5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/143 |
P9_TA(2022)0303
Nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) (COM(2021)0483 – C9-0347/2021 – 2021/0275(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)
(2023/C 125/15)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0483), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0347/2021), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 (1), |
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha (2), |
— |
ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0228/2022), |
A. |
de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint; |
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0275
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)