An Bhruiséil,30.3.2022

COM(2022) 140 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás


1.Réamhrá

Tá géarchéimeanna móra agus suaití eacnamaíocha tar éis teacht sna sála ar a chéile le blianta beaga anuas, agus tá tionchar á imirt aige sin ar gach gné de gheilleagar agus de shochaí an Aontais Eorpaigh. An ghéarchéim is déanaí agus is loime sa tsraith sin – ionradh neamhthrócaireach gan chúis na Rúise ar an Úcráin – is de chineál éagsúil é leis an bpaindéim agus an téarnamh uaithi, nó leis an ngá chun freagairt do ghéarchéimeanna na haeráide agus na bithéagsúlachta, gá atá ag éirí níos práinní. An staid gheopholaitiúil atá ann dá bharr, tá sí tar éis daoine agus gnólachtaí san Eoraip agus níos faide anonn a chur faoi bhrú athneartaithe, tráth a bhí an tAontas Eorpach, an Úcráin agus an domhan mór ag súil le hatógáil chun feabhais.

Ach tá go leor i bpáirt ag na géarchéimeanna sin freisin, agus cuireann siad iallach orainn toimhdí a cheistiú, athmhachnamh a dhéanamh ar ár samhail gheilleagrach agus oibriú ar ár gcóras fuinnimh a athdhearadh. Tá ár spleáchais féin curtha ar ár súile dúinn arís, chomh maith leis an leochaileacht is féidir a bheith ann dá dtoradh i dtéarmaí slándáil soláthair, brú airgeadais ar theaghlaigh agus suaití le haghaidh gnólachtaí a bhfuil a n‑oibríochtaí laethúla agus a marthanacht fhadtéarmach i mbaol.

Cuireann sin i bhfios gur gá féachaint ar an gcaoi ar féidir linn folláine ár saoránach a mhéadú agus fás inbhuanaithe a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní agus na hábhair a bhfuil na táirgí a úsáidimid gach lá déanta astu, chomh maith leis na táirgí féin a fheabhsú. Is féidir linn ár bhfás eacnamaíoch a scaradh ó úsáid acmhainní nádúrtha agus ó dhíghrádú comhshaoil ach táirgí a dhéanamh a ídíonn níos lú fuinnimh, úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na táirgí sin ar feadh tréimhse níos faide, brath ar ábhair athchúrsáilte seachas ar amhábhair phríomhúla, agus samhlacha geilleagracha ciorclacha atá ar thús cadhnaíochta a scaipeadh. Trí chur chuige comhchuibhithe a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, is féidir linn borradh a chur faoin iomaíochas, deiseanna gnó agus poist nua a chruthú, glasú an mhargaidh aonair a chothú i gcomhréir le clár oibre um fhás inbhuanaithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 1 , cur ar chumas na dtomhaltóirí costais a shábháil, agus feabhas a chur ar athléimneacht gheilleagar an Aontais Eorpaigh i gcoinne míshocrachtaí sna slabhraí luacha comhtháite domhanda. Thairis sin, rannchuideoidh an méid sin go cinntitheach le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, le stop a chur le cailleadh na bithéagsúlachta agus lenár nuaillmhian maidir le truailliú nialasach a chur i gcrích.

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas, tá tionchair chomhshaoil an tomhaltais ár mbrú fós lasmuigh den spás oibriúcháin atá sábháilte don duine, mar go bhfuil teorainneacha an phláinéid á sárú againn ar roinnt bealaí san Aontas Eorpach 2 . Is é is cúis ar fud an domhain le leath na nastaíochtaí gás ceaptha teasa agus le 90 % de chailleadh na bithéagsúlachta, eastóscadh agus próiseáil amhábhar príomhúil 3 , agus bíonn cur amú mór acmhainní ann mar thoradh ar an tsamhail táirgthe líní (tóg → déan → diúscair) atá fós ina saintréith dár ngeilleagair. Chun cur ar chumas an Aontais an taistriú a bhaint amach chuig geilleagar ciorclach atá tíosach ar acmhainní, neodrach ó thaobh na haeráide de agus saor ó thruailliú, agus chun a spleáchais fuinnimh agus acmhainní a laghdú, tá gá práinneach againn le cur chuige nua i leith an bhealaigh a ndearaimid, a ndéanaimid agus a núsáidimid táirgí. Cuirfidh an tAontas an cur chuige sin chun cinn go hidirnáisiúnta freisin, rud a láidreoidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht na slabhraí luacha domhanda.

Is é is aidhm do phacáiste tionscnamh idirnasctha an lae inniu maidir le táirgí inbhuanaithe, pacáiste atá á chur i láthair sa Teachtaireacht seo, an cur chuige nua sin a thabhairt i bhfad níos gaire dá chur i gcrích dáiríre, agus san am céanna cur lena bhfuil déanta cheana. Bíonn íoscheanglais maidir leis an gcomhshaol á leagan síos cheana ag an Aontas le haghaidh táirgí nó earnálacha áirithe, amhail táirgí, pacáistíocht agus ceimiceáin a bhaineann le fuinneamh. Tá na ceanglais sin tar éis cuidiú le lorg comhshaoil agus aeráide an Aontais a laghdú go substaintiúil, an tomhaltas fuinnimh san áireamh. Mar shampla, mar gheall ar thoradh carnach na rialacha AE atá ann faoi láthair maidir leis an éiceadhearthóireacht agus an lipéadú fuinnimh, tá tomhaltas fuinnimh phríomhúil na dtáirgí faoin raon feidhme 10 % níos ísle in aghaidh na bliana, rud atá inchomparáide le tomhaltas fuinnimh na Polainne 4 , agus laghdaíonn sin ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise, ón Rúis san áireamh. Mar sin féin, ní chumhdaítear leis na rialacha atá ann cheana ach sciar teoranta de na hearraí a chuirtear ar an margadh san Aontas agus ní spreagann na rialacha sin ciorclaíocht go córasach ná ní théann siad i ngleic le go leor de na bealaí a nimríonn táirgí tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol le linn a saolré. Ina theannta sin, is mór an acmhainneacht ann fós laghdú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh táirgí a bhfuil baint acu le fuinneamh.

Sin an fáth ar croílár phacáiste an lae inniu é an togra le haghaidh Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 5 .. Ós rud é gurb é dearadh an táirge a dhéanann suas le 80 % dá thionchar comhshaoil le linn a shaolré a shocrú 6 , leathnaítear leis an togra raon feidhme an chreata Éicidhearthóireachta chun an réimse táirgí is leithne is féidir a chumhdach. Déantar foráil ann maidir le híoschritéir a leagan síos, ní hamháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh ach le haghaidh ciorclaíochta freisin, chomh maith le laghdú foriomlán ar lorg comhshaoil agus aeráide na dtáirgí. Go dtí go dtiocfaidh an creat nua i bhfeidhm, is í an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht atá ann cheana a leanfaidh d’fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an gciorclaíocht a spreagadh. Chuige sin, tá Plean Oibre um an Éicidhearthóireacht agus um an Lipéadú Fuinnimh 2022-2024 á ghlacadh ag an gCoimisiún in éineacht leis an togra nua chun táirgí nua a bhaineann le fuinneamh a chumhdach agus chun an uaillmhian maidir le táirgí atá á rialú cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a mhéadú.

Chun tacú leis sin, tá tionscnaimh earnála spriocdhírithe – Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha 7 agus athbhreithniú an Rialacháin um Tháirgí Foirgníochta 8 – á gcur i láthair mar chuid den phacáiste chun aghaidh a thabhairt ar an dá ghrúpa táirgí tosaíochta sin a mbíonn tionchar nach beag acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Chun a áirithiú go leanfaidh tomhaltóirí de thacú go gníomhach leis an aistriú, tá togra reachtach á chur síos ag an gCoimisiún chun Tomhaltóirí a Chumhachtú san Aistriú Glas 9 , togra lena dtabharfar isteach leasuithe spriocdhírithe lena náiritheofar an ‘glasú’ is gá maidir le dlí tomhaltóirí cothrománach an Aontais.

Trí chur chuige coiteann a thabhairt isteach maidir le táirgí san Aontas, cuideoidh ár dtograí le cothrom na Féinne a bhaint amach i gcás cuideachtaí atá ag oibriú sa mhargadh aonair agus beidh an tAontas ina bhunaitheoir caighdeán i réimse na dtáirgí inbhuanaithe dá bharr. Chun a áirithiú go seolfar an t‑aistriú chuig táirgí níos inbhuanaithe ar bhealach a maolóidh costais agus dúshláin an aistrithe, beidh roghnú na ngrúpaí táirgí agus leagan amach na rialacha táirgeshonracha faoi réir pleanáil fhadtéarmach i bpróiseas comhchruthaithe cuimsitheach, agus faoi réir measúnuithe tionchair diana, rud a áireoidh inacmhainneacht le haghaidh tomhaltóirí, tionchair ar an iomaíochas agus an t‑ualach riaracháin.

Tá roinnt Ballstát tar éis tús a chur le ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chur ar tháirgí 10 ar a gconlán féin agus níos mó agus níos mó, tá na saoránaigh ag iarraidh orthu tuilleadh beart a dhéanamh, agus iad a dhéanamh níos tapa. Tá baol ilroinnt an mhargaidh aonair dá bharr sin mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla, rud a chruthóidh deacrachtaí maidir le gnó a dhéanamh agus a mhéadóidh na costais a bhaineann le gnó a dhéanamh. Le rialacha comhchuibhithe AE, seachnófar saobhadh margaidh den sórt sin, déanfar an margadh a scálú go mór le haghaidh táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus laghdófar ar deireadh na costais chomhlíontachta agus an tualach riaracháin le haghaidh gnólachtaí atá ag oibriú ar fud an Aontais.

Tá go leor deiseanna eile ann do ghnólachtaí chun costais a shábháil, i bhfianaise an mhéadaithe leantaigh ar an nganntanas acmhainní nádúrtha príomhúla, na ndúshlán maidir le soláthar amhábhar agus luaineacht phraghsanna na namhábhar sin. Trí shamhlacha gnó, próisis táirgthe agus táirgí a athdhearadh, táirgí níos buanfasaí a dhéanamh nó a núsáid a optamú, agus a bheith rannpháirteach i margadh dea-fheidhmiúil le haghaidh amhábhair thánaisteacha, is féidir le gnólachtaí laghdú mór a dhéanamh ar a gcostais ábhar, fuinnimh agus bainistithe dramhaíola, agus a nathléimneacht a fheabhsú. Tá eagraíochtaí sochaí sóisialta tar éis ról ceannródaíoch a bheith acu maidir le tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh agus iad a mhéadú, amhail athchúrsáil ríomhtháirgí agus teicstílí, earraí tomhaltais in-athúsáidte, agus gníomhaíochtaí deisiúcháin agus athmhonaraíochta 11 . Le réitigh nua dhigiteacha freisin, tá deiseanna ollmhóra le tapú maidir le samhlacha gnó a athdhearadh ar mhaithe le héifeachtúlacht fuinnimh, ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht comhshaoil ar bhonn níos leithne.

Tá cuideachtaí ceannródaíocha i roinnt éiceachórais thionsclaíocha tar éis an t‑aistriú sin a ghlacadh chucu féin cheana.

Le creat rialála soiléir comhchuibhithe maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí, soláthrófar na coinníollacha lenar féidir an cur chuige sin a phríomhshruthú agus spreagfar cuideachtaí a bhíonn ag díol agus ag ceannach ar mhargaí an Aontais chun dul i mbun nuálaíochta agus chun infheistíocht a dhéanamh i samhlacha gnó ciorclacha agus i dtáirgí an lae amárach.

Dhéanfadh sé sin leathnú nach beag ar an réimse táirgí – táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de – a bheadh ar fáil do thomhaltóirí an Aontais agus d’fhágfadh sé gurbh iad na táirgí sin an rogha phríomhshrutha. Sa lá atá inniu ann, tá sciar margaidh na dtáirgí sin teoranta fós, rud a dhéanann difear freisin dá ninfhaighteacht agus dá ninacmhainneacht do thomhaltóirí. Ach tá taithí an Aontais tar éis a léiriú cheana go mbíonn sábháil mhór costas ann mar thoradh ar an éiceadhearthóireacht, i gcás ina ndéantar uas-scálú uirthi. In 2021 féin, shábháil na tomhaltóirí EUR 120 billiún mar thoradh ar na ceanglais éicidhearthóireachta atá ann cheana maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, fiú agus na costais éadála á gcur san áireamh 12 . D’fhéadfaí coigilteas i bhfad níos mó a bhaint amach dá ndéanfaimis an fhadhb a leigheas go bhfuil ar thomhaltóirí déileáil le táirgí a bhfuil saolré ghairid acu agus nach féidir iad a dheisiú, nó nach bhfuil rochtain leormhaith ag tomhaltóirí ar shamhlacha gnó ciorclacha. Dá gcuirfí an méid sin in éineacht leis an bhfaisnéis cheart do thomhaltóirí agus dá náiritheofaí cosaint ar ghlas-snasú, dhéanfadh an tAontas a chuid tomhaltóirí a chumhachtú go fóinteach don aistriú glas agus bheadh táirgí inbhuanaithe mar an gnás, rud a spreagfadh an chuid eile den domhan chun déanamh amhlaidh.

Forléargas ar na tionscnaimh sa phacáiste Geilleagair Chiorclaigh

2.Ár nuaillmhian: féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás

Táirgí níos inbhuanaithe, níos ciorclaí, le feidhmíocht fuinnimh níos fearr a dhearadh

An Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR) atá beartaithe, is é atá ina bhunchloch de chur chuige an Choimisiúin i leith táirgí níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Bunaítear leis an Rialachán an creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh catagóirí táirgí sonracha chun feabhas nach beag a chur ar a gciorclaíocht, a bhfeidhmíocht fuinnimh agus gnéithe eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht comhshaoil. Cuireann sé le héifeachtacht chruthaithe na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh agus cumasóidh sé íoscheanglais éicidhearthóireachta agus faisnéise a leagan síos le haghaidh beagnach gach catagóir de na hearraí fisiceacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais 13 . Is féidir rialacha cothrománacha a leagan síos le haghaidh grúpaí táirgí a bhfuil saintréithe coiteanna leordhóthanacha acu.

Cuirfear na ceanglais éicidhearthóireachta sin in oiriúint do shaintréithe sonracha na ngrúpaí táirgí lena mbaineann. Cuirfear san áireamh lena sainaithint agus lena bhforbairt an acmhainneacht le haghaidh feabhais agus éifeachtacht choibhneasta maidir le héifeachtúlacht mhéadaithe acmhainní agus fuinnimh a chur ar fáil, saolré tháirge níos faide a chumasú agus an luach atá leabaithe sna hábhair a uasmhéadú, an truailliú agus tionchar foriomlán na dtáirgí ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú. Leis na ceanglais éicidhearthóireachta, de réir mar is iomchuí le haghaidh na gcatagóirí táirgí a bheidh le rialáil, cumhdófar na nithe seo a leanas:

·an táirge a bheith inmharthanach agus iontaofa, a bheith in ann an táirge a athúsáid, a uasghrádú agus a dheisiú, a bheith in ann é a chothabháil agus a athchóiriú go héasca;

·srianta ar shubstaintí a bheith ann a chuireann bac ar chiorclaíocht táirgí agus ábhar;

·úsáid fuinnimh nó éifeachtúlacht fuinnimh na dtáirgí;

·úsáid acmhainní nó éifeachtúlacht acmhainne na dtáirgí;

·an tíosmhéid ábhair athchúrsáilte i dtáirgí;

·a éasca atá sé táirgí agus ábhair a dhíchóimeáil, a athmhonarú agus a athchúrsáil;

·tionchar táirgí ar an gcomhshaol le linn a saolré, lena náirítear a lorg carbóin agus a lorg comhshaoil;

·dramhaíl, lena náirítear dramhaíl ó phacáistíocht, a chosc agus a laghdú.

Cuidiú le gnólachtaí agus le tomhaltóirí roghanna níos eolaí a dhéanamh

Chomh maith le ceanglais a leagan síos maidir leis an gcaoi ar cheart táirgí a dhéanamh, is creat é an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR) chun ceanglais a leagan síos chun faisnéis a sholáthar faoi inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí. Ag brath ar an táirge lena mbaineann, d’fhéadfadh a bheith san áireamh leis sin faisnéis faoi úsáid fuinnimh, ábhar athchúrsáilte, substaintí ar ábhar imní iad a bheith ann, buanfas, indeisitheacht, lena n‑áirítear scór indeisitheachta, infhaighteacht comhpháirteanna spártha agus in-athchúrsáilteacht.

Beidh pasanna táirge digiteacha mar an gnás le haghaidh gach táirge a rialaítear faoi ESPR, agus ar an gcaoi sin féadfar táirgí a chlibeáil, a shainaithint agus a nascadh le sonraí a bhaineann lena gciorclaíocht agus lena n‑inbhuanaitheacht. Trí thacú leis an gcur chuige ceannródaíoch seo maidir le sonraí inbhuanaitheachta comhshaoil, is féidir an bealach a réiteach freisin le haghaidh comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn níos leithne, agus dul níos faide ná na táirgí agus na ceanglais a rialaítear faoi ESPR. Thairis sin, féadfar pasanna táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme i gcás an ghrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

Trí fhaisnéis ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a struchtúrú agus í a tharchur trí bhíthin pasanna táirge digiteacha, tabharfar cabhair do ghnólachtaí ar feadh an tslabhra luacha, ó mhonaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí go déileálaithe, deisitheoirí, athmhonaróirí agus athchúrsálaithe, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhfuil luach aici dá nobair maidir leis an bhfeidhmíocht comhshaoil a fheabhsú, saolré an táirge a fhadú, dlús a chur leis an éifeachtúlacht agus le húsáid amhábhar tánaisteach, rud a ísleoidh an gá le hacmhainní nádúrtha príomhúla, a shábhálfaidh costais agus a laghdóidh spleáchais straitéiseacha. Cabhróidh sé sin maidir le substaintí ar ábhar imní iad a rianú ar feadh shaolré na nábhar agus na dtáirgí, agus ar an gcaoi sin comhlíonfar na gealltanais a rinneadh sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht 14 agus a rannchuideofar le haidhm an Aontais chun truailliú nialasach a bhaint amach. Ina theannta sin, is féidir le pasanna táirge digiteacha cur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna níos eolaí a dhéanamh, trédhearcacht a fheabhsú le haghaidh eagraíochtaí leasa phoiblí agus cabhrú leis na húdaráis náisiúnta maidir lena nobair forfheidhmithe agus faireacháin.

Cuirfidh ESPR ar chumas an Aontais freisin ceanglais lipéadaithe a leagan síos, amhail ceanglais maidir le hindeisitheacht táirgí. San áireamh leis na Lipéid Fuinnimh AE nua, beidh gnéithe ciorclaíochta amhail scór deisithe, trí bhíthin faisnéis chomhlántach. I gcás táirgí eile, is é an lipéad nua ESPR a sholáthróidh an fhaisnéis sin. D’fhéadfadh an Lipéad Fuinnimh AE agus lipéad ESPR araon a bheith ar roinnt táirgí, i gcás ina bhfuil fianaise ann go mbeidh sé sin níos éifeachtaí le haghaidh tomhaltóirí agus go mbeidh ualach níos lú ag baint leis le haghaidh tionscal. Mar a léiríonn an Lipéad Fuinnimh AE 15 , más éigeantach faisnéis bhunriachtanach a sholáthar ag am an cheannaigh, is féidir sin a bheith ina bhealach éifeachtach chun gnéithe ábhartha a bhaineann le feidhmíocht comhshaoil táirgí a thabhairt le fios, go háirithe nuair a chumasaíonn sé comparáid éasca idir táirgí i gcatagóir ar leith.

I gcomhthráth le rialacha táirgeshonracha a fhorbairt faoi ESPR agus i sineirge leis sin, oibreoidh an Coimisiún ar chritéir tháirgeshonracha a athbhreithniú nó a shocrú faoin Éicilipéad AE. Lipéad iontaofa is ea é a bhfuil aithne mhaith air, agus tá aitheantas agus deimhniú á dtabhairt leis le 30 bliain anuas do tháirgí a bhfuil dea-fheidhmíocht comhshaoil acu san Aontas trí chéile.

Stop a chur le scriosadh earraí tomhaltais gan díol

Áirítear leis an ESPR atá beartaithe bearta chun cosc a chur ar scriosadh earraí tomhaltais gan díol agus é a stopadh. Mar chéad chéim, gnólachtaí móra a dhéanann táirgí gan díol a dhiúscairt, beidh orthu an líon táirgí a dhiúscraíonn siad in aghaidh na bliana a nochtadh, cúiseanna le méideanna na diúscartha a sholáthar, mar aon le faisnéis faoin méid táirgí diúscartha a cuireadh amach lena n‑athúsáid, lena n‑athmhonarú, lena n‑athchúrsáil, le haghaidh oibríochtaí aisghabhála agus diúscartha fuinnimh, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Leis an Rialachán, féadfar freisin toirmeasc iomlán a chur ar scriosadh táirgí gan díol, ag brath ar na catagóirí táirgí atá le rialú.

Táirgí níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus a fháil

Cé go gcuirfidh na ceanglais feidhmíochta agus faisnéise ar a gcumas do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí táirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú, is mó an ról is féidir a bheith ag dreasachtaí agus soláthar poiblí na mBallstát. Tá an Coimisiún tar éis roinnt critéar um sholáthar poiblí glas a fhorbairt cheana féin, ach tá a dtionchar teoranta fós toisc gur úsáid dheonach a bhaintear astu faoi láthair. Dá bhrí sin, is é aidhm do ESPR méid an chaiteachais phoiblí a ghiaráil chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de trí chritéir éigeantacha a leagan síos maidir le soláthar poiblí na dtáirgí sin, agus leas á bhaint, i gcás inarb iomchuí, as na critéir dheonacha atá ann cheana. Ciallaíonn sin go gceanglófaí ar na húdaráis chonarthacha critéir um sholáthar glas a úsáid chun grúpaí sonracha táirgí a cheannach. Ina theannta sin, is féidir dreasachtaí a chuireann na Ballstáit ar fáil a ghiaráil trí cheanglais inbhuanaitheachta comhshaoil a chur ar na táirgí lena mbaineann na dreasachtaí sin.

3.Cur chuige trasearnála i leith táirgí inbhuanaithe

Tá ESPR ceaptha chun a bheith comhleanúnach agus ailínithe le reachtaíocht earnála agus beartais atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí. A luaithe atá a chreat i bhfeidhm, seolfar na ceanglais táirge tar éis pleananna oibre ilbhliantúla. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Choimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar na réimsí is mó ina bhfuil gníomh rialála ag teastáil.

I gcás ina bhfuil ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil socraithe cheana féin ar leibhéal sásúil i reachtaíocht an Aontais, ní bheidh feidhm ag ESPR. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na ceanglais sin in easnamh, ach go bhfuil acmhainneacht ard ann maidir leis an gciorclaíocht agus an éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, chomh maith le féidearthacht ard na tionchair fhoriomlána ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú, agus i gcás ina bhfuil údar le gníomh a dhéanamh, dhéanfadh ESPR an gníomh. Na bearta faoi ESPR, beidh measúnuithe tionchair tiomnaithe ag gabháil leo, chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ann, chomh maith le haird chuí ar an ngné idirnáisiúnta agus ar an tionchar ar thríú tíortha, mar aon le comhsheasmhacht le reachtaíocht Aontais eile.

Tá trí chás éagsúla ann a léiríonn an chaoi ar ceapadh an ESPR beartaithe chun oibriú le tionscnaimh reachtacha agus beartais earnála chun dlús a chur leis an aistriú glas.

Rialacha nua táirgeshonracha Aontais a chruthú: sampla na dteicstílí

I gcás táirgí nach bhfuil aon dlí sonrach de chuid an Aontais ina leagtar síos ceanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil, is é ESPR a bheidh mar an creat dlíthiúil faoina leagfar síos dlíthe an Aontais. Tá sé sin amhlaidh i gcás teicstílí agus coisbhirt. Cé go bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais áirithe táirgí faoi láthair, amhail ceanglais a bhaineann le ceimiceáin 16 agus lipéadú 17 , níl aon cheanglas sonrach lena rialaítear ciorclaíocht, e.g. buanfas, indeisitheacht, in-athchúrsáilteacht agus ábhar athchúrsáilte.

Tar éis ghlacadh agus theacht i bhfeidhm ESPR, agus faoi réir measúnú tionchair, líonfar an bhearna rialála sin trí reachtaíocht thánaisteach lena leagtar síos ceanglais maidir le feidhmíocht éicidhearthóireachta i gcás táirgí teicstíle, ceanglais faisnéise agus Pas Táirge Digiteach. Déanfar athruithe spriocdhírithe ar lipéadú teicstílí a mheas freisin faoin Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí 18 . Lasmuigh de theicstílí agus de réir na loighce céanna, aithneofar táirgí tosaíochta eile sa chéad phlean oibre ESPR (féach Roinn 4).

Ina theannta sin, is éard atá i straitéis an Aontais maidir le teicstílí inbhuanaithe ciorclacha atá á glacadh ag an gCoimisiún mar chuid den phacáiste seo, sraith chuimsitheach gníomhartha a théann níos faide ná ESPR. Is é an aidhm ná an earnáil seo a chlaochlú agus ní hamháin athrú a dhéanamh ar dhearadh na dteicstílí ach borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha agus dramhaíl teicstíle a laghdú freisin, i gcomhréir leis an ngá le hinacmhainneacht tomhaltóra agus iomaíochas gnó a áirithiú, agus an gá sin á chur san áireamh go hiomlán. Is léiriú é sin freisin ar sheoladh an phróisis comhchruthaithe le haghaidh na conaire aistrithe a bhaineann le héiceachóras teicstílí tionsclaíocha.

Na rialacha táirgeshonracha Aontais atá ann cheana a chomhlánú: sampla na dtáirgí foirgníochta, na gcadhnraí, na pacáistíochta agus na gceimiceán

I bhfianaise raon feidhme leathan ESPR, beidh roinnt táirgí a chumhdaítear leis faoi réir reachtaíocht tháirgeshonrach ar leithligh freisin. I gcás na dtáirgí sin, mar phrionsabal ginearálta, ní dhéanfaidh ESPR idirghabháil ach amháin nuair nach féidir aghaidh a thabhairt go hiomlán agus go hiomchuí ar ghnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil na dtáirgí sin le hionstraimí eile. D’fhágfadh sé sin go mbeadh rialacha an Aontais maidir le táirgí sonracha níos comhleanúnaí agus sheachnófaí ualach riaracháin a bheith ar ghnólachtaí chun na ceanglais a leagtar síos i bpíosaí éagsúla reachtaíochta de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Mar sin féin, tar éis na gcomhairliúchán agus na measúnuithe tionchair ar gá leo, d’fhéadfadh cúinsí sonracha a bheith ina n‑údar le gníomh spriocdhírithe faoi ESPR freisin. D’fhéadfadh ciall a bheith leis sin nuair atá an táirge ina chuid de tháirge eile (e.g. cadhnraí), nuair atá dlúthbhaint ag táirge le táirge eile (e.g. pacáistíocht), nó nuair a leagtar síos ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil le haghaidh grúpa táirgí.

Cé go bhfuil táirgí foirgníochta laistigh de raon feidhme ESPR, i bhfianaise an ghá leis na dlúthnaisc idir feidhmíocht comhshaoil agus feidhmíocht struchtúrach na dtáirgí sin a bhainistiú, lena n‑áirítear sláinte agus sábháilteacht, tá údar maith le ceanglais i ndáil le hinbhuanaitheacht comhshaoil a leagan síos faoin Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta a ghlactar mar chuid den phacáiste táirgí inbhuanaithe seo. I gcás táirgí foirgníochta a bhaineann le fuinneamh, áfach, is faoi ESPR go príomha a dhéileálfar leis na gnéithe inbhuanaitheachta, ós rud é go bhfuil siad á rialáil cheana féin faoin Treoir atá ann cheana maidir le hÉicidhearthóireacht. Mar sin féin, féadfar idirghabháil a dhéanamh leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta i gcás inar gá. Sa dá Rialachán atá beartaithe, áirítear forálacha chun dlúth-ailíniú dlíthiúil a choinneáil ar bun de réir mar a dhéantar na rialacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Na ceanglais inbhuanaitheachta maidir le cadhnraí, déileálfar leo go príomha faoin rialachán maidir le cadhnraí atá beartaithe 19 . Má tá gá le ceanglais shonracha bhreise maidir le hinbhuanaitheacht a leagan síos, amhail úsáid shonrach cadhnraí i dtáirgí eile, d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí gnéithe comhlántacha le ESPR.

Maidir le pacáistíocht, na ceanglais fhíor-riachtanacha a cheadaítear ar mhargadh an Aontais i ndáil le pacáistíocht, leagtar síos iad sa Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht 20 (PPWD), atá á hathbhreithniú faoi láthair. Mar sin féin, ós rud é go nathraíonn an phacáistíocht go mór ag brath ar an gcatagóir táirge, ba cheart í a bheith ar cheann de na príomhghnéithe a chumhdófar le linn do rialacha táirgeshonracha ESPR a bheith á bhforbairt. Ní mór an méid sin na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in PPWD a chomhlánú le rialacha níos spriocdhírithe.

Maidir le ceimiceáin, tá réimse inniúlachta ESPR sainithe go soiléir: beidh sé in ann gníomhú chun srian a chur ar cheimiceáin i dtáirgí ar chúiseanna a bhaineann le feidhmíocht comhshaoil an táirge a fheabhsú ar feadh a shaolré. Féadann sin comhlánú a dhéanamh ar an dlí atá ann cheana lena rialaítear ceimiceáin, amhail REACH 21 , lena ndírítear go príomha ar shábháilteacht cheimiceach a áirithiú, nó RoHS 22 , nach gcumhdaítear leis ach trealamh leictreach agus leictreonach amháin.

Rialacha AE nua faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht atá i bhfeidhm faoi láthair: sampla na ríomhtháirgí tomhaltais

Is iad ríomhtháirgí an sruth dramhaíola is mó fás atá againn. Tá frustrachas ar úsáideoirí mar go mbriseann a ngairis chomh tapa sin, go dtéann siad as feidhm, agus nach féidir iad a thabhairt cothrom le dáta nó a dheisiú. Thairis sin, san Aontas Eorpach, ní athshlánaímid ach líon beag de na comhpháirteanna ná ábhair, lena náirítear comhpháirteanna nó ábhair chriticiúla 23 , a d’fhéadfaí a úsáid arís chun táirgí nua a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún ag obair ar bhearta nua éicidhearthóireachta le haghaidh fóin chliste, táibléad agus ríomhairí glúine, atá le glacadh mar a shainaithnítear sa phlean oibre faoin Treoir atá ann cheana maidir le hÉicidhearthóireacht. Chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh agus cheana féin sula gcuirfear an ESPR nua in ionad an chreata atá ann faoi láthair, cumhdófar leis na bearta príomhghnéithe eile den éiceadhearthóireacht don chiorclaíocht, go háirithe buanfas, indeisitheacht agus in-athchúrsáilteacht. Sa chomhthéacs céanna, tá athbhreithniú á dhéanamh ar na rialacha éicidhearthóireachta maidir le soláthairtí cumhachta seachtracha, i bhfianaise na gceanglas maidir le hidir-inoibritheacht agus an geilleagar ciorclach den chuid is mó, chun an tionscnamh Luchtaire Uilíoch a chomhlánú, a glacadh le déanaí mar athbhreithniú ar an Treoir maidir le Trealamh Raidió 24

Chomh maith le ceanglais maidir le héicidhearthóireacht a fhorbairt, tá athbhreithniú seolta ag an gCoimisiún ar rialacha an Aontais lena gcuirtear srian ar shubstaintí guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, i.e. an Treoir RoHS 25 , agus é d’aidhm aige a comhlíonadh a chuspóirí a áirithiú ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla is féidir 26 . Tá roghanna á bhfiosrú ag an gCoimisiún freisin chun glacadh ar ais agus aischur ríomhtháirgí beaga a dhreasú, amhail seanfhóin phóca, táibléid agus luchtairí a stóráiltear sa bhaile. Is é an cuspóir atá ann síneadh a chur le saolré na dtáirgí sin agus feabhas a chur ar a mbailiú agus, ar an gcaoi sin, samhlacha gnó ciorclacha a spreagadh freisin.

4.An modh éicidhearthóireachta: pleanáil, comhairliúchán, comhchruthú

Tá beartais an Aontais maidir leis an éicidhearthóireacht agus an lipéadú fuinnimh thar a bheith éifeachtach cheana féin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Gineann siad coigealtas do thomhaltóirí, íslíonn siad ár spleáchas ar allmhairí fuinnimh iontaise agus laghdaíonn siad astaíochtaí. Le 10 mbliana anuas, tá rialacha socraithe le haghaidh tuairim is 30 grúpa táirgí a bhaineann le fuinneamh 27 . Rinneadh spriocdhíriú cúramach trí phleananna oibre ilbhliantúla a ghlacadh mar ghné lárnach de bheartú tosaíochta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a áirithiú faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht. Leanfar de sin faoi ESPR, bunaithe ar chur chuige fónta láidir i leith táirgí tosaíochta a shainaithint.

Chun aistriú rianúil chuig an gcreat ESPR a áirithiú, tá an plean oibre nua um an éicidhearthóireacht agus um an lipéadú fuinnimh le haghaidh 2022-2024 á ghlacadh mar chuid den phacáiste seo. Áirithítear leis, go dtí go dtiocfaidh an creat nua ESPR i bhfeidhm, go bhféadfar leanúint ar luas den obair faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht atá ann faoi láthair, rud a mbeidh tuilleadh laghduithe ar an úsáid fuinnimh agus ar thomhaltas ábhair ó tháirgí a bhaineann le fuinneamh ina dtoradh air. Le táirgí breise a aithnítear, amhail astaírí ísealteochta, cuirtear acmhainneacht sábhála fuinnimh ar fáil lena bhféadfaí laghdú na milliún euro ar chaiteachas tomhaltóirí a bhaint amach. Rud atá tábhachtach, áirithítear leis an bplean nua oibre go dtugtar aghaidh níos mó ar ghnéithe ciorclaíochta a mhéid is féidir faoin gcreat dlíthiúil reatha.

I gcomhthráth leis sin, féachfaidh an Coimisiún le tús a chur le hobair faoin ESPR atá beartaithe chun táirgí nua agus paraiméadair nua a chumhdach. Tá sé d’aidhm aige bearta táirgeshonracha a mholadh gan mhoill, a luaithe a bheidh an creat nua i bhfeidhm. Chun a áirithiú go socrófar na tosaíochtaí cearta ar bhealach trédhearcach cuimsitheach, seolfaidh sé comhairliúchán poiblí maidir leis na catagóirí táirgí a roghnófar faoin gcéad phlean oibre don Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithefaoi dheireadh 2022. Tá sé aitheanta i réamh-mheasúnú a rinne an Coimisiún go bhfuil tionchar mór comhshaoil agus acmhainneacht feabhais ag catagóirí táirgí amhail teicstílí, troscán, tochtanna, boinn, glantaigh, péinteanna, bealaí, chomh maith le hiarann, cruach agus alúmanam, agus gurbh iomchuí iad a áireamh sa chéad phlean oibre.

A fheabhas a d’éirigh leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht go dtí seo, bhraith sé go mór ar an ionchur a rinne na príomhghníomhaithe uile, a rannchuidigh ar bhealach cuimsitheach, oscailte agus trédhearcach. Cuirfidh ESPR leis an gcur chuige comhchruthaithe sin trí phlean oibre a tharraingt suas, tús áite a thabhairt do tháirgí, agus na ceanglais uile maidir le táirgí nua a mheasúnú agus a fhorbairt. Is é an Fóram Éicidhearthóireachta, agus é ag cur leis an bhFórum Comhairliúcháin atá ann cheana faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht 28 , a bheidh ina ardán fós le haghaidh malartuithe spriocdhírithe sna grúpaí páirtithe leasmhara trí chéile agus ag gach céim lárnach den phróiseas agus, ar an gcaoi sin, beidh na húdaráis tionsclaíochta, na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis forfheidhmiúcháin rannpháirteach. Beidh próisis chomhairliúcháin agus measúnuithe tionchair cuimsitheacha ann ar dtús, agus beidh na próisis sin ina mbonn taca faoi fhorbairt agus glacadh na gceanglas táirge.

Ní mór cuir chuige mhodheolaíocha fhónta a bheith ina mbonn leis na rialacha nua ESPR, ionas gur féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an tionchar a bhíonn ag táirgí ar an gcomhshaol agus ar an aeráid trí cheanglais maidir leis na príomhghnéithe a leagtar síos in ESPR. I bhfianaise an réimse féideartha táirgí faoi chreat na todhchaí, beidh sé ríthábhachtach an mhodheolaíocht is oiriúnaí a roghnú agus a oiriúnú, ag brath ar an táirge nó ar an ngrúpa táirgí atá i gceist agus ar an ngné chomhshaoil nó chiorclaíochta ar a ndírítear. Leis an gcur chuige sin, cuirfear leis an taithí a fuarthas faoin Treoir reatha maidir le hÉicidhearthóireacht, a leanfar dá huasghrádú, agus le modh an Loirg Comhshaoil Táirge i gcás inarb iomchuí. Mar thosaíocht, forbróidh an Coimisiún modheolaíochtaí nua chun tacú leis na gnéithe ciorclaíochta breise a tugadh isteach faoi ESPR, lena n‑áirítear buanfas, indeisitheacht agus modheolaíochtaí a bhaineann le hábhar athchúrsáilte, agus torthaí taighde na dtionscadal arna gcistiú ag an gClár Fís Eorpach á gcur san áireamh freisin. 

5.Samhlacha gnó ciorclacha

Chomh maith le féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás, ní mór dúinn freisin infheistíocht mhéadaithe a dhéanamh i nglacadh samhlacha gnó ciorclacha agus dreasachtaí a thabhairt lena aghaidh. Áirítear leo sin samhlacha ‘táirge mar sheirbhís’, comhroinnt idir piaraí agus lóistíocht aisiompaithe, monaraíocht ar éileamh, seirbhísí athúsáide agus deisithe, gan ach roinnt bheag a lua. Tá gá leis sin chun an t‑éileamh foriomlán ar fhuinneamh agus ar acmhainní a laghdú, agus chun an fás a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní príomhúla.

Tá samhlacha gnó ciorclacha ceaptha chun luach a chruthú agus a ghabháil agus, san am céanna, cuidiú le húsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus a theorannú. Ciallaíonn sé sin, ní ceanglais tháirgeshonracha rialála amháin ach na comharthaí margaidh cearta le haghaidh samhlacha gnó ciorclacha freisin, chun táirgeoirí a dhreasú le táirgí a dhearadh níos fearr, saolré na dtáirgí a shíneadh agus luach na dtáirgí a choinneáil le linn a núsáide agus ina dhiaidh sin. Mar shampla, trí tháirgí a dhíol mar sheirbhís (rud a léirítear tríd an sampla aitheanta, solas a dhíol seachas bolgáin solais 29 ), tagann athrú ar an loighic eacnamaíoch agus ní bhraitheann na brabúis a thuilleadh ar an méid táirgí a dhíoltar. Ina ionad sin, tá brabús ag baint lena áirithiú go bhfuil na táirgí ar fáil mar sheirbhís buanfasach agus indeisithe, mar gur ag an ngnólacht atá an úinéireacht fós agus is costas gnó é an gá le táirgí nua a cheannach.

Is dúshlán fós é sa lá atá inniu ann borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha agus iad a uas-scálú. Leis na ceanglais táirge faoi ESPR, spreagfar glacadh samhlacha den sórt sin, mar go mbraitheann forbairt gníomhaíochtaí ciorclacha den chuid is mó ar ghnéithe dhearadh fisiceach na dtáirgí, agus ar rochtain ar shonraí ábhartha. Ina theannta sin, tá pasanna táirge digiteacha agus úsáid chliste na nuálaíochta arna cumasú go digiteach ina ngnéithe ríthábhachtacha lena gcumasaítear an t‑aistriú chuig samhlacha gnó ciorclacha. Mar sin féin, ní leor dearadh táirgí agus faisnéis níos fearr amháin chun athrú iomlán a thionscnamh ar chineálacha cur chuige gnó. Is léir go bhfuil gá ann le baic a shainaithint, modhanna éifeachtacha a shainaithint chun borradh a chur faoi ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha, a mbrabúsacht a áirithiú, iad a dhéanamh níos tarraingtí do thomhaltóirí, dea-chleachtais a mhalartú, agus comhairle shaincheaptha a chur ar fáil do ghnólachtaí nua agus do ghnólachtaí atá ann cheana féin maidir le hathrú chuig samhlacha gnó ciorclacha.

Chuige sin, teastaíonn ón gCoimisiún páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile sa Mhol Gnó Ciorclach Eorpach nua. Tacóidh an Mol le glacadh samhlacha gnó ciorclacha, faisnéis faoi chainéil agus seirbhísí lena náirítear múscailt feasachta, comhar, oiliúint agus malartuithe dea-chleachtais. Cuirfidh sé le saineolas na ngníomhaíochtaí AE atá ann faoi láthair agus leis na seirbhísí a bhíonn á gcur ar fáil tríothu, go háirithe Ardán Páirtithe Leasmhara an Gheilleagair Chiorclaigh Eorpaigh 30 , Comhairleoirí Inbhuanaitheachta an Líonra Fiontair Eorpaigh 31 agus an líonra bhraislí na teicneolaíochta glaise Eorpaí 32 .

Ina theannta sin, réiteoidh an Coimisiún treoir maidir le borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha chun cabhrú le gnólachtaí, na Ballstáit agus na réigiúin gníomh a dhéanamh. Áireofar leis sin treoir maidir le hinfheistíocht agus maoiniú a stiúradh agus stoic agus sreafaí acmhainní áitiúla a optamú, d’fhonn luach ciorclach agus poist a chruthú. Eiseoidh an Coimisiún treoir freisin 33 maidir leis an gcaoi le tacú le glacadh an gheilleagair chiorclaigh agus le comhpháirtíochtaí don gheilleagar ciorclach idir fiontair shóisialta agus gníomhaithe eile, lena náirítear gnólachtaí príomhshrutha.

Thairis sin, tríd an gClár Oibre Eorpach Scileanna 34 , tá an Coimisiún ag tacú le hinfheistíochtaí i scileanna nach féidir déanamh dá nuireasa chun geilleagar ciorclach a fhorbairt. Faoin gComhaontú um Scileanna 35 , tá comhpháirtíochtaí mórscála á mbunú ag an gCoimisiún ina dtabharfar le chéile ionadaithe tionscail, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna 36 .

6.Saoránaigh a chumhachtú agus a chosaint

Teastaíonn ón gcuid is mó de na tomhaltóirí páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú glas 37 . Tacóidh ESPR le tomhaltóirí maidir leis an aistriú glas. Áiritheofar leis go gcomhlíonfaidh táirgí na híoscheanglais maidir le feidhmíocht chomhshaoil, agus soláthrófar leis faisnéis níos fearr, lipéadú níos fearr agus rochtain mhéadaithe ar pháirteanna spártha, uasghráduithe agus deisiúcháin, agus inacmhainneacht á cur san áireamh san am céanna, rud a chuirfidh le háisiúlacht do na tomhaltóirí agus a thabharfaidh rochtain dóibh ar tháirgí ar cháilíocht níos airde.

Ach is gá freisin faisnéis níos fearr a áirithiú ag an bpointe díola agus cur le muinín na dtomhaltóirí sna maímh a bhíonn á ndéanamh ag táirgeoirí as a stuaim féin maidir leis na tairbhí comhshaoil a bhaineann lena dtáirgí. Leis an togra maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas 38 , is féidir le tomhaltóirí cinntí ceannaigh eolacha a dhéanamh.

Leis an togra, tabharfar isteach leasuithe spriocdhírithe ar dhlí tomhaltóirí cothrománach an Aontais 39 chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil do na tomhaltóirí ag an bpointe díola faoi ráthaíocht tráchtála maidir le buanfas an táirge, chomh maith le faisnéis atá ábhartha i ndáil le deisiúchán (lena náirítear scór indeisitheachta, i gcás inarb ann dó). Cuirfidh an togra cosc ar thrádálaithe freisin maímh chomhshaoil a dhéanamh a mheastar a bheith míthreorach. Áirítear leis sin ráitis dhoiléire a dhéanamh i dtaca leis an gcomhshaol (e.g. ‘glas’, ‘éiceabhách’, ‘fabhrach don chomhshaol’) nach bhfuil údar cuí leo agus nach ndearnadh iad a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha. Thairis sin, cuirfidh an togra toirmeasc ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena náirítear cleachtais dífheidhmeachta pleanáilte.

Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag oibriú ar rialacha níos sonraí a mholadh maidir le ráitis ghlasa chun iontaofacht, inchomparáideacht agus infhíoraitheacht a mhéadú, agus é ag brath ar mhodhanna an Loirg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta 40 , agus tá sé ag forbairt tionscnaimh chun deisiúcháin ar earraí tomhaltais a spreagadh (‘ceart chun deisiúcháin’), tionscnamh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh i bhfómhar 2022. Déanfaidh an tionscnamh sin ESPR a chomhlánú agus cuirfidh sé lena éifeachtaí praiticiúla tríd an deis a thabhairt do thomhaltóirí a dtáirgí ceannaithe a úsáid ar feadh tréimhse níos faide ach an ceart a thabhairt dóibh na táirgí sin a dheisiú.

7.Clár oibre na dtáirgí inbhuanaithe agus ciorclacha agus na samhlacha gnó a threorú ar an leibhéal domhanda

Tá dea-theist ar an Aontas maidir le tacú leis an inbhuanaitheacht ar fud an domhain. Cheana féin, tá rialacha an Aontais maidir le substaintí guaiseacha, éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh á gcomhlíonadh ag táirgeoirí agus iad ag cur táirgí ar mhargadh an Aontais. Na tograí sa phacáiste tionscnamh maidir le táirgí inbhuanaithe, rannchuideoidh siad le dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Trí na margaí le haghaidh táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leathnú, tá an tAontas ag féachaint le hinbhuanaitheacht na slabhraí luacha domhanda a neartú agus rannchuidiú le hathrú dearfach sna tíortha compháirtíochta, rud a chuideoidh le roinnt mhaith Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Ní leor gníomhaíocht Aontais amháin, áfach, agus ní féidir leis sin amháin an t‑aistriú chuig an inbhuanaitheacht comhshaoil agus an chiorclaíocht mhéadaithe a bhfuil gá ag an domhan leo a bhaint amach. Is gá dúinn oibriú i gcomhar lenár dtíortha comhpháirtíochta tríd an gcomhar idirnáisiúnta a neartú agus ár n‑uaillmhian a chur chun cinn ar fud an domhain. Cuirfidh an tAontas borradh faoina rannpháirtíocht le tíortha nach Ballstáit iad de chuid an Aontais, ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus déthaobhach, chun tacú leis an aistriú inbhuanaitheachta, agus chun comhlíonadh na rialacha nua a éascú, go háirithe i gcás tíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Oibreoidh an tAontas go déthaobhach i gcomhar le tíortha nach Ballstáit de chuid an Aontais iad maidir le fothú acmhainneachta, idirphlé feabhsaithe, comhar teicniúil, rochtain ar líonraí tacaíochta gnó, rochtain ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí sa gheilleagar ciorclach, agus dea-chleachtais a mhalartú chun bacainní teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn.

Ar an leibhéal domhanda, leanfaidh an tAontas de chlár oibre an gheilleagair chiorclaigh a shaothrú i bhfóraim iltaobhacha, in G7 agus G20, agus i gcomhthéacs an Chomhaontais Dhomhanda um an nGeilleagar Ciorclach agus um Éifeachtúlacht Acmhainní. Molfaidh an Coimisiún Fóram Domhanda um Thomhaltas agus um Tháirgeadh Inbhuanaithe a chruthú chun plé leathan a éascú idir tíortha agus páirtithe leasmhara maidir le freagairt don iarraidh a rinne Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe ar na Ballstáit le déanaí ‘chun bearta a dhéanamh, i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, chun dearadh táirgí a fheabhsú agus measúnuithe saolré á gcur san áireamh, chun tús áite a thabhairt do shíneadh saolré táirgí agus deisiú, athúsáid, agus athchúrsáil níos éasca táirgí i gcomhthéacs an gheilleagair chiorclaigh d’fhonn rannchuidiú le héifeachtúlacht acmhainní a bhaint amach 41 . Leanfaidh an tAontas de thacú leis na Náisiúin Aontaithe agus le tionscnaimh dhomhanda agus iltaobhacha eile lena gcuirtear táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe chun cinn. Tacóidh sé freisin le torthaí na hoibre a dhéanann an Painéal Idirnáisiúnta Acmhainní agus cabhróidh sé leis na torthaí sin a scaipeadh. Oibreoidh an tAontas i gcomhar lena chomhpháirtithe trádála san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, trí dhea-chleachtais a roinnt agus a phlé maidir leis an mbealach ina bhféadfaí ciorclaíocht i slabhraí luacha domhanda a mhéadú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ar deireadh, rannchuideoidh an togra is déanaí ón gCoimisiún, togra maidir le dícheall cuí i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach 42 le samhlacha gnó inbhuanaithe a spreagadh ar an leibhéal domhanda. Déanann an togra aistriú inbhuanaitheachta cuideachtaí thar earnálacha tionsclaíochta a chothú trí cheangal orthu aghaidh a thabhairt ar thionchair dhíobhálacha ar an gcomhshaol ina slabhraí luacha domhanda agus a bheith freagrach as na tionchair sin. Ina theannta sin, ní mór do cuideachtaí móra plean a bheith acu chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh a straitéis gnó comhoiriúnach le teorannú an téimh dhomhanda go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

8.Conclúid

Is é is aidhm do na tionscnaimh maidir le táirgí inbhuanaithe a áirithiú, faoi 2030, go ndearfar cuid mhór de na táirgí atá ar fáil do thomhaltóirí an Aontais sa chaoi go mbeidh siad buanfasach fuinneamhéifeachtúil, tíosach ar acmhainní, indeisithe agus inathchúrsáilte, agus go mbeidh tús áite á thabhairt d’ábhair inathchúrsáilte. Beidh gnólachtaí creidiúnacha ó gach cearn den domhan in ann dul san iomaíocht ar pháirc imeartha chothrom gan an bonn a bheith á bhaint díobh ag cuideachtaí a chuireann costais ar aghaidh chuig an tsochaí agus chuig an gcomhshaol. Beidh rochtain ag tomhaltóirí freisin ag an bhfaisnéis a bhfuil gá acu léi chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh, beidh siad cosanta níos fearr ar chleachtais atá díobhálach don aistriú glas agus beidh siad in ann a dtáirgí a choinneáil ag feidhmiú chomh fada agus is féidir, agus beidh cuideachtaí in ann rochtain a fháil ar na sonraí a bhfuil gá acu leo chun inbhuanaitheacht comhshaoil agus ciorclaíocht a dtáirgí agus a samhlacha gnó a áirithiú. Tá na gníomhaíochtaí sin á moladh go sainráite ag saoránaigh Eorpacha faoi chuimsiú na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa, a d’iarr beartais níos láidre maidir leis an ngeilleagar ciorclach, lena n‑áirítear beartais maidir leis an dífheidhmeacht phleanáilte a chomhrac agus faisnéis a sholáthar faoin gcaoi le táirgí a athúsáid agus a dheisiú.

Beidh tionchar phacáiste tionscnamh an lae inniu le sonrú de réir a chéile. Beidh na rialacha a bhaineann le roinnt beart infheidhme ar theacht i bhfeidhm dóibh; roinnt eile díobh, tógfaidh siad am mar gheall ar an gcreat dlíthiúil agus ar chineál na n‑athruithe córasacha a bheidh á dtionscnamh acu. Leis an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, cumasófar cur chuige iltaobhach i leith rialáil táirgí – deis chinniúnach a bheidh ann, a bhaileoidh neart le himeacht ama. Trí chreat cuimsitheach trasearnála a leagan síos agus trí chéimeanna tábhachtacha a ghlacadh amhail pleananna oibre a ghlacadh, beidh an treo ginearálta agus na cuspóirí soiléir i bhfad roimh ré. Tabharfaidh sé sin am do chuideachtaí na hullmhúcháin eagraíochtúla agus shistéamacha a dhéanamh a bhfuil gá leo, fiú sula leagfar síos rialacha táirge mionsonraithe.

Gné lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea na tograí sa phacáiste seo. Rannchuideoidh siad go mór le spriocanna comhshaoil agus aeráide an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, an ráta ciorclaíochta i ndáil le húsáid ábhar a mhéadú faoi dhó faoi 2030 agus spriocanna uaillmhianacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Rannchuideoidh siad freisin le cuspóirí Dheacáid Dhigiteach 2030, an Straitéis Thionsclaíoch Nua, Colún Eorpach an Phlean Gníomhaíochta maidir le Cearta Sóisialta agus an tionscnamh ‘New European Bauhaus’ [Bauhaus Eorpach Nua].

Tá d’acmhainneacht ag na tograí sa phacáiste seo an tAontas a thabhairt i bhfad níos gaire do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, ar choinníoll go gcoinneofar a leibhéal uaillmhéine ar bun agus go gcuirfear chun feidhme iad go pras agus go héifeachtach.

Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar na páirtithe leasmhara eile ar fad tacú le cur chuige agus le huaillmhianta na dtograí sin agus dréim lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme go pras.

(1) COM(2019) 640 final
(2) Sala, S et al. (2020). Environmental sustainability of European production and consumption assessed against planetary boundaries [Inbhuanaitheacht comhshaoil an táirgthe agus an tomhaltais Eorpaigh arna measúnú os coinne theorainneacha an phláinéid]. Journal of environmental management, 269, 110686
(3) Tuarascáil dar teideal:  UN International Resources Panel Global Outlook 2019 – Natural Resources for the Future we Want . https://www.resourcepanel.org/reports/global-resources-outlook  
(4) I gcomparáid leis an gcás ‘gnó mar is gnách’, nach mbeadh aon rialacha i bhfeidhm ann maidir le héicidhearthóireacht. Ecodesign Impact Accounting Overview Report 2020 [Tuarascáil 2020 ar an bhForléargas maidir le Cuntasacht Tionchair na hÉiceadhearthóireachta]
(5)   COM(2022) 142
(6)   https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/4d42d597-4f92-4498-8e1d-857cc157e6db  
(7)   COM(2022) 141
(8)   COM(2022) 144
(9)   COM(2022) 143
(10) Féach Iarscríbhinn 7 a ghabhann le SWD(2022) 82
(11)  OECD policy brief on Making the most of the social economy’s contribution to the circular economy (2022), https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/be4e83a2-735a-11ec-9136-01aa75ed71a1/language-en  
(12) Plean Oibre um an Éicidhearthóireacht agus um an Lipéadú Fuinnimh 2022-2024
(13) Le roinnt eisceachtaí sonracha, amhail bia agus beatha mar a shainmhínítear iad i nDlí Ginearálta an Bhia (Rialachán CE Uimh. 178/2002).
(14) COM(2020) 667 final
(15) Rialachán (AE) 2017/1369
(16) Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), 1907/2006 an 18 Nollaig 2006 agus Treoir maidir le Srianadh Substaintí Guaiseacha i dTrealamh Leictreach agus Leictreonach (RoHS) 2011/65/AE an 8 Meitheamh 2011.
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011
(19) COM(2020) 798 final
(20) Treoir 94/62/CE
(21) Rialachán 1907/2006 agus Treoir 2011/65/AE.
(22) Treoir 2011/65/AE
(23)  Is éard is Amhábhair Chriticiúla ann amhábhair a bhfuil an-tábhacht ag baint leo do gheilleagair an Aontais agus a bhfuil ardriosca ag baint lena soláthar. Féach freisin: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d1be1b43-e18f-11e8-b690-01aa75ed71a1  
(24) COM(2021) 547 final
(25) Treoir 2011/65/AE
(26) An Comhaontú Glas don Eoraip: Tá tuairimí á lorg ag an gCoimisiún faoi athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le substaintí guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, https://ec.europa.eu/environment/news/european-green-deal-commission-seeks-views-reviewing-rules-hazardous-substances-electrical-and-2022-03-10_en  
(27) In 2020, meastar gur díoladh 3 bhilliún táirge san Aontas agus iad faoi réir bearta Éicidhearthóireachta agus/nó bearta um Lipéadú Fuinnimh. Áirítear leis sin tuairim is 1.5 billiún foinse solais, 880 milliún earra leictreonach, 350 milliún bonn agus 240 milliún táirge eile.
(28)   https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?do=groupDetail.groupDetail&groupID=3609  
(29)   https://ellenmacarthurfoundation.org/circular-examples/why-buy-light-bulbs-when-you-can-buy-light-signify
(30)   https://circulareconomy.europa.eu/platform/  
(31)   https://een.ec.europa.eu/  
(32)   https://resourceefficient.eu/en  
(33) Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Sóisialta COM(2021) 778
(34)  COM(2020) 274 final
(35)   Comhaontú um Scileanna – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(36) Cuireadh Comhaontuithe um Scileanna ar bun cheana in éiceachórais thionsclaíocha amhail Foirgníocht, Micrileictreonaic agus Teicstílí, Éadaí, Leathar agus Coisbheart.
(37) Deir 94 % de mhuintir na hEorpa gur díol tábhachta dóibh go pearsanta é an comhshaol a chosaint, agus measann 68 % díobh go dtéann a nósanna tomhaltais féin chun dochair don chomhshaol. Attitudes of Europeans towards the Environment – Márta 2020 – suirbhé Eorabharaiméadair (europa.eu)
(38)

COM(2022) 143

(39) Treoir 2005/29/CE maidir le Cleachtas Tráchtála Éagóracha agus Treoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí
(40) Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl, IO L 471, lch. 1.
(41)

Rún 5 ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGeilleagar Ciorclach a Fheabhsú mar rannchuidiú le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, arna ghlacadh an 5 Márta 2022, UNEP/EA5/L17/REV.1

(42) COM(2022) 71 final