An Bhruiséil,25.11.2021

COM(2021) 727 final

2021/0385(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ann ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 573 final} - {SWD(2021) 346 final} - {SWD(2021) 347 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an tionscnamh seo ar cheann de shraith beart lena gcuirtear Aontas na Margaí Caipitil chun feidhme. Is é is aidhm dó cumhacht a thabhairt d’infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí beaga agus miondíola, 1 trína chur ar a gcumas rochtain a fháil ar na sonraí margaidh is gá chun infheistíocht a dhéanamh i scaireanna nó i mbannaí agus trí bhonneagair mhargaidh an Aontais a neartú. Cuideoidh sé sin le leachtacht an mhargaidh a mhéadú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí maoiniú a fháil ó mhargaí caipitil. Chun a chuspóir a bhaint amach fíórmhargadh aonair éifeachtúil a chothú le haghaidh na trádála, shainaithin an Coimisiún trí réimse tosaíochta saineathanta le haghaidh an athbhreithnithe: trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí margaidh a fheabhsú, cothroime iomaíochta idir ionaid forghníomhaithe a fheabhsú agus a áirithiú gur féidir le bonneagair mhargadh an Aontais leanúint de bheith iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá togra ag gabháil leis an tionscnamh seo chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) agus tá sé cuimsithe i gClár Oibre an Choimisiúin do 2020.

Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience’[Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú] an 19 Eanáir 2021, 2 dheimhnigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige a mholadh go ndéanfaí trédhearcacht na margaí caipitil a fheabhsú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar chuid den athbhreithniú ar chreat MiFID II agus MiFIR (MiFID/R). I gcomhthéacs níos leithne na niarrachtaí arb é is aidhm dóibh ról idirnáisiúnta an Euro a mhéadú, d’fhógair an Coimisiún go náireofaí ceapadh agus cur chun feidhme teilitéipe comhdhlúite le hathchóiriú den sórt sin, go háirithe le haghaidh eisiúintí bannaí corparáideacha arb é is aidhm dóibh leachtacht na trádála tánaistí 3 in ionstraimí fiachais arna sloinneadh in Euro a mhéadú.

Maidir le teilitéip chomhdhlúite a bhunú, i bPlean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil 4 , d’fhógair an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach ar aghaidh faoi dheireadh 2021 chun bunachar sonraí láraithe a chruthú a mbeadh sé mar aidhm leis léargas cuimsitheach a sholáthar maidir le sonraí margaidh, eadhon maidir le praghsanna agus méid na nurrús a thrádáiltear ar fud an Aontais i líon mór ionad trádála. Bheadh sé mar chuspóir ag an mbunachar sonraí láraithe sin, dá ngairtear an ‘teilitéip chomhdhlúite’ 5 freisin, ‘trédhearcacht fhoriomlán na bpraghsanna a fheabhsú thar ionaid trádála’.

Fadhbanna a bhfuil sé beartaithe dul i ngleic leo leis an togra seo

Leis an togra seo tá sé beartaithe dul i ngleic le riosca leachtachta agus riosca forghníomhaithe trádála. Freagraíonn an riosca leachtachta don riosca nach mbeadh go leor doimhneachta margaidh ann (i.e.ceannaitheoirí agus díoltóirí atá toilteanach trádáil a dhéanamh), freagraíonn an riosca forghníomhaithe trádála don neamhábaltacht forghníomhú a dhéanamh ag teorainn praghais ar leith nó laistigh de thréimhse áirithe. Leanann an dá rud as easpa faisnéise cearta agus tráthúla maidir le praghsanna agus méideanna trádála atá ar fáil i gcás urrúis a thráideáltar, agus as an riosca nach mbeadh tionchar ag trédhearcacht neamhleordhóthanach ar an tímpeallacht trádála agus ar iomaíochas an Aontais mar mhol airgeadais.

Mar a tugadh le fios i staidéar Chomhpháirtithe Struchtúr an Mhargaidh (MSP) maidir le teilitéip chomhdhlúite de chuid an Aontais a chruthú 6 , is toradh é an riosca leachtachta ar an ngá atá ann na margaí forghníomhaithe ilroinnte san Aontas a nascleanúint d’fhonn leasanna ceannaigh agus díola a shainaithint chun idirbheart a fhorghníomhú ina iomláine. In éagmais léargas cuimsitheach ar na comhthiomsuithe leachtachta uile atá ar fáil, d‘fhéadfadh sé nach mbeadh infheisteoirí áirithe in ann na hidirbhearta uile a fhorghníomhú, nó d’fhéadfaidís idirbhearta a fhorghníomhú ach i bpáirt nó ar phraghas nach mbeadh chomh tarraingteach céanna. Is féidir costas eacnamaíoch na trédhearcachta neamhfhoirfe sa mhargadh a thomhas i dtéarmaí ‘easnamh cur chun feidhme’ (i.e. déantar trádálacha a fhorghníomhú ag praghsanna nach léiríonn an tairiscint díolacháin is fearr atá ar fáil nó an tairiscint ceannaigh is fearr) agus i dtéarmaí deiseanna trádála agus infheistíochta a chailltear. Téann na costais sin i gcoinne chuspóirí Aontas na Margaí Caipitil, arb é atá iontu margaí caipitil a fheidhmíonn go maith, atá leachtach agus comhtháite a chur ar fáil.

Tá an tionchar a bhíonn ag ilroinnt an mhargaidh, go háirithe thar na línte náisiúnta, an-ghéar do bhainisteoirí sócmhainní níos lú agus do na bainc is lú. Níl na féidearthachtaí céanna ag na rannpháirtithe margaidh sin chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le sonraí margaidh thar ionaid éagsúla agus atá ag rannpháirtithe margaidh sofaisticiúla, amhail bainc mhóra infheistíochta ar thaobh an díola nó cruthaitheoirí margaí leictreonacha. De dheasca easpa faisnéise faoin margadh, tá an baol ann go ndéanfar cinntí infheistíochta a ndearnadh drochmhachnamh orthu, ar cinntí iad a d’fhéadfaí a sheachaint dá mbeadh léargas iomlán ar an margadh ar fáil.

I margaí cothromais, mheas bainisteoirí sócmhainne a cuireadh faoi agallamh mar chuid den staidéar ar MSP go bhfuil an costas bliantúil a bhaineann le heaspa léargais iomláin chruinn a bheith acu ar shonraí margaidh (a shainmhínítear mar ‘sciorradh’) idir 0 agus 1.0 bonnphointe dá luach bliantúil arna thrádáil. Thug roinnt agallaithe rátáil níos airde fós maidir leis na costais bhliantúla ag os cionn 5.0 bonnphointe. Déanann freagróirí an staidéir MSP meastacháin dhifriúla ar an gcostas a bhaineann le dearcadh neamhfhoirfe a bheith ar an margadh. Dá mhéid an ghnólachta agus na nacmhainní atá ar fáil chun na sonraí a thiomsú agus a ghlanadh, is ea is ísle a d’fhéadfadh an meastachán a bheith. Trí na meastacháin sin a chur i bhfeidhm ar luach bliantúil cothromas Eorpach arna dtrádáil, is féidir leis an gcostas iomlán a bhaineann le gan léargas cruinn a bheith ar mhargaí an chothromais a bheith chomh hard le EUR 10.6 billiún in aghaidh na bliana, cé go léiríonn beagnach trian de na freagróirí go bhfuil an costas idir EUR 0.5 billiún agus EUR 1 billiún in aghaidh na bliana 7 .

I margaí bannaí, is i mbonnphointí sa raon idir 0 agus 5 bonnphointe 8 a dhéanann bainisteoirí sócmhainní an costas a mheas i leith a gcuid straitéisí trádála bliantúla a leanann as easpa dearcadh chomhdhlúite cruinn i leith sonraí margaidh.

Tá rioscaí leachtachta agus forghníomhaithe trádála forleathan freisin i margaí le haghaidh díorthach nach dtrádáiltear in ionaid (dá ngairtear trádálacha ‘thar an gcuntar’ nó ‘OTC’ freisin). Is margaí déileálaí iad margaí na ndíorthach thar an gcuntar, ina dtairgeann bainc mhóra idirnáisiúnta conarthaí saincheaptha dá gcliaint, e.g., chun seasamh a ghlacadh chun cosaint a thabhairt i gcoinne gluaiseachtaí praghsanna sa todhchaí (fálú). Is beag trédhearcacht iarthrádála atá sna margaí thar an gcuntar. Léirítear i dtuarascáil staidrimh bhliantúil 2020 ÚEUM 9 gurb ionann díorthaigh thar an gcuntar fós agus 85 % de luach barúlach na ndíorthach a thrádáiltear san Aontas (agus déantar an 15 % eile a thrádáil ar mhalartán). Toisc nach bhfuil aon dearcadh poiblí comhdhlúite ann faoi láthair ar phraghsanna díorthach thar an gcuntar, cuireann céatadán ard na trádála thar an gcuntar le teimhneacht i bpraghsáil na ndíorthach sin agus, mar thoradh air sin, le neamhshiméadrachtaí faisnéise a dhéanann dochar go príomha do rannpháirtithe níos lú sa mhargadh.

In éagmais sonraí margaidh comhdhlúite, cuirtear cosc freisin ar luachálacha punainne cruinne agus laghdaítear beachtas innéacsanna thar gach aicme sócmhainní (níl tagarmharcanna cothromais, bannaí agus díorthach na Eorpacha chomh hiontaofa céanna). Tá formhór na n‑infheisteoirí i bhfabhar stoc mór caidhpeála, mar a léirítear sa líon mór innéacsanna infheistíochta lena ndírítear ar theorainneacha móra cuideachtaí liostaithe (e.g., DJ 100, S&P 500, STOXX 600). Mar thoradh ar neamhéifeachtúlacht faisnéise, bíonn níos lú innéacsanna ann a chuimsíonn cuideachtaí caipitlithe níos lú agus, mar thoradh air sin, is lú na cistí atá faoi thionchar innéacs á threorú chuig eisitheoirí níos lú caidhpeála (e.g. de bhua cistí arna dtrádáil ar mhalartán lena rianaítear innéacs beag nó meánchaipitlithe).

Éagothroime sa timpeallacht trádála scaireanna: spreagadh eile taobh thiar den athchóiriú atá beartaithe is ea an gá atá ann a áirithiú go mbeidh trádáil na scaireanna ar ionaid thrádála thrédhearcacha (téarma a úsáidtear le haghaidh ionaid thrédhearcacha réamhthrádála) san Aontas ag teacht leis na cóimheasa a fheictear i lárionaid airgeadais idirnáisiúnta eile. Áitíonn stocmhalartáin go ndéanann meath a sciar margaidh i dtrádáil stoic dochar d’fhorbairt mhargaí caipitil an Aontais toisc gurb iad na malartáin agus na saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) amháin a chuireann trédhearcacht iomlán ar fáil maidir le tairiscintí ceannaigh agus díola (sonraí réamhthrádála) agus maidir le hidirbhearta críochnaithe (sonraí iarthrádála) agus go gcuireann sé le foirmiú praghsanna. Ar an taobh eile, maíonn bainc agus gnólachtaí infheistíochta gur choinnigh ardáin thrédhearcacha a sciar de mhargadh an Aontais agus go bhfuil sé méadaithe acu fiú. Aithnítear go maith an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht a choinneáil idir stocmhalartáin thraidisiúnta, ardáin trádála malartacha, bainc infheistíochta agus gníomhaithe eile a chuireann córais trádála ar fáil. Áireofar san athbhreithniú, dá bhrí sin, leasuithe arb é is aidhm dóibh an chothromaíocht sin a choinneáil ar bun.

Iomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais: chruthaigh forálacha áirithe den chreat rialála atá ann faoi láthair éiginnteacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sa mhargadh. Tá na forálacha maidir le rochtain oscailte le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán curtha ar fionraí roinnt uaireanta ag na comhreachtóirí ar chúiseanna éagsúla. Measann an Coimisiún gur gá deireadh a chur leis na forálacha sin chun an iomaíocht, an nuálaíocht agus forbairt na ndíorthach arna dtrádáil ar mhalartán san Aontas a chothú ar thaobh amháin agus chun tuilleadh cumais imréitigh a fhorbairt san Aontas. Léireoidh sé freisin an treocht sheanbhunaithe idirnáisiúnta maidir le comhtháthú ceartingearach idir trádáil agus imréiteach le haghaidh na gcineálacha sin díorthach. Is é an réasúnaíocht is bonn leis an treocht sin nach bhfreastalaítear ar nuálaíocht i ndíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán leis an oibleagáid maidir le rochtain oscailte, toisc go gcuirtear deireadh, leis an riail sin, le dreasachtaí chun conarthaí nua díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a sheoladh mura mbíonn ar iomaitheoirí an infheistíocht tosaigh a dhéanamh. Ar an dóigh chéanna, ní bheadh sé d’oibleagáid a thuilleadh ar mhalartáin glacadh leis go n‑áiritheoidh tithe imréitigh neamhchaolaithe a n‑oibríochtaí iarthrádála. Dhéanfadh an togra seo imlíne na hoibleagáide trádála scaireanna (STO) a bheachtú chun í a theorannú go soiléir do ISINanna de chuid an Aontais. Ina theannta sin, thabharfaí isteach leis an togra deis an oibleagáid trádála díorthach (DTO) a chur ar fionraí i gcás gnólachtaí infheistíochta áirithe a bheadh faoi réir oibleagáidí forluiteacha agus iad ag idirghníomhú le contrapháirtithe neamh-AE ar ardáin neamh-AE.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an tionscnamh seo leis na rialacha atá ann cheana lena rialaítear rannpháirtíocht i margaí caipitil an Aontais Eorpaigh agus cuirtear feabhas ar na rialacha sin leis. In 2007, le MiFID I 10 , tugadh iomaíocht isteach sa mhargadh le haghaidh trádáil chothromais, I leaganacha níos déanaí de MIFID, cuireadh síneadh leis an iomaíocht chun trádáil a dhéanamh in aicmí sócmhainní neamhchothromais, amhail bannaí agus díorthaigh. Is é an iarmhairt a bhíonn air sin, nuair is mian le bróicéir nó infheisteoir ordú a dhéanamh chun sócmhainn a cheannach nó a dhíol, is féidir leo rogha a dhéanamh as ionaid éagsúla, amhail margaí rialáilte (RManna), saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna), ardáin trádála anaithnide 11 , agus inmheánaitheoirí córasacha (SInna).

Ó tháinig MiFID I i bhfeidhm, tháinig méadú de 344 ar chomhshuim na nionad iltaobhach agus na SInna ar fud na naicmí sócmhainne ar fad sa LEE, go dtí 476 12 san iomlán. Tá tuarascálacha sonraí margaidh ar leith á bhfoilsiú ag gach ionad trádála. Go luath tar éis chur chun feidhme MiFID I, tháinig an tsaincheist maidir le hilroinnt sonraí margaidh agus monaplachtaí 13 sonraí margaidh chun cinn, go príomha i margaí cothromais.

Aithnítear le MiFIR, 14 atá i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2018, na buntáistí a bhaineann le trédhearcacht agus comhdhlúthú sonraí margaidh don phobal infheistíochta.

Chun timpeallacht trádála chothrom a choinneáil ar bun, bhainfeadh na rialacha trédhearcachta lena rialaítear trádáil ar mhalartáin agus ar na hardáin mhalartacha nó trí inmheánaitheoirí córasacha (bainc infheistíochta agus cruthaitheoirí margaidh) tairbhe as coigeartuithe áirithe. Meastar go bhfuil úsáid díolúintí áirithe ó na rialacha trédhearcachta (ar a dtugtar ‘tarscaoiltí’) freagrach as céatadán réasúnta íseal na dtrádálacha scaireanna a dhéantar ar ionaid atá trédhearcach ó thaobh praghsanna de. Tá rialacha sa rialachán atá ann cheana chun srian a chur le húsáid na dtarscaoiltí trédhearcachta is coitianta a úsáidtear. Tá sé i gceist le rialacha amhail ‘caidhpeáil dhúbailte méide’ uasteorainn (uasteorainn) a chur ar líon na scaireanna is féidir le rannpháirtithe margaidh a thrádáil faoi tharscaoileadh trédhearcachta. Cé is moite de bheith dian ar acmhainní ó thaobh na rialálaithe de, tá sé léirithe go bhfuil na forálacha sin docht agus go dtugann siad isteach i dteannta a chéile castacht nach bhfuil gá léi in oibriú na margaí cothromais. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe leis an athbhreithniú an t‑idirghníomhú casta idir tarscaoiltí trédhearcachta agus an chaidhpeáil dhúbailte méide a chuíchóiriú.

Ina theannta sin, maidir le comhdhlúthú sonraí, tá an coincheap ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ (‘CTP’) 15 cuimsithe in MiFIR cheana féin . Is é an smaoineamh atá taobh thiar de CTP go gcuirfeadh malartáin agus ionaid trádála mhalartacha sruthanna sonraí fíor-ama chuig CTP creidiúnaithe. Chuirfeadh an CTP sin an fhaisnéis chruinn chéanna ar fáil don phobal, ar an gcostas réasúnach mar a thugtar air, agus úsáid á baint as clibeanna agus formáidí comhionanna sonraí.

Braitheann na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis an teilitéip chomhdhlúite ar ghníomhaithe príobháideacha (comhdhlúiteoirí iomaíocha) a chomhdhlúthaíonn sonraí an mhargaidh ó ionaid forghníomhaithe éagsúla. Bunaithe ar fhorálacha MiFIR, is féidir roinnt CTPanna iomaíocha a bheith ann, ach is féidir freisin CTP aonair amháin a bheith ann i gcás nach gcuirfidh níos mó ná soláthraí amháin é féin chun cinn. Go dtí seo, níor tharla sé sin ar chúiseanna éagsúla.

Tugann an t‑athchóiriú atá beartaithe ar MiFIR aghaidh ar na cúiseanna nach bhfuil CTP ag teacht chun cinn. Leasaítear leis na forálacha maidir le teilitéip chomhdhlúite in MiFIR chun teacht chun cinn aon CTP amháin a éascú do gach aicme sócmhainní (scaireanna, ETFanna, bannaí agus díorthaigh).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le beartas an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí airgeadais spreagtar trédhearcacht agus iomaíocht. Baineann na cuspóirí beartais sin le croí-shonraí margaidh. Mar chuid de phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le hAontas na Margaí Caipitil, tá sé mar aidhm ag an Aontas léargas comhtháite a chruthú ar mhargaí trádála an Aontais. Le teilitéip chomhdhlúite cuirfear sonraí comhdhlúite ar fáil maidir le praghsanna agus méid na n‑urrús a thrádáiltear san Aontas, rud a chuirfidh feabhas ar thrédhearcacht fhoriomlán ó thaobh praghsanna de thar ionaid trádála. Tabharfar rochtain leis d’infheisteoirí ar fhaisnéis mhargaidh atá feabhsaithe go mór ar leibhéal uile-Eorpach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é creat MiFID/R an leabhar rialacha lena rialaítear rannpháirtíocht i margaí caipitil na hEorpa. Is éard atá ann Treoir 2014/65/AE (MiFID II) agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (MiFIR). Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le MiFIR a ghlacadh. Is é is aidhm don togra cáilíocht sonraí margaidh agus comhdhlúthú sonraí margaidh a fheabhsú trí leasuithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana maidir le sonraí margaidh in MiFIR. Dá bhrí sin, ba cheart an t‑athchóiriú atá beartaithe a bheith faoin mbunús dlí céanna.

Go háirithe, in Airteagal 114 den CFAE, tugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an inniúlacht bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ceadaítear le hAirteagal 114, CFAE don Aontas bearta a ghlacadh ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní reatha ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha, ach freisin, más rud é go bhfuil a leithéid intuartha go leor, na constaicí sin a chosc ó theacht chun cinn, lena n‑áirítear iad siúd a fhágann é deacair ag oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear infheisteoirí, leas iomlán a bhaint as sochair an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní i gcomhdhlúthú sonraí a eascraíonn as (1) foinsí sonraí margaidh ilroinnte; (2) caighdeáin dhoiléire maidir le sonraí margaidh a thuairisciú agus (3) scéimeanna casta um cheadúnú sonraí margaidh. Is iad sin na príomhchúiseanna a choisceann léargas comhdhlúite ar leachtacht trádála ar fud an Aontais.

Go sonrach, mar gheall ar an easpa bunachair sonraí láraithe ina dtaispeántar sonraí margaidh maidir le hurrúis a thrádáiltear ar ionaid trádála an Aontais, chuirfí cosc ar infheisteoirí an Aontais Eorpaigh, seachas na cinn atá an-sofaisticiúil, dearcadh comhdhlúite a bheith acu maidir le conas teacht ar na deiseanna infheistíochta is fearr. Dhéanfadh sé sin buanú ar na neamhshiméadrachtaí faisnéise atá ann faoi láthair lena gcuirtear cosc ar infheisteoirí tairbhe iomlán a bhaint as an margadh aonair. Dá bhrí sin, is dealraitheach gurb é úsáid Airteagal 114 den CFAE an bealach is iomchuí le tabhairt faoi na fadhbanna seo go cuimsitheach agus go haonfhoirmeach agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 5.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le prionsabal na coimhdeachta, níor cheart beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gur fearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Tá margaí trádála i gcomhair aicmí éagsúla ionstraimí airgeadais scaipthe ar fud an Aontais. Tá gá le leabhar rialacha a bhfuil feidhm aige ar fud an Aontais chun sonraí margaidh a fhoilsíonn na hionaid trádála sin a chomhdhlúthú. Ní dhíreofaí go héifeachtach le gníomhaíocht na mBallstát aonair ar an ngá atá le comhdhlúthú a dhéanamh ar na sonraí margaidh ar fud an Aontais. D’fhéadfadh na Ballstáit iarracht a dhéanamh caighdeáin tuairiscithe maidir le sonraí margaidh agus coinníollacha ceadúnaithe a chomhchuibhiú le haghaidh comhdhlúiteoirí sonraí margaidh trí bhíthin dlíthe náisiúnta. Ní féidir le tionscnaimh náisiúnta aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a eascraíonn as ilroinnt sonraí margaidh ar fud an Aontais.

D’fhéadfadh Ballstáit éagsúla caighdeáin éagsúla a ghlacadh nó scéimeanna éagsúla ceadúnúcháin a roghnú is infheidhme maidir le comhdhlúiteoir sonraí margaidh. D’fhéadfadh sé nach ndéanfadh roinnt Ballstát aon bheart ar chor ar bith. Ós rud é nach mór comhdhlúthú sonraí margaidh a bheith ag feidhmiú ar fud an Aontais ar fad, tá sé níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla aghaidh a thabhairt ar chaighdeáin tuairiscithe agus ar choinníollacha ceadúnúcháin sonraí, rud atá riachtanach chun léargas comhdhlúite a fháil ar na margaí trádála uile ar leibhéal an Aontais. Ní bheadh feidhm ag caighdeánú tuarascálacha sonraí agus coinníollacha ceadúnúcháin ach amháin maidir le tuairisciú do sholáthraí teilitéipe comhdhlúite sonraí margaidh. Mar shampla, ní bheadh ceadúnais sonraí margaidh nach mbaineann le táirgeadh teilitéipe comhdhlúite faoi réir na rialacha atá beartaithe.

Comhréireacht

Ní théann an comhchuibhiú atá beartaithe ar chaighdeáin sonraí margaidh agus na coinníollacha ceadúnúcháin le haghaidh soláthar sonraí margaidh do sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite thar a bhfuil riachtanach chun na haidhmeanna sonraithe a bhaint amach. Ní bhainfeadh meascán rialacha náisiúnta maidir le haon cheann de na bearta atá sa togra seo amach na haidhmeanna sonraithe maidir le comhdhlúthú sonraí margaidh d’fhonn an fhaisnéis sin a chur ar fáil do ghrúpa níos leithne rannpháirtithe sa mhargadh. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le cáilíocht sonraí margaidh agus leis na castachtaí a bhaineann le ceadúnú sonraí margaidh, tá gá le comhchuibhiú beartaithe ar thuarascálacha sonraí margaidh agus úsáid éigeantach na gcaighdeán tuairiscithe sin chun sonraí margaidh a sholáthar do sholáthraí teilitéipe comhdhlúite.

An rogha ionstraime

Is é leasú ar Rialachán MiFIR an ionstraim dlí is iomchuí chun réiteach a fháil ar shaincheisteanna a eascraíonn as easpa dearcadh comhdhlúite ar chroí-shonraí margaidh ar fud mhargaí an Aontais mar go gceadaítear leis foráil áirithe in MiFIR a leasú chomh maith le ceanglais shonracha nua a chur leis. Trí Rialachán a úsáid, atá infheidhme go díreach gan reachtaíocht náisiúnta a bheith de dhíth, cuirfear srian ar an bhféidearthacht go ndéanfadh údaráis inniúla bearta atá éagsúil ó chéile ar an leibhéal náisiúnta, agus áiritheofar cur chuige comhsheasmhach agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ar fud an Aontais (e.g. le haghaidh rannchuidiú éigeantach croí-shonraí margaidh ó mhalartáin Ballstát éagsúil).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh an chéad chomhairliúchán de chuid an Choimisiúin leis na páirtithe leasmhara tar éis theacht i bhfeidhm rialacha MiFID/R i mí Eanáir 2018 idir Feabhra agus Bealtaine 2020 (féach thíos). Léirigh sé nach bhfuil léargas iomlán ag formhór na n‑infheisteoirí ar phraghsanna agus ar mhéideanna atá ar fáil (i.e. leachtacht) agus iad ag cinneadh infheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil an Aontais.

Léiríodh sa chomhairliúchán nach gcruthaítear léargas comhdhlúite ar gach margadh trádála leis na táirgí sonraí margaidh (dílseánaigh) ionad-shonracha a tháinig chun cinn faoi MiFID I agus MiFID/R. Ní léirítear leachtacht atá ar fáil i margaí malartacha (MTFanna/OTFanna) agus trí bhainc infheistíochta a dhéanann ionstraimí airgeadais a thrádáil i gcoinne a bhfardail (inmheánaitheoirí córasacha –SIanna) ar na sruthanna sonraí dílseánaigh sin. Cruthaíonn sé sin bacainní suntasacha faisnéise, toisc go bhféadfadh méideanna ar an ardán malartach sin a bheith cothrom le suas le 50 % den mhéid trádála ar aon lá trádála ar leith.

Tá bróicéirí urrús agus déileálaithe bróicéirí freagrach as an bhforghníomhú is fearr a sholáthar, rud a chiallaíonn tidirbheart is mó tairbhe a bhaint amach i dtéarmaí praghais agus na gcostas iomlán is ísle sainráite agus intuigthe 16 d’infheisteoirí. Ciallaíonn an cur i gcrích is fearr go mbíonn ar bhróicéirí na praghsanna ar ar cheannaigh siad agus ar dhíol siad iad a thaispeáint dá gcustaiméirí i gcomparáid leis na praghsanna agus na méideanna atá ar fáil ar mhalartáin éagsúla agus ar ionaid eile trádála tráth a forghníomhaíodh an trádáil. Is fadhb é easpa dearcadh comhdhlúite ar na margaí trádála uile nuair a chuirtear ionstraim airgeadais ar fáil lena trádáil, ní hamháin ar ionad liostaithe amháin, ach ar fud roinnt ionad iomaíoch. Tá rogha ag infheisteoir, agus ba cheart go mbeadh sé fós aige, idir ionaid iomaíocha, ach faoi láthair ní mór dó brath ar shonraí margaidh lena gcumhdaítear ionaid aonair amháin. Mar thoradh air sin, níl a ndóthain rochtana ag infheisteoirí ar shonraí margaidh comhdhlúite agus inchomparáide agus ní féidir leo comparáid a dhéanamh i dtaobh an mbeadh coinníollacha cur i gcrích níos fearr faighte acu ar ardán malartach. Cuireann sé sin cosc orthu a gcuid bróicéirí urrús agus déileálaithe bróicéirí a choinneáil chun cuntais i dtaobh ar bhain siad an forghníomhú is fearr amach maidir le haon ordú trádála ar leith.

Léiríodh sa chomhairliúchán freisin saincheisteanna suntasacha maidir leis an gcostas a bhaineann le sonraí margaidh a fháil ó iliomad foinse sonraí. Faoi láthair is ionann an costas a bhaineann le sonraí margaidh a fháil ó rannchuiditheoirí (ceadúnas a nascadh agus ceadúnas a fháil) agus thart ar dhá thrian den chostas foriomlán a bhaineann le sonraí margaidh a chur le chéile. Mar gheall air seo, bíonn claonadh ag díoltóirí sonraí, a chuireann na sonraí seo ar fáil d’úsáideoirí, roghnú na bhfoinsí as a mbailíonn siad agus as a dtairgeann siad sonraí a chaolú. Mar thoradh air sin, níl dearcadh cuimsitheach ag infheisteoirí ar leachtacht sna margaí trádála ar fad agus ní féidir le formhór na n‑infheisteoirí íoc as an gcostas a bhaineann le léargas níos cuimsithí a fháil.

Idir deireadh 2019 agus 2021 rinne ÚEUM grinnanailísí ar chreat MiFID/R agus dhírigh sé go príomha ar na hábhair a dtugtar aghaidh orthu sna clásail athbhreithnithe in Airteagal 90 MiFID agus in Airteagal 52 MiFIR agus d’fhoilsigh sé tuarascálacha athbhreithnithe ina bhfuil moltaí maidir le hathruithe ar an gcreat dlíthiúil 17 . Bhí na tuarascálacha athbhreithnithe sin bunaithe ar chomhairliúcháin phoiblí chuimsitheacha agus bhí moltaí mionsonraithe iontu a bhaineann le struchtúr an mhargaidh, go háirithe leis an gcóras trédhearcachta atá ann faoi láthair.

Go háirithe, ina ‘Thuarascáil Athbhreithnithe MiFID II/MiFIR Uimh. 1’ 18 , chinn ÚEUM go méadaíonn ilroinnt foinsí sonraí margaidh an spleáchas ar iliomad sruthanna sonraí dílseánaigh, a bhaineann go sonrach le hionad ar leith, agus nach gcumhdaíonn ach léargas páirteach ar leachtacht trádála atá ar fáil. Is deacair a fhíorú an soláthraíonn gach foinse sonraí margaidh rochtain ar a gcuid sonraí margaidh ar bhealach cóir cothrom tráthúil mar gheall ar a chasta atá sonraí an mhargaidh dhílsithe agus an chaoi a riartar comhlíonadh na srianta úsáide. Maidir le sonraí trádála ó ionaid aonair, ós rud é go bhfuil siad uathúil agus neamh-inionadaithe, is féidir comhaontuithe um cheadúnú sonraí a thiontú ina gcomhaontuithe níos mionsonraithe agus níos doichte. Dá bhrí sin, bíonn castacht mhór ag baint le gnólachtaí a fhaigheann sonraí margaidh ó thaobh éagsúlacht leanúnach a gcuid comhaontuithe ceadúnúcháin a bhainistiú, ó thaobh costais oibriúcháin agus rioscaí a thabhú; is minic freisin gurb iad a íocann as iniúchtaí casta ar a gceadúnais, arna bhforchur ag soláthraithe sonraí trí tháillí ex-post.

I bhfianaise na mbeartas ilchineálach maidir le praghsáil sonraí margaidh ar fud an mhargaidh aonair, is deacair do chomhdhlúiteoir sonraí margaidh rochtain a fháil ar shruthanna sonraí dílseánaigh an mhargaidh ar choinníollacha córa cothroma tráthúla. Ina thuarascáil ar an teilitéip chomhdhlúite, ba é tuairim ÚEUM nach gcuireann rialacha reatha MiFID II oibleagáid ar ionaid trádála ná ar APAnna sonraí margaidh a chur faoi bhráid teilitéip chomhdhlúite maidir le téarmaí córa réasúnacha. Dá bhrí sin, molann ÚEUM gur cheart a cheangal ar ionaid trádála agus ar APAnna sonraí a chur ar fáil don teilitéip chomhdhlúite trí (i) a iarraidh ar ionaid trádála agus ar APAnna sonraí a chur ar fáil don teilitéip chomhdhlúite, nó, (ii) critéir a leagan amach chun an praghas (agus na téarmaí úsáide agus na coinníollacha úsáide) le haghaidh ranníocaíochtaí leis an teilitéip chomhdhlúite a chinneadh.

De réir ÚEUM, níor chomhlíon MiFID/R a chuspóir chun tuilleadh soiléireachta a chruthú maidir le ceadúnú agus praghsáil sonraí an mhargaidh dílseánaigh. Ó 2017 i leith, tháinig méadú ar phraghsanna sonraí margaidh, go háirithe i gcás sonraí a bhfuil éileamh mór orthu, amhail sonraí nach bhfuil ar taispeáint. Measann comhlachas trádála amháin go bhfuil méadú 27 % tagtha ar chostais iomlána sonraí do phríomhghnólacht trádála beag hipitéiseach a raibh rochtain aige ar ionaid éagsúla, ó EUR 917 000 in 2016 go EUR 1,16 milliún in 2019 19 . Thairis sin, molann ÚEUM gur cheart go roinnfeadh teilitéip chomhdhlúite a ioncam leis na heintitis a rinne ranníocaíochtaí agus gur cheart go gcuirfí an teilitéip ar fáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de.

I dtuarascáil athbhreithnithe MiFID II/MiFIR maidir leis an gcóras trédhearcachta i ndáil le cothromas agus ionstraimí den chineál céanna, an sásra caidhpeála méide dúbailte agus na hoibleagáidí trádála scaireanna, rinne ÚEUM athbhreithniú ar chóras trédhearcachta MiFIR maidir le hionstraimí cothromais agus rinne sé moltaí maidir le leasuithe spriocdhírithe. Áirítear ann freisin moltaí maidir le príomhfhorálacha trédhearcachta eile, go háirithe an oibleagáid trádála le haghaidh scaireanna agus na forálacha trédhearcachta is infheidhme maidir le hinmheánaitheoirí córasacha in ionstraimí cothromais.

Ina T huarascáil ar Thuarascáil Athbhreithnithe MiFIR maidir le trédhearcacht i gcás neamhchothromais 20 , chinn ÚEUM go raibh an córas atá ann faoi láthair róchasta agus nach raibh sé éifeachtach i gcónaí chun trédhearcacht a áirithiú do rannpháirtithe sa mhargadh agus rinne sé roinnt moltaí chun é a fheabhsú:

·an tarscaoileadh agus an tiarchur sonrach d’orduithe agus d’idirbhearta faoi seach os cionn na tairsí ‘méid a bhaineann go sonrach leis an ionstraim’ a scriosadh;

·an córas iarchurtha a chuíchóiriú le córas simplithe atá bunaithe ar mhascadh méide agus ar fhoilsiú iomlán tar éis coicíse chomh maith le deireadh a chur leis na roghanna forlíontacha iarchurtha atá fágtha ag Údaráis Inniúla Náisiúnta (NCAnna) faoin téacs atá in MiFIR faoi láthair;

·maidir leis an fhéidearthacht a tugadh d’údaráis iomaíochta náisiúnta forálacha trédhearcachta MiFIR a chur ar fionraí go sealadach, í sin a iompú ina sásra arna chomhordú ar leibhéal an Aontais;

·lena náirítear an fhéidearthacht cur i bhfeidhm na hoibleagáide trádála díorthach a chur ar fionraí faoi ghearrfhógra, faoi mar is féidir a dhéanamh leis an sásra atá ar fáil in EMIR; agus

·na critéir a úsáidtear chun coibhéis a dheonú d’ionaid trádála tríú tíortha a chomhlánú chun críche na hoibleagáide trádála díorthach le coinníollacha a bhaineann le trédhearcacht agus le rochtain neamh-idirdhealaitheach.

·Cé dó a ndéantar difear leis an gcreat trédhearcachta ísealfheidhmíochta?

Meastar go gcloífidh rannpháirtithe sa mhargadh le rialacha trédhearcachta atá an-chasta, lena n‑áirítear rialacha maidir le tarscaoiltí, iarchuir agus an chaidhpeáil mhéide dhúbhailte a chur i bhfeidhm. Is é an toradh atá air sin ná costais chostasacha riaracháin a dhéanann difear d’iomaíochas foriomlán ardáin an Aontais agus a chuireann ualach míchuí ar rannpháirtithe i margadh an Aontais. Rachadh an sruthlíniú ar na rialacha trédhearcachta chun sochair don phobal infheistíochta ina iomláine trí infhaighteacht sonraí trádála a mhéadú agus trí chostais forghníomhaithe a laghdú. Bheadh praghas-aimsiú níos mó san Aontas mar thoradh air freisin.

Cuireann díoltóirí sonraí leagan comhdhlúite dílseánaigh de shonraí ó níos mó ná foinse amháin ar fáil cheana féin. Mar sin féin, ní raibh aon díoltóir sonraí in ann léargas iomlán a thabhairt ar thrádáil san Aontas in aon aicme sócmhainní. Thairis sin, ós rud é go ndéanann díoltóirí sonraí na réimsí sonraí a léirmhíniú agus go roghnaíonn siad na hionaid a ionchorpraíonn siad, tá difríocht eatarthu, ní hamháin ó thaobh chumhdach an mhargaidh de, ach freisin maidir le leibhéal na sonraí a chuirtear ar fáil, clibeanna sonraí agus soláthróidh siad torthaí difriúla i leith na n‑urrús céanna.

Mar thoradh ar an gcostas a bhaineann le sonraí drochcháilíochta a tháirgeadh agus a normalú, tá costais bhreise agus bíonn bainisteoirí sócmhainní agus punainne ag gearán go bhfuil soláthraithe sonraí ag gearradh táillí arda as a bhfothaí sonraí 21 . Mar thoradh air sin, tá sé an-chostasach do na hinfheisteoirí uile agus dá nidirghabhálaithe a riosca leachtachta agus cur i gcrích trádála a bhainistiú i rith an lae trádála. Ina theannta sin, ní féidir le hinfheisteoirí a gcuid bróicéirí a choinneáil cuntasach as ar bhain siad an forghníomhú is fearr amach dá dtrádálacha, toisc gur gá síntiús a dhéanamh le táirge sonraí dílseánaigh an mhargaidh a tháirgeann díoltóir sonraí nó leis an sruth sonraí dílseánaigh a thairgeann gach stocmhalartán dá ionad, chun an praghas is fearr a fhíorú.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 28 Meitheamh 2019, d’eagraigh an Coimisiún ceardlann a bhí beartaithe chun páirtithe leasmhara a tharraingt isteach i bplé maidir le teilitéip chomhdhlúite AE a chruthú, ina dtabharfaí le chéile thart ar 80 rannpháirtí sa mhargadh chun plé a dhéanamh ar fhiúntas agus ar shaintréithe teicniúla soláthraí teilitéipe comhdhlúite de chuid an Aontais, chomh maith leis na bacainní ar a chruthú. Ba iad na rannpháirtithe a bhí ann saineolaithe ar shonraí trádála nó ar shonraí margaidh ón taobh ceannaigh, díoltóirí sonraí, ionaid trádála, agus ó thaobh rialála de, ÚEUM agus roinnt údaráis inniúil náisiúnta. Go ginearálta, d’aontaigh rannpháirtithe de gach cineál go bhféadfadh uirlis den sórt sin a bheith úsáideach, fiú i gcás ina raibh tuairimí éagsúla ann maidir le tréithe optamacha teilitéipe.

An 17 Feabhra 2020, d’fhoilsigh AS FISMA comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar MiFID/R arb é ab aidhm leis fianaise a bhailiú ó pháirtithe leasmhara, agus ar bhonn níos ginearálta ó shaoránaigh AE, maidir le feidhmiú foriomlán an chórais tar éis dhá bhliain dá chur i bhfeidhm. Go dtí an 18 Bealtaine 2020, bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl trí thairseach suirbhéanna an Aontais ar líne. Thug 458 bpáirtí leasmhar freagra ar an gcomhairliúchán oscailte maidir le roinnt ábhar lena n‑áirítear feidhmiú an chreata trédhearcachta, an teilitéip chomhdhlúite, na hoibleagáidí trádála le haghaidh scaireanna agus na hoibleagáidí trádála díorthach, agus freagraí ag teacht ó thaobh an díola, taobh an cheannaigh, ionaid trádála, soláthraithe sonraí, úsáideoirí deiridh agus ó rialtóirí.

Sa bhreis ar an méid thuas, tá an Coimisiún i bun staidéar gníomhach ar na saincheisteanna atá idir lámha, agus thug sé sainordú staidéar fairsing a dhéanamh air chun é a mheasúnú agus a shainiú ex-ante, agus é mar aidhm dheiridh aige tacú le próiseas cinnteoireachta eolasach.

Ar deireadh, bhí go leor teagmhálacha déthaobhacha ag foireann an Choimisiúin le raon leathan páirtithe leasmhara, go háirithe cuideachtaí a dhéanann speisialtóireacht i gcomhbhailiú sonraí margaidh, rud a rinne a chuid anailíse agus a chur chuige beartais a mhionchoigeartú tuilleadh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra leis an saineolas atá ag údaráis inniúla an Aontais a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála chomh maith le saineolas na n‑oibreoirí margaidh. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar fhorbairtí i ndlínsí eile (go háirithe na Stáit Aontaithe agus Ceanada) a d‘fhorbair a dteilitéipeanna comhdhlúite cheana féin san am atá thart, agus ar na hathruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a bhfuil na dlínsí sin ag smaoineamh orthu le haghaidh a dteilitéipeanna faoi seach. Mheas an Coimisiún na roghanna éagsúla agus tá dearcadh glactha aige faoi an bhféadfaí na roghanna malartacha sin a chur i bhfeidhm ar staid an Aontais.

Measúnú tionchair

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an measúnú tionchair inar díríodh ar chreat a fhorbairt chun sonraí margaidh a chomhdhlúthú 22 . Cumhdaíodh na topaicí eile a áiríodh sa togra cheana féin sna tuarascálacha éagsúla de chuid ÚEUM maidir le feidhmiú chreat MiFIR ina mínítear cén fáth nach raibh siad dírithe ar an measúnú tionchair.

Tá 5 rogha sa mheasúnú tionchair chun comhdhlúthú sonraí margaidh a bhaint amach:

Rogha 1 – Féin-chomhiomlánú. Sainmhínítear féin-chomhbhailitheoirí sonraí margaidh mar rannpháirtithe sa mhargadh a bhailíonn agus a chomhdhlúthaíonn sonraí margaidh dá n‑úsáid inmheánach. Tá sé de chumas ag cruthaitheoirí margaidh leictreonaigh (gnólachtaí trádála ardmhinicíochta) nó ag bainc mhóra infheistíochta a bheith ina bhféin-chomhiomlánaitheoirí. Baileoidh féin-chomhiomlánaitheoirí sonraí margaidh ó mhargaí trádála agus comhdhlúthóidh siad na sonraí sin go díreach ag a n‑áitreabh féin (comhdhlúthú díláraithe). Tar éis dóibh clárú mar ‘fhéin-chomhiomlánaitheoirí’, le ÚEUM, bheadh rannpháirtithe sa mhargadh in ann na sonraí lárnacha (comhchuibhithe) margaidh go léir a bhailiú agus gan an fhaisnéis a chomhdhlúthú ach amháin dá n‑úsáid inmheánach (laghdú ar chomhchuibhiú na gcaighdeán tuairiscithe ar an gcostas a bhaineann le comhdhlúthú sonraí). Ní fhoilseodh féin-chomhbhailitheoirí teilitéip chomhdhlúite. D’fhonn a sheachaint go mbeadh socruithe casta um cheadúnú sonraí margaidh aonair ann, go minic leis na céadta ardán um fhorghníomhú nó na APAnna a fheidhmíonn mar rannchuiditheoirí sonraí, bheadh ar gach foinse sonraí margaidh croí-shonraí caighdeánaithe margaidh a chur ar fáil d’fhéin-chomhiomlánaitheoirí (ranníocaíochtaí éigeantacha).

Rogha 2 – comhdhlúiteoirí iomaíocha. cur chuige díláraithe i leith croí-shonraí margaidh a chomhdhlúthú sa tsamhail chomhdhlúite atá san iomaíocht freisin. Tar éis dóibh clárú le ÚEUM, cheadófaí do chomhdhlúiteoirí iomaíocha sonraí comhchuibhithe margaidh a bhailiú ó fhoinsí aonair sonraí (ionaid trádála, APAnna) agus ansin na sonraí margaidh sin a chomhdhlúthú san ionad sonraí ina bhfuil a shíntiúsóirí lonnaithe (rud a sheachnaíonn comhdhlúthú ag mol lárnach). Tá sé d’aidhm ag samhail dhíláraithe um chomhdhlúthú sonraí aghaidh a thabhairt ar scaipeadh geografach agus aga folaigh trína léiriú go bhfuil gach síntiúsóir sonraí margaidh ag feidhmiú go háitiúil. Mar thoradh air sin, beidh gach síntiúsóir in ann breathnú ar an bpraghas is fearr atá ar fáil óna shuíomh geografach. Is é is aidhm don tsamhail dhíláraithe cáineadh coiteann a dhéantar i leith teilitéipe comhdhlúite a neodrú: réaltacht áitiúil atá i ‘bhforghníomhú is fearr’, réaltacht atá fíor ag nóiméad amháin, le haghaidh suíomh sonrach amháin ina bhfuil an bróicéir forghníomhaitheach suite.

Rogha 3 – comhdhlúiteoirí arna n‑oibriú ag malartán Oibríonn an comhdhlúiteoir arna oibriú ag malartán ‘samhail ghathach’ láraithe. Leis an gcur chuige sin, bheadh gach stocmhalartán ina chomhdhlúiteoir eisiach sonraí i ndáil le scaireanna nó ionstraimí eile arna liostú ar a mhalartán. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh malartáin liostúcháin na gcomhdhlúiteoirí (an ‘mol’) le haghaidh na sonraí margaidh go léir a bhaineann lena liostú (na ‘hurrúis intuairiscithe’). Go praiticiúil, thabharfadh Rogha 3, e.g., teilitéip ar leith do gach malartán Eorpach liostaithe (is samplaí iad Euronext, Deutsche Börse, NASDAQ OMX, BME, stocmhalartán Vín, stocmhalartán Vársá).

Rogha 4 – comhdhlúiteoir aonair neamhspleách le haghaidh gach aicme sócmhainní. D’oibreodh an comhdhlúiteoir aonair “samhail ghathach” láraithe le haghaidh gach aicme sócmhainní (scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus díorthaigh). Leis an gcur chuige sin, bhaileodh comhdhlúiteoirí sonraí eisiacha sonraí maidir le stoic shonracha ó ionaid atá scartha go geografach, dhéanfadh siad na sonraí a chomhdhlúthú in aon lárionad sonraí láraithe amháin, agus scaipfidís iad ansin ó shuíomh lárnach den sórt sin chuig síntiúsóirí atá in áiteanna eile. Dá bhrí sin, i gcomparáid le samhail oibriúcháin dhíláraithe, ní bheadh samhail láraithe chomh cruinn céanna ó thaobh tráthúlacht na luachana réamhthrádála a chuirtear ar fáil ar an teilitéip chomhdhlúite ach ráthódh sé níos mó comhtháthaithe sonraí agus d’oibreodh sé scéim rannpháirtíochta ioncaim níos éifeachtúla.

Rogha 5 – riail an chomhchruinnithe. Tá an trádáil ar fad i scaireanna liostaithe dírithe ar an malartú liostúcháin (i gcás neamh-chomhionannais ar an bpríomhionad leachtachta atá ann cheana), níl aon ghá le comhdhlúthú ar chroí-shonraí an mhargaidh le comhdhlúteoir sonraí margaidh urrús eisiach nó neamheisiach. Ní bheadh cruthú teilitéipe comhdhlúite i gceist leis an rogha seo. Bheadh sé d’aidhm ag an rogha seo sreabhadh sonraí margaidh a chomhdhlúthú (go hindíreach) trí thrádáil in aicmí sócmhainní áirithe a dhíriú ar ardáin forghníomhaithe ainmnithe.

Na roghanna tosaíochta maidir le comhdhlúthú sonraí margaidh:

Is iad Rogha 1.2 (comhdhlúiteoirí iomaíocha) agus rogha 1.4 (comhdhlúiteoir neamhspleách aonair) an dá rogha tosaíochta. I dtéarmaí cáilíocht is fearr na sonraí margaidh agus seachadadh tráthúil a bhaint amach, tá buntáiste beag ag an tsamhail comhdhlúthaithe díláraithe i Rogha 1.2 thar an gcomhdhlúthú láraithe (Rogha 1.4). Ar an taobh eile, leis an tairiscint iomaíoch i Rogha 1.4, tugtar níos mó discréide do ÚEUM ról an chomhdhlútheora a bhronnadh ar iontrálaí iomlán nua sa mhargadh. Leis sin, d’fhéadfaí comhdhlúiteoir a roghnú atá go hiomlán neamhspleách ar rannchuiditheoirí sonraí margaidh agus ar chuideachtaí sonraí margaidh araon agus a fheidhmíonn scéim rannpháirtíochta ioncaim níos éifeachtúla.

Os a choinne sin, is é is dóichí go dtabharfadh rogha 1.2, deis do chuideachtaí sonraí margaidh atá ann cheana a gcuid saineolais maidir le comhiomlánú sonraí a ghiaráil sa mhargadh nua de shonraí comhdhlúite. Cé go bhfágann sé sin gur féidir teacht isteach a éascú agus costais a leagan amach agus a oibriú a d’fhéadfadh a bheith níos ísle, tá an baol ann go mbeidh go leor de na comhdhlúiteoirí atá ag teacht chun cinn ina gcuid de ghrúpaí airgeadais bunaithe agus, dá bhrí sin, nach mbeidh siad saor ó choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann.

Maidir le luach saothair cothrom a áirithiú do rannchuiditheoirí sonraí margaidh, rinneadh trí rogha a mheas sa mheasúnú tionchair:

Rogha 2.1 – Ranníocaíochtaí éigeantacha a bhfuil ‘spriocanna íosta ioncaim’ ag gabháil leo a bheidh ar chomhdhlúiteoirí sonraí margaidh. Bheadh ar gach foinse sonraí margaidh croí-shonraí caighdeánaithe margaidh a chur ar fáil do chomhiomlánaitheoirí sonraí margaidh (rannchuidiú éigeantach). D’fhonn ioncam breise a chruthú le leithdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí margaidh, bheadh ‘spriocanna íosta ioncaim’ mar chuid den phróiseas roghnúcháin do chomhdhlúiteoir aonair (Rogha 1.4) nó mar chuid den phróiseas clárúcháin do chomhdhlúiteoirí iomaíocha (Rogha 1.2). Bhunódh coiste oibriúcháin neamhspleách na spriocanna íosta ioncaim agus dhéanfadh an coiste iad a athbhreithniú go rialta. Leis na spriocanna ioncaim, chuirfí san áireamh úsáidí éagsúla a dhéanann síntiúsóirí den teilitéip chomhdhlúite agus chuirfí san áireamh paraiméadair ábhartha amhail athdháileadh tráchtála, tagairt praghsanna, innéacsú, sindeacáitiú, agus díol sonraí margaidh le heagraíochtaí meán. D’fhéadfaí na spriocanna ioncaim i ndáil le húsáideoirí gairmiúla a shocrú ar leibhéil a bheadh leordhóthanach chun an costas a bhaineann le rochtain ar mhiondíol a dheonú ar chostas íosta nó ar chostas ar bith a fhóirdheonú go mór.

Rogha 2.2 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le táillí síntiúis reachtúla. Chuimseofaí le Rogha 2.2 íostáillí síntiúis reachtúla le haghaidh fothaí sonraí margaidh comhdhlúite. Trína cheangal go mbeidh ranníocaíochtaí éigeantacha ag brath ar ‘shamhail rannpháirtíochta ioncaim’ féachtar le comóntacht leasa a chruthú idir rannchuiditheoirí sonraí margaidh agus comhdhlúiteoirí sonraí margaidh. Trí íosluachanna a shocrú le haghaidh úsáid na gcroí-shonraí margaidh, baineann rannchuiditheoirí sonraí margaidh tairbhe as rath tráchtála sruthanna sonraí margaidh comhdhlúite agus roinneann siad an baol go mbeidh rath ar an táirge comhdhlúite margaidh i gcomhar le comdhlúiteoirí sonraí margaidh. Dhéanfadh coiste oibriúcháin neamhspleách na táillí síntiúis a dhearadh agus a athbhreithniú go rialta.

Rogha 2.3 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le cúiteamh trí bhíthin ‘táille úsáide praghais tagartha’. Beartaítear le Rogha 2.3 cúiteamh a áirithiú do rannchuiditheoirí sonraí margaidh trí bhíthin táille úsáide do gach ionad forghníomhaithe nach gcuireann le foirmiú praghsanna sna margaí cothromais (‘trádáil dorcha’). Go teicniúil, sainmhínítear ‘trádáil anaithnid’ mar chineál trádála nach bhfuil trédhearcach roimh thrádáil – ní fhoilsítear aon luachan agus déantar trádálacha ag an bpraghas tagartha a shocraítear ag ardáin forghníomhaithe an phríomhmhargaidh a dhéanann na trádálacha a mheaitseáil trí phraghas tagartha ‘arna allmhairiú’ ón malartán liostúcháin a úsáid a úsáid. Níor mhór d’úsáideoirí tharscaoileadh an phraghais tagartha an praghas tagartha a ‘cheannach’ trí bhíthin táille mhíosúil ‘ad valorem’ a bheadh le híoc (ar ais chuig an malartán liostúcháin) le hoibreoir na teilitéipe comhdhlúite.

Sa deireadh, is í Rogha 2.1 an rogha thosaíochta maidir le luach saothair sonraí margaidh toisc gurb í an rogha is lú a chuireann isteach ar shamhail ghnó an chomhdhlúiteora, agus ag an am céanna áirithítear sruth ioncaim i gcomhréir leis an rogha ioncam is féidir a ghiniúint le Rogha 2.2 nó le Rogha 2.3. I gcomparáid leis an gcastacht a bhaineann le táillí síntiúis aonair a shocrú go lárnach, ceadaítear le Rogha 2.1 níos mó saoirse tráchtála maidir le táillí síntiúis a bhunú agus a athbhreithniú. 

Rogha fhoriomlán beartais maidir le comhdhlúthú agus luach saothair cothrom

Maidir leis an meascán is fearr a bhaint amach lena n‑áirithítear ardcháilíocht sonraí margaidh agus seachadadh tráthúil, is é an próiseas tairisceana iomaíoch maidir le Rogha 1.4 an modh is iomchuí chun iomaíocht a áirithiú le haghaidh an mhargaidh nua chun an bonneagar riachtanach a bhunú atá riachtanach i gcomhair chomhdhlúthú sonraí margaidh. Os a choinne sin, is féidir go leor de na gnéithe dearfacha a bhaineann le Rogha 1.2 a choinneáil, ag céim níos déanaí b’fhéidir, trí mhargadh nua ‘iartheachtach’ a chruthú chun sonraí margaidh a fhoilsiú agus anailísíocht sonraí a chur chun cinn, ar margadh é a bheadh oscailte d’iomaíocht. Is le Rogha 2.1 (samhail rannpháirtíochta ioncaim) is fearr a áirithítear rannpháirtíocht ioncaim le haghaidh rannchuiditheoirí sonraí margaidh.

Na tionchair is dóichí a bheidh ag an rogha tosaíochta

Na tionchair dhearfacha a bheadh ag deireadh a chur leis na bacainní ar chomhdhlúthú sonraí margaidh, d’fhabhródh siad chuig infheisteoirí, chuig taobh an cheannaigh, agus sna margaí caipitil. Bheadh an taobh ceannaigh (i.e. infheisteoirí i margaí caipitil) ar na príomhthairbhithe a bhaineann tairbhe as comhdhlúthú sonraí margaidh mar áiritheofar le teilitéip chomhdhlúite go bhfaighidh infheisteoirí agus a mbainisteoirí infheistíochta forléargas iomlán ar an leachtacht iomlán in aon ionstraim airgeadais ar leith a chuirfidh ar a gcumas ar deireadh buntáiste iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair.

Trí dheireadh a chur le bacainní ar chruthú teilitéipe comhdhlúite, dreasófar bainisteoirí sócmhainne agus punainne chun go n‑áireofaí sna punanna (meascán de) na hionstraimí is fearr atá ar fáil san Aontas agus ní hamháin an ionstraim atá ar fáil ar na hionaid sin (nach bhfuil ach cúpla ceann díbh ann) a bhfuil na bainisteoirí rannpháirteach ina sonraí margaidh faoi láthair. Bheadh an t‑eolas acu a ligfeadh dóibh a chinneadh an gá dóibh a bheith ina gcomhaltaí d’ionaid (eile), nuair a sholáthraíonn na hionaid sin na táirgí is fearr dá gcuspóir. Feidhmeoidh sé mar threoir thábhachtach don trádálaí taobh ceannaigh maidir le measúnú a dhéanamh ar a chinntí trádála agus lena chinntí trádála a dhéanamh agus a pharaiméadair algartamacha a chur ar bun.

Is é an buntáiste atá ag an bpríomhinfheisteoir (bainisteoir taobh ceannaigh) riosca leachtachta agus sciorradh a sheachaint. I gcás cothromais, shainaithin 56 % de na bainisteoirí sócmhainní a ghlac páirt i suirbhé a rinne MSP 23 sciorradh idir 0-0.5 bonnphointe an luacha bhliantúil arna thrádáil mar phríomhiarmhairt ar easpa trédhearcachta maidir le leachtacht sa mhargadh. Dá seachnófaí an sleamhnú sin, bheadh gnóthachain suas le EUR 1.06 billiún ag infheisteoirí.

I gcás bannaí, bheadh gnóthachain fhéideartha ó dhearcadh comhdhlúite ar an margadh níos mó fós. Is amhlaidh atá toisc gur mó i bhfad na caillteanais a mheastar a bheidh ann mar gheall ar sciorradh ná na meastacháin thuas ar scaireanna. 60 % de bhainisteoirí sócmhainní bannaí ar cuireadh agallamh orthu mar chuid de staidéar MSP, mheas siad go mbeadh costais sciorrtha suas le 5 bonnphointe ann, mheas 25 % díbh go mbeadh costais sciorrtha suas le 10 bonnphointe ann, agus mheas 11 % go mbeadh sciorradh suas le 50 bonnphointe ann. Ní féidir sciorradh a chainníochtú i ndearbhthéarmaí toisc nach bhfuil aon sonraí iontaofa ann don luach trádála i mbannaí.

Is féidir na tairbhí féideartha a thuar i gcás margaí rialáilte freisin, toisc go bhfeabhsófaí leibhéal infheictheachta na scaireanna leis an teilitéip, go háirithe scaireanna FBManna, a liostófar ar ionaid den sórt sin a mbeidh infheictheacht níos leithne acu ná a gcuid margaí áitiúla féin chomh maith le méadú iarmhartach ar leachtacht. Leis an infheictheacht mhéadaithe sin, méadaítear mealltacht na n‑infheistíochtaí agus na féidearthachtaí a bhaineann leis na scaireanna a áireamh i gcistí infheistíochta nó i bpunanna infheistíochta. Mar thoradh ar scaireanna FBManna a bheith níos tarraingtí, d’fhéadfadh an teilitéip chomhdhlúite cur leis an éifeachtacht a bhaineann le caipiteal a thiomsú do FBManna. 

Cearta bunúsacha

Leis an togra urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an prionsabal lena mbunaítear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí le haghaidh shaoránaigh an Aontais (Airteagal 38). Gan an coinníoll a chruthú chun teilitéip chomhdhlúite a chruthú san Aontas, d’fhéadfadh sé go bhfanfadh cliaint mhiondíola gan uirlis chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialach maidir leis an bhforghníomhú is fearr ag a gcuid bróicéirí agus chun raon níos mó deiseanna infheistíochta a thabhairt dóibh, go háirithe i mBallstáit áirithe ina bhfuil ionaid trádála níos lú agus ina dtairgtear níos lú deiseanna infheistíochta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar ag an tionscnamh ar bhuiséad an Aontais. Is í an earnáil phríobháideach a chuirfidh an teilitéip chomhdhlúite ar fáil, faoi mhaoirseacht ÚEUM. Níl tionchar ag na gnéithe eile a dtéann an togra i ngleic leo ar bhuiséad an Aontais ach oiread.

5.EILIMINTÍ EILE

Seachas na forálacha maidir le comhdhlúthú sonraí margaidh agus feidhmiú soláthraithe teilitéipe comhdhlúite do na príomhaicmí sócmhainní MiFIR, scaireanna, ETFanna, bannaí agus díorthaigh, tá sraith beart tionlacain sa togra arb é is aidhm dóibh trédhearcacht agus iomaíochas mhargaí caipitil an Aontais a neartú.

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Sa togra maidir le MiFIR tá faireachán agus meastóireacht ar fhorbairt mhargadh comhtháite de chuid an Aontais le haghaidh sonraí comhdhlúite margaidh. Cumhdófar leis an bhfaireachán éabhlóid na samhlacha oibriúcháin le haghaidh teilitéip chomhdhlúite a úsáidtear agus cén chaoi a n‑éireoidh le rochtain uilíoch ar shonraí comhdhlúite margaidh a éascú don phobal infheisteoirí i gcoitinne. Beidh an faireachán dírithe go háirithe ar na haicmí sócmhainní a bhfuil teilitéip chomhdhlúite tagtha chun cinn ina leith; tráthúlacht agus cáilíocht seachadta an chomhdhlúthaithe sonraí margaidh; an ról atá ag comhdhlúthú sonraí margaidh maidir le gannchion cur chun feidhme a laghdú de réir aicme sócmhainne; líon na síntiúsóirí le sonraí comhdhlúite margaidh de réir aicme sócmhainne; an rath atá ar shamhlacha leithdháilte ioncaim le haghaidh margaí rialáilte as a rannchuidiú ó shonraí margaidh i scaireanna; an éifeacht atá ag comhdhlúthú sonraí margaidh ar neamhshiméadrachtaí faisnéise a leigheas idir rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh caipitil; agus an éifeacht ar rochtain níos daonlathaí ar shonraí comhdhlúite margaidh maidir le hinfheistíochtaí in FBManna.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1(1) leasaítear gnéithe áirithe d’ábhar agus de raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an oibleagáid atá ar chórais iltaobhacha ceadúnas ionaid trádála a bheith acu agus iad ag oibriú.

Is forálacha aistritheacha iad Airteagal 1(2)(a) maidir leis an dealú idir córais iltaobhacha agus déthaobhacha ó MiFID II go MiFIR d’fhonn leibhéal níos airde comhchuibhithe a fháil arb é is aidhm dó trédhearcacht a mhéadú mar thoradh air sin.

In Airteagal 1(2)(b)(c)(d) tá sainmhínithe nua, go háirithe na sainmhínithe sin atá riachtanach chun sonraí margaidh a chomhdhlúthú, amhail an sainmhíniú ar chroí-shonraí margaidh.

Le hAirteagal 1(3) beartaítear íosmhéid trádála tairsí a thionscnamh le haghaidh tharscaoileadh an phraghais tagartha (RPW) lena gcoiscfear aon ionad trádála malartach (MTFanna) ó mhéideanna beaga trádála a fhorghníomhú faoi tharscaoileadh an phraghais tagartha, i gcomhréir le moltaí ÚEUM.

Cuirtear Airteagal 1(4) in ionad na caidhpe méide dúbailte le caidhpeáil méide aonair arna socrú ag 7 % de na trádálacha a dhéantar faoin tarscaoileadh praghsanna tagartha nó faoin tarscaoileadh trádála caibidlithe.

In Airteagal 1(6) giorraítear agus comhchuibhítear iarchur foilseacháin i gcás tuarascálacha iarthrádála neamhchothromais don phobal. Baintear freisin de rogha na n‑údarás inniúil náisiúnta cead a thabhairt tuarascálacha iarthrádála ar neamhchothromais a chur siar ar feadh 4 seachtaine, trí thairseacha ar fud an Aontais a chur ina n‑ionad. Is maidir le fiachas ceannasach, agus maidir leis an bhfiachas ceannasach amháin, a bhfuil rogha ag na húdaráis inniúla náisiúnta ina leith i gcónaí.

Le hAirteagal 1(7) tugtar de chumhacht do ÚEUM ábhar, formáid agus téarmaíocht choincheap an bhoinn tráchtála réasúnaigh a shonrú, ar coincheap é a léirmhíníodh ar bhealaí atá an-éagsúil ó chéile.

Le hAirteagal 1(8) agus (9) neartaítear oibleagáidí an phobail maidir le luachana atá ar inmheánaitheoir córasach (SI). Leis an bhforáil nua sin cuirtear le hoibleagáid luachana réamhthrádála SI a bhaineann le cothromais chun luachana le haghaidh mhéideanna trádála a chumhdach suas le híosmhéid dhá oiread mhéid caighdeánach an mhargaidh. Moltar ann freisin urlár RPW a mhacasamhlú i gcás trádálacha arna ndéanamh ag SI gan trédhearcacht réamhthrádála. I gcomhréir leis an urlár ar an RPW, ní cheadófar SInna a mheaitseáil le trádálacha beaga ag lárphointe.

Le hAirteagal 1(10) tugtar isteach an oibleagáid ar ionaid trádála sonraí comhchuibhithe margaidh a chur go díreach agus go heisiach leis na heintitis arna gceapadh ag ÚEUM mar CTP le haghaidh gach aicme sócmhainní (ranníocaíochtaí sainordaitheacha). Le hAirteagal 1(10) déantar na formáidí tuairiscithe trádála agus na hoibleagáidí tuairiscithe do SIanna a ailíniú freisin leis na formáidí tuairiscithe trádála agus na hoibleagáidí tuairiscithe is infheidhme maidir le malartuithe agus ionaid forghníomhaithe mhalartacha (MTFanna/OTFanna). Bainfear é sin amach trí bhíthin gníomh tarmligthe lena gceanglófar go mbeidh an fhormáid tuairiscithe reatha a úsáideann na malartáin (an Tíopeolaíocht Samhail-Mhargaidh nó ‘MMT’) , go mbeidh sí éigeantach i gcás gach tuarascála ar shonraí margaidh SI. Ina theannta sin, le hAirteagal 1(10) déantar sainordú na gclog gnó a shioncrónú thar ionaid trádála agus a gcomhaltaí a leathnú chuig inmheánaitheoirí córasacha, APAnna agus CTPanna (Airteagal 22c).

Le hAirteagal 1(11) códaítear imlíne na hoibleagáide maidir le trádáil scaireanna (STO). I gcomhréir leis na tograí ó ÚEUM ina thuarascáil deiridh maidir leis an gcóras trédhearcachta i gcomhair ionstraimí cothromais, de réir an chur chuige ina ráiteas, sainmhínítear san airteagal seo imlíne an STO mar scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh atá rialaithe ag LEE, agus bunaítear leis ‘liosta oifigiúil’ de chuid an Aontais de scaireanna atá faoi réir STO, agus seachnaítear na débhríochtaí atá ann faoi láthair i gcomhthéacs chur i bhfeidhm STO.

Tugtar isteach roinnt athruithe teicniúla in Airteagal 1(12), (13) agus (14) maidir le tuairisciú idirbheart agus sonraí tagartha.

Le hAirteagal 1(15) tugtar isteach nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite a cheapadh le haghaidh gach aicme sócmhainne (scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus díorthaigh).

Le hAirteagal 1(16) tugtar isteach foráil maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na caighdeáin cháilíochta seirbhíse a bhfuil feidhm acu maidir le gach CTP arna roghnú agus arna cheapadh ag ÚEUM (Airteagal 27h). Áirítear an méid seo a leanas leis na ceanglais le haghaidh an CTP: (a) croí-shonraí margaidh comhdhlúite a bhailiú; (b) táillí ceadúnúcháin a bhailiú ó shíntiúsóirí; agus (c) do scaireanna scéime rannpháirtíochta ioncaim le haghaidh margaí rialáilte i gcomhair a rannchuidiú sonraí margaidh.

Le hAirteagal 1(17) tugtar isteach Airteagal 27ha nua ina bhfuil sraith oibleagáidí maidir le tuairisciú poiblí atá de dhualgas ar na CTPanna. Baineann na hoibleagáidí tuairiscithe sin le ceanglais ar leibhéal seirbhíse maidir le gnéithe cáilíochta, e.g., maidir le luas seachadta, agus tuarascálacha maidir le hathléimneacht oibríochtúil.

Le hAirteagal 1(18), (19) agus (20) déantar coigeartú ar na hoibleagáidí trádála díorthach i gcomhréir leis na moltaí arna ndéanamh ag ÚEUM. Déantar an oibleagáid trádála atá ar chontrapháirtithe chun díorthaigh a thrádáil, ar díorthaigh iad atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ar ionaid trádála nuair a dhearbhaítear go bhfuil aicme díorthach faoi réir na hoibleagáide imréitigh. I bhfianaise an dlúthnaisc sin, leis an leasú déantar an oibleagáid trádála díorthach faoi MiFIR a ailíniú leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach faoi ‘Refit EEMIR’ 24 , chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú idir an dá oibleagáid, go háirithe maidir le raon feidhme na neintiteas atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh agus trádála agus maidir leis na hoibleagáidí sin a d’fhéadfaí a chur ar fionraí. Le hAirteagal 1(20) tugtar isteach Airteagal 32a nua ina bhfuil sásra fionraíochta aonair lenar féidir leis an gCoimisiún an oibleagáid trádála a chur ar fionraí i gcás gnólachtaí infheistíochta áirithe atá ag gníomhú mar chruthaitheoirí margaidh le contrapháirtithe neamh-LEE nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe. Is féidir an sásra a ghníomhachtú arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit agus bíonn sé i bhfoirm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ní mór fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha fionraí a bheith ag gabháil leis an bhfionraí.

Le hAirteagal 1(21), (22) agus (23) cuirtear deireadh leis an oibleagáid maidir le ‘rochtain oscailte’ le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Ní bheadh sé d’oibleagáid a thuilleadh ar bhonneagair imréitigh san Aontas trádálacha díorthach nach gcuirtear i gcrích ar a n‑ardán trádála atá comhtháite go hingearach a imréiteach. Ar an dóigh chéanna, ní gá d’ionaid trádála san Aontas glacadh a thuilleadh leis go ndéanfar trádálacha soiléire bonneagair imréitigh ar a n‑ardán.

Áirithítear le hAirteagal 1(24) agus le hAirteagal 1(25) go mbeidh cumhachtaí maoirseachta leordhóthanacha ag ÚEUM le haghaidh na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite.

Le hAirteagal 1(26) toirmisctear ar SIanna íocaíocht a thairiscint i leith sreabhadh orduithe (miondíola) (PFOF). Trí dheireadh a chur le bacainní ar chruthú teilitéipe comhdhlúite, dreasófar bainisteoirí sócmhainne agus punainne chun go n‑áireofaí sna punanna atá faoina mbainistíocht (meascán de) na hionstraimí is fearr atá ar fáil san Aontas agus ní hamháin an ionstraim atá ar fáil ar na hionaid sin (nach bhfuil ach cúpla ceann díbh ann) a bhfuil na bainisteoirí rannpháirteach ina sonraí margaidh faoi láthair. Táthar ag súil, in éagmais PFOF, go gcuirfear orduithe miondíola chuig margadh trédhearcach réamhthrádála (margadh rialáilte nó MTF) lena fhorghníomhú. In éineacht leis an oibleagáid mhéadaithe luachála réamhthrádála le haghaidh SI, bheadh ar na heintitis sin an sreabhadh miondíola ‘a thuilleamh’ trí luachana iomaíocha réamhthrádála a fhoilsiú. Ar an toimhde gurb ionann sreabhadh ordaithe miondíola agus aon rud idir 7 % agus 10 % de mhéideanna foriomlána laethúla agus an méadú a bhfuil coinne leis ar bhróicéireacht ar líne, geallann an toirmeasc ar PFOF cáilíocht an fhorghníomhaithe a mhéadú d’infheisteoirí miondíola agus trédhearcacht réamhthrádála na n‑ardán forghníomhaithe go léir a fhorghníomhaíonn orduithe miondíola a mhéadú.

Le hAirteagal 1(27) tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán.

Le hAirteagal 1(28)(a), cuirtear de chúram ar ÚEUM an oibleagáid atá air faireachán a dhéanamh ar thuairisciú a chur ar fáil.

Le hAirteagal 1(28)(b) agus (29) scriostar beart idirthréimhseach agus an chumhacht a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh bunaithe ar chreat CTP a chuirfear ina ionad.

Foráiltear in Airteagal 2 go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm agus go gcuirfear i bhfeidhm é ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe.

2021/0385 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ann ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 25 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 26 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Plean Gníomhaíochta 2020 um Aontas na Margaí Caipitil 27 , d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige togra reachtach a chur síos chun bunachar sonraí láraithe a chruthú, bunachar sonraí a bhí in ainm agus léargas cuimsitheach a thabhairt ar phraghsanna agus ar an méid cothromais agus ar phraghsanna agus ar an méid ionstraimí airgeadais a fheidhmíonn mar a bheadh cothromas ann a thrádáiltear san Aontas ar fud an iliomad ionad trádála (‘teilitéip chomhdhlúite’). Ar an 2 Nollaig 2020, i gConclúidí ón gCoimisiún maidir lena Phlean Gníomhaíochta um Margaí Caipitil an Aontais 28 , spreag an Chomhairle an Coimisiún chun níos mó gníomhaíocht infheistíochta a chothú san Aontas trí infhaighteacht agus trédhearcacht sonraí san Aontas a fheabhsú trí mheasúnú breise a dhéanamh ar an gcaoi chun dul i ngleic leis na bacainní atá ann ar theilitéip chomhdhlúite a bhunú san Aontas.

(2)Leis an treochlár maidir le ‘Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’ an 19 Eanáir 2021 29 , dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige trédhearcacht margaí caipitil a fheabhsú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar chuid den athbhreithniú ar Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 . Mar chuid de na hiarrachtaí chun ról idirnáisiúnta an Euro a láidriú, d’fhógair an Coimisiún freisin go náireofaí leis an athchóiriú sin teilitéip chomhdhlúite a cheapadh agus a chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh eisiúintí bannaí corparáide, chun leachtacht na trádála tánaistí in ionstraimí fiachais atá ainmnithe in euro a mhéadú.

(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , déantar foráil maidir le creat reachtach le haghaidh ‘soláthraithe teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTPanna’, le haghaidh cothromais agus neamhchothromais araon. Tá na CTPanna sin freagrach as sonraí margaidh faoi ionstraimí airgeadais a bhailiú ó ionaid trádála agus ó shocruithe formheasta maidir le foilsiú (‘APAnna’) agus as na sonraí sin a chomhdhlúthú ina sruth sonraí beo leictreonach leanúnach, lena soláthraítear sonraí margaidh in aghaidh na nionstraimí airgeadais. Ba é an smaoineamh a bhí taobh thiar de CTP a thabhairt isteach go gcuirfí sonraí margaidh ó ionaid trádála agus ó APAnna ar fáil don phobal ar bhealach comhdhlúite, lena náirítear margaí trádála uile an Aontais, trí chlibeanna sonraí, formáidí agus comhéadain úsáideora chomhionanna a úsáid.

(4)Go dtí seo, áfach, ní dhearna aon eintiteas faoi mhaoirseacht iarratas ar údarú chun gníomhú mar CTP. D’aithin ÚEUM trí mhórbhacainn lena gcuirtear cosc ar eintitis faoi mhaoirseacht iarratas a dhéanamh ar chlárú mar CTP 33 . Ar an gcéad dul síos, tá easpa soiléireachta ann faoin gcaoi a bhfuil an CTP le sonraí margaidh a fháil ó na hionaid forghníomhaithe difriúla nó ó na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann. Ar an dara dul síos, tá easpa cáilíochta i dtéarmaí an chomhchuibhithe a dhéantar ar na sonraí a thuairiscíonn na hionaid fhorghníomhaithe sin chun comhdhlúthú atá costéifeachtach a dhéanamh. Ar an tríú dul síos, tá easpa dreasachtaí tráchtála ann chun iarratas a dhéanamh ar údarú mar CTP. Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur leis na bacainní sin. Chuige sin, ceanglaítear ar na hionaid trádála uile agus ar na hinmheánaitheoirí córasacha (‘SInna’) sonraí margaidh a sholáthar do CTPanna (an riail soláthair). Ar an dara dul síos, ceanglaítear go gcuirfear feabhas ar an gcáilíocht sonraí trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na tuarascálacha sonraí ba cheart do na hionaid trádála agus SInna a chur faoi bhráid an CTP.

(5)Maidir le córais inar féidir le roinnt leasanna trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais idirghníomhú le chéile, ceanglaítear le hAirteagal 1(7) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , ar oibreoirí na gcóras sin oibriú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le margaí rialáilte (‘RManna’), saoráidí trádála iltaobhacha (‘MTFanna’) nó saoráidí trádála eagraithe (‘OTFanna’). Mar gheall ar an áit ar cuireadh an ceanglas sin i dTreoir 2014/65/AE, is féidir an ceanglas sin a léirmhíniú ar bhealaí difriúla, rud a fhágann nach bhfuil cothrom iomaíochta ann idir na córais iltaobhacha a cheadúnaítear mar RM, MTF nó OTF agus córais iltaobhacha nach gceadúnaítear amhlaidh. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an cheanglais sin a áirithiú, ba cheart é a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(6)Le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceadaítear do na húdaráis inniúla na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála a tharscaoileadh le haghaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu agus a chinneann a bpraghsanna trí thagairt a dhéanamh don phraghas lárphointe sa bhunmhargadh nó sa mhargadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta. Toisc nach bhfuil aon údar leis na horduithe beaga a eisiamh ó leabhar orduithe trédhearcach agus chun an trédhearcacht réamhthrádála a mhéadú agus ar an gcaoi sin, an próiseas socraithe praghsanna a dhaingniú, ba cheart an tarscaoileadh sin a bheith infheidhme maidir le horduithe atá dhá oiread níos mó ná an mhéid chaighdeánach mhargaidh nó níos mó ná sin arís. I gcás ina soláthrófar praghsanna tairgthe agus tairisceana leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna), praghsanna ónar féidir lárphointe a dhíorthú, ba cheart an tarscaoileadh praghais tagartha a bheith ar fáil do na córais a dhíorthaíonn an praghas lárphointe ón teilitéip chomhdhlúite.

(7)Is éard atá sa trádáil anaithnid trádáil a dhéantar gan trédhearcacht réamhthrádála, ina núsáidtear an tarscaoileadh praghais tagartha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus an tarscaoileadh trádála réamhshocraithe a leagtar síos in Airteagal 4(a), pointe (a), pointe (i) den Rialachán sin. Caidhpeáiltear úsáid an dá tharscaoileadh leis an gcaidhpeáil méide dhúbailte (‘DVC’). Is sásra é DVC lena dteorannaítear an leibhéal trádála anaithnide do sciar áirithe den trádáil iomlán in ionstraim chothromais. Ní fhéadfaidh an méid trádála anaithnide a dhéantar in ionstraim chothromais ar ionad aonair a bheith níos mó ná 4 % den trádáil iomlán a dhéantar san ionstraim sin san Aontas. I gcás ina sáraítear an tairseach sin, cuirtear an trádáil anaithnid san ionstraim sin ar an ionad sin ar fionraí. Ar an dara dul síos, ní fhéadfaidh an méid trádála anaithnide a dhéantar in ionstraim chothromais san Aontas a bheith níos mó ná 8 % den trádáil iomlán san ionstraim sin san Aontas. I gcás ina sáraítear an tairseach sin, cuirtear an trádáil anaithnid san ionstraim sin ar fionraí. Fágann an tairseach ionad-shonrach gur féidir leanúint de na tarscaoiltí sin a úsáid ar ardáin eile nár cuireadh an trádáil san ionstraim chothromais sin ar fionraí orthu go fóill, go dtí go sáraítear an tairseach uile-Aontais. Bíonn castacht ag baint leis sin i dtéarmaí faireachán a dhéanamh ar na leibhéil trádála anaithnide agus an fionraí a chur chun feidhme. Chun an chaidhpeáil méide dhúbailte a shimpliú ach éifeachtacht na caidhpeála a choimeád, ba cheart don chaidhpeáil méide nua aonair a bheith ag brath ar an tairseach uile-Aontais amháin. Ba cheart an tairseach sin a ísliú go 7 % chun cúiteamh a dhéanamh ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar an trádáil faoi na tarscaoiltí sin mar thoradh ar dheireadh a chur leis an tairseach ionad-shonrach .

(8)Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar na hionaid trádála an fhaisnéis a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí neamhchothromais a fhoilsiú, lena náirítear an praghas agus an toirt. In Airteagal 11 den Rialachán sin, tá na forais lenar féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta foilsiú iarchurtha na sonraí sin a cheadú. Ceadaítear foilsiú na sonraí sin a iarchur i gcás ina bhfuil idirbheart níos mó ná an tairseach mhéide le haghaidh idirbhearta atá ar scála mór agus ina bhfuil sé in ionstraim nach bhfuil aon mhargadh leachtach ann chuige, nó i gcás ina bhfuil an tidirbheart níos mó ná an mhéid atá sonrach don tairseach ionstraime i gcás ina mbaineann an tidirbheart le soláthróirí leachtachta. Tá rogha ag na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le fad na tréimhse iarchurtha agus maidir le sonraí na nidirbheart is féidir a iarchur. Mar gheall ar an rogha sin, tá cleachtais dhifriúla in úsáid sna Ballstáit agus tá foilseacháin trédhearcachta iarthrádála neamhéifeachtacha ann. Chun trédhearcacht maidir le gach cineál infheisteora a áirithiú, is gá an córas iarchurtha a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, deireadh a chur leis an rogha ar an leibhéal náisiúnta agus comhdhlúthú sonraí margaidh a éascú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceanglais trédhearcachta iarthrádála a dhaingniú trí dheireadh a chur leis an rogha atá ag na húdaráis inniúla.

(9)Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a áirithiú, ba cheart praghas idirbhirt neamhchothromais a fhoilsiú a ghaire agus is féidir don fhíor-am agus níor cheart moill a chur air ach go dtí deireadh an lae trádála ar a dhéanaí. Chun nach nochtfar soláthróirí leachtachta do riosca míchuí áfach, ba cheart a bheith in ann méideanna idirbheart a fholú ar feadh tréimhse ghairid, tréimhse nár cheart a bheith níos faide ná coicís. Ba cheart calabrú cruinn na mbuicéad difriúil a chomhfhreagraíonn do na hiarchuir ama dhifriúla a fhágáil faoi ÚEUM mar gheall ar an saineolas teicniúil is gá chun an calabrú a shonrú agus toisc gur gá solúbthacht a bheith ann chun an calabrú a leasú. Ba cheart na hiarchuir sin a bhunú ar leachtacht na hionstraime neamhchothromais, méid an idirbhirt agus, i gcás bannaí, an rátáil chreidmheasa agus níor cheart an mhéid atá sonrach don ionstraim lena mbaineann a áireamh leis a thuilleadh.

(10)Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu faisnéis réamhthrádála agus iarthrádála faoi idirbhearta in ionstraimí airgeadais a chur ar fáil don phobal ar bhonn tráchtála réasúnta (‘RCB’) agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis sin a áirithiú. Níor baineadh amach cuspóirí an Airteagail sin, áfach. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na hionaid trádála, APAnna agus na hinmheánaitheoirí córasacha ar bhonn tráchtála réasúnta, ní chuirtear ar a gcumas do na húsáideoirí beartais sonraí margaidh ná an chaoi a socraítear an praghas ar na sonraí margaidh a thuiscint. D’eisigh ÚEUM treoirlínte maidir leis an gcaoi ar cheart coincheap RCB a chur i bhfeidhm. Ba cheart na treoirlínte sin a thiontú ina noibleagáidí dlíthiúla. Mar thoradh ar an ardleibhéal mionsonraí is gá chun RCB a shonrú agus an tsolúbthacht is gá chun na rialacha is infheidhme a leasú bunaithe ar thimpeallacht sonraí atá ag athrú go tapa, ba cheart a thabhairt de chumhacht do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an chaoi ar cheart RCB a chur i bhfeidhm agus ar an gcaoi sin, lena ndaingnítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach comhchuibhithe Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(11)Chun an próiseas foirmlithe praghsanna a dhaingniú agus chun cothrom iomaíochta idir na hionaid trádála agus na hinmheánaitheoirí córasacha a choinneáil ar bun, ceanglaítear ar inmheánaitheoirí córasacha le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 poibliú a dhéanamh ar na luachana uile in ionstraimí cothromais a rinne an tinmheánaitheoir córasach sin faoi mhéid chaighdeánach an mhargaidh. Tá sé de shaoirse ag na hinmheánaitheoirí córasacha na méideanna a luann siad a chinneadh, a fhad agus a luann siad íosmhéid 10 % de mhéid chaighdeánach an mhargaidh. Mar gheall ar an bhféidearthacht sin, áfach, soláthraíonn inmheánaitheoirí córasacha leibhéal an-íseal trédhearcachta reámhthrádála in ionstraimí cothromais agus chuir an fhéidearthacht isteach ar chothrom iomaíochta a bhaint amach. Is gá, dá bhrí sin, a cheangal ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a fhoilsiú a bhaineann le dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh ar a laghad.

(12)Chun cothrom iomaíochta a bhaint amach, agus anuas ar an oibleagáid chun luachana daingne a fhoilsiú a bhaineann le dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh ar a laghad, ní cheart a cheadú a thuilleadh do na hinmheánaitheoirí córasacha meaitseáil a dhéanamh ag lárphointe atá níos lú ná dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú gur cheart a cheadú do na hinmheánaitheoirí córasacha meaitseáil ag lárphointe a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha méideanna ticeanna i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE i gcás ina dtrádálann siad os cionn dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh ach faoi bhun na tairsí ar scála mór. I gcás ina dtrádálann na hinmheánaitheoirí córasacha os cionn tairseach ar scála mór, ba cheart leanúint de chead a thabhairt dóibh meaitseáil ag lárphointe gan an córas méideanna ticeanna a chomhlíonadh.

(13)Teastaíonn croí-shonraí margaidh ó rannpháirtithe margaidh chun cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh. De bhun Airteagal 27h de Rialachán (AE) 600/2014 atá ann cheana, chun croí-shonraí margaidh maidir le hionstraimí airgeadais áirithe a fhoinsiú go díreach ó na hionaid trádála agus ó APAnna, éilítear go ndéanfaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite comhaontuithe ceadúnúcháin ar leithligh leis na rannchuiditheoirí sonraí sin uile. Tá an próiseas sin ina ualach trom, tá sé costasach agus tógann sé go leor ama. Tá sé ar cheann de na bacainní ar theacht chun cinn soláthraithe teilitéipe comhdhlúite ar bhonn trasmhargaidh. Ba cheart deireadh a chur leis an mbacainn sin chun é a chur ar a gcumas do na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite na sonraí margaidh a fháil agus fadhbanna ceadúnúcháin a shárú. Ionaid trádála agus APAnna, nó gnólachtaí infheistíochta agus inmheánaitheoirí córasacha gan idirghabháil APAnna (‘rannchuiditheoirí sonraí margaidh’), ba cheart a cheangal orthu a sonraí margaidh a chur faoi bhráid na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite, agus teimpléid chomhchuibhithe lena nurramaítear caighdeáin sonraí ardcháilíochta a úsáid lena dhéanamh. Níor cheart ach CTPanna atá roghnaithe agus atá údaraithe ag ÚEUM a bheith in ann sonraí margaidh comhchuibhithe a bhailiú ó fhoinsí sonraí aonair i gcomhréir leis an riail rannchuidithe shainordaithigh. Chun go mbeidh na sonraí margaidh úsáideach d’infheisteoirí, ba cheart a cheangal ar rannchuiditheoirí sonraí margaidh sonraí margaidh a chur faoi bhráid CTP a ghaire agus is féidir don fhíor-am.

(14)Le Teideal II agus III de Rialachán (AE) 600/2014, ceanglaítear ar na hionaid trádála, APAnna, na gnólachtaí infheistíochta agus na hinmheánaitheoirí córasacha (‘rannchuiditheoirí sonraí margaidh’) sonraí réamhthrádála maidir le hionstraimí airgeadais a fhoilsiú, lena náirítear praghsanna tairgthe agus tairisceana agus sonraí iarthrádála maidir le hidirbhearta a fhoilsiú freisin, lena náirítear an praghas agus an méid ag ar tugadh idirbheart in ionstraim shonrach chun críche. Níl sé d’oibleagáid ar rannpháirtithe margaidh na croí-shonraí margaidh comhdhlúite a sholáthraíonn CTP a úsáid. Ba cheart an ceanglas maidir leis na sonraí réamhthrádála agus iarthrádála sin a fhoilsiú a bheith infheidhme fós chun é a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe margaidh rochtain a fháil ar na sonraí margaidh. Chun ualach míchuí ar na rannchuiditheoirí sonraí margaidh a sheachaint, áfach, is iomchuí ailíniú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar an gceanglas nach mór do rannchuiditheoirí sonraí margaidh sonraí a fhoilsiú agus ar an gceanglas maidir le sonraí a chur chuig CTP.

(15)Mar gheall ar cháilíocht dhifriúil na sonraí margaí, is deacair do rannpháirtithe margaidh na sonraí sin a chur i gcomparáid le chéile, rud a fhágann nach bhfuil mórán breisluacha ar chomhdhlúthú na sonraí. Tá sé ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú cuí an chórais trédhearcachta a leagtar amach i dTeideal II agus III de Rialachán (AE) 600/2014 agus le haghaidh an chomhdhlúthúcháin sonraí a dhéanann soláthraithe teilitéipe comhdhlúite go bhfuil na sonraí margaidh ar ardcháilíocht. Is iomchuí, dá bhrí sin, a éileamh go gcomhlíonfaidh na sonraí margaidh sin caighdeáin ardcháilíochta ó thaobh ábhair agus formáide de. Ba cheart é a bheith indéanta ábhar agus formáid na sonraí a athrú laistigh de thréimhse ghairid chun freastal ar chleachtais agus ar léargas margaidh a bhíonn ag athrú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na ceanglais maidir leis an gcáilíocht sonraí a shonrú i nGníomh Tarmligthe agus ba cheart an chomhairle ó ghrúpa comhairleach, ina mbeidh saineolaithe ón tionscadal agus ó na húdaráis phoiblí, a chur san áireamh leis na ceanglais sin.

(16)Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar theagmhais intuairiscithe, comhchuibhíodh le Treoir 2014/65/AE sioncronú clog gnó le haghaidh ionaid trádála agus a gcomhaltaí. Chun a áirithiú, i gcomhthéacs sonraí margaidh a chomhdhlúthú, gur féidir stampaí ama a thuairiscíonn eintitis éagsúla a chur i gcomparáid ar bhealach fóinteach, is iomchuí na ceanglais maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar shioncronú clog gnó a leathnú chuig na hinmheánaitheoirí córasacha, APAnna agus na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite. Mar gheall ar an leibhéal saineolais theicniúil is gá chun sonrú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le clog gnó sioncronaithe a chur i bhfeidhm, ba cheart a thabhairt de chumhacht do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an cruinneas lenar cheart na cloig a shionchronú.

(17)Le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, éilítear go ndéanfar formhór na trádála i scaireanna ar ionaid trádála nó ar inmheánaitheoirí córasacha (‘oibleagáid trádála scaireanna’). Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le trádálacha i scaireanna atá neamhchórasach, ad hoc, mírialta nó annamh. Níl sé soiléir cé na cásanna ina bhfuil feidhm ag an díolúine sin. Dá bhrí sin, shoiléirigh ÚEUM an méid sin trí idirdhealú a dhéanamh idir scaireanna ar bhonn a nUimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN). De bhun an idirdhealaithe sin, níl ach scaireanna ag a bhfuil ISIN LEE faoi réir na hoibleagáide trádála scaireanna. Leis an gcur chuige sin, soláthraítear soiléireacht le haghaidh rannpháirtithe margaidh a bhíonn ag trádáil i scaireanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, cleachtas reatha ÚEUM a chuimsiú le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus an díolúine le haghaidh trádálacha i scaireanna atá neamhchórasach, ad hoc, mírialta nó annamh á baint san am céanna. Chun cinnteacht a sholáthar do na rannpháirtithe margaidh maidir leis na hionstraimí a thagann faoin oibleagáid trádála scaireanna, ba cheart a thabhairt de chumhacht d’ÚEUM liosta a fhoilsiú agus a choinneáil ar bun ar a bhfuil na scaireanna uile atá faoi réir na hoibleagáide sin.

(18)Tá an cinneadh maidir leis an dáta faoina dtuairiscítear na hidirbhearta tábhachtach chun ullmhacht leormhaith na maoirseoirí agus na neintitis tuairiscithe araon a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach freisin uainiú na nathruithe i gcreataí tuairiscithe difriúla a ailíniú le chéile. Trí bhíthin an dáta sin a shocrú i ngníomh tarmligthe, soláthrófar an tsolúbthacht is gá agus ailíneofar cumhachtuithe ÚEUM leo siúd a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/834. Chun comhsheasmhacht an tuairiscithe fhoriomláin faoin margadh a mhéadú, ba cheart do ÚEUM forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda a chur san áireamh agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ábhartha á bhforbairt.

(19)Is próiseas an-uathoibrithe é cheana an tuairisciú i margaí airgeadais – go háirithe tuairisciú idirbheart – agus tá na sonraí níos caighdeánaithe. Réitíodh roinnt neamhréireachtaí idir na creataí cheana le REFIT an Rialacháin maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) agus leis an Rialachán maidir le hidirbhearta maoinithe urrús (IMU). Ba cheart na cumhachtuithe le haghaidh ÚEUM a ailíniú chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh agus chun comhsheasmhacht níos mó a áirithiú sa tuairisciú idirbheart idir na creataí EMIR, IMU agus MiFIR. Leis sin, feabhsófar cáilíocht na sonraí idirbheart agus seachnófar costais bhreise nach gá le haghaidh an tionscail. 

(20)Áirithítear leis an iomaíocht idir na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite go soláthraítear an teilitéip chomhdhlúite ar an mbealach is éifeachtúla agus faoi na coinníollacha is fearr le haghaidh úsáideoirí. Ní dhearna aon eintiteas iarratas go dtí seo, áfach, chun gníomhú mar sholáthraí teilitéipe comhdhlúite. Dá bhrí sin, meastar gur iomchuí ÚEUM a chumhachtú chun nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a eagrú go tréimhsiúil chun eintiteas aonair a roghnú atá in ann an teilitéip chomhdhlúite a sholáthar le haghaidh na naicmí sócmhainní sonracha. Agus úrnuacht na scéime atá beartaithe á cur san áireamh, níor cheart do ÚEUM ach soláthar na sonraí trédhearcachta iarthrádála a shainordú leis an gcéad nós imeachta roghnúcháin a reáchtálann sé i ndáil le scaireanna. 18 mí ar a laghad sula seoltar an dara nós imeachta roghnúcháin, ba cheart do ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéantar measúnú ar an éileamh atá ann sa mhargadh chun na sonraí a chuirtear leis an teilitéip a leathnú chun sonraí réamhthrádála a chumhdach. Ar bhonn na tuarascála sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe, doimhneacht na sonraí réamhthrádála a shonrú a thuilleadh le haghaidh na teilitéipe.

(21)De réir na sonraí a thíolactar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin seo, beidh an ghiniúint ioncaim a mheastar a bheidh ann le haghaidh na teilitéipe comhdhlúite ag brath ar shaintréithe beachta na teilitéipe. Ba cheart an tioncam a mheastar a bheidh ag an CTP a bheith i bhfad níos mó ná an costas táirgthe agus dá bhrí sin, ba cheart dó cuidiú le scéim dhaingean rannpháirtíochta ioncaim a bhunú mar a bhfuil leasanna tráchtála ailínithe ag an CTP agus ag na rannchuiditheoirí sonraí margaidh. Níor cheart don phrionsabal sin cosc a chur ar CTPanna an corrlach is gá a dhéanamh chun samhail ghnó inmharthana a choinneáil ar bun ná cosc a chur orthu croí-shonraí margaidh a úsáid chun anailísíocht bhreise nó seirbhísí eile a thairiscint lena ndírítear ar an gcomhthiomsú ioncaim a mhéadú.

(22)Tá difríocht cuspóra idir ionad céad ligthe isteach agus ionaid trádála eile atá ina margaí trádála tánaisteacha. Le hionad céad ligthe isteach, ligtear cuideachtaí isteach ar na margaí poiblí, agus mar sin, bíonn ról ríthábhachtach aige i saol scaire agus maidir le leachtacht na scaire. Is fíor sin go háirithe i gcás scaireanna a liostaítear ar mhargaí beaga rialáilte, scaireanna a bhíonn á dtrádáil ar an ionad céad ligthe isteach den chuid is mó. I gcás ina dtarlaíonn trádáil thrédhearcach réamhthrádála scaire áirithe ar an ionad céad ligthe isteach amháin nó ar an ionad sin go príomha, bíonn ról níos tábhachtaí ag an ionad beag sin san fhoirmiú praghais le haghaidh na scaire sin. Dá bhrí sin, tá ról níos cinntithí ag na croí-shonraí margaidh a chuireann margadh beag rialáilte chuig an teilitéip chomhdhlúite maidir le foirmiú praghais na scaireanna a ligeann an tionad sin isteach sa trádáil. Dá bhrí sin, meastar cóir fhabhrach sa scéim rannpháirtíochta ioncaim a bheith iomchuí chun é a chur ar a gcumas do na malartáin bheaga sin na scaireanna áitiúla sin a ligeann siad isteach a choinneáil ar bun agus éiceachóras saibhir bríomhar a chosaint i gcomhréir le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.

(23)Is éard atá i margaí beaga rialáilte margaí rialáilte ina ligtear isteach scaireanna ó eisitheoirí dá bhfuil an trádáil sa mhargadh tánaisteach níos beagleachtaí de ghnáth ná an trádáil scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí móra rialáilte. Chun nach ngearrfar pionós ar mhalartáin bheaga mar gheall ar mhéideanna trádála (nó méideanna ainmnithe) níos lú sa scéim rannpháirtíochta ioncaim a cheaptar le haghaidh na teilitéipe comhdhlúite i gcomhair scaireanna, ba cheart do shonraí ó thrádálacha sna scaireanna beagleachtacha sin íocaíocht a mhealladh atá níos mó ná mar a chuirtear in iúl lena luach trádála barúlach. Ba cheart a chinneadh cé acu is scair bheagleachtach í an scair nó nach ea bunaithe ar chion na leachtachta trédhearcaí réamhthrádála a léirítear sa mhargadh rialáilte a ligeann an scair bheagleachtach isteach, i gcoibhneas le meánláimhdeachas trádála laethúil na scaire sin.

(24)I bhfianaise úrnuacht na teilitéipe comhdhlúite i gcomhthéacs mhargaí airgeadais an Aontais, ba cheart a chur de chúram ar ÚEUM measúnú a sholáthar don Choimisiún Eorpach ar an scéim rannpháirtíochta ioncaim a cheaptar le haghaidh na margaí rialáilte i gcomhthéacs na teilitéipe comhdhlúite i gcomhair scaireanna. Ba cheart an tuarascáil sin a ullmhú ar bhonn oibríocht an CTP ar feadh 12 mhí ar a laghad agus arna iarraidh sin don Choimisiún ina dhiaidh sin, i gcás ina meastar gur gá nó gur iomchuí é. Leis an measúnú, ba cheart díriú go háirithe ar cé acu atá rannpháirtíocht margaí beaga rialáilte in ioncam an CTP cóir agus éifeachtach chun an ról atá ag na margaí sin ina néiceachóras airgeadais áitiúil a chosaint nó nach bhfuil. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an sásra leithdháilte a athbhreithniú trí bhíthin gníomh tarmligthe, i gcás inar gá nó inarb iomchuí é.

(25)Is gá a áirithiú go réitíonn soláthraithe teilitéipe comhdhlúite aisiméadrachtaí faisnéise sna margaí caipitil ar bhealach inbhuanaithe, agus is gá a áirithiú go soláthraíonn na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite sonraí comhdhlúite atá iontaofa. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite cloí leis na ceanglais eagraíochtúla agus leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse nach mór a chomhlíonadh i gcónaí chomh luath agus a údaraíonn ÚEUM iad. Leis na caighdeáin cháilíochta, ba cheart cumhdach a dhéanamh ar na gnéithe a bhaineann le croí-shonraí margaidh comhdhlúite a bhailiú, na sonraí sin a stampáil go cruinn ó thaobh ama de ag na céimeanna difriúla den slabhra soláthair, táillí síntiúis sonraí margaidh a bhailiú agus a riar agus ioncam a leithdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí margaidh.

(26)Chun iontaoibh na rannpháirtithe margaidh in oibríocht soláthraí teilitéipe comhdhlúite a chosaint, ba cheart do na heintitis sin sraith tuarascálacha poiblí a thabhairt ar chomhlíontacht lena noibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le staitisticí feidhmiúlachta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht agus córais sonraí. Mar gheall ar a theicniúla atá ábhar na tuarascála, ba cheart a thabhairt de chumhacht do ÚEUM an tábhar, an fhormáid agus an tuainiú a shonrú.

(27)Maidir leis an gceanglas gur cheart tuarascálacha trádála a chur ar fáil gan táillí rochtana tar éis 15 nóiméad, tá feidhm ag an gceanglas sin faoi láthair maidir leis na hionaid trádála, APAnna agus CTPanna uile. I gcás CTPanna, tá an ceanglas sin ina bhac ar chomhdhlúthú na gcroí-shonraí margaidh a thráchtálú agus teorannaítear go mór leis inmharthanacht tráchtála CTP a d’fhéadfadh a bheith ann, os rud é go bhféadfadh sé gurbh fhearr le cliaint ionchasacha áirithe fanacht ar na sonraí comhdhlúite a bhíonn ar fáil saor in aisce seachas síntiús a ghlacadh leis an teilitéip chomhdhlúite. Is fíor sin go háirithe i gcás bannaí agus díorthach nach dtrádáiltear go minic de ghnáth agus a mbíonn na sonraí maidir leo beagnach chomh luachmhar céanna tar éis 15 nóiméad. Cé gur cheart an ceanglas maidir leis na sonraí a sholáthar saor in aisce tar éis 15 nóiméad a choimeád i gcás ionaid trádála agus APAnna, ba cheart an ceanglas a thréigean i gcás CTPanna chun a shamhail ghnó fhéideartha a chosaint.

(30)Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, éilítear go ndéanfar díorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a thrádáil ar ionaid trádála. Le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 chun raon feidhme na neintiteas atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin a laghdú. I bhfianaise an dlúthnaisc atá ann idir an oibleagáid imréitigh faoi Rialachán (AE) 648/2012 agus an oibleagáid trádála díorthach faoi Rialachán (AE) 600/2014, agus chun comhleanúnachas dlíthiúil níos fearr a áirithiú agus chun an creat dlíthiúil a shimpliú, is gá agus is iomchuí an oibleagáid trádála díorthach a athailíniú leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach. Gan an tailíniú sin, ní ghabhfaí contrapháirtithe beaga áirithe airgeadais ná contrapháirtithe neamhairgeadais leis an oibleagáid imréitigh a thuilleadh ach leanfaí dá ngabháil leis an oibleagáid trádála.

(31)Le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar foráil maidir le sásra chun an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh na critéir ar cuireadh aicmithe sonracha díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh ar a mbonn, nó i gcás ina meastar go bhfuil gá le fionraí den sórt sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint. Mar gheall ar fhionraí den sórt sin, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na contrapháirtithe in ann a noibleagáid trádála, a leagtar síos i Rialachán (AE) 600/2014 a chomhlíonadh toisc gur réamhriachtanas é an oibleagáid imréitigh don oibleagáid trádála. Dá bhrí sin, is gá a leagan síos, i gcás ina mbeadh athrú ábharach ar na critéir le haghaidh na hoibleagáide trádála ann mar thoradh ar an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, ba cheart a bheith in ann an oibleagáid trádála a chur ar fionraí ag an am céanna le haghaidh na naicmí céanna díorthach thar an gcuntar atá faoi réir chur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.

(32)Is gá sásra fionraíochta ad-hoc a bheith ann chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún freagairt go pras d’athruithe móra ar na coinníollacha margaidh a d’fhéadfadh tionchar ábharach a bheith acu ar thrádáil na ndíorthach agus a gcontrapháirtithe. I gcás ina bhfuil coinníollacha margaidh den sórt sin ann agus arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an oibleagáid trádála a chur ar fionraí, agus sin a dhéanamh go neamhspleách ar an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí. I gcás ina ndéanann raon feidhme na hoibleagáide trádála de chuid an Aontais maidir le díorthaigh dochar míchuí do ghníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta de chuid an Aontais le contrapháirtí nach contrapháirtí LEE é agus i gcás ina ngníomhaíonn an gnólacht infheistíochta sin mar chruthaitheoir margaidh i gcatagóir na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála, ba cheart a bheith in ann an oibleagáid trádála a chur ar fionraí ar an gcaoi sin. Tá fadhb na noibleagáidí trádála díorthach forluiteacha an-olc nuair atáthar ag trádáil le contrapháirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i ndlínse tríú tír a chuireann a hoibleagáid trádála díorthach féin i bhfeidhm. Chabhródh an fionraí sin le contrapháirtithe an Aontais a bheith iomaíoch ar na margaí domhanda. Nuair atá cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir leis an oibleagáid trádála a chur ar fionraí, ba cheart dó tionchar an fhionraí sin ar an oibleagáid imréitigh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chur san áireamh.

(33)Le forálacha rochtana oscailte maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, fágtar nach mbíonn sé chomh tarraingteach céanna infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí nua toisc go bhféadfadh sé go mbeadh iomaitheoirí in ann rochtain a fháil orthu gan an infheistíocht tosaigh a dhéanamh. Ar an gcaoi sin, leis an gcóras rochtana oscailte le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, a leagtar síos in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, d’fhéadfadh sé go dteorannófaí iomaíochas na dtáirgí sin, trí dheireadh a chur leis na dreasachtaí le haghaidh margaí rialáilte chun díorthaigh nua arna dtrádáil ar mhalartán a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos nár cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin maidir leis an CPL nó maidir leis an ionaid trádála lena mbaineann i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, agus ar an gcaoi sin, cothófar an nuálaíocht agus forbairt díorthach arna dtrádáil ar mhalartán san Aontas.

(34)Ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais féachaint leis an bpraghas is fearr is féidir a bhaint amach agus an dóchúlacht forghníomhaithe is mó is féidir a bhaint amach le haghaidh na dtrádálacha a fhorghníomhaíonn siad ar son a gcliant. Chuige sin, ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais an tionad trádála nó an contrapháirtí a fhorghníomhaíonn trádálacha a gcliant a roghnú ar bhonn an fhorghníomhaithe is fearr a bhaint amach dá gcliant. Ba cheart é a bheith ar neamhréir le prionsabal sin an fhorghníomhaithe is fearr go bhfaigheadh idirghabhálaí airgeadais íocaíocht ó chontrapháirtí trádála mar mhalairt ar fhorghníomhú trádálacha cliant a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ghnólachtaí infheistíochta íocaíocht den sórt sin a ghlacadh.

(35)Na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair ÚEUM maidir le saintréithe an chórais iarchurtha le haghaidh idirbhearta neamhchothromais, maidir le faisnéis a sholáthar ar bhonn réasúnta tráchtála, maidir le cloig ghnó shioncrónaithe arna gcur i bhfeidhm ag na hionaid trádála, na hinmheánaitheoirí córasacha, APAnna agus CTPanna agus maidir le tréithe oibleagáid tuairiscithe phoiblí an CTP, ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin sin a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon teacht chun cinn soláthraí teilitéipe comhdhlúite a éascú ar fud margaí le haghaidh gach aicme sócmhainní agus gnéithe áirithe den reachtaíocht atá ann cheana a leasú chun trédhearcacht ar mhargaí in ionstraimí airgeadais a fheabhsú agus an cothrom iomaíochta idir na margaí rialáilte agus na hinmheánaitheoirí córasacha a fheabhsú a thuilleadh freisin, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, ba cheart bearta a ghlacadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Thairis sin, léirítear meas leis an Rialachán sin ar na cearta bunúsacha agus urramaítear na prionsabail a aithnítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart cosaint tomhaltóirí a fháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an pointe (i) seo a leanas isteach:

(h)    raon feidhme na trádála iltaobhaí.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Beidh feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais uile dá dtagraítear in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus maidir leis na contrapháirtithe neamhairgeadais uile dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán sin.’;

(c)cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:

‘7a.    Oibreoidh na córais iltaobhacha uile i gcomhréir leis na forálacha i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE maidir le MTFanna nó OTFanna, nó i gcomhréir leis na forálacha i dTeideal III den Treoir sin maidir le margaí rialáilte.

Na gnólachtaí infheistíochta uile a dhéileálfaidh, ar bhonn eagraithe, minic, córasach agus substaintiúil, ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á bhforghníomhú acu lasmuigh de mhargadh rialáilte, MTF nó OTF, oibreoidh siad i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo.

Gan dochar d’Airteagail 23 agus 28, na gnólachtaí infheistíochta uile a thugann idirbhearta in ionstraimí airgeadais chun críche nach dtugtar i gcrích ar chórais iltaobhacha nó inmheánaitheoirí córasacha, comhlíonfaidh siad Airteagail 20, 21, 22, 22a, 22b agus 22c den Rialachán seo.’;

(2)in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

‘(11)    ciallaíonn “córas iltaobhach” aon chóras nó saoráid ina bhfuil leas trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú sa chóras;’;

(b)cuirtear an pointe (34a) seo a leanas isteach:

‘(34a) ciallaíonn “rannchuiditheoir sonraí margaidh” ionad trádála, gnólacht infheistíochta, lena n‑airítear inmheánaitheoirí córasacha, nó APA;’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (35):

‘(35)    ciallaíonnsoláthraí teilitéipe comhdhlúite” nó “CTP” duine a údaraítear i gcomhréir le Teideal IVa, Caibidil 1 den Rialachán seo chun seirbhís a sholáthar lena mbailítear sonraí maidir le scaireanna, ETFanna, bannaí nó díorthaigh ó rannchuiditheoirí sonraí margaidh, lena gcomhdhlúthaítear na sonraí sin ina sruth sonraí beo leictreonach leanúnach chun croí-shonraí margaidh a sholáthar in aghaidh na scaire, ETF, an bhanna nó na ndíorthach agus lena soláthraítear na sonraí sin don úsáideoir sonraí margaidh;’;

(d)cuirtear na pointí (36b) agus (36c) seo a leanas isteach:

(36b)    ciallaíonn ‘croí-shonraí margaí’:

(a)na sonraí seo a leanas uile maidir le cothromais:

(i)na praghsanna tairgthe agus tairisceana is fearr mar aon leis na méideanna comhfhreagracha;

(ii)an praghas idirbhirt agus an méid a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;

(iii)an fhaisnéis cheantála ionlae;

(iv)faisnéis cheantála dheireadh an lae;

(v)an cód aitheantais margaidh lena sainaithnítear an tionad forghníomhaithe;

(vi)an taitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na nionad;

(vii)an fhaisnéis stampa ama faoi na nithe seo a leanas:

-    am forghníomhaithe na trádála;

-    am foilsithe na trádála;

-    an tam a fhaightear na sonraí margaidh ó na rannchuiditheoirí sonraí margaidh;

-    an tam a fhaigheann an soláthraí teilitéipe comhdhlúite na sonraí margaidh;

-    an tam a scaiptear na sonraí margaidh comhdhlúite ar na síntiúsóirí;

(viii)na prótacail trádála agus na tarscaoiltí nó na hiarchuir is infheidhme;

(b)na sonraí seo a leanas uile maidir le neamhchothromais:

(i)an praghas idirbhirt agus an chainníocht/an mhéid a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;

(ii)an cód aitheantais margaidh lena sainaithnítear an tionad forghníomhaithe;

(iii)an taitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na nionad;

(iv)an fhaisnéis stampa ama faoi na nithe seo a leanas:

-    am forghníomhaithe na trádála;

-    am foilsithe na trádála;

-    an tam a fhaightear na sonraí margaidh ó na rannchuiditheoirí sonraí margaidh;

-    an tam a fhaightear na sonraí margaidh ag sásra an chomhdhlúiteora um iomlánú/um chomhdhlúthú;

-    an tam a scaiptear na sonraí margaidh comhdhlúite ar na síntiúsóirí;

(v)na prótacail trádála agus na tarscaoiltí nó na hiarchuir is infheidhme;

(36c)    ciallaíonn “sonraí rialála” sonraí a bhaineann le stádas córas a mheaitseálann orduithe in ionstraimí airgeadais, lena náirítear faisnéis faoi scoradáin trádála, stadanna trádála agus praghsanna oscailte agus dúnta na nionstraimí airgeadais sin;’

(3)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)córais a mheaitseálann orduithe atá níos mó ná dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh agus atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála lena ndíorthaítear praghas na nionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ó aon cheann díobh seo a leanas:

(i)praghas na nionstraimí airgeadais sin sna hionaid trádála inar ligeadh isteach chun a dtrádála ar dtús iad;

(ii)praghas na nionstraimí airgeadais sin ar an margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta de ina bhfoilsítear an praghas sin go forleathan agus ina mbreathnaíonn na rannpháirtithe margaidh air mar phraghas tagartha iontaofa;

(iii)an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna nó ETFanna.’;

(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Chun críocha phointe (a), beidh úsáid leanúnach an tarscaoilte sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Bunófar an praghas tagartha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) trí cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú:

(a)an lárphointe laistigh de phraghsanna tairgthe agus tairisceana reatha aon cheann díobh seo a leanas:

(i)an tionad trádála inar ligeadh na hionstraimí airgeadais sin isteach chun a dtrádála ar dtús;

(ii)an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta de;

(iii)an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna nó ETFanna;

(b)nuair nach mbíonn an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil, praghas oscailte nó dúnta an tseisiúin trádála ábhartha.’;

(4)leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Airteagal 5 
Caidhpeáil mhéide’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    An úsáid a bhaineann ionaid trádála as na tarscaoiltí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) agus 4(1), pointe (b)(i), cuirfidh siad an úsáid sin ar fionraí i gcás ina bhfuil céatadán na méide a thrádáiltear san Aontas in ionstraim airgeadais faoi na tarscaoiltí sin níos mó ná 7 % den mhéid iomlán a thrádáiltear san ionstraim airgeadais sin san Aontas. Déanfaidh na hionaid trádála a gcinneadh chun úsáid na dtarscaoiltí sin a chur ar fionraí bunaithe ar na sonraí a fhoilsíonn ÚEUM i gcomhréir le mír 4 agus déanfaidh siad an cinneadh sin laistigh de 2 lá oibre tar éis fhoilsiú na sonraí sin agus mairfidh an fionraí 6 mhí.’;

(c)scriostar mír 2 agus mír 3;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    Foilseoidh ÚEUM na sonraí seo a leanas uile laistigh de 5 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa féilire:

(a)méid iomlán na trádála san Aontas in aghaidh na hionstraime airgeadais sa 12 mhí roimhe sin;

(b)céatadán na trádála in ionstraim airgeadais a rinneadh ar fud an Aontais faoi na tarscaoiltí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) agus Airteagal 4(1), pointe (b)(i);

(c)an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an céatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhíorthú.’;

(e)scriostar mír 5;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.    Chun bonn iontaofa a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil a dhéantar faoi na tarscaoiltí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) agus in Airteagal 4(1), pointe (b)(i) agus chun a chinneadh ar sáraíodh na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh oibreoirí ionad trádála córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun go mbeifear in ann na trádálacha uile a rinneadh ar a nionaid faoi na tarscaoiltí sin a shainaithint.’;

(5)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)i mír 1, scriostar pointe (b);

(b)i mír 5, scriostar pointe (d);

(6)leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Bunaithe ar an gcóras iarchurtha a leagtar síos i mír 4, údaróidh na húdaráis inniúla na hoibreoirí margaidh agus na gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála chun foilsiú phraghsanna na n‑idirbheart a iarchur go dtí deireadh an lae trádála, nó foilsiú mhéid na n‑idirbheart a iarchur ar feadh coicíse ar a mhéad.’;

(ii)sa dara fomhír, scriostar pointe (c);

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Agus foilsiú iarchurtha dá dtagraítear i mír 1 á údarú ag na húdaráis inniúla maidir le hidirbhearta i bhfiachas ceannasach, féadfaidh siad a cheadú do na hoibreoirí margaidh agus do na gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)a cheadú go bhfágfar foilsiú méide idirbhirt aonair ar lár le linn tréimhse shínithe iarchurtha; nó

(b)roinnt idirbheart i bhfiachas ceannasach a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse éiginnte.’

(c)leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    na hidirbhearta is incháilithe le haghaidh iarchur praghais nó méide, agus na hidirbhearta a núdaróidh na húdaráis inniúla na hoibreoirí margaidh agus na gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála ina leith chun foráil a dhéanamh maidir le foilsiú iarchurtha an mhéid nó an phraghais ar feadh ceann de na tréimhsí seo a leanas:

(i)15 nóiméad;

(ii)deireadh an lae trádála;

(iii)coicís.’;

(ii)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), sonróidh ÚEUM na buicéid a mbeidh feidhm ag an tréimhse iarchurtha maidir leo ar fud an Aontais trí na critéir seo a leanas a úsáid:

(a)an cinntiúchán leachtachta;

(b)méid an idirbhirt, go háirithe idirbhearta i margaí neamhleachtacha nó idirbhearta atá ar scála mór;

(c)maidir le bannaí, aicmiú an bhanna mar ghrád infheistíochta nó mar bhanna ardtoraidh.’;

(7)in Airteagal 13, cuirtear mír 3 seo a leanas leis:

‘3.    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar ábhar, ar fhormáid agus ar théarmeolaíocht na faisnéise ar bhonn réasúnta tráchtála nach mór do na hionaid trádála, APAnna, CTPanna agus na hinmheánaitheoirí córasacha a chur ar fáil don phobal.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta atá cothrom le 9 mí tar éis a theacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(8)leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.    Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 15, 16 agus 17 maidir leis na hinmheánaitheoirí córasacha nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna suas go dtí dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh. Ní bheidh na hinmheánaitheoirí córasacha faoi réir an Airteagail seo ná faoi réir Airteagail 15, 16 ná 17 nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna os cionn dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh.

3.    Ceadaítear do na hinmheánaitheoirí córasacha aon mhéid a lua. Beidh an íosmhéid luachana comhionann ar a laghad le dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile atá cosúil leis na hionstraimí airgeadais sin agus a thrádáiltear ar ionad trádála. I gcás scair, admháil taisclainne, ETF nó deimhniú áirithe nó ionstraim airgeadais eile atá cosúil leis na hionstraimí airgeadais sin agus a thrádáiltear ar ionad trádála, áireofar le gach luachan praghas daingean tairgthe agus tairisceana nó praghsanna daingne tairgthe agus tairisceana i gcás méid nó méideanna a d’fhéadfadh a bheith suas le dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh le haghaidh aicme na scaireanna, na nadmhálacha taisclainne, na ETFanna, na ndeimhnithe nó ionstraimí airgeadais eile atá cosúil leis na hionstraimí airgeadais sin, lena mbaineann an ionstraim airgeadais. Léireoidh an praghas nó na praghsanna na dálaí margaidh atá i réim maidir leis an scair, an admháil taisclainne, an ETF nó an deimhniú sin nó maidir le hionstraim airgeadais eile atá cosúil leis na hionstraimí airgeadais sin.’;

(b)cuirtear mír 6a mar a leanas isteach:

‘6a.    Ní mheaitseálfaidh na hinmheánaitheoirí córasacha orduithe ag an lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.’;

(9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

‘Airteagal 17a 
Méideanna ticeanna

1.Luachana ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachana sin agus praghsanna forghníomhúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE.

2.Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE, ní chuirfear cosc ar na hinmheánaitheoirí córasacha orduithe ar scála mór a mheaitseáil ag an lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha. Ceadófar orduithe a mheaitseáil ag an lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha i gcás orduithe nach bhfuil ar scála mór ach atá níos mó ná dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh a mhéid a chomhlíontar na méideanna ticeanna sin.’;

(10)cuirtear isteach na hAirteagail 22a, 22b agus 22c mar a leanas:

‘Airteagal 22a 
Sonraí margaidh a sholáthar don CTP

1.Maidir le scaireanna, ETFanna agus bannaí a thrádáiltear ar ionad trádála agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin, soláthróidh na rannchuiditheoirí na sonraí margaidh uile a leagtar amach in Airteagal 22b(2) don CTP de réir mar is gá chun go mbeidh an CTP oibríochtúil. Soláthrófar na sonraí margaidh sin i bhformáid chomhchuibhithe, trí phrótacal tarchurtha ar ardcháilíocht, agus a ghaire agus is féidir go teicniúil don fhíor-am.

2.Maidir leis an nasc is mian le CTP a úsáid chun na sonraí sin a sholáthar, beidh sé de shaoirse ag gach CTP an nasc sin a roghnú as measc na gcineálacha nasc a thairgeann na rannchuiditheoirí sonraí margaidh d’úsáideoirí eile. Ní bhfaighidh rannchuiditheoirí sonraí margaidh aon luach saothair as an nascacht a sholáthar seachas an chomhroinnt ioncaim le haghaidh scaireanna, mar a shonraítear sna coinníollacha maidir leis an CTP a cheapadh sa phróiseas roghnúcháin a leagtar síos in 27da.

3.Maidir le hidirbhearta sna hionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a thugann gnólachtaí infheistíochta chun críche lasmuigh d’ionad trádála, soláthróidh na rannchuiditheoirí sonraí margaidh na sonraí margaidh maidir leis na hidirbhearta sin don CTP go díreach nó trí APA.

4.Ní bhfaighidh na rannchuiditheoirí sonraí margaidh aon luach saothair as na sonraí margaidh a sholáthraítear seachas an chomhroinnt ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 27da(2), pointe (c).

5.Soláthróidh na rannchuiditheoirí sonraí margaidh an fhaisnéis maidir leis na tarscaoiltí agus na hiarchuir a leagtar síos in Airteagail 4, 7, 11, 14, 20 agus 21.

Airteagal 22b 
Cáilíocht na sonraí margaidh

1.Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa páirtithe leasmhara faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta atá cothrom le 3 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm] chun comhairle a thabhairt maidir le cáilíocht agus ábhar na sonraí margaidh, maidir le léirmhíniú comhchoiteann na sonraí margaidh agus maidir le cáilíocht an phrótacail tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1). Tabharfaidh an sainghrúpa páirtithe leasmhara sin comhairle ar bhonn bliantúil. Cuirfear an chomhairle sin ar fáil go poiblí.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun cáilíocht agus ábhar na sonraí margaidh agus cáilíocht an phrótacail tarchurtha a shonrú.

Sonrófar le nithe seo a leanas go háirithe leis na gníomhartha tarmligthe sin:

(a)na sonraí margaí is gá do na rannchuiditheoirí sonraí a sholáthar don CTP chun na croí-shonraí margaidh is gá a tháirgeadh le go mbeidh an CTP oibríochtúil, lena náirítear ábhar agus formáid na sonraí margaidh sin;

(b)a bhfuil i gceist leis na croí-shonraí margaidh dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(36b) agus a bhfuil i gceist leis na sonraí rialála dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(36c).

Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an chomhairle ó ÚEUM agus ón sainghrúpa teicniúil páirtithe leasmhara a bunaíodh i gcomhréir le mír 2, forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagail 3, 6, 8, 10, 14, 18, 20, 21 agus 27g san áireamh leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar.

Airteagal 22c 
Cloig ghnó a shioncrónú

1.Sioncrónóidh na hionaid trádála agus a gcomhaltaí nó a rannpháirtithe, na hinmheánaitheoirí córasacha, APAnna agus CTPanna a gcloig ghnó chun an dáta agus an tam a bhaineann le haon teagmhas intuairiscithe a thaifeadadh.

2.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chun an leibhéal cruinnis ar a bhfuil na cloig le sioncrónú a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta atá cothrom le 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(11)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Maidir leis na trádálacha a ghabhfaidh gnólacht infheistíochta de láimh i scaireanna lena ngabhann Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN) LEE, áiritheoidh sé go ndéanfar iad ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar inmheánaitheoir córasach, nó ar ionad trádála tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 25(4) pointe (a) de Threoir 2014/65/AE, de réir mar is iomchuí, ach amháin má tá an méid seo a leanas i gceist:

(a)trádáiltear na scaireanna sin ar ionad trádála tríú tír san airgeadra áitiúil; nó

(b)déantar na trádálacha sin idir contrapháirtithe incháilithe, idir contrapháirtithe gairmiúla nó idir contrapháirtithe incháilithe agus contrapháirtithe gairmiúla, agus ní chuireann siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.

Foilseoidh ÚEUM liosta ar a shuíomh gréasáin ar a bhfuil na scaireanna lena ngabhann ISIN LEE agus atá faoi réir na hoibleagáide trádála scaireanna agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta go rialta.’;

(12)leasaítear Airteagal 26(9) mar a leanas:

(a)cuirtear isteach an pointe (j) seo a leanas:

‘(j)    an dáta a bhfuil na hidirbhearta le tuairisciú faoi.’;

(b)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/834 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365.’;

(13)in Airteagal 26, cuirtear mír 11 mar a leanas leis:

‘11.    Faoin[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cothrom le 2 bhliain tar éis a fhoilsithe], cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le comhtháthú níos mó a dhéanamh sa tuairisciú idirbheart agus sreafaí sonraí a chuíchóiriú faoi Airteagal 26 den Rialachán seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a laghdú maidir leis an tuairisciú ar shonraí idirbheart, go háirithe ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1 agus Rialachán (AE) 2015/2365;

(b)feabhas a chur ar an gcaighdeánú sonraí agus ar chomhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscíonn aon údarás inniúil ábhartha, idir údaráis de chuid an Aontais agus údaráis náisiúnta, laistigh d’aon chreat tuairiscithe de chuid an Aontais.

Agus an tuarascáil á hullmhú, oibreoidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar le comhlachtaí eile an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

________________________________________________________

*1    Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach nimréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais maidir le stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42)’;

(14)leasaítear Airteagal 27(3) mar a leanas:

(a)cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:

‘(c)    an dáta a bhfuil na sonraí tagartha le tuairisciú faoi’.

(b)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/834 agus i Rialachán (AE) 2015/2365.’;

(15)cuirtear isteach an Airteagal 27da seo a leanas:

Airteagal 27da 
An próiseas roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a údarú le haghaidh gach aicme sócmhainní

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta atá cothrom le 3 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm], eagróidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin chun an CTP a cheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana. Eagróidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin ar leithligh le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainní seo a leanas: scaireanna, cistí, bannaí agus díorthaigh (nó fo-aicmí ábhartha díorthach) arna dtrádáil ar an malartán.

2.Le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na hiarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)cumas teicniúil na niarratasóirí teilitéip chomhdhlúite athléimneach a sholáthar ar fud an Aontais;

(b)cumas na niarratasóirí na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h a chomhlíonadh;

(c)struchtúr rialachais na niarratasóirí;

(d)an luas ar ar féidir leis na hiarratasóirí croí-shonraí margaidh a scaipeadh;

(e)cumas na niarratasóirí sonraí ar cháilíocht mhaith a scaipeadh;

(f)an caiteachas iomlán a theastaíonn ó na hiarratasóirí chun an teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus na costais a bhaineann leis an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn leanúnach;

(g)an leibhéal táillí a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a ghearradh ar na cineálacha difriúla úsáideoirí a úsáidfidh na croí-shonraí margaidh;

(h)cumas na niarratasóirí teicneolaíochtaí comhéadain nua-aimseartha a úsáid chun croí-shonraí margaidh a sholáthar agus na teicneolaíochtaí sin a úsáid le haghaidh na nascachta;

(i)an meán stórála a úsáidfidh na hiarratasóirí chun sonraí stairiúla a stóráil;

(j)na prótacail a úsáidfidh na hiarratasóirí chun éartha a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu.

3.Leis an gcéad nós imeachta roghnúcháin, ní iarrfar ach tairiscintí ar an teilitéip chomhdhlúite ina mbeidh na sonraí iarthrádála a sholáthar. Sula reáchtálfar nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin, déanfaidh ÚEUM measúnú ar an éileamh sa mhargadh agus ar na tionchair ioncaim ar mhargaí rialáilte agus bunaithe ar an measúnú sin, tuairisceoidh sé don Choimisiún maidir leis an deis atá ann na praghsanna tairgthe agus tairisceana is fearr agus na méideanna comhfhreagracha a chur leis an teilitéip. Bunaithe ar an tuarascáil sin agus ar an taithí a fuarthas ón gcéad nós imeachta roghnúcháin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear an leibhéal iomchuí sonraí réamhthrádála atá le tabhairt don CTP.

4.Anuas ar na critéir a luaitear i mír 2, le roghnúchán an CTP le haghaidh scaireanna, cuirfear an scéim rannpháirtíochta ioncaim san áireamh agus go háirithe an fhoirmle is infheidhme maidir leis na margaí rialáilte atá ina rannchuiditheoirí sonraí margaidh. Agus na tairiscintí iomaíocha á mbreithniú ag ÚEUM, roghnóidh sé an CTP le haghaidh scaireanna a thairgeann an scéim rannpháirtíochta ioncaim lena soláthraítear do na margaí rialáilte, go háirithe na margaí beaga rialáilte, an méid is mó ioncaim atá fós le dáileadh tar éis na costais oibriúcháin agus corrlach réasúnach a bhaint. Dáilfear an tioncam sin i gcomhréir le hAirteagal 27h(1)(c) agus ar bhealach atá i gcomhréir leis na sonraí margaidh a cuireadh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 22a.

5.Glacfaidh ÚEUM cinneadh lán-réasúnaithe lena ndéanfar na heintitis a oibreoidh na teilitéipeanna comhdhlúite a roghnú agus a údarú laistigh de 3 mhí ó thús an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar leis an gcinneadh réasúnaithe sin na coinníollacha faoina noibreoidh CTPanna, agus go háirithe an leibhéal táillí dá dtagraítear i mír 2, pointe (g) agus i gcás scaireanna, sonrófar an leibhéal rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 3, go háirithe le haghaidh margaí beaga rialáilte.

6.Na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h agus na coinníollacha a leagtar amach le cinneadh ÚEUM lena núdaraítear an CTP dá dtagraítear i mír 3, comhlíonfaidh na CTPanna a roghnófar na ceanglais agus na coinníollacha sin i gcónaí. CTP nach féidir leis na ceanglais agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh a thuilleadh, lena náirítear na ceanglais agus na coinníollacha maidir le bristeacha agus ionsánna córais, cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi gan moill mhíchuí.

7.Ní bheidh feidhm ag tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 27e go dtí go ndéanfar CTP nua a roghnú agus a údarú i gcomhréir le míreanna 1 go 4.

(16)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27h:

Airteagal 27h

Ceanglais eagraíochtúla le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite

1.Déanfaidh CTPanna na nithe seo a leanas, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 27da:

(a)na sonraí margaidh uile a sholáthraítear trí rannchuidithe maidir leis an aicme sócmhainní a bhfuil siad údaraithe ina leith a bhailiú;

(b)táillí míosúla síntiúis a bhailiú ó na húsáideoirí;

(c)i gcás sonraí margaidh a bhaineann le scaireanna, cuid den ioncam a athdháileadh chun an costas a bhaineann leis an rannchuidiú sainordaitheach a chumhdach agus chun leibhéal cóir rannpháirtíochta a áirithiú le haghaidh na margaí rialáilte, go háirithe margaí rialáilte beaga, san ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite, i gcomhréir le hAirteagal 27da(4);

(d)croí-shonraí margaidh comhdhlúite a roghnaítear an CTP i gcomhréir le hAirteagal 27da ina leith chun iad a sholáthar , na croí-shonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí i gcomhréir leis na ceanglais cáilíochta sonraí a leagtar amach in Airteagal 22b agus na sonraí a chur ar fáil i sruth sonraí leanúnach leictreonach ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha a ghaire agus is féidir go teicniúil don fhíor-am;

(e)a áirithiú go bhfuil foilsiú na gcroí-shonraí margaidh i gcomhréir leis na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme dá dtagraítear in Airteagail 4, 7, 11, 14, 20 agus 21;

(f)a áirithiú go bhfuil na croí-shonraí margaidh comhdhlúite inrochtana, meaisín-inléite agus inúsáidte le haghaidh na núsáideoirí uile, lena náirítear infheisteoirí miondíola.

Chun an rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (c) a bhunú, leithdháilfear ioncam an CTP i measc na margaí rialáilte de réir foirmle lena léirítear an sciar leachtachta réamhthrádála trédhearcaí i scaireanna a thaispeántar i margadh rialáilte i gcoibhneas le meánláimhdeachas laethúil na scaireanna sin san Aontas.

2.Glacfaidh CTPanna caighdeáin maidir leis an leibhéal seirbhíse lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas agus foilseoidh siad ar a suíomh gréasáin iad:

(a)fardal rannchuiditheoirí sonraí margaidh óna bhfaightear sonraí margaidh;

(b)an modh lena seachadtar na sonraí margaidh comhdhlúite chuig na húsáideoirí agus a thapúla a dhéantar an seachadadh sin;

(c)bearta a dhéantar chun leanúnachas oibríochtúil a áirithiú maidir le sonraí margaidh comhdhlúite a sholáthar.

3.Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag CTPanna, sásraí a cheaptar chun slándáil an mhodha aistrithe sonraí margaidh idir na rannchuiditheoirí sonraí margaidh agus an CTP agus idir an CTP agus na húsáideoirí a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú. Coinneoidh CTPanna acmhainní leordhóthanacha ar bun agus beidh saoráidí cúltaca i bhfeidhm acu chun a seirbhísí a thairiscint agus a choinneáil ar bun i gcónaí.

4.Tar éis an CTP le haghaidh scaireanna a oibriú ina iomláine ar feadh 12 mhí, soláthróidh ÚEUM tuairim réasúnaithe don Choimisiún maidir le héifeachtacht agus cothroime leibhéal rannpháirtíochta na margaí rialáilte sna hioncaim a ghineann an CTP mar a leagtar amach i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ÚEUM tuairimí breise a thabhairt, i gcás inar gá nó inarb iomchuí. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an eochair leithdháilte maidir le hathdháileadh ioncaim a athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí’;

(17)cuirtear Airteagal 27ha isteach mar a leanas:

Airteagal 27ha 
Oibleagáid tuairiscithe le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite

1.Ag deireadh gach ráithe, foilseoidh CTPanna staitisticí feidhmíochta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht agus le córais sonraí ar a suíomh gréasáin a mbeidh rochtain saor in aisce air.

2.2. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ábhar, uainiú, formáid agus téarmaíocht na hoibleagáide tuairiscithe a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta atá cothrom le 9 mí tar éis a theacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

3.Déanfaidh CTPanna taifeadtaí a bhaineann lena ngnó a choimeád agus a chaomhnú ar feadh tréimhse nach lú ná 5 bliana. Coimeádfar faisnéis a bhaineann leis an gcéad 2 bhliain in áit inar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, agus soláthróidh an CTP na taifeadtaí sin go pras do ÚEUM arna iarraidh sin.’;

(18)in Airteagal 28(1), mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.    Contrapháirtithe airgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe neamhairgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír den Rialachán sin, déanfaidh siad idirbhearta nach idirbhearta inghrúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán sin ná idirbhearta a chumhdaítear leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 89 den Rialachán sin, déanfaidh siad na hidirbhearta sin a thabhairt i gcrích le contrapháirtithe eile airgeadais den sórt sin nó le contrapháirtithe neamhairgeadais eile den sórt sin i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthach atá dearbhaithe a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32 den Rialachán seo agus a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo orthu seo amháin:’;

(19)in Airteagal 32, cuirtear míreanna 7, 8 agus 9 mar a leanas isteach:

‘7.    I gcás ina measfaidh ÚEUM go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina athrú ábharach ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis na critéir le haghaidh na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith na naicmí céanna díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

8.    Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 7 a phoibliú.

9.    Tar éis an iarraidh dá dtagraítear i mír 7 a fháil, déanfaidh an Coimisiún ceann amháin de na nithe seo a leanas gan moill mhíchuí ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag ÚEUM:

(a)an oibleagáid trádála a chur ar fionraí trí bhíthin gníomh cur chun feidhme le haghaidh na ndíorthach thar an gcuntar atá faoi réir an iarrata ar an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí;

(b)an iarraidh ar fhionraí a dhiúltú.

Chun críocha phointe (b), cuirfidh an Coimisiún ÚEUM ar an eolas faoi na cúiseanna ar dhiúltaigh sé don iarraidh ar fhionraí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin diúltú sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna a soláthraíodh do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis a sholáthrófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an diúltú agus na cúiseanna leis an diúltú sin a phoibliú.’;

(20)cuirtear Airteagal 32a isteach mar a leanas:

‘Airteagal 32a
Fionraí neamhspleách ar an oibleagáid trádála

1.Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí i ndáil le gnólachtaí áirithe infheistíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 51. Léireoidh an túdarás inniúil na fáthanna a measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí. Léireoidh an túdarás inniúil, go háirithe, go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist le gnólacht infheistíochta faoina dhlínse:

(a)faigheann sé iarrataí go rialta ar luachana le haghaidh na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach;

(b)ó chontrapháirtí nach contrapháirtí LEE é agus nach comhalta gníomhach é ar ionad trádála san Aontas a thairgeann trádáil sa díorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála; agus

(c)gníomhaíonn sé go rialta mar chruthaitheoir margaidh sa díorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach.

2.Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu is ceart an oibleagáid trádála a chur ar fionraí i gcomhréir le mír 1 nó nár cheart, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cé acu a bheadh ag fionraí na hoibleagáide trádála ar an oibleagáid imréitigh a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó nach mbeadh.

3.Leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh an fhianaise a thíolacann an túdarás inniúil a iarrann an fionraí.

4.Cuirfear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 in iúl do ÚEUM agus foilseofar i gclár ÚEUM dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo é.

5.Athbhreithneoidh an Coimisiún cé acu a leanann na forais le haghaidh an fhionraí ar an oibleagáid trádála d’fheidhm a bheith acu nó nach leanann.’;

(21)leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.    Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CPL le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena náirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, gan beann ar an ionad trádála ina bhforghníomhófar an tidirbheart.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.

Áiritheoidh an CPL go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Tabharfaidh an CPL freagra i scríbhinn ar an ionad trádála laistigh de 3 mhí ón rochtain a cheadú, ar choinníoll gur dheonaigh údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó laistigh de 3 mhí ón rochtain a dhiúltú. Ní fhéadfaidh an CPL iarraidh ar rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 6(a). Má dhiúltaíonn CPL rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an tionad trádála bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an CPL, tabharfaidh an CPL an fógra agus an réasúnaíocht sin d’údarás inniúil an ionaid trádála sin freisin. Tabharfaidh an CPL rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain.’;

(22)leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trédhearcach arna iarraidh sin, lena n‑áirítear fothaí maidir le táillí a bhaineann le rochtain, d’aon CPL atá údaraithe nó aitheanta leis an Rialachán sin, CPL ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a tugadh i gcrích ar an ionad trádála sin a imréiteach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir leo seo a leanas:

(a)aon chonradh díorthach atá faoi réir na noibleagáidí rochtana faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 cheana féin;

(b)díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Tabharfaidh an tionad trádála freagra i scríbhinn ar an CPL laistigh de 3 mhí lena gceadófar an rochtain, ar choinníoll gur dheonaigh an túdarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó lena ndiúltófar an rochtain. Ní fhéadfaidh an tionad trádála rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha a shonraítear de bhun mhír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltaítear rochtain, tabharfaidh an tionad trádála na cúiseanna iomlána leis ina fhreagra i scríbhinn agus cuirfidh sé an freagra sin i scríbhinn chuig a údarás inniúil. I gcás ina mbeidh an CPL bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an ionaid trádála, cuirfidh an tionad trádála an freagra sin i scríbhinn chuig údarás inniúil an CPL freisin. Ceadóidh an tionad trádála rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain.’;

(c)scriostar mír 5;

(23)in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Ní fhéadfaidh ionad trádála atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar CPL atá bunaithe san Aontas ach amháin má tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28(4) a bhaineann leis an tríú tír sin.

Féadfaidh CPL atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar ionad trádála san Aontas faoi réir an CPL sin a bheith aitheanta faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Ní cheadófar do CPLanna ná d’ionaid trádála atá bunaithe i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na cearta rochtana dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 36 ach maidir leis na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis na hAirteagail sin amháin agus ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena gcinntear go meastar go ndéanann an creat dlíthiúil agus maoirseachta sa tríú tír sin foráil maidir le córas coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CPLanna agus ionaid trádála atá údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CPLanna agus ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.’;

(24)in Airteagal 38g(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22a, in Airteagal 22b, ná i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:’;

(25)in Airteagal 38h(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 22a, Airteagal 22b, ná i dTeideal IVa d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.’;

(26)cuirtear Airteagal 39a mar a leanas isteach:

Airteagal 39a 
Cosc ar íocaíocht as orduithe cliant a chur ar aghaidh lena bhforghníomhú

Ní bhfaighidh gnólachtaí infheistíochta a ghníomhaíonn ar son cliant aon táille ná coimisiún ná sochair neamhairgid ó thríú páirtí as orduithe cliant a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí sin lena bhforghníomhú.’;

(27)leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas, go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 2 Iúil 2014: Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus Airteagal (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus Airteagal 19(3), agus Airteagal 22b(2), Airteagal 27(4), Airteagal 27da(3), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(4), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10).’;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas a chúlghairm aon tráth: Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus Airteagal 19(3), agus Airteagal 22b(2), Airteagal 27(4), Airteagal 27da(3), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(4), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10).’;

(c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus Airteagal (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus Airteagal 19(3), agus Airteagal 22b(2), Airteagal 27(4), Airteagal 27da(3), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(4), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne.’;

(28)leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 11 agus 12:

‘11.    3 bliana tar éis teilitéip chomhdhlúite a údarú den chéad uair, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na nithe seo a leanas faoi bráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM:

(a)na haicmí acmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;

(b)a thráthúla a bhíonn na sonraí margaidh comhdhlúite agus an cháilíocht seachadta a bhíonn iontu;

(c)ról an chomhdhlúthúcháin sonraí margaidh maidir leis an easnamh cur chun feidhme a laghdú;

(d)an líon síntiúsóirí le sonraí margaidh comhdhlúite in aghaidh na haicme sócmhainní;

(e)an tionchar atá ag comhdhlúthú na sonraí margaidh ar aisiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe difriúla sna margaí caipitil a réiteach;

(f)a iomchuí atá an scéim rannpháirtíochta le haghaidh na rannchuidithe sonraí margaidh agus feidhmiú na scéime;

(g)tionchair na sonraí margaidh comhdhlúite ar infheistíochtaí i FBManna.

(h)an fhéidearthacht go néascaíonn an teilitéip sainaithint ionstraimí airgeadais a thaispeánann saintréithe atá ailínithe le Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le bannaí glasa an Aontais]

12.    Mura dtiocfaidh aon teilitéip chomhdhlúite chun cinn tríd an nós imeachta roghnúcháin arna reáchtáil ag ÚEUM dá dtagraítear in Airteagal 27da faoin[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cothrom le bliain amháin tar éis a theacht i bhfeidhm], athbhreithneoidh an Coimisiún an creat agus d’fhéadfadh sé togra reachtach a chur leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, togra ina leagfar amach an chaoi ar cheart do ÚEUM teilitéip chomhdhlúite a sholáthar.’;

(b)scriostar mír 14;

(29)in Airteagal 54, scriostar mír 2.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus beidh feidhm aige an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Tagraíonn infheisteoirí miondíola do réimse mór infheisteoirí ar infheisteoirí neamhghairmiúla iad.
(2)     https://ec.europa.eu/info/publications/210119-economic-financial-system-communication_en .
(3)    Ciallaíonn trádáil thánaisteach gníomhaíocht sa mhargadh caipitil a tharlaíonn tar éis ionstraim airgeadais a eisiúint. Is féidir an eisiúint a dhéanamh, mar shampla, trí thairiscint phoiblí tosaigh (IPO).
(4)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:590:FIN .
(5)    Tagann coincheap na teilitéipe comhdhlúite ó mhargaí cothromais sna Stáit Aontaithe agus téann sé siar go deireadh na 1970idí. Úsáidtear teilitéip mhaighnéadach mar mheán taifeadta chun sonraí a stóráil. Cé go núsáidtear teilitéip mhaighnéadach sa lá atá inniu ann fós chun sonraí a stóráil go fadtéarmach (cúltaca agus cartlannú), ba é sin an príomhmheán stórála a bhí ann sna 1970idí .
(6)    MSP (2020), The study on the creation of an EU consolidated tape [An staidéar maidir le teilitéip chomhdhlúite de chuid an Aontais a chruthú], a choimisiúnaigh an Coimisiún Eorpach. https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/82763219-1cbe-11eb-b57e-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-169654830 .
(7)    Staidéar MSP, Figiúr 14, lch. 42
(8)    Staidéar MSP, Figiúr 15, lch. 43
(9)     https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma50-165-1355_mifid_asr.pdf .
(10)    Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).
(11)    Is é atá sna hardáin trádála anaithnide (codanna tiomnaithe) MTFanna nó RManna nach gcuireann trédhearcacht réamhthrádála i bhfeidhm tar éis úsáid a bhaint as tarscaoiltí trédhearcachta réamhthrádála.
(12)    Tá na sonraí bunaithe ar fhigiúirí 2021 ó chlár ÚEUM maidir le heintitis MiFID. Féach Iarscríbhinn 4 chun pictiúr den mhargadh a fháil sna príomhaicmí sócmhainne.
(13)    Copenhagen Economics (2018), Pricing of market data [Praghsáil sonraí margaidh]
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(15)    Tugadh forálacha maidir le CTP isteach i MiFID II ar dtús, ach cuireadh forálacha eile in ionad an MiFIR, ar athruithe iad a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
(16)    Baineann costais shainráite le costais forghníomhaithe trádála (go háirithe rátaí coimisiúin bróicéirí agus táillí ar ionad trádála), ach baineann costais intuigthe le tionchar trádála ar leachtacht.
(17)    D’fhoilsigh ÚEUM na tuarascálacha athbhreithnithe seo a leanas:
(18)    Tuarascáil Athbhreithnithe MiFID II/MiFIR Uimh. 1 de chuid ÚEUM maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna le haghaidh sonraí réamhthrádála agus iarthrádála agus maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh ionstraimí cothromais:
(19)    Tuarascáil Athbhreithnithe MiFID II/MiFIR Uimh. 1 de chuid ÚEUM maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna le haghaidh sonraí réamhthrádála agus iarthrádála agus maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh ionstraimí cothromais, lch. 17.
(20)    Tuarascáil Athbhreithnithe MiFID II/MiFIR de chuid ÚEUM maidir leis an gcóras trédhearcachta le haghaidh ionstraimí neamhchothromais agus an oibleagáid trádála maidir le díorthaigh:
(21)    EFAMA (2021), Joint statement by EFAMA and EFSA on Consolidated Tape and market data costs [Comhráiteas ó EFAMA agus EFSA maidir le Teilitéip Chomhdhlúite agus costais sonraí margaidh], https://www.efama.org/newsroom/news/joint-statement-efama-and-efsa-consolidated-tape-and-market-data-costs  
(22)    Is féidir an bhileog RSB agus an tuairim a fháil ag: [cuir isteach an nasc]
(23)    MSP (2019), The Study on the Creation of an EU Consolidated Tape [An staidéar maidir le teilitéip chomhdhlúite de chuid an Aontais a chruthú],Figiúr 14.
(24)    Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach nimréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála
(25)    IO C […], […], lch. […].
(26)    IO C […], […], lch. […].
(27)    COM/2020/590 final.
(28)    Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil, 12898/1 de /20 REV 1 EF 286 ECOFIN 1023: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12898-2020-REV-1/en/pdf ;
(29)    COM/2021/32 final.
(30)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(32)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(33)    ÚEUM Tuarascáil athbhreithniúcháin MiFID II/MiFIR Uimh. 1 maidir leis an bhforbairt ar phraghsanna ar shonraí réamhthrádála agus iarthrádála agus maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh ionstraimí cothromais.
(34)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(35)    Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, leis na teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach nimréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais maidir le stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).