An Bhruiséil,21.4.2021

SWD(2021) 151 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú corparáideach inbhuanaithe

{COM(2021) 189 final} - {SEC(2021) 164 final} - {SWD(2021) 150 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD)

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Leis an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD) ceanglaítear ar chuideachtaí móra áirithe tuairisciú a dhéanamh maidir le cúrsaí sóisialta, fostaithe agus comhshaoil, le cearta an duine, le breabaireacht agus le héilliú. Faoi láthair, an fhaisnéis a ndéanann cuideachtaí tuairisciú fúithi, ní chomhlíonann sí riachtanais na n‑úsáideoirí (infheisteoirí, an tsochaí shibhialta agus daoine eile). Cuideachtaí áirithe óna dteastaíonn faisnéis ó úsáideoirí, ní dhéanann siad tuairisciú. Fiú nuair a dhéanann cuideachtaí tuairisciú, is gnách nach mbíonn an fhaisnéis ábhartha go leor, ní bhíonn sí inchomparáide, iontaofa ná inrochtana agus inúsáidte go héasca. Meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar éileamh na n‑úsáideoirí ar fhaisnéis neamhairgeadais, rud a chuirfidh leis na fadhbanna sin. Nuair nach bhfuil faisnéis leordhóthanach neamhairgeadais ar fáil d’infheisteoirí agus don tsochaí shibhialta, cruthaítear rioscaí infheistíochta, cuirtear bac ar shreafaí airgeadais chuig gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na hinbhuanaitheachta, agus cruthaítear bearna chuntasachta idir cuideachtaí agus an tsochaí. Tabhaíonn na hullmhóirí (cuideachtaí tuairiscithe) costais neamhriachtanacha i ngeall ar an éiginnteacht faoin méid atá le tuairisciú agus faoi éilimh na ngeallsealbhóirí ar fhaisnéis chomh maith leis an méid a thuairiscíonn cuideachtaí go poiblí. Ceann de na cúiseanna atá leis sin is ea an tsolúbthacht agus an easpa sainiúlachta atá sa NFRD. Ina theannta sin, tá a lán caighdeán agus creat tuairiscithe forluiteach ann, agus dá bhrí sin, níl comhthoil ann maidir leis an méid ba cheart do chuideachtaí a thuairisciú.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é is aidhm don tionscnamh seo a áirithiú maidir le húsáideoirí a dteastaíonn uathu faisnéis neamhairgeadais a fháil ó chuideachtaí go ndéanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis sin a thuairisciú chucu, agus go mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar ábhartha, inchomparáide, agus inrochtana agus inúsáidte go héasca. Is é is aidhm dó freisin costais ar ullmhóirí nach gá a laghdú. Leis an tionscadal, déanfar caipiteal príobháideach a shlógadh chun tacú le Margadh Glas na hEorpa tríd an deis a thabhairt d’infheisteoirí meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí inbhuanaitheachta agus ar na tionchair a bhaineann le hinfheistíochtaí. Cuireann sé le cur i gcrích Aontas na Margaí Caipitil tríd an deis a thabhairt d’infheisteoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis inchomparáide neamhairgeadais ó chuideachtaí infheistíochta ar fud an Aontais. Treiseoidh sé freisin an conradh sóisialta idir cuideachtaí agus an tsochaí trí chuideachtaí a dhéanamh níos cuntasaí as an tionchar a bhíonn acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Is le gníomhaíocht an Aontais amháin is féidir a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis neamhairgeadais a thuairisceofar inchomparáideach ar fud an Mhargaidh Aonair, agus go mbeidh comhleanúnachas sna ceanglais tuairiscithe idir NFRD agus reachtaíocht airgeadais inbhuanaithe eile (lena n‑áirítear an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht). Is gá rialacha comhchoiteanna ar fud an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le ceanglais tuairiscithe éagsúla i mBallstáit éagsúla, rud a chuirfeadh costais bhreise ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha agus a bhainfeadh an bonn den Mhargadh Aonair. Ina theannta sin, is féidir le hidirghabháil an Aontais tionchar breise a thabhairt don Aontas maidir le forbairtí beartais domhanda i dtuairisciú neamhairgeadais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Sa mheasúnú tionchair, díríodh ar na trí shaincheist seo a leanas: (1) caighdeánú, is é sin, cé acu atá caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais de chuid an Aontais le forbairt nó nach bhfuil, agus cé acu atá ceangal le cur ar chuideachtaí iad a úsáid nó nach bhfuil; (2) urrús, is é sin, cé acu ba cheart faisnéis neamhairgeadais tuairiscithe a áirithiú nó nár cheart, agus sa chás sin, cén leibhéal ar ar cheart sin a áirithiú; agus (3) an raon feidhme, is é sin, cé na catagóirí cuideachta ba cheart a bheith faoi réir na gceanglas tuairiscithe. An rogha beartais tosaíochta: (1) ceangal a chur ar gach cuideachta a thagann faoi raon feidhme NFRD tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin AE; (2) ceangal a chur ar gach cuideachta a thagann faoi raon feidhme NFRD urrús teoranta a lorg i dtaca le faisnéis neamhairgeadais tuairiscithe, le clásal athbhreithnithe féachaint an gá aistriú chuig urrús réasúnach (ar leibhéal urrúis níos airde níos éilithí) sa mheántéarma; agus (3) raon feidhme RGCD a leathnú chuig gach mórchuideachta faoi dhliteanas teoranta agus an chuid is mó de na cuideachtaí liostaithe. Ceanglais láidre tuairiscithe agus ceanglais láidre urrúis a bhfuil raon feidhme leathan acu, is eatarthu atá an chomhbhabhtáil is mó, riachtanais an‑éifeachtacha maidir le riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh ach a bhíonn níos costasaí d’ullmhóirí; agus ceanglais tuairiscithe agus urrúis nach bhfuil chomh dian a bhfuil raon feidhme níos cúinge acu, ní bhíonn siad chomh héifeachtach céanna maidir le riachtanais na n‑úsáideoirí a chomhlíonadh ach bíonn siad níos saoire d’ullmhóirí sa ghearrthéarma. Leis an rogha tosaíochta, bhainfí cuspóirí an tionscnaimh amach ar an gcostas is ísle is féidir.

Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo? 

Go ginearálta, tacaíonn úsáideoirí (infheisteoirí, an tsochaí shibhialta agus eile) le ceanglais níos déine tuairiscithe agus urrúis agus le raon feidhme níos leithne, agus os a choinne sin, go ginearálta, tacaíonn na hullmhóirí le ceangail nach bhfuil chomh dian céanna agus le raon feidhme níos cúinge. In ainneoin na ndifríochtaí sin, tacaítear go forleathan le ceanglas maidir le caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais an Aontais a úsáid, lena n‑áirítear caighdeáin ó líon suntasach ullmhóirí. Institiúidí airgeadais, arb é atá iontu úsáideoirí agus ullmhóirí araon, is mó a bhíonn siad sin i bhfabhar ceanglais tuairiscithe agus urrúis is déine agus raon feidhme is leithne ná mar a bhíonn formhór na gcuideachtaí san earnáil neamhairgeadais.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Tairbheoidh úsáideoirí den rochtain níos fearr ar fhaisnéis neamhairgeadais inchomparáide, ábhartha agus iontaofa a fháil ó níos mó cuideachtaí. Laghdófar leis sin na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa chóras airgeadais, méadófar ar shreafaí airgeadais chuig cuideachtaí a bhfuil tionchar dearfach sóisialta agus comhshaoil acu, agus fágfaidh sé go mbeidh cuideachtaí níos cuntasaí. Leis an rogha atá beartaithe, d’áiritheofaí go dtuairisceodh tuairim is 49 000 cuideachta an fhaisnéis sin (75 % de lánioncam gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta), i gcomparáid leis an 11 600 cuideachta atá ann faoi láthair (47 % de lánioncam gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta). Cheanglófaí ar gach cuideachta mhór agus ar an gcuid is mó de na cuideachtaí liostaithe caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais a chur i bhfeidhm agus urrús a lorg le haghaidh faisnéis thuairiscithe. I gcomparáid leis sin, 20 % de na cuideachtaí móra, ní chuireann siad caighdeáin i bhfeidhm faoi láthair, agus ní lorgaíonn ach 30 % de chuideachtaí urrús de chineál éigin. Leis an rogha atá beartaithe, imreofar tionchair dhearfacha indíreacha ar chearta bunúsacha, ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí, ós rud é gur féidir le ceanglais tuairiscithe níos déine iompraíocht chorparáideach a athrú chun feabhais. Mar shampla, thart ar 45 % de na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme NFRD faoi láthair, ghlac siad roinnt próiseas díchill nua maidir le cúrsaí comhshaoil nó cearta an duine mar gheall ar cheanglais RGCD atá ann cheana.

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Is iad costais iomlána mheasta rogha tosaíochta na n‑ullmhóirí EUR 1 200 milliún i gcostais aonuaire agus EUR 3 600 milliún i gcostais athfhillteacha bhliantúla. Mura ndéanfaidh an tAontas aon bheart, meastar go méadófar go mór ar na costais ar ullmhóirí ar aon nós, i ngeall ar mhéadú ar éilimh neamhchomhordaithe ar fhaisnéis ó úsáideoirí, an easpa leanúnach comhthola faoin bhfaisnéis ba cheart do chuideachtaí faisnéise a thuairisciú chun freastal ar riachtanais na n‑úsáideoirí, agus na deacrachtaí leanúnacha maidir lena fháil amach faoi riachtanas na n‑ullmhóirí faisnéise neamhairgeadais ó sholáthróirí, ó chliaint agus ó chuideachtaí infheistíochta chun críoch tuairiscithe. Toisc nach bhfuil sonraí sách mionsonraithe ar fáil, ní féidir na costais a bhaineann le hullmhóirí a ríomh in éagmais rialacha nua. Meastar, áfach, go bhféadfadh coigiltis EUR 24 200-41 700 ar chostais bhliantúla in aghaidh na cuideachta a bheith mar thoradh ar chaighdeáin a úsáid (thart ar EUR 280-490 milliún in aghaidh na bliana i gcás dhaonra reatha CGCD agus EUR 1 200-2 000 milliún in aghaidh na bliana i gcás na rogha tosaíochta), más rud é go gcuirtear deireadh leis an ngá le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise agus caighdeáin á n‑úsáid. Leis an rogha tosaíochta, ní imreofar aon tionchar diúltach suntasach ar an tsochaí, ar an gcomhshaol ná ar chearta bunúsacha.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do chuideachtaí?

Is méadú foriomlán ar chostais a bheidh i ndán do chuideachtaí dá ndéantar difear (féach an roinn roimhe seo). Mar sin féin, leis an rogha tosaíochta, ba chóir go gcuirfí feabhas ar athléimneacht cuideachtaí, ós rud é go n‑ardaítear feasacht cuideachtaí maidir le rioscaí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus go dtagann feabhas ar bhainistíocht riosca le tuairisciú níos fearr. Ba cheart go gcruthófaí buntáistí do chuideachtaí níos inbhuanaithe mar thoradh air sin freisin, ós rud é go mbeidh sé níos éasca ceannródaithe na hinbhuanaitheachta a aithint. Ní bheadh feidhm ag na ceanglais tuairiscithe maidir le FBManna, seachas le FBManna liostaithe. Forbrófar caighdeáin tuairiscithe shimplithe le haghaidh FBManna lena n‑úsáid ar bhonn deonach. Leis na caighdeáin seo, ba chóir go gcuirfí ar chumas FBManna na riachtanais a chomhlíonadh maidir le hiarrataí faisnéise ó chliaint chorparáideacha agus ó bhainc mhóra, agus éascófar dóibh an t‑aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a rannchuidiú agus páirt a ghlacadh ann.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riarachán náisiúnta? 

Meastar gur EUR 35,5 milliún a bheidh sna costais chur chun feidhme, móide EUR 5 milliún breise i gcostais bhliantúla, próisis dhigiteacha ad hoc a fhorbairt agus cláir dhigiteacha a chothabháil, de thoradh ceanglais maidir le faisnéis neamhairgeadais a chlibeáil go digiteach mar chuid den tionscnamh seo. Féadfaidh na Ballstáit roinnt costas breise a thabhú freisin i ngeall ar thosaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhíriú ar thuairisciú neamhairgeadais.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?  

Faoin rogha tosaíochta, tá an baol ann go dtabhóidh cuideachtaí de chuid an Aontais costais tuairiscithe is airde ná na costais a thabhaíonn cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad, rud a imreoidh tionchar diúltach ar a n‑iomaíochas idirnáisiúnta. Mar sin féin, is dócha go ndéanfaidh roinnt cuideachtaí domhanda cinneadh go deonach caighdeáin éigeantacha an Aontais a chomhlíonadh, agus tá ceanglais nó tionscnaimh bheartais á dtabhairt isteach cheana féin i ndlínsí eile i réimse na nochtuithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht. Ina theannta sin, is dócha go dtiocfaidh feabhas ar iomaíochas chuideachtaí an Aontais san fhadtéarma más rud é go spreagtar ailíniú domhanda le caighdeáin an Aontais agus má théann siad i gcion ar na caighdeáin dhomhanda a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?  

Déanfar meastóireacht nuair is féidir dóthain fianaise a bhailiú faoi thionchar an tionscnaimh (i.e. 3 bliana de shonraí ar a laghad), ag cur san áireamh an méid ama is gá chun an tionscnamh a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, agus sonraí a bhailiú ina leith.