14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/3


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

den 4 Iúil 2022

maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit

(CON/2022/24)

(2022/C 271/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 3 Meitheamh 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit (1). Ar an 1 Iúil 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit (2).

Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.

Breathnuithe

1.

Leis na rialacháin atá beartaithe beifear in ann an euro a thabhairt isteach mar airgeadra na Cróite tar éis mhaolú na Cróite a aisghairm i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 140(2) den Chonradh.

2.

Fáiltíonn an BCE roimh na rialacháin atá beartaithe.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 4 Iúil 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2022) 281 final.

(2)  COM(2022) 319 final.