An Bhruiséil,9.12.2021

COM(2021) 762 final

2021/0414(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 581 final} - {SWD(2021) 395 final} - {SWD(2021) 396 final} - {SWD(2021) 397 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é ceann de chuspóirí an Aontais folláine mhuintir an Aontais a chur chun cinn agus forbairt inbhuanaithe na hEorpa a bheidh bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach 1 . An ceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, agus ceart na noibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, cearta atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Luaitear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta ‘gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta.’ 2

Ina cuid treoirlínte polaitiúla, chuir an tUachtarán von der Leyen in iúl go láidir go bhfuil ‘athrú tapa mar thoradh ar an athrú digiteach a théann i bhfeidhm ar ár margaí saothair’ agus ghabh sí uirthi féin faoin ngealltanas ‘breathnú ar bhealaí chun feabhas a chur ar dhálaí saothair na noibrithe ardáin’ 3 . Leis an Treoir atá beartaithe, comhlíontar an gealltanas sin agus tacaíonn sí le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud ar dhíol sásaimh é do na Ballstáit, do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto i mí na Bealtaine 2021, trí aghaidh a thabhairt ar na hathruithe a tugadh isteach leis an athrú digiteach i margaí saothair.

Tá geilleagar agus margaí saothair an Aontais á mhúnlú ag an aistriú digiteach, ar cuireadh dlús leis faoi phaindéim COVID-19. Tá ardáin saothair dhigiteacha 4 ina ngné thábhachtach den tírdhreach nua sóisialta agus eacnamaíoch seo atá ag teacht chun cinn anois. Tá siad ag dul i méid i gcónaí, agus meastar go bhfuil fás thart ar 500 % tagtha ar an ioncam i ngeilleagar na nardán saothair digiteach san Aontas le cúig bliana anuas 5 . Sa lá atá inniu ann, oibríonn os cionn 28 milliún duine san Aontas Eorpach trí mheán ardán saothair digiteach. In 2025, táthar ag súil go mbeidh 43 milliún duine i gceist 6 . Tá ardáin saothair dhigiteacha le fáil in earnálacha éagsúla eacnamaíocha. Cuireann roinnt seirbhísí ‘ar an láthair’ ar fáil, mar shampla glaoch ar aistear feithicle, earraí a sheachadadh, glanadh nó seirbhísí cúraim. Oibríonn daoine eile ar líne amháin le seirbhísí amhail ionchódú sonraí, aistriúchán nó dearadh. Athraíonn obair ardáin ó thaobh leibhéal na scileanna atá de dhíth, chomh maith leis an gcaoi a neagraíonn agus a rialaíonn na hardáin an obair.

Le hardáin saothair dhigiteacha, cuirtear seirbhísí nuálacha agus samhlacha nua gnó chun cinn agus cruthaítear a lán deiseanna do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Is féidir leo an soláthar agus an t‑éileamh ar shaothar a mheaitseáil go héifeachtach agus deiseanna a thairiscint chun maireachtáil nó ioncam breise a thuilleamh, lena n‑áirítear do dhaoine a bhfuil bacainní rompu maidir le rochtain ar mhargadh an tsaothair, amhail daoine óga, daoine faoi mhíchumas, imircigh, daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu nó daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu. Cruthaíonn obair ardáin deiseanna chun bonn cliant a bhunú nó a leathnú, thar theorainneacha uaireanta. Tugann sé rochtain i bhfad níos leithne do ghnólachtaí ar thomhaltóirí, deiseanna ioncaim a éagsúlú agus línte nua gnó a fhorbairt, rud a chuidíonn leo fás. I gcás tomhaltóirí, ciallaíonn sé rochtain níos fearr ar tháirgí agus ar sheirbhísí a mbeadh sé deacair rochtain a fháil orthu murach sin, chomh maith le rochtain ar rogha nua agus níos éagsúla seirbhísí. Mar sin féin, de réir mar a thugann ardáin saothair dhigiteacha isteach cineálacha nua eagraithe oibre, cuireann siad dúshlán roimh na cearta agus na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaineann le dlí an tsaothair agus le cosaint shóisialta.

Meastar go naicmíonn naoi gcinn as deich gcinn d’ardáin atá gníomhach san Aontas Eorpach faoi láthair daoine atá ag obair tríothu mar dhaoine féinfhostaithe 7 . Tá an chuid is mó de na daoine sin fíor-uathrialach ina gcuid oibre agus is féidir leo úsáid a bhaint as obair ardáin mar bhealach chun a gcuid gníomhaíochtaí fiontraíochta a fhorbairt 8 . Tá an fhíor-fhéinfhostaíocht sin ag rannchuidiú go dearfach le cruthú post, forbairt gnólachta, nuálaíocht, inrochtaineacht seirbhísí agus digitiú san Aontas.

Mar sin féin, tá a lán daoine ann freisin a bhíonn taithí acu ar fo-ordúchán agus leibhéil éagsúla rialaithe ar na hardáin saothair dhigiteacha trína noibríonn siad, mar shampla maidir le leibhéil phá nó dálaí oibre. De réir meastacháin amháin, d’fhéadfadh suas le cúig mhilliún go leith duine atá ag obair trí mheán ardán saothair digiteach a bheith i mbaol míaicmiú stádais fostaíochta 9 . Is dócha go háirithe go mbeidh drochdhálaí oibre ag na daoine sin agus go mbeidh rochtain neamhleor acu ar chosaint shóisialta 10 . Mar thoradh ar mhíaicmiú, ní fhéadfaidh siad leas a bhaint as na cearta agus na cosaintí a bhfuil siad i dteideal orthu mar oibrithe. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun pá íosta, rialacháin maidir le ham oibre, sábháilteacht ceirde agus cosaint sláinte, pá comhionann idir fir agus mná agus an ceart chun tréimhse shaoire le pá, chomh maith le rochtain níos fearr ar chosaint shóisialta i gcoinne tionóiscí ceirde, dífhostaíochta, breoiteachta agus seanaoise.

Baineann ardáin saothair dhigiteacha úsáid as córais uathoibrithe chun an soláthar agus an t‑éileamh ar obair a mheaitseáil. Cé go n‑úsáideann ardáin dhigiteacha ar bhealaí éagsúla iad chun cúraimí a shannadh, chun faireachán, meastóireacht agus cinntí a dhéanamh do na daoine a oibríonn tríothu. Tagraítear go minic do chleachtais den sórt sin mar ‘bainistiú algartamach’. Cé go mbaintear úsáid as bainistiú algartamach ar líon méadaitheach bealaí sa mhargadh saothair níos leithne, is léir go bhfuil sé ina ghné dhílis de shamhail ghnó na n‑ardán saothair digiteach. Cruthaíonn sé éifeachtúlachtaí maidir le soláthar agus éileamh a mheaitseáil ach tá tionchar suntasach aige freisin ar dhálaí oibre in obair ardáin. Leis an mbainistiú algartamach, ceiltear go ndéantar an obair a fho-ordú ná a rialú tríd an ardán saothair digiteach ar na daoine a dhéanann an obair. D’fhéadfaí míchothromaíochtaí inscne a mhéadú freisin mar gheall ar laofacht inscne agus idirdhealú i mbainistiú algartamach. Tá sé ríthábhachtach go bhfaightear tuiscint ar an tionchar a imríonn algartaim ar chinntí nó ar chinneadh cinntí áirithe (amhail rochtain ar thascdheiseanna nó bónais amach anseo, smachtbhannaí a fhorchur nó cuntais a chur ar fionraí nó a shrianadh a d’fhéadfadh a bheith ann), i bhfianaise na n‑impleachtaí ar ioncam agus ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí mheán ardán saothair digiteach. Faoi láthair, áfach, níl dóthain trédhearcachta ann maidir le córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta den sórt sin agus níl rochtain éifeachtúil ag daoine ar réitigh i bhfianaise cinntí arna ndéanamh nó cinntí arna dtacú ag na córais sin. Is feiniméan measartha nua é bainistiú algartamach agus – seachas rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí – feiniméan neamhrialáilte den chuid is mó i ngeilleagar na n‑ardán a chruthaíonn dúshláin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe araon atá ag obair trí mheán ardán saothair digiteach.

Meastar freisin, i ngeall ar dheacrachtaí maidir le forfheidhmiú agus easpa inrianaitheachta agus trédhearcachta, lena n‑áirítear deacrachtaí i gcásanna trasteorann, go ndéanann siad dochar i roinnt cásanna de dhrochdhálaí oibre nó de rochtain neamhleor ar chosaint shóisialta. Ní i gcónaí a bhíonn rochtain leordhóthanach ag údaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha agus daoine a oibríonn tríothu, amhail líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin ar bhonn rialta, a stádas conarthach nó fostaíochta, nó téarmaí agus coinníollacha na n‑ardán saothair digiteach. Baineann tábhacht ar leith le fadhb na hinrianaitheachta nuair a oibríonn ardáin thar theorainneacha, rud a fhágann nach léir cén áit a ndéantar obair ardáin agus cé a rinne an obair sin. Fágann sin, ina dhiaidh sin, go mbíonn sé deacair ar na húdaráis náisiúnta na hoibleagáidí atá ann cheana a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear i dtéarmaí ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

Is é cuspóir ginearálta na Treorach atá beartaithe dálaí oibre agus cearta sóisialta daoine a oibríonn trí mheán ardán a fheabhsú, lena n‑áirítear d’fhonn tacú leis na dálaí maidir le fás inbhuanaithe ardán saothair digiteach san Aontas Eorpach.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha trína mbíthin a thabharfar aghaidh ar an aidhm ghinearálta:

(1)chun a áirithiú go bhfuil an stádas fostaíochta ceart ag daoine atá ag obair trí mheán ardán – nó gur féidir leo é a fháil – i bhfianaise a gcaidrimh iarbhír leis an ardán saothair digiteach agus gur féidir leo rochtain a fháil ar na cearta saothair agus cosanta sóisialta is infheidhme;

(2)cothroime, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú maidir le bainistiú algartamach i gcomhthéacs oibre ardáin; agus

(3)trédhearcacht, inrianaitheacht agus feasacht ar fhorbairtí in obair ardáin a fheabhsú agus feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na rialacha is infheidhme do gach duine a oibríonn trí mheán ardán, lena náirítear iad siúd a oibríonn thar theorainneacha.

Bainfear amach an chéad chuspóir sonrach trí chreat cuimsitheach a bhunú chun dul i ngleic le mí‑aicmiú stádais fostaíochta in obair ardáin. Áirítear sa chreat sin nósanna imeachta iomchuí chun a áirithiú go gcinnfear i gceart stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, i gcomhréir le prionsabal thosaíocht na bhfíricí, chomh maith le toimhde infhrisnéise maidir le caidreamh fostaíochta (lena n‑áirítear an dualgas cruthúnais a aisiompú) do dhaoine atá ag obair trí mheán ardán saothair digiteach lena rialaítear gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre. Bheadh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil sin i ngach imeacht dlíthiúil agus riaracháin, lena n‑áirítear na himeachtaí sin arna seoladh ag údaráis náisiúnta atá inniúil ar rialacha maidir le saothar agus cosaint shóisialta a fhorfheidhmiú, agus is féidir í a bhréagnú trína chruthú nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta ann trí thagairt do shainmhínithe náisiúnta. Táthar ag súil go rachaidh an creat sin chun tairbhe d’oibrithe féinfhostaithe bréagacha agus d’oibrithe fíor-fhéinfhostaithe atá ag obair trí mheán ardán saothair digiteach. Iad siúd a aithnítear mar oibrithe, mar thoradh ar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, beidh dálaí oibre feabhsaithe acu – lena n‑áirítear sláinte agus sábháilteacht, cosaint fostaíochta, pá íosta reachtúil nó caibidlithe agus rochtain ar dheiseanna oiliúna – agus rochtain ar chosaint shóisialta de réir na rialacha náisiúnta. Os a choinne sin, maidir le daoine fíor-fhéinfhostaithe a oibríonn trí mheán ardán, bainfidh siad tairbhe, go hindíreach, as níos mó uathrialach agus neamhspleáchais, mar thoradh ar ardáin saothair dhigiteacha a chuireann a gcleachtais in oiriúint chun aon riosca athaicmithe a sheachaint. Rachaidh deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe, lena n‑áirítear maidir le dúshláin chúirte a d’fhéadfadh a bheith ann, chun tairbhe d’ardáin saothair dhigiteacha freisin. Gnólachtaí eile a théann in iomaíocht le hardáin saothair dhigiteacha trí oibriú san earnáil chéanna, bainfidh siad tairbhe as cothrom iomaíochta maidir le costas na ranníocaíochtaí cosanta sóisialta. Bainfidh na Ballstáit leas as ioncaim mhéadaithe i bhfoirm ranníocaíochtaí breise cánach agus cosanta sóisialta.

Tá sé d’aidhm ag an Treoir atá beartaithe an dara cuspóir sonrach a bhaint amach, is é sin cothroime, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i mbainistiú algartamach trí chearta nua ábhartha a thabhairt isteach do dhaoine a dhéanann obair ardáin. Áirítear orthu sin an ceart chun trédhearcachta maidir le húsáid a bhaint as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta agus iad a fheidhmiú, ceart lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear na cearta atá ann cheana maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá sé d’aidhm freisin ag an Treoir atá beartaithe a áirithiú go ndéanfar faireachán daonna ar thionchar na gcóras uathoibrithe sin ar dhálaí oibre d’fhonn bunchearta oibrithe agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair a choimirciú. Chun cothroime agus cuntasacht cinntí suntasacha a glacadh nó a fuair tacaíocht ó chórais uathoibrithe a áirithiú, áirítear sa Treoir atá beartaithe bealaí iomchuí a bhunú chun cinntí den sórt sin a phlé agus athbhreithniú orthu a iarraidh. Cé is moite d’eisceachtaí áirithe, tá feidhm ag na forálacha sin maidir le gach duine a oibríonn trí mheán ardán, lena n‑áirítear daoine féinfhostaithe. Maidir le hoibrithe, tá sé d’aidhm ag an Treoir atá beartaithe freisin idirphlé sóisialta a chothú maidir le córais bhainistíochta algartamach trí chearta comhchoiteanna a thabhairt isteach maidir le faisnéis agus comhairliúchán maidir le hathruithe substaintiúla a bhaineann le húsáid a bhaint as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta. Dá thoradh sin, beidh trédhearcacht agus tuiscint níos fearr ag gach duine a oibríonn trí mheán ardán agus ag a gcuid ionadaithe ar chleachtais bainistíochta algartamach chomh maith le rochtain níos éifeachtaí ar réitigh i gcoinne cinntí uathoibrithe, as a dtiocfaidh feabhas ar dhálaí oibre. Leis na cearta sin, cuirfear leis na coimircí atá ann cheana i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil le córais uathoibrithe chinnteoireachta a leagtar síos sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leathnófar na coimircí sin chomh maith leis na hoibleagáidí atá beartaithe do sholáthraithe agus d’úsáideoirí córas intleachta saorga (IS) i dtéarmaí trédhearcachta agus formhaoirseachta daonna i ndáil le córais áirithe intleachta saorga sa togra le haghaidh Ionstraim um an Intleacht Shaorga (féach tuilleadh sonraí thíos).

Ar deireadh, moltar bearta nithiúla chun an tríú cuspóir a bhaint amach, is é sin trédhearcacht agus inrianaitheacht na hoibre ardáin a fheabhsú d’fhonn tacú leis na húdaráis inniúla na cearta agus na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le dálaí oibre agus cosaint shóisialta a fhorfheidhmiú. Áirítear leis sin soiléiriú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar ardáin saothair dhigiteacha ar fostóirí iad obair ardáin a dhearbhú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar í. Leis an Treoir atá beartaithe, cuirfear feabhas freisin ar eolas na n‑údarás um chosaint saothair agus na n‑údarás cosanta sóisialta ar na hardáin saothair dhigiteacha atá gníomhach ina mBallstát trí rochtain a thabhairt do na húdaráis sin ar fhaisnéis bhunúsach ábhartha maidir le líon na ndaoine atá ag obair trí mheán ardán saothair digiteach, a stádas fostaíochta agus a dtéarmaí agus coinníollacha caighdeánacha. Cabhróidh na bearta sin leis na húdaráis sin comhlíonadh ceart saothair a áirithiú agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú, agus ar an gcaoi sin dálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin a fheabhsú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

D’fhonn sodar go grinneall a chosc i gcleachtais fostaíochta agus i gcaighdeáin shóisialta chun aimhleas oibrithe, tá íosráta de chearta saothair cruthaithe ag an Aontas a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe ar fud na mBallstát uile. Leagann acquis saothair agus sóisialta an Aontais íoschaighdeáin síos trí roinnt príomhionstraimí.

Is oibrithe a thagann faoi raon feidhme pearsanta ionstraimí dlí den sórt sin amháin a thairbhíonn den chosaint a thugann siad 11 . Tagann daoine féinfhostaithe, lena náirítear iad siúd a oibríonn trí mheán ardán, lasmuigh den raon feidhme agus de ghnáth ní thairbhíonn siad de na cearta sin, rud a fhágann gur tairseach chuig acquis saothair agus sóisialta an Aontais stádas an oibrí. (Is é an taon eisceacht amháin na treoracha maidir le cóir chomhionann lena gcumhdaítear freisin rochtain ar fhéinfhostaíocht 12 , i ngeall ar bhunúis dlí níos leithne.)

I measc na n‑ionstraimí dlí ábhartha do dhaoine fostaithe a oibríonn trí mheán ardán:

Déantar foráil sa Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha 13 maidir le bearta chun dálaí oibre daoine a oibríonn i gcaidrimh oibre neamhchaighdeánacha a chosaint. Áirítear leis sin rialacha maidir le trédhearcacht, an ceart chun faisnéise, tréimhsí promhaidh, fostaíocht chomhuaineach, intuarthacht íosta oibre agus bearta maidir le conarthaí ar éileamh. Tá na híoschaighdeáin sin ábhartha go háirithe do dhaoine a oibríonn trí mheán ardán, i bhfianaise eagrú a noibre neamhthipiciúil agus a bpatrún. Mar sin féin, cé go náirithítear leis an Treoir trédhearcacht maidir le dálaí bunúsacha oibre, ní bhaineann an dualgas faisnéise ar fhostóirí le húsáid algartaim san ionad oibre ná leis an tionchar a bhíonn acu ar oibrithe aonair.

Leagtar síos sa Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí 14  na híoscheanglais a bhaineann le saoire do thuismitheoirí, saoire atharthachta agus cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí nó do chúramóirí. Comhlánaíonn sé an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair d’oibrithe torracha agus d’oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú le déanaí nó atá ag cothú linbh ar an gcíoch 15 , lena bhforáiltear do thréimhse íosta saoire mháithreachais, taobh le bearta eile.

Leagtar síos sa Treoir maidir le heagrú Ama Oibre 16 íoscheanglais maidir le heagrú ama oibre agus sainítear coincheapa amhail ‘am oibre’ agus ‘tréimhsí scíthe’. Cé gur thuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go traidisiúnta an coincheap ‘am oibre’ go néilítear ar an oibrí a bheith i láthair go fisiceach in áit a chinn an fostóir, i gcásanna le déanaí, leathnaigh an Chúirt an coincheap sin go háirithe nuair atá córas ama ‘ar fuireachas’ i bhfeidhm (i.e. i gcás nach gceanglaítear ar oibrí fanacht san ionad oibre ach beidh sé ar fáil le bheith ag obair má iarrann an fostóir sin air). In 2018, chuir an Chúirt in iúl go soiléir go measfar gur am oibre é an tam ‘ar fuireachas’ a bhfuil srian suntasach ar dheiseanna an oibrí gníomhaíochtaí eile a dhéanamh lena linn 17 .

Sainíonn an Treoir maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach 18 creat ginearálta is infheidhme maidir le dálaí oibre oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Leagtar síos leis prionsabal an neamhidirdhealaithe, maidir leis na dálaí bunúsacha oibre agus fostaíochta, idir oibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe a nearcaíonn an chuideachta úsáideora iad. Mar gheall ar an gcaidreamh conarthach triantánach a bhaineann le hobair ardáin, is féidir leis an Treoir seo a bheith ábhartha maidir le hobair ardáin. Ag brath ar an tsamhail ghnó d’ardán saothair digiteach agus ar cibé an tomhaltóirí príobháideacha nó gnólachtaí a chustaiméirí, d’fhéadfadh sé cáiliú mar ghníomhaireacht oibre sealadaí lena sanntar a cuid oibrithe do chuideachtaí úsáideoirí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurb é an tardán an chuideachta úsáideora a bhaineann úsáid as seirbhísí na noibrithe arna sannadh ag gníomhaireachtaí oibre sealadaí.

Leagtar síos sa Treoir Réime um Shláinte agus Sábháilteacht Cheirde (OSH) 19 na príomhphrionsabail chun feabhsuithe ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair a spreagadh. Ráthaíonn sé íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte ar fud an Aontais. Tá tuilleadh treoracha ag gabháil leis an Treoir Réime ina ndírítear ar ghnéithe sonracha den tsábháilteacht agus den tsláinte ag an obair.

Tá ról lárnach ag an Treoir lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo 20 maidir le hidirphlé sóisialta a chur chun cinn trí phrionsabail, sainmhínithe agus socruithe íosta a leagan síos le haghaidh faisnéise agus comhairliúcháin le haghaidh ionadaithe na noibrithe ar leibhéal na cuideachta laistigh de gach Ballstát.

Nuair a ghlacfar í, bunófar leis an Treoir atá beartaithe maidir le pá íosta leordhóthanach 21 creat chun leordhóthanacht pánna íosta a fheabhsú agus chun rochtain oibrithe ar chosaint íosta pá a mhéadú.

Nuair a ghlacfar í, neartóidh an Treoir atá beartaithe maidir le trédhearcacht pá 22  cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó ar obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú.

Ina theannta sin, tá rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta náisiúnta infheidhme maidir le daoine fostaithe agus daoine féinfhostaithe araon a oibríonn trí mheán ardán i gcás trasteorann 23 .

Ar deireadh, sa Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta 24 , moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe agus ag daoine féinfhostaithe araon ar chosaint shóisialta éifeachtach agus leormhaith. Cumhdaítear sa Mholadh sochair agus sochair dífhostaíochta, breoiteachta agus cúraim sláinte, máithreachais agus atharthachta, easláine, seanaoise agus marthanóirí agus sochair i dtaca le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá ionstraimí an mhargaidh inmheánaigh agus ionstraimí cosanta sonraí an Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe ábhartha d’oibríochtaí na n‑ardán saothair digiteach agus do na daoine a oibríonn tríothu. Mar sin féin, ní leor mar a thugtar aghaidh ar na dúshláin uile a shainaithnítear in obair ardáin leis na hionstraimí dlí sin. Cé go dtéann siad i ngleic le bainistiú algartamach ar bhealaí áirithe, ní thugtar aghaidh iontu go sonrach ar pheirspictíocht na n‑oibrithe, ar shainiúlachtaí an mhargaidh saothair agus ar chearta comhchoiteanna saothair.

Ar na hionstraimí ábhartha maidir le margadh inmheánach agus cosaint sonraí de chuid an Aontais tá:

An Rialachán maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnólachta a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (nó ‘an Rialachán maidir leis an gCaidreamh idir Ardáin agus Gnólachtaí’) 25 , a bhfuil sé d’aidhm aige a áirithiú go gcaitear le ‘úsáideoirí gnó’ féinfhostaithe seirbhísí idirghabhála ardáin ar líne ar bhealach trédhearcach agus cothrom agus go mbeidh rochtain acu ar shásamh éifeachtach i gcás díospóidí. Dírítear sna forálacha ábhartha, i measc nithe eile, ar thrédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollacha d’úsáideoirí gnó, ar choimircí nós imeachta i gcás cuntais a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh, ar thrédhearcacht maidir le rangú, agus ar shásraí chun déileáil le gearáin. Tá siad sin nasctha le bainistiú algartamach, ach ní chumhdaíonn an Rialachán príomhghnéithe eile, amhail trédhearcacht córas faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe (seachas rangú), faireachán daonna ar chórais den sórt sin agus cearta sonracha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinntí suntasacha a dhéanann difear do dhálaí oibre. Níl feidhm ag an Rialachán maidir le daoine atá i gcaidreamh fostaíochta ná maidir le hardáin saothair dhigiteacha a meastar, mar thoradh ar mheasúnú foriomlán, nach soláthraíonn siad ‘seirbhísí sochaí faisnéise’ ach, mar shampla, seirbhís iompair.

Leagtar síos rialacha sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 26 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Tugann sé raon ceart do dhaoine a oibríonn trí mheán ardán maidir lena sonraí pearsanta, beag beann ar a stádas fostaíochta. Áirítear ar na cearta sin, go háirithe, an ceart gan a bheith faoi réir cinnidh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis an duine is ábhar do na sonraí nó a bhfuil éifeacht shuntasach chomhchosúil aige orthu (le heisceachtaí áirithe), chomh maith leis an gceart chun trédhearcachta maidir le húsáid na cinnteoireachta uathoibrithe. I gcás ina gceadaítear uathphróiseáil faoi na heisceachtaí, ní mór don rialaitheoir sonraí bearta iomchuí a chur chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, ar a laghad ceart an rialaitheora chun idirghabháil daoine a fháil, chun a dhearcadh a chur in iúl agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Cé go mbaineann na cearta sin go háirithe le daoine a oibríonn trí mheán ardán atá faoi réir bainistiú algartamach, leagadh béim sna cásanna cúirte a rinneadh le déanaí ar na srianta agus na deacrachtaí a bhíonn ag oibrithe – go háirithe daoine a dhéanann obair ardáin – agus iad ag iarraidh a gcearta cosanta sonraí a dhearbhú i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh 27 . Baineann sé sin go háirithe leis an deacracht atá ann idirdhealú a dhéanamh idir cinntí algartamacha a dhéanann difear nó nach ndéanann difear d’oibrithe ar bhealach atá ‘suntasach’ go leor. Thairis sin, cé go dtugann RGCS cearta aonair do na daoine lena mbaineann, ní chuimsíonn sé gnéithe comhchoiteanna tábhachtacha a bhaineann le dlí an tsaothair, lena náirítear na gnéithe sin a bhaineann le ról ionadaithe na noibrithe, faisnéis a thabhairt d’oibrithe agus dul i gcomhairle leo agus ról na gcigireachtaí saothair maidir le cearta saothair a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, rinne an reachtóir foráil go bhféadfaí rialacha níos sonraí a bheith ann chun cosaint sonraí pearsanta oibrithe a áirithiú i gcomhthéacs na fostaíochta, lena náirítear maidir le heagrú na hoibre (Airteagal 88 RGCS).

Nuair a ghlacfar é, tabharfaidh an Gníomh um an Intleacht Shaorga 28 atá beartaithe aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid a bhaint as córais áirithe intleachta saorga (IS). Tá sé d’aidhm ag an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe a áirithiú go mbeidh córais IS a chuirtear ar an margadh agus a mbaintear úsáid astu san Aontas sábháilte agus go nurramófar cearta bunúsacha leo, amhail prionsabal an chaithimh chomhionainn. Téann sé i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le córais intleachta saorga a fhorbairt, a imlonnú, úsáid a bhaint astu agus maoirseacht rialála a dhéanamh orthu agus tugtar aghaidh ann ar dhúshláin bhunúsacha amhail claonadh (lena náirítear laofacht inscne) agus easpa cuntasachta, lena náirítear trí cheanglais a leagan síos maidir le tacair sonraí ardcháilíochta, rud a chuideoidh le dul i ngleic le riosca an idirdhealaithe. Sa rialachán maidir leis an intleacht shaorga atá beartaithe, liostaítear córais intleachta saorga a mbaintear úsáid astu san fhostaíocht, i mbainistiú oibrithe agus sa rochtain ar fhéinfhostaíocht atá le meas mar chórais ardriosca. Cuirtear chun cinn leis ceanglais éigeantacha nach mór do chórais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh, chomh maith le hoibleagáidí do sholáthraithe agus d’úsáideoirí na gcóras sin. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe, foráiltear do cheanglais shonracha maidir le trédhearcacht le haghaidh córais áirithe intleachta saorga, agus áiritheofar leis go mbeidh rochtain ag ardáin saothair dhigiteacha, mar úsáideoirí córas intleachta saorga, ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu chun úsáid a bhaint as an gcóras ar bhealach dleathach freagrach. I gcás inar soláthraithe chórais intleachta saorga ardriosca iad ardáin saothair dhigiteacha, beidh orthu a gcórais a thástáil agus a dhoiciméadú go hiomchuí. Thairis sin, leis an togra le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga, forchuirtear ceanglais ar sholáthraithe córais intleachta saorga ionas gur féidir formhaoirseacht dhaonna a dhéanamh agus treoracha a eisiúint ina leith sin. Trí thrédhearcacht agus inrianaitheacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, tá sé d’aidhm ag an nGníomh um an Intleacht Shaorga cur chun feidhme na rialacha atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha a chosaint a éascú, aon uair a bheidh córais intleachta saorga den sórt sin in úsáid. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh leis éagsúlacht na rialacha maidir le dálaí oibre i mBallstáit agus in earnálacha éagsúla, agus ní chuirtear coimircí ar fáil leis i ndáil le dálaí oibre a urramú do na daoine a bhfuil tionchar díreach ag úsáid na gcóras intleachta saorga orthu, mar shampla oibrithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Treoir atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 153(1)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar de chumhacht don Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú leis an gcuspóir dálaí oibre a fheabhsú. Sa réimse sin, in Airteagal 153(2)(b) CFAE, cuirtear ar chumas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle treoracha a ghlacadh – i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach – lena socraítear ceanglais íosta maidir le cur chun feidhme de réir a chéile, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Ní mór staonadh sna treoracha sin ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Leis an mbunús dlí sin, is féidir leis an Aontas íoschaighdeáin a leagan síos maidir le dálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin i gcás ina bhfuil siad i gcaidreamh fostaíochta agus, dá bhrí sin, ina naicmítear iad mar ‘oibrithe’. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach bhfágann aicmiú ‘duine féinfhostaithe’ faoin dlí náisiúnta nach féidir an duine sin a aicmiú mar oibrí de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh mura bhfuil ina neamhspleáchas ach neamhspleáchas barúlach, agus ar an gcaoi sin caidreamh fostaíochta a cheilt 29 . Dá bhrí sin, tá daoine féinfhostaithe bréagacha cumhdaithe freisin faoi reachtaíocht saothair AE atá bunaithe ar Airteagal 153 CFAE.

Tá an Treoir atá beartaithe bunaithe freisin ar Airteagal 16(2) CFAE a mhéid a thugtar aghaidh inti ar staid na ndaoine a dhéanann obair ardáin i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint arna bpróiseáil trí chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe. Leis an Airteagal seo, tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle rialacha a leagan síos maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is príomhghnéithe de gheilleagar na n‑ardán iad solúbthacht agus oiriúnú leanúnach samhlacha gnó, arb iad algartaim, sonraí agus néalta is mó a mbaintear úsáid astu chun táirgeadh a dhéanamh. Ós rud é nach bhfuil siad ceangailte de shócmhainní seasta agus áitribh ar bith, is féidir le hardáin saothair dhigiteacha gluaiseacht go héasca agus oibriú thar theorainneacha, oibríochtaí a thosú go tapa i margaí áirithe, a dhúnadh síos uaireanta ar chúiseanna gnó nó rialála agus a athoscailt i dtír eile le rialacha níos scaoilte.

Cé go bhfuil na Ballstáit ag feidhmiú i margadh aonair amháin, tá cineálacha éagsúla cur chuige glactha acu maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar obair ardáin a rialáil, agus maidir leis an gcaoi ina ndéanfar sin. Tá breis agus 100 cinneadh cúirte agus 15 chinneadh riaracháin a bhaineann le stádas fostaíochta na ndaoine atá ag obair trí mheán ardán feicthe sna Ballstáit, agus tá torthaí éagsúla orthu ach, den chuid is mó, tá siad i bhfabhar daoine atá ag obair trí mheán ardán a athaicmiú mar oibrithe 30 . Sa bhreis ar an éiginnteacht dhlíthiúil atá i gceist leis seo do na hardáin saothair dhigiteacha agus dóibh siúd a oibríonn tríothu, léiríonn an líon ard cásanna cúirte go bhfuil deacrachtaí ag an líon ard cásanna cothrom iomaíochta a choinneáil i measc na mBallstát agus idir ardáin saothair dhigiteacha agus gnólachtaí eile chomh maith, agus an brú anuas ar chaighdeáin saothair agus ar dhálaí oibre a sheachaint. D’fhéadfadh ardáin saothair dhigiteacha áirithe páirt a ghlacadh i gcleachtais tráchtála éagóracha i ndáil le gnólachtaí eile, mar shampla, mura gcomhlíonann siad na rialacha céanna agus má oibríonn siad faoi na coinníollacha céanna. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht AE chun a áirithiú go bhforbróidh an geilleagar ardáin atá ansoghluaiste agus atá ag gluaiseacht go tapa in éineacht le cearta saothair na ndaoine a oibríonn trí mheán ardán.

Is minic a bhíonn ardáin saothair dhigiteacha bunaithe in aon tír amháin, agus iad a fheidhmiú trí dhaoine atá lonnaithe in áiteanna eile. Bíonn 59 % de na daoine uile a oibríonn trí mheán ardán san Aontas Eorpach ag plé le cliaint atá lonnaithe i dtír eile 31 . Cuireann sé sin castacht leis an gcaidreamh conarthach. Tá dálaí oibre agus cumhdach na cosanta sóisialta do dhaoine a dhéanann obair ardáin trasteorann chomh éiginnte céanna agus braitheann sé go mór ar a stádas fostaíochta. Is minic nach mbíonn údaráis náisiúnta (amhail cigireachtaí saothair, institiúidí cosanta sóisialta agus údaráis chánach) ar an eolas faoi na hardáin saothair dhigiteacha atá gníomhach ina dtír féin, cé mhéad duine atá ag obair tríothu agus faoi cén stádas fostaíochta a dhéantar an obair. Is airde na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh rialacha agus bacainní ar dhul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe i gcásanna trasteorann, go háirithe nuair a bhaineann sé le hobair ardáin ar líne. Sa chomhthéacs sin, is ar leibhéal an Aontais is fearr a dhéantar gníomhaíochtaí ábhartha a bhfuil sé d’aidhm acu dul i ngleic leis na dúshláin trasteorann a bhaineann le hobair ardáin, lena náirítear go háirithe an easpa sonraí chun go bhféadfar rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Le gníomhaíocht náisiúnta amháin, ní bhainfí amach príomhchuspóirí an Aontais atá bunaithe ar na Conarthaí, eadhon fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus dul chun cinn sóisialta a chur chun cinn, mar go bhféadfadh drogall a bheith ar na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó na caighdeáin saothair atá ann cheana a fhorfheidhmiú go docht, agus iad ag dul san iomaíocht lena chéile chun infheistíochtaí ardán saothair digiteach a mhealladh.

Is le tionscnamh de chuid an Aontais amháin is féidir rialacha comhchoiteanna a leagan síos a mbeidh feidhm acu maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha uile atá ag feidhmiú san Aontas, agus ag an am céanna ilroinnt sa mhargadh aonair mearfhorbartha d’ardáin saothair dhigiteacha a chosc. D’áiritheodh sé sin cothroime iomaíochta i réimse na ndálaí oibre agus bainistiú algartamach idir ardáin saothair dhigiteacha atá ag feidhmiú i mBallstáit éagsúla. Dá bhrí sin, baineann breisluach sonrach AE le caighdeáin íosta a bhunú sna réimsí sin lena gcothófar cóineasú aníos i dtorthaí fostaíochta agus sóisialta ar fud an Aontais, agus lena n‑éascófar forbairt an gheilleagair ardán ar fud an Aontais.

Comhréireacht

Déantar foráil sa Treoir atá beartaithe d’íoschaighdeáin, agus ar an gcaoi sin áiritheofar go gcoimeádfar an méid idirghabhála is lú is gá chun cuspóirí an togra a bhaint amach. Na Ballstáit a bhfuil forálacha níos fabhraí i bhfeidhm acu cheana ná na forálacha a chuirtear chun cinn sa Treoir atá beartaithe, ní bheidh orthu iad a athrú nó a ísliú. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh dul thar na caighdeáin íosta a leagtar amach sa Treoir atá beartaithe.

Urramaítear prionsabal na comhréireachta agus cuirtear méid agus cineál na bhfadhbanna sainaitheanta san áireamh. Mar shampla, ní bheidh feidhm ag an toimhde infhrisnéise atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an stádais fostaíochta a mhíaicmiú ach amháin maidir le hardáin saothair dhigiteacha a bhfuil leibhéal áirithe rialaithe acu ar fheidhmiú na hoibre. Dá bhrí sin, ní bheidh baint ag ardáin saothair dhigiteacha eile leis an toimhde. Ar an gcaoi chéanna, ní théann na forálacha maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na cothroime, na trédhearcachta agus na cuntasachta i mbainistiú algartamach a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Foráiltear go sainráite le hAirteagal 153(2)(b) CFAE in éineacht le hAirteagal 153(1)(b) CFAE go bhféadfar úsáid a bhaint as Treoracha chun íoscheanglais maidir le dálaí oibre a bhunú a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit. Féadfar rialacha atá bunaithe ar Airteagal 16(2) CFAE a leagan síos i dTreoracha freisin.3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE, rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le gníomhaíocht a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh chun dálaí oibre a fheabhsú in obair ardáin. Sa chéad chéim, idir an 24 Feabhra agus an 7 Aibreán 2021, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an ngá atá le tionscnamh maidir le hobair ardáin, agus maidir lena bhféadfadh a bheith ann 32 . Sa dara céim, idir an 15 Meitheamh agus an 15 Meán Fómhair 2021, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le hábhar agus ionstraim dlí an togra atá beartaithe 33 .

Chomhaontaigh na ceardchumainn agus na heagraíochtaí fostóirí araon leis na dúshláin fhoriomlána a sainaithníodh sa dara céim den dhoiciméad comhairliúcháin, ach ní raibh siad den tuairim chéanna maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht nithiúil ar leibhéal an Aontais.

D’iarr ceardchumainn Treoir bunaithe ar Airteagal 153(2) CFAE lena bhforáiltear do thoimhde infhrisnéise caidrimh fostaíochta a mbeadh dualgas cruthúnais aisiompaithe ann agus sraith critéar chun an stádas a fhíorú. D’áitigh siad gur cheart feidhm a bheith ag ionstraim den sórt sin maidir le hardáin ar líne agus maidir le hardáin ar an láthair araon. Thacaigh na ceardchumainn freisin le cearta nua a thabhairt isteach a bhaineann le bainistiú algartamach i réimse na fostaíochta, agus go ginearálta bhí siad i gcoinne an tríú stádas do dhaoine a oibríonn trí mheán ardán. Leag siad béim ar an ngá atá le hidirphlé sóisialta.

D’aontaigh eagraíochtaí fostóirí go bhfuil saincheisteanna ann ar cheart dul i ngleic leo, amhail maidir le dálaí oibre, mí‑aicmiú stádais fostaíochta nó rochtain ar fhaisnéis. Mar sin féin, ba cheart beart a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, de réir an cháis agus laistigh de chreat na gcóras éagsúil náisiúnta maidir le caidreamh sóisialta agus tionsclaíoch. Maidir le bainistiú algartamach, chuir siad i dtreis gur cheart díriú ar na hionstraimí dlí atá ann cheana agus atá ar na bacáin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtúil.

Ní raibh aon chomhaontú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais, mar a fhoráiltear in Airteagal 155 CFAE.

Ina theannta sin, thionóil an Coimisiún líon suntasach malartuithe le go leor páirtithe leasmhara chun an tionscnamh seo a shoiléiriú, lena náirítear cruinnithe tiomnaithe déthaobhacha le cuideachtaí ardáin, comhlachais oibrithe ardáin, ceardchumainn, ionadaithe na mBallstát, saineolaithe ón saol acadúil agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ionadaithe na sochaí sibhialta 34 . An 20 agus an 21 Meán Fómhair 2021, thionóil an Coimisiún dhá chruinniú tiomnaithe le hoibreoirí ardáin agus le hionadaithe oibrithe ardáin chun a dtuairimí a fháil faoi na treoracha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíocht AE.

D’iarr Parlaimint na hEorpa 35 go ndéanfar gníomhaíocht AE láidir chun aghaidh a thabhairt ar mhíaicmiú stádais fostaíochta, agus feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le húsáid a bhaint as algartaim, lena náirítear maidir le hionadaithe oibrithe. D’iarr Comhairle Airí an Aontais Eorpaigh 36 , Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 37 agus Coiste na Réigiún 38 go ndéanfar gníomhaíocht shonrach maidir le hobair ardáin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir an Coimisiún saineolaithe seachtracha ar conradh chun roinnt staidéar a chur ar fáil ina mbaileofaí fianaise ábhartha, ar baineadh úsáid as chun tacú leis an measúnú tionchair agus chun an togra seo a ullmhú:

‘Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair ar Thionscnamh an Aontais Eorpaigh maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre le haghaidh obair ardáin’ (2021) ó PPMI 39 .

‘Ardáin Saothair Dhigiteacha san Aontas Eorpach: Mapáil agus Múnlaí Gnó’ (2021) de réir CEPS 40 .

‘Staidéar chun fianaise a bhailiú maidir le dálaí oibre oibrithe ardáin’ (2019) ó CEPS 41 .

Bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú freisin ar na hathbhreithnithe a rinne an Lárionad Saineolais Eorpach i réimse dhlí an tsaothair, bheartais fostaíochta agus bheartais mhargadh an tsaothair (ECE).

‘Athbhreithniú Téamach 2021 ar Obair Ardáin’ (2021) bunaithe ar airteagail tíre do 27 mBallstát an Aontais 42 .

‘Cásdlí maidir le hAicmiú Oibrithe Ardáin: Anailís chomparáideach thrasEorpach agus Conclúidí Trialacha (2021) 43 .

‘Dlíeolaíocht na gCúirteanna náisiúnta san Eoraip maidir le bainistiú algartamach san ionad oibre’ (2021) 44 .

Ina theannta sin, tharraing an Coimisiún ar shaineolas seachtrach agus bhain sé úsáid as na staidéir agus na tuarascálacha seo a leanas chun tacú leis an measúnú tionchair:

Tuarascálacha Eurofound: ‘Fostaíocht agus Dálaí Oibre do Chineálacha Roghnaithe Oibre Ardáin’ (2018) 45 .

Tuarascálacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: ‘Oibrithe ardáin san Eoraip, Fianaise ó shuirbhé COLLEEM’ (2018), 46 agus ‘Fianaise nua maidir le hoibrithe ardáin san Eoraip: Torthaí ón dara suirbhé COLLEEM’ (2020) 47 .

Tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair: ‘Ról na nardán saothair digiteach ó thaobh saol na hoibre a athrú ó bhonn’ (2021) 48 .

Thairis sin, bhí measúnú an Choimisiúin ag brath freisin ar mhapáil na mbeartas sna Ballstáit, ar an litríocht acadúil ábhartha agus ar chásdlí CBAE.

Measúnú tionchair

Pléadh an Measúnú Tionchair 49 leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 27 Deireadh Fómhair 2021. D’eisigh an Bord tuairim dhearfach ina raibh barúlacha, ar tugadh aghaidh orthu tríd an gcomhleanúnachas le tionscnaimh nasctha a shoiléiriú tuilleadh, ina mínítear cén fáth a bhfuil na saincheisteanna a bhaineann le bainistiú algartamach ábhartha go háirithe do gheilleagar na nardán agus an chaoi a bhfuil siad ábhartha, agus léiriú níos fearr a thabhairt ar thuairimí na gcatagóirí éagsúla geallsealbhóirí, lena náirítear ardáin saothair dhigiteacha agus daoine a noibríonn tríothu. An meascán beart a chuirtear ar aghaidh sa togra seo, measadh sa Mheasúnú Tionchair go raibh sé ar an meascán beart is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhleanúnaí atá ann. Léirítear san anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil an meascán de bhearta tosaíochta go bhfuiltear ag súil le feabhas suntasach ar na dálaí oibre agus ar an rochtain ar chosaint shóisialta do dhaoine a oibríonn trí mheán ardán. Rachaidh deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe agus coinníollacha le haghaidh fás inbhuanaithe chun tairbhe freisin d’ardáin saothair dhigiteacha, i gcomhréir le múnla sóisialta an Aontais. Mar éifeacht iarmhartach, bainfidh gnólachtaí eile atá in iomaíocht le hardáin saothair dhigiteacha tairbhe as cothrom iomaíochta nua.

Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca mí‑aicmithe, táthar ag súil go ndéanfar idir 1.72 milliún agus 4.1 milliún duine a athaicmiú mar oibrithe (circ 2.35 milliún ar an láthair agus 1.75 milliún ar líne i bhfianaise na bhfigiúirí meastacháin is airde). Leis sin, thabharfaí rochtain dóibh ar chearta agus ar chosaintí acquis saothair náisiúnta agus an Aontais. Bheadh tuilleamh bliantúil méadaithe suas le EUR 484 milliún ag daoine a thuilleann faoi bhun an phá íosta faoi láthair, mar go gcumhdódh dlíthe reachtúla agus/nó comhaontuithe comhchoiteanna ar fud an tionscail iad chomh maith. Ciallaíonn sé sin méadú bliantúil de EUR 121 ar an meán in aghaidh an oibrí, idir EUR 0 dóibh siúd atá ag tuilleamh cheana féin os cionn an phá íosta sula n‑athaicmítear iad go EUR 1 800 dóibh siúd a thuilleann níos lú ná é. Dá bhrí sin, thiocfadh laghdú ar bhochtaineacht lucht oibre agus ar éiginnteacht fostaíochta daoine atá ag obair mar thoradh ar athaicmiú agus ar an rochtain níos fearr ar chosaint shóisialta dá bharr. Dá bhrí sin, thiocfadh feabhas ar chobhsaíocht ioncaim agus ar intuarthacht. Gheobhadh suas le 3.8 milliún duine deimhniú ar a stádas féinfhostaíochta agus, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí trí ardáin atá dírithe ar smacht a ligean uathu chun athaicmiú mar fhostóirí a sheachaint, bhainfidís tairbhe as níos mó neamhspleáchais agus solúbthachta. D‘fhéadfadh dálaí oibre feabhsaithe do bhreis agus 28 milliún duine (oibrithe agus féinfhostaithe araon) agus níos mó trédhearcachta in úsáid na hintleachta saorga (AI) san ionad oibre a bheith mar thoradh ar chearta nua a bhaineann le bainistiú algartamach in obair ardáin, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí iarmhartacha dearfacha a bheith ann do mhargadh níos leithne na gcóras intleachta saorga. Leis an tionscnamh, chuirfí feabhas freisin ar thrédhearcacht agus inrianaitheacht obair ardáin, lena n‑áirítear i gcásanna trasteorann, agus bheadh tionchar dearfach aige sin ar údaráis náisiúnta maidir le forfheidhmiú níos fearr a dhéanamh ar rialacha saothair agus fioscacha atá ann cheana, chomh maith le bailiú feabhsaithe ranníocaíochtaí cánach agus cosanta sóisialta. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint as suas le EUR 4 billiún i ranníocaíochtaí cánach agus cosanta sóisialta méadaithe in aghaidh na bliana.

D’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú suas le EUR 4.5 billiún ar chostais in aghaidh na bliana d’ardáin saothair dhigiteacha mar thoradh ar ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca mí‑aicmithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar ghnólachtaí a bhraitheann orthu agus ar thomhaltóirí dul i ngleic le cuid de na costais sin, ag brath ar an gcaoi a gcinneann ardáin saothair dhigiteacha iad a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe. Na cearta nua a bhaineann le bainistiú algartamach agus na bearta atá beartaithe chun forfheidhmiú, trédhearcacht agus inrianaitheacht a fheabhsú, is beag costas a bhaineann leis na cearta sin do na hardáin saothair dhigiteacha. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an tionscnamh ar an tsolúbthacht atá ag daoine a oibríonn trí mheán ardán. Mar sin féin, d’fhéadfadh solúbthacht den sórt sin, go háirithe maidir le sceidil oibre a shocrú, a bheith soiléir go dtí seo, ós rud é go mbraitheann amanna oibre iarbhír ar an éileamh fíor-ama ar sheirbhísí, ar sholáthar oibrithe, agus ar imthosca eile. Níorbh fhéidir cainníochtú fóinteach a dhéanamh ar a mbeadh i gceist leis sin i dtéarmaí athrú ar choibhéisí lánaimseartha agus ar chaillteanais post a d’fhéadfadh a bheith ann, i bhfianaise líon an‑ard athróg a bheadh i gceist leis an ríomh sin (e.g. athruithe ar an tírdhreach rialála náisiúnta, athruithe ar fhoinsí infheistíochta ardán, ath‑leithdháileadh cúraimí ó dhaoine féinfhostaithe bréagacha páirtaimseartha chuig oibrithe lánaimseartha). I gcás roinnt daoine a oibríonn trí mheán ardán saothair digiteach a thuilleann os cionn an phá íosta faoi láthair, d‘fhéadfadh sé go mbeadh pá níos ísle mar thoradh ar athaicmiú, mar d’fhéadfaí costais chosanta sóisialta níos airde a fhritháireamh trí thuarastail a laghdú le roinnt ardán saothair digiteach.

Áiríodh na nithe seo a leanas ar na bearta eile a breithníodh sa Mheasúnú Tionchair: treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le conas déileáil le cásanna mí‑aicmithe; athrú sa dualgas cruthúnais agus nósanna imeachta riaracháin lasmuigh den chúirt chun déileáil le mí‑aicmiú an stádais fostaíochta; treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le bainistiú algartamach; cearta bainistithe algartamacha d’oibrithe amháin; oibleagáidí idir-inoibritheachta sonraí d’ardáin saothair dhigiteacha; cláir náisiúnta a bhunú chun feabhas a chur ar bhailiú ábhartha sonraí agus chun forbairtí oibre ardáin a rianú, lena n‑áirítear i gcásanna trasteorann. Measadh ar an iomlán nach raibh siad chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus nach raibh siad chomh comhleanúnach céanna le cuspóirí sonraithe an tionscnaimh, chomh maith le luachanna, aidhmeanna agus cuspóirí uileghabhálacha tionscnaimh AE atá ann cheana agus atá ar na bacáin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áirítear leis an tionscnamh tacair éagsúla beart, a bhfuil cuid acu dírithe ar chostais chomhlíonta a íoslaghdú do mhicrifhiontair, d‘fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide (FBM). Cé nach féidir bearta lena dtugtar aghaidh ar an riosca mí‑aicmithe a mhaolú toisc go mbaineann siad go díreach le cearta bunúsacha oibrithe, fágann na nósanna imeachta riaracháin a cheanglaítear leis na bearta maidir le bainistiú algartamach agus maidir le forfheidhmiú, inrianaitheacht agus trédhearcacht a fheabhsú gur féidir maolú a dhéanamh atá saincheaptha do FBManna. Áirítear orthu sin, go háirithe, spriocdhátaí níos faide chun freagairtí a chur ar fáil maidir le hiarrataí ar athbhreithniú ar chinntí algartamacha agus maidir le laghdú ar mhinicíocht na faisnéise ábhartha a thabhairt cothrom le dáta.

Cearta bunúsacha

Cosnaíonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh raon leathan ceart i gcomhthéacs na fostaíochta. Áirítear orthu sin an ceart atá ag oibrithe chun dálaí oibre cothroma agus córa (Airteagal 31) agus chun faisnéis agus comhairliúchán a fháil laistigh den ghnóthas (Airteagal 27), chomh maith leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8) agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16). Leis an Treoir atá beartaithe, cuirtear chun cinn na cearta atá sa Chairt i gcomhthéacs oibre ardáin trí aghaidh a thabhairt ar mhí‑aicmiú an stádais fostaíochta agus trí fhorálacha sonracha a chur ar aghaidh maidir le húsáid a bhaint as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta in obair ardáin. Ina theannta sin, neartaíonn sé cearta faisnéise agus comhairliúcháin d’oibrithe ardáin agus dá n‑ionadaithe maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach nó go ndéanfaí athruithe suntasacha ar an úsáid a bhaintear as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilíonn an togra seo acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí dhá bhliain i ndiaidh a teacht i bhfeidhm agus na bearta forghníomhaithe náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún trí Bhunachar Sonraí MNE. I gcomhréir le hAirteagal 153(3) CFAE, féadfaidh siad cur chun feidhme na Treorach a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta. Tá an Coimisiún faoi réir chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun an Treoir a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach cúig bliana tar éis di teacht i bhfeidhm agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach le sraith príomhtháscairí (atá liostaithe sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair). Déanfar coigeartú breise ar an gcreat faireacháin bunaithe ar na ceanglais deiridh a bheidh ann ó thaobh dlí agus cur chun feidhme de agus ar an sceideal a bheidh leagtha amach.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Baineann an Treoir atá beartaithe le dlí an tsaothair, sonraítear agus comhlánaítear rialacha cosanta sonraí inti agus tá rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta araon inti. D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as ionstraimí dlíthiúla éagsúla chun í a thrasuí. Dá bhrí sin, tá údar maith ann go mbeidh doiciméad amháin nó níos mó ag gabháil leis an bhfógra ó na Ballstáit maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna den Treoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite, i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 50 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I – Forálacha coiteanna 

Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an bhforáil seo cuspóir na Treorach, eadhon feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine a dhéanann obair ardáin trí chinneadh ceart maidir lena stádas fostaíochta a áirithiú, trí thrédhearcacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach in obair ardán agus trí thrédhearcacht a fheabhsú in obair ardáin, lena n‑áirítear i gcásanna trasteorann.

Tugtar sainmhíniú san Airteagal seo freisin ar raon feidhme pearsanta na Treorach, lena n‑áirítear daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas, beag beann ar a stádas fostaíochta, cé go bhfuil sé éagsúil ag brath ar na forálacha lena mbaineann. Mar riail ghinearálta, cumhdaítear leis an Treoir duine ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí CBAE á chur san áireamh. Tá an cur chuige sin ceaptha chun cásanna nach bhfuil stádas fostaíochta an duine a dhéanann obair ardáin soiléir a áireamh, lena n‑áirítear féinfhostaíocht bhréagach, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart.

Mar sin féin, maidir le forálacha na caibidle maidir le bainistiú algartamach, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus a chumhdaítear dá bhrí sin le bunús dlí Airteagal 16(2) CFAE, tá feidhm acu freisin maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu, i.e. an fíor-fhéinfhostaíocht agus iad siúd a bhfuil stádas fostaíochta eile acu a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit áirithe.

Is iad na hardáin saothair dhigiteacha lena mbaineann an togra seo na hardáin sin ina n‑eagraítear obair ardáin san Aontas, beag beann ar a n‑áit bhunaíochta agus beag beann ar an dlí is infheidhme murach sin. Is í an ghné chinntitheach don infheidhmeacht chríochach, dá bhrí sin, an áit ina ndéantar obair ardáin seachas an áit ina bhfuil an t‑ardán saothair digiteach bunaithe nó ina dtairgtear nó ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil don fhaighteoir.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Sainítear leis an bhforáil seo roinnt téarma agus coincheap is gá chun forálacha na Treorach a léirmhíniú, lena n‑áirítear ‘ardán saothair digiteach’, ‘obair ardáin’ agus ‘ionadaí’. Déantar idirdhealú ann idir ‘daoine a dhéanann obair ardáin’ – beag beann ar a stádas fostaíochta – agus ‘oibrithe ardáin’ – atá i gcaidreamh fostaíochta.

Caibidil II – Stádas fostaíochta

Airteagal 3 – An stádas fostaíochta a chinneadh i gceart

Leis an Airteagal seo ceanglaítear ar na Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a chur ar bun chun a fhíorú agus a áirithiú go gcinnfear i gceart stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, ionas go mbeidh daoine a d’fhéadfadh a bheith míaicmithe mar dhaoine féinfhostaithe (nó aon stádas eile) in ann a fháil amach ar cheart a mheas go bhfuil siad i gcaidreamh fostaíochta – i gcomhréir le sainmhínithe náisiúnta – agus, más amhlaidh gur cheart, iad a athaicmiú mar oibrithe. Áiritheofar leis sin go mbeidh an deis ag daoine féinfhostaithe bréagacha rochtain a fháil ar dhálaí oibre atá leagtha síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta i gcomhréir lena stádas ceart fostaíochta.

Soiléirítear leis an bhforáil freisin gur cheart an cinneadh ceart maidir leis an stádas fostaíochta a bhunú ar prionsabal thosaíocht na bhfíricí, i.e. gur cheart é a bheith bunaithe go príomha ar na fíricí a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre agus leis an luach saothair, agus úsáid algartaim á cur san áireamh in obair ardáin, seachas conas a shainítear an caidreamh sa chonradh. I gcás ina bhfuil caidreamh fostaíochta ann, ba cheart a shonrú go soiléir sna nósanna imeachta atá i bhfeidhm cé a ghlacfaidh oibleagáidí an fhostóra air féin.

Airteagal 4 – Toimhde dhlíthiúil

Bunaítear leis an bhforáil seo an toimhde dhlíthiúil go bhfuil caidreamh fostaíochta ann idir an t‑ardán saothair digiteach agus duine a dhéanann obair ardáin, má rialaíonn an t‑ardán saothair digiteach gnéithe áirithe den fheidhmiú na hoibre. Ceanglaítear ar na Ballstáit creat a bhunú chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil i ngach imeacht riaracháin agus dlíthiúil ábhartha agus gur féidir le húdaráis forfheidhmiúcháin, amhail cigireachtaí saothair nó comhlachtaí cosanta sóisialta, brath ar an toimhde sin freisin.

Sainítear san airteagal critéir a thugann le fios go rialaíonn an t‑ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre. Ba cheart go spreagfadh comhlíonadh dhá tháscaire ar a laghad cur i bhfeidhm na toimhdean.

Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin a áirithiú go gcuirfear an toimhde dhlíthiúil chun feidhme go héifeachtach trí bhearta tacaíochta, amhail faisnéis a scaipeadh ar an bpobal, treoir a fhorbairt agus rialuithe agus cigireachtaí allamuigh a neartú chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú do na páirtithe uile lena mbaineann.

Soiléirítear leis an bhforáil freisin nár cheart go mbeadh éifeachtaí cúlghabhálacha ag an toimhde dhlíthiúil, i.e. níor cheart go mbeadh feidhm aige maidir le cásanna fíorasacha roimh spriocdháta trasuí na Treorach.

Airteagal 5 – An deis chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis

Áirithítear leis an bhforáil seo gur féidir an toimhde dhlíthiúil in imeachtaí dlíthiúla agus riaracháin ábhartha a bhréagnú, i.e. a chruthú nach ‘caidreamh fostaíochta’ é an caidreamh conarthach atá i gceist i ndáiríre i gcomhréir leis an sainmhíniú atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann. Is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta ann.

Caibidil III – Bainistiú algartamach

Airteagal 6 – Trédhearcacht maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus úsáid na gcóras sin

Leis an bhforáil seo, ceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin a chur ar an eolas maidir le húsáid agus príomhghnéithe córas faireacháin uathoibrithe – a mbaintear úsáid astu chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú oibre na n‑oibrithe ardáin trí mhodhanna leictreonacha – agus córais chinnteoireachta uathoibrithe – a mbaintear úsáid astu chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre oibrithe ardáin.

Áirítear ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil na catagóirí gníomhaíochtaí a ndéantar faireachán, maoirseacht agus meastóireacht orthu (lena n‑áirítear ag na cliaint) agus na príomhpharaiméadair a chuireann córais den sórt sin san áireamh le haghaidh cinntí uathoibrithe. Sonraítear san airteagal sin an fhoirm ina gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil agus an tráth a gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil agus gur cheart í a chur ar fáil d’údaráis saothair agus d’ionadaithe na n‑oibrithe ardáin arna iarraidh sin dóibh.

Ina theannta sin, foráiltear leis an airteagal nár cheart d’ardáin saothair dhigiteacha aon sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le hoibrithe ardáin nach bhfuil nasctha go dlúth le comhlíonadh a gconartha ná nach bhfuil fíorghá leo chun a gconradh a chomhlíonadh. Áirítear leis sin sonraí maidir le comhráite príobháideacha, maidir le sláinte, staid shíceolaíoch nó mhothúchánach an oibrí ardáin agus sonraí ar bith fad is nach bhfuil obair ardáin á tairiscint nó á feidhmiú ag an oibrí ardáin.

Airteagal 7 – Faireachán daonna ar chórais uathoibrithe

Leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an tionchar ar dhálaí oibre a bhíonn ag cinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe nó cinntí a dtacaíonn siad leo. Go háirithe, beidh ar ardáin saothair dhigiteacha meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe ardáin agus a áirithiú nach gcuirfidh na córais sin brú míchuí ar oibrithe ardáin ná nach gcuirfidh siad sláinte fhisiciúil agus mheabhrach oibrithe ardáin i mbaol ar bhealach eile.

Leagtar síos san Airteagal freisin an gá atá le hardáin saothair dhigiteacha chun a áirithiú go mbeidh dóthain acmhainní daonna ann chun faireachán a dhéanamh ar chórais uathoibrithe. Ní mór an inniúlacht, an oiliúint agus an t‑údarás is gá chun a bhfeidhm a fheidhmiú a bheith ag na daoine a dtugtar an fheidhm sin dóibh tríd an ardán saothair digiteach agus ní mór iad a chosaint ar iarmhairtí diúltacha (amhail dífhostú nó smachtbhannaí eile) i gcás cinntí uathoibrithe sáraitheacha.

Airteagal 8 – Athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha

Bunaítear leis an bhforáil seo an ceart d’oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach le haghaidh cinneadh a ghlactar nó a fhaigheann tacaíocht ó chórais uathoibrithe a dhéanann difear suntasach dá ndálaí oibre. Chun na críche sin, ba cheart don ardán saothair digiteach an deis a thabhairt dóibh na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna atá leis na cinntí a phlé agus a shoiléiriú le duine teagmhála daonna san ardán saothair digiteach.

Ina theannta sin, ceanglaítear leis an airteagal nach mór d’ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá le haon chinneadh cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, an luach saothair a dhiúltú as obair a dhéanann an t‑oibrí ardáin, nó a bhfuil tionchar aige ar stádas conarthach an oibrí ardáin.

I gcás nach bhfuil an míniú a fhaightear sásúil nó i gcás ina measann oibrithe ardáin go ndearnadh a gcearta a shárú, tá an ceart acu freisin a iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagra cuí‑réasúnaithe a fháil laistigh de sheachtain. Ní mór d’ardáin saothair dhigiteacha an cinneadh a chur ina cheart gan mhoill nó, mura féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh, cúiteamh leordhóthanach a chur ar fáil, má sháraíonn an cinneadh cearta an oibrí ardáin.

Airteagal 9 – Faisnéis agus comhairliúchán

Ceanglaítear leis an bhforáil seo ar ardáin saothair dhigiteacha ionadaithe na n‑oibrithe ardáin a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo nó, mura bhfuil aon ionadaí ann, na hoibrithe ardáin iad féin a chur ar an eolas maidir le cinntí bainistithe algartamacha, mar shampla má tá rún acu córais nua uathoibrithe faireacháin nó cinnteoireachta a thabhairt isteach nó athruithe substaintiúla a dhéanamh ar na córais sin. Tá sé d’aidhm ag an bhforáil seo idirphlé sóisialta maidir le bainistiú algartamach a chur chun cinn. I bhfianaise chastacht an ábhair, is féidir le saineolaí dá rogha féin cúnamh a thabhairt do na hionadaithe nó do na hoibrithe ardáin lena mbaineann. Tá an t‑airteagal seo gan dochar do na ceanglais atá ann cheana maidir le faisnéis agus comhairliúchán faoi Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 10 – Daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu

Áirithítear leis an bhforáil sin go mbeidh feidhm freisin ag na forálacha maidir le trédhearcacht, faireachán daonna agus athbhreithniú ar Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 – a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag córais uathoibrithe – maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu, i.e. daoine fíor-fhéinfhostaithe. Ní áirítear leis sin na forálacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, ar forálacha iad a bhaineann go sonrach le hoibrithe.

Tá an méid sin gan dochar d’fhorálacha an Rialachán maidir le hArdáin le Gnólacht (2019/1150). Tá a chuid forálacha i réim má chumhdaítear leo gnéithe sonracha den Treoir maidir le ‘húsáideoirí gnó’ féinfhostaithe de réir bhrí an Rialacháin. Níl feidhm ag Airteagal 8 maidir le ‘húsáideoirí gnó’ ar chor ar bith.

Caibidil IV – Trédhearcacht maidir le hobair ardáin

Airteagal 11 – Obair ardáin a dhearbhú

Soiléirítear leis an bhforáil seo nach mór d’ardáin saothair dhigiteacha ar fostóirí iad obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d’údaráis inniúla saothair agus cosanta sóisialta an Bhallstáit ina ndéantar an obair agus sonraí ábhartha a roinnt leis na húdaráis sin, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta. Tá an soiléiriú sin ábhartha go háirithe d’ardáin saothair dhigiteacha atá bunaithe i dtír eile seachas an tír ina ndéantar obair ardáin.

Airteagal 12 – Rochtain ar fhaisnéis ábhartha faoi obair ardáin

Leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha faisnéis áirithe a chur ar fáil d’údaráis lucht saothair, d’údaráis cosanta sóisialta agus d’údaráis ábhartha eile lena n‑áirithítear comhlíonadh na n‑oibleagáidí dlíthiúla agus ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin. Áirítear ar an bhfaisnéis sin líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann ar bhonn rialta agus a stádas conarthach nó fostaíochta, chomh maith leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis na caidrimh chonarthacha sin. Ba cheart an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus ba cheart soiléirithe agus mionsonraí breise a sholáthar arna iarraidh sin.

Caibidil V – Leigheasanna agus forfheidhmiú

Airteagal 13 – An ceart chun sásaimh

Leis an bhforáil seo, ceanglaítear ar na Ballstáit rochtain a sholáthar ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ceart chun sásaimh agus, i gcás inarb iomchuí, cúiteamh leordhóthanach, le haghaidh sáruithe ar na cearta a bhunaítear faoin Treoir.

Airteagal 14 – Nósanna imeachta thar ceann daoine a dhéanann obair ardáin nó chun tacú leo

Cuireann an fhoráil seo ar chumas ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil leas dlisteanach acu i gcosaint chearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, páirt a ghlacadh in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí faoin togra seo a fhorfheidhmiú. Ba cheart an ceart a bheith ag na heintitis sin gníomhú thar ceann duine a dhéanann obair ardáin nó chun tacú leis, le formheas an duine sin, i nósanna imeachta den sórt sin agus freisin éilimh a thabhairt thar ceann níos mó ná duine amháin a dhéanann obair ardáin. Tá sé d’aidhm aige sin na bacainní nós imeachta agus costais a bhíonn os comhair daoine a dhéanann obair ardáin a shárú, go háirithe nuair a bhíonn siad ag iarraidh a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart.

Airteagal 15 – Cainéil chumarsáide do dhaoine a dhéanann obair ardáin

Leis an airteagal seo ceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha an fhéidearthacht a chruthú do dhaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus go ndéanfaidh ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil leo, trí bhonneagar digiteach na n‑ardán saothair digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcaoi chéanna. Is é an aidhm atá ann a áirithiú gur féidir le daoine a dhéanann obair ardáin aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, d’fhonn a leasanna a chosaint freisin, in ainneoin ionad oibre coiteann a bheith in easnamh.

Airteagal 16 – Rochtain ar chruthúnas

Áirithítear leis an Airteagal sin go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta nó údaráis inniúla eile ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach fianaise ábhartha atá ina rialú a nochtadh, le linn imeachtaí a bhaineann le maíomh maidir le cinneadh ceart ar stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin. Áirítear leis sin fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda – amhail sonraí ábhartha maidir le halgartaim – i gcás ina measann siad sin a bheith ábhartha don mhaíomh, ar choinníoll go bhfuil bearta éifeachtacha i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a chosaint.

Airteagal 17 – Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Leis an bhforáil seo, ceanglaítear ar na Ballstáit cosaint bhreithiúnach leordhóthanach i gcoinne aon chóir dhíobhálach nó iarmhairtí díobhálacha a sholáthar don ardán saothair digiteach do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus a dhéanann gearán faoi sháruithe ar fhorálacha arna nglacadh de bhun na Treorach.

Airteagal 18 – Cosaint ar dhífhostú

Má tá an duine a dhéanann obair ardáin den tuairim gur dífhostaíodh é nó í nó go ndearnadh aimhleas coibhéiseach dó nó di (amhail an cuntas a dhíghníomhachtú) ar an bhforas go bhfeidhmíonn sé nó sí cearta a bhunaítear sa Treoir seo, agus má tá sé nó sí in ann fíorais a thabhairt lena dtacaítear leis an tuairim sin, leagtar leis an bhforáil seo dualgas ar an ardán saothair digiteach a chruthú gur bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla eile a bhí an dífhostú nó an chóir dhíobhálach líomhnaithe.

Airteagal 19 – Maoirseacht agus pionóis

Soiléirítear leis an bhforáil seo go bhfuil feidhm ag an gcreat nós imeachta d’fhorfheidhmiú rialacha RGCS, go háirithe maidir le maoirseacht, sásraí comhair agus comhsheasmhachta, leigheasanna, dliteanas agus pionóis maidir leis na forálacha maidir le bainistiú algartamach atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE agus go bhfuil na húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sin, lena n‑áirítear an chumhacht chun fíneálacha riaracháin a fhorchur.

Leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar údaráis chosanta saothair agus ar údaráis cosanta sóisialta agus ar údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí comhoibriú lena chéile, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú.

Ceanglaítear leis ar na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh do phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha as sáruithe ar na hoibleagáidí faoin Treoir seo agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Caibidil VI – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20 – Forálacha níos fabhraí

Is foráil í seo lena gceadaítear do na Ballstáit leibhéal cosanta a thabhairt d’oibrithe atá níos airde ná an leibhéal sin a chinntítear leis an Treoir agus lena n‑áirithítear nach n‑úsáidfear í chun caighdeáin reatha sna réimsí céanna a ísliú. Ní bhaineann sé sin le daoine féinfhostaithe ach amháin sa mhéid go bhfuil rialacha níos fabhraí comhoiriúnach le rialacha an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 21 – Cur chun feidhme

Bunaítear leis an bhforáil seo an uastréimhse a bheidh ar fáil do Bhallstáit chun an Treoir a thrasuí ina dhlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur in iúl don Choimisiún. Socraítear an tréimhse sin mar dhá bhliain tar éis an dáta teacht i bhfeidhm. Thairis sin, leagtar béim air leis gur féidir leis na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcásanna ina n‑iarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus a fhad agus go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 22 – Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Is foráil chaighdeánach í seo lena gceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo cúig bliana tar éis a teacht i bhfeidhm, agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an Treoir a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 23 agus Airteagal 24 – Teacht i bhfeidhm agus Seolaithe

Is forálacha iad seo lena leagtar síos go dtiocfaidh an Treoir i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil agus go ndírítear chuig na Ballstáit í.

2021/0414 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), agus Airteagal 16(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 51 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 52 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is iad cuspóirí an Aontais inter alia, folláine mhuintir an Aontais a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa a bheidh bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach.

(2)Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 31 den Chairt don cheart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Le hAirteagal 27 den Chairt cosnaítear ceart na noibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas. Le hAirteagal 8 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Le hAirteagal 16 den Chairt aithnítear an tsaoirse fiontraíochta.

(3)Foráiltear le Prionsabal Uimh. 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Göteborg 53 , gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta agus le hoiliúint; go náiritheofar i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe comhchoiteanna an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch; agus go gcothófar cineálacha nuálacha oibre lena náirithítear dálaí oibre ardcháilíochta, go spreagfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht, agus go néascófar an tsoghluaisteacht ghairme. D'fháiltigh Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto mhí na Bealtaine 2021 roimh an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an gColún Sóisialta 54 mar threoir maidir lena chur chun feidhme.

(4)Leis an digitiú, tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, tá feabhas á chur ar an táirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht agus baineann rioscaí áirithe leis ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de ag an am céanna. Leis na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar algartaim, lena náirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, rinneadh teacht chun cinn agus fás na nardán saothair digiteach a chumasú.

(5)Is daoine aonair a dhéanann obair ardáin trí bhonneagar digiteach na nardán saothair digiteach a chuireann seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí. Trí bhíthin na nalgartaim, féadfaidh na hardáin saothair dhigiteacha rialú a dhéanamh a bheag nó a mhór – ag brath ar a samhail ghnó – ar fheidhmiú na hoibre, ar a luach saothair agus ar an gcaidreamh idir a gcustaiméirí agus na daoine a dhéanann an obair. Is féidir obair ardáin a dhéanamh ar líne trí uirlisí leictreonacha amháin (‘obair ardáin ar líne’) nó ar dhóigh hibrideach ina gcomhcheanglaítear próiseas cumarsáide ar líne le gníomhaíocht ina dhiaidh sin sa domhan fisiciúil (‘obair ardáin ar an láthair’). Is gníomhaithe gnó idirnáisiúnta iad go leor de na hardáin saothair dhigiteacha atá ann cheana a úsáideann a gcuid gníomhaíochtaí agus samhlacha gnó i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha.

(6)Is féidir le hobair ardáin deiseanna a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair ar bhealach níos éasca, ina ngnóthaítear ioncam breise trí ghníomhaíocht thánaisteach nó roinnt solúbthachta i ndáil le heagrú ama oibre. Ag an am céanna, tá dúshláin ag baint le hobair ardáin toisc gur féidir leis na teorainneacha a dhoiléiriú idir an caidreamh fostaíochta agus gníomhaíocht féinfhostaíochta agus idir freagrachtaí na bhfostóirí agus na noibrithe. Bíonn iarmhairtí ag míaicmiú an stádais fostaíochta do na daoine a ndéantar difear dóibh, toisc gur dócha go gcuirfidh sé srian le rochtain ar chearta saothair agus sóisialta atá ann cheana. Fágann sé freisin go mbíonn éagothroime iomaíochta ann maidir le gnólachtaí a dhéanann a gcuid oibrithe a aicmiú i gceart, agus tá impleachtaí aige sin do chórais chaidrimh thionsclaíoch na mBallstát, dá mbonn cánach agus do chumhdach agus d’inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta. Cé go bhfuil na dúshláin sin níos ginearálta ná obair ardáin, tá siad thar a bheith géar agus práinneach i ngeilleagar na nardán.

(7)Léiríodh i gcásanna cúirte i roinnt Ballstát go bhfuil míaicmiú leanúnach ann maidir le stádas fostaíochta i gcineálacha áirithe d'obair ardáin, go háirithe in earnálacha ina bhfuil leibhéal áirithe smachta ag ardáin saothair dhigiteacha ar an luach saothair agus ar fheidhmiú na hoibre. Cé gur minic a aicmíonn ardáin saothair dhigiteacha na daoine a oibríonn tríothu mar fhéinfhostaithe nó mar ‘chonraitheoirí neamhspleácha’, chinn roinnt mhaith cúirteanna go ndéanann na hardáin na daoine sin a threorú agus a rialú de facto, agus go minic go ndéanann siad iad a chomhtháthú ina bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus leibhéal an luacha saothair a chinneadh go haontaobhach. Dá bhrí sin, rinne na cúirteanna sin daoine atá in ainm a bheith ina ndaoine féinfhostaithe a athaicmiú mar oibrithe atá fostaithe ag na hardáin. Mar sin féin, tá torthaí éagsúla mar thoradh ar chásdlí náisiúnta agus tá a samhail ghnó curtha in oiriúint ag ardáin saothair dhigiteacha ar bhealaí éagsúla, agus dá bharr sin tá méadú ar an easpa deimhneachta dlíthiúla i dtaca leis an stádas fostaíochta.

(8)Diaidh ar ndiaidh cuirtear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a bhíonn ag bainisteoirí i ngnólachtaí, amhail cúraimí a shannadh, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó smachtbhannaí a fhorchur. Úsáideann ardáin saothair dhigiteacha córais algartamacha den sórt sin mar bhealach caighdeánach chun obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína mbonneagar. Is minic nach mbíonn faisnéis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin atá faoi réir bainistithe algartamach den sórt sin, maidir leis an gcaoi a noibríonn na halgartaim, cé na sonraí pearsanta atá á núsáid ná an tionchar a bhíonn ag a niompar ar chinntí a dhéantar le córais uathoibrithe. Ní bhíonn rochtain ag ionadaithe na noibrithe ná ag cigireachtaí saothair ar an bhfaisnéis sin ach oiread. Thairis sin, is minic nach mbíonn daoine a dhéanann obair ardáin ar an eolas faoi na cúiseanna a bhíonn le cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe agus nach mbíonn an deis acu na cinntí sin a phlé le duine teagmhála nó agóid a dhéanamh ina gcoinne.

(9)Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena náirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena nairítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.

(10)Le corpas ionstraimí dlí déantar foráil maidir le híoschaighdeáin i dtaca le dálaí oibre agus cearta saothair ar fud an Aontais. Áirítear leis sin go háirithe Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 maidir le ham oibre, Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, agus ionstraimí sonracha eile a bhaineann le gnéithe amhail sláinte agus sábháilteacht ag an obair, oibrithe toircheasacha, cothromaíocht oibre is saoil, obair ar théarma seasta, obair pháirtaimseartha, oibrithe a phostú, faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe, i measc cinn eile. Cé go gcuireann na hionstraimí sin leibhéal cosanta ar fáil d'oibrithe, níl feidhm acu maidir leis na fíor-fhéinfhostaithe.

(11)I Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle 58 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, moltar do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe. Tá leibhéil éagsúla de chosaint shóisialta á gcur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe sna Ballstáit faoi láthair.

(12)Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 (‘an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’) áirithítear go gcosnaítear daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus go háirithe cuireann sé cearta agus oibleagáidí áirithe ar fáil mar aon le coimircí i dtaca le próiseáil ar shonraí pearsanta a bheith dleathach, cothrom agus trédhearcach, lena nairítear maidir le cinnteoireacht aonair uathoibrithe. Déanann Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn ‘d'úsáideoirí gnó’ a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála a chuireann oibreoirí ardán ar líne ar fáil. Mhol an Coimisiún Eorpach tuilleadh reachtaíochta lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga 61 .

(13)Cé go bhforáiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe maidir le coimircí ginearálta áirithe, tá gá le roinnt beart sonrach breise chun dul i ngleic leis na dúshláin san obair ardáin. Chun forbairt na hoibre ardáin a dhíriú go leordhóthanach ar bhealach inbhuanaithe, is gá don Aontas íoschaighdeáin nua a leagan síos i dtaca le dálaí oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as obair ardáin. Ba cheart roinnt ceart íosta a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin san Aontas, cearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach, agus an trédhearcacht a fheabhsú san obair ardáin, lena náirítear i gcásanna trasteorann. Ba cheart é sin a dhéanamh d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cothrom iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhísí as líne agus chun tacú le fás inbhuanaithe na nardán digiteach saothair san Aontas.

(14)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach áfach gníomhú ar leibhéal an Aontais sa réimse sin tríd an creat dlíthiúil reatha a oiriúnú d'obair ardáin atá ag teacht chun cinn.

(15)Ina theannta sin, bhí malartuithe fairsinge ag an gCoimisiún le geallsealbhóirí ábhartha, lena náirítear ardáin saothair dhigiteacha, comhlachais daoine a dhéanann obair ardáin, saineolaithe ón saol acadúil, ó na Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta.

(16)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin cásanna nach léir cén stádas fostaíochta atá ag an duine a dhéanann obair ardáin, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart. Na forálacha maidir le bainistiú algartamach a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le fíor-fhéinfhostaithe agus daoine eile a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu.

(17)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha uile, gan beann ar a náit bhunaíochta agus ar an dlí is infheidhme ar shlí eile, ar choinníoll gur san Aontas a dhéantar an obair ardáin a eagraítear tríd an ardán saothair digiteach sin. Ba cheart tacar rialacha éigeantacha spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun cearta íosta maidir le dálaí oibre san obair ardáin a áirithiú.

(18)Tá ardáin saothair dhigiteacha difriúil le hardáin eile ar líne sa mhéid is go neagraíonn siad obair a dhéanann daoine aonair arna iarraidh sin, iarraidh aonuaire nó iarraidh rialta a dhéanann faighteoir na seirbhíse a chuireann an tardán ar fáil. Agus an obair a dhéanann daoine aonair á heagrú ba cheart ról suntasach ar a laghad a thabhairt maidir leis an éileamh ar sheirbhís a mheaitseáil le soláthar an tsaothair a dhéanann an duine aonair a bhfuil caidreamh conarthach aige leis an ardán saothair digiteach agus atá ar fáil chun cúram sonrach a dhéanamh agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile amhail próiseáil íocaíochtaí a bheith ar áireamh ann. Ardáin ar líne nach neagraíonn an obair a dhéanann daoine aonair ach nach soláthraíonn ach na modhanna trínar féidir le soláthraithe seirbhísí dul i dteagmháil leis an úsáideoir deiridh, mar shampla trí thairiscintí nó iarrataí ar sheirbhísí a fhógairt nó trí sholáthraithe seirbhíse atá ar fáil i réimse áirithe a chomhiomlánú, gan aon rannpháirtíocht bhreise a bheith acu, níor cheart iad a mheas mar ardán saothair digiteach. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha, níor cheart soláthraithe seirbhíse a áireamh ann arb é is príomhchuspóir dóibh sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, amhail cóiríocht a fháil ar cíos go gearrthéarmach. Ba cheart é a bheith teoranta do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, amhail daoine nó earraí a iompar nó glanadh, ina cuid riachtanach agus go bhfuil gá leis an obair agus nach mionghné agus gné choimhdeach amháin é.

(19)Chun féinfhostaíocht bhréagach san obair ardáin a chomhrac agus chun cinneadh ceart maidir leis an stádas fostaíochta a éascú, ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar mhíaicmiú stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin agus chun aghaidh a thabhairt air sin. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na nósanna imeachta sin a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear é sa dlí náisiúnta, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh agus i gcás inarb ann do chaidreamh fostaíochta den sórt sin, go náirithítear go gcomhlíonfar go hiomlán dlí an Aontais agus an dlí saothair náisiúnta is infheidhme d’oibrithe, comhaontuithe comhchoiteanna agus rialacha cosanta sóisialta. I gcás inarb é féinfhostaíocht nó stádas fostaíochta idirmheánach – mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta – an stádas ceart fostaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag na cearta agus na hoibleagáidí de bhun an stádais sin.

(20)Ina cásdlí, bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais critéir chun stádas oibrí a chinneadh 62 . Ba cheart léiriú na Cúirte Breithiúnais ar na critéir sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í míúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhaineann sé sin le hobair neamhdhearbhaithe. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint.

(21)Prionsabal thosaíocht na bhfíricí, a chiallaíonn gur cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta, lena náirítear a luach saothair agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh, i gcomhréir le Moladh (Uimh. 198) ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) 2006 maidir leis an gCaidreamh Fostaíochta, tá an prionsabal sin ábhartha go háirithe i gcás obair ardáin, ina ndéanann páirtí amháin na coinníollacha conarthacha a chinneadh go haontaobhach go minic.

(22)I gcás ina gcinntear gurb ann do chaidreamh fostaíochta bunaithe ar fhíorais, ba cheart an páirtí atá ag gníomhú mar fhostóir a shainaithint go soiléir agus ba cheart don pháirtí sin na hoibleagáidí uile a eascraíonn as a ról mar fhostóir a chomhlíonadh.

(23)Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach – ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann – íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, níor cheart na sochair sin iontu féin a mheas mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gurb ann do chaidreamh fostaíochta.

(24)I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treoir agus rialú nó fo-ordú dlí. Dá bhrí sin, caidrimh chonarthacha ina bhfuil leibhéal áirithe rialaithe ag ardáin saothair dhigiteacha ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, ba cheart a mheas de bhua toimhde dhlíthiúil, gur caidreamh fostaíochta é idir an tardán agus an duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin. Mar thoradh air sin, ba cheart an duine sin a aicmiú mar oibrí ag a bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí uile i gcomhréir leis an stádas sin, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus sa chleachtas. Ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde dhlíthiúil maidir leis na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla ábhartha uile agus ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don duine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart go mbeadh na húdaráis atá i gceannas ar a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha amhail cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta nó údaráis chánach á comhlíonadh nó á forfheidhmiú in ann brath ar an toimhde sin freisin. Ba cheart do na Ballstáit creat náisiúnta a chur ar bun chun dlíthíocht a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.

(25)Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go náireofaí leis na critéir, gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an tardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, ba cheart dhá chritéar a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach visà-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a naschur. Saintréith d'fhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh d'aon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena náirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, níor cheart go dtuigfí leo go rialaítear feidhmiú na hoibre.

(26)Tá sé fíor-riachtanach an toimhde dhlíthiúil a chur chun feidhme go héifeachtach trí bhearta iomchuí, amhail faisnéis a scaipeadh ar an bpobal, treoir a fhorbairt agus rialuithe agus cigireachtaí allamuigh a neartú chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart cás sonrach na ngnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh sna bearta sin chun tacú le hacmhainneacht fiontraíochta agus leis na coinníollacha maidir le fás inbhuanaithe na nardán saothair digiteach san Aontas.

(27)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart aon éifeachtaí dlíthiúla cúlghabhálacha a bheith ag an toimhde dhlíthiúil roimh dháta thrasuí na Treorach seo agus níor cheart feidhm a bheith aici dá bhrí sin ach amháin maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin, lena náirítear maidir le caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta sin agus atá fós ar siúl ar an dáta sin. Níor cheart measúnú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar éilimh a bhaineann le caidreamh fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann roimh an dáta sin agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as sin go dtí an dáta sin ach amháin ar bhonn an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais a bhí ann roimh an Treoir seo.

(28)An caidreamh idir an duine a dhéanann obair ardáin agus ardán saothair digiteach d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh sé na ceanglais maidir le caidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát faoi seach agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, cé go rialaíonn an tardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre ar ghné ar leith. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann, trína chruthú ar bhonn an tsainmhínithe thuasluaite nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh atá i gceist. Tá údar leis an athrú sa dualgas cruthúnais chuig ardáin saothair dhigiteacha toisc go bhfuil forbhreathnú iomlán acu ar na gnéithe fíorasacha uile lena gcinntear an caidreamh, go háirithe na halgartaim trína mbainistíonn siad a noibríochtaí. Na himeachtaí dlíthiúla agus riaracháin a thionscnaíonn na hardáin saothair dhigiteacha chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith acu ar chur i bhfeidhm na toimhdean dlíthiúla. Má dhéantar an toimhde in imeachtaí riaracháin a fhrisnéis go rathúil, níor cheart go gcuirfí bac ar an toimhde a chur i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin. An duine atá i mbun obair ardáin arb é an duine is ábhar don toimhde, má fhéachann sé leis an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, ba cheart a cheangal ar an ardán saothair digiteach cuidiú leis an duine sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá i seilbh an ardáin i ndáil leis an duine sin a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit an treoir is gá a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis.

(29)Cé go leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/679 an creat ginearálta maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, is gá rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann go sonrach le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs obair ardáin. Déantar foráil sa Treoir seo maidir le rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin lena náirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679. Sa chomhthéacs sin, ba cheart téarmaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta sa Treoir seo a thuiscint i bhfianaise na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679.

(30)Sa bhreis ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, leanfaidh na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 d’fheidhm a bheith acu agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. Le hAirteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí trédhearcacht a áirithiú i ndáil le hábhair sonraí maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil. Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2016/679 do cheart na nábhar sonraí gan bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena náirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena nimrítear éifeacht shuntasach chomhchosúil air nó uirthi, faoi réir na neisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 den airteagal sin. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le hardáin saothair dhigiteacha.

(31)Tá an Treoir seo gan dochar d'Airteagail 13, 14, 15 agus 22 de Rialachán (AE) 2016/679, seachas Airteagal 13(2)(f), Airteagal 14(2)(g) agus Airteagal 15(1)(h) de, ar ina leith a fhoráiltear le hAirteagal 6 den Treoir seo do rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin, lena náirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(32)Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a bheith faoi réir oibleagáidí trédhearcachta i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha; agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, lena náirítear rochtain ag daoine a dhéanann obair ardáin ar thascanna oibre, a dtuilleamh, a sláinte agus a sábháilteacht ag an obair, a nam oibre, a nardú céime agus a stádas conartha, lena náirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart faisnéis a bhaineann leis na córais sin a chur ar fáil freisin i gcás nach ar phróiseáil uathoibrithe amháin a bhunaítear cinntí, ar choinníoll go dtacaíonn córais uathoibrithe leo. Ba cheart a shonrú freisin cén cineál faisnéise ba cheart a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin maidir leis na córais uathoibrithe sin agus maidir leis an bhfoirm inar cheart í a chur ar fáil agus cathain ba cheart í a chur ar fáil. An oibleagáid atá ar an rialaitheoir faoi Airteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2016/679 faisnéis áirithe a chur ar fáil d'ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin agus a bhaineann le rochtain ar na sonraí sin, ba cheart go leanfadh sí d'fheidhm a bheith aici i gcomhthéacs obair ardáin. Ba cheart faisnéis faoi chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chur ar fáil freisin d'ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus do na húdaráis náisiúnta saothair ar iarraidh uathu, chun cur ar a gcumas a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

(33)Níor cheart a cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha feidhmiú mionsonraithe a gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a nochtadh, lena náirítear algartaim, nó mionsonraí eile ina bhfuil rúin tráchtála nó atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla. Mar sin féin, níor cheart é a bheith mar thoradh ar na breithnithe sin go ndiúltófaí an fhaisnéis uile a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur ar fáil.

(34)Ceanglaítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dleathach, cothrom agus trédhearcach. Níor cheart dá bhrí sin cead a bheith ag ardáin saothair dhigiteacha aon sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil nasctha go dlúth le comhlíonadh an chonartha idir na daoine sin agus an tardán saothair digiteach agus nach bhfuil fíorghá leo chun an conradh sin a chomhlíonadh. Déantar foráil le hAirteagal 6(5) den Treoir seo maidir le rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin lena náirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(35)Baineann ardáin dhigiteacha saothair úsáid fhorleathan as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe chun a gcuid acmhainní daonna a bhainistiú. Is féidir le faireachán trí mhodhanna leictreonacha a bheith cunórach agus bíonn tionchar díreach ag cinntí a dhéanann na córais sin nó a fhaigheann tacaíocht uathu ar na daoine a dhéanann obair ardáin nach mbeadh teagmháil dhíreach acu le bainisteoir nó maoirseoir daonna. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an tionchar ar dhálaí oibre a bhíonn ag cinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe nó a dtacaíonn siad leo. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha acmhainní leordhóthanacha daonna a áirithiú chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht, an oiliúint agus an túdarás is gá chun an fheidhm sin a fheidhmiú ag na daoine a bhfuil feidhm faireacháin acu tríd an ardán digiteach saothair agus ba cheart iad a chosaint ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile i gcás ina sáraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe i ndáil le cinntí. Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 7(1) agus (3) den Treoir seo déantar foráil maidir le hoibleagáidí ar leith ar ardáin saothair dhigiteacha i ndáil le faireachán daonna ar an tionchar a bhíonn ag cinntí aonair a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe, a bhfuil feidhm acu mar rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin, lena náirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(36)Le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí bearta oiriúnacha a chur chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí a choimirciú i gcásanna ina bhfuil na daoine sin faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin. Ceanglaítear leis an bhforáil sin ar a laghad go mbeidh an ceart ag an ábhar sonraí idirghabháil ó dhuine a fháil thar ceann an rialaitheoira chun a dhearcadh a chur in iúl agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Tá feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le hardáin saothair dhigiteacha. Déantar foráil le hAirteagal 8 den Treoir seo maidir le rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin lena náirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(37)Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ceart a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach ar chinneadh, easpa cinnidh nó ar thacar cinntí a dhéanann córais uathoibrithe nó a dtacaíonn siad leo agus a dhéanann difear suntasach dá ndálaí oibre. Chun na críche sin, ba cheart don ardán saothair digiteach an deis a thabhairt dóibh na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna atá leis na cinntí a phlé agus a shoiléiriú le duine teagmhála daonna san ardán saothair digiteach. Ina theannta sin, ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn a chur ar fáil don duine a dhéanann obair ardáin i dtaca leis na cúiseanna atá le haon chinneadh maidir le cuntas an duine sin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, an luach saothair as obair a dhéanann an duine sin a dhiúltú, nó a dhéanann difear dá stádas conarthach, toisc gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha ag na cinntí sin ar dhaoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe ar a nacmhainneacht tuillimh. I gcás nach bhfuil an míniú nó na cúiseanna a fhaightear sásúil nó i gcás ina measann daoine a dhéanann obair ardáin go ndearnadh a gcearta a shárú, ba cheart an ceart a bheith acu freisin a iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagra cuíréasúnaithe a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnach. I gcás ina sáraíonn cinntí den sórt sin cearta na ndaoine sin, amhail cearta saothair nó an ceart chun neamhidirdhealaithe, ba cheart don ardán saothair digiteach na cinntí sin a cheartú gan mhoill nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cúiteamh leordhóthanach a chur ar fáil.

(38)Le Treoir 89/391/CEE ón gComhairle 63 tugtar isteach bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, lena náirítear an oibleagáid atá ar fhostóirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair. Ós rud é go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte na ndaoine a dhéanann obair ardáin, ba cheart do na hardáin saothair dhigiteacha meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sin, a mheas an bhfuil coimircí na gcóras iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus bearta coisctheacha agus cosanta iomchuí a dhéanamh.

(39)Le Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 bunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe san Aontas a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Nuair a thugtar isteach nó má dhéantar athruithe móra ar an úsáid a bhaineann ardáin saothair dhigiteacha as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, bíonn tionchar díreach aige sin ar an eagrú oibre agus ar dhálaí oibre aonair na noibrithe ardáin. Tá gá le bearta breise chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin nó a nionadaithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo sula ndéanfar na cinntí sin, ar an leibhéal iomchuí agus castacht theicniúil na gcóras bainistithe algartamach á cur san áireamh, le cuidiú ó shaineolaí a roghnóidh oibrithe an ardáin nó a nionadaithe ar bhealach comhbheartaithe i gcás inar gá sin.

(40)Is cuid shuntasach de líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin iad daoine nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu. An tionchar a bhíonn ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáideann ardáin saothair dhigiteacha ar dhálaí oibre na ndaoine nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu agus ar a ndeiseanna tuillimh, bíonn tionchar mar sin ar oibrithe ardáin freisin. Dá bhrí sin, na cearta in Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs bainistiú algartamach, eadhon iad siúd a bhaineann le trédhearcacht i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, srianta ar shonraí pearsanta a phróiseáil nó a bhailiú, faireachán agus athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le daoine san Aontas a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu. Na cearta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus faisnéis a thabhairt d'oibrithe ardáin nó dá nionadaithe agus dul i gcomhairle leo, ar cearta iad a bhaineann go sonrach le hoibrithe i bhfianaise dhlí an Aontais, níor cheart feidhm a bheith acu maidir leo. Cuireann Rialachán (AE) 2019/1150 coimircí ar fáil maidir le cothroime agus trédhearcacht do dhaoine féinfhostaithe a dhéanann obair ardáin, ar choinníoll go meastar gur úsáideoirí gnó iad de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás ina bhfuil na coimircí sin ag teacht salach ar ghnéithe de chearta agus d'oibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le húsáideoirí gnó.

(41)Chun a áirithiú go gcomhlíonann ardáin saothair dhigiteacha reachtaíocht agus rialacháin saothair, oibleagáidí rannchuidithe slándála sóisialta, comhordú na slándála sóisialta agus rialacha ábhartha eile go háirithe má tá siad bunaithe i dtír eile seachas sa Bhallstát ina ndéanann an oibrí ardáin an obair, ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha an obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d'údaráis inniúla saothair agus d'údaráis cosanta sóisialta an Bhallstáit ina ndéantar an obair, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann.

(42)An fhaisnéis maidir le líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin trí ardáin saothair dhigiteacha ar bhonn rialta, a stádas conarthach nó fostaíochta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme do na caidrimh chonarthacha sin, tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun tacú le cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile chun stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí dlíthiúla chomh maith le hionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna ionadaíocha agus ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis agus ag na hionadaithe sin freisin soiléiriú agus mionsonraí breise a iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha, amhail sonraí bunúsacha maidir le dálaí oibre, am oibre agus luach saothair.

(43)Tá córas cuimsitheach forálacha forfheidhmiúcháin forbartha don acquissóisialta san Aontas, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ardáin ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta agus ceart chun sásaimh acu, cúiteamh leormhaith san áireamh. Go sonrach, ag féachaint do chineál bunúsach an chirt cosaint dlí éifeachtach a fháil, ba cheart leanúint den chosaint sin a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair ardáin fiú agus deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta nó le caidreamh conarthach eile as a dtagann sárú líomhnaithe ar chearta faoin Treoir seo.

(44)Ba cheart d'ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine amháin nó ar roinnt daoine a dhéanann obair ardáin in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Bealach chun imeachtaí a éascú is ea éilimh a thionscnamh thar ceann roinnt oibrithe a dhéanann obair ardáin nó tacaíocht a thabhairt dóibh nach ndéanfaí murach sin de bharr bacainní nós imeachta agus airgeadais nó mar gheall ar eagla go ndéanfaí íospairt.

(45)Saintréith den obair ardáin is ea an easpa ionaid oibre choitianta inar féidir le hoibrithe aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile agus lena nionadaithe, d'fhonn a leasanna a chosaint i leith an fhostóra freisin. Is gá dá bhrí sin, bealaí cumarsáide digiteacha a chruthú, i gcomhréir le heagrú oibre na nardán saothair digiteach, inar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin malartú le chéile agus inar féidir lena nionadaithe teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha na bealaí cumarsáide sin a chruthú laistigh dá mbonneagar digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcuma chéanna agus cosaint sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna agus staonadh ó rochtain a fháil ar na teachtaireachtaí sin nó faireachán a dhéanamh orthu.

(46)I nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha maidir le stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, na heilimintí a bhaineann le heagrú na hoibre lena bhféadfar an stádas fostaíochta a bhunú agus go háirithe maidir le an rialaíonn an tardán saothair digiteach eilimintí áirithe d'fheidhmiú na hoibre, is féidir na heilimintí sin a bheith i seilbh an ardáin saothair dhigitigh agus nach mbeidh rochtain éasca ag daoine a dhéanann obair ardáin agus ag údaráis inniúlachta orthu. Ba cheart mar sin go mbeadh na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis inniúla in ann ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh lena náirítear faisnéis rúnda, faoi réir bearta éifeachtacha chun faisnéis den sórt sin a chosaint.

(47)Ós rud é go ndéantar foráil in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagal 8 den Treoir seo maidir le rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin chun a áirithiú go ndéantar sonraí pearsanta fostaithe a chosaint de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679 agus go gcuirtear na coimircí sin i bhfeidhm le hAirteagal 10 den Treoir seo freisin i gcás daoine nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 a bheith inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoimircí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag Caibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679 i dtéarmaí an chreata nós imeachta chun na coimircí sin a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le maoirseacht, meicníochtaí comhair agus meicníochtaí um chomhsheasmhacht, leigheasanna, dliteanas agus pionóis, lena náirítear an inniúlacht chun fíneálacha riaracháin a fhorfheidhmiú suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

(48)Na córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear i gcomhthéacs obair ardáin, baineann siad le próiseáil sonraí pearsanta agus bíonn tionchar acu ar dhálaí oibre agus ar chearta daoine a dhéanann obair ardáin. Dá bhrí sin ardaíonn siad saincheisteanna maidir leis an dlí cosanta sonraí mar aon leis an dlí saothair agus an dlí cosanta sóisialta. Ba cheart d'údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí agus údaráis ábhartha cosanta saothair agus cosanta sóisialta comhoibriú chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú, lena náirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, gan dochar do neamhspleáchas na núdarás maoirseachta um chosaint sonraí.

(49)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur gá comhcheanglais íosta a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(50)Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha atá níos fabhraí a thabhairt isteach agus a choinneáil le haghaidh oibrithe ardáin. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat reachtúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin agus a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhorais bhailí chun leibhéal ginearálta na cosanta sa réimse a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(51)I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar, fiontar beaga agus meánmhéide. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta trasuite ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú freisin.

(52)Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach é sin a dhéanamh agus ar choinníoll go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh siad na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Ba cheart dóibh freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an tidirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme.

(53)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, 65 ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(54)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 agus thug sé tuairim uaidh an XX XXXX 67 ,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin trína áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht, ar an gcothroime agus ar an gcuntasacht maidir le bainistiú algartamach na hoibre ardáin, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na hoibre ardáin, lena náirítear i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna tacú leis na dálaí chun go bhfásfaidh ardáin saothair dhigiteacha go hinbhuanaithe san Aontas.

2.Leis an Treoir seo leagtar síos na cearta íosta a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta, nó a fhéadfaidh a mheas bunaithe ar mheasúnú ar na fíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

I gcomhréir le hAirteagal 10, cearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh, tá feidhm acu freisin maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

3. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hardáin saothair dhigiteacha a eagraíonn obair ardáin a dhéantar san Aontas, gan beann ar a náit bhunaíochta agus ar an dlí is infheidhme ar shlí eile.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘ardán saothair digiteach’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís tráchtála a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)go soláthraítear cuid di ar a laghad, go cianda trí mhodhanna leictreonacha, amhail trí shuíomh gréasán nó trí fheidhmchlár móibíleach;

(b)go soláthraítear é arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse;

(c)go mbaineann léi, mar chuid fhíor-riachtanach a bhfuil gá leis, eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, gan beann ar an ndéantar an obair sin ar líne nó i suíomh áirithe;

(2)ciallaíonn ‘obair ardáin’ aon obair a eagraítear trí ardán digiteach saothair agus a dhéanann duine aonair san Aontas ar bhonn caidreamh conarthach idir an tardán digiteach saothair agus an duine aonair, gan beann ar chaidreamh conarthach a bheith ann idir an duine aonair agus faighteoir na seirbhíse;

(3)ciallaíonn ‘duine a dhéanann obair ardáin’ aon duine aonair a dhéanann obair ardáin, gan beann ar ainmniú conarthach an chaidrimh idir an duine aonair sin agus an tardán digiteach saothair a dhéanann na páirtithe lena mbaineann;

(4)ciallaíonn ‘oibrí ardáin’ aon duine a dhéanann obair ardáin a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta aige mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh;

(5)ciallaíonn ‘ionadaithe’ eagraíochtaí na noibrithe nó a nionadaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

(6)Ciallaíonn ‘micrifhiontair nó fiontair bheaga agus mheánmhéide’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 68 .

2. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha a leagtar síos i mír 1, pointe (1), ní chuimseoidh sé soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir sócmhainní a shaothrú nó a roinnt. Soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís nach cuid bheag agus iomlán coimhdeach di eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, is leis na soláthraithe sin amháin a bhainfidh an sainmhíniú.

CAIBIDIL II

STÁDAS FOSTAÍOCHTA

Airteagal 3

An stádas fostaíochta a chinneadh i gceart

1. Beidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú agus a áirithiú go ndéantar stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, d’fhonn a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, agus a áirithiú go dteachtann siad na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

2. An cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, beidh sé á threorú go príomha ag na fíorais a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre, agus úsáid algartaim in eagrú na hoibre ardáin á cur san áireamh, gan beann ar aicmiú an chaidrimh in aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe idir na páirtithe lena mbaineann. Má shuitear bunaithe ar na fíorais gurb ann do chaidreamh fostaíochta, sainaithneofar go soiléir, i gcomhréir leis na córais dlí náisiúnta, an páirtí a ghlacann le hoibleagáidí an fhostóra.

Airteagal 4

Toimhde dhlíthiúil

1. An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach a rialaíonn, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta.

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Údaráis inniúla a fhíoraíonn go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht sin, beidh siad in ann brath ar an toimhde sin.

2. Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos, i bhfírinne, maidir le leibhéal an luacha saothair;

(b)a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena niompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

(c)maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena náirítear trí mhodhanna leictreonacha;

(d)srian a chur, i bhfírinne, le saoirse daoine, lena náirítear trí smachtbhannaí, chun a nobair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a nuaireanta oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

(e)srian a chur, i bhfírinne, leis an deis chun bonn cliant a chothú nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

3. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, seachnóidh siad daoine fíor-fhéinfhostaithe a áireamh, agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na nardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)a áirithiú go ndéanfar faisnéis faoi chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach ar féidir rochtain a fháil air go héasca;

(b)treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena náirítear na nósanna imeachta maidir lena fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus chun go rachaidh siad sa tóir ar na hardáin sin;

(d)neartú a dhéanamh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí allamuigh a dhéanann cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú an dlí saothair, agus ag an am céanna a áirithiú go mbíonn rialuithe agus iniúchtaí comhréireach agus neamhidirdhealaitheach.

4. Maidir leis na caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus atá ar siúl fós ar an dáta sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 ach maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin.

Airteagal 5

An deis chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

I gcás ina n‑áitóidh an t‑ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí den chineál sin ar chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla.

I gcás ina n‑áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n‑imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

CAIBIDIL III

BAINISTIÚ ALGARTAMACH

Airteagal 6

Trédhearcacht maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus úsáid na gcóras sin

1. Gan dochar d’oibleagáidí ná do chearta na nardán saothair digiteach agus na noibrithe ardáin faoi Threoir (AE) 2019/1152, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)córais faireacháin uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú oibre na noibrithe ardáin trí mhodhanna leictreonacha;

(b)córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo, ar cinntí iad a bhfuil tionchar suntasach orthu ar dhálaí oibre na noibrithe ardáin sin, go háirithe a rochtain ar shannacháin oibre, a dtuilleamh, a sábháilteacht agus a sláinte ag an obair, a nam oibre, arduithe céime agus a stádas conarthach, lena náirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh.

2. Bainfidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 leis an méid seo a leanas:

(a)maidir le córais faireacháin uathoibrithe:

(i)go bhfuil córais den chineál sin á núsáid cheana nó go bhfuiltear á dtabhairt isteach;

(ii)catagóirí na ngníomhaíochtaí a ndéanann córais den chineál sin faireachán, maoirseacht nó meastóireacht orthu, lena náirítear meastóireacht a dhéanann faighteoir na seirbhíse;

(b)maidir le córais cinnteoireachta uathoibrithe:

(i)go bhfuil córais den chineál sin á núsáid cheana nó go bhfuiltear á dtabhairt isteach;

(ii)catagóirí na gcinntí a dhéanann córais den chineál sin nó a dtacaíonn na córais sin leo;

(iii)na príomhpharaiméadair a chuireann córais den chineál sin san áireamh agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin sa chinnteoireacht uathoibrithe, lena náirítear an bealach a mbíonn tionchar ag sonraí pearsanta nó iompar an oibrí ardáin ar na cinntí sin;

(iv)forais na gcinntí maidir le cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, le diúltú íoc as obair a dhéanann an toibrí ardáin, le stádas conarthach an oibrí ardáin nó le haon chinneadh ag a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna.

3. Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an toibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

4. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ar fáil í d’ionadaithe oibrithe ardáin agus d’údaráis saothair náisiúnta má iarrann siad í.

5. Ní phróiseálfaidh ardáin saothair dhigiteacha aon sonraí pearsanta a bhaineann le hoibrithe ardáin mura bhfuil dlúthbhaint idir na sonraí sin agus feidhmiú an chonartha idir an toibrí ardáin agus an tardán saothair digiteach agus mura bhfuil fíorghá leo chun an conradh a fheidhmiú. Go háirithe, ní dhéanfaidh siad:

(a)aon sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin a phróiseáil;

(b)aon sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte an oibrí ardáin a phróiseáil, seachas i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointí (b) go (j) de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)aon sonraí pearsanta a bhaineann le comhráite príobháideacha a phróiseáil, lena náirítear comhráite le hionadaithe na noibrithe ardáin;

(d)aon sonraí pearsanta a bhailiú nuair nach bhfuil obair ardáin á cur ar fáil ná á déanamh ag an oibrí ardáin.

Airteagal 7

Faireachán daonna ar chórais uathoibrithe

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ardáin saothair dhigiteacha faireachán agus meastóireacht go rialta ar thionchar na gcinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), nó na gcinntí aonair a dtacaíonn na córais sin leo i dtaca le dálaí oibre.

2. Gan dochar do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle agus do threoracha gaolmhara i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, déanfaidh ardáin saothair dhigiteacha an méid seo a leanas:

(a)meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na noibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

(b)measúnú a dhéanamh an bhfuil cosaintí na gcóras sin iomchuí i dtaca leis na rioscaí a shainaithnítear, i bhfianaise shaintréithe sonracha na timpeallachta oibre;

(c)bearta iomchuí coisctheacha agus cosantacha a thabhairt isteach.

Ní úsáidfidh siad córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar aon bhealach a chuirfeadh brú míchuí ar oibrithe ardáin nó a chuirfeadh sláinte choirp agus meabhairshláinte na noibrithe ardáin i mbaol ar bhealach eile.

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú go mbeidh go leor acmhainní daonna ann chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcinntí a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó na gcinntí a dtacaíonn na córais sin leo, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Na daoine a leagann an tardán saothair digiteach de chúram orthu an fheidhm faireacháin a dhéanamh, beidh an inniúlacht, an oiliúint agus an túdarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Cosnófar iad ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile má sháraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe maidir le cinntí.

Airteagal 8

Faireachán daonna ar chinntí suntasacha

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach maidir le haon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe nó le haon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, ar cinneadh é a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhálaí oibre an oibrí ardáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b). Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha rochtain d’oibrithe ardáin ar dhuine teagmhála a ainmneoidh an tardán saothair digiteach chun na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna a bhí taobh thiar den chinneadh a phlé agus a shoiléiriú. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go mbeidh an inniúlacht, an oiliúint agus an túdarás is gá ag an duine sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú.

Aon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe, nó aon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, chun cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, chun diúltú íoc as obair a dhéanann an t‑oibrí ardáin, nó aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin nó aon chinneadh a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu, tabharfaidh ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn don oibrí ardáin ina gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

2. I gcás nach bhfuil oibrithe ardáin sásta leis an míniú nó leis an ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna a fuarthas nó i gcás ina measann siad go sáraíonn an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a gcearta, beidh sé de cheart acu iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin. Tabharfaidh an tardán saothair digiteach freagra ar aon iarraidh den chineál sin trí fhreagra cuíréasúnaithe a sholáthar don oibrí ardáin gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de sheachtain amháin tar éis an iarraidh a fháil dó.

Maidir le hardáin saothair dhigiteacha ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide iad, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh leis an spriocdháta le freagra a thabhairt dá ndéantar tagairt sa chéad fhomhír chun gur dhá sheachtain a bheidh ann.

3. I gcás ina sáraíonn an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 cearta an oibrí ardáin, ceartóidh an tardán saothair digiteach an cinneadh sin gan mhoill nó, murar féidir an ceartú sin a dhéanamh, cuirfidh sé cúiteamh leormhaith ar fáil.

4. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na nósanna imeachta maidir le dífhostú a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

Airteagal 9

Faisnéis agus comhairliúchán

1. Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/14/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ionadaithe oibrithe ardáin ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na hionadaithe sin nó, murab ann d’ionadaithe den sórt sin, go ndéanfar amhlaidh leis na hoibrithe ardáin lena mbaineann, maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) dá mbarr, nó ar dócha go dtiocfaí athruithe suntasacha ar úsáid na gcóras sin dá mbarr, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faisnéis’ agus ar ‘comhairliúchán’ mar a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (f) agus (g), de Threoir 2002/14/CE. Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), (3) agus (4), Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2002/14/CE dá réir sin.

3. Féadfaidh ionadaithe na noibrithe ardáin nó na hoibrithe ardáin lena mbaineann tacaíocht a fháil ón saineolaí is rogha leo a mhéid is gá chun go scrúdóidh siad ábhar na faisnéise agus an chomhairliúcháin agus go gceapfaidh siad tuairim. I gcás ina bhfuil níos mó ná 500 oibrí ardáin i mBallstát ag ardán saothair digiteach, íocfaidh an tardán saothair digiteach as costais an tsaineolaí, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach.

Airteagal 10

Daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu

1. Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagal 8 freisin maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

2. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1150. Má thagann forálacha na Treorach seo salach ar fhoráil Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le húsáideoirí gnó de réir bhrí an Rialacháin sin, beidh forlámhas ag foráil an Rialacháin sin agus beidh feidhm aige maidir leis na húsáideoirí gnó sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 den Treoir seo maidir le húsáideoirí gnó de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1150.

CAIBIDIL IV

TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE hOBAIR ARDÁIN

Airteagal 11

Obair ardáin a dhearbhú

Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 69 agus Uimh. 987/2009 70 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha ar fostóirí iad obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d’údaráis inniúla saothair agus cosanta sóisialta na mBallstát ina ndéantar an obair agus sonraí ábhartha a roinnt leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 12

Rochtain ar fhaisnéis ábhartha faoi obair ardáin

1. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis saothair, cosanta sóisialta agus ábhartha eile a gcuid feidhmeanna maidir lena áirithiú go gcomhlíontar oibleagáidí dlíthiúla is infheidhme i dtaca le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus i gcás ina bhfeidhmíonn ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin a gcuid feidhmeanna ionadaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dóibh:

(a)líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann ar bhonn rialta agus a stádas conarthach nó fostaíochta;

(b)na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis na caidrimh chonarthacha sin, ar choinníoll go socraíonn an tardán saothair digiteach na téarmaí agus coinníollacha sin go haontaobhach agus go mbaineann siad le líon mór caidreamh conarthach.

2. Soláthrófar an fhaisnéis i dtaca le gach Ballstát ina ndéanann daoine obair ardáin tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann. Tabharfar an fhaisnéis cothrom le dáta gach sé mhí ar a laghad agus, maidir le mír 1, pointe (b), gach uair a dhéanfar na téarmaí agus na coinníollacha a athrú.

3. Údaráis saothair, údaráis cosanta sóisialta agus údarás ábhartha eile agus ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha soiléiriú agus sonraí breise a chur ar fáil maidir le haon sonraí a soláthraíodh. Tabharfaidh na hardáin saothair dhigiteacha freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar.

4. Maidir le hardáin saothair dhigiteacha ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide iad, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go laghdófar an tréimhse ama maidir le faisnéis a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le mír 2 go dtí uair sa bhliain.

CAIBIDIL V

LEIGHEASANNA AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 13

An ceart chun sásaimh

Gan dochar d’Airteagail 79 agus 82 de Rialachán (AE) 2016/679, daoine a dhéanann obair ardáin, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochtaí nó conarthach eile, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, cúiteamh leormhaith san áireamh, i gcás ina sáraítear a gcearta a eascraíonn as an Treoir seo.

Airteagal 14

Nósanna imeachta thar ceann daoine a dhéanann obair ardáin nó chun tacú leo

1. Gan dochar d’Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2016/679, ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, leas dlisteanach i gcearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na hionadaithe sin dul i mbun aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann duine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis an duine sin, i gcás sárú ar aon cheart nó oibleagáid a eascraíonn as an Treoir seo, le formheas an duine sin.

2. Ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu freisin gníomhú thar ceann roinnt daoine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis na daoine sin, le formheas na ndaoine sin.

Airteagal 15

Cainéil chumarsáide do dhaoine a dhéanann obair ardáin

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an deis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus an deis teagmháil a bheith déanta leo ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, trí infreastruchtúr digiteach na n‑ardán saothair digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha gan rochtain a fháil ar na teagmhálacha agus cumarsáidí sin ná faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 16

Rochtain ar fhianaise

1. In imeachtaí a bhaineann le héileamh i ndáil le cinneadh maidir le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúirteanna náisiúnta nó údaráis inniúla náisiúnta in ann ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda a ordú i gcás ina measfaidh siad gurb ábhartha don mhaíomh í. Áiritheoidh siad, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint.

3. Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar na Ballstáit rialacha a choinneáil nó a thabhairt isteach atá níos fabhraí do dhaoine a dhéanann obair ardáin.

Airteagal 17

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun daoine a dhéanann obair ardáin, lena n‑áirítear ionadaithe na ndaoine sin, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann ardán saothair digiteach agus ar aon chóir dhíobhálach a thagann as iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an ardáin saothair dhigitigh nó mar thoradh ar aon imeachtaí ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 18

Cosaint ar dhífhostú     

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar dhaoine a dhéanann obair ardáin a dhífhostú, nó ar a chomhionann, agus ar gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú nó a chomhionann, ar na forais go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

2. Daoine a dhéanann obair ardáin a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, ar na forais go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, féadfaidh siad iarraidh ar an ardán saothair digiteach forais chuíréasúnaithe leis an dífhostú, nó leis na bearta coibhéiseacha, a sholáthar. Soláthróidh an tardán saothair digiteach na forais sin i scríbhinn.

3. Daoine a dhéanann obair ardáin dá dtagraítear i mír 2, nuair a dhéanann siad fíorais a shuí os comhair cúirte nó údarás nó comhlacht inniúil eile, fíorais as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin, nó bearta coibhéiseacha, ann, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur faoin ardán saothair digiteach a bheidh sé a chruthú go raibh an dífhostú bunaithe ar fhorais seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1.

4. Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do dhaoine a dhéanann obair ardáin.

5. Ní bheidh sé de cheangal ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ar faoin gcúirt nó faoin údarás nó comhlacht inniúil eile atá sé fíorais an cháis a imscrúdú.

6. Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Bhallstát.

Airteagal 19

Maoirseacht agus pionóis

1. An túdarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm, beidh sé nó siad freagrach freisin as Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagail 8 agus 10 den Treoir seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i gCaibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679. Beidh siad inniúil maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

2.Na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus na húdaráis saothair agus cosanta sóisialta náisiúnta, comhoibreoidh siad, i gcás inarb ábhartha, chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú, faoi raon a ninniúlachtaí faoi seach, go háirithe i gcás ina dtiocfaidh ceisteanna chun cinn maidir le tionchar na gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar dhálaí oibre nó ar chearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis sin faisnéis ábhartha a mhalartú le chéile, lena náirítear faisnéis a gheofar i gcomhthéacs iniúchtaí nó imscrúduithe, má iarrtar é nó ar a dtionscnamh féin. 

3. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun fhorálacha na Treorach seachas iad dá dtagraítear i mír 1 nó de bhun na bhforálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Gan dul siar, agus forálacha níos fabhraí

1. Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo. Maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach a mhéid atá rialacha náisiúnta den chineál sin comhoiriúnach leis na rialacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.Ní dochar an Treoir seo d’aon chearta eile a thugtar do dhaoine a dhéanann obair ardáin trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 21

Trasuí agus cur chun feidhme

1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [2 bhliain tar éis teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an tidirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme.

4. Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina niarrfaidh na comhpháirtithe sóisialta é sin go comhpháirteach agus ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí atá á lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 22

Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Faoin [5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus leis na príomhgheallsealbhóirí, agus an tionchar ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide á chur san áireamh aige, cur chun feidhme na Treorach seo a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha a mholadh.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(2)    Prionsabal 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(3)    Treoirlínte Polaitiúla don Chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024. ‘I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach. An Clár oibre agamsa don Eoraip.’ Ar fáil ar líne .
(4)    Mar a shainmhínítear sa togra seo le haghaidh treorach.
(5)    De Groen W., Kilhoffer Z., Westhoff L., Postica D. agus Shamsfakhr F. (2021). Ardáin Saothair Dhigiteacha san Aontas Eorpach: Mapáil agus Múnlaí Gnó. Ar fáil ar líne .
(6)    PPMI (2021), Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair ar thionscnamh an Aontais Eorpaigh maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre le haghaidh obair ardáin. Ar fáil ar líne .
(7)    De Groen W., et al. (2021).
(8)    PPMI (2021).
(9)    Ibid.
(10)    Féach an measúnú tionchair a ghabhann leis, Roinn 2.1. SWD(2021) 396.
(11)    Sainíonn roinnt ionstraimí an raon feidhme pearsanta trí thagairt a dhéanamh do shainmhínithe náisiúnta ar ‘oibrí’ nó ‘fostaí’ cé nach bhfuil an tagairt sin i gcuid eile díobh. Tá cásdlí cuimsitheach forbartha ag CBAE lena sainítear raon feidhme pearsanta na n‑ionstraimí sin
(12)    Treoir 2000/43, Treoir 2000/78, Treoir 2006/54 agus Treoir 2010/41.
(13)    Treoir (AE) 2019/1152. Tá go dtí an 1 Lúnasa 2022 ag na Ballstáit chun í a thrasuí.
(14)    Treoir (AE) 2019/1158.
(15)    Treoir 92/85/CEE.
(16)    Treoir 2003/88/CE.
(17)    Breithiúnas na Cúirte an 21 Feabhra 2018 in Ville de Nivelles v Rudy Matzak,  C-518/15 , ECLI: AE:C:2018:82; arna dheimhniú agus arna mionsaothrú i mbreithiúnas an 9 Márta 2021 in RJ v Stadt Offenbach am Main, C-580/19, ECLI:EU:C:2021:183; agus an 9 Márta 2021 in -D.J. v Radiotelevizija Slovenija, C-344/19, ECLI:EU:C:2021:182.
(18)    Treoir 2008/104/CE.
(19)    Treoir 89/391/CEE.
(20)    Treoir 2002/14/CE.
(21)    COM(2020) 682 final.
(22)    COM(2021) 93 final.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 an 29 Bealtaine 2004 agus a Rialachán cur chun feidhme (CE) Uimh. 987/2009.
(24)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (2019/C/387/01).
(25)    Rialachán (AE) 2019/1150.
(26)    Rialachán (AE) 2016/679.
(27)    ECE, Dlí‑eolaíocht na gcúirteanna náisiúnta san Eoraip maidir le bainistiú algartamach san ionad oibre (le teacht).
(28)    COM(2021) 206 final.
(29)    CBAE, cásanna C-256/01, Allonby, agus C-413/13, FNV Kunsten Informatie en Media.
(30)    ECE, Cásdlí maidir le hAicmiú Oibrithe Ardáin: Anailís chomparáideach thras‑Eorpach agus Conclúidí Trialacha (2021). Ar fáil ar líne .
(31)    PPMI (2021), roinn 7.1.
(32)    Doiciméad comhairliúcháin, C(2020) 1127 final.
(33)    Doiciméad Comhairliúcháin, C(2020) 4230 final, a bhfuil Doiciméad Inmheánach Oibre SWD(2021) 143 final ag gabháil leis.
(34)    Féach Iarscríbhinn A.3.1 den Mheasúnú Tionchair, SWD(2021) 396.
(35)    Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ‘dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – cineálacha nua fostaíochta atá nasctha leis an bhforbairt dhigiteach.’ (2019/2186(INI)). Ar fáil ar líne .
(36)    Conclúidí ón gComhairle ‘Todhchaí na hOibre: Dearbhú Céad Bliain na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach’, Deireadh Fómhair 2019; Ar fáil ar líne . I mí na Nollag 2020, bhí díospóireacht ag Airí Fostaíochta agus Gnóthaí Sóisialta an Aontais maidir le hobair ardáin inar aithin siad gur feiniméan idirnáisiúnta í an obair ardáin a bhfuil gné láidir trasteorann ag baint leis, agus go bhfuil ról ag an Aontas, dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ghaolmhara.
(37)    Tuairim CESE: Obair chóir i ngeilleagar na n‑ardán (tuairim thaiscéalaíoch arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Gearmáine). Ar fáil ar líne .
(38)    Tuairim ó Choiste na Réigiún: Obair ardáin – dúshláin rialála áitiúla agus réigiúnacha. Ar fáil ar líne .
(39)    Ar fáil ar líne .
(40)    Ar fáil ar líne .
(41)    Ar fáil ar líne .
(42)    Sintéis ar fáil ar líne .
(43)    Ar fáil ar líne .
(44)    Le teacht.
(45)    Ar fáil ar líne .
(46)    Ar fáil ar líne.
(47)    Ar fáil ar líne.
(48)    Ar fáil ar líne.
(49)    SWD(2021) 396.
(50)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(51)    IO C , , p.    
(52)    IO C , , p. .
(53)    An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
(54)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’,COM(2021)102 final, 4.3.2021.
(55)    Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach, (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(56)    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(57)    Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(58)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(59)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(60)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
(61)    COM(2021) 206 final, 21.4.2021.
(62)    Breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden‑Württemberg, C-66/85, ECLI:EU:C:1986:284; An 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère v Príomh‑Aire agus Eile, ECLI:EU:C:2010:612; An 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, ECLI:EU:C:2014:2411; An 9 Iúil 2015, Ender Balkaya v Kiesel Abbruch‑ und Recycling Technik GmbH, ECLI:EU:C:2015:455; An 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik gGmbH v Ruhrlandklinik gGmbH, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883; An 16 Iúil 2020, UX v Governo della Repubblica italiana, C-658/18, ECLI:EU:C:2020:572; agus ordú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 22 Aibreán 2020, B v Yodel Delivery Network Ltd, C-692/19, ECLI:EU:C:2020:288.
(63)    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
(64)    Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.
(65)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(66)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(67)    
(68)    Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(69)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(70)    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).