An Bhruiséil,6.1.2022

COM(2022) 2 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht


Ábhar

1.Cúlra

2.Na príomhéachtaí agus na príomhfheabhsuithe

3.Eolas ríthábhachtach maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht

4.Gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme

5.Cur chun feidhme an Rialacháin

5.1.Ábharthacht

5.2.Cruinneas

5.3.An tráthúlacht agus an phoncúlacht

5.4.An inrochtaineacht agus an tsoiléireacht

5.5.An Inchomparáideacht

5.6.An Comhleanúnchas

6.An t-ualach agus an chost‑éifeachtúlacht

7.Ionchas



1.Cúlra

Le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht 1 (‘an Rialachán’) bunaíodh creat coiteann chun staidreamh ar thurasóireacht san Aontas Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go córasach. Is creat atá ann lenar tugadh aird ar na hathruithe ar gheilleagar na turasóireachta agus ar iompar na dturasóirí a tharla ó tháinig Treoir 95/57/CE ón gComhairle 2 i bhfeidhm agus thug sé freagra ar na hathruithe a tháinig as sin ar riachtanais na n-úsáideoirí.

In Airteagal 7 den Rialachán, deirtear go mbeidh sé i gceist, uair sna 5 bliana, go ‘gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staidreamh arna thiomsú de bhun an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir lena ábharthacht agus maidir leis an ualach ar ghnóthaí’.

Eisíodh an chéad tuarascáil mheastóireachta in 2016 3 agus is í seo an dara tuarascáil dá leithéid. Tugann sé forléargas ar an staidreamh Eorpach ar thurasóireacht, go háirithe:

-na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán (Roinn 2);

-an réasúnaíocht do na bearta cur chun feidhme agus do na gníomhartha tarmligthe a glacadh ó cuireadh an chéad tuarascáil i bhfeidhm (Roinn 3).

Thairis sin, pléitear inti an chaoi a gcuirtear an Rialachán chun feidhme, rud a dhéantar de réir tagairt do na critéir cháilíochta bhunaithe maidir leis an staidreamh oifigiúil (Roinn 4), agus féachtar inti ar bhearta a glacadh chun an t-ualach ar ghnólachtaí a laghdú (Roinn 5). Ar deireadh, déantar iniúchadh sa tuarascáil ar an athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil reatha d’fhonn staidreamh turasóireachta a nuachóiriú (Roinn 6).

2.Na príomhéachtaí agus na príomhfheabhsuithe

-Déanann an Coimisiún an Rialachán a fheidhmiú go héifeachtach, i ndlúthchomhar lena chuid comhpháirtithe sa Chóras Staidrimh Eorpach. Ina theannta sin, ba chabhair é an
creat staidrimh le déanaí maidir le freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí a bhí ag déanamh faireachán ar thionchar COVID-19 ar earnáil na turasóireachta.

-Na huirlisí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ba chabhair iad sin maidir le cur lena mhionsonraithe agus a thráthúla a bhíonn na sonraí a bhíonn ar fáil.

-Rinneadh staidéir phíolótacha ar chuntais satailíte turasóireachta (TSA) uair sna 3 bliana – tharlódh gurb é an toradh a bheadh air sin go ndéanfaí TSAnna a chomhtháthú agus an Rialachán á nuachóiriú.

-Rinneadh foinsí agus modhanna nua a fhiosrú go gníomhach rathúil, agus tá sonraí nach raibh ar fáil roimhe seo á bhfoilsiú ina staidreamh turgnamhach.

3.Eolas ríthábhachtach maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht

Cuimsíonn éiceachóras turasóireachta an Aontais slabhraí luacha idirnasctha domhandaithe. Páirteach sna slabhraí luacha sin tá
soláthraithe faisnéise agus seirbhísí as líne agus ar líne (oifigí turasóireachta, ardáin dhigiteacha, soláthraithe teicneolaíochta taistil), gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas, soláthróirí cóiríochta, eagraíochtaí margaíochta ceann scríbe, nithe is díol spéise agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiompar paisinéirí (turais eitleáin, turais traenach agus turais mhara, mar shampla). Bíonn cuideachtaí an-bheag ag feidhmiú in éineacht le corparáidí móra ilnáisiúnta, agus tá an caipiteal príobháideach agus poiblí fite fuaite ina chéile
4 .

Is é an ghníomhaíocht dá dtagraíonn ‘turasóireacht’ cuairteoirí a dhul ar thuras chuig príomhcheann scríbe lasmuigh dá ngnáth-thimpeallacht, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain, ar mhaithe le príomhchuspóir ar bith, lena n-áirítear gnó, fóillíocht nó cuspóir pearsanta eile, seachas a bheith ar fostú ag eintiteas cónaitheach san áit a dtugtar cuairt uirthi; Tá earnáil turasóireachta an Aontais tábhachtach do gheilleagar na mBallstát ar fad agus is foinse mhór fostaíochta atá inti. Chun iomaíochas na hearnála sin a mheas, teastaíonn eolas maith ar a mhéad turasóireachta a bhíonn ann, ar shaintréithe na turasóireachta sin, ar phróifíl na dturasóirí, ar leibhéal an chaiteachais ar an turasóireacht agus ar na tairbhí do gheilleagair na hEorpa.

Is é Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 go príomha is bonn do staidreamh oifigiúil, comhchuibhithe maidir le soláthar agus éileamh turasóireachta. Clúdaíonn an Rialachán, ar thaobh amháin, sonraí faoin toilleadh agus faoin áitíocht atá in áiteanna lóistín do thurasóirí san Aontais, agus ar an taobh eile, clúdaíonn sé sonraí maidir le turais ar a dtéann cónaitheoirí de chuid an Aontais. An chéad chineál sonraí a luaitear thuas, is ó ghnólachtaí in earnáil na cóiríochta a bhailítear iad de ghnáth (sonraí míosúla agus bliantúla arna dtarchur ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún, i bhfoirm táblaí comhiomlána); an dara cineál díobh, is trí shuirbhéanna tí a bhailítear iad de ghnáth (sonraí bliantúla arna dtarchur ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún, cuid díobh i bhfoirm táblaí comhiomlána, cuid eile díobh i bhfoirm micreashonraí).

Tá tacair chuimsitheacha sonraí, táblaí achoimre agus ailt ar fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat 5 .

Chomh maith leis na staitisticí a
scaiptear i gcomhthéacs an Rialacháin, déanann Eurostat na sonraí maidir le sreafaí turasóireachta a chomhlánú le faisnéis faoin bhfostaíocht a bhaineann leis an turasóireacht agus faoi ghné eacnamaíoch na dtionscal turasóireachta, faisnéis a bhunaítear ar staitisticí atá ann cheana maidir le margadh an tsaothair, sin nó ar staitisticí gnó struchtúracha agus gearrthéarmach Uair sna 3 bliana, foilsíonn Eurostat tuarascáil maidir le cuntais satailíte turasóireachta, tuarascáil ina gcuimsítear tuairisc mhodheolaíoch faoi staid na himeartha ó thaobh chur chun feidhme TSAnna ar fud na hEorpa, chomh maith le sonraí
6 .

4.Gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme

Le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh:

-lena leasaítear na sainmhínithe chun iad a oiriúnú d’athruithe ar shainmhínithe idirnáisiúnta (Airteagal 2(2));

-lena leasaítear na spriocdhátaí maidir le tarchur sonraí chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh (Airteagal 9(5)); agus

-lena ndéantar na hIarscríbhinní a oiriúnú chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh.

Mar sin féin, ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar fhorálacha na nIarscríbhinní i ndáil le cineál roghnach na sonraí riachtanacha agus le teorainneacha a raoin feidhme (Airteagal 3(2)).

Le linn na tréimhse tuairiscithe, ghlac an Coimisiún dhá ghníomh tarmligthe:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1681 ón gCoimisiún 7 ; agus

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1569 ón gCoimisiún 8 ;

An chéad cheann de na gníomhartha sin, chuir sé feabhas ar ábharthacht agus ar thráthúlacht an staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, i bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar riachtanais na n-úsáideoirí ó glacadh an Rialachán in 2011. An dara ceann díobh, rinne sé an Rialachán a ailíniú le stádas na Ríochta Aontaithe gur tír í nach bhfuil san Aontas (tríú tír) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

I mí Feabhra 2021, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh 9 .

I Rialachán (AE) 692/2011, na socruithe maidir leis na tuarascálacha cáilíochta (Airteagal 6(4)) agus struchtúr na dtuarascálacha sin, maille leis na socruithe praiticiúla maidir le tarchur sonraí (Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3)), sonraítear go ndéanfaidh an Coimisiún na nithe sin a shainiú i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme.

Le linn na tréimhse tuairiscithe, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1179 ón gCoimisiún 10 chun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1051/2011 a ailíniú leis na ceanglais leasaithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1681 thuasluaite ón gCoimisiún.

5.Cur chun feidhme an Rialacháin

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 692/2011, déanann na Ballstáit staidreamh comhchuibhithe maidir le soláthar agus éileamh turasóireachta a bhailiú, a thiomsú agus a phróiseáil. Déanann an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a fhaigheann sé, agus foilsíonn sé iad ar shuíomh gréasáin Eurostat i bhfoirm táblaí réamhshainithe, bunachar sonraí iltoiseach agus alt anailíseach. Sa roinn seo déantar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin de réir critéir cháilíochta chaighdeánacha maidir le staidreamh Eorpach.

De réir an tsuirbhé is déanaí a rinne Eurostat maidir le sástacht na n-úsáideoirí (2020) 11 , cáilíocht fhoriomlán an staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, mheas 75 % de na freagróirí (n=180) go raibh sí ‘an-mhaith nó go maith’, agus mheas 19 % díobh go raibh sí ‘leordhóthanach’.

5.1.Ábharthacht

Is é an rud lena mbaineann ábharthacht a mhéid a shásaíonn staidreamh riachtanais reatha agus riachtanais fhéideartha na n-úsáideoirí.

De bharr theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 692/2011, cuireadh feabhas ar iomláine agus ar
thráthúlacht an staidrimh turasóireachta agus, dá réir sin, cuireadh lena ábhartha d’úsáideoirí a bhíonn na sonraí. Aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-úsáideoirí, is rud é a bhí ar siúl ag an gCoimisiún tríd an gcreat dlíthiúil i gcónaí, agus bhí sé ar siúl aige freisin de réir cur chuige ní ba thurgnamhaí, ní ba
ad hoc.

Ar thaobh amháin, glacadh gníomh tarmligthe, rud a chuir feabhas ar na nithe seo a leanas: tomhas feinimeán nua amhail úsáid ardán áirithinte; tráthúlacht an staidrimh mhíosúil maidir le háiteanna lóistín (an mhoill a bhíonn ar an tarchur a laghdú ionas gur 6 seachtaine a bhíonn ann, seachas 3 mhí nó 8 seachtaine mar a bhíodh); agus a mhionsonraithe a bhíonn staidreamh bliantúil maidir le háiteanna lóistín – is éard a rinneadh le feabhas a chur air sin sonaí maidir le réigiúin agus cathracha NUTS3 a chuimsiú, sin agus sonraí míosúla maidir le réigiúin NUTS2, rud a fhágann gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar shéasúracht na turasóireachta.

Ar an taobh eile, tionscnaíodh tionscnaimh dheonacha nó ad hoc chun sonraí maidir le TSAnna a chur ar fáil, nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha úsáideoirí (e.g. sonraí míosúla de réir thír thionscnaimh na n-aíonna, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19). Ina theannta sin, seirbhísí lóistín gearrfhanachta a chuirtear in iúl trí ardáin ar líne de chuid an gheilleagair chomhoibríoch, rinne an Coimisiún na chéad sonraí turgnamhacha faoi na seirbhísí sin a eisiúint in 2021, sonraí a bailíodh go díreach ó na hardáin trí chomhaontuithe. Lean an Coimisiún de bheith ag fiosrú
foinsí agus modhanna nuálacha sonraí, rud a rinne sé chun tuilleadh

feabhais a chur ar staidreamh atá ann cheana nó chun staidreamh agus táscairí a tháirgeadh a bhfuil ard-ábharthacht beartais ag baint leo, staidreamh agus táscairí nach raibh ar fáil roimhe seo.

Ó thaobh ábharthachta de, is iad seo a leanas na príomhdhúshláin atá le sárú i réimse an staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht sna 5 bliana atá romhainn: measúnú níos doimhne ar thábhacht eacnamaíoch na turasóireachta a dhéanamh tríd an gcreat staidrimh maidir le cuntasaíocht satailíte turasóireachta; inbhuanaitheacht na turasóireachta a thomhas; agus cineálacha nuálacha cur chuige a ghlacadh i leith staidreamh turasóireachta a tháirgeadh.

5.2.Cruinneas

Tagraíonn ‘cruinneas’ do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

Go ginearálta, comhordú na modheolaíochta maidir le bailiú sonraí ag na Ballstát, is rud é a dhéanann siad de réir córais staidrimh náisiúnta agus foinsí atá ar fáil, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ceanglaítear leis an Rialachán, áfach, go ‘nglacfaidh na Ballstáit aon bheart a mheasann siad a bheith iomchuí chun cáilíocht na dtorthaí a choimeád ar bun’ (Airteagal 8).

Chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí, cuireann an Coimisiún nósanna imeachta diana bailíochtúcháin i bhfeidhm i gcás gach tacair sonraí. Gach bliain, seolann na Ballstáit tuarascáil meiteashonraí, tuarascáil ina gclúdaítear príomhghnéithe cáilíochta an staidrimh a sheoltar
chuig Eurostat. Tá na tuarascálacha meiteashonraí sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Eurostat
12 .

Ó réitíodh tuarascáil 2016, an clúdach a dhéantar ar
ghníomhaithe beaga in earnáil na cóiríochta, gníomhaithe ar minic nach

gclúdaítear iad i gcláir ghnó staidrimh ná i gcláir riaracháin thurasóireachta, tá cineálacha malartacha cur chuige chun cur leis an gclúdach sin fiosraithe ag an gCoimisiún. Ardáin de chuid an gheilleagair chomhoibríoch a theacht ar an bhfód, is rud é a chuir leis an tábhacht a bhaineann leis an gcuid sin de mhargadh na gcíosanna gearrfhanachta; is rud é freisin a d’fhág go raibh deiseanna ann gníomhaíocht na soláthraithe seirbhíse sin a thomhas tríd an lorg digiteach a fhágann siad ar na hardáin a nascann iad le haíonna féideartha.

In 2020, shínigh an Coimisiún comhaontuithe le ceithre mhór-ardán idirnáisiúnta 13 . In 2021, d’eisigh Eurostat na chéad sonraí de bhun na gcomhaontuithe sin 14 .

Tacaíonn Eurostat leis na Ballstáit trí bheith ag fiosrú bealaí nuálacha chun cáilíocht an staidrimh turasóireachta a fheabhsú. Ba chabhair an méid sin maidir le feabhas a chur ar staidreamh maidir leis an éileamh ar thurasóireacht i roinnt Ballstát trí fhaisnéis chúnta a úsáid, faisnéis ó oibreoirí líonra soghluaiste nó faisnéis a fuarthas trí
chnuaschóipeáil ón ngréasán, cuir i gcás. Beidh tionscnaimh den sórt sin ina dtosaíocht Eurostat feasta, agus dá bhrí sin déanfar tuilleadh dul chun cinn i bhfianaise an pháipéir tagartha

Tourism statistics: early adopters of big data? [An staidreamh turasóireachta: réimse ina bhfuil glacadh luath leis na mórshonraí?] 15 , páipéar a glacadh in 2017.

5.3.An tráthúlacht agus an phoncúlacht

Is tagairt í ‘an tráthúlacht’ don tréimhse idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann an fhaisnéis tuairisc air; Is tagairt í an ‘phoncúlacht’ don mhoill idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);

De ghnáth, déantar staidreamh Eorpach ar thurasóireacht a eisiúint cúpla lá tar éis na sonraí a fháil, ach bailíochtú rathúil a bheith ann. Tá comhiomláin AE-27 do gach sraith á bhfoilsiú ag Eurostat feasta; mura bhfuil sonraí ar fáil do na 27 mBallstát ar fad, úsáidtear teicnící meastacháin a luaithe a bhíonn sonraí ar fáil do 15 Bhallstát ar a laghad, sonraí a dhéanann ionadaíocht go comhpháirteach ar 65% ar a laghad de luach iomlán táscaire le linn tréimhse tagartha a bhí ann roimhe sin.

Maidir leis na spriocdhátaí tarchuir in 2020, ó thaobh na dtacar sonraí míosúla de, ba lú ná ceann amháin sna naoi gcinn nár seoladh faoin spriocdháta a sonraíodh, agus ní raibh moill ní b’fhaide ná seachtain ach ar chomhad amháin sa 50 cinn ceann scríbe a shroicheadh. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurbh í 2020 an chéad bhliain tagartha maidir le spriocdhátaí giorraithe, tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1681 ón gCoimisiún. Is é an toradh a bhí ar thráthúlacht an
staidrimh mhíosúil cóiríochta gur cuimsíodh na sraitheanna sin sa Deais Staidrimh Eorpach um an Téarnamh
16
(rud a bunaíodh le linn na paindéime).

Maidir leis na tacair sonraí bliantúla, tacair a bhíonn le cur ar fáil 6 mhí
tar éis dheireadh na bliana tagartha,

idir 85% agus 90% de na comhaid a thagann isteach laistigh den sprioc-am a leagtar síos. Déanann Eurostat dlúthfhaireachán ar na cásanna is seasmhaí, agus déantar iad a phlé leis na húdaráis náisiúnta ar an leibhéal iomchuí. Pléitear tuarascálacha comhlíontachta

leis na Ballstáit go tráthrialta.

Tuilleadh feabhsuithe a chur ar an tráthúlacht, is rud é atá fós ar chlár oibre an Choimisiúin (Eurostat).

5.4.An inrochtaineacht agus an tsoiléireacht

An ‘inrochtaineacht’ agus an ‘tsoiléireacht’, is tagairtí iad do na coinníollacha agus do na módúlachtaí ar féidir le húsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú dá réir;

Tá iomlán na sonraí ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Eurostat. Is ina dtáblaí réamhshainithe nó ina
dtáblaí iltoiseacha atá na sonraí ar fáil, tábla is féidir le húsáideoirí a chur in oiriúint dá gcuid riachtanas taighde féin. Ina theannta sin déanann Eurostat asbhaintí saincheaptha chun aghaidh a thabhairt ar iarrataí sonracha ó úsáideoirí; chun an trédhearcacht a chothú, cuirtear na hasbhaintí sin ar fáil don phobal i gcoitinne trí eislíon CIRCABC.

Chomh maith leis na táblaí sonraí, is féidir le húsáideoirí breathnú freisin ar ailt ad hoc a thugtar cothrom le dáta
go rialta, ailt ina ndírítear ar ghnéithe sonracha den turasóireacht, agus ar minic míreanna nuachta an-fheiceálach

nó eisiúintí nuachta ag gabháil leo. Ar deireadh, cuireann Eurostat eisiúintí staidrimh turasóireachta chun cinn go gníomhach trína chainéil éagsúla ar na meáin shóisialta.

5.5.An Inchomparáideacht

Is tagairt í ‘inchomparáideacht’ don tionchar a imríonn éagsúlachtaí ó thaobh coincheapa, uirlisí tomhais agus nósanna imeachta feidhmeacha staidrimh i gcásanna i ndéantar comparáid idir staitisticí a bhaineann le limistéir gheografacha éagsúla nó le hearnálacha éagsúla, nó idir staitisticí éagsúla thar thréimhse ama.

Leis an Rialachán, bunaíodh creat coiteann maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht (Airteagal 2). Cuspóir bunúsach de chuid an chreata sin is ea comhchuibhiú coincheap, sainmhínithe, aicmithe agus modheolaíochtaí a chothú. Eurostat agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an staidreamh turasóireachta, déanann siad saincheisteanna modheolaíochta a phlé agus a ailíniú i dtascfhórsaí tiomnaithe, i ngrúpaí oibre nó i ngrúpaí saineolaithe. Is rud iad na treoirlínte molta sa Lámhleabhar Modheolaíoch maidir leis an Staidreamh Turasóireachta 17 (Airteagal 10) a bhíonn ina chabhair ó lá go lá chun gur ann do staidreamh comhchuibhithe, inchomparáide ar thurasóireacht don Aontas Eorpach. Is é an toradh atá air sin go bhfuil an
inchomparáideacht thar thréimhsí ama réasúnta maith, sin agus an inchomparáideacht trasna tíortha agus réigiún.

5.6.An Comhleanúnchas

Is tagairt é ‘an comhleanúnachas’ do na sonraí a bheith leordhóthanach sa tslí gur féidir iad a chomhcheangal go hiontaofa ar shlite éagsúla agus chun cineálacha éagsúla úsáide.

Tá an-chomhleanúnchas ann idir na staitisticí agus sonraí a tháirgeann eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Comhar idir réimsí éagsúla in Eurostat nó laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach, is rud é a chuir leis an gcomhleanúnachas idir an staidreamh turasóireachta agus sonraí gaolmhara eacnamaíocha nó gnó, nó sonraí gaolmhara maidir leis an margadh saothair. Chuige sin, déantar sonraí atá ann cheana, sonraí a bhaineann le réimsí gaolmhara, a athúsáid chun anailís níos doimhne a dhéanamh ar thionscail atá ábhartha maidir leis an turasóireacht. Sa chomhthéacs sin, comhleanúnachas na sonraí ar
leibhéal earnála ó shraitheanna

staidrimh Eurostat éagsúla, ach an comhleanúnchas sin a fheabhsú tuilleadh d’fhéadfaí cur leis an anailís ar thionscail a bhaineann le héiceachóras na turasóireachta.

Amach anseo, d’fhéadfadh cur chun feidhme córasach na gcuntas satailíte turasóireachta cur le comhleanúnachas níos láidre le cuntais náisiúnta, go háirithe.

6.An t-ualach agus an chost‑éifeachtúlacht

Leis an Rialachán tugtar de
sholúbthacht do thiomsaitheoirí sonraí náisiúnta gur féidir leo na foinsí sonraí is oiriúnaí a roghnú (Airteagal 8): suirbhéanna, sonraí riaracháin agus nósanna imeachta iomchuí maidir le meastacháin staidrimh a dhéanamh. De ghnáth, is paraiméadair thábhachtacha iad an t-ualach agus an chost-éifeachtúlacht maidir le rogha na mBallstát ó thaobh foinsí sonraí agus modheolaíochtaí de. Ó rinneadh an tuarascáil roimhe seo, tá acmhainneacht na bhfoinsí nua sonraí fós ag dul i méid agus ceadaítear le hAirteagal 8, i bprionsabal, foinsí nó modhanna nuálacha den sórt sin a úsáid mar chuid den chóras táirgthe.

Is rud iad an t-ualach agus an chost-éifeachtúlacht ar minic cáilíocht na sonraí thíos leis. Le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an
Rialachán ceadaítear do na Ballstáit teorainn a chur le raon feidhme na breathnadóireachta a leagtar síos in Airteagal 4(a) ionas nach gcuimsítear ach bunachais atá os cionn tairseach toillidh áirithe. Teorannú sin an raoin, baineann sé go mór den ualach atá ar na gnólachtaí is lú, ach tharlódh freisin gurb é an toradh a bheadh air nach bhfaigheadh an réimse sin a dhóthain clúdaigh sa staidreamh oifigiúil. Mar sin féin, forbairtí a rinneadh le déanaí amhail fiosrú sonraí ó ardáin ar líne de chuid an gheilleagair chomhoibríoch, is cabhair iad sin chun na bearnaí sna sonraí a líonadh ar bhealach níos cost-éifeachtúla. Cineálacha nuálacha cur chuige eile atá á bhfiosrú faoi láthair ag Eurostat i gcomhar leis na Ballstáit, d’fhéafaidís siúd freisin dul i ngleic leis an ualach, agus cur le clúdach na sonraí ag an am céanna.

Ar deireadh, úsáid modúl
rothlach (sonraí a mbíonn gá leo uair sna 3 bliana) agus athróg roghnach

nó miondealuithe roghnacha, is cabhair atá ansin chun teorainn a chur leis an ualach a bhíonn ar fhreagróirí.

7.Ionchas

Is cinnte go bhfuil córas daingean, iontaofa, comhchuibhithe maidir le faisnéis turasóireachta ag úsáideoirí ar an leibhéal idirnáisiúnta, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal fonáisiúnta a bhuí le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 692/2011. Mar sin féin, le linn na ndeich mbliana atá imithe tharainn tá athrú tagtha ar earnáil na turasóireachta agus ar na tosaíochtaí beartais nó na tosaíochtaí sochaíocha a bhaineann leis an turasóireacht. Ina theannta sin, tá an staidreamh oifigiúil bailithe isteach sa 21ú haois agus táthar ag iarraidh éirí as teicnící traidisiúnta suirbhé-bhunaithe, agus
táirgeadh an staidrimh a nuachóiriú.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún (Eurostat) tosaithe ar thuairimí a mhalartú le húsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh ar thurasóireacht, rud ar siúl aige ar mhaithe le láidreachtaí agus laigí an chreata reatha a shainaithint agus ábharthacht na dtáscairí a fheabhsú. I gcomhthráth leis an bpróiseas athbhreithniúcháin sin, tá an dá ní seo a leanas tar éis eascairt as tionscnaimh nuálaíochta – taighde maidir le húsáid
foinsí malartachta sonraí, taighde a bhfuil geallúint faoi, agus eisiúint staitisticí turgnamhacha ina raibh táscairí nach raibh ar fáil roimhe sin.

Sna chéad bhabhtaí plé, cuntais satailíte turasóireachta agus tomhas inbhuanaitheacht na turasóireachta,
sainaithníodh gur ghnéithe tábhachtacha iad d’aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an mbunús dlí. Ní haon chomhtharlú é gur leagadh

béim ar na hábhair sin cheana féin sa Rialachán, cé gurb éard a bhí i gceist ansin glao chun clár a tharraingt suas maidir le staidéir phíolótacha sna réimsí sin (Airteagal 5). Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas athbhreithniúcháin na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun sonraí bunúsacha a bhailiú ó fhoinsí nua nuálacha d’fhonn cur lena ábhartha agus a thráthúla atá an creat staidrimh, sin agus lena mhéid a chlúdaítear leis an gcreat sin.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle (IO L 192, 22.7.2011, lch. 17).
(2)  Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh i réimse na turasóireachta a chruinniú (IO L 291, 15.6.1999, lch. 32).
(3) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht (COM/2016/489 an 29.7.2016).
(4) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Scenarios towards co-creation of transition pathway for tourism for a more resilient, innovative and sustainable ecosystem [Cásanna trína ndéanfar conair aistrithe a chomhchruthú le haghaidh na turasóireacht ionas gurb athléimní, gur nuálaí agus gurb inbhuanaithe a bheidh an t-éiceachóras] (SWD(2021)164 final, 21.6.2021).
(5)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/tourism (rud nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(6)   https://ec.europa.eu/eurostat/documents/7870049/10293066/KS-FT-19-007-EN-N.pdf (Leagan 2019, rud nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1681 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht, a mhéid a bhaineann le sprioc-amanna tarchurtha agus le hIarscríbhinní I agus II a oiriúnú (IO L 258, 9.10.2019, lch. 1).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1569 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú tíortha cónaithe aíonna atá ag fanacht in áiteanna lóistín do thurasóirí i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (IO L 359, 29.10.2020, lch. 1).
(9) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht (COM/2021/86 an 25.2.2021).
(10)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1179 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1051/2011 a mhéid a bhaineann leis na táblaí comhiomlána agus na comhaid micreashonraí maidir le tarchur na sonraí (IO L 256 19.7.2021, lch. 89). 

(11)   https://ec.europa.eu/eurostat/documents/64157/4375449/Report_USS_2020.pdf
(12)   https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en/tour_occ_esms.htm (rud a bhaineann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán –
níl fáil air ach i mBéarla);
https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en/tour_dem_esms.htm (rud a bhaineann le hIarscríbhinn II –
níl fáil air ach i mBéarla).
(13)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_20_194 (Béarla, Gearmáinis agus Fraincis).
(14)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_3293 (Béarla, Gearmáinis agus Fraincis).
(15)   https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3888793/8234206/KS-TC-17-004-EN-N.pdf (Béarla amháin).
(16)   https://ec.europa.eu/eurostat/cache/recovery-dashboard/  
(17) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/6454997/KS-GQ-14-013-EN-N.pdf/