26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 104/1 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh
(2021/C 104 I/01)
De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:
Ar leathanach 369,
sa nóta míniúcháin a ghabhann le fotheideal 8543 70 90, scriostar an dara mír.
Ar leathanach 416,
sa nóta míniúcháin a ghabhann le 9506 69 90, scriostar an dara mír agus an tríú mír agus cuirtear an méid seo a leanas ina n-ionad:
‘Ní áirítear san fhotheideal seo, áfach, “liathróidí frithstruis”, mar a thugtar orthu, a bhfuil cruth liathróide orthu agus ar féidir iad a mhaisiú ar bhealaí éagsúla. De ghnáth, déantar as plaisteach nó as rubar iad agus déantar iad a dhearadh sa dóigh gur féidir iad a fháscadh de láimh arís agus arís eile mar chleachtadh frithstruis. Is i gceannteideal 9503 a aicmítear na “liathróidí frithstruis” agus “míreanna frithstruis” comhchosúla a bhfuil cruthanna agus dearaí éagsúla orthu.
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).