas fuinnimh gearrthéarmach a bhaint amach i bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine. D’fhógair an Iodáil cinneadh teochtaí téimh agus fuaraithe a theorannú i bhfoirgnimh phoiblí.
(4)    Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise ina leith ag: https://eprel.ec.europa.eu/screen/home
(5)    An coigilteas fuinnimh measta a léirítear, tá sé bunaithe ar réimse foinsí agus tá sé ag brath ar réimse leathan gnéithe lena náirítear a mhéid a fhreagraíonn daoine aonair do phoiblíocht agus feachtais faisnéise agus ábhair spreagtha eile. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart an coigilteas fuinnimh measta a mheas mar chomhartha lena dtugtar tásc ar mhéid coibhneasta féideartha an tionchair ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, is féidir go mbeadh forluí idir tionchair na mbeart.
(6)    Féach mar shampla https://combi-project.eu/
(7)    COM(2022) 142 final
(8)    https://op.europa.eu/en/publicationdetail/-/publication/511bb328-f8b9-11eb-b520-01aa75ed71a1/language-en
(9)    SWD(2022) 230 final
(10)      COM(2022) 142 final.
(11)    https://www.fi-compass.eu/resources/factsheetsandbrochures/model-for-a-financial-instrumentwitha-grantcomponent